An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 3 Leasuithe Ilghnéitheacha: Dreasú chun Íoc agus Comhdú go Leictreonach) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 5 Leasuithe Ilghnéitheacha i nDáil le Pionóis)

25 2008

TODO

SCEIDEAL 4

Forálacha a Bhaineann le Cáin a Bhailiú agus a Ghnóthú

Alt 97 .

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997—

(a) i gCaibidil 1 de Chuid 39, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 928:

“Sonraí suimeanna a bheidh le bailiú a tharchur chuig an Ard-Bhailitheoir.

928.— (1) San alt seo—

tá le ‘measúnacht’ agus le ‘oifigeach Ioncaim’, faoi seach, na bríonna céanna atá leo i gCaibidil 1A de Chuid 42;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha, dleacht máil, dleacht stampa, cáin bhronntanais agus cáin oidhreachta.

(2) Tar éis measúnachtaí i leith cánach a bheith déanta, déanfaidh na cigirí nó oifigigh Ioncaim eile sonraí na suimeanna a bheidh le bailiú a tharchur chuig an Ard-Bhailitheoir nó chuig oifigeach Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú i scríbhinn faoi alt 960B chun iad a bhailiú.

(3) Má dhéanann cigire nó oifigeach Ioncaim eile sonraí measúnachta i leith cánach agus sonraí na cánach a mhuirearaítear i measúnacht den sórt sin a thaifeadadh i dtaifead leictreonach, digiteach, maighnéadach, optúil, leictreamhaighnéadach, bithmhéadrach, fótónach nó fótagrafach nó i dtaifead eile as a bhféadfaidh an tArd-Bhailitheoir nó oifigeach Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú i scríbhinn faoi alt 960B na sonraí sin a aisghabháil trí phróiseas leictreonach, digiteach, maighnéadach, optúil, leictreamhaighnéadach, bithmhéadrach, fótónach nó fótagrafach nó trí phróiseas eile, glacfar leis gurb ionann é sin agus tarchur na sonraí sin ag an gcigire nó ag an oifigeach Ioncaim eile chuig an Ard-Bhailitheoir nó chuig an oifigeach Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú i scríbhinn faoi alt 960B.”,

(b) i gCuid 42—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 1:

“Caibidil 1A

Léiriú

Léiriú.

960A.— (1) I gCaibidlí 1A, 1B agus 1C, mura luaitear a mhalairt go sainráite—

ciallaíonn ‘Achtanna’—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) an tAcht Cánach Breisluacha 1972, agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin,

(d) na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus bainistiú na ndleachtanna sin agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear na reachtanna sin,

(e) an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin,

(f) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin,

(g) Codanna 18A agus 18B (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008),

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi aon cheann de na hAchtanna sin;

ciallaíonn ‘measúnacht’ measúnacht i leith cánach arna déanamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna, lena n-áirítear aon mheasúnacht leasaithe, measúnacht bhreise, measúnacht cheartaitheach agus aon mheastachán arna dhéanamh faoi alt 990 nó faoi Rialachán 13 nó 14 de na Rialacháin CCI agus aon mheastachán arna dhéanamh faoi alt 22 den Acht Cánach Breisluacha 1972;

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 983;

tá le ‘mí chánach ioncaim’ an bhrí chéanna atá leis in alt 983;

ciallaíonn ‘Rialacháin ÍMAT’ rialacháin arna ndéanamh faoi alt 986;

ciallaíonn ‘Rialacháin CCI’ na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Iomchuí) 2000 (I.R. Uimh. 71 de 2000);

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha, dleacht máil, dleacht stampa, cáin bhronntanais, cáin oidhreachta nó aon tobhach nó muirear eile a chuirtear faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim agus folaíonn sé—

(a) aon ús, formhuirear nó pionós a bhaineann le haon cháin, dleacht, tobhach nó muirear den sórt sin,

(b) aon aisghlámadh faoisimh nó díolúine a bhaineann le haon cháin, dleacht, tobhach nó muirear den sórt sin, agus

(c) aon suim a cheanglaítear ar aon duine a asbhaint nó a choinneáil siar agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó leis an Ard-Bhailitheoir, de réir mar a bheidh, nó a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim nó chuig an Ard-Bhailitheoir, de réir mar a bheidh, faoi aon fhoráil de na hAchtanna;

ciallaíonn ‘cáin atá dlite agus iníoctha’ cáin atá dlite agus iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchtanna.

Feidhmeanna an Ard-Bhailitheora a chomhlíonadh.

960B.— Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach Ioncaim a ainmniú i scríbhinn chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh ar gníomhartha agus feidhmeanna iad a n-údaraíonn Caibidlí 1B agus 1C don Ard-Bhailitheoir iad a dhéanamh nó a chomhlíonadh, seachas na gníomhartha agus na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (4) d’alt 960N, agus déanfar tagairtí sa Chuid seo do ‘Ard-Bhailitheoir’ a léamh dá réir sin.

Caibidil 1B

Cáin a bhailiú, etc.

Cáin le bheith dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim.

960C.— Beidh cáin atá dlite agus iníoctha faoi na hAchtanna seo dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Cáin le bheith ina fiach atá dlite don Aire Airgeadais.

960D.— Déanfar cáin atá dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim a áireamh mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste.

Cáin a bhailiú, éilimh a eisiúint, etc.

960E.— (1) Déanfar cáin atá dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim de bhua alt 960C a íoc leis an Ard-Bhailitheoir, agus baileoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin sin, lena n-áirítear cáin a mhuirearaítear i ngach measúnacht i leith cánach a mbeidh sonraí maidir leo tugtha don Ard-Bhailitheoir faoi alt 928.

