Ar Aghaidh ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta )

32 2009

/images/harp.jpg


Uimh. 32 de 2009


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1. Gearrtheideal.

2. Mínithe.

CUID 2

Coireacht Eagraithe

3. Leasú ar alt 70 d'Acht 2006 - an míniú ar “eagraíocht choiriúil”, etc.

4. Leasú ar alt 71 d’Acht 2006.

5. Gníomhaíochtaí eagraíochta coiriúla a stiúradh.

6. Coireacht eagraithe: is cion é páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí áirithe nó rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe.

7. Forálacha fianaise maidir le cruthúnas gurb ann d’eagraíocht choiriúil.

8. Cionta áirithe faoi Chuid 7 d’ Acht 2006 le bheith ina gcionta sceidealta.

9. Alt nua 72A d’Acht 2006.

10. Leasú ar alt 73 d’Acht 2006.

11. Leasú ar alt 74 d’Acht 2006.

12. Alt nua 74A d’Acht 2006.

13. Alt nua 74B d’Acht 2006.

14. Alt nua 26A d’Acht 2007 agus leasú ar Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin.

15. Leasú ar an Acht um Bannaí 1997.

16. Méadú ar phionós mar gheall ar imeaglú finnéithe, giúróirí, etc.

17. Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967.

CUID 3

Cionta faoi achtacháin áirithe: foráil maidir le héifeacht sheach-chríochach

18. Leasú ar alt 7 d’Acht 1939.

19. Leasú ar ailt 7 agus 8 d’Acht 1997.

20. Leasú ar alt 41 (míreanna substaintiúla de chion) d’Acht 1999.

CUID 4

Leasuithe maidir le cumhachtaí coinneála agus athghabhála

21. Leasú ar ailt 30 agus 30A d’Acht 1939.

22. Leasú ar ailt 2, 4, 5 agus 11 d’Acht 1996.

23. Leasú ar ailt 50, 51, agus 52 d’Acht 2007.

24. Leasú ar ailt 4, 9, agus 10 d’Acht 1984.

CUID 5

Ilghnéitheach

25. Gníomhaíochtaí eagraíochta neamhdhleathaí a stiúradh.

26. Éistfear iarratais ar bharántais chuardaigh ar shlí seachas go poiblí.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí 1997

1997, Uimh. 16

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000

2000, Uimh. 28

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996

1996, Uimh. 29

An tAcht um Cheartas Coiriúil 1984

1984, Uimh. 22

An tAcht um Cheartas Coiriúil 1999

1999, Uimh. 10

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006

2006, Uimh. 26

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007

2007, Uimh. 29

An tAcht um an Dlí Coiriúil 1997

1997, Uimh. 14

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

Acht na nArm Teine 1925

1925, Uimh. 17

Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990

1990, Uimh. 12

An tAcht Loingis Thráchtála 1955

1955, Uimh. 29

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1977

1977, Uimh. 12

An tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú) 1998

1998, Uimh. 39

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939

1939, Uimh. 13

/images/harp.jpg


Uimh. 32 de 2009


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT—

(a)DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE BEARTA BREISE I LEITH COIREACHT EAGRAITHE A CHOMHRAC AGUS, GO hÁIRITHE, I LEITH CUR I gCOINNE NA LEIBHÉAL MÉADAITHE FORÉIGIN AGUS IMEAGLAITHE ARNA DHÉANAMH AR DHAOINE DEN PHOBAL AG EAGRAÍOCHTAÍ COIRIÚLA AGUS DÁLAÍ A ÁIRITHIÚ INA bhFÉADFAR, I gCÚRSA CUÍ AN DLÍ, CIONTA ARNA nDÉANAMH ACUSAN ATÁ BAINTEACH LE hEAGRAÍOCHTAÍ DEN SÓRT SIN A IMSCRÚDÚ AGUS A IONCHÚISEAMH AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO LEASÚ CHUID 7 DEN ACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL 2006 AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE;

(b)DO LEASÚ AN DLÍ I nDÁIL LE CIONTA A IMSCRÚDÚ, LENA nÁIRÍTEAR I nDÁIL LE DAOINE ATÁ FAOI DHROCHAMHRAS A CHOINNEÁIL AGUS IAD A ATHGHABHÁIL IN IMTHOSCA ÁIRITHE, AGUS DO LEASÚ THAIRIS SIN AN DLÍ CHOIRIÚIL AGUS AN NÓS IMEACHTA CHOIRIÚIL; AGUS

(c)DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[23 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: