|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 5 Leasuithe Ilghnéitheacha i nDáil le Pionóis) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 6 Leasuithe Ilghnéitheacha Teicniúla i nDáil le Cáin | |
[EN] | Alt 99 . | |
[EN] | 1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997— | |
[EN] | (a) in alt 128C(2), trí “agus chun na críche seo folaíonn ‘fostaíocht’ fostaíocht roimhe sin nó fostaíocht ionchasach, agus folaíonn ‘oifig’ oifig roimhe sin nó oifig ionchasach.” a chur in ionad “agus chun na críche seo folaíonn ‘fostaíocht’ fostaíocht roimhe sin nó fostaíocht ionchasach.”, | |
[EN] | (b) in alt 598(1)(a) sa mhíniú ar “an Scéim”— | |
[EN] | (i) i mír (i), trí “nó” a scriosadh agus, i mír (ii), trí “nó” a chur isteach ag deireadh na míre sin, agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii): | |
[EN] | “(iii) an Scéim um Luath-Scor ó Fheirmeoireacht a thug an tAire Talmhaíochta agus Bia isteach chun Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 an 20 Meán Fómhair 2005 ón gComhairle 1 a chur i ngníomh;”, | |
[EN] | (c) in alt 1078B(6), trí “nó faoi fho-alt (3) d’alt 908C” a chur isteach i ndiaidh “d’alt 905”, agus | |
[EN] | (d) i Sceideal 24A— | |
[EN] | (i) i gCuid 1— | |
[EN] | (I) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 25: | |
[EN] | “25A. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam)(Poblacht na Macadóine) 2008 (I.R. Uimh. 463 de 2008).”, | |
[EN] | (II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 26: | |
[EN] | “26A. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Málta) 2008 (I.R. Uimh. 502 de 2008).”, | |
[EN] | (III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 41: | |
[EN] | “41A. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Tuirce) 2008 (I. R. Uimh. 501 de 2008).”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (IV) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 43: | |
[EN] | “43A. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht Shóisialach Vítneam) 2008 (I.R. Uimh. 453 de 2008).”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) i gCuid 3, tríd an méid seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “1. An tOrdú um Malartú Faisnéise a bhaineann le Cúrsaí Cánach agus Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Oileán Mhanann) 2008 (I.R. Uimh. 459 de 2008).”. | |
[EN] | 2. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999— | |
[EN] | (a) trí alt 49 a scriosadh, agus | |
[EN] | (b) in alt 92B(8)(aa)(iv)(III), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhochlásal (E): | |
[EN] | “(E) ó dháta forghníomhaithe an tíolactha nó an aistrithe, go ndearnadh na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b)(ii) nó (4A), de réir mar a bheidh, nó na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b)(ii) nó (2A) d’alt 92, a chomhlíonadh agus go gcomhlíonfar iad go ceann an chuid eile den tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear san fho-alt a bhfuil feidhm aige maidir leis an tíolacadh nó leis an aistriú lena mbaineann,”. | |
[EN] | 3. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, in alt 28(2)(a), trí “an deontaí nó an chomharba sin” a chur in ionad “an diúscróra sin”. | |
[EN] | 4. Leasaítear an tAcht Cánach Breisluacha 1972— | |
[EN] | (a) in alt 1(1)— | |
[EN] | (i) sa mhíniú ar “earraí caipitiúla”, trí “agus folaíonn sé athfheistiú de réir bhrí alt 12E,” a chur isteach i ndiaidh “earraí dochorraithe forbartha”, | |
[EN] | (ii) i mír (a) den mhíniú ar “gníomhaíocht díolmhaithe”, trí “de bhun ailt 4(6) agus 4B(2) agus fho-ailt (2) agus (6)(b) d’alt 4C” a chur in ionad “de bhun ailt 4(6), 4B(2) agus 4C(2)”, agus | |
[EN] | (iii) sa mhíniú ar “leas atá coibhéiseach le ruíleas”, trí “leas in earraí dochorraithe, seachas leas ruílse,” a chur in ionad “leas in earraí dochorraithe seachas leas ruílse”, | |
[EN] | (b) in alt 4(8)(c)(ii), trí “Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo i gcás é a bheith d’oibleagáid ar an duine a dhéanann an géilleadh nó an sannadh doiciméad a eisiúint de réir alt 4C(8)(a) chuig an duine dá ndéantar an géilleadh nó an sannadh sin.” a chur isteach i ndiaidh “an sannadh sin.”, | |
[EN] | (c) in alt 4B— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2)— | |
[EN] | (I) trí “agus alt 4C(6)(a)” a chur isteach i ndiaidh “Faoi réir fho-ailt (3), (5) agus (7)”, | |
[EN] | (II) i mír (a), trí “laistigh de 20 bliain roimh an soláthar sin” a chur isteach i ndiaidh “orthu”, | |
[EN] | (III) i mír (c)(ii)(II), trí “inchánach” a scriosadh, agus | |
[EN] | (IV) i mír (e)(ii)(II), trí “inchánach” a scriosadh, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (5)— | |
[EN] | (I) trí “, fho-alt (2) nó (6)(b) d’alt 4C” a chur isteach i ndiaidh “fho-alt (2)”, sa dá áit a bhfuil sé, agus | |
[EN] | (II) trí “(tráth nach déanaí ná an cúigiú lá déag den mhí tar éis na míosa ina ndéantar an soláthar sin)” a chur isteach i ndiaidh “comhaontú i scríbhinn”, | |
[EN] | (d) in alt 4C— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (I) i mír (a), trí “, ar earraí dochorraithe críochnaithe iad roimh an 1 Iúil 2008,” a chur isteach i ndiaidh “roimh an 1 Iúil 2008”, agus | |
[EN] | (II) i mír (b)— | |
[EN] | (A) trí “alt 4,” a chur in ionad “alt 4”, agus | |
[EN] | (B) trí “agus an leas frithdhílse, de réir bhrí alt 4(9), ar an leas sin go dtí go ngéillfear an leas sin tar éis an 1 Iúil 2008” a chur isteach i ndiaidh “arna shealbhú ag duine inchánach an 1 Iúil 2008”, | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) I gcás ina ngéilltear leas lena mbaineann fo-alt (1)(b), ansin, chun críocha fheidhm alt 12E i leith na n-earraí dochorraithe lena mbaineann— | |
[EN] | (a) beidh an méid cánach is inmhuirearaithe ar an ngéilleadh de réir fho-alt (7) san áireamh sa cháin iomlán arna tabhú agus ní bheidh cáin arna tabhú roimh an leas a géilleadh a chruthú san áireamh inti, agus | |
[EN] | (b) is é a bheidh sa tréimhse choigeartúcháin ná an líon eatramh a shonraítear i bhfo-alt (11)(c)(iv) agus tosóidh an t-eatramh tosaigh ar dháta an ghéillte sin.”, | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (3)(c), trí “go ndéanann” a chur in ionad “go gcruthaíonn”, | |
[EN] | (iv) i bhfo-alt (4), trí “ón tráth a rinneadh an sannadh is déanaí” a chur in ionad “ón sannadh is déanaí”, | |
[EN] | (v) i bhfo-alt (7)(b), trí “ach amháin an méid cánach arna mhuirearú i leith aon fhorbartha ag an duine a dhéanann an sannadh nó an géilleadh tar éis an leas a fháil” a chur isteach i ndiaidh “i bhfo-alt (11)(d)”, | |
[EN] | (vi) i bhfo-alt (8)(a)— | |
[EN] | (I) trí “do dhuine inchánach” a chur isteach i ndiaidh “a shannadh nó a ghéilleadh”, agus | |
[EN] | (II) i bhfomhír (ii), trí “arna chinneadh de réir fho-alt (11)(c)(iv)” a chur isteach i ndiaidh “sa tréimhse choigeartúcháin”, | |
[EN] | (vii) trí mhír (b) d’fho-alt (9) a scriosadh, | |
[EN] | (viii) i bhfo-alt (10) trí “ach má dhéanann an duine sin na hearraí dochorraithe a fhorbairt agus más athfheistiú, de réir bhrí alt 12E, a chríochnaítear an 1 Iúil 2008 nó dá éis, an fhorbairt sin ansin ní dhéanfar neamhshuim de na fo-ailt seo i leith an athfheistithe sin” a chur isteach i ndiaidh “an 1 Iúil 2008”, agus | |
[EN] | (ix) i bhfo-alt (11)— | |
[EN] | (I) trí “le hearraí dochorraithe” a chur in ionad “le hearraí dochorraithe,”, | |
[EN] | (II) i mír (b), trí “developed” a chur in ionad “developed,” sa leagan Béarla, | |
[EN] | (III) i mír (c)— | |
[EN] | (A) trí “nó leasanna in earraí dochorraithe” a chur isteach i ndiaidh “i leith earraí dochorraithe”, | |
[EN] | (B) i bhfomhír (ii), trí “cibé acu is giorra,” a chur in ionad “cibé acu is giorra, nó”, | |
[EN] | (C) i bhfomhír (iii), trí “roimh an 1 Iúil 2008,” a chur isteach i ndiaidh “leas in earraí dochorraithe,” agus trí “cibé acu is giorra, nó” a chur in ionad “cibé acu is giorra,”, agus | |
[EN] | (D) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii)— | |
[EN] | “(iv) i gcás an méid seo a leanas— | |
[EN] | (I) leas in earraí dochorraithe a ghéilleadh nó a shannadh den chéad uair an 1 Iúil 2008 nó dá éis, an líon blianta iomlána atá fágtha sa tréimhse choigeartúcháin arna chinneadh de réir fhomhíreanna (ii) agus (iii), móide aon bhliain amháin, nó | |
[EN] | (II) an dara sannadh nó aon sannadh dá éis sin ar leas in earraí dochorraithe tar éis 1 Iúil 2008, an líon eatramh iomlán atá fágtha sa tréimhse choigeartúcháin arna chinneadh de réir chlásal (I), móide aon eatramh amháin, | |
[EN] | agus, dá éis sin, is é an líon seo an líon eatramh atá fágtha sa tréimhse choigeartúcháin,”, | |
[EN] | (IV) i mír (d), trí “is déanaí” a scriosadh, | |
[EN] | (V) i mír (e), trí “eatramh” a chur in ionad “blianta”, | |
[EN] | (VI) i mír (h), trí “, ach i gcás leasa a shanntar nó a ghéilltear an 1 Iúil 2008 nó dá éis, beidh leis an dara heatramh den tréimhse choigeartúcháin an bhrí a shanntar dó le halt 12E” a chur isteach i ndiaidh “an dara heatramh”, agus | |
[EN] | (VII) i mír (j)— | |
[EN] | (A) i bhfomhír (ii), trí “2008,” a chur in ionad “2008, agus”, | |
[EN] | (B) i bhfomhír (iii), trí “i leith na n-earraí caipitiúla sin de réir alt 3(1)(e) nó 4(3)(a)” a chur in ionad “de réir fho-alt (3) nó alt 4(3)(ab)” agus trí “an t-úinéir earraí caipitiúla, agus” a chur in ionad “an t-úinéir earraí caipitiúla,”, agus | |
[EN] | (C) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii): | |
[EN] | “(iv) i gcás ina mbeidh coigeartú déanta ar inasbhainteacht i leith an earra chaipitiúil de réir fho-alt (3) nó alt 4(3)(ab), an méid ‘T’ san fhoirmle in alt 4(3)(ab),”, | |
[EN] | (e) in alt 7A— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)(d)(ii)— | |
[EN] | (I) i gclásal (I), trí “nach mbeidh níos luaithe ná dáta an chomhaontaithe sin” a chur isteach i ndiaidh “an dáta foirceanta”, agus | |
[EN] | (II) i gclásal (II), trí “nach mbeidh níos luaithe ná dáta an chomhaontaithe sin” a chur isteach i ndiaidh “an dáta foirceanta”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2)— | |
[EN] | (I) i mír (a)— | |
[EN] | (A) trí “Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), ní ceadmhach do thiarna talún” a chur in ionad “Ní ceadmhach do thiarna talún”, agus | |
[EN] | (B) i bhfomhír (i), trí “faoi réir mhír (b),” a scriosadh, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (II) i mír (b), trí “agus fo-alt (1)(d)(iii)” a chur isteach i ndiaidh “mír (a)(i)”, | |
[EN] | (f) in alt 7B(3), trí “ina ndéanann nó ina ndearna” a chur in ionad “ina ndearna”, | |
[EN] | (g) in alt 8— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1B)(b), trí “lena mbaineann alt 531(1) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997” a chur a chur isteach i ndiaidh “ina bhfaigheann príomhaí”, | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (5A), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c)— | |
[EN] | “(d) Níl feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hearraí dochorraithe arna bhfáil nó arna bhforbairt an 1 Iúil 2008 nó dá éis.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (8)(d), trí “ansin, mura mbeidh rogha cánach an tiarna talún feidhmithe ag an tiarna talún sin de réir alt 7A i leith na hearraí dochorraithe sin a ligean tráth an scoir nó mura mbeidh tarscaoileadh aige nó aici” a chur in ionad “ansin, mura mbeidh tarscaoileadh ag an tiarna talún sin”, | |
[EN] | (h) in alt 12— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)(a)(iv), trí “alt 5(3)(c)” a chur in ionad “alt 5(3)(d)”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (4)(a), sa mhíniú ar “inchuir dhé-úsáide” trí “, nó seirbhísí a bhaineann le forbairt earraí dochorraithe atá faoi réir fhorálacha alt 12E” a chur isteach i ndiaidh “ar iad a cheannach nó a fháil”, | |
[EN] | (i) in alt 12E— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (3)(b)(ii)(I), trí “de réir alt 4B(2) nó fho-alt (2) nó (6)(b) d’alt 4C” a chur in ionad “de réir alt 4B(2)”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (10), trí “de réir alt 4B(2) nó fho-alt (2) nó (6)(b) d’alt 4C” a chur in ionad “de réir alt 4B(2)”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (j) in alt 13(3)(b), trí “de réir mhír (f) nó (g) d’fho-alt (1A), nó fho-alt (1B)(b) nó (2), d’alt 8” a chur in ionad “de réir alt 8(2)”. | |
[EN] | 5. Leasaítear an tAcht Airgeadais 2001, in alt 116(5), trí “alt 99(3)” a chur in ionad “alt 99(1)(b)”. | |
[EN] | 6. Leasaítear an tAcht Airgeadais 2008— | |
[EN] | (a) in alt 5— | |
[EN] | (i) i mír (d)(ii), trí “agus” a chur in ionad “nó”, | |
[EN] | (ii) i mír (f), trí “agus” a chur in ionad “nó”, agus | |
[EN] | (iii) i mír (g), trí “agus” a chur in ionad “nó”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) trí alt 108 a scriosadh agus trína mheas nach raibh éifeacht leis riamh. | |
[EN] | 7. (a) Maidir le mír 1— | |
[EN] | (i) meastar gur tháinig fomhír (a) i bhfeidhm agus go raibh éifeacht léi amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008, | |
[EN] | (ii) meastar gur tháinig fomhír (b) i bhfeidhm agus go raibh éifeacht léi maidir le diúscairt sócmhainne an 13 Meitheamh 2007 nó dá éis, agus | |
[EN] | (iii) tá éifeacht le fomhíreanna (c) agus (d) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (b) Tá éifeacht le mír 2 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (c) Meastar gur tháinig mír 3 i bhfeidhm agus go raibh éifeacht léi amhail ar an agus ón 21 Feabhra 2003. | |
[EN] | (d) Tá éifeacht le mír 4 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (e) Tá éifeacht le mír 5 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (f) Maidir le mír 6— | |
[EN] | (i) meastar gur tháinig fomhír (a) i bhfeidhm agus go raibh éifeacht léi amhail ar an agus ón 13 Márta 2008, agus | |
[EN] | (ii) tá éifeacht le fomhír (b) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |