Ar Aghaidh (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta)

1 2010

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2010


AN tACHT EADRÁNA 2010

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1. Gearrtheideal agus tosach feidhme .

2. Léiriú .

3. Feidhm an Achta .

4. Aisghairm agus éifeacht aisghairme .

5. Caiteachais .

CUID 2

Eadráin

6. An Dlí Eiseamláireach a ghlacadh .

7. Imeachtaí eadrána a thionscnamh .

8. An Dlí Eiseamláireach a fhorléiriú agus clásail eadrána a fhorléiriú .

9. Feidhmeanna na hArd-Chúirte .

10. Cumhachtaí cúirte is infheidhmithe mar thacaíocht le himeachtaí eadrána .

11. Cinneadh cúirte le bheith ina chinneadh críochnaitheach .

12. Teorainneacha ama maidir le dámhachtainí a chur ar ceal ar fhorais beartais phoiblí .

13. Líon réamhshocraithe eadránaithe .

14. Finnéithe a cheistiú .

15. Fianaise a ghlacadh sa Stát mar chabhair d’eadráin choigríche .

16. Eadránacha a chomhdhlúthú agus eadránacha comhthráthacha .

17. Idirphléadáil a tharchur chun eadrána .

18. Ús .

19. Urrús i leith costas .

20. Sainchomhlíonadh .

21. Inghnóthaitheacht costas, táillí agus caiteachas binse .

22. Srian le dliteanas eadránaithe, etc .

23. Éifeacht dámhachtana .

24. Coinbhinsiún Nua-Eabhrac, Coinbhinsiún na Ginéive agus Prótacal na Ginéive .

25. Gan feidhm a bheith ag forálacha an Achta maidir le Coinbhinsiún Washington, ach amháin in imthosca áirithe .

26. Comhaontú agus údarás binse eadrána ar marthain i gcás báis .

27. Forálacha i gcás féimheachta .

28. Lán-infheidhmeacht maidir le páirtithe Stáit .

29. Feidhm an Achta maidir le headránacha faoi Achtanna eile .

30. Eadránacha áirithe a eisiamh.

31. Comhaontuithe eadrána agus éilimh bheaga, etc .

CUID 3

Tarchur chun Eadrána i gCás ina Bhfuil Imeachtaí ar Feitheamh os Comhair Cúirte

32. Cumhacht na hArd-Chúirte agus na Cúirte Cuarda imeachtaí a chur ar atráth chun eadráin a éascú .

SCEIDEAL 1

TÉACS DHLÍ EISEAMLÁIREACH UNCITRAL MAIDIR LE hEADRÁIN TRÁCHTÁLA IDIRNÁISIÚNTA

SCEIDEAL 2

TÉACS CHOINBHINSIÚN 1958 MAIDIR LE DÁMHACHTAINÍ EADRÁNA COIGRÍCHE A AITHINT AGUS A FHORGHNÍOMHÚ

SCEIDEAL 3

TÉACS CHOINBHINSIÚN 1965 MAIDIR LE DÍOSPÓIDÍ INFHEISTÍOCHTA IDIR STÁIT AGUS NÁISIÚNAIGH STÁT EILE A SHOCRÚ

SCEIDEAL 4

TÉACS CHOINBHINSIÚN 1927 MAIDIR LE DÁMHACHTANA EADRÁNA COIGRÍCHE A CHUR I bhFEIDHM

SCEIDEAL 5

TÉACS PHRÓTOCAL 1923 UM CHLÁSAIL EADRÁNA

SCEIDEAL 6

LEASUITHE IARMHARTACHA AR ACHTANNA EILE


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Eadrána 1954

1954, Uimh. 26

Na hAchtanna Eadrána 1954 go 1998

An tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000

2000, Uimh. 28

An tAcht Caidrimh Thionscail 1946

1946, Uimh. 26

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967

1967, Uimh. 3

Legal Practitioners (Ireland) Act 1876

39 & 40 Vict., c. 44

Merchant Shipping Act 1894

57 & 58 Vict., c. