|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Leasuithe ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh ) | Ar Aghaidh ( CUID 4 Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid ) |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 3 Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna eile | |
Leasuithe ar Acht na bPinsean 1990. |
24 .— Leasaítear Acht na bPinsean 1990— | |
[EN] | (a) in alt 43(1) (arna leasú le halt 37 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007 agus le Cuid 3 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin)— | |
[EN] | (i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ba): | |
[EN] | “(bb) i gcás scéime iomchuí a thosaigh i ndiaidh an 22 Meán Fómhair 2005, tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme na scéime, agus”, | |
[EN] | (ii) i mír (d) (arna leasú le halt 29 d’Acht 2008), trí “scoireann an t-eisiamh d’fheidhm a bheith aige, agus” a chur in ionad “scoireann an t-eisiamh d’fheidhm a bheith aige,”, agus | |
[EN] | (iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d): | |
[EN] | “(e) d’ainneoin mhíreanna (a) agus (b), i gcás gach ceann de na scéimeanna iomchuí seo a leanas: | |
[EN] | (i) Scéim Aoisliúntais Bhord na Móna (Comhaltaí) 1959; | |
[EN] | (ii) Scéim Aoisliúntais Bhord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath d’Fhostaithe Neamhbhuanaithe 1990; | |
[EN] | (iii) Scéim Aoisliúntais Bhord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath d’Oifigigh 1961; | |
[EN] | (iv) Scéim Aoisliúntais Bhord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath d’Fhostaithe Bunaithe Ghrád A; | |
[EN] | (v) Scéim Pinsean Chuideachta Phort Fainge; | |
[EN] | (vi) Plean Aoisliúntais Chuideachta Chalafort Inbhear na Sionainne (Scéim Aoisliúntais Choimisinéirí Chuan Luimnigh d’Oifigigh 1962); | |
[EN] | (vii) Scéim Aoisliúntais Cheantar Píolótaíochta Bhaile Átha Cliath d’Fhostaithe de chuid an Údaráis Píolótaíochta 1994; | |
[EN] | (viii) Plean Pinsean agus Sochar Báis Chuideachta Chalafort Phort Láirge; | |
[EN] | tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2009,”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) in alt 49(3)(b) (arna leasú le halt 37 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007), trí “alt 43(1)(d) nó 43(1)(e)” a chur in ionad “alt 43(1)(d)”. | |
Leasú ar an Acht um Chlárú Sibhialta 2004. |
25 .— Leasaítear alt 66 den Acht um Chlárú Sibhialta 2004 i bhfo-alt (1) trí “leis an Aire agus” a scriosadh. |