An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Nithe a Bhaineann le hIompar )

15 2008

An tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008

Caibidil 2

Socruithe Rialaithe don Údarás

Comhaltas an Údaráis.

14 .— (1) Is é a bheidh san Údarás cathaoirleach agus 9 ngnáthchomhalta a dhéanfaidh feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh agus a chur i gcrích de réir an Achta seo.

(2) Déanfaidh an tAire cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis a cheapadh mar a leanas:

(a) príomhfheidhmeannach an Údaráis mar ghnáthchomhalta, fad a leanfaidh sé nó sí de bheith ina phríomh-fheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach,

(b) sealbhóir oifig Bhainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath mar ghnáthchomhalta, fad a leanfaidh sé nó sí den oifig sin a shealbhú,

(c) gnáthchomhalta, is sealbhóir poist mar bhainisteoir sinsearach san Údarás ar comhalta é nó í a shonróidh an cathaoirleach le toiliú an Aire, fad a leanfaidh sé nó sí i seilbh an phoist sin, agus

(d) an cathaoirleach agus 6 ghnáthchomhalta, as daoine a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí fhorleathan acu i ndáil le cúrsaí iompair, tionscail, tráchtála, airgeadais, pleanála úsáide talún nó comhshaoil, le heagrú oibrithe nó le riarachán.

(3) Íocfar le comhalta den Údarás as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás—

(a) cibé luach saothair (más ann) a shocróidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, agus

(b) cibé méid i leith caiteachas (más ann) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Maidir le comhalta den Údarás a cheapfar de réir fho-alt (2)(d), lena n-áirítear an cathaoirleach—

(a) ceapfar é nó í go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana,

(b) a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag le himeacht aimsire, tá sé nó sí in-athcheaptha. Ní fhónfaidh sé nó sí ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana san iomlán, áfach, agus

(c) tráth ar bith—

(i) féadfaidh sé nó sí éirí as a chomhaltas nó a comhaltas trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir nó ar an dáta a gheofar an litir, cibé acu is déanaí, nó

(ii) féadfaidh an tAire é nó í a chur as comhaltas den Údarás, más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair sé nó sí é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas le go gcomhlíonfaidh an tÚdarás a fheidhmeanna go héifeachtach.

(5) Scoirfidh comhalta den Údarás de bheith i seilbh oifige agus beidh sé nó sí dícháilithe chun oifig a shealbhú más rud é—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla de phianbhreith air nó uirthi téarma príosúnachta a chur isteach, nó

(d) go ndícháileofar nó go srianfar é nó í ó bheith ina stiúrthóir ar chuideachta ar bith.

(6) (a) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Údarás bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Údarás ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(b) Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás faoi mhír (a), beidh sé nó sí, faoi réir na bhforálacha eile den alt seo, i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de thréimhse oifige an chomhalta is cúis leis an gcorrfholúntas a gceaptar é nó í lena líonadh agus tá sé nó sí in-athcheaptha faoi réir téarma oifige uasta 10 mbliana.

(7) Cinnteoidh an tAire, a mhéid is indéanta agus ag féachaint do thaithí iomchuí, go mbeidh cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i gcomhdhéanamh an Údaráis.

Cathaoirleach an Údaráis.

15 .— (1) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach an Údaráis ar cibé téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear luach saothair, a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) I gcás ina scoirfidh cathaoirleach an Údaráis le linn a théarma oifige nó a téarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, scoirfidh sé nó sí freisin an tráth sin de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás.

(3) I gcás nach mbeidh an cathaoirleach ar fáil chun a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, ceapfaidh sé nó sí, nó, mura féidir leis nó léi déanamh amhlaidh, ceapfaidh an tAire comhalta eile, a ceapadh faoi alt 14(2)(d), chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach gníomhach chun dualgais an chathaoirligh a ghabháil air féin nó uirthi féin ar feadh tréimhse sonraithe nach faide ná 12 mhí, nuair nach mbeidh an cathaoirleach i láthair.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Údaráis.

16 .— (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) 5 nó cibé líon eile a shocróidh an tAire ó am go ham is córam do chruinniú den Údarás.

(3) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Údaráis i láthair, nó má bhíonn oifig an Chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Ag cruinniú den Údarás, beidh vóta ag gach comhalta den Údarás a bheidh i láthair agus cinnfear gach ceist le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta agus vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfaidh an tÚdarás a nós imeachta féin agus a ghnó féin a rialáil.

(7) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a fheidhmiú tríd an gcathaoirleach nó trí aon duine de chomhaltaí an Údaráis nó trí aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

An Chomhairle Chomhairleach.

17 .— (1) Bunaítear ar an lá ceaptha comhlacht ar a dtabharfar, sa Bhéarla, the Dublin Transport Authority Advisory Council, nó sa Ghaeilge, Comhairle Chomhairleach Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo, chun na feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

(2) Is iad a bheidh ar an gComhairle cathaoirleach agus 23 ghnáthchomhalta.

(3) Déanfaidh an tAire duine a cheapadh, a bhfuil taithí fhorleathan aige nó aici, i dtuairim an Aire, ar chúrsaí iompair, tionscail, tráchtála, airgeadais, pleanála úsáide talún nó comhshaoil, ar eagrú oibrithe nó ar riarachán, chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gComhairle.

