|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979 ) |
An tAcht Sláinte 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Leasú ar an Acht Sláinte 1970 | |
Léiriú. |
2 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Sláinte 1970. | |
Leasú ar alt 45 d’Acht 1970. |
3 .— (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fho-alt (5A) d’alt 45 (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001) d’Acht 1970— | |
[EN] | “(5A) D’ainneoin aon achtacháin eile, le héifeacht ón 2 Márta 2009, beidh lán-cháilíocht le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ag duine freisin más rud é gur shlánaigh an duine 70 bliain d’aois roimh an 1 Eanáir 2009 agus go bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, fad nach mó ioncam comhlán an duine ná an teorainn ioncaim chomhláin iomchuí faoi alt 45A.”. | |
[EN] | (2) Aon duine a raibh lán-cháilíocht aige nó aici le haghaidh na seirbhísí faoi Chuid IV d’Acht 1970 de bhua alt 45(5A) den Acht sin roimh theacht i ngníomh d’fho-alt (1), leanfaidh sé nó sí de lán-cháilíocht a bheith aige nó aici go dtí an 2 Márta 2009. | |
Alt 45A a chur isteach in Acht 1970. |
4 .— Leasaítear Acht 1970 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 45: | |
[EN] | “Lán-cháilíocht. | |
[EN] | 45A.— (1) D’ainneoin alt 45(6), beidh lán-cháilíocht le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo freisin ag duine atá in earnáil amháin de na hearnálacha seo a leanas agus a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát: | |
[EN] | (a) daoine a shlánóidh 70 bliain d’aois nó a bhfuil an aois sin slánaithe acu, an 1 Eanáir 2009 nó dá éis, nach mó a n-ioncam comhlán ná an teorainn ioncaim iomchuí agus— | |
[EN] | (i) a dhéanfaidh iarratas chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i cibé foirm is dóigh léi is cuí, agus | |
[EN] | (ii) a gheobhaidh daingniú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil lán-cháilíocht acu le haghaidh seirbhísí faoin gCuid seo de bhrí go bhfuil 70 bliain d’aois slánaithe acu, go bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát agus nach mó a n-ioncam comhlán ná an teorainn ioncaim chomhláin iomchuí, fad nach mó ná an teorainn iomchuí sin a n-ioncam comhlán; | |
[EN] | (b) daoine a bhí pósta le duine eile go dtí go bhfuair an duine eile sin bás, nó a chónaigh leis an duine eile sin mar fhearchéile agus banchéile go dtí go bhfuair an duine eile bás— | |
[EN] | (i) más rud é go bhfuil na daoine marthanacha tar éis 70 bliain d’aois a shlánú tráth an bháis, | |
[EN] | (ii) más rud é gur tharla an bás an 1 Eanáir 2009 nó dá éis, agus | |
[EN] | (iii) go ceann trí bliana tar éis an bháis, ar choinníoll nach mó a n-ioncam comhlán ná an teorainn ioncaim chomhláin arna leagan amach i mír (b) d’fho-alt (2) le linn na tréimhse sin; | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) cleithiúnaithe na ndaoine dá dtagraítear i mír (a) nó in alt 45(5A). | |
[EN] | (2) Soláthróidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte aon tacaí riachtanacha d’aon duine i ndáil le hiarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) i gcás go n-iarrfaidh an duine sin cúnamh den sórt sin, mar gheall ar aon éagumas. | |
[EN] | (3) Is iad seo a leanas na teorainneacha ioncaim chomhláin chun críocha an ailt seo agus alt 45(5A): | |
[EN] | (a) más rud é nach bhfuil duine pósta agus nach bhfuil sé nó sí ag cónaí le duine eile mar fhearchéile agus banchéile, €700 sa tseachtain an teorainn ioncaim chomhláin a bheidh aige nó aici, gan an t-ioncam ón gcuid de choigilteas nó d’infheistíochtaí dá shamhail de chuid an duine nach mó a luach caipitiúil ná €36,000 a áireamh, agus | |
