An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 4 Forálacha a Bhaineann le Cáin a Bhailiú agus a Ghnóthú) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 6 Leasuithe Ilghnéitheacha Teicniúla i nDáil le Cáin)

25 2008

TODO

SCEIDEAL 5

Leasuithe Ilghnéitheacha i nDáil le Pionóis

Alt 98 .

CUID 1

Leasú ar Chuid 47 maidir le Pionóis

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 i gCuid 47 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 3:

“Caibidil 3A

Pionóis a Chinneadh agus Pionóis a Ghnóthú

Léiriú (Caibidil 3A).

1077A.— Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘na hAchtanna’—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) Codanna 18A agus 18B,

(d) an tAcht Cánach Breisluacha 1972, agus na hachtacháin lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(e) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus na hachtacháin lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(f) an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999, agus na hachtacháin lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(g) na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

agus aon ionstraim arna déanamh fúthu sin agus aon ionstraim arna déanamh faoi aon achtachán eile a bhaineann le cáin;

ciallaíonn ‘cúirt iomchuí’ an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt, de réir mar is cuí, faoi threoir na dteorainneacha dlínsiúla i gcomhair nithe sibhialta atá arna leagan síos san Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924, arna leasú, agus in Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, arna leasú;

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim,

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Fógraí i dtaobh pionós agus cinntí.

1077B.— (1) Más rud é—

(a) in éagmais aon chomhaontaithe idir duine agus oifigeach Ioncaim á rá go ndlitear pionós a chur ar an duine faoi na hAchtanna, nó

(b) tar éis mainneachtain ag an duine pionós a íoc, ar pionós é ar chomhaontaigh an duine go bhfuil dliteanas air nó uirthi é a íoc,

gurb é tuairim oifigigh Ioncaim go ndlitear pionós a chur ar an duine faoi na hAchtanna, ansin tabharfaidh an t-oifigeach sin fógra i scríbhinn don duine agus sainaithneofar na nithe seo a leanas san fhógra sin—

(i) na forálacha de na hAchtanna faoinar éirigh an pionós,

(ii) na himthosca ina ndlitear an pionós a chur ar an duine sin, agus

(iii) méid an phionóis a dhlitear a chur ar an duine sin,

agus beidh cibé sonraí eile ann a mheasfaidh an t-oifigeach Ioncaim is gá.

(2) Féadfaidh oifigeach Ioncaim, aon tráth, tuairim go ndlitear pionós a chur ar dhuine faoi na hAchtanna a leasú agus tabharfaidh sé nó sí fógra cuí faoin tuairim leasaithe sin sa tslí chéanna leis an bhfógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) I gcás nach ndéanfaidh duine a n-eisítear fógra chuige nó chuici faoi fho-alt (1) nó (2), laistigh de 30 lá tar éis dháta an fhógra sin—

(a) comhaontú i scríbhinn leis an tuairim nó leis an tuairim leasaithe atá san fhógra sin, agus

(b) méid an phionóis a shonraítear san fhógra sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim,

ansin féadfaidh oifigeach Ioncaim iarratas a dhéanamh chuig cúirt iomchuí maidir leis na nithe seo a leanas ar thaobh an duine ar ina leith a dhéanann an t-oifigeach Ioncaim an t-iarratas—

(i) aon ghníomh, easpa gnímh, neamhghníomh nó mainneachtain dá chuid nó dá cuid, nó

(ii) aon éileamh, aighneacht nó seachadadh uaidh nó uaithi,

ar iarratas é chun na cúirte sin cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndlitear pionós faoi na hAchtanna a chur ar an duine sin mar gheall ar na nithe sin.

(4) Déanfar cóip d’aon iarratas chuig cúirt iomchuí chun cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) a eisiúint chuig an duine lena mbaineann an t-iarratas.

(5) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh as a n-éiríonn dliteanas i leith pionóis faoi na hAchtanna cibé acu a éiríonn sé roimh an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith, nó ar dháta rite an Achta sin nó dá éis sin, ach ní bheidh feidhm aige maidir le pionós arna íoc, nó maidir le méideanna arna n-íoc, i leith pionóis, roimh an Acht sin a rith.

Pionóis a ghnóthú.

1077C.— (1) I gcás cinneadh a bheith déanta ag cúirt iomchuí á rá go ndlitear pionós a chur ar dhuine—

(a) déanfaidh an chúirt sin ordú freisin maidir le gnóthú an phionóis sin, agus

(b) gan dochar d’aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar an pionós sin a bhailiú agus a ghnóthú sa tslí chéanna le méid cánach.

(2) I gcás ina ndlitear pionós a chur ar dhuine faoi na hAchtanna, tá an pionós sin dlite agus iníoctha ón dáta—

(a) a comhaontaíodh i scríbhinn (nó a comhaontaíodh i scríbhinn thar ceann an duine sin) go ndlitear an pionós sin a chur ar an duine,

(b) a chomhaontaigh nó a gheall na Coimisinéirí Ioncaim glacadh le suim shonraithe airgid sna himthosca a luaitear i mír (c) nó (d) d’alt 1086(2) ón bpearsa aonair sin, nó

(c) a chinneann cúirt iomchuí go ndlitear an pionós sin a chur ar an duine.

(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh as a n-éiríonn dliteanas i leith pionóis faoi na hAchtanna cibé acu a éiríonn sé roimh an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith nó ar dháta rite an Achta sin nó dá éis sin.

Imeachtaí i gcoinne seiceadóra, riarthóra nó eastáit.

1077D.— (1) Más rud é, roimh bhás pearsan aonair—

(a) gur chomhaontaigh an phearsa aonair sin i scríbhinn (nó gur comhaontaíodh i scríbhinn thar a cheann nó thar a ceann) gur dlíodh pionós a chur air nó uirthi faoi na hAchtanna,

(b) gur chomhaontaigh an phearsa aonair sin i scríbhinn le tuairim nó tuairim leasaithe de chuid oifigigh Ioncaim gur dlíodh pionós a chur air nó uirthi faoi na hAchtanna (nó gur comhaontaíodh an tuairim nó an tuairim leasaithe sin i scríbhinn thar a cheann nó thar a ceann),

(c) gur chomhaontaigh nó gur gheall na Coimisinéirí Ioncaim glacadh le suim shonraithe airgid sna himthosca a luaitear i mír (c) nó (d) d’alt 1086(2) ón bpearsa aonair sin, nó

(d) gur chinn cúirt iomchuí gur dlíodh pionós a chur ar an bpearsa aonair faoi na hAchtanna,

ansin beidh an pionós dlite agus iníoctha agus, faoi réir fho-alt (2), féadfar aon imeachtaí chun an pionós sin a ghnóthú faoi na hAchtanna a bheidh tionscanta, nó a d’fhéadfaí a thionscnamh, i gcoinne na pearsan aonair sin, a choimeád ar marthain nó a thionscnamh i gcoinne a sheiceadóra nó a seiceadóra, a riarthóra nó a eastáit nó a heastáit, de réir mar a bheidh, agus beidh aon phionós a dhámhfar in imeachtaí arna gcoimeád ar marthain nó arna dtionscnamh amhlaidh ina fhiach atá dlite agus iníoctha as a eastát nó a heastát.

(2) Ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh de bhua fho-alt (1) i gcoinne seiceadóra nó riarthóra duine tráth nach bhfuil an seiceadóir nó an riarthóir sin, de bhua fho-alt (2) d’alt 1048, inmheasúnaithe agus inmhuirearaithe faoin alt sin i leith cánach ar bhrabúis nó ar ghnóchain a d’éirigh nó a d’fhabhraigh chun an duine roimh a bhás nó a bás.

Caibidil 3B

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil: Pionóis mar gheall ar thuairisceáin bhréagacha, etc.

Pionós mar gheall ar thuairisceáin mhíchruinne, etc., a dhéanamh d’aon turas nó go míchúramach.

1077E.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘na hAchtanna’ na hAchtanna Cánach, na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus Codanna 18A agus 18B den Acht seo;

ciallaíonn ‘go míchúramach’ mainneachtain cúram réasúnach a ghlacadh;

ciallaíonn ‘dliteanas i leith cánach’ dliteanas i leith mhéid na difríochta a shonraítear i bhfo-alt (11) nó (12) agus a éiríonn as aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (2), (3), (5) nó (6);

ciallaíonn ‘tréimhse’ bliain mheasúnachta nó tréimhse chuntasaíochta, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach spreagtha’, i ndáil le duine, nochtadh cáilitheach a rinneadh do na Coimisinéirí Ioncaim nó d’oifigeach Ioncaim sa tréimhse idir—

(a) an dáta a thugann oifigeach Ioncaim fógra don duine faoin dáta a thosófar ar imscrúdú nó ar fhiosrúchán faoi aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, agus

(b) an dáta a thosaítear ar an imscrúdú nó ar an bhfiosrúchán;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach’, i ndáil le duine—

(a) i ndáil le pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (4), nochtadh gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur nochtadh faisnéise iomláine i ndáil leis na nithe uile agus le sonraí iomlána na nithe sin is cionsiocair le dliteanas cánach as a dtagann pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (4), agus le sonraí iomlána na nithe sin is cionsiocair le haon dliteanas cánach nó dleachta as a dtagann pionós dá dtagraítear in alt 27A(4) den Acht Cánach Breisluacha 1972, in alt 134A(2) den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus i bhfeidhmiú fho-alt (4) maidir leis an Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus

(b) i ndáil le pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (7), nochtadh gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur nochtadh faisnéise iomláine i ndáil leis na nithe uile agus le sonraí iomlána na nithe uile is cionsiocair le dliteanas cánach as a dtagann pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (7) don tréimhse iomchuí faoi cibé de na hAchtanna lena mbaineann an nochtadh,

arna dhéanamh i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim nó chun oifigigh Ioncaim agus arna shíniú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin agus lena ngabhann—

(i) dearbhú, de réir mar is fearr is eol don duine sin, a cuireadh i bhfios don duine sin agus a chreideann an duine sin, arna dhéanamh i scríbhinn go bhfuil gach ní atá sa nochtadh ceart iomlán, agus

(ii) íocaíocht ar an gcáin nó ar an dleacht, nó orthu araon, is iníoctha i leith aon ní atá sa nochtadh agus an úis ar íoc déanach na cánach agus na dleachta sin.

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, tobhach ioncaim nó tobhach loctha;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach neamhspreagtha’, i ndáil le duine, nochtadh cáilitheach ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith gur tugadh dóibh é go deonach—

(a) sular thosaigh siad féin, nó sular thosaigh oifigeach Ioncaim, imscrúdú nó fiosrúchán i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, nó

(b) i gcás oifigeach Ioncaim do thabhairt fógra don duine faoin dáta a thosóidh imscrúdú nó fiosrúchán i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, roimh an bhfógra sin.

(2) I gcás go ndéanann aon duine—

(a) aon tuairisceán nó ráiteas a sheachadadh is tuairisceán nó ráiteas míchruinn de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 de Sceideal 29 agus ina bhfuil ráiteas atá easnamhach, d’aon turas, maidir le hioncam, brabúis nó gnóchain nó ina bhfuil éileamh atá bréagach nó áibhéalach, d’aon turas, i dtaca le haon liúntas, asbhaint, faoiseamh nó creidmheas,

(b) aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú atá míchruinn i dtaca le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint, faoiseamh nó creidmheas agus an méid sin a dhéanamh d’aon turas,

(c) aon chuntais mhíchruinne a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, na gCoimisinéirí Achomhairc nó oifigigh Ioncaim ar cuntais iad ina bhfuil ráiteas atá easnamhach, d’aon turas, maidir le hioncam, brabúis nó gnóchain nó ina bhfuil ráiteas áibhéalach, d’aon turas, maidir le haon éileamh i dtaca le haon liúntas, asbhaint, faoiseamh nó creidmheas,

dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(3) I gcás ina mainníonn aon duine, d’aon turas, déanamh de réir ceanglais tuairisceán nó ráiteas de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 de Sceideal 29 a sheachadadh, dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(4) Maidir leis an bpionós dá dtagraítear—

(a) i bhfo-alt (2), is é a bheidh ann ná an méid a shonraítear i bhfo-alt (11), agus

(b) i bhfo-alt (3), is é a bheidh ann ná an méid a shonraítear i bhfo-alt (12),

agus, i gcás inar chomhoibrigh an duine, a ndlitear an pionós a chur air nó uirthi, go hiomlán le haon imscrúdú nó fiosrúchán arna thosú ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag oifigeach Ioncaim faoi aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, laghdófar an méid sin—

(i) go dtí 75 faoin gcéad den mhéid sin i gcás nach bhfuil feidhm ag fomhír (ii) nó (iii),

(ii) go dtí 50 faoin gcéad den mhéid sin i gcás ina ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach spreagtha, nó

(iii) go dtí 10 faoin gcéad den mhéid sin i gcás ina ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach neamhspreaghta.