(4) Déanfaidh an tAire na gnáthchomhaltaí den Chomhairle a cheapadh mar a leanas—

(a) 3 bhainisteoir nó oifigeach údaráis áitiúil mar a leanas:

(i) Bainisteoir Cathrach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,

(ii) aon duine amháin as measc na mbainisteoirí contae ar Chomhairlí Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas, de réir mar a chinnfidh na bainisteoirí contae sin, agus

(iii) aon duine amháin as measc na mbainisteoirí contae ar Chomhairlí Contae Chill Dara, na Mí agus Chill Mhantáin, de réir mar a chinnfidh na bainisteoirí contae sin,

nó oifigeach do na Comhairlí sin arna ainmniú nó arna hainmniú ag an mbainisteoir iomchuí,

(b) comhalta den Gharda Síochána (nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort) arna ainmniú nó arna hainmniú ag an gCoimisinéir,

(c) comhalta de gach Comhairle Cathrach agus de gach Comhairle Contae i MLBÁC arna ainmniú nó arna hainmniú ag comhaltaí na gComhairlí lena mbaineann,

(d) comhalta d’Údarás Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus comhaltaí d’Údarás Réigiúnach an Mheán-Oirthir a bheidh arna ainmniú nó arna hainmniú ag na húdaráis lena mbaineann,

(e) 2 chomhalta arna n-ainmniú ag Comhar Ceardchumann na hÉireann,

(f) 2 chomhalta atá ionadaitheach do leasanna gnó,

(g) 2 chomhalta atá ionadaitheach do leasanna forbartha pobail i MLBÁC nó atá bainteach le leasanna sóisialta, eacnamaíochta, comhshaoil nó ginearálta pobal sa Limistéar sin a chur chun cinn, agus

(h) 4 chomhalta atá ionadaitheach do leas an phobail.

(5) Féadfaidh an tAire eagraíochtaí (“eagraíochtaí forordaithe”) a fhorordú a dtabharfar cuireadh dóibh iarrthóirí a ainmniú chun bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle faoi fho-ailt (4)(f) go (h).

(6) Chun críocha fho-alt (4)(h), féadfaidh eagraíochtaí a bheith san áireamh sna heagraíochtaí forordaithe ar eagraíochtaí iad atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach don méid seo a leanas—

(a) leasanna úsáidirí iompair,

(b) leasanna daoine atá faoi mhíchumas, nó

(c) daoine a mbaineann a ngairmeacha nó a slite beatha le hiompar, le pleanáil úsáide talún, le dearadh uirbeach, le hailtireacht nó le hinnealtóireacht shibhialta.

(7) Déanfaidh eagraíocht fhorordaithe, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, cibé líon iarrthóirí (nach lú ná 2 agus ar ré-uimhir í i gcónaí) a shonróidh an tAire a roghnú lena gceapadh agus déanfaidh sí, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire tráth déanta na hiarrata, ainmneacha na n-iarrthóirí atá roghnaithe, agus na cúiseanna go measann an eagraíocht iad a bheith oiriúnach lena gceapadh amhlaidh, a chur in iúl don Aire.

(8) (a) Le linn ainmniúcháin a dhéanamh faoi fho-alt (4)(e) nó le linn roghnuithe a dhéanamh faoi fho-alt (7), déanfaidh na heagraíochtaí lena mbaineann, ag féachaint do thaithí iomchuí, líon comhionann fear agus ban a ainmniú nó a roghnú.

(b) Le linn daoine a bhreithniú lena gceapadh faoi fho-alt (4), beidh aird ag an Aire, a mhéid is indéanta, ar thaithí iomchuí agus ar chóimheá chothromasach a áirithiú idir fir agus mná i gcomhdhéanamh na Comhairle.

(9) Faoi réir fho-alt (10), i gcás ceapacháin faoi fho-ailt (4)(f) go (h), ní cheapfaidh an tAire duine le bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Chomhairle mura duine de na daoine a roghnaíodh de bhun iarrata faoi fho-alt (7) i ndáil leis an gceapachán sin an duine.

(10) D’ainneoin fho-alt (7)(9), más rud é—

(a) go ndiúltaíonn nó go mainníonn eagraíocht fhorordaithe aon iarrthóir a roghnú de bhun iarrata áirithe faoi fho-alt (7), nó

(b) go gcinneann an tAire gan aon duine de na hiarrthóirí atá roghnaithe de bhun na hiarrata ag na heagraíochtaí sin a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle,

ansin, déanfaidh an tAire—

(i) duine a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle is duine de na daoine atá roghnaithe ag na heagraíochtaí sin de bhun iarrata roimhe sin (más ann) faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(ii) iarraidh bhreise den sórt sin a dhéanamh agus duine a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle is duine de na daoine a roghnaíodh de bhun na hiarrata sin nó de bhun iarrata eile den sórt sin arna déanamh i ndáil leis an gceapachán sin.

(11) I gcás ina ndéantar iarraidh faoi fho-alt (7), agus go mainníonn nó go ndiúltaíonn aon eagraíocht nó na heagraíochtaí go léir a ndéantar an iarraidh orthu an líon iarrthóirí atá sonraithe san iarraidh a roghnú, ní choiscfidh sé sin duine arna roghnú i ndáil leis an gceapachán sin ag aon cheann de na heagraíochtaí réamhráite a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle.

(12) Rachaidh cathaoirleach na Comhairle i gceannas ar na cruinnithe den Chomhairle agus, i gcás nach bhfuil an cathaoirleach in ann freastal ar chruinniú den Chomhairle nó go bhfuil oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí atá i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith i gceannas ar an gcruinniú.

(13) Maidir le ceapachán faoin alt seo, lena n-áirítear ceapachán an chathaoirligh, is go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana, de réir mar a shonróidh an tAire le linn an ceapachán a dhéanamh, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhéanfar é.

(14) Más rud é, maidir le gnáthchomhalta den Chomhairle a cheaptar—

(a) faoi fho-alt (4)(a), go scoireann sé nó sí de bheith ina bhainisteoir nó ina bainisteoir nó ina oifigeach nó ina hoifigeach don chomhairle cathrach nó don chomhairle contae lena mbaineann,

(b) faoi fho-alt (4)(b), go scoireann sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Gharda Síochána, nó

(c) faoi fho-alt (4)(c)(d), go scoireann sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhairle cathrach nó den chomhairle contae, nó den údarás réigiúnach, lena mbaineann,

le linn an téarma oifige a shonróidh an tAire faoi fho-alt (13) i ndáil leis an ngnáthchomhalta sin, beidh ceapachán an duine mar chomhalta den sórt sin arna fhoirceannadh le héifeacht ó dháta an scoir.

(15) Íocfar le comhalta den Chomhairle, lena n-áirítear an cathaoirleach, as airgead atá faoina réir ag an Údarás, cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(16) Beidh comhalta den Chomhairle, lena n-áirítear an cathaoirleach, a dtéann a théarma nó a téarma oifige in éag le himeacht aimsire, in-athcheaptha faoi réir fho-alt (14).

(17) Faoi réir an ailt seo, déanfaidh an Chomhairle a nós imeachta agus a gnó féin a rialáil.

(18) Soláthróidh an tÚdarás na saoráidí agus na seirbhísí réasúnacha go léir a theastóidh ón gComhairle chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(19) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina comhaltas.

(20) Socróidh an tAire dáta, tráth agus ionad do chéadchruinniú na Comhairle Comhairlí agus cinnfidh comhaltaí na Comhairle cé chomh minic a thionólfar na cruinnithe go léir ina dhiaidh sin, ach sin faoi réir cruinniú a bheith aici 4 huaire ar a laghad sa bhliain.

(21) Maidir le cathaoirleach na Comhairle nó gnáthchomhalta den Chomhairle—

(a) féadfaidh sé nó sí, aon tráth, éirí as a chomhaltas nó a comhaltas trí litir arna díriú chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir sin nó ar an dáta a gheofar an litir, cibé acu is déanaí, nó

(b) féadfaidh an tAire, aon tráth, é nó í a chur as comhaltas den Chomhairle, más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas chun go gcomhlíonfaidh an Chomhairle a feidhmeanna go héifeachtach.

(22) Déanfaidh an tAire le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

Feidhmeanna na Comhairle Comhairlí.

18 .— (1) Is iad feidhmeanna na Comhairle—

(a) moltaí a bhreithniú agus a chur faoi bhráid an Údaráis maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) dréachtstraitéis iompair, agus

(ii) dréachtphlean forfheidhmithe comhtháite,

(b) faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na straitéise iompair agus an phlean forfheidhmithe chomhtháite agus aon mholtaí is cuí léi a chur faoi bhráid an Údaráis,

(c) moltaí a bhreithniú agus a chur faoi bhráid an Údaráis maidir le dréachtphlean straitéiseach bainistíochta tráchta,

(d) faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an phlean straitéisigh bainistíochta tráchta agus aon mholtaí is cuí léi a dhéanamh don Údarás, agus

(e) moltaí a chur faoi bhráid an Údaráis maidir le comhlíonadh aon cheann dá feidhmeanna.

(2) Breithneoidh an tÚdarás moltaí na Comhairle faoin alt seo agus féadfaidh sé glacadh le moladh ón gComhairle, go hiomlán nó go páirteach, nó diúltú dó.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás diúltú, go hiomlán nó go páirteach, do mholadh ón gComhairle, luafaidh sé na cúiseanna atá leis an diúltú sin leis an gComhairle.

(4) (a) Déanfaidh an tÚdarás aon mholtaí arna ndéanamh ag an gComhairle faoi fho-alt (1) agus aon chúiseanna arna lua aici faoi fho-alt (3) a fhoilsiú.

(b) Is ionann foilsiú ag an Údarás ar a láithreán gréasáin agus comhlíonadh mhír (a).

(5) Féadfaidh an tAire nó an tÚdarás dul i gcomhairle leis an gComhairle nó comhairle a iarraidh uirthi ar aon ní a éireoidh i ndáil le feidhmiú fheidhmeanna an Údaráis.

(6) Beidh an Chomhairle i dteideal faisnéis a fháil ag gach ceann dá cruinnithe i dtaobh obair an Údaráis, ar choinníoll, maidir le nochtadh na faisnéise sin, i dtuairim an Údaráis—

(a) nach mbainfidh sé le nithe a mheasfaidh an tÚdarás gur de chineál íogair iad ó thaobh na tráchtála de,

(b) nach bhféadfadh sé a bheith ina bhac ar chomhlíonadh a feidhmeanna san am i láthair nó san am le teacht, nó

(c) nach mbeidh sé ina shárú ar alt 38.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

19 .— (1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás (“príomhfheidhmeannach”).

