21 2009

/images/harp.jpg


Uimh. 21 de 2009


AN tACHT UM FHORFHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1940.

3 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962

1962, Uimh. 12

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1940

1940, Uimh. 23

Na hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 agus 1940

/images/harp.jpg


Uimh. 21 de 2009


AN tACHT UM FHORFHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE 1940.

[14 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR SEO A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo, ciallaíonn “ Acht 1940 ” an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1940.

Leasú ar an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1940.

2 .— (1) Cuirtear na hailt seo a leanas in ionad alt 6 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1940:

“Mainneachtain ordú tráthchoda a chomhlíonadh.

6.— (1) I gcás go ndlitear d’fhéichiúnaí, de bhua ordaithe tráthchoda, fiach agus costais a íoc in aon íocaíocht amháin nó i dtráthchodanna, agus go mainneoidh an féichiúnaí an íocaíocht a dhéanamh nó go mainneoidh sé nó sí ceann amháin nó níos mó de na tráthchodanna atá dlite a íoc le linn don ordú sin a bheith i bhfeidhm, an tráth nó na tráthanna a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú sin, féadfaidh an creidiúnaí aon tráth a bheidh an t-ordú i bhfeidhm nó laistigh de 12 mhí tar éis dó scor de bheith i bhfeidhm, iarratas a dhéanamh chuig cléireach Cúirte Dúiche don cheantar Cúirte Dúiche ina gcónaíonn an féichiúnaí ar thoghairm lena n-ordaítear don fhéichiúnaí láithriú os comhair na Cúirte Dúiche.

(2) Maidir le toghairm dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) eiseoidh an cléireach Cúirte Dúiche lena mbaineann í,

(b) beidh inti mionsonraí faoi na hiarmhairtí, faoin alt seo, a bhaineann le mainneachtain ordú tráthchoda a chomhlíonadh agus go háirithe go bhféadfar príosúnacht a chur ar an bhféichiúnaí,

(c) soláthrófar inti faisnéis i ngnáthchaint faoi na roghanna a bheidh ar fáil don bhreitheamh den Chúirt Dúiche faoi alt (7) tráth éisteacht na toghairme,

(d) déarfar inti go bhféadfar an féichiúnaí a ghabháil má mhainníonn sé nó sí láithriú os comhair na Cúirte Dúiche mar a ordaíodh, agus

(d) seirbheálfar í ar an bhféichiúnaí le seirbheáil phearsanta, mura n-ordóidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a mhalairt.

(3) Má mhainníonn féichiúnaí, gan leithscéal réasúnach, láithriú os comhair na cúirte de réir na toghairme, ar iarratas ón gcreidiúnaí, déanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche, más deimhin leis nó léi gur seirbheáladh ar an bhféichiúnaí de réir fho-alt (2)—

(a) barántas a eisiúint chun an féichiúnaí a ghabháil, nó

(b) más cuí leis an mbreitheamh sna himthosca go léir, dáta nua a shocrú le haghaidh na héisteachta a gceanglófar ar an bhféichiúnaí freastal uirthi agus a ordú go dtabharfar fógra faoin dáta sin dó nó di.

(4) Déanfar féichiúnaí arna ghabháil nó arna gabháil faoi fho-alt(3)(a) a thabhairt os comhair na Cúirte Dúiche a luaithe is féidir.

(5) I gcás go ndéanfar féichiúnaí a ghabháil agus a thabhairt os comhair na Cúirte Dúiche faoi fho-alt(3)(a), socróidh an breitheamh dáta nua chun an toghairm a éisteacht agus ordóidh sé nó sí go ndéanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche fógra i scríbhinn faoin dáta arna shocrú amhlaidh a thabhairt don chreidiúnaí, agus míneoidh sé nó sí don fhéichiúnaí i ngnáthchaint—

(a) (i) go bhfuil sé nó sí i dteideal iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar dheimhniú um chúnamh dlíthiúil faoi alt 6A, agus

(ii) nach mór dó nó di freastal os comhair na cúirte ar an gcéad dáta eile a bheidh socruithe chun an toghairm a éisteacht,

agus

(b) na hiarmhairtí, faoin alt seo, a fhéadfaidh eascairt as mainneachtain—

(i) ordú tráthchoda a chomhlíonadh agus go háirithe go bhféadfar príosúnacht a chur ar an bhféichiúnaí, nó

(ii) freastal os comhair na cúirte mar a cheanglaítear faoi mhír (a)(ii).

(6) Tráth éisteacht na toghairme, i gcás go bhfuil an creidiúnaí agus an féichiúnaí araon i láthair sa chúirt, roimh a bhfianaise a éisteacht, míneoidh an breitheamh don fhéichiúnaí i ngnáthchaint—

(a) go bhfuil sé nó sí i dteideal iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar dheimhniú um chúnamh dlíthiúil faoi alt 6A, agus

(b) na hiarmhairtí, faoin alt seo, a fhéadfaidh eascairt as mainneachtain ordú tráthchoda a chomhlíonadh, agus go háirithe go bhféadfar príosúnacht a chur ar an bhféichiúnaí.

(7) Tar éis an creidiúnaí agus an féichiúnaí, agus cibé fianaise, más ann, a thabharfaidh siad faoi seach ar aird, a éisteacht, féadfaidh breitheamh, más deimhin leis nó léi gur mhainnigh an féichiúnaí an t-ordú tráthchoda a chomhlíonadh—

(a) plé leis na himeachtaí ar an toghairm mar iarratas faoi alt 5 ar athrú ar an ordú tráthchoda, agus sa chás sin beidh feidhm ag alt 5 amhail is dá mba iarratas den sórt sin na himeachtaí,

(b) más cuí leis nó léi, a iarraidh ar an gcreidiúnaí agus ar an bhféichiúnaí réiteach a lorg trí idirghabháil, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an breitheamh, agus, mura dtagtar ar réiteach ar an modh sin agus laistigh den tréimhse arna sonrú amhlaidh, féadfaidh an creidiúnaí iarratas a dhéanamh chuig an gcléireach Cúirte Dúiche lena mbaineann chun na himeachtaí a atógáil,

(c) más cuí leis nó léi, agus faoi réir fho-alt (8), ordú a dhéanamh lena socraítear téarma príosúnachta le haghaidh aon tréimhse nach faide ná 3 mhí (agus sonrófar san ordú sin méid an fhéich agus na gcostas neamhíoctha, lena n-áirítear costais an ordaithe sin), agus forghníomhú an ordaithe sin a iarchur go dtí cibé am agus ar cibé coinníollacha, más ann, maidir leis an bhfiach agus na costais neamhíoctha a íoc is cóir leis nó léi, nó

(d) más cuí leis nó léi, agus faoi réir fho-alt (8), ordú a dhéanamh chun an féichiúnaí a ghabháil agus a chur i bpríosún ar feadh aon téarma nach faide ná 3 mhí (agus sonrófar san ordú sin méid an fhéich agus na gcostas neamhíoctha, lena n-áirítear costais an ordaithe sin), agus gabhfar an féichiúnaí agus cuirfear i bpríosún é nó í dá réir sin.

(8) Ní dhéanfaidh breitheamh ordú faoi fho-alt (7)(c) nó (d) murar deimhin leis nó léi, thar amhras réasúnach, ar an bhfianaise arna tabhairt, gur shuigh an creidiúnaí—

(a) maidir leis an mainneachtain an tsuim a íoc ar ina leith a mhainnigh an féichiúnaí, nach bhfuil sí inchurtha síos dá neamhábaltacht íoca amháin ach dá dhiúltú toiliúil nó dá fhaillí inmhilleáin nó dá diúltú toiliúil nó dá faillí inmhilleáin, agus

(b) nach bhfuil aon earraí ag an bhféichiúnaí a d’fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú faoi aon phróis de chuid na cúirte a thug an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne i leith an fhéich.