(2) Éileoidh an tArd-Bhailitheoir go n-íocfar cáin atá dlite agus iníoctha ach atá gan íoc ag an duine a bhfuil an cháin sin iníoctha aige nó aici.

(3) I gcás nach n-íoctar cáin de réir an éilimh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), déanfaidh an tArd-Bhailitheoir an cháin atá dlite agus iníoctha ach atá gan íoc ag an duine a bhfuil an cháin sin iníoctha aige nó aici a bhailiú agus a thobhach.

(4) Ar cháin a íoc, féadfaidh an tArd-Bhailitheoir admháil a sholáthar don duine lena mbaineann i leith na híocaíochta sin agus is é a bheidh san admháil sin cibé ceann díobh seo a leanas is cuí leis an Ard-Bhailitheoir, eadhon—

(a) admháil ar leithligh i leith gach íocaíochta den sórt sin, nó

(b) admháil ar gach íocaíocht den sórt sin a rinneadh laistigh den tréimhse a shonraítear san admháil.

Airgead a fhaightear i leith cánach fáltas caipitiúil agus dleachtanna stampa agus nach leithreasaítear le bheith inghnóthaithe.

960F.— (1) Aon duine—

(a) a mbeidh suim airgid faighte aige nó aici i leith cánach bronntanais, cánach oidhreachta nó dleachtanna stampa agus nach n-íocann an tsuim sin leis an Ard-Bhailitheoir, agus

(b) a dhéanann an tsuim airgid sin a choimeád siar nó a choinneáil go míchuí,

beidh sé nó sí cuntasach do na Coimisinéirí Ioncaim as an tsuim sin a íoc go feadh méid na suime a bheidh faighte amhlaidh ag an duine sin.

(2) Déileálfar leis an tsuim airgid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh feidhm ag alt 960I maidir le haon suim den sórt sin amhail is dá mba cháin atá dlite agus iníoctha í.

Dualgas an cháiníocóra dliteanas a shainaithint a bhfuil íocaíocht le fritháireamh ina aghaidh, etc.

960G.— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh gach duine a dhéanann íocaíocht cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim nó leis an Ard-Bhailitheoir an dliteanas cánach ar mian leis nó léi an íocaíocht a fhritháireamh ina aghaidh a shainaithint.

(2) I gcás ina bhfaigheann na Coimisinéirí Ioncaim nó an tArd-Bhailitheoir íocaíocht cánach agus go bhfuil duillín pá, tuairisceán cánach, éileamh cánach nó doiciméad eile arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag an Ard-Bhailitheoir ag gabháil leis an íocaíocht, déileálfar leis an íocaíocht, mura léirítear nó murar léiríodh go soiléir a mhalairt a bheith ar intinn, mar íocaíocht a bhaineann leis an gcáin dá dtagraítear sa doiciméad lena mbaineann.

(3) I gcás ina bhfaigheann na Coimisinéirí Ioncaim nó an tArd-Bhailitheoir íocaíocht ó dhuine agus nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim nó leis an Ard-Bhailitheoir, le réasún, a chinneadh de réir na dtreoracha, más ann, a bhí ag gabháil leis an íocaíocht cé na dliteanais ar mian leis an duine an íocaíocht a fhritháireamh ina n-aghaidh, ansin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó an tArd-Bhailitheoir an íocaíocht a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais atá dlite den duine faoi na hAchtanna.

Fritháireamh idir cánacha.

960H.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘éileamh’ éileamh is bun le haisíocaíocht cánach nó le híocaíocht úis is iníoctha i leith aisíocaíochta den sórt sin, nó is bun le haisíocaíocht agus le híocaíocht den sórt sin, agus folaíonn sé cuid d’éileamh den sórt sin;

ciallaíonn ‘dliteanas’ aon cháin atá dlite agus iníoctha agus atá gan íoc agus folaíonn sé aon cháin a mheastar a bheith dlite agus iníoctha;

ciallaíonn ‘ró-íocaíocht’ íocaíocht nó cur ar aghaidh (lena n-áirítear cuid d’íocaíocht nó de chur ar aghaidh den sórt sin) is mó ná méid an dliteanais ar ina aghaidh a chreidiúnaítear an íocaíocht nó an cur ar aghaidh sin.

(2) I gcás gur deimhin leis an Ard-Bhailitheoir nár chomhlíon duine na hoibleagáidí arna bhforchur ar an duine i ndáil le ceachtar de na nithe seo a leanas nó i ndáil leo araon—

(a) íoc na cánach atá dlite agus iníoctha, agus

(b) seachadadh tuairisceán a cheanglaítear a dhéanamh,

ansin féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, i gcás ina bhfuil aisíocaíocht dlite don duine i leith éilimh nó ró-íocaíochta—

(i) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a), nó ina bhfuil feidhm ag míreanna (a) agus (b), in ionad an aisíocaíocht a dhéanamh, méid na haisíocaíochta a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais, agus

(ii) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b) amháin, déanamh na haisíocaíochta a choimeád siar go dtí cibé tráth a sheachadtar na tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine (dá ngairtear ‘an chéad duine a luaitear’ san fho-alt seo) ceart chun éilimh nó chun ró-íocaíochta a shannadh do dhuine eile (dá ngairtear an ‘dara duine a luaitear’ san fho-alt seo), a aistriú chuige nó chuici nó a dhíol leis nó léi, agus go mbeidh feidhm ag fo-alt (2)(a), ansin, i gcás ina mbeadh aisíocaíocht dlite don chéad duine a luaitear i leith an éilimh nó na ró-íocaíochta mura rud é go ndearna sé nó sí a cheart nó a ceart chun an éilimh nó chun na ró-íocaíochta a shannadh, a aistriú nó a dhíol, déanfaidh an tArd-Bhailitheoir, in ionad an aisíocaíocht a dhéanamh leis an dara duine a luaitear, an t-éileamh nó an ró-íocaíocht sin a fhritháireamh in aghaidh cánach atá dlite den chéad duine sin a luaitear agus iníoctha aige nó aici.

