An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Mál ) Ar Aghaidh (CUID 4 Dleachtanna Stampa )

25 2008

TODO

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

67 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

68 .— Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1C)—

(a) i mír (a), trí “an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt a aistriú ó thaobh substainte.” a chur in ionad “an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt a aistriú ó thaobh substainte, agus” agus

(b) trí mhír (b) a scriosadh.

Leasú ar alt 7A (rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin) den Phríomh-Acht.

69 .— Leasaítear alt 7A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(d)(iv)—

(i) trí “nuair a áitíonn an tiarna talún nó” a chur in ionad “nuair a thosaíonn”, agus

(ii) trí “duine atá bainteach leis an tiarna talún na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin” a chur in ionad “duine atá bainteach leis an tiarna talún ar na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a áitiú”,

agus

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) i gcás go ndéanann an tiarna talún, cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí bainteach leis an tionónta, nó duine atá bainteach leis an tiarna talún, na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a áitiú, cibé acu a áitíonn an tiarna talún sin nó an duine sin na hearraí sin ar mhodh ligin nó ar shlí eile.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(ii) ná fo-alt (1)(d)(iv) i gcás go n-úsáideann an t-áititheoir (is aon duine lena n-áirítear an tiarna talún dá dtagraítear sa mhír sin nó san fho-alt sin) na táirgí dochorraithe is ábhar don ligean chun soláthairtí a dhéanamh lena gcuirtear an t-áititheoir sin i dteideal 90 faoin gcéad ar a laghad den cháin uile is inmhuirearaithe i leith earraí nó seirbhísí a úsáideann an t-áititheoir sin chun na soláthairtí sin a dhéanamh a asbhaint, de réir alt 12. I gcás go mbeidh tiarna talún tar éis rogha an tiarna talún chun cánach i leith ligin lena mbainfeadh mír (a)(ii) murach an mhír seo a fheidhmiú, áfach, beidh feidhm ag mír (a)(ii) ó dheireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta ina n-úsáidtear na hearraí dochorraithe chun soláthairtí a dhéanamh lena gcuirtear an t-áititheoir sin i dteideal níos lú ná 90 faoin gcéad den cháin sin is inmhuirearaithe a asbhaint.”.

Leasú ar alt 7B (bearta idirthréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

70 .— Leasaítear alt 7B den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)—

“(6) I gcás go mbeidh ligean ag tiarna talún lena mbaineann fo-alt (3) nó (4) agus ina dtiocfaidh an tiarna talún sin chun bheith ina dhuine i ngrúpa de réir bhrí alt 8(8) an 1 Iúil 2008 nó dá éis agus inar duine sa ghrúpa sin an duine dá ndéantar an ligean sin, ansin dlífidh an duine dá dtagraítear in alt 8(8)(a)(i)(I) i leith an ghrúpa sin an méid mar a shonraítear i bhfo-alt (3)(a) a íoc ionann is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19—

(a) i gcás tiarna talún a tháinig chun bheith ina dhuine sa ghrúpa sin roimh dháta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2008, sa tréimhse inchánach ina ritear an tAcht sin, nó

(b) i gcás tiarna talún a tháinig chun bheith ina dhuine sa ghrúpa sin tar éis dháta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2008, sa tréimhse inchánach ar lena linn a tháinig an tiarna talún sin chun bheith ina dhuine sa ghrúpa sin.”.

Imeallscéim ghníomhaire taistil.

71 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10B:

“10C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘seirbhísí arna gceannach isteach’ earraí nó seirbhísí a cheannaíonn gníomhaire taistil chun tairbhe dírí do thaistealaí ó dhuine inchánach eile nó ó dhuine atá ag gabháil do ghnó lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘seirbhísí imeallscéime’ seirbhísí arna gceannach isteach a sholáthraíonn gníomhaire taistil do thaistealaí;

ciallaíonn ‘gníomhaire taistil’ duine inchánach a ghníomhaíonn mar phríomhaí i dtaca le seirbhísí imeallscéime a sholáthar do thaistealaí, agus chun críocha an ailt seo folaíonn gníomhaire taistil tionscnóir turas;

ciallaíonn ‘imeall gníomhaire taistil’, i ndáil le soláthar seirbhísí imeallscéime, méid a ríomhtar de réir na foirmle seo a leanas:

