|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 5 Cáin Chorparáide ) | Ar Aghaidh (CUID 2 Mál ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil 6 Cáin Ghnóchan Caipitiúil | |
[EN] |
Mar a dhéileálfar ó thaobh cánach le bainisteoirí ciste fiontair áirithe. |
41 .— Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 541B: |
[EN] | “541C.— (1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘ús iompartha’, i ndáil le hinfheistíocht iomchuí, an scair de na brabúis (i gcás gur comhaontaíodh an cóimheas scaireanna i dtosach na hinfheistíochta iomchuí) dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘brabúis iomlána ó infheistíocht’ a fhaigheann cuideachta nó comhpháirtíocht i leith bhainistiú na hinfheistíochta iomchuí; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ús iompartha lena mbaineann an t-alt seo’, i ndáil le hinfheistíocht iomchuí, méid úis iompartha nach mó ná 20 faoin gcéad de na brabúis iomlána ón infheistíocht iomchuí; | |
[EN] | ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí nuálaíochta’ próisis nua teicneolaíochta, teileachumarsáide, eolaíochta nó ghnó a fhorbairt; | |
[EN] | ciallaíonn ‘infheisteoir’, i ndáil le hinfheistíocht iomchuí, duine seachas duine atá i dteideal úis iompartha nó duine atá bainteach leis an duine sin; | |
[EN] | ciallaíonn ‘infheistíocht iomchuí’ infheistíocht, a leanann de bheith i bhfeidhm ar feadh 6 bliana ar a laghad, i scaireanna neamhluaite nó in urrúis de chuid cuideachta trádála príobháidí agus, maidir leis an gcuideachta sin— | |
[EN] | (a) go bhfuil gnó a bunaíodh agus a tosaíodh an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin á sheoladh aici, seachas gnó— | |
[EN] | (i) a bhí á sheoladh roimhe sin ag duine eile agus a bhfuil an chuideachta tagtha i gcomharbas air, | |
[EN] | (ii) a raibh a ghníomhaíochtaí á seoladh roimhe sin mar chuid de ghnó duine eile, nó | |
[EN] | (iii) is trádáil eiscthe de réir bhrí alt 21A, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) go bhfuil gnó is gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó nuálaíochta á sheoladh aici; | |
[EN] | tá le ‘gníomhaíochtaí taighde agus forbartha’ an bhrí chéanna atá leis in alt 766(1); | |
[EN] | ciallaíonn ‘brabúis iomlána ó infheistíocht’, i ndáil le hionstraim iomchuí, suimiú— | |
[EN] | (a) na mbrabús is inchurtha síos d’infheisteoirí san infheistíocht iomchuí faoi threoir ráta tosaigh chomhaontaithe toraidh, agus | |
[EN] | (b) iarmhéid bhrabúis na hinfheistíochta iomchuí de bhreis orthu sin a ríomhtar faoi threoir an ráta tosaigh chomhaontaithe toraidh. | |
[EN] | (2) (a) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, measfar, maidir le hús iompartha lena mbaineann an t-alt seo agus a fhaigheann comhpháirtíocht, gur méid gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann alt 28(1) é. | |
[EN] | (b) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, measfar, maidir le hús iompartha lena mbaineann an t-alt seo agus a fhaigheann cuideachta, gur méid gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann alt 28(1) é. | |
[EN] | (3) (a) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é an ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (2)(a) 15 faoin gcéad. | |
[EN] | (b) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é an ráta cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (2)(b) 12.5 faoin gcéad.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 29 (daoine is inmhuirearaithe) den Phríomh-Acht. |
42 .— (1) Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (4) trí “agus den Ríocht Aontaithe” a scriosadh sa dá áit ina bhfuil sé. |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 20 Samhain 2008 nó dá éis. | |
[EN] |
Leasú ar alt 549 (idirbhearta idir daoine bainteacha) den Phríomh-Acht. |
43 .— (1) Leasaítear alt 549 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6): | |
[EN] | “(6) I gcás ina mbeidh an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) faoi réir aon chirt nó sriain is infhorfheidhmithe ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha nó ag duine a bheidh bainteach leis an duine sin, ansin, is é a bheidh sa mhargadhluach sin, i gcás go mbeidh méid na comaoine i leith na fála, á mheas de réir fho-alt (2), comhionann le margadhluach na sócmhainne, an margadhluach a bheadh uirthi mura mbeadh sí faoi réir an chirt nó an tsriain, arna laghdú— | |
[EN] | (a) den mhéid is lú acu seo a leanas— | |
[EN] | (i) margadhluach an chirt nó an tsriain, agus | |
[EN] | (ii) an méid a chuirfeadh a mhúchadh le luach na sócmhainne dá húinéir, nó | |
[EN] | (b) de mhargadhluach an chirt nó an tsriain, i gcás gur comhionann an margadhluach dá dtagraítear i mír (a)(i) agus an méid dá dtagraítear i mír (a)(ii).”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | |
[EN] | “(7A) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina mbeidh an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) faoi réir aon chirt nó sriain is infhorfheidhmithe ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha nó ag an duine a bheidh bainteach leis an duine sin, agus ina mbeidh margadhluach na sócmhainne ar dháta a fála (gan féachaint d’aon cheart nó srian) níos mó ná an chomaoin, in airgead nó i luach airgid, a tugadh mar íocaíocht i leith na sócmhainne sin. | |
[EN] | (b) Más rud é, ar an duine a fuair sócmhainn lena mbaineann mír (a) an tsócmhainn sin a dhiúscairt dá éis sin, go mbeidh d’éifeacht le fo-alt (7) (gan an fo-alt seo a chur i gcuntas)— | |
[EN] | (i) caillteanas a mhéadú, nó | |
[EN] | (ii) caillteanas a chur in ionad gnóchain, | |
[EN] | ansin, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin.”. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 20 Samhain 2008 nó dá éis. | |
[EN] |
Gnóchain chaipitiúla: ráta muirir. |
44 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht— |
[EN] | (a) in alt 28(3) trí “22 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad”, agus | |
[EN] | (b) in alt 649A— | |
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d’fho-alt (1): | |
[EN] | “(b) i gcás diúscartha iomchuí arna déanamh an 15 Deireadh Fómhair nó dá éis, 22 faoin gcéad.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2), trí mhír (b)(i) a scriosadh. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 15 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis. | |
[EN] |
Mar a dhéileálfar le diúscairtí áirithe arna ndéanamh ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann. |
45 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 611: |
[EN] | “611A.— (1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘Cumann nua’ Cumann Cógaiseoirí na hÉireann nó, sa Bhéarla, The Pharmaceutical Society of Ireland a bunaíodh le halt 5(2) den Acht Cógaisíochta 2007; | |
[EN] | ciallaíonn ‘sean-Chumann’ an Pharmaceutical Society of Ireland a bunaíodh agus a corpraíodh le halt 4 den Pharmacy (Ireland) Act 1875. | |
[EN] | (2) Maidir le sócmhainn arna diúscairt ag an gCumann nua ar sócmhainn í a fuair sé ón sean-Chumann de bhua alt 5 den Acht Cógaisíochta 2007, measfar go bhfuair an Cumann nua í an tráth céanna agus ar an gcomaoin chéanna ar a bhfuair an sean-Chumann í, agus beidh feidhm ag forálacha alt 566 dá réir sin.”. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 20 Samhain 2008 nó dá éis. |