(5) I gcás ina ndéanann aon duine na nithe seo a leanas go míchúramach ach ní d’aon turas—

(a) aon tuairisceán nó ráiteas míchruinn a sheachadadh de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 de Sceideal 29,

(b) aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú míchruinn i dtaca le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint, faoiseamh nó creidmheas, nó

(c) aon chuntais mhíchruinne a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, na gCoimisinéirí Achomhairc nó oifigigh Ioncaim, ar cuntais iad ina bhfuil ráiteas easnamhach, d’aon turas, maidir le hioncam, brabúis nó gnóchain nó ina bhfuil ráiteas atá áibhéalach, d’aon turas, maidir le haon éilimh i dtaca le haon liúntas, asbhaint, faoiseamh nó creidmheas,

dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(6) I gcás ina mainníonn aon duine, go míchúramach ach ní d’aon turas, déanamh de réir ceanglais tuairisceán nó ráiteas de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 de Sceideal 29 a sheachadadh, dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(7) (a) Maidir leis an bpionós dá dtagraítear—

(i) i bhfo-alt (5), is é a bheidh ann ná an méid a shonraítear i bhfo-alt (11), agus

(ii) i bhfo-alt (6), is é a bheidh ann ná an méid a shonraítear i bhfo-alt (12),

agus, i gcásanna ina bhfuil feidhm ag an mbreis dá dtagraítear i bhfomhír (I) de mhír (b), laghdófar an méid sin go dtí 40 faoin gcéad agus laghdófar é go dtí 20 faoin gcéad i gcásanna eile.

(b) I gcás gur chomhoibrigh duine, a ndlitear pionós a chur air nó uirthi, go hiomlán le haon imscrúdú nó fiosrúchán arna thosú ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag oifigeach Ioncaim faoi aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, is é a bheidh sa phionós dá dtagraítear—

(i) i bhfo-alt (5), an méid a shonraítear i bhfo-alt (11), agus

(ii) i bhfo-alt (6), an méid a shonraítear i bhfo-alt (12),

arna laghdú—

(I) i gcás gur mó an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (11) nó i bhfo-alt (12), de réir mar a bheidh, ná 15 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (11) nó i mír (b) d’fho-alt (12), go dtí na céatadáin seo a leanas—

(A) 30 faoin gcéad den difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (11) nó, de réir mar a bheidh, i bhfo-alt (12) (dá ngairtear ‘an méid sin’ i gclásail (B) agus (C)), i gcás nach bhfuil feidhm ag clásal (B) nó (C),

(B) 20 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach spreagtha, nó

(C) 5 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach neamhspreagtha,

(II) i gcás nach mó an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (11) nó i bhfo-alt (12), de réir mar a bheidh, ná 15 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (11) nó i mír (b) d’fho-alt (12), go dtí na céatadáin seo a leanas—

(A) 15 faoin gcéad den difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (11) nó, de réir mar a bheidh, i bhfo-alt (12) (dá ngairtear ‘an méid sin’ i gclásail (B) agus (C)), i gcás nach bhfuil feidhm ag clásal (B) nó (C),

(B) 10 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach spreagtha, nó

(C) 3 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach neamhspreagtha.

(8) I gcás go ndéanfaidh aon duine, d’aon turas nó go míchúramach, aon tuairisceán, faisnéis, deimhniú, doiciméad, taifead, ráiteas, sonraí, cuntas nó dearbhú de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 2 nó 3 de Sceideal 29 agus atá míchruinn a thabhairt, a sholáthar, a thabhairt ar aird nó a dhéanamh, dlífear, maidir leis an duine sin—

(a) pionós €3,000 a chur air nó uirthi i gcás inar ghníomhaigh an duine sin go míchúramach, nó

(b) pionós €5,000 a chur air nó uirthi i gcás inar ghníomhaigh an duine sin d’aon turas.

(9) Más rud é, maidir le haon tuairisceán, ráiteas, dearbhú nó cuntais a luaitear i bhfo-alt (2) nó (5), go ndearna duine é nó iad, nó gur chuir duine é nó iad isteach, gan é nó iad a bheith déanta nó curtha isteach d’aon turas nó go míchúramach, agus go dtiocfaidh sé ar iúl an duine sin go raibh sé nó siad mícheart, ansin, mura rud é go ndéantar an earráid a leigheas gan moill mhíréasúnach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur d’aon turas a rinne an duine sin an tuairisceán mícheart, an ráiteas mícheart, an dearbhú mícheart nó na cuntais mhíchearta nó a chuir sé an tuairisceán mícheart, an ráiteas mícheart, an dearbhú mícheart nó na cuntais mhíchearta isteach.

(10) Faoi réir alt 1077D(2), ní bheidh aon imeachtaí nó iarratais maidir le haon phionós a ghnóthú faoin alt seo lasmuigh den teorainn ama toisc go dtionscnaítear iad tar éis an trátha a cheadaítear le halt 1063.

(11) Is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (4) agus i mír (a)(i) d’fho-alt (7) ná an difríocht idir na méideanna seo a leanas—

(a) an méid cánach ab iníoctha do na tréimhsí iomchuí ag an duine lena mbaineann (lena n-áirítear aon mhéid a asbhaineadh ag an bhfoinse agus nach inaisíoctha) dá ríomhfaí an cháin sin de réir an tuairisceáin, an ráitis, an dearbhaithe nó na gcuntas a bhí mícheart nó bréagach mar a rinne an duine sin nó mar a chuir an duine sin isteach nó mar a rinneadh nó mar a cuireadh isteach thar ceann an duine sin iarbhír do na tréimhsí sin, agus

(b) an méid cánach ab iníoctha do na tréimhsí iomchuí ag an duine lena mbaineann (lena n-áirítear aon mhéid a asbhaineadh ag an bhfoinse agus nach inaisíoctha) dá ríomhfaí an cháin sin de réir an tuairisceáin, an ráitis, an dearbhaithe nó na gcuntas a bhí ceart cruinn agus ba chóir don duine sin é nó iad a dhéanamh nó a chur isteach nó ba chóir a dhéanamh nó a chur isteach thar ceann an duine sin do na tréimhsí sin,

agus chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (12) déanfar tagairtí sna fo-ailt sin do cháin is iníoctha a fhorléiriú gan aird a thabhairt ar an míniú ar ‘cáin ioncaim is iníoctha’ in alt 3.”.

(12) Is é an méid dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (4) agus i mír (a)(ii) d’fho-alt (7) an difríocht idir na méideanna seo a leanas—

(a) an méid cánach a d’íoc an duine sin do na tréimhsí iomchuí sular thosaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó aon oifigeach Ioncaim aon fhiosrúchán nó aon imscrúdú i gcás inar fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go poiblí go raibh fiosrúchán nó imscrúdú tionscanta acu nó i gcás ina ndearna na Coimisinéirí Ioncaim nó aon oifigeach Ioncaim fiosrúchán nó imscrúdú ar aon ní is bun le dliteanas cánach i leith aon ní a d’áireofaí sa tuairisceán nó sa ráiteas dá mba rud é gur sheachaid an duine sin an tuairisceán nó an ráiteas agus go raibh an tuairisceán nó an ráiteas ceart, agus

(b) an méid cánach a bheadh iníoctha do na tréimhsí iomchuí dá mba rud é gur sheachaid an duine sin an tuairisceán nó an ráiteas agus go raibh an tuairisceán nó an ráiteas ceart.

(13) I gcás go ndéanfaidh duine dara nochtadh cáilitheach laistigh de 5 bliana ón tráth a dhéantar an chéad nochtadh cáilitheach de chuid an duine sin, ansin maidir le nithe a bhaineann leis an dara nochtadh sin—

(a) i ndáil le fo-alt (4)—

(i) beidh feidhm ag mír (ii) amhail is dá gcuirfí ‘75 faoin gcéad’ in ionad ‘50 faoin gcéad’,

(ii) beidh feidhm ag mír (ii) amhail is dá gcuirfí ‘55 faoin gcéad’ in ionad ‘10 faoin gcéad’, agus

(b) i ndáil le fomhír (I) d’fho-alt (7)(b)—

(i) beidh feidhm ag clásal (B) amhail is dá gcuirfí ‘30 faoin gcéad’ in ionad ‘20 faoin gcéad’, agus

(ii) beidh feidhm ag clásal (C) amhail is dá gcuirfí ‘20 faoin gcéad’ in ionad ‘5 faoin gcéad’.

(14) I gcás go ndéanfaidh duine tríú nochtadh cáilitheach nó nochtadh cáilitheach dá éis sin laistigh de 5 bliana ón tráth a dhéantar an dara nochtadh cáilitheach de chuid an duine sin, ansin, maidir le nithe a bhaineann leis an tríú nochtadh cáilitheach sin nó leis an nochtadh cáilitheach sin dá éis sin, de réir mar a bheidh—

(a) ní laghdófar an pionós dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (4), agus

(b) ní bheidh feidhm ag an laghdú dá dtagraítear i bhfomhír (I) d’fho-alt (7)(b).

(15) Ní nochtadh cáilitheach nochtadh i ndáil le duine, más rud é—

(a) sula ndéantar an nochtadh, gur thosaigh oifigeach Ioncaim fiosrúchán nó imscrúdú i dtaobh aon ní sa nochtadh sin agus go ndeachaigh sé nó sí i dteagmháil leis an duine sin, nó le duine a bhí ionadaitheach don duine sin, maidir leis an ní sin, nó gur thug sé nó sí fógra don duine sin, nó do dhuine a bhí ionadaitheach don duine sin, maidir leis an ní sin, nó

(b) maidir le nithe sa nochtadh, gur nithe iad—

(i) atá tagtha ar iúl, nó atá ar tí teacht ar iúl, na gCoimisinéirí Ioncaim trína n-imscrúduithe féin nó trí imscrúdú arna sheoladh ag comhlacht reachtúil nó ag gníomhaireacht reachtúil,

(ii) atá faoi réim imscrúdaithe atá á sheoladh go hiomlán nó go páirteach go poiblí, nó

(iii) a bhfuil an duine a rinne an nochtadh bainteach leo, nó ar tí a bheith bainteach leo, go poiblí.

(16) Is é a bheidh sa tréimhse iomchuí chun críocha fho-ailt (11) agus (12), i ndáil le haon ní a sheachadtar, a dhéantar nó a chuirtear isteach le linn aon tréimhse, ná an tréimhse sin, an chéad tréimhse eile agus aon tréimhse roimhe sin agus, maidir le haon ní arna dhéanamh i dtaca le comhpháirtíocht, ní fholóidh na tagairtí sna fo-ailt sin don mhéid cánach is iníoctha aon cháin nach inmhuirearaithe in ainm na comhpháirtíochta.

(17) Chun críocha an ailt seo, measfar, maidir le haon tuairisceáin nó cuntais arna gcur isteach thar ceann duine, gurbh é an duine sin a chuir isteach iad mura rud é go gcruthóidh an duine sin gur gan toiliú an duine sin nó i ngan fhios dó nó di a cuireadh isteach iad.”.