A — B

i gcás—

inarb é A an chomaoin iomlán a dtiocfaidh an gníomhaire taistil chun bheith i dteideal í a fháil i leith an tsoláthair seirbhísí imeallscéime sin, nó i ndáil leis, lena n-áirítear gach uile cháin, coimisiún, costas agus muirear ar bith agus cáin bhreisluacha is iníoctha i leith an tsoláthair sin, agus

inarb é B an méid is iníoctha ag an ngníomhaire taistil le soláthróir i leith seirbhísí arna gceannach isteach a áirítear sa soláthar seirbhísí imeallscéime sin don taistealaí, ach tabharfar neamhaird le linn an t-imeall a ríomh ar aon seirbhísí arna gceannach isteach ar cheannaigh an gníomhaire taistil iad roimh an 1 Eanáir 2010 agus ar ina leith a éilíonn an gníomhaire taistil sin in-asbhainteacht de réir alt 12,

agus más mó an B sin ná an A sin measfar gur nialas é imeall an ghníomhaire taistil i leith an tsoláthair sin;

ciallaíonn ‘imeallscéim gníomhaire taistil’ na socruithe speisialta chun seirbhísí imeallscéime a fhómhas.

(2) Déileálfar mar sholáthar aonair le soláthar seirbhísí imeallscéime ag gníomhaire taistil do thaistealaí i leith turais.

(3) Is é an áit a sholáthraítear seirbhísí imeallscéime an áit inar bhunaigh gníomhaire taistil gnó an ghníomhaire taistil sin, ach má sholáthraítear na seirbhísí sin ó bhunaíocht shocraithe de chuid an ghníomhaire taistil sin atá suite in áit seachas an áit inar bhunaigh an gníomhaire taistil sin gnó an ghníomhaire taistil sin, is é áit soláthair na seirbhísí sin an áit a mbeidh an bhunaíocht shocraithe sin suite.

(4) Beidh feidhm ag imeallscéim an ghníomhaire taistil maidir le soláthar seirbhísí imeallscéime sa Stát.

(5) D’ainneoin alt 10, is é an méid ar a mbeidh cáin inmhuirearaithe de bhua alt 2(1)(a) ar sholáthar seirbhísí imeallscéime imeall an ghníomhaire taistil lúide an méid cánach atá ar áireamh san imeall sin.

(6) D’ainneoin ailt 12 agus 13, ní bheidh gníomhaire taistil i dteideal asbhainte nó aisíoca cánach a iompraíodh nó a íocadh i leith seirbhísí arna gceannach isteach a sholáthair an gníomhaire taistil sin mar sheirbhísí imeallscéime.

(7) I gcás ina soláthróidh gníomhaire taistil seirbhísí imeallscéime mar aon le hearraí nó seirbhísí eile do thaistealaí ar chomaoin iomlán, ansin déanfaidh an gníomhaire taistil sin an chomaoin iomlán sin a chionroinnt chun go ndéanfar an cóimheas atá idir luach na seirbhísí imeallscéime sin agus an chomaoin iomlán sin a léiriú i gceart, agus sa chás sin beidh cion na comaoine iomláine a bhaineann le luach na seirbhísí imeallscéime faoi réir imeallscéim an ghníomhaire taistil.

(8) Déileálfar le seirbhísí imeallscéime mar sheirbhísí idirghabhálaí nuair is lasmuigh den Chomhphobal a dhéantar na seirbhísí arna gceannach isteach.

(9) I gcás ina ndéanfaidh gníomhaire taistil soláthar seirbhísí imeallscéime ar a n-áirítear seirbhísí áirithe a ndéileáiltear leo mar sheirbhísí idirghabhálaí de réir fho-alt (8), ansin déanfaidh an gníomhaire taistil sin imeall iomlán an ghníomhaire taistil sin i leith an tsoláthair sin a chionroinnt chun go ndéanfar an cóimheas a léiriú i gceart atá idir an costas atá ar an ngníomhaire taistil sin mar gheall ar na seirbhísí a cheannaítear isteach agus a úsáidtear sna seirbhísí imeallscéime, is seirbhísí a ndéileáiltear leo mar sheirbhísí idirghabhálaí sa soláthar sin, agus an costas iomlán atá ar an ngníomhaire taistil sin mar gheall ar na seirbhísí go léir a cheannaítear isteach agus a úsáidtear chun an soláthar seirbhísí imeallscéime sin a dhéanamh.