[EN] | (b) más rud é go bhfuil daoine pósta nó go bhfuil siad ag cónaí le chéile mar fhearchéile agus banchéile, €1,400 sa tseachtain an chomhtheorainn ioncaim chomhláin a bheidh acu, gan an t-ioncam ón gcuid dá gcoigilteas nó dá n-infheistíochtaí dá shamhail nach mó a luach caipitiúil ná €72,000 a áireamh. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tAire athbhreithniú, an 1 Meán Fómhair gach bliain, ar an bhfaisnéis is déanaí ar an treoir-uimhir praghsanna tomhaltóirí a chuirfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil, agus féadfaidh sé nó sí, le toiliú an Aire Airgeadais, le rialacháin a thiocfaidh in éifeacht an 1 Eanáir díreach i ndiaidh an athbhreithnithe sin, na teorainneacha ioncaim chomhláin a bheidh sonraithe chun críocha an ailt seo agus alt 45(5A) a mhéadú d’fhonn aon mhéadú ar an treoir-uimhir sin a léiriú. | |
[EN] | (5) D’fhonn ioncam comhlán a ríomh don alt seo agus d’alt 45(5A), beidh an t-ioncam comhlán go léir ó gach foinse le háireamh seachas an t-ioncam comhlán ó na foinsí ioncaim seo a leanas, agus aon ioncam ina dhiaidh sin de thairbhe an t-airgead ó na foinsí sin nach bhfuil le háireamh a infheistiú: | |
[EN] | (a) dámhachtainí cúitimh do dhaoine faoi na hAchtanna um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 go 2006; | |
[EN] | (b) dámhachtainí cúitimh tríd an mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe a bunaíodh faoi alt 3 den Acht um Shásamh i leith Foras Cónaithe 2002; | |
[EN] | (c) aisíocaíochtaí forordaithe arna ndéanamh faoi alt 8 den Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006 a dhéantar— | |
[EN] | (i) le duine iomchuí beo, | |
[EN] | (ii) le céile nó le hiarchéile duine iomchuí bheo nó éagtha, | |
[EN] | (iii) go díreach le leanbh beo de chuid duine iomchuí de bhua alt 9(8) den Acht sin; | |
[EN] | (d) dámhachtainí ex-gratia arna gceadú ag an mBord um Shásamh i leith Ospidéal Lourdes faoi théarmaí na Scéime um Shásamh i leith Ospidéal Lourdes 2007; | |
[EN] | (e) dámhachtainí agus íocaíochtaí dá samhail a leagtar amach i rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (7). | |
[EN] | (6) Le linn ioncam comhlán a ríomh chun críocha an ailt seo agus alt 45(5A), ní bharúlfar ioncam i leith maoine (cibé acu áras teaghlaigh, teach saoire nó aon mhaoin eile), mura mbeidh sí ligthe ar cíos, agus ní dhéanfar ach an glanioncam cíosa a áireamh mar ioncam, arna ríomh mar ioncam comhlán, lúide aon chostas a thabhófar de riachtanas agus a bhaineann leis an maoin a ligean ar cíos. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aicme nó aicmí íocaíochtaí nach dtagann faoi réim mhíreanna (a) go (d) d’fho-alt (5) ach ar dóigh leis an Aire go ndéantar iad chun críche den tsamhail chéanna leis na híocaíochtaí a dhéantar faoi na míreanna sin.”. | |
Leasú ar alt 47 d’Acht 1970. |
5 .— Leasaítear alt 47 d’Acht 1970 trí “,45A” a chur isteach i ndiaidh “45”. | |
Leasú ar alt 47A d’Acht 1970. |
6 .— Leasaítear alt 47A d’Acht 1970 trí “,45A” a chur isteach i ndiaidh “45”. | |
Leasú ar alt 49 d’Acht 1970. |
7 .— Leasaítear alt 49 d’Acht 1970— | |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “(1A) Aon duine a bhfuil 70 bliain d’aois slánaithe aige nó aici roimh an 1 Eanáir 2009 agus a bhfuil daingniú faighte aige nó aici roimh an dáta sin ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó a bhfuil cumarsáid i scríbhinn déanta aige nó aici roimh an dáta sin le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte d’fhonn daingniú a fháil uaithi, go bhfuil lán-cháilíocht aige nó aici le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo, déanfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná an 2 Márta 2009— | |
[EN] | (a) athbhreithniú ar a ioncam nó a hioncam comhlán ó gach foinse, seachas na foinsí dá dtagraítear in alt 45A(5), agus | |
[EN] | (b) a chur in iúl d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte má tá sé nó sí tar éis a chinneadh gur mó an t-ioncam sin ná an teorainn ioncaim chomhláin iomchuí atá leagtha amach in alt 45A, mura rud é go bhfuil daingniú faighte ag an duine ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil lán-cháilíocht aige nó aici le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ar shlí seachas faoi alt 45(5A).”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2), trí “nó (1A)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (1)”. |