(b) I gcás inar daoine bainteacha iad, de réir bhrí alt 10, an chéad duine a luaitear agus an dara duine a luaitear, ansin déanfar an t-iarmhéid, más ann, den aisíocaíocht dá dtagraítear i mír (a) a fhritháireamh in aghaidh cánach atá dlite agus iníoctha ag an dara duine a luaitear.

(4) I gcás ina ndearna an tArd-Bhailitheoir aisíocaíocht a fhritháireamh nó a choimeád siar de bhua fho-alt (2) nó (3), ansin tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn á rá sin don duine nó do na daoine lena mbaineann agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2)(ii), ní bheidh ús iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchtanna ó dháta an fhógra sin i leith aon aisíocaíochta arna coimeád siar amhlaidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar, leis na rialacháin sin, foráil a dhéanamh maidir le hord tosaíochta na ndliteanas cánach a bhfuil aon éileamh nó ró-íocaíocht le fritháireamh ina n-aghaidh de réir fho-alt (2) nó (3) nó de réir an dá fho-alt sin.

(6) Tá gach rialachán a dhéantar faoin alt seo le leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(7) Beidh éifeacht leis na Rialacháin Chánacha (Aisíocaíochtaí a Fhritháireamh) 2002 (I.R. Uimh. 471 de 2002) amhail is dá mba rud é go ndearnadh iad faoi fho-alt (5) agus gur comhlíonadh fo-alt (6) leo.

Caibidil 1C

Forálacha maidir le gnóthú, rialacha i ndáil le fianaise, etc.

Cáin a ghnóthú ar mhodh imeachtaí sibhialta.

960I.— (1) Gan dochar d’aon mhodh eile trína bhféadfar íoc cánach a fhorfheidhmiú, féadfar agairt a dhéanamh i leith aon chánach atá dlite agus iníoctha nó i leith aon iarmhéid de cháin den sórt sin, agus féadfar an cháin nó an t-iarmhéid sin a ghnóthú, trí imeachtaí arna dtionscnamh ag an Ard-Bhailitheoir in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Féadfar gach ceann nó aon cheann de na méideanna cánach atá dlite d’aon duine amháin a chur san áireamh sa toghairm chéanna.

(3) Maidir leis na rialacha cúirte is infheidhme de thuras na huaire i ndáil le himeachtaí sibhialta a thosaítear le toghairm shibhialta, beidh feidhm acu, a mhéid a bhaineann na himeachtaí le cáin a ghnóthú, maidir le himeachtaí faoin alt seo.

(4) Má ghlactar le páirt-íocaíocht nó le híocaíocht ar cuntas i leith cánach dá dtagraítear i dtoghairm, ní dhéantar dochar dá bharr sin d’imeachtaí chun iarmhéid na cánach atá dlite a ghnóthú agus féadfar an toghairm a leasú dá réir sin.

(5) (a) Féadfar imeachtaí faoin alt seo a thionscnamh chun an méid iomlán a ghnóthú a dhlíonn fostóir, faoi Chaibidil 4 agus faoi Rialacháin ÍMAT, a íoc leis an Ard-Bhailitheoir i leith aon mhíosa cánach ioncaim—

(i) gan idirdhealú a dhéanamh idir na méideanna ar ina leith a dhlíonn an fostóir íoc faoi threoir gach fostaí, agus

(ii) gan na fostaithe atá i gceist a shonrú.

(b) Chun críocha na n-imeachtaí dá dtagraítear i mír (a), is aon chúis caingne aonair amháin nó aon ábhar gearáin amháin an méid iomlán.

(c) Ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo imeachtaí leithleacha a thionscnamh chun gach ceann de na méideanna leithleacha a ghnóthú a dhlíonn an fostóir a íoc faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim agus faoi threoir fhostaithe leithleacha an fhostóra.

(6) Chun críocha fho-alt (5), maidir le haon mhéid cánach—

(a) a dhéantar a mheas faoi alt 989, nó

(b) a dhéantar a mheas faoi alt 990 nó maidir le haon iarmhéid cánach arna mheas amhlaidh ach atá gan íoc,

meastar gur méid cánach é araibh aon duine a bhí ag íoc díolaíochtaí faoi dhliteanas, faoi Chaibidil 4 agus faoi Rialacháin ÍMAT, é a íoc leis an Ard-Bhailitheoir.

Rialacha maidir le fianaise agus nós imeachta.

960J.— (1) In imeachtaí chun cáin a ghnóthú, maidir le deimhniú arna shíniú ag an Ard-Bhailitheoir á rá gur tharla aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas sular tionscnaíodh na himeachtaí:

(a) go ndearnadh an mheasúnacht i leith cánach, más ann, go cuí,

(b) go bhfuil an mheasúnacht, más ann, tagtha chun bheith críochnaitheach agus dochloíte,

(c) go bhfuil an cháin nó aon chuid shonraithe den cháin dlite agus gan íoc,

(d) go ndearnadh éileamh go cuí i leith íoc na cánach,

beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar cibé ní díobh sin atá deimhnithe amhlaidh ag an Ard-Bhailitheoir.

(2) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás cánach lena mbaineann Caibidil 4.

(b) In imeachtaí chun cáin lena mbaineann Caibidil 4 a ghnóthú, maidir le deimhniú arna shíniú ag an Ard-Bhailitheoir á dheimhniú go bhfuil méid sonraithe cánach ioncaim faoi Sceideal E dlite agus gan íoc, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid dlite agus gan íoc amhlaidh.

