|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( Caibidil 4 Bainistíocht Tráchta ) | Ar Aghaidh ( Caibidil 6 Caidrimh idir an tÚdarás agus Comhlachtaí Eile ) |
An tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil 5 Taighde agus Faisnéis | |
Taighde. |
72 .— Féadfaidh an tÚdarás— | |
[EN] | (a) taighde a chur chun cinn agus gabháil do thaighde i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna, cibé acu ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, agus | |
[EN] | (b) airgead a leithroinnt ar dhaoine agus íocaíochtaí a thabhairt dóibh i ndáil le taighde den sórt sin. | |
Faisnéis, sonraí agus staidreamh. |
73 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás— | |
[EN] | (a) faisnéis, sonraí nó staidreamh, lena n-áirítear iad sin a bheidh cruinnithe le córais ticéadaithe arna n-oibriú ag oibritheoirí iompair phoiblí i MLBÁC, a bhailiú, a thiomsú, a anailísiú agus a ullmhú chun a fheidhmeanna a fheidhmiú, agus | |
[EN] | (b) go tráthrialta, faisnéis, sonraí nó staidreamh a fhoilsiú maidir leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (i) an líon daoine a úsáideann modhanna iompair difriúla, | |
[EN] | (ii) leibhéil sástachta le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí, | |
[EN] | (iii) amanna taistil chun na hoibre, agus | |
[EN] | (iv) cibé nithe eile is cuí leis an Údarás i leith a chuid feidhmeanna. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt don Údarás cibé faisnéis, sonraí nó staidreamh a bhailiú, a thiomsú, a ullmhú agus a fhoilsiú a shonróidh sé nó sí i scríbhinn don Údarás maidir le feidhmíocht an Údaráis i dtaca lena chuid feidhmeanna a fheidhmiú. | |
[EN] | (3) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás, agus féadfaidh sé nó sí dul i gcomhairle le haon duine eile is cuí leis nó léi, sula dtabharfaidh sé nó sí ordachán faoi fho-alt (2). | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar dhuine ag a bhfuil faisnéis, sonraí nó staidreamh a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis an fhaisnéis sin, na sonraí sin nó an staidreamh sin a thabhairt don Údarás i cibé foirm (lena n-áirítear foirm leictreonach) agus ag cibé tráthanna nó eatraimh réasúnacha a shonróidh an tÚdarás. | |
[EN] | (5) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, cinnteoidh an tÚdarás nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a fhaightear faoin alt seo a nochtadh. |