CUID 2

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir le pionóis

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997—

(a) in alt 152 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina mainníonn cuideachta aon cheann d’fhorálacha fho-alt (1) a chomhlíonadh, tabhóidh an chuideachta pionós €200 i leith gach mainneachtana, ach ní mó ná €2,000 méid comhiomlán na bpionós a fhorchuirfear faoin alt seo ar aon chuideachta i leith gach mainneachtana den sórt sin a bhaineann le haon dáileadh áirithe díbhinní nó úis.”,

(b) in alt 305(4)—

(i) trí na focail “go feasach” a scriosadh, agus

(ii) trí “€3,000” a chur in ionad “€630”,

(c) in alt 481 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (16):

“(16) Más rud é go mbeidh cuideachta tar éis deimhniú a eisiúint chun críocha fho-alt (12) nó ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (13) agus—

(a) go bhfuil an deimhniú nó an ráiteas bréagach nó míthreorach, nó

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (14),

ansin—

(i) dlífear pionós €4,000 a chur ar an gcuideachta, agus

(ii) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo agus, más rud é go mbeifear tar éis aon fhaoiseamh den sórt a thabhairt, déanfar é a tharraingt siar.”,

(d) in alt 486B tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

“(11) Más rud é go mbeidh cuideachta cháilitheach tar éis deimhniú a eisiúint chun críocha fho-alt (7) nó ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (8) agus—

(a) go bhfuil an deimhniú nó an ráiteas bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (9),

ansin—

(i) dlífear pionós €4,000 a chur ar an gcuideachta, agus

(ii) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith an ní lena mbaineann an deimhniú nó an ráiteas agus, más rud é go mbeifear tar éis aon fhaoiseamh den sórt sin a thabhairt, déanfar é a tharraingt siar.”,

(e) in alt 503 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Más rud é go mbeidh cuideachta tar éis deimhniú a eisiúint chun críocha fho-alt (2) nó ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (3), agus—

(a) go bhfuil an deimhniú nó an ráiteas bréagach nó míthreorach, nó

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (4),

ansin dlífear pionós €4,000 a chur ar an gcuideachta.”,

(f) in alt 531(16), trí “fo-ailt (9) agus (17) d’alt 1077E” a chur in ionad “fo-ailt (3) agus (7) d’alt 1053”,

(g) in alt 783(6)—

(i) trí na focail “go feasach” a scriosadh, agus

(ii) trí “€3,000” a chur in ionad “€630”,

(h) in alt 789(5)—

(i) trí na focail “go feasach” a scriosadh, agus

(ii) trí “€3,000” a chur in ionad “€630”,

(i) in alt 886(5), trí “€3,000” a chur in ionad “€1,520”,

(j) in alt 887(5)(b), trí “€3,000” a chur in ionad “€1,265”,

(k) in alt 889—

(i) i bhfo-alt (8), trí “€3,000” a chur in ionad “€1,520”, agus

(ii) trí fho-alt (9) a scriosadh,

(l) in alt 895—

(i) i bhfo-alt (4)(a), trí “€4,000” a chur in ionad “€2,535”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)(b):

“(b) Más rud é, maidir le cónaitheoir—

(i) go mainníonn sé nó sí mionsonraí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a thabhairt d’idirghabhálaí atá tar éis seirbhís iomchuí a sholáthar don chónaitheoir, nó

(ii) go dtugann sé nó sí mionsonraí míchearta den chineál sin don idirghabhálaí,

dlífear pionós €4,000 a chur ar an gcónaitheoir.”,

agus

(iii) trí fho-alt (5) a scriosadh,

(m) in alt 896—

(i) i bhfo-alt (3), trí “€4,000” a chur in ionad “€1,900”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Más rud é, maidir le duine—

(a) go mainníonn sé nó sí mionsonraí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a thabhairt d’idirghabhálaí atá tar éis saoráidí iomchuí a sholáthar don duine, nó

(b) go dtugann sé nó sí mionsonraí míchearta den chineál sin don idirghabhálaí,

dlífear pionós €4,000 a chur ar an duine.”,

(n) in alt 898N—

(i) i bhfo-alt (3), trí “€3,000” a chur in ionad “€1,265”, agus

(ii) i bhfo-alt (9), trí “€3,000” a chur in ionad “€1,265”,

(o) in alt 898Q—

(i) i bhfo-alt (5)(a), trí “€3,000” a chur in ionad “€1,520”,

(ii) i bhfo-alt (5)(b), trí “€3,000” a chur in ionad “€950”, agus

(iii) trí fho-alt (5)(c) a scriosadh,

(p) in alt 900(7), trí “€4,000” a chur in ionad “€1,900”,

(q) in alt 902(11), trí “€4,000” a chur in ionad “€1,900”,

(r) in alt 903(5), trí “€4,000” a chur in ionad “€1,265”,

(s) in alt 904(5), trí “€4,000” a chur in ionad “€1,265”,

(t) in alt 905(3), trí “€4,000” a chur in ionad “€1,265”,

(u) in alt 917A—

(i) i bhfo-alt (4), trí “€4,000” a chur in ionad “€2,535”, agus

(ii) trí fho-alt (5) a scriosadh,

(v) in alt 917B—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Más rud é, maidir le duine—

(a) go mainníonn sé nó sí ráiteas a dhéanamh a cheanglaítear ar an duine a dhéanamh de réir fho-alt (2), nó

(b) go mainníonn sé nó sí na mionsonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chur san áireamh i ráiteas den sórt sin,

ansin, dlífear pionós €4,000 a chur ar an duine maidir le gach mainneachtain den sórt sin.”,

agus

(ii) trí fho-alt (6) a scriosadh,

(w) in alt 917C—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más rud é, maidir le duine—

(a) go mainníonn sé nó sí ráiteas a dhéanamh a cheanglaítear ar an duine a dhéanamh de réir fho-alt (2), nó

(b) go mainníonn sé nó sí na mionsonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chur san áireamh i ráiteas den sórt sin,

ansin, dlífear pionós €4,000 a chur ar an duine maidir le gach mainneachtain den sórt sin.”,

agus

(ii) trí fho-alt (4) a scriosadh,

(x) in alt 939(3) trí “€3,000” a chur in ionad “€950”,

(y) in alt 987—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é, maidir le haon duine—

(a) go mainníonn sé nó sí aon fhoráil de chuid rialachán faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh, ar foráil í lena gceanglaítear ar an duine sin aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú, seachas an tuairisceán deireadh bliana a cheanglaítear faoi Rialachán 31 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I.R. Uimh. 559 de 2001), a chur ar aghaidh,

(b) go mainníonn sé nó sí cáin ioncaim a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir, nó

(c) go mainníonn sé nó sí aon asbhaint nó aisíocaíocht a dhéanamh de réir aon rialacháin arna dhéanamh de bhun alt 986(1)(g),

ansin, dlífear pionós €4,000 a chur ar an duine sin”,

(ii) i bhfo-alt (1A)—

(I) trí “€1,000” a chur in ionad “€630”, agus

(II) trí “€4,000” a chur in ionad “€2,535”,

(iii) i bhfo-alt (2), trí “€3,000” a chur in ionad “€950”, agus

(iv) trí fho-alt (3) a scriosadh,

(z) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 1047:

“Dliteanas tuismitheoirí, caomhnóirí, seiceadóirí agus riarthóirí.

1047.— (1) I gcás ina bhfaighidh pearsa aonair atá inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim bás, beidh seiceadóir nó riarthóir an duine éagtha faoi dhliteanas—

(a) i leith na cánach arna muirearú ar an bpearsa aonair éagtha sin,

(b) i leith an úis ar íoc déanach cánach ar ina leith atá an phearsa aonair éagtha faoi dhliteanas, agus

(c) i leith aon phionós ar ina leith atá an phearsa aonair éagtha faoi dhliteanas,

agus is fiach ar eastát na pearsan aonair éagtha na suimeanna sin go léir agus féadfaidh seiceadóir nó riarthóir na híocaíochtaí sin go léir a asbhaint as sócmhainní agus maoin phearsanta an duine éagtha.

(2) I gcás inar naíon pearsa aonair atá inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim, beidh tuismitheoir nó caomhnóir an naín faoi dhliteanas i leith na cánach mura n-íocann an naíon í agus aon tuismitheoir nó caomhnóir a dhéanann íocaíocht den sórt sin lamhálfar dó nó di na suimeanna go léir a bheidh íoctha amhlaidh aige nó aici ina chuntais nó ina cuntais.”;

(aa) in alt 1052—

(i) i bhfo-alt (1), trí “€3,000” a chur in ionad “€950”,

(ii) i bhfo-alt (2), trí “€4,000” a chur in ionad “€1,520.”, agus

(iii) i bhfo-alt (4), trí “faoin alt seo, faoi alt 1053 nó faoi alt 1077E” a chur in ionad “faoin alt seo nó faoi alt 1053”,

(ab) in alt 1053, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ghníomhartha nó neamhghníomhartha a éireoidh tar éis an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith.”,

(ac) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 1054—

“Pionóis i gcás rúnaí comhlachta daoine.

1054.— (1) San alt seo, folaíonn ‘rúnaí’ daoine a luaitear in alt 1044(2).

(2) I gcás inar comhlacht daoine an duine a luaitear in alt 1052, dlífear—

(a) i gcás inar tugadh an fógra faoi aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 de Sceideal 29, nó chun críocha aon cheann de na forálacha sin, agus i gcás ina leantar den mhainneachtain tar éis dheireadh na bliana measúnachta nó na tréimhse cuntasaíochta i ndiaidh na bliana measúnachta nó na tréimhse cuntasaíochta inar tugadh an fógra, pionós ar leithligh €2,000 a chur ar an rúnaí, agus

(b) in aon chás eile, pionós ar leithligh €1,000 a chur ar an rúnaí.

(3) I gcás inar comhlacht daoine an duine a luaitear in alt 1053 nó 1077E, dlífear pionós ar leithligh €1,500 nó, i gcás iompair d’aon turas, pionós ar leithligh €3,000, a chur ar an rúnaí.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo faoi réir ailt 877(5)(b) agus 897(5), ach thairis sin beidh feidhm aige d’ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim.”,

(ad) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 1055:

“1055.— Aon duine a chuidíonn nó a aslaíonn, d’aon turas, le haon tuairisceán, cuntas, ráiteas nó dearbhú mícheart a dhéanamh nó a sheachadadh chun aon chríoch a bhaineann le cáin ioncaim nó cáin chorparáide, dlífear pionós €4,000 a chur air nó uirthi.”,

(ae) in alt 1057, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ghníomhartha a éireoidh tar éis an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith.”,

(af) in alt 1058(1), trí “€3,000” a chur in ionad “€60”,

(ag) in alt 1060 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo tar éis an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith.”

(ah) in alt 1061, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ghníomhartha nó neamhghníomhartha a éireoidh tar éis an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith.”,

(ai) in alt 1063, trí “faoi réir alt 1060 nó alt 1077D” a chur in ionad “faoi réir alt 1060”,

(aj) in alt 1068, trí “Chun críocha na Caibidle seo, Chaibidil 3A agus Chaibidil 3B den Chuid seo, agus Chaibidil 4 de Chuid 38,” a chur in ionad “Chun críocha na Caibidle seo, agus Chaibidil 4 de Chuid 38,”,

(ak) in alt 1069, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—

“(2) Chun críocha na Caibidle seo, Chaibidil 3A agus Chaibidil 3B den Chuid seo, aon mheasúnacht nach bhfuil inathraithe a thuilleadh ag na Coimisinéirí Achomhairc ar achomharc nó nach bhfuil inathraithe a thuilleadh le hordú ó aon chúirt, is leorfhianaise í—

(a) maidir leis an ioncam ar ina leith a dhéantar cáin ioncaim nó, de réir mar a bheidh, cáin chorparáide a mhuirearú sa mheasúnacht, nó

(b) maidir leis an ngnóchan ar ina leith a dhéantar cáin ghnóchan caipitiúil a mhuirearú sa mheasúnacht,

gur éirigh sé nó go bhfuarthas é de réir mar a luaitear sa mheasúnacht.”,

(al) in alt 1071—

(i) i bhfo-alt 1(a), trí “€2,000” a chur in ionad “€630”,

(ii) i bhfo-alt 1(b), trí “€1,000” a chur in ionad “€125”, agus

(iii) i bhfo-alt (2)—

(I) trí “€4,000” a chur in ionad “€1,265”, agus

(II) trí “€2,000” a chur in ionad “€250”,

(am) in alt 1072, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ghníomhartha nó neamhghníomhartha a éireoidh tar éis an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith.”,

(an) in alt 1073—

(i) i bhfo-alt 1(a), trí “€4,000” a chur in ionad “€630”, agus

(ii) i bhfo-alt 1(b), trí “€3,000” a chur in ionad “€125”,

(ao) in alt 1074—

(i) i mír (a), trí “€4,000” a chur in ionad “€630”, agus

(ii) i mír (b), trí “€3,000” a chur in ionad “€125”,

(ap) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 1075:

“Pionóis mar gheall ar mhainneachtain faisnéis áirithe a thabhairt agus mar gheall ar fhaisnéis mhícheart.

1075.— (1) I gcás inar ceanglaíodh ar aon duine le fógra arna thabhairt faoi réim, nó chun críocha, alt 401 nó 427 nó Chuid 13 aon fhaisnéis nó sonraí a thabhairt agus ina mainníonn an duine sin déanamh de réir an fhógra, dlífear, faoi réir fho-alt (3), pionós €3,000 a chur ar an duine sin agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, dlífear pionós breise €10 a chur air nó uirthi in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain.

(2) I gcás ina dtugann an duine aon fhaisnéis mhícheart nó aon sonraí de chineál a luaitear in alt 239, 401 nó 427 nó i gCuid 13, dlífear, faoi réir fho-alt (4), pionós €3,000 a chur ar an duine.

(3) I gcás inar cuideachta an duine a luaitear i bhfo-alt (1)—

(a) dlífear pionós €4,000 a chur ar an gcuideachta agus, má leanann an mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, dlífear pionós breise €60 a chur uirthi in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, agus

(b) dlífear pionós ar leithligh €3,000 a chur ar rúnaí na cuideachta.

(4) I gcás inar cuideachta an duine a luaitear i bhfo-alt (2)—

(a) dlífear pionós €4,000 a chur ar an gcuideachta, agus

(b) dlífear pionós ar leithligh €3,000 a chur ar rúnaí na cuideachta.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d’alt 1053 agus ag fo-alt (9) d’alt 1077E chun críocha an ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha alt 1053 agus alt 1077E.”,

(aq) i gCaibidil 3 de Chuid 47, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 1077:

“Pionóis mar gheall ar mhainneachtain tuairisceáin a thabhairt etc., agus mar gheall ar thuairisceáin mhíchearta a thabhairt d’aon turas nó go míchúramach.

1077.— (1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 913(1), beidh feidhm ag Caibidil 1 agus Caibidil 3B den Chuid seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin ghnóchan caipitiúil, agus déanfar ailt 1052, 1053, 1054 agus 1077E, arna gcur chun feidhme leis an alt seo, a fhorléiriú chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil amhail is dá gcuirfí na tagairtí seo a leanas san áireamh i Sceideal 29—

(a) i gcolún 1, tagairtí d’ailt 914 go 917,

(b) i gcolún 2, tagairt d’alt 945, agus

(c) i gcolún 3, tagairt d’alt 980.

(2) I gcás inar ceanglaíodh ar aon duine le fógra nó le proiceacht faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, arna gcur chun feidhme le halt 913, nó faoi alt 914, 915, 916, 917 nó 980, aon ghníomh a dhéanamh de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha nó na hailt sin, agus go mainníonn an duine déanamh de réir an fhógra nó na proiceachta, nó i gcás ina ndéanann aon duine aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, liosta, cuntas, sonraí nó doiciméad eile atá mícheart a dhéanamh, a sheachadadh nó a thabhairt ar aird, d’aon turas nó go míchúramach (nó ina ndéanfaidh sé nó sí go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach), faoi aon cheann de na forálacha nó de na hailt sin, beidh feidhm ag Caibidil 1 agus Caibidil 3B den Chuid seo maidir leis an duine chun críocha cánach gnóchan caipitiúil mar atá feidhm aici i gcás mainneachtana nó gnímh den chineál céanna chun críocha cánach ioncaim.”,

(ar) in alt 1078(9)—

(i) trí “fo-ailt (9) agus (17) d’alt 1077E,” a chur isteach i ndiaidh “alt 1053”, agus

(ii) trí “, alt 27A(16) den Acht Cánach Breisluacha 1972,” a chur in ionad “agus ailt 26(6) agus 27(7) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

(as) in alt 1086—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a), trí “nó ar ina leith a chinn cúirt fíneáil nó pionós eile” a chur isteach i ndiaidh “ar ar fhorchuir cúirt fíneáil nó pionós eile,”,

(II) i mír (b), trí “nó ar ina leith a chinn cúirt fíneáil nó pionós eile thairis sin” a chur isteach i ndiaidh “ar ar fhorchuir cúirt fíneáil nó pionós eile thairis sin,”,

(III) i mír (d), trí “nó cinnte” a chur isteach i ndiaidh “gearrtha”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2A):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2), folaíonn an tagairt do shuim shonraithe i míreanna (c) agus (d) den fho-alt sin tagairt do shuim arb é méid iomlán an éilimh ó na Coimisinéirí Ioncaim é i leith an dliteanais shonraithe dá dtagraítear sna míreanna sin. I gcás go nglacann na Coimisinéirí Ioncaim, nó go ngeallann siad glacadh le suim den sórt sin, arb é méid iomlán a n-éilimh é, ansin—

(a) measfar go ndearna siad sin de bhun comhaontaithe, a rinneadh leis an duine dá dtagraítear i mír (c), ar staon siad dá réir ó imeachtaí a thionscnamh chun aon fhíneáil nó pionós den chineál a luaitear i míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (2) a ghnóthú, agus

(b) measfar an comhaontú sin a bheith déanta sa tréimhse iomchuí inar ghlac na Coimisinéirí Ioncaim nó gur gheall siad go nglacfaidís leis an méid iomlán sin.”,

(iii) i bhfo-alt (4), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearna an duine, sular thosaigh siad féin nó aon duine dá n-oifigigh aon imscrúdú nó aon fhiosrúchán faoi aon ábhar ba bhun le dliteanas dá dtagraítear sna míreanna sin, nochtadh cáilitheach (de réir bhrí alt 1077E, alt 27A den Acht Cánach Breisluacha 1972 nó alt 134A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999, de réir mar a bheidh) i ndáil leis an ábhar sin agus sonraí iomlána ina thaobh a thabhairt dóibh go deonach,”,

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4A):

“(4B) Ní bheidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (2) i ndáil le duine más rud é i gcás an duine sin—

(a) nach mó méid pionóis arna chinneadh ag cúirt ná 15 faoi gcéad, de réir mar is cuí—

(i) de mhéid na difríochta dá dtagraítear i bhfo-mhír (11) nó (12), de réir mar a bheidh, d’alt 1077E,

(ii) de mhéid na difríochta dá dtagraítear i bhfo-alt (11) nó (12), de réir mar a bheidh, d’alt 27A den Acht Cánach Breisluacha 1972, nó

(iii) de mhéid na difríochta dá dtagraítear i bhfo-alt (7), (8) nó (9), de réir mar a bheidh, d’alt 134A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999,

(b) nach mó comhiomlán na nithe seo a leanas—

(i) an cháin atá dlite ar ina leith a ríomhfar an pionós,

(ii) ach amháin i gcás na cánach atá dlite de bhua mhíreanna (g) agus (h) den mhíniú ar ‘na hAchtanna’, an t-ús ar an gcáin sin, agus

(iii) an pionós arna chinneadh ag cúirt,

ná €30,000, nó

(c) go ndearnadh nochtadh cáilitheach.”,

(v) i bhfo-alt (5)—

(I) i mír (a), trí “nó a cinneadh i leith an duine” a chur isteach i ndiaidh “a gearradh ar an duine”,

agus

(II) i mír (b), trí “nó a chinn cúirt i leith an duine sin” a chur isteach i ndiaidh “a ghearr cúirt ar an duine sin”,

(vi) i bhfo-alt (5A)(a), trí “nó a chinneadh” a chur isteach i ndiaidh “a ghearradh”,

(at) in alt 1091 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) I gcás ina mainníonn cuideachta aon cheann d’fhorálacha fho-alt (2) a chomhlíonadh, tabhóidh an chuideachta pionós €200 i leith gach mainneachtana, ach ní mó ná €2,000 comhiomlán na bpionós a ghearrtar faoin alt seo ar aon chuideachta i leith gach mainneachtana den sórt sin a bhaineann le haon dáileadh áirithe amháin díbhinní nó úis.”.

(au) i Sceideal 29, trí “Na Forálacha dá dTagraítear in Ailt 1052, 1054 agus 1077E” a chur in ionad “Na Forálacha dá dTagraítear in Ailt 1052, 1053 agus 1054”,

(av) i Sceideal 32, i bhfomhír (3)(b) de mhír 7, trí “ailt 1052, 1054 agus 1077E” a chur in ionad “ailt 1052, 1053 agus 1054”.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha: Pionóis

1. Leasaítear an tAcht Cánach Breisluacha 1972—

(a) in alt 26—

(i) (I) trí “€4,000” a chur in ionad “€1,520” sa dá áit ina bhfuil sé,

(II) trí “€4,000” a chur in ionad “€950” gach áit a bhfuil sé, agus

(III) trí “€4,000” a chur in ionad “€1,265” sa dá áit ina bhfuil sé,

agus

(ii) trí fho-ailt (4), (6) agus (7) a scriosadh,

(b) trí alt 27 a scriosadh,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh alt 28:

“Pionós mar gheall ar thuairisceáin mhíchearta, etc., a dhéanamh d’aon turas nó go míchúramach.

27A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘go míchúramach’ mainneachtain cúram réasúnach a ghlacadh;

ciallaíonn ‘dliteanas i leith cánach’ dliteanas i leith mhéid na difríochta a shonraítear i bhfo-alt (11) nó (12) ar dliteanas é a éiríonn as aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (2), (3), (5) nó (6);

ciallaíonn ‘tréimhse’ tréimhse inchánach, tréimhse chuntasaíochta nó tréimhse eile, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach spreagtha’, i ndáil le duine, nochtadh cáilitheach a rinneadh do na Coimisinéirí Ioncaim nó d’oifigeach Ioncaim sa tréimhse idir na dátaí seo a leanas—

(a) an dáta a thugann oifigeach Ioncaim fógra do dhuine faoin dáta a thosófar ar imscrúdú nó ar fhiosrúchán i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, agus

(b) an dáta a thosaíonn an t-imscrúdú nó an fiosrúchán;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach’, i ndáil le duine—

(a) i ndáil le pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (4), nochtadh gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur nochtadh faisnéise iomláine i ndáil leis na nithe uile agus le sonraí iomlána na nithe sin is cionsiocair le dliteanas cánach as a dtagann pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (4), agus le sonraí iomlána na nithe sin is cionsiocair le haon dliteanas cánach nó dleachta as a dtagann pionós dá dtagraítear in alt 1077E(4) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, alt 134A(2) den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus i bhfeidhmiú alt 1077E(4) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis an Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus

(b) i ndáil le pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (7), nochtadh gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur nochtadh faisnéise iomláine i ndáil leis na nithe uile agus le sonraí iomlána na nithe uile is cionsiocair le dliteanas cánach as a dtagann pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (7) don tréimhse iomchuí,

arna dhéanamh i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim nó chun oifigigh Ioncaim agus arna shíniú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin agus lena ngabhann—

(i) dearbhú, de réir mar is fearr is eol don duine sin, a cuireadh i bhfios don duine sin agus a chreideann an duine sin, arna dhéanamh i scríbhinn go bhfuil gach ní atá sa nochtadh ceart iomlán, agus

(ii) íocaíocht ar an gcáin nó ar an dleacht, nó orthu araon, is iníoctha i leith aon ní atá sa nochtadh agus an úis ar íoc déanach na cánach agus na dleachta sin;

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;

“ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach neamhspreagtha’, i ndáil le duine, nochtadh cáilitheach ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith gur tugadh dóibh é go deonach—

(a) sular thosaigh siad féin, nó sular thosaigh oifigeach Ioncaim, imscrúdú nó fiosrúchán i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, nó

(b) i gcás oifigeach Ioncaim do thabhairt fógra don duine faoin dáta a thosóidh imscrúdú nó fiosrúchán i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, roimh an bhfógra sin.

