An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 1 Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú )

23 2008

An tAcht Leithreasa 2008

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil

Alt 2.

Sceideal de shuimeanna a áirítear i Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht seo, ar suimeanna iad a bhféadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh ina leith, le hordú faoi alt 91 den Acht Airgeadais 2004, go mbeidh siad ar fáil chun a n-úsáide chun slánaithe soláthair sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2009 le haghaidh na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch sna Vótaí agus sna Teidil chomhréire a luaitear i gcolúin (1) agus (2).

Vóta Uimh.

Teideal

Suimeanna dá n-iarchuirtear géilleadh

(1)

(2)

(3)

10

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh seirbhísí atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Oifig an tSoláthair mar chuid de Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais, agus chun deontais áirithe a íoc agus chun caiteachas áirithe i ndáil le faoiseamh tuile a chúiteamh

5,000,000

23

Le haghaidh thuarastail agus chostais an Údaráis Clárúcháin Maoine

350,000

25

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d’Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, seirbhísí uisce, scéimeanna ilghnéitheacha, fóirdheontais agus deontais

6,277,000

30

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

15,500,000

32

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun deontais áirithe a íoc, agus le haghaidh seirbhísí áirithe eile

78,500,000

34

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun fóirdheontais agus deontais áirithe agus deontas-i-gcabhair a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

18,326,000

35

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

1,500,000

36

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh phá agus chostais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

3,000,000

Iomlán Sceideal 2 ...

128,453,000