(3) In imeachtaí chun cáin a ghnóthú, maidir le deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir, ar deimhniú é lena ndeimhnítear na nithe, nó aon cheann de na nithe, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2), féadfar é a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe go cuí ag an duine lena mbaineann.

(4) Má éiríonn díospóid maidir le deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1), (2) nó (3) le linn imeachtaí chun cáin a ghnóthú, féadfaidh an breitheamh na himeachtaí a chur ar atráth chun gur féidir leis an Ard-Bhailitheoir nó leis an oifigeach Ioncaim lena mbaineann freastal agus fianaise ó bhéal a thabhairt sna himeachtaí agus chun gur féidir aon chlár, comhad nó taifead eile a bhaineann leis an gcáin a thabhairt ar aird agus a chur i bhfianaise sna himeachtaí.

Breithiúnais i leith cáin a ghnóthú.

960K.— (1) San alt seo, folaíonn ‘breithiúnas’ aon ordú nó foraithne.

(2) Más rud é, in aon imeachtaí chun cáin a ghnóthú, go ndéantar breithiúnas a thabhairt i gcoinne duine agus go nglactar le suim airgid ón duine ar ina aghaidh nó ina haghaidh a tionscnaíodh na himeachtaí ar suim í ar cuntas nó ar suim í mar pháirt-íocaíocht i leith an méid ar tugadh an breithiúnas ina leith, ansin—

(a) ní hionann an glacadh sin agus ní lena gcoisctear iarmhéid an méid sin atá gan íoc a ghnóthú faoin mbreithiúnas nó ní hionann é agus ní lena ndéantar dochar do ghnóthú an iarmhéid sin faoin mbreithiúnas,

(b) beidh an breithiúnas infhorghníomhaithe agus infhorfheidhmithe i leith an iarmhéid ar mhodh chomh hiomlán i ngach slí, agus leis na meáin chéanna, a bheadh i gceist amhail is dá mba é an t-iarmhéid an méid ar tugadh an breithiúnas ina leith,

(c) maidir leis an dlí a bhaineann le forghníomhú agus forfheidhmiú an bhreithiúnais, beidh feidhm dá réir sin aige maidir leis an iarmhéid, agus

(d) chun an breithiúnas a fhorfheidhmiú agus a fhorghníomhú, maidir le deimhniú arna shíniú ag an Ard-Bhailitheoir ina luaitear méid an iarmhéid, beidh sé ina fhianaise ar mhéid an iarmhéid go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Gnóthú ag an sirriam nó ag an gcláraitheoir contae.

960L.— (1) Más rud é, maidir le haon duine, nach n-íocann sé nó sí aon suim i leith cánach a bhfuil sé nó sí faoi dhliteanas ina leith faoi na hAchtanna, féadfaidh an tArd-Bhailitheoir deimhniú a eisiúint chuig cláraitheoir contae, nó chuig sirriam, an chontae ina bhfuil cónaí ar an duine nó ina bhfuil áit ghnó aige nó aici, ar deimhniú é ina ndeimhnítear an méid atá dlite agus gan íoc agus an duine óna bhfuil an méid sin iníoctha.

(2) (a) Chun críocha an fho-ailt seo—

tá le ‘leictreonach’ an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 agus forléireofar ‘deimhniú leictreonach’ dá réir sin;

folaíonn ‘eisiúint i bhformáid neamhpháipéir’ a bheith eisithe trí mhacasamhail.

(b) Maidir le deimhniú atá le heisiúint ag an Ard-Bhailitheoir faoin alt seo—

(i) féadfar é a eisiúint i bhformáid leictreonach nó i bhformáid eile, agus

(ii) i gcás ina ndéantar an deimhniú a eisiúint i bhformáid neamhpháipéir, féadfaidh an cláraitheoir contae nó an sirriam nó daoine atá údaraithe ag an gcláraitheoir contae nó ag an sirriam chun déanamh amhlaidh, é a atáirgeadh i bhformáid pháipéir.

(c) Maidir le deimhniú arna eisiúint i bhformáid neamhpháipéir de réir mhír (b)—

(i) is deimhniú bailí é chun críocha an ailt seo,

(ii) measfar go ndearna an tArd-Bhailitheoir é, agus

(iii) measfar go ndearnadh é a eisiúint ar an dáta a chuir an tArd-Bhailitheoir faoi deara an deimhniú a eisiúint.

(d) (i) I gcás ina ndéantar deimhniú arna eisiúint ag an Ard-Bhailitheoir a atáirgeadh i bhformáid neamhpháipéir de réir mhír (b)(ii) agus—

(I) i gcás ina bhfuil nóta san áireamh san atáirgeadh, nó ina bhfuil nóta ag gabháil leis an atáirgeadh, ar nóta é á rá gur cóip den deimhniú arna eisiúint amhlaidh é, agus

(II) i gcás ina bhfuil síniú an chláraitheora contae nó an tsirriam nó an duine atá údaraithe faoi mhír (b)(ii) agus dáta an tsínithe sin san áireamh sa nóta,

ansin, chun gach críoch, beidh éifeacht leis an gcóip den deimhniú, mar aon leis an nóta arna shíniú agus arna dhátú amhlaidh, amhail is dá mba é an deimhniú féin é.

(ii) Aon síniú nó dáta atá i nóta ar chóip de dheimhniú nó a chuirtear ag gabháil le deimhniú arna eisiúint i bhformáid neamhpháipéir ag an Ard-Bhailitheoir, agus arna atáirgeadh i bhformáid pháipéir de réir mhír (b)(ii)—

(I) ar nóta é a airbheartaíonn, maidir leis an síniú sin, gurb é síniú an chláraitheora contae nó an tsirriam nó an duine atá údaraithe chun cóip a dhéanamh é, measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é síniú an chláraitheora contae nó an tsirriam nó an duine a bhí údaraithe amhlaidh an tráth ábhartha é, agus

(II) ar nóta é maidir leis an dáta sin, measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith dátaithe go cuí.