(2) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach foireann, riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.

(3) Maidir leis an bpríomhfheidhmeannach—

(a) ceapfaidh an tÚdarás é nó í de réir nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Údarás, agus

(b) féadfaidh an tÚdarás é nó í a chur as oifig aon tráth ar chúiseanna sonraithe,

le toiliú an Aire.

(4) Beidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar feadh cibé téarma agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhainfidh le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.

(5) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach i seilbh aon oifige eile ná aon phoist eile gan toiliú an Údaráis.

(6) I gcás ina gcuirtear comórtas ar siúl roimh an lá bunaithe chun príomhfheidhmeannach a cheapadh, féadfaidh an tAire an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi a cheapadh mar phríomhfheidhmeannach ainmnithe an Údaráis.

(7) D’ainneoin fho-alt (3)(a), déanfar an príomhfheidhmeannach ainmnithe a cheapadh mar phríomhfheidhmeannach ar bhunú an Údaráis.

(8) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach cibé faisnéis a theastóidh ón Údarás ó am go ham, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a sholáthar don Údarás.

(9) Féadfaidh cibé comhalta d’fhoireann an Údaráis a bheidh ainmnithe ó am go ham ag an Údarás chun na críche sin feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh le linn dó nó di a bheith as láthair nó nuair atá post an phríomhfheidhmeannaigh folamh.

Foireann an Údaráis.

20 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine, agus cibé líon daoine, a chinnfidh sé ó am go ham le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an Údaráis.

(2) Maidir le comhalta d’fhoireann an Údaráis (seachas an príomhfheidhmeannach)—

(a) íocfar leis nó léi cibé luach saothair (lena n-áirítear liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus

(b) beidh sé nó sí i seilbh oifige nó fostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire.

(3) Déanfaidh an tÚdarás na hearnálacha d’fhoireann an Údaráis agus an líon foirne i ngach earnáil díobh a chinneadh.

(4) Déanfaidh cathaoirleach an Údaráis tuairisc a thabhairt don Aire gach bliain maidir le comhlíonadh a fhreagrachtaí faoi fho-ailt (1), (2) agus (3).

(5) Ní bheidh comhalta d’fhoireann an Údaráis ina státseirbhíseach de réir bhrí Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 2005.

(6) D’ainneoin fho-alt (5), féadfar oifigigh don Aire a thabhairt ar iasacht don Údarás, ar an Údarás iarraidh a dhéanamh agus de rogha an Aire, ar feadh tréimhse nach faide ná 2 bhliain.

(7) Féadfaidh an tÚdarás, aon tráth, aon chomhalta d’fhoireann an Údaráis a chur as oifig mar chomhalta dá fhoireann i gcás ina mainníonn an duine sin a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh sásúil.

(8) Ní bheidh aon ábhar caingne ná ábhar imeachtaí eile ann, ná ní bheidh an céanna inchoimeádta ar aghaidh (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana de chineál toiliúil), in aghaidh aon chomhalta d’fhoireann an Údaráis as mainneachtain aon cheann de na feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo don Údarás a chomhlíonadh ná as mainneachtain déanamh de réir aon cheann de na feidhmeanna sin.

Aoisliúntas d’fhoireann an Údaráis.

21 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí d’fhoireann an Údaráis is cuí leis an Údarás, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Socrófar le gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a sheoladh de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í, le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Déanfar foráil le haghaidh achomharc i scéim a dhéanfar faoin alt seo.

(6) Ní dheonóidh an tÚdarás aon sochair aoisliúntais ná ní dhéanfaidh an tÚdarás aon socruithe eile chun sochar den sórt sin a sholáthar do chomhalta d’fhoireann an Údaráis, seachas de réir scéime faoin alt seo, nó ar cibé slí eile a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha lena rialaítear sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna arna ndéanamh faoin alt seo do dhaoine arna n-aistriú faoi alt 110, ní lú fabhar iad ná na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá díscaoilte.

(8) Más rud é, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch dáta díreach roimh thosach feidhme scéime faoin alt seo, go mbeidh sochar aoisliúntais le híoc le duine, nó i leith duine, arna aistriú nó arna haistriú faoi alt 110, déanfaidh an tÚdarás an sochar a ríomh de réir cibé scéim a raibh feidhm aici maidir leis an duine díreach roimh an lá díscaoilte agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís inphinsin nó a seirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin agus cuirfear an dá thréimhse seirbhíse san áireamh in aon sochar is iníoctha.

(9) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú.

22 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú is dóigh leis is gá chun cabhrú leis i gcomhall a fheidhmeanna.

(2) Aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar faoin alt seo, beidh siad ina gcuid de chaiteachais an Údaráis.

Údaráis Stáit.

23 .— (1) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002 trí “Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath.” a chur isteach i ndeireadh an Sceidil.

(2) Leasaítear an Sceideal (arna chur isteach le halt 11 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (Leasú) 2007) a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002 trí “15A. Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath.” a chur isteach i ndiaidh thagairt 15.