(9) I gcás go mbeidh ordú lena socraítear agus lena n-iarchuirtear téarma príosúnachta faoi fho-alt (7)(c) déanta, maille le coinníoll maidir leis an bhféichiúnaí d’íoc an fhéich agus na gcostas, féadfaidh sé nó sí, má tá athrú tagtha ar a chumas nó ar a cumas téarmaí an ordaithe a chomhlíonadh, iarratas a dhéanamh chuig an gcléireach Cúirte Dúiche lena mbaineann chun an ní a atógáil agus pléifidh an breitheamh Cúirte Dúiche, iar bhfógra don chreidiúnaí, leis an ní amhail is dá mba iarratas faoi alt 5 ar athrú ar ordú tráthchoda é.

(10) I gcás go gcuirfear príosúnacht ar fhéichiúnaí de bhun ordaithe arna dhéanamh faoi fho-alt (7)(c) nó (d)

(a) féadfaidh sé nó sí, má tá athrú tagtha ar a chumas nó ar a cumas an fiach agus na costais neamhíoctha arna sonrú san ordú sin a íoc, iarratas a dhéanamh chuig an gcléireach Cúirte Dúiche lena mbaineann chun an ní a atógáil agus pléifidh an breitheamh Cúirte Dúiche, iar bhfógra don chreidiúnaí, leis an ní amhail is dá mba athéisteacht na toghairme dá dtagraítear i bhfo-alt (1) é, agus

(b) beidh sé nó sí i dteideal go scaoilfear saor é nó í láithreach a luaithe a íocfaidh sé nó sí, nó a íocfar thar a cheann nó thar a ceann, leis an gcléireach Cúirte Dúiche lena mbaineann nó le Gobharnóir an Phríosúin le haghaidh an chléirigh Cúirte Dúiche, an tsuim airgid arb é a bheidh inti méid na dtráthchodanna uile den fhiach agus na gcostas a bheidh fabhraithe roimh dháta an ordaithe sin agus gan íoc ar dháta an ordaithe sin.

(11) Maidir leis an airgead go léir a íocfaidh féichiúnaí nó a íocfar thar a cheann nó thar a ceann faoin alt seo leis an gcléireach Cúirte Dúiche (go díreach nó trí Ghobharnóir an Phríosúin), déanfaidh an cléireach é a íoc leis an gcreidiúnaí ar é a iarraidh.

(12) Is ionann mainneachtain ag féichiúnaí fo-alt (5)(a)(ii) a chomhlíonadh, gan leithscéal réasúnach, agus díspeagadh cúirte, agus féadfaidh an breitheamh Cúirte Dúiche plé leis an ní dá réir sin.

Teideal chun cúnaimh dhlíthiúil.

6A.— (1) Má dhealraíonn sé do bhreitheamh den Chúirt Dúiche in imeachtaí ar thoghairm faoi alt 6 nach leor acmhainn féichiúnaí chun go mbeadh ar a chumas nó ar a cumas cúnamh dlíthiúil a fháil, deonóidh an breitheamh don fhéichiúnaí, ar iarratas ón bhféichiúnaí chuige sin—

(a) deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “ deimhniú um chúnamh dlíthiúil d’fhéichiúnaí ” san alt seo),

(b) i gcás go ndéanfaidh an féichiúnaí achomharc i gcoinne ordaithe chun é nó í a chur i bpríosún arna dhéanamh faoi alt (7)(c) nó (d) agus go ndéanfaidh sé nó sí iarratas chun an bhreithimh ar chúnamh dlíthiúil i ndáil leis an achomharc, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce i leith an achomhairc (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) d’fhéichiúnaí” san alt seo), nó

(c) i gcás go ndéanfaidh an breitheamh ceist dlí a eascróidh as na himeachtaí a tharchur chun na hArd-Chúirte i bhfoirm cáis shonraithe nó go sonróidh an breitheamh cás maidir leis na himeachtaí chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil agus go ndéanfaidh an féichiúnaí iarratas chun an bhreithimh ar chúnamh dlíthiúil maidir leis an tarchur nó leis an gcás sonraithe sin, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce maidir leis an tarchur nó leis an gcás sonraithe (dá ngairtear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) d’fhéichiúnaí” san alt seo).

