|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasuithe ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh ) |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme. |
1 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus Codanna 1 agus 2 a léamh le chéile mar aon ní amháin. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna um Chlárú Sibhialta 2004 go 2008 a ghairm de na hAchtanna um Chlárú Sibhialta 2004 agus 2005 agus d’alt 25 le chéile. | |
[EN] | (4) Féadfar Achtanna na bPinsean 1990 go 2008 a ghairm d’Achtanna na bPinsean 1990 go 2008 agus d’alt 24 le chéile. | |
[EN] | (5) Féadfar na hAchtanna um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2000 go 2008 a ghairm de na hAchtanna um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2000 agus 2007 agus de Chuid 4 le chéile. | |
[EN] | (6) Tiocfaidh ailt 8, 22, 24, 26 go 29 agus Cuid 5 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
Mínithe. |
2 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 2007 ” an tAcht Leasa Shóisialaigh 2007; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 2008 ” an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh; | |
[EN] | ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005. |