Fochuideachtaí.

24 .— (1) Féadfaidh fochuideachta cibé feidhmeanna de chuid an Údaráis a chinnfidh sé a chomhlíonadh agus, dá réir sin, féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, chun críocha an chomhlíonta sin, fochuideachta nó fochuideachtaí a fháil nó a fhoirmiú agus a bhunú.

(2) Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta, ina aonar nó ina haonar nó i dteannta duine eile, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, foirmiú nó bunú cuideachta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh ann, nó dul i mbun comhfhiontar nó comhpháirtíochtaí chun aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhall.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta.

(4) Is i cibé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a bheidh meabhrán agus airteagail chomhlachais fochuideachta.

Acmhainní arna gcur ar fáil ag an Aire.

25 .— (1) Féadfaidh an tAire cibé foireann, áitreabh, trealamh, seirbhísí nó acmhainní eile a chinnfidh an tAire ó am go ham i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a chur ar fáil don Údarás, ar an Údarás iarraidh a dhéanamh.

(2) Ar iarraidh ón Aire, íocfaidh an tÚdarás leis an Aire cibé suim nó suimeanna a sonróidh an tAire gurb iad na caiteachais iad a thabhaigh an tAire le linn dó nó di an fhoireann, an t-áitreabh, an trealamh, na seirbhísí nó na hacmhainní eile sin a chur ar fáil don Údarás faoi fho-alt (1).

(3) I gcás ina gcuireann an tAire aon oifigeach don Aire ar fáil don Údarás faoi fho-alt (1), leanann an t-oifigeach sin de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach don Aire agus ní mheasfar gur comhalta d’fhoireann an Údaráis é nó í.

Ordacháin bheartais ón Aire.

26 .— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, ordacháin bheartais i scríbhinn a thabhairt don Údarás maidir le haon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo. Déanfaidh an tÚdarás de réir aon ordacháin den sórt sin le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire ordachán beartais i scríbhinn a thabhairt d’fhochuideachta de chuid an Údaráis. Comhlíonfaidh an fhochuideachta aon ordachán den sórt sin.

(3) I gcás ina dtabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo, déanfar fógra i dtaobh an t-ordachán a thabhairt agus i dtaobh mhionsonraí an ordacháin—

(a) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir, tar éis é a thabhairt, agus

(b) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil laistigh de 28 lá ón lá a thugtar é agus ar cibé modh eile is cuí leis an Aire (lena n-áirítear ar an idirlíon).

Treoirlínte ón Aire.

27 .— (1) Féadfaidh an tAire, aon tráth, treoirlínte i scríbhinn a eisiúint chuig an Údarás maidir le haon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo. Beidh aird ag an Údarás ar na treoirlínte sin le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire treoirlínte i scríbhinn a eisiúint chuig fochuideachta de chuid an Údaráis. Beidh aird ag an bhfochuideachta ar na treoirlínte sin.

(3) I gcás ina n-eiseoidh an tAire treoirlíne faoin alt seo, déanfar fógra i dtaobh an treoirlíne a eisiúint agus i dtaobh shonraí na treoirlíne—

(a) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir, tar éis í a thabhairt, agus

(b) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil laistigh de 28 lá ón lá a thugtar í agus i cibé modh eile is cuí leis an Aire (lena n-áirítear ar an idirlíon).

Comhairle agus seirbhísí.

28 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, ar iarraidh a fháil ón Aire—

(a) comhairle (lena n-áirítear comhairle i ndáil le hiompar lasmuigh de limistéar feidhme an Údaráis), nó

(b) seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí foirne),

a sholáthar don Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear íocaíocht as an gcomhairle nó as na seirbhísí sin) a chomhaontófar agus féadfaidh an tAire leas a bhaint as an gcomhairle nó as na seirbhísí sin.

(2) Féadfaidh an tÚdarás seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a sholáthar d’údarás áitiúil nó do dhaoine eile ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear íocaíocht as na seirbhísí sin) a chomhaontófar.

(3) Féadfaidh an tÚdarás cibé muirir is oiriúnach leis a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith seirbhísí a sholáthróidh sé nó a sholáthrófar thar a cheann.

Leithroinntí Státchiste don Údarás.

29 .— (1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis nó léi, i ngach bliain airgeadais, deontais a thabhairt de cibé méideanna a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas faoi chomhair chaiteachas caipitil agus reatha, lena n-áirítear caiteachas riaracháin, an Údaráis.

(2) Féadfaidh téarmaí lena rialaítear aisíoc deontais, ús agus cibé nithe eile a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheith i gcoinníollacha a ghabhann le deontais arna ndéanamh faoi fho-alt (1).

An tÚdarás d’fháil iasachtaí.

30 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta de chuid an Údaráis, ó am go ham, airgead a fháil ar iasacht d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(2) Feidhmeoidh an tÚdarás na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo i slí nach mó ná €1,000,000,000 an méid príomhshuime, nó na méideanna príomhshuime san iomlán, lena n-áirítear aon iasachtaí a gheobhaidh fochuideachtaí de chuid an Údaráis, a dhlífidh an tÚdarás aon tráth a aisíoc ar scór aon dliteanais nó dliteanas a tabhaíodh faoin alt seo.

(3) Chun críocha an ailt seo, maidir le hairgead a fuarthas ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit measfar gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead a fuarthas ar iasacht iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide don airgeadra sin agus airgeadra an Stáit an tráth a fuarthas an t-airgead sin ar iasacht.

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an tÚdarás.

31 .— (1) Gan dochar d’alt 6 den Acht um Chumhachtaí Comhlachtaí Áirithe Iasachtaí a Fháil 1996, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis nó léi, go n-aisíocfar go cuí aon airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, nó íoc úis ar an airgead sin) a gheobhaidh an tÚdarás ar iasacht.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina leagfar amach maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a bheidh tugtha le linn na bliana sin nó a bheidh tugtha aon tráth roimh thosach na bliana sin agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí i dtaobh na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta aige nó aici faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis nó léi ar scór na híocaíochta, agus

(c) an méid airgid faoi réim na ráthaíochta a bhí gan íoc ag deireadh na bliana sin.

(3) Maidir le hairgead arna íoc ag an Aire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo, déanfaidh an tÚdarás é a aisíoc leis nó léi (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé nó sí) laistigh de cibé tréimhse ó dháta an t-airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste a shonróidh an tAire sin tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás.

(4) Más rud é nach mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid de a cheanglaítear le fo-alt (3) a aisíoc leis an Aire Airgeadais íoctha de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc, cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais, leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) D’ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (4) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an tÚdarás de bheith faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith an mhéid sin, agus déanfaidh an tÚdarás an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis nó léi ag cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé nó sí.

(6) Déanfar airgead arna íoc ag an Údarás faoi fho-alt (3)(5) a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais.

Cuntais agus tuarascáil bhliantúil an Údaráis.

32 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe.

(2) Faoi dheireadh an tríú mí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais déanfaidh an tÚdarás cuntais don bhliain airgeadais roimhe sin arna gcoimeád de bhun fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(3) Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil (“tuarascáil bhliantúil”) a thabhairt ar aird, i scríbhinn, don Aire gach bliain i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna sa bhliain airgeadais roimhe sin.

(4) Maidir leis an tuarascáil bhliantúil—

(a) áireofar inti cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais, den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile (más ann) a choimeádfar faoi fho-alt (1) agus a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais,

(b) áireofar inti cibé faisnéis eile maidir le comhlíonadh fheidhmeanna an Údaráis a cheanglóidh an tAire ó am go ham, agus

(c) tabharfar don Aire í laistigh de 15 lá oibre tar éis don Údarás tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a fháil.

(5) Gach dara bliain, beidh ráiteas maidir leis an ngá leanúnach le haon fhochuideachta san áireamh sa tuarascáil bhliantúil.

(6) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil bhliantúil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis dó nó di í a fháil.

(7) Is í bliain airgeadais an Údaráis an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig in aon bhliain agus, chun críocha an ailt seo agus alt 29, measfar gur bliain airgeadais an tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch an 31 Nollaig dá éis.

Bronntanais.

33 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais, téarmaí nó coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an tÚdarás le bronntanas i gcás ina mbeadh na hiontaobhais, na téarmaí nó na coinníollacha atá ag gabháil leis ar neamhréir le neamhspleáchas oibríochta agus comhlíonadh éifeachtach fheidhmeanna an Údaráis nó go ndéanfaidís dochar do na nithe sin.

(3) Déanfaidh an tÚdarás mionsonraí aon bhronntanais ar mó a luach, i dtuairim an Údaráis, ná cibé méid a bheidh ordaithe ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, a áireamh sa tuarascáil bhliantúil don bhliain ina nglactar leis an mbronntanas.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn “mionsonraí”—

(a) ainm dheontóir an bhronntanais,

(b) tuairisc ar an mbronntanas, agus

(c) sonraí i dtaobh aon iontaobhas, téarmaí nó coinníollacha atá ag gabháil leis an mbronntanas.

Cód cleachtais.

34 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás cód cleachtais a tharraingt suas, agus féadfaidh sé é a athbhreithniú ó am go ham, ar cód é a bheidh bunaithe ar na cleachtais is fearr chun dea-rialú corparáideach a chinntiú i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(2) I gcás ina ndearnadh cód cleachtais a tharraingt suas nó a athbhreithniú faoi fho-alt (1), cuirfidh an tÚdarás é faoi bhráid an Aire lena cheadú.

(3) Foilseoidh an tÚdarás aon chód cleachtais arna tharraingt suas nó arna athbhreithniú faoi fho-alt (1) agus arna cheadú ag an Aire faoi fho-alt (2).

Comhaltaí an Údaráis do nochtadh leasanna.

35 .— (1) Aon chomhalta den Údarás—

(a) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chomhlacht nó in aon ghnóthais a bhfuil conradh déanta ag an Údarás leis nó leo nó a mbeartaíonn sé conradh a dhéanamh leis nó leo, nó

(b) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chonradh atá déanta ag an Údarás nó a bheartaíonn an tÚdarás a dhéanamh,

nochtfaidh sé nó sí don Údarás go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é agus ní bheidh sé nó sí i láthair le linn don Údarás aon bhreithniú a dhéanamh nó aon bhreith a thabhairt a bhaineann leis an gconradh.