(2) I gcás go dtugann duine tuairisceán nó ina ndéanann sé nó sí éileamh nó dearbhú chun críocha an Achta seo nó chun críocha rialachán arna ndéanamh faoi agus, le linn dó nó di déanamh amhlaidh, i gcás ina ndéanann an duine, d’aon turas, tuairisceán mícheart a thabhairt nó éileamh nó dearbhú mícheart a dhéanamh, ansin dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(3) I gcás go mainníonn duine d’aon turas ceanglas a chomhlíonadh de réir an Achta seo nó de réir rialachán ar ceanglas é tuairisceán a thabhairt, ansin dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(4) Is é a bheidh sa phionós dá dtagraítear sna fo-ailt seo a leanas—

(a) i bhfo-alt (2), an méid a shonraítear i bhfo-alt (11), agus

(b) i bhfo-alt (3), an méid a shonraítear i bhfo-alt (12),

arna laghdú, i gcás inar chomhoibrigh an duine, a ndlitear an pionós a chur air nó uirthi, go hiomlán le haon imscrúdú nó fiosrúchán a thosaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach Ioncaim i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, go dtí na méideanna seo a leanas—

(i) 75 faoin gcéad den mhéid sin i gcás nach bhfuil feidhm ag fomhír (ii) nó (iii),

(ii) 50 faoin gcéad den mhéid sin i gcás ina ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach spreagtha, nó

(iii) 10 faoin gcéad den mhéid sin i gcás ina ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach neamhspreagtha.

(5) I gcás go dtugann duine tuairisceán nó ina ndéanann sé nó sí éileamh nó dearbhú chun críocha an Achta seo nó chun críocha rialachán arna ndéanamh faoi agus, le linn dó nó di déanamh amhlaidh, i gcás ina ndéanann an duine go míchúramach, ach ní d’aon turas, tuairisceán mícheart a thabhairt nó éileamh nó dearbhú mícheart a dhéanamh, ansin dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(6) I gcás go mainníonn duine go míchúramach, ach ní d’aon turas, ceanglas a chomhlíonadh de réir an Achta seo nó de réir rialachán, ar ceanglas é tuairisceán a thabhairt, ansin dlífear pionós a chur ar an duine sin.

(7) (a) Is é a bheidh sa phionós dá dtagraítear sna fo-ailt seo a leanas—

(i) i bhfo-alt (5), an méid a shonraítear i bhfo-alt (11), agus

(ii) i bhfo-alt (6), an méid a shonraítear i bhfo-alt (12),

arna laghdú go dtí 40 faoin gcéad i gcásanna ina bhfuil feidhm ag an mbreis dá dtagraítear i bhfomhír (I) de mhír (b) agus go dtí 20 faoin gcéad i gcásanna eile.

(b) I gcás gur chomhoibrigh an duine, a ndlitear an pionós a chur air nó uirthi, go hiomlán le haon imscrúdú nó fiosrúchán a thosaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach Ioncaim i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith cánach, is é a bheidh sa phionós dá dtagraítear sna fo-ailt seo a leanas—

(i) i bhfo-alt (5), an méid a shonraítear i bhfo-alt (11), agus

(ii) i bhfo-alt (6), an méid a shonraítear i bhfo-alt (12),

arna laghdú—

(I) i gcás gur mó an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (11) nó (12), de réir mar a bheidh, ná 15 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (11) nó i mír (b) d’fho-alt (12), go dtí na méideanna seo a leanas—

(A) 30 faoin gcéad den difríocht sin i gcás nach bhfuil feidhm ag clásal (B) nó (C),

(B) 20 faoin gcéad den difríocht sin i gcás go ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach spreagtha, nó

(C) 5 faoin gcéad den difríocht sin i gcás go ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach neamhspreagtha,

(II) i gcás nach mó an difríocht dá dtagraítear i bhfomhír (11) nó (12), de réir mar a bheidh, ná 15 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (11) nó i mír (b) d’fho-alt (12), go dtí na méideanna seo a leanas—

(A) 15 faoin gcéad den difríocht sin i gcás nach bhfuil feidhm ag clásal (B) nó (C),

(B) 10 faoin gcéad den difríocht sin i gcás ina ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach spreagtha, nó

(C) 3 faoin gcéad den difríocht sin i gcás ina ndéanann an duine sin nochtadh cáilitheach neamhspreagtha.

(8) Más rud é, chun críocha an Achta seo nó chun críocha rialachán, go ndéanann duine, d’aon turas nó go míchúramach, aon sonrasc, uimhir chláraithe, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, dearbhán, ráiteas bainc, meastachán, ráiteas, faisnéis, leabhar, doiciméad nó taifead atá mícheart a thabhairt ar aird, a sholáthar, a thabhairt, a chur nó a úsáid ar shlí eile, ansin dlífear—

(a) pionós €3,000 a chur ar an duine sin i gcás inar ghníomhaigh an duine sin go míchúramach, nó

(b) pionós €5,000 a chur ar an duine sin i gcás inar ghníomhaigh an duine sin d’aon turas.

(9) I gcás inar sholáthair nó ina ndearna duine aon tuairisceán, éileamh nó dearbhú mar a luaitear i bhfo-alt (2) nó (5), ach nach ndearnadh amhlaidh d’aon turas ná go míchúramach, agus i gcás ina dtiocfaidh sé ar iúl an duine sin go raibh sé mícheart, ansin, mura leigheastar an earráid gan moill mhíréasúnach, déileálfar, chun críocha an ailt seo, leis an tuairisceán, leis an éileamh nó leis an dearbhú amhail is go ndearna an duine sin é, nó gur chuir sé nó sí isteach é, d’aon turas.

(10) Faoi réir alt 1077D(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, ní bheidh imeachtaí nó iarratais chun aon phionós a ghnóthú faoin alt seo as am de bhíthin iad a thosú tar éis an ama a lamháiltear le halt 30.

(11) Is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (4) agus i mír (a)(i) d’fho-alt (7) ná an difríocht idir na méideanna seo a leanas—

(a) an méid cánach (más ann) a d’íoc nó a d’éiligh an duine lena mbaineann don tréimhse iomchuí ar bhonn an tuairisceáin, an éilimh nó an ráitis mhíchirt arna sholáthar nó arna dhéanamh ar shlí eile, agus

(b) an méid a bheadh iníoctha go cuí ag, nó inaisíoctha go cuí leis, an duine sin don tréimhse sin.

(12) Is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (4) agus i mír (b)(ii) d’fho-alt (7) ná an difríocht idir na méideanna seo a leanas—

(a) an méid cánach (más ann) a d’íoc an duine sin don tréimhse iomchuí sular thosaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó aon oifigeach Ioncaim aon fhiosrúchán nó imscrúdú i gcás gur fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go poiblí gur thosaigh siad fiosrúchán nó imscrúdú nó i gcás gur sheol na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach Ioncaim fiosrúchán nó imscrúdú maidir le haon ní a chuirfí san áireamh sa tuairisceán dá mba rud é gur sholáthair an duine sin an tuairisceán agus go raibh an tuairisceán ceart, agus

(b) an méid cánach a bheadh iníoctha go cuí ag an duine sin don tréimhse sin.

(13) I gcás go ndéanann duine dara nochtadh cáilitheach laistigh de 5 bliana ón tráth a tugadh an chéad nochtadh cáilitheach de chuid an duine sin, ansin maidir le nithe a bhaineann leis an dara nochtadh sin—

(a) i ndáil le fo-alt (4)—

(i) beidh feidhm ag fomhír (ii) amhail is dá gcuirfí ‘75 faoin gcéad’ in ionad ‘50 faoin gcéad’, agus

(ii) beidh feidhm ag fomhír (iii) amhail is dá gcuirfí ‘55 faoin gcéad’ in ionad ‘10 faoin gcéad’,

agus

(b) i ndáil le fomhír (I) d’fho-alt (7)(b)—

(i) beidh feidhm ag clásal (B) amhail is dá gcuirfí ‘30 faoin gcéad’ in ionad ‘20 faoin gcéad’, agus

(ii) beidh feidhm ag clásal (C) amhail is dá gcuirfí ‘20 faoin gcéad’ in ionad ‘5 faoin gcéad’.

(14) I gcás go ndéanann duine tríú nochtadh cáilitheach nó nochtadh cáilitheach dá éis sin laistigh de 5 bliana ón tráth a thugtar dara nochtadh cáilitheach an duine sin, ansin maidir le nithe a bhaineann leis an tríú nochtadh cáilitheach sin nó leis an nochtadh cáilitheach sin dá éis sin, de réir mar a bheidh—

(a) ní dhéanfar an pionós dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (4) a laghdú, agus

(b) ní bheidh feidhm ag an laghdú dá dtagraítear i bhfomhír (I) d’fho-alt (7)(b).

(15) Ní nochtadh cáilitheach nochtadh i ndáil le duine, más rud é—

(a) sula ndéantar an nochtadh, go ndearna oifigeach Ioncaim fiosrúchán nó imscrúdú nó gur thosaigh sé nó sí imscrúdú i dtaobh aon ní sa nochtadh sin agus go ndearna sé nó sí teagmháil leis an duine sin nó le duine is ionadaí don duine sin, nó gur thug sé nó sí fógra don duine sin nó do dhuine is ionadaí don duine sin, maidir leis an ní sin, nó

(b) gur nithe iad nithe atá sa nochtadh—

(i) a tháinig ar iúl na gCoimisinéirí Ioncaim, nó atá ar tí teacht ar iúl na gCoimisinéirí Ioncaim, trí imscrúduithe dá gcuid féin nó trí imscrúdú arna sheoladh ag gníomhaireacht nó comhlacht reachtúil,

(ii) atá laistigh de raon fiosrúcháin atá á sheoladh go hiomlán nó go páirteach go poiblí, nó

(iii) a bhfuil baint ag an duine a rinne an nochtadh leo, nó a bhfuil an duine sin ar tí teacht chun bheith bainteach leo, go poiblí.

(16) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le haon tuairisceán, éileamh nó dearbhú arna chur isteach thar ceann duine measfar gur chuir an duine sin isteach é mura rud é go gcruthaíonn an duine sin gur cuireadh isteach é gan toiliú an duine sin nó i ngan fhios don duine sin.

(17) Más comhlacht daoine duine a luaitear i bhfo-alt (2), (3), (5) nó (6), dlífear pionós ar leithligh €1,500 a chur ar an rúnaí nó, i gcás iompair d’aon turas, dlífear pionós ar leithligh €3,000 a chur air nó uirthi.

(18) Má dhéanann duine, i gcás ina dtugann an duine sin le fios gur duine cláraithe é nó í nó gur chun críocha gnó a sheolann sé nó sí a allmhairíodh earraí a d’allmhairigh sé nó sí, a chur faoi deara go míchuí go ndéantar earraí a allmhairiú gan cáin a íoc in imthosca ina bhfuil cáin inmhuirearaithe, dlífear pionós €4,000 a chur ar an duine sin agus, ina theannta sin, dlífidh an duine sin méid aon chánach ba chóir a íoc ar an allmhairiú a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(19) Má fhaigheann duine earraí gan cáin bhreisluacha (amhail dá dtagraítear i dTreoir Uimh. 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 ón gComhairle1 ) a íoc i mBallstát eile mar thoradh ar an dearbhú maidir le huimhir chláraithe mhícheart, dlífear píonós €4,000 a chur ar an duine sin agus, ina theannta sin, dlífidh an duine sin méid a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar méid é atá comhionann leis an méid cánach ab inmhuirearaithe ar na hearraí sin a fháil laistigh den Chomhphobal dá mba dhearbhú maidir le huimhir chláraithe cheart an dearbhú sin.

(20) Más rud é, de bhun rialachán arna ndéanamh chun críocha alt 13(1)(a), go ndearnadh cáin ar sholáthar aon earraí a loghadh nó a aisíoc agus—

(a) go bhfaightear na hearraí sa Stát tar éis an dáta a líomhnaíodh gur onnmhairíodh iad nó go raibh siad le honnmhairiú, nó

(b) ina bhfuil aon choinníoll a shonraítear sna rialacháin nó a d’fhorchuir na Coimisinéirí Ioncaim gan chomhlíonadh,

agus nach bhfuil sé údaraithe, chun críocha an fho-ailt seo, ag na Coimisinéirí Ioncaim na hearraí sin a bheith sa Stát tar éis an dáta sin nó an coinníoll a bheith gan chomhlíonadh, ansin dlífear na hearraí a fhorghéilleadh agus déanfar an cháin a loghadh nó a aisíocadh a mhuirearú ar an duine, agus tiocfaidh sí chun bheith iníoctha láithreach ag an duine, dár soláthraíodh na hearraí nó a bhfaighfear na hearraí ina sheilbh nó ina seilbh sa Stát agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha ailt 960I(1), 960J, 960L agus 960N den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, ach féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, íoc na cánach sin go léir nó íoc cuid di a tharscaoileadh.

(21) (a) Más rud é, maidir le hearraí—

(i) gur soláthraíodh iad de réir ráta nialas faoin gcéad faoi réir an choinníll go raibh siad le seoladh nó le hiompar lasmuigh den Stát de réir fhomhír (a), (b) nó (c) de mhír (i) den Dara Sceideal agus nach ndearnadh na hearraí a sheoladh nó a iompar amhlaidh,

(ii) go bhfuarthas iad gan an cháin bhreisluacha dá dtagraítear i dTreoir Uimh. 2006/112/CE an 28 Samhain 20062 ón gComhairle a íoc i mBallstát eile mar thoradh ar uimhir chláraithe mhícheart a dhearbhú,

(iii) go bhfuarthas i mBallstát eile iad agus gur modh nua iompair na hearraí sin arb amhlaidh ina leith—

(I) go ndéanann an faighteoir fáil laistigh den Chomhphobal sa Stát,

(II) nach bhfuil an faighteoir i dteideal asbhaint a fháil faoi alt 12 i leith na cánach is inmhuirearaithe ar an bhfáil sin, agus

(III) go mainníonn an faighteoir cuntas a thabhairt ar an gcáin atá dlite ar an bhfáil sin de réir alt 19,

(iv) go bhfuil siad á soláthar ag duine cuntasach nár chomhlíon forálacha alt 9(2),

ansin dlífear na hearraí sin a fhorghéilleadh.

(b) Aon uair a bhfuil amhras réasúnach ar oifigeach arna údarú nó arna húdarú ag na Coimisinéirí Ioncaim go ndlitear earraí a fhorghéilleadh de réir mhír (a) féadfaidh an t-oifigeach sin na hearraí a choinneáil go dtí go mbeidh cibé scrúdú, fiosrúcháin nó imscrúduithe, a mheasfaidh an t-oifigeach sin nó oifigeach údaraithe eile do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach, déanta chun a chinneadh chun sástacht ceachtar oifigeach an ndearnadh nó nach ndearnadh na hearraí a sholáthar nó a fháil amhlaidh.

(c) Nuair a bheidh cinneadh dá dtagraítear i mír (b) déanta i leith aon earraí, nó ag deireadh tréimhse dhá mhí ón dáta a coinníodh na hearraí sin faoin bhfo-alt sin, cibé acu is luaithe, déanfar na hearraí sin a urghabháil mar earraí a dhlitear a fhorghéilleadh nó déanfar iad a scaoileadh.

(d) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn ‘uimhir chláraithe mhícheart a dhearbhú’—

(i) duine do dhéanamh uimhir chláraithe duine eile a dhearbhú,

(ii) duine do dhéanamh uimhir a dhearbhú nach uimhir chláraithe iarbhír í ach a n-airbheartaíonn an duine sin ina leith gurb í a uimhir chláraithe nó a huimhir chláraithe í,

(iii) duine do dhéanamh uimhir chláraithe atá cealaithe a dhearbhú,

(iv) duine do dhéanamh uimhir chláraithe a dhearbhú, ar uimhir í a fuarthas ó na Coimisinéirí Ioncaim trí fhaisnéis mhícheart a sholáthar, nó

(v) duine do dhéanamh uimhir chláraithe a dhearbhú, ar uimhir í a fuarthas ó na Coimisinéirí Ioncaim chun earraí a fháil gan cáin bhreisluacha dá dtagraítear i dTreoir Uimh. 2006/112/CE an 28 Samhain 20063 ón gComhairle a íoc, agus ní chun aon chríche gnó bona fide.

(22) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Custam a bhaineann le forghéilleadh agus daoradh earraí maidir le hearraí a dhlitear a fhorghéilleadh faoi fho-alt (20) nó (21) amhail is dá mba rud é gur tháinig siad chun bheith faoi dhliteanas a bhforghéillte faoi na hAchtanna sin agus, maidir leis na cumhachtaí go léir is infheidhmithe ag oifigeach Custam agus Máil faoi na hAchtanna sin, féadfaidh oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim iad a fheidhmiú ar oifigigh iad atá údaraithe chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú chun críocha na bhfo-alt sin agus beidh feidhm ag aon fhorálacha i ndáil le cionta faoi na hAchtanna sin, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil leis na fo-ailt sin.

(23) I gcás forais réasúnacha a bheith ag oifigeach atá údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an fho-ailt seo nó ag comhalta den Gharda Síochána chun droch-amhras a bheith air nó uirthi go bhfuil cion coiriúil faoi fhorálacha alt 1078 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, i ndáil le cáin, déanta ag duine nach bhfuil bunaithe sa Stát nó a gcreideann an t-oifigeach sin ina leith gur dóigh dó nó di an Stát a fhágáil, féadfaidh an t-oifigeach sin an duine sin a ghabháil.”,

(d) in alt 28, trí “€4,000” a chur in ionad “€950”,

(e) trí alt 29 a scriosadh, agus

(f) in alt 30 trí fho-ailt (2) agus (3) a scriosadh.

CUID 4

Cáin Fháltas Caipitiúil: Pionóis

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003—

(a) trí alt 25 a scriosadh, agus

(b) in alt 58—

(i) trí “€3,000” a chur in ionad €2,535” i bhfo-ailt (1)(a) agus (1A)(a),

(ii) trí “€3,000” a chur in ionad “€1,265” i bhfo-alt (2),

(iii) trí “, d’aon turas nó go míchúramach,” a chur isteach i ndiaidh “ina mainneoidh duine” agus trí “, mar gheall ar chalaois nó ar fhaillí arna déanamh ag an duine sin,” a scriosadh i bhfo-alt (1A),

(iv) trí “d’aon turas nó go míchúramach” a chur in ionad “go calaoiseach nó go faillíoch” i bhfo-alt (3),

(v) trí “d’aon turas nó go míchúramach” a chur in ionad “go calaoiseach ná go faillíoch” agus trí “go míchúramach” a chur in ionad “go faillíoch” i bhfo-alt (4),

(vi) trí “€3,000” a chur in ionad “€1,265” i bhfo-alt (7), agus

(vii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Faoi réir an ailt seo—

(a) beidh feidhm ag ailt 987(4), 1062, 1063, 1064, 1065, 1066 agus 1068 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le pionós faoin Acht seo amhail is dá mba phionós faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim an pionós, agus

(b) beidh feidhm ag alt 1077E (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le pionós faoin Acht seo amhail is dá mba phionós a bhaineann le cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar a bheidh, an pionós.”.

CUID 5

Dleachtanna Stampa

Caibidil 1

Pionóis

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999—

(a) in alt 8—

(i) i bhfo-alt (3), trí “roimh an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith,” a chur isteach roimh “ar ionstraim í”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Aon duine atá, ar an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith nó dá éis sin, chun aon ionstraim a ullmhú nó atá bainteach le hullmhú aon ionstraime agus a ullmhóidh aon ionstraim den sórt sin nach bhfuil na fíorais agus na himthosca go léir, a bhfuil an duine ar an eolas fúthu agus a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime sin i leith dleachta nó do mhéid na dleachta atá inmhuirearaithe ar an ionstraim sin, leagtha amach go hiomlán fírinneach san ionstraim nó in aon ráiteas lena mbaineann fo-alt (2), tabhóidh sé nó sí pionós €3,000.”,

(iii) i bhfo-alt (5)—

(I) trí “chun críocha fho-alt (3) den alt seo nó alt 134A(2)(a), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “chun críocha fho-alt (3)”, agus

(II) trí “go faillíoch nó d’aon turas, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “go faillíoch”, agus

(iv) i bhfo-alt (6), trí “faoi fho-alt (3) nó faoi fho-alt (2)(a) nó (4)(a) d’alt 134A, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “faoi fho-alt (3)”,

(b) in alt 16(2)—

(i) trí “chun críocha alt 8(3) nó 134A(2)(a), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “chun críocha alt 8(3)”, agus

(ii) trí “go faillíoch nó d’aon turas, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “go faillíoch”,

(c) in alt 76—

(i) i bhfo-alt (3), trí “Más rud é, roimh an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith, go gcuirfidh comhalta córais” a chur in ionad “I gcás go gcuirfidh comhalta córais”, agus

(ii) i bhfo-alt (5), trí “fho-alt (3) den alt seo nó alt 134A(2)(b), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “fho-alt (3)”, agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 134:

“Pionóis.

134A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘go míchúramach’ mainneachtain cúram réasúnach a ghlacadh;

ciallaíonn ‘dliteanas i leith dleachta’ dliteanas i leith mhéid na difríochta a shonraítear i bhfo-alt (7), (8) nó (9) agus a éiríonn ó aon ní dá dtagraítear i bhfo-ailt (2) agus (4);

tá le ‘treoir’, ‘córas iomchuí’ agus ‘comhalta córais’ an bhrí chéanna atá leo, faoi seach, in alt 68(2);

ciallaíonn ‘duine’—

(a) chun críocha fho-ailt (2)(b) agus (4)(b), comhalta córais, agus

(b) chun críocha fho-ailt (2)(c) agus (4)(c), duine cuntasach i gcás ina gcuirtear faoi deara tuairisceán leictreonach nó tuairisceán páipéir a sheachadadh nó ina seachadtar an céanna ar na Coimisinéirí;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach spreagtha’, i ndáil le duine, nochtadh cáilitheach a rinneadh do na Coimisinéirí nó d’oifigeach Ioncaim sa tréimhse idir na dátaí seo a leanas—

(a) an dáta a thugann oifigeach Ioncaim fógra don duine maidir leis an dáta a thosóidh imscrúdú nó fiosrúchán i dtaobh aon ní is bun leis an duine sin a bheith faoi dhliteanas i leith dleachta, agus

(b) an dáta a thosaíonn an t-imscrúdú nó an fiosrúchán;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach’, i ndáil le duine—

(a) i ndáil le pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (3), nochtadh gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur nochtadh faisnéise iomláine i ndáil leis na nithe uile agus le sonraí iomlána na nithe sin is cionsiocair le dliteanas dleachta as a dtagann pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (3), agus le sonraí iomlána na nithe sin is cionsiocair le dliteanas cánach as a dtagann pionós dá dtagraítear in alt 1077E(4) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, alt 27A(4) den Acht Cánach Breisluacha 1972 agus i bhfeidhmiú alt 1077E(4) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis an Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus

(b) i ndáil le pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (5), nochtadh gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur nochtadh faisnéise iomláine i ndáil leis na nithe uile agus le sonraí iomlána na nithe uile is cionsiocair le dliteanas dleachta as a dtagann pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (5) don tréimhse iomchuí,

arna dhéanamh i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim nó chun oifigigh Ioncaim agus arna shíniú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin agus lena ngabhann—

(i) dearbhú, de réir mar is fearr is eol don duine sin, a cuireadh i bhfios don duine sin agus a chreideann an duine sin, arna dhéanamh i scríbhinn go bhfuil gach ní atá sa nochtadh ceart iomlán, agus

(ii) íocaíocht ar an gcáin agus ar an dleacht, nó orthu araon, is iníoctha i leith aon ní atá sa nochtadh agus an úis ar íoc déanach na cánach agus na dleachta sin;

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí;

ciallaíonn ‘nochtadh cáilitheach neamhspreagtha’, i ndáil le duine, nochtadh cáilitheach ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith gur tugadh dóibh é go deonach—

(a) sular thosaigh siad féin, nó sular thosaigh oifigeach Ioncaim, imscrúdú nó fiosrúchán i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith dleachta, nó

(b) i gcás oifigeach Ioncaim do thabhairt fógra don duine faoin dáta a thosóidh imscrúdú nó fiosrúchán i dtaobh aon ní is bun le dliteanas de chuid an duine sin i leith dleachta, roimh an bhfógra sin.

(2) Más rud é go ndéanfaidh aon duine, d’aon turas—

(a) aon ionstraim a fhorghníomhú ar ionstraim í nach bhfuil na fíorais nó na himthosca go léir a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime sin i leith dleachta, nó do mhéid na dleachta atá inmhuirearaithe ar an ionstraim sin, leagtha amach go hiomlán agus go fírinneach san ionstraim nó in aon ráiteas lena mbaineann alt 8(2),

(b) treoir mhícheart a chur isteach i gcóras iomchuí, nó a chur faoi deara treoir mhícheart a chur isteach i gcóras iomchuí, agus go mbeidh an treoir mhícheart sin ina cúis le gearríoc dleachta stampa, nó gurb é an toradh atá uirthi éileamh ar dhíolúine ó dhleacht nach bhfuil aon teideal ann chuici, nó

(c) a chur faoi deara tuairisceán leictreonach mícheart nó tuairisceán páipéir mícheart a sheachadadh, nó tuairisceán leictreonach mícheart nó tuairisceán páipéir mícheart a sheachadadh, ar na Coimisinéirí ar tuairisceán é nach léiríonn na fíorais agus na himthosca uile a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime sin i leith dleachta, nó do mhéid na dleachta atá inmhuirearaithe ar an ionstraim sin, arb iad na fíorais agus na himthosca iad a cheanglaíonn na Coimisinéirí a nochtadh ar an tuairisceán sin,

ansin tabhóidh an duine sin pionós €1,265 agus pionós breise.

(3) Is é a bheidh sa phionós breise dá dtagraítear sna fo-ailt seo a leanas—

(a) i bhfo-alt (2) i ndáil le mír (a) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (7),

(b) i bhfo-alt (2) i ndáil le mír (b) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (8), agus

(c) i bhfo-alt (2) i ndáil le mír (c) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (9),

arna laghdú, i gcás inar chomhoibrigh an duine a thabhaigh an pionós go hiomlán le haon imscrúdú nó fiosrúchán a thosaigh na Coimisinéirí nó oifigeach Ioncaim i dtaobh aon ní is bun leis an duine sin a bheith faoi dhliteanas i leith dleachta, go dtí na méideanna seo a leanas—

(i) 75 faoin gcéad den mhéid sin i gcás nach mbeidh feidhm ag mír (ii) nó (iii),

(ii) 50 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go mbeidh an duine sin tar éis nochtadh cáilitheach spreagtha a dhéanamh, nó

(iii) 10 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go mbeidh an duine sin tar éis nochtadh cáilitheach neamhspreagtha a dhéanamh.

(4) Más rud é go ndéanfaidh aon duine, go míchúramach ach ní go toiliúil—

(a) aon ionstraim a fhorghníomhú ar ionstraim í nach mbeidh na fíorais ná na himthosca go léir a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime sin i leith dleachta nó do mhéid na dleachta atá inmhuirearaithe ar an ionstraim sin leagtha amach go hiomlán agus go fírinneach san ionstraim ná in aon ráiteas lena mbaineann alt 8(2),

(b) treoir mhícheart a chur isteach i gcóras iomchuí nó a chur faoi deara go ndéantar an céanna agus go mbeidh an treoir mhícheart sin ina cúis le gearríoc dleachta, nó gurb é an toradh atá uirthi éileamh ar dhíolúine ó dhleacht nach bhfuil aon teideal ann chuici, nó

(c) a chur faoi deara tuairisceán leictreonach mícheart nó tuairisceán páipéir mícheart a sheachadadh, nó go ndéanfaidh sé nó sí, go míchúramach ach ní go toiliúil, tuairisceán leictreonach mícheart nó tuairisceán páipéir mícheart a sheachadadh, ar na Coimisinéirí nach léirítear ann na fíorais ná na himthosca a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime sin i leith dleachta nó do mhéid na dleachta is inmhuirearaithe ar an ionstraim sin agus a cheanglaíonn na Coimisinéirí a nochtadh ar thuairisceán den sórt sin,

ansin tabhóidh an duine sin pionós €1,265 agus pionós breise.

(5) (a) Is é pionós breise dá dtagraítear—

(i) i bhfo-alt (4) i ndáil le mír (a) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (7),

(ii) i bhfo-alt (4) i ndáil le mír (b) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (8), agus

(iii) i bhfo-alt (4) i ndáil le mír (c) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (9),

arna laghdú go dtí 40 faoin gcéad i gcás feidhm a bheith ag an mbarrachas dá dtagraítear i bhfomhír (I) de mhír (b) agus go dtí 20 faoin gcéad i gcásanna eile.

(b) Más rud é gur chomhoibrigh an duine a thabhaigh an pionós go hiomlán le haon imscrúdú nó fiosrúchán a thosaigh na Coimisinéirí nó oifigeach Ioncaim faoi aon ní is bun leis an duine sin a bheith faoi dhliteanas dleachta, is é an pionós breise dá dtagraítear—

(i) i bhfo-alt (4) i ndáil le mír (a) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (7),

(ii) i bhfo-alt (4) i ndáil le mír (b) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (8), agus

(iii) i bhfo-alt (4) i ndáil le mír (c) den fho-alt sin, an méid a shonraítear i bhfo-alt (9),

arna laghdú—

(I) i gcás inar mó méid na difríochta dá dtagraítear i bhfo-alt (7), (8) nó (9), de réir mar a bheidh, ná 15 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(b), (8)(b) nó (9)(b), de réir mar a bheidh, go dtí—

(A) 30 faoin gcéad de mhéid na difríochta (dá ngairtear ‘an méid sin’ i gclásail (B) agus (C)) i gcás nach bhfuil feidhm ag clásal (B) nó (C),

(B) 20 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go mbeidh an duine sin tar éis nochtadh cáilitheach spreagtha a dhéanamh, nó

(C) 5 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go mbeidh an duine sin tar éis nochtadh cáilitheach neamhspreagtha a dhéanamh,

(II) i gcás nach mó méid na difríochta dá dtagraítear i bhfo-alt (7), (8) nó (9), de réir mar a bheidh, ná 15 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(b), (8)(b) nó (9)(b), de réir mar a bheidh, go dtí—

(A) 15 faoin gcéad de mhéid na difríochta (dá ngairtear ‘an méid sin’ i gclásail (B) agus (C)) i gcás nach bhfuil feidhm ag clásal (B) nó (C),

(B) 10 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go mbeidh an duine sin tar éis nochtadh cáilitheach spreagtha a dhéanamh, nó

(C) 3 faoin gcéad den mhéid sin i gcás go mbeidh an duine sin tar éis nochtadh cáilitheach neamhspreagtha a dhéanamh.

(6) Más rud é go ndéanann aon duine, agus nach d’aon turas ná go míchúramach a dhéanann sé nó sí amhlaidh—

(a) ionstraim a fhorghníomhú agus go dtiocfaidh sé ar iúl an duine sin nach ndéantar na fíorais agus na himthosca go léir a leagan amach go hiomlán agus go fírinneach san ionstraim nó in aon ráiteas lena mbaineann alt 8 (2),

(b) treoir a thaifeadadh, nó a chur faoi deara treoir a thaifeadadh, i gcóras iomchuí agus go dtiocfaidh sé ar iúl an duine sin gur threoir mhícheart an treoir, nó

(c) a chur faoi deara tuairisceán leictreonach nó tuairisceán páipéir a sheachadadh, nó tuairisceán leictreonach nó tuairisceán páipéir a sheachadadh, agus go dtiocfaidh sé ar iúl an duine sin nach léiríonn an tuairisceán leictreonach nó an tuairisceán páipéir na fíorais agus na himthosca go léir a cheanglaíonn na Coimisinéirí a nochtadh ar thuairisceán den sórt sin,

ansin, mura rud é go ndéantar an earráid a leigheas gan moill mhíréasúnach, déileálfar leis an duine chun críocha an ailt seo mar dhuine a ghníomhaigh d’aon turas.

(7) Is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i bhfo-ailt (3)(b) agus (5)(b) ná méid na difríochta idir na méideanna seo a leanas—

(a) méid na dleachta is iníoctha i leith na hionstraime ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca a bheidh leagtha amach agus seachadta, agus

(b) méid na dleachta arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mba rud é go mbeadh na fíorais agus na himthosca go léir dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) d’alt 8 leagtha amach go hiomlán agus go fírinneach san ionstraim agus in aon ráiteas a ghabhann léi.

(8) Is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i bhfo-ailt (3)(b) agus (5)(b) ná méid na difríochta idir na méideanna seo aleanas—

(a) an dleacht a íocadh amhlaidh (más ann), agus

(b) an dleacht ab iníoctha dá mba rud é gur taifeadadh an treoir i gceart.

(9) Is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i bhfo-ailt (3)(c) agus (5)(c) ná méid na difríochta idir na méideanna seo aleanas—

(a) an méid dleachta is iníoctha i leith na hionstraime ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arna nochtadh ar an tuairisceán sin, agus

(b) an méid dleachta arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mba rud go ndearnadh na fíorais agus na himthosca go léir a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime sin i leith dleachta nó do mhéid na dleachta is inmhuirearaithe ar an ionstraim sin, arb iad na fíorais agus na himthosca iad a cheanglaíonn na Coimisinéirí a nochtadh ar thuairisceán den sórt sin, a nochtadh dóibh.

(10) I gcás go ndéanfaidh duine dara nochtadh cáilitheach laistigh de 5 bliana ón tráth a dhéantar an chéad nochtadh cáilitheach de chuid an duine sin, ansin maidir le nithe a bhaineann leis an dara nochtadh—

(a) i ndáil le fo-alt (3)—

(i) beidh feidhm ag fomhír (ii) amhail is dá gcuirfí ‘75 faoin gcéad’ in ionad ‘50 faoin gcéad’, agus

(ii) beidh feidhm ag fomhír (iii) amhail is dá gcuirfí ‘55 faoin gcéad’ in ionad ‘10 faoin gcéad’, agus

(b) i ndáil le fomhír (I) d’fho-alt (5)(b)—

(i) beidh feidhm ag clásal (B) amhail is dá gcuirfí ‘30 faoin gcéad’ in ionad ‘20 faoin gcéad’, agus

(ii) beidh feidhm ag clásal (C) amhail is dá gcuirfí ‘20 faoin gcéad’ in ionad ‘5 faoin gcéad’.