(2) (a) I gcás go mbeidh deimhniú deonaithe faoi fho-alt (1), beidh an féichiúnaí lena mbaineann i dteideal cúnaimh dhlíthiúil agus go sannfar ionadaíocht dhlíthiúil dó nó di chun na críche sin.

(b) I gcás go ndiúltófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) d’fhéichiúnaí a thabhairt d’fhéichiúnaí, a ndéantar ordú príosúnachta ina leith, féadfaidh sé nó sí an deimhniú a iarraidh ar an gcúirt a ndéanfar achomharc chuici in aghaidh na príosúnachta—

(i) trí litir a sheoladh chuig cláraitheoir na cúirte sin ina dtabharfar fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó

(ii) trí iarratas chun na cúirte féin.

(3) Beidh feidhm ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962 agus ag rialacháin arna ndéanamh faoi alt 10 den Acht sin, más cuí agus le cibé modhnuithe is gá, maidir le deimhniú arna dheonú faoi fho-alt (1) agus maidir le cúnamh dlíthiúil den sórt sin.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo chun aon ní nó gach ní díobh seo a leanas a fhorordú:

(a) foirm deimhnithe um chúnamh dlíthiúil d’fhéichiúnaí,

(b) ráta íocaíochta aon táille, costas nó caiteachas eile is iníoctha,

(c) an modh ar a bhféadfar ionadaithe dlíthiúla a shannadh de bhun deimhnithe den sórt sin,

(d) aon ní a gceanglaítear nó a gceadaítear leis an Acht seo é a fhorordú.”.

(2) Leasaítear alt 8 d’Acht 1940—

(a) i bhfo-alt (1) trí “plé leis an iarratas mar iarratas ar thoghairm faoi alt 6, agus sa chás sin beidh feidhm le halt 6 amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an t-iarratas” a chur in ionad “mara gcuiridh an faillitheoir ina luighe ar an mBreitheamh san nach diúltú toilteanach ná faillighe inmhilleáin uaidh féin fé ndeár gan é do dhéanamh íoca, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí do ghearradh ar an bhfaillitheoir”,

(b) i bhfo-alt (2)(d) trí “pléifidh an Breitheamh leis an mainneachtain an méid a ghlanadh mar mhainneachtain láithriú os comhair na Cúirte mar fhreagra ar thoghairm arna heisiúint faoi alt 6(2), agus sa chás sin beidh feidhm ag alt 6 dá réir” a chur in ionad “féadfaidh an Breitheamh san, mara gcuiridh an faillitheoir ina luighe air nach diúltú toilteanach ná faillighe inmhilleáin uaidh féin fé ndeár gan é do ghlanadh an mhéide sin, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí do ghearradh ar an bhfaillitheoir”, agus

(c) i bhfo-ailt (3) agus (5) trí “faoi alt 6 mar gheall ar mhainneachtain an tsuim nó na suimeanna a bheidh dlite faoi ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a íoc” a chur in ionad “fén alt so”.

(3) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 9 d’Acht 1940:

“Daoine i bpríosún toisc gan airgead d'íoc do scaoileadh saor.

9.— (1) I gcás duine a bheith i bpríosún faoi ordú cúirte arna dhéanamh toisc gan an duine sin d'íoc suim airgid, féadfaidh an tAire, tráth ar bith agus mar gheall ar aon chúis a dhealróidh dó nó di a bheith dóthanach, a ordú go scaoilfear an duine saor láithreach nó tar éis cuid shonraithe den tsuim airgid sin a íoc (faoi mar is ceart leis an Aire sin).

(2) Féadfaidh an tAire, sula scaoilfear duine saor faoin alt seo, más cuí ceart leis nó léi sna himthosca go léir, dul i gcomhairle leis an mbreitheamh a rinne an t-ordú chun an duine a phríosúnú.

(3) I gcás go n-ordóidh an tAire go scaoilfear duine saor as príosún, scaoilfear an duine saor de réir an ordacháin sin.

(4) San alt seo, ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

3 .— (1) Féadfar an tAcht um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte (Leasú) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 go 2009 a ghairm de na hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 agus 1940 agus den Acht seo le chéile.