(2) Más rud é go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú den Údarás, eadhon—

(a) socrú ar páirtí ann an tÚdarás nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an Údarás nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le haon chomhalta den Údarás a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh leas aige nó aici in aon slí, go díreach nó go neamhdhíreach, sa ní seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin den Údarás—

(i) nochtfaidh sé nó sí don Údarás ag an gcruinniú go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é,

(ii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an tÚdarás i ndáil leis an ní sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe ag a ndéantar an breithniú sin, agus

(iii) ní vótálfaidh sé nó sí ar bhreith a bhaineann leis an ní.

(3) I gcás ina nochtfar leas faoin alt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an duine a rinne an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(4) I gcás ina n-éireoidh ceist ag cruinniú den Údarás i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag comhalta den Údarás, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an chathaoirligh agus i gcás ina gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(5) I gcás gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh comhalta den Údarás ceanglas de chuid fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi, an comhalta sin den Údarás a chur as oifig nó cibé beart eile is cuí leis nó léi a dhéanamh. I gcás ina gcuirfear duine as oifig faoin bhfo-alt seo, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó ina stiúrthóir ar fhochuideachta den Údarás.

Stiúrthóirí fochuideachta do nochtadh leasanna.

36 .— (1) Aon stiúrthóir fochuideachta—

(a) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chomhlacht nó in aon ghnóthais a bhfuil conradh déanta ag an bhfochuideachta leis nó leo nó a mbeartaíonn sí conradh a dhéanamh leis nó leo, nó

(b) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chonradh atá déanta ag an bhfochuideachta nó a bheartaíonn sí a dhéanamh,

nochtfaidh sé nó sí don fhochuideachta go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é, agus ní bheidh sé nó sí i láthair le linn don fhochuideachta aon bhreithniú a dhéanamh nó aon chinneadh a thabhairt a bhaineann leis an gconradh.

(2) Más rud é go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú de stiúrthóirí fochuideachta, eadhon—

(a) socrú ar páirtí ann an fhochuideachta nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an bhfochuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le haon stiúrthóir a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh leas aige nó aici in aon slí, go díreach nó go neamhdhíreach, sa ní seachas ina cháil nó ina cáil mar stiúrthóir den sórt sin—

(i) nochtfaidh sé nó sí ag an gcruinniú go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é,

(ii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh na stiúrthóirí i ndáil leis an ní sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe ag a ndéantar an breithniú sin é, agus

(iii) ní vótálfaidh sé ná sí ar bhreith a bhaineann leis an ní.

(3) I gcás ina nochtfar leas faoin alt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an stiúrthóir a rinne an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(4) I gcás ina n-éireoidh ceist ag cruinniú de stiúrthóirí fochuideachta i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag stiúrthóir, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an chathaoirligh agus, i gcás ceist den sórt sin a chinneadh amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(5) I gcás gur deimhin leis an Údarás gur mhainnigh stiúrthóir fochuideachta ceanglas de chuid fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis, an stiúrthóir sin a chur as oifig nó cibé beart eile is cuí leis a dhéanamh. I gcás ina gcuirfear duine as oifig faoin bhfo-alt seo, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó ina stiúrthóir ar fhochuideachta.

(6) Níl feidhm ag alt 194 d’Acht na gCuideachtaí 1963 maidir le stiúrthóir fochuideachta.

Comhaltaí foirne do nochtadh leasanna.

37 .— (1) I gcás ina mbeidh leas ag comhalta d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta nó ag aon duine eile a bheidh fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, nó faoina dtéarmaí fostaíochta, in aon chonradh, aon chomhaontú nó aon socrú nó in aon chonradh, aon chomhaontú nó aon socrú atá beartaithe, ar páirtí ann an tÚdarás nó an fhochuideachta—

(a) nochtfaidh sé nó sí a leas agus cad é an leas é don Údarás nó don fhochuideachta, de réir mar a bheidh,

(b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i gcaibidil an chonartha, an chomhaontaithe nó an tsocraithe nó in aon bhreithniú a dhéanfaidh comhaltaí den Údarás nó den fhochuideachta, nó d’fhoireann an Údaráis nó na fochuideachta i ndáil leis an gcéanna, agus

(c) ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh i ndáil leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an socrú.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le conarthaí fostaíochta nó conarthaí beartaithe fostaíochta comhaltaí d’fhoireann an Údaráis leis an Údarás nó comhaltaí d’fhoireann fochuideachta le fochuideachta.

(3) I gcás ina mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (1) ceanglas de chuid an fho-ailt sin a chomhlíonadh ansin déanfaidh—

(a) an tÚdarás, i gcás gur comhalta d’fhoireann an Údaráis nó aon duine eile a bheidh fostaithe ag an Údarás an duine, nó

(b) bord fochuideachta, i gcás gur comhalta d’fhoireann na fochuideachta nó aon duine eile a bheidh fostaithe aici an duine,

breith a thabhairt i dtaobh cén beart (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) is cuí a dhéanamh.

Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda.

38 .— (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine, gan toiliú an Údaráis nó fochuideachta, faisnéis rúnda a gheobhaidh sé nó sí le linn dualgais a chomhlíonadh mar chomhalta den Údarás nó mar stiúrthóir d’fhochuideachta, nó mar chomhalta d’fhoireann an Údaráis nó fochuideachta, nó nuair a bhí sé nó sí fostaithe thairis sin ag an Údarás nó ag fochuideachta, a nochtadh, mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an Údarás nó ag an bhfochuideachta déanamh amhlaidh.