(11) I gcás go ndéanfaidh duine tríú nochtadh cáilitheach nó nochtadh cáilitheach dá éis sin laistigh de 5 bliana ón tráth a dhéantar an dara nochtadh cáilitheach de chuid an duine sin, ansin maidir le nithe a bhaineann leis an tríú nochtadh cáilitheach nó le nochtadh cáilitheach dá éis sin, de réir mar a bheidh—

(a) ní laghdófar an pionós breise dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (3), agus

(b) ní bheidh feidhm ag an laghdú dá dtagraítear i bhfomhír (I) d’fho-alt (5)(b).

(12) Ní bheidh nochtadh, i ndáil le duine, ina nochtadh cáilitheach más rud é—

(a) sula ndéantar an nochtadh, go mbeidh fiosrúchán tosaithe ag oifigeach Ioncaim i dtaobh aon ní sa nochtadh sin agus go mbeidh teagmháil déanta aige nó aici leis an duine, nó le duine atá ionadaitheach don duine, nó fógra tugtha aige nó aici don duine, nó do dhuine atá ionadaitheach don duine, maidir leis an ábhar seo, nó

(b) gurb é atá sna nithe atá sa nochtadh ná nithe—

(i) atá tagtha ar iúl, nó atá ar tí teacht ar iúl, na gCoimisinéirí trí bhíthin a bhfiosrúchán féin nó trí bhíthin imscrúdaithe arna sheoladh ag comhlacht reachtúil nó ag gníomhaireacht reachtúil,

(ii) atá faoi réim fiosrúcháin atá á sheoladh, go hiomlán nó go páirteach, go poiblí, nó

(iii) lena bhfuil baint ag an duine a rinne an nochtadh, nó a bhfuil an duine a rinne an nochtadh ar tí a bheith bainteach leo, go poiblí.”.

2. (a) Faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, tá éifeacht le mír 5 den Sceideal seo (seachas clásail (i) agus (ii) d’fhomhír (a) agus d’fhomhír (c)(i) maidir le pionóis arna dtabhú tráth rite an Achta seo nó dá éis.

(b) Tagann fo-ailt (2)(c) agus (4)(c) d’alt 134A (atá á gcur isteach san Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 le fomhír (d) de mhír 5 den Sceideal seo), mar aon le haon tagairtí san alt sin a bhaineann leis na fo-ailt sin (2)(c) agus (4)(c), i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Caibidil 2

Ús agus Pionóis

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999—

(a) in alt 1 sa mhíniú ar “dísle”, trí “nó aon ús nó pionós” a chur in ionad “nó aon phionós”,

(b) in alt 2(4), trí “, aon ús agus pionós” a chur in ionad “agus aon phionós”,

(c) in alt 14—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) trí na focail “ar phionós €25 a íoc” a scriosadh, agus

(II) trí na focail “agus freisin trí phionós breise,” a scriosadh,

(ii) i bhfo-alt (2)—

(I) trí “an úis” a chur in ionad “na bpionós”, agus

(II) trí “phionós” a chur in ionad “phionós breise”,

(iii) i bhfo-alt (3), trí “aon ús nó pionós, nó aon ús agus pionós,” a chur in ionad “aon phionós”, agus

(iv) i bhfo-alt (4), trí “le haon ús nó pionós” a chur in ionad “le haon phionós”,

(d) in alt 45A(4)—

(i) trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san fho-alt seo) a íoc leis na Coimisinéirí” a chur in ionad “pionós a íoc leis na Coimisinéirí i méid”,

(ii) i mír (ii), trí “aon aisghlámtha” a chur in ionad “aon phionóis”, agus

(iii) trí “a íocfar an t-aisghlámadh” a chur in ionad “a íocfar an pionós”,

(e) in alt 71—

(i) i mír (b)(ii), trí “aon ús agus pionós” a chur in ionad “aon phionós”, agus

(ii) i mír (d), trí “an t-ús agus an pionós” a chur ionad “na pionóis”,

(f) in ailt 79(7), 80(8) agus 80A(8) trí “trí phionós,” a scriosadh,”,

(g) in alt 81—

(i) i bhfo-alt (7)—

(I) i mír (a), trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san alt seo’) a chur in ionad “pionós”,

(II) i mír (aa), trí “ar aisghlámadh” a chur in ionad “ar phionós” agus “an t-aisghlámadh” a chur in ionad “an pionós”,

(III) i mír (ac), trí “aisghlámadh” a chur in ionad “pionós”, trí “aon aisghlámadh” a chur in ionad “aon phionós” agus trí “aon aisghlámthaí” a chur in ionad “aon phionóis”,

agus

(ii) i míreanna (c) agus (d) d’fho-alt (8), trí “aisghlámadh faoi mhír (a)” a chur in ionad “pionós faoi mhír (a)”,

(h) in alt 81A—

(i) i bhfo-alt (11)—

(I) i mír (a), trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san alt seo)” a chur in ionad “pionós”,

(II) i mír (aa), trí “aisghlámadh” a chur in ionad “phionós” agus “t-aisghlámadh” a chur in ionad “pionós”, agus

(III) i mír (ac), trí “aisghlámadh” a chur in ionad “pionós” agus “phionós” agus “aon aisghlámthaí” a chur in ionad “aon phionós”,

agus

(ii) i míreanna (c) agus (d) d’fho-alt (12), trí “aisghlámadh faoi mhír (a)” a chur in ionad “pionós faoi mhír (a)”,

(i) in alt 81AA—

(i) i bhfo-alt (12)—

(I) i mír (a), trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san alt seo)” a chur in ionad “pionós”,

(II) i mír (b), trí “aisghlámadh” a chur in ionad “phionós” agus “t-aisghlámadh” a chur in ionad “pionós”, agus

(III) i mír (d), trí “aisghlámadh” a chur in ionad “pionós” agus “phionós” agus trí “aon aisghlámthaí” a chur in ionad “aon phionós”,

agus

(ii) i míreanna (c) gus (d) d’fho-alt (13), trí “aisghlámadh faoi mhír (a)” a chur in ionad “pionós faoi mhír (a)”,

(j) in ailt 81B agus 81C—

(i) i mír (a) d’fho-alt (9) de gach alt acu sin, trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san alt seo)” a chur in ionad “pionós de mhéid” agus trí “an t-aisghlámadh” a chur in ionad “an pionós”, agus

(ii) i bhfo-alt (10) de gach alt acu sin—

(I) i mír (b), trí “aisghlámadh nó pionós amháin faoi mhír (a), (c) nó (d), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “pionós amháin faoi mhír (a), (c) nó (d)”,

(II) i mír (c), trí “aisghlámadh faoi mhír (a)” a chur in ionad “pionós faoi mhír (a)”,

(III) i mír (d), trí “aisghlámadh nó pionós faoi mhír (a) nó (d), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “pionós faoi mhír (a) nó (d)”, agus

(IV) i mír (e), trí “aisghlámadh nó pionós faoi mhír (a) nó (c), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “pionós faoi mhír (a) or (c)”,

(k) in alt 82B—

(i) i bhfo-ailt (4)(a) agus (5), trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san alt seo)” a chur in ionad “pionós”,

(ii) i bhfo-alt (6), trí “aisghlámadh” a chur in ionad “phionós” agus “an t-aisghlámadh” a chur in ionad “an pionós”, agus

(iii) i bhfo-alt (7), trí “an t-aisghlámadh” a chur in ionad “an pionós”,

(l) in alt 87(3), trí “mar phionós breise,” a scriosadh,

(m) in alt 87A(4), trí “mar phionós breise,” a scriosadh,

(n) in ailt 91(2)(c)(i), 91A(6)(a), 92(2)(a) agus 92B(4)(a)—

(i) trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san alt seo) a chur in ionad “pionós”, agus

(ii) trí “dáta loghtha an aisghlámtha” a chur in ionad “dáta loghtha an phionóis”,

(o) in alt 92B(5), tríd an leagan cuí gramadaí de “aisghlámadh” a chur in ionad an leagain chomhréirigh de “pionós” gach áit a bhfuil sé,

(p) in alt 108A—

(i) i bhfo-alt (4), trí “méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san alt seo)” a chur in ionad “pionós” agus tríd an leagan cuí gramadaí de “an t-aisghlámadh” a chur in ionad an leagain chomhréirigh de “an pionós” gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) i bhfo-alt (5), trí “an t-aisghlámadh” a chur in ionad “an pionós”,

(q) in alt 117(3), trí “ar mhodh pionóis” a scriosadh,

(r) in ailt 123(7), 123A(7) agus 124(5)(b)—

(i) trí “ar mhodh pionóis,” a scriosadh, agus

(ii) trí “ar mhodh pionóis” a chur in ionad “ar mhodh pionóis breise”,

(s) in alt 123B(7)—

(i) trí “ar mhodh pionóis,” a scriosadh, agus

(ii) trí “ar mhodh pionóis” a chur in ionad “ar mhodh pionóis breise”,

(t) in ailt 123C(8) agus 124A(8)—

(i) trí “ar mhodh pionóis,” a scriosadh, agus

(ii) trí “ar mhodh pionóis” a chur in ionad “ar mhodh pionóis breise”,

(u) in ailt 123C(12) agus 124A(12), trí “aon ús nó pionós” a chur in ionad “aon phionós”,

(v) in alt 125(6), trí “ar mhodh pionóis agus” a scriosadh,

(w) in alt 126(7), trí “ar mhodh pionóis,” a scriosadh,

(x) i míreanna (a) agus (b) d’alt 126B(4), trí “aon ús agus pionós” a chur in ionad “aon phionós”,

(y) in alt 127—

(i) i bhfo-alt (1), trí “maille leis an ús agus leis an bpionós” a chur in ionad “agus maille leis an bpionós”,

(ii) i bhfo-alt (2), tríd an leagan cuí gramadaí de “, an t-ús agus an pionós” a chur in ionad an leagain chomhréirigh de “agus an pionós” gach áit a bhfuil sé, agus

(iii) i bhfo-alt (3)—

(I) trí “, ús agus pionós” a chur in ionad “nó pionós”, agus

(II) trí “, an t-ús agus an pionós” a chur in ionad “agus an pionós”,

(z) in alt 130(2), tríd an leagan cuí gramadaí de “an t-ús agus an pionós” a chur in ionad an leagain chomhréirigh de “an pionós” gach áit a bhfuil sé,

agus

(aa) in alt 156(3)(a), trí “aon ús nó pionós” a chur in ionad “aon phionós”.

2. Maidir le mír 7 den Sceideal seo

(a) tá éifeacht le fomhíreanna (a) go (aa) (seachas fomhír (c)(i)(I)) den mhír sin amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo agus a mhéid atá feidhm ag Caibidil 3A (atá á cur isteach i gCuid 47 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 le Cuid 1 den Sceideal seo) maidir le pionóis arna dtabhú faoin Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 roimh an Acht seo a rith ar pionóis iad nach mbeidh íoctha ar an Acht seo a rith, ní bheidh feidhm aici maidir le pionóis den sórt sin atá i bhfoirm úis a bheidh fabhraithe faoi aon fhorálacha den Acht sin, agus

(b) tá éifeacht le fo-mhír (c)(i)(I) den mhír sin maidir le pionóis arna dtabhú i leith ionstraimí a fhorghníomhaítear ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

1IO Uimh. L 347 an 11 Nollaig 2006, lch. 1

2IO Uimh. L347 an 11 Nollaig 2006, lch. 1

3IO Uimh. L347 an 11 Nollaig 2006, lch. 1