(3) (a) A luaithe a fhaigheann an cláraitheoir contae nó an sirriam an deimhniú, rachaidh sé nó sí ar aghaidh chun an méid a ndeimhnítear ina leith sa deimhniú go bhfuil sé gan íoc a thobhach trí urghabháil a dhéanamh ar na hearraí, na hainmhithe nó na hairnéisí eile go léir, nó ar aon chuid de na nithe sin, atá laistigh dá limistéar freagrachta agus ar leis an mainnitheoir iad.

(b) Chun críocha mhír (a), beidh ag an gcláraitheoir contae nó ag an sirriam (i dteannta na gceart, na gcumhachtaí agus na ndualgas a thugtar dó nó di leis an alt seo) na cearta, na cumhachtaí agus na dualgais sin go léir atá dílsithe dó nó di de thuras na huaire le dlí i ndáil le forghníomhú eascaire fieri facias a mhéid nach bhfuil na cearta, na cumhachtaí agus na dualgais sin ar neamhréir leis na cearta breise, na cumhachtaí breise agus na dualgais bhreise a thugtar dó nó di leis an alt seo.

(4) Beidh cláraitheoir contae nó sirriam a bhfuil deimhniú á fhorghníomhú aige nó aici faoin alt seo i dteideal—

(a) más mó ná €19,050 an tsuim a dheimhnítear sa deimhniú, táillí agus caiteachais, arna ríomh de réir na scálaí arna gceapadh ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoi alt 14(1)(a) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire, a mhuirearú i leith na suime sin agus (más cuí) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is é sin le rá, cibé táillí agus caiteachais a mbeadh an cláraitheoir contae nó an sirriam i dteideal iad a mhuirearú i leith na suime sin nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón Ard-Chúirt de réir bhrí ‘ordú feidhmiúcháin’ san Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 (dá ngairtear ‘ordú forghníomhaithe’ san alt seo) an deimhniú,

(b) más mó ná €3,175 ach nach mó ná €19,050 an tsuim dá dtagraítear sa deimhniú mar shuim atá gan íoc, táillí agus caiteachais, arna ríomh de réir na scálaí dá dtagraítear i mír (a), a mhuirearú i leith na suime sin agus (más cuí) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is é sin le rá, cibé táillí agus caiteachais a mbeidh an cláraitheoir contae nó an sirriam i dteideal iad a mhuirearú i leith na suime sin nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Chuarda an deimhniú, agus

(c) más rud é nach mó ná €3,175 an tsuim a ndeimhnítear ina leith sa deimhniú go bhfuil sí gan íoc, cibé táillí agus caiteachais arna ríomh de réir na scálaí dá dtagraítear i mír (a), a mhuirearú i leith na suime sin agus (más cuí) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is é sin le rá, cibé táillí agus caiteachais a mbeadh an cláraitheoir contae nó an sirriam i dteideal iad a mhuirearú i leith na suime sin nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Dúiche an deimhniú.

An tArd-Bhailitheoir do thionscnamh imeachtaí i bhféimheacht.

960M.— (1) Féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, ina ainm féin nó ina hainm féin, iarratas a dhéanamh chun toghairm féimheachta a dheonú faoi alt 8 den Acht Féimheachta 1988 nó féadfaidh sé nó sí achainí a thíolacadh le haghaidh breithniú faoi alt 11 den Acht sin i leith cánach (seachas cáin chorparáide) atá dlite agus iníoctha nó i leith aon iarmhéid cánach den sórt sin.

(2) Faoi réir an ailt seo, maidir leis na rialacha cúirte is infheidhme de thuras na huaire, agus na hachtacháin a bhaineann le féimheacht, beidh feidhm acu maidir le himeachtaí faoin altseo.

Imeachtaí ar feitheamh agus fianaise in imeachtaí a choimeád ar marthain.

960N.— (1) I gcás ina mbeidh an tArd-Bhailitheoir tar éis imeachtaí a thionscnamh faoi alt 960I(1) nó 960M(1) chun cáin nó aon iarmhéid cánach a ghnóthú agus, le linn na himeachtaí sin a bheith ar feitheamh, go scoirfidh an tArd-Bhailitheoir sin ar aon chúis den oifig sin a shealbhú, féadfaidh aon duine (dá ngairtear an ‘comharba’ san alt seo), arna cheapadh nó arna ceapadh go cuí chun an cháin sin a bhailiú i gcomharbas ar an Ard-Bhailitheoir sin nó ar aon Ard-Bhailitheoir ina dhiaidh nó ina diaidh sin, na himeachtaí a choimeád ar marthain in ainm an Ard-Bhailitheora sin.

(2) In aon chás lena mbaineann fo-alt (1), cuirfidh an comharba in iúl don duine nó do na daoine ar ina aghaidh nó ina haghaidh nó ina n-aghaidh atá na himeachtaí dlíthiúla lena mbaineann ar feitheamh go mbeidh na himeachtaí sin á gcoimeád ar marthain amhlaidh agus, ar an bhfógra sin a sheirbheáil, d’ainneoin aon rialach cúirte, ní gá don chomharba ordú cúirte a fháil lena ndéantar é nó í a chur in ionad an duine a thionscain na himeachtaí nó a choimeád ar marthain iad.