(2) San alt seo folaíonn “faisnéis rúnda” faisnéis a mbeidh sé ráite ag an Údarás nó ag fochuideachta ina leith gur faisnéis rúnda í, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe.

(3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

(4) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis a nochtadh i dtuarascáil a thabharfar don Údarás nó don fhochuideachta, nó a thabharfaidh an tÚdarás nó an fhochuideachta, nó a thabharfar thar ceann an Údaráis nó na fochuideachta, don Aire.

(5) Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 tríd an méid seo a chur isteach ag deireadh Chuid 1:

(a) i gcolún (2), “An tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008”, agus

(b) i gcolún (3), “Alt 38”.

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe.

39 .— (1) Aon duine a dhéanann cumarsáid le comhalta den Údarás nó le stiúrthóir fochuideachta nó le comhalta d’fhoireann an Údaráis nó fochuideachta, nó le haon duine eile atá fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta, d’fhonn tionchar míchuí a imirt ar a bhreithniú nó a breithniú ar aon ní a bheidh le breithniú ag an Údarás nó ag an bhfochuideachta, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Má thagann duine lena ndéantar cumarsáid ar an tuairim gur sárú an chumarsáid sin ar fho-alt (1), tá sé de dhualgas air nó uirthi gan aon aird eile a thabhairt ar an gcumarsáid agus cuirfidh sé nó sí ábhar na cumarsáide sin in iúl do chathaoirleach an Údaráis láithreach i scríbhinn agus tabharfaidh an cathaoirleach admháil i scríbhinn go bhfuair sé nó sí an fhaisnéis sin.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais, de Pharlaimint na hEorpa agus d’údaráis áitiúla.

40 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta den Údarás—

(a) go nglacfaidh sé nó sí le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás.

(2) Más rud é, maidir le príomhfheidhmeannach an Údaráis—

(a) go nglacann sé nó sí le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghtar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa,

(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(d) go dtagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil,

scoirfidh sé nó sí de bheith ina phríomhfheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach ar an Údarás.

(3) Más rud é, maidir le comhalta d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta—

(a) go nglacann sé nó sí le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghtar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(d) go dtagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil,

beidh sé nó sí ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht ag an Údarás nó ag an bhfochuideachta agus ní íocfaidh an tÚdarás nó an fhochuideachta leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás nó ón bhfochuideachta, luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmníodh nó a toghadh é nó í amhlaidh, nó an tráth a measadh amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoir sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin nó den údarás áitiúil sin.

(4) Féadfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a bheith ar iasacht ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana.

(5) Aon duine atá, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, tá sé nó sí, fad atá sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear, i measc nithe eile, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás chun críche aon sochar aoisliúntais.

Cuntasacht do Choistí de chuid an Oireachtais.

41 .— (1) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, aon uair a cheanglóidh Coiste de chuid Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, fianaise a thabhairt don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, le reacht nó faoi reacht, ar an Údarás a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis i dtaca le húsáid a acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a chuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Údarás dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Déanfaidh an cathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach, ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air nó uirthi amhlaidh, cuntas ar chomhlíonadh fheidhmeanna an Údaráis a thabhairt do Choiste de chuid Tí amháin den Oireachtas nó de chuid dhá Theach an Oireachtais agus beidh aird ag an gcathaoirleach nó ag an bpríomhfheidhmeannach ar aon mholtaí ó Choiste den sórt sin is iomchuí maidir lena fheidhmeanna.

Coimeádfaidh an tÚdarás é féin ar an eolas maidir le nithe áirithe.

42 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás é féin ar an eolas maidir le beartais, cuspóirí, rúin agus treoirlínte aon údaráis phoiblí a bhfuil baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag a chuid feidhmeanna leis na nithe is cúram don Údarás.

(2) San alt seo ciallaíonn “údarás poiblí” an tAire, Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus aon údarás poiblí eile laistigh nó lasmuigh den Stát ag a bhfuil feidhmeanna, i dtuairim an Údaráis, a bhfuil baint acu, nó a bhféadfadh baint a bheith acu, le nithe is cúram don Údarás.

Díolúine an Údaráis.

43 .— Ní bheidh aon ábhar caingne ná ábhar imeachtaí eile ann ná ní bheidh an céanna inchoimeádta ar aghaidh—

(a) in aghaidh an Údaráis nó fochuideachta de chuid an Údaráis,

(b) in aghaidh duine a chomhlíonann feidhmeanna arna dtarmligean chuige nó chuici ag an Údarás,

(c) in aghaidh údaráis iompair phoiblí a chomhlíonann feidhmeanna thar ceann an Údaráis, nó

(d) in aghaidh duine a sholáthraíonn seirbhísí don Údarás,

chun damáistí a ghnóthú i leith aon díobhála do dhaoine, damáiste do mhaoin ná caillteanais eile a líomhnaítear gurbh é ba chúis nó ba chionchúis leo mainneachtain ag an Údarás aon cheann de na feidhmeanna arna dtabhairt dó a chomhlíonadh nó déanamh de réir aon cheann de na feidhmeanna sin.