(10) Aon ghníomhaire taistil is duine cuntasach a sholáthraíonn seirbhísí imeallscéime áireoidh sé an cháin a bheidh dlite ar sholáthairtí seirbhísí imeallscéime an duine sin do thréimhse inchánach sa tuairisceán a cheanglaítear ar an duine sin a thabhairt de réir alt 19(3).

(11) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé rialacháin a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha oibriú an ailt seo lena n-áirítear forálacha le haghaidh socruithe simplithe cuntasaíochta.”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

72 .— Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Nollaig 2008 i bhfo-alt (1)(a) trí “21.5 faoin gcéad” a chur in ionad “21 faoin gcéad”.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

73 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a) trí “agus” a scriosadh i bhfomhír (vii), agus trí “alt 12A, agus” a chur in ionad “alt 12A.” i bhfomhír (viii),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (viii) de mhír (a):

“(ix) faoi réir fho-alt (4) agus rialachán (más ann), 20 faoin gcéad den cháin a mhuirearaítear ar an duine cuntasach sin i leith feithicil cháilitheach a cheannach, a fhruiliú, a fháil laistigh den Chomhphobal nó a allmhairiú (de réir na brí a shanntar le mír (c)), i gcás gur úsáid ghnó a bhaintear as an bhfeithicil sin go príomha, agus nach lú an úsáid sin ná 60% ar a laghad den úsáid a bhaintear as an bhfeithicil sin, agus i gcás go ndiúscraíonn an duine cuntasach sin an fheithicil sin ina dhiaidh sin, an cháin a asbhaineann an duine sin de réir an fho-ailt seo, déileálfar léi amhail is nach mbeadh sí in-asbhainte ag an duine sin chun críocha mhír (xxiv)(c) den Chéad Sceideal.”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Chun críocha mhír (a)(ix) agus fho-alt (4)(ba), ciallaíonn ‘feithicil cháilitheach” mótarfheithicil arb ar 1 Eanáir 2009 nó dá éis a chéadchláraítear í chun críocha cánach cláraithe feithiclí, de réir alt 131 den Acht Airgeadais 1992, agus ar lú ná 156g/km leibhéal na n-astaíochtaí CO2 aisti, chun críocha an chláraithe sin.”,

(b) i bhfo-alt (3)(a)(iii) trí “faoi réir fho-alt (1)(a)(ix)” a chur isteach roimh “ceannach”,

(c) i bhfo-alt (4) tríd an méid seo a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gur tagairt do ‘20 faoin gcéad den cháin a iompraítear nó is iníoctha’ í an tagairt i mír (b) do ‘cáin a iompraítear nó is iníoctha’ i gcás feithicil cháilitheach a fháil (de réir na brí a shanntar le fo-alt (1)(c)).”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás go n-asbhaineann duine cuntasach cáin i ndáil le feithicil cháilitheach a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, nó a allmhairiú de réir fho-alt (1)(a)(ix), agus go ndiúscraíonn an duine sin an fheithicil cháilitheach sin laistigh de 2 bhliain ón gceannach, ón bhfáil nó ón allmhairiú sin, beidh d’oibleagáid ar an duine sin an méid cánach is in-asbhainte ag an duine sin don tréimhse inchánach ina ndiúscraítear an fheithicil a laghdú de mhéid arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

TD x (4-N)

4

i gcás—

gurb é TD méid na cánach a asbhaineann an duine cuntasach sin ar an bhfeithicil sin a cheannach, a fháil, nó a allmhairiú, agus

gur uimhir é N atá cothrom le huimhir na laethanta ó dháta ceannaithe, fála nó allmhairithe na feithicle ag an duine cuntasach sin go dtí dáta a diúscartha ag an duine sin, arna roinnt ar 182 agus arna cothromú anuas go dtí an tslánuimhir is gaire di,

ach más mó an N sin ná 4, beidh N ina 4.

(b) I gcás go n-asbhaineann duine cuntasach cáin i ndáil le feithicil cháilitheach a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, nó a allmhairiú de réir fho-alt (1)(a)(ix), agus gur lú ná 60 faoin gcéad dá húsáid an úsáid ghnó a bhaintear aisti ina dhiaidh sin i dtréimhse inchánach, ansin tá d’oibleagáid ar an duine an méid cánach is in-asbhainte ag an duine sin don tréimhse inchánach a laghdú de mhéid a ríomhfar de réir na foirmle seo a leanas:

TD x (4-N)

4

i gcás—

gurb é TD an méid cánach is in-asbhainte ag an duine cuntasach ar an bhfeithicil sin a cheannach, a fháil nó a allmhairiú, agus

gur uimhir é N atá cothrom le huimhir na laethanta ó dháta ceannaithe, fála nó allmhairithe na feithicle ag an duine cuntasach sin go dtí an chéad lá den tréimhse inchánach ar lú ná 60% dá húsáid an úsáid ghnó a bhaintear aisti, arna roinnt ar 182 agus arna cothromú anuas go dtí an tslánuimhir is gaire di,

ach más mó an N sin ná 4, beidh N ina 4.”.

Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

74 .— Leasaítear alt 20 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)(a) trí “mura gcinnfidh siad go mbeadh de thoradh ar an méid ró-íoctha sin, nó cuid de, a aisíoc go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir” a chur in ionad “mura mbeadh de thoradh ar an aisíoc sin go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b), (c) agus (d) d’fho-alt (5):

“(b) Aon duine a éileoidh méid ró-íoctha a aisíoc faoin bhfo-alt seo déanfaidh sé an t-éileamh sin i scríbhinn ag leagan amach sonraí iomlána imthosca an cháis agus ag sainaithint an mhéid ró-íoctha i leith gach tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh. Tabharfaidh an t-éilitheoir cibé doiciméadacht iomchuí a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chun tacú leis an éileamh.

(c) (i) Chun a chinneadh an mbeadh de thoradh ar mhéid ró-íoctha, nó cuid de, a aisíoc go ndéanfaí éilitheoir a shaibhriú go míchóir, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim ar na nithe seo a leanas—

(I) a mhéid a rinne an t-éilitheoir, ar chúiseanna praiticiúla, costas an mhéid ró-íoctha a aistriú chuig daoine eile sa phraghas a ghearr an t-éilitheoir sin ar earraí nó ar sheirbhísí a sholáthair an t-éilitheoir sin,

(II) aon ghlanchaillteanas brabús a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, bunaithe ar a n-anailís féin agus ar aon fhaisnéis a thabharfaidh an t-éilitheoir dóibh, gur glanchaillteanas é a d’iompair an t-éilitheoir mar gheall ar an toimhde iomrallach a rinneadh in oibriú na cánach, agus

(III) aon tosca eile a thabharfaidh an t-éilitheoir dá n-aire sa chomhthéacs seo.

(ii) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach faisnéis réasúnach a bhaineann leis na himthosca ba chúis leis an éileamh agus a chabhróidh leo le linn teacht ar chinneadh chun críocha fhomhír (i) a iarraidh ar an éilitheoir.

(d) Más rud é, de réir mhír (c), go gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim go mbeadh de thoradh ar aisíoc méid ró-íoctha, nó cuid de, go ndéanfaí éilitheoir a shaibhriú go míchóir, ní aisíocfaidh siad ach an oiread sin den mhéid ró-íoctha nach mbeadh de thoradh air go ndéanfaí an t-éilitheoir sin a shaibhriú go míchóir.”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

75 .— Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dc):

“(dca) an modh ar a n-oibreoidh imeallscéim an ghníomhaire taistil dá dtagraítear in alt 10C;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd):

“(dda) an modh ar a bhféadtar an teideal chun asbhainte dá dtagraítear in alt 12(1)(a)(ix) a ríomh;”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

76 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 trí fhomhír (a) de mhír (ix) a scriosadh.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

77 .— Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vib):

“(vic) seirbhísí a áirítear mar sheirbhísí idirghabhálaí de réir alt 10C(8);”

agus

(b) i mír (xii)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (I) agus (II) d’fhomhír (b):

“(I) tae agus ullmhóidí de nuair is i bhfoirm neamh-inólta a sholáthraítear é nó iad,

(II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nuair is i bhfoirm neamh-inólta a sholáthraítear iad,”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b):

“(ba) tae agus ullmhóidí de nuair is i bhfoirm inólta a sholáthraítear é nó iad,

(bb) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nuair is i bhfoirm inólta a sholáthraítear iad,”.