(3) Féadfaidh comharba aon mhionnscríbhinn atá le déanamh, nó aon mhionn atá le tabhairt, ag Ard-Bhailitheoir chun críocha an Judgment Mortgage (Ireland) Act 1850 nó an Judgment Mortgage (Ireland) Act 1858, a dhéanamh nó a thabhairt.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an tArd-Bhailitheoir arna cheapadh nó arna ceapadh go cuí chun cáin a bhailiú i gcomharbas ar Ard-Bhailitheoir eile imeachtaí a thionscnamh nó choimeád ar marthain faoi alt 960I(1) nó 960M(1) chun cáin nó aon iarmhéid cánach a ghnóthú, ansin, chun críocha na n-imeachtaí, measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, maidir leis an duine arna cheapadh nó arna ceapadh roimhe sin, gur scoir sé nó sí de bheith ina Ard-Bhailitheoir nó ina hArd-Bhailitheoir arna cheapadh nó arna ceapadh chun an cháin a bhailiú.

(5) Más rud é go mbeidh oifigeach Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú de réir alt 960B tar éis imeachtaí a thionscnamh faoi alt 960I(1) nó 960M(1) chun cáin nó an t-iarmhéid cánach a ghnóthú, agus le linn na himeachtaí sin a bheith ar feitheamh, go bhfaigheann an t-oifigeach sin bás nó go scoireann sé nó sí ar aon chúis de bheith ina oifigeach Ioncaim nó ina hoifigeach Ioncaim—

(a) scoirfidh ceart an oifigigh sin chun imeachtaí a choimeád ar marthain agus dílseoidh an ceart chun imeachtaí a choimeád ar marthain do cibé oifigeach eile a bheidh ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) i gcás an t-oifigeach eile sin a bheith arna ainmniú nó arna hainmniú, beidh sé nó sí i dteideal dá réir sin go ndéanfar é nó í a chur in ionad an oifigigh chéadluaite mar pháirtí sna himeachtaí, agus

(c) i gcás oifigeach a bheith arna chur nó arna cur amhlaidh in ionad oifigigh eile, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don chosantóir á rá go ndearnadh an cur in ionad sin.

(6) In imeachtaí faoi alt 960I(1) nó 960M(1) arna dtionscnamh ag oifigeach Ioncaim a bheidh ainmnithe de réir alt 960B, maidir le deimhniú a bheidh sínithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ina ndeimhnítear na fíorais seo a leanas—

(a) gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine,

(b) go bhfuil sé nó sí ainmnithe acu de réir alt 960B, agus

(c) go bhfuil sé nó sí ainmnithe acu de réir fho-alt (5)(a),

is fianaise é, mura gcruthaítear a mhalairt, ar na fíorais sin.

(7) In imeachtaí faoi alt 960I(1) nó 960M(1) arna dtionscnamh ag oifigeach Ioncaim a bheidh ainmnithe de réir alt 960B, maidir le deimhniú a bheidh sínithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ina ndeimhnítear na fíorais seo a leanas—

(a) gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú acu de réir alt 960B,

(b) gur oifigeach Ioncaim duine eile,

(c) go bhfuil an duine eile sin ainmnithe acu de réir alt 960B, agus

(d) go bhfuil an duine eile sin ainmnithe acu chun imeachtaí a thionscnamh chun cáin a ghnóthú,

is fianaise é, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, ar na fíorais sin.

Foirceannadh cuideachtaí: tosaíocht do chánacha.

960O.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘Acht 1963’ Acht na gCuideachtaí 1963;

ciallaíonn ‘Acht 1972’ an tAcht Cánach Breisluacha 1972;

tá le ‘dáta iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 285 d’Acht 1963;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’—

(a) i mír (a)(i) d’fho-alt (4) agus i míreanna (b) agus (c) den fho-alt sin, an tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta atá 14 lá tar éis dheireadh na míosa cánach ioncaim ina raibh an dáta iomchuí;

(b) i bhfomhíreanna (ii) go (v) d’fho-alt (4)(a), an tréimhse 12 mhí dá dtagraítear san fho-alt iomchuí;

ciallaíonn ‘fo-alt iomchuí’ fo-alt (2)(a)(iii) d’alt 285 d’Acht 1963.

(2) Chun críocha alt 98 d’Acht 1963 agus an fho-ailt iomchuí, measfar cáin chorparáide agus cáin ghnóchan caipitiúil a bheith san áireamh sa mhéid dá dtagraítear san fho-alt iomchuí.

(3) (a) Aon cháin bhreisluacha, lena n-áirítear ús is iníoctha ar an gcáin bhreisluacha sin de réir alt 21 d’Acht 1972, ar cáin í a mbeidh cuideachta faoi dhliteanas ina leith do thréimhsí inchánach (de réir bhrí an Achta sin), ar tréimhsí iad ar tháinig deireadh leo laistigh den tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí, tá sí le háireamh ar na fiacha a bheidh le híoc faoi alt 285 d’Acht 1963 i dtosaíocht ar gach fiach eile le linn fhoirceannadh na cuideachta.

(b) Chun críocha alt 98 d’Acht 1963, meastar mír (a) a bheith san áireamh in alt 285 den Acht sin.

(4) (a) Chun críocha alt 98 d’Acht 1963 agus an fho-ailt iomchuí, meastar go bhfuil na méideanna seo a leanas san áireamh sa mhéid dá dtagraítear san fho-alt iomchuí—

(i) cibé méid de dhliteanas ÍMAT fostóra údaraithe atá gan íoc,

(ii) méideanna cánach arna n-asbhaint faoi alt 531(1), ar méideanna iad a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach sa tréimhse iomchuí,

(iii) méideanna cánach is inghnóthaithe faoi Rialachán 14 de na Rialacháin CCI a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach sa tréimhse iomchuí,

(iv) méideanna cánach a bhfuil feidhm ag alt 989 maidir leo agus a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach sa tréimhse iomchuí,

(v) méideanna cánach a bhfuil feidhm ag alt 990 maidir leo agus a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach sa tréimhse iomchuí.

(b) I gcás aon mhéid dá dtagraítear i bhfomhíreanna (ii) go (v) de mhír (a) do thréimhse atá go páirteach sa tréimhse iomchuí agus go páirteach lasmuigh di, tá an tsuim iomlán nó an méid iomlán le cionroinnt de réir fhad na dtréimhsí faoi seach atá sa tréimhse iomchuí agus lasmuigh den tréimhse sin ionas go ndéanfar an méid cánach a bhaineann leis an tréimhse iomchuí a chinneadh.

(c) Chun críocha mhír (a)(i), ciallaíonn ‘dliteanas ÍMAT fostóra údaraithe’, i ndáil le fostóir arna údarú nó arna húdarú faoi Rialachán 29 de Rialacháin ÍMAT, an méid a chinntear de réir na foirmle—

(A + B — C) + D

más rud é—

gurb é A aon mhéid arb é a bheadh ann, ar leith ó Rialachán 29 de Rialacháin ÍMAT, méid a bheadh, thairis sin, dlite ar an dáta iomchuí i leith suimeanna a dhlíonn an fostóir, faoi Chaibidil 4 agus faoi Rialacháin ÍMAT (seachas Rialachán 29 de na Rialacháin sin) a asbhaint as díolaíochtaí a d’íoc an fostóir le linn na tréimhse iomchuí,

gurb é B aon mhéid arb é a bheadh ann, ar leith ó Rialachán 29 de Rialacháin ÍMAT, méid a bheadh, thairis sin, dlite ar an dáta iomchuí i leith suimeanna nár asbhaineadh amhlaidh ach a dhligh an fostóir, de réir alt 985A agus aon rialachán faoin alt sin, a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir i leith íocaíochtaí barúlacha arna ndéanamh ag an bhfostóir le linn na tréimhse iomchuí,

gurb é C aon mhéid a dhligh an fostóir, faoi Chaibidil 4 agus faoi Rialacháin ÍMAT, a aisíoc le linn na tréimhse iomchuí, agus

gurb é D aon ús is iníoctha faoi alt 991 i leith na méideanna dá dtagraítear i mbríonna A agus B.

Féimheacht: tosaíocht do chánacha.

960P.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘Acht 1972’ an tAcht Cánach Breisluacha 1972;

ciallaíonn ‘Acht 1988’ an tAcht Féimheachta 1988;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le maoin féimhigh a dháileadh, féichiúnaí comhshocraíochta nó duine a fhaigheann bás agus é nó í dócmhainneach, an tréimhse 12 mhí roimh an dáta a rinneadh an t-ordú chun an duine a bhreithniú ina fhéimheach nó ina féimheach, a comhdaíodh achainí chomhshocraíochta an duine mar fhéichiúnaí nó, de réir mar a bheidh, a fuair an duine bás agus é nó í dócmhainneach.

(2) Chun críocha fho-alt (1)(a) d’alt 81 d’Acht 1988, meastar cáin ghnóchan caipitiúil a bheith san áireamh sa mhéid dá dtagraítear san fho-alt sin.

(3) Maidir leis an tosaíocht a ghabhann leis na cánacha lena mbaineann alt 81 d’Acht 1988, beidh feidhm aici freisin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) aon cháin bhreisluacha, lena n-áirítear ús is iníoctha ar cháin bhreisluacha de réir alt 21 d’Acht 1972, a bhfuil duine faoi dhliteanas ina leith do thréimhsí inchánach (de réir bhrí an Achta sin) a chríochnaigh laistigh den tréimhse iomchuí,

(b) cibé méid de dhliteanas ÍMAT fostóra atá gan íoc don tréimhse iomchuí,

(c) méideanna cánach a asbhaineadh faoi alt 531(1) agus a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse iomchuí,

(d) méideanna cánach is inghnóthaithe faoi Rialachán 14 de na Rialacháin CCI agus a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse iomchuí,

(e) méideanna cánach lena mbaineann alt 989 agus a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse iomchuí,

(f) méideanna cánach lena mbaineann alt 990 agus a bhaineann le tréimhse nó le tréimhsí atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse iomchuí.

(4) I gcás aon mhéid dá dtagraítear i míreanna (c) go (f) d’fho-alt (3) do thréimhse atá go páirteach laistigh den tréimhse iomchuí agus go páirteach lasmuigh di, tá an tsuim nó an méid iomlán le cionroinnt de réir fhad na dtréimhsí, faoi seach, atá laistigh den tréimhse iomchuí agus lasmuigh den tréimhse sin chun an méid cánach a bhaineann leis an tréimhse iomchuí a chinneadh.

(5) I bhfo-alt (3)(b), ciallaíonn ‘dliteanas ÍMAT fostóra don tréimhse iomchuí’ an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(A + B — C) + D

más rud é—

gurb é A na suimeanna go léir a dhligh fostóir, faoi Chaibidil 4 agus faoi Rialacháin ÍMAT, a asbhaint as díolaíochtaí a d’íoc an fostóir le linn na tréimhse iomchuí,

gurb é B na suimeanna go léir nár asbhaineadh amhlaidh ach a dhligh fostóir, de réir alt 985A agus rialachán faoin alt sin, a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir i leith íocaíochtaí barúlacha a rinne an fostóir le linn na tréimhse iomchuí,

gurb é C aon mhéideanna a dhligh an fostóir, faoi Chaibidil 4 agus faoi Rialacháin ÍMAT, a aisíoc le linn na tréimhse iomchuí, agus

gurb é D aon ús is iníoctha faoi alt 991 i leith na suimeanna dá dtagraítear i mbríonna A agus B.”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 980(8A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2000):

“(8B) Beidh feidhm ag fo-alt (8) maidir le cáin chorparáide mar atá feidhm aige maidir cáin ghnóchan caipitiúil, agus beidh feidhm, dá réir sin, ag tagairtí do cháin ghnóchan caipitiúil san alt sin amhail is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do cháin chorparáide.”,

agus

(iii) in alt 981, trí “nó an cháin chorparáide, de réir mar a bheidh,” a chur isteach i ndiaidh “an cháin ghnóchan caipitiúil”.

2. Déantar gach achtachán (dá ngairtear “na hachtacháin aisghairthe” sa Sceideal seo) a luaitear sa dara colún de Chuid 1 den Tábla a ghabhann leis an Sceideal seo a aisghairm a mhéid a shonraítear os coinne an lua sin sa tríú colún den Chuid sin.

3. Beidh éifeacht le Cuid 2 den Tábla a ghabhann leis an Sceideal seo, lena ndéantar foráil maidir le leasuithe ar achtacháin eile de dhroim an Sceideal seo a theacht in éifeacht.

4. Maidir le haon tagairt, cibé acu sainráite nó intuigthe, in aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear na hachtacháin aisghairthe agus achtacháin arna rith nó doiciméid arna ndéanamh tar éis an Sceideal seo a theacht in éifeacht), ar tagairt í—

(a) d’aon fhoráil de na hachtacháin aisghairthe, nó

(b) do nithe a rinneadh, nó atá le déanamh, faoi na hachtacháin aisghairthe nó chun críocha aon fhorála de na hachtacháin aisghairthe,

déanfar í a fhorléiriú, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn cineál na tagartha é, mar thagairt a fholaíonn, i ndáil leis na tráthanna, na blianta nó na tréimhsí, na himthosca nó na críocha a bhfuil feidhm ag an bhforáil chomhréire den Sceideal seo i ndáil leo, tagairt don fhoráil chomhréire, nó, de réir mar a bheidh, do nithe a rinneadh nó a mheastar a rinneadh, nó atá le déanamh, faoin bhforáil chomhréire nó chun críocha na forála comhréire.

5. Gach doiciméad arna dhéanamh nó arna eisiúint faoi achtachán aisghairthe agus atá i bhfeidhm díreach roimh an Sceideal seo a theacht in éifeacht, leanfaidh siad i bhfeidhm amhail is dá mba rud é go ndearnadh nó gur eisíodh iad faoin bhforáil a cuireadh isteach san Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 leis an Sceideal seo agus atá ar comhréir leis an achtachán aisghairthe.

6. Tiocfaidh an Sceideal seo in éifeacht agus beidh feidhm aige maidir le haon cháin a thagann chun bheith dlite agus iníoctha an 1 Márta 2009 nó dá éis.

AN TÁBLA

CUID 1

AISGHAIRM

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 22 de 1972 .

An tAcht Cánach Breisluacha 1972.

In alt 22(2)(c) “, faoi réir mhír (d),” a scriosadh.

Alt 22(2)(d).

Ailt 24 agus 42.

Uimh. 16 de 1976 .

An tAcht Airgeadais 1976.

Alt 62.

Uimh. 39 de 1997.

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

In alt 959(6) “976,” a scriosadh.

Ailt 851(2), 961, 962, 963, 964, 965, 966, 967, 968, 970, 971, 972, 973, 974, 975, 976, 982, 993, 994, 995, 998, 999, 1000, 1006A agus 1006B.

Uimh. 31 de 1999.

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

In alt 2(4) na focail i ndiaidh “an dleacht stampa bhreise,” a scriosadh agus “agus aon phionós a bhaineann le haon dleacht den sórt sin, a íoc” a chur ina n-ionad.

In alt 5(4) “(ar ús é is inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht é)”.

Alt 14(5).

Alt 15(4).

Alt 16(5).

In alt 87(3) “, inghnóthaithe ón iasachtaí stoic mar fhiach atá dlite don Aire chun sochair don Phríomh-Chiste” a scriosadh.

In alt 87A(4) “, inghnóthaithe ón gceannaitheoir athshealbhaithe mar fhiach atá dlite don Aire chun sochair don Phríomh-Chiste”.

In ailt 123(7), 123A(7), 123B(7), 123C(8), 124(5)(b) agus 124A(8) “ agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós”.

I bhfo-alt (4) d’alt 126B na focail go léir ó “agus measfar gur fiach a bheith dlite” go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh.

Alt 126B(10).

Ailt 132, 134, 138 agus 159.

Uimh. 5 de 2001.

An tAcht Airgeadais 2001.

Fo-ailt (1A) agus (2)(c) d’alt 103 agus fo-alt (2) d’alt 124A.

Uimh. 5 de 2002.

An tAcht Airgeadais 2002.

Alt 75.

Uimh. 1 de 2003.

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Fo-ailt (1) agus (2) d’alt 61, fo-ailt (1) agus (2) d’alt 63 agus ailt 64 agus 65.

I bhfo-ailt (3) agus (4) d’alt 63 na focail “an tArd-Aighne nó an tAire Airgeadais nó”.

CUID 2

LEASUITHE IARMHARTACHA

Cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil agus nithe gaolmhara

Achtachán a leasaítear

Focail nó tagairtí atá le hionadú

Focail nó tagairtí atá le cur isteach

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997:

Míreanna (a) agus (b) d’alt 933 (9)

alt 962

alt 960L

Alt 985A(4)

na Coimisinéirí Ioncaim

an Ard-Bhailitheoir

Alt 989(3)(d)

alt 962

alt 960L

Alt 990(1A)(c)

alt 962

alt 960L

Alt 1006(1), sna mínithe ar “deimhniú” agus “táillí”

alt 962

alt 960L

Alt 1083

976(2)

do Chaibidlí 1B agus 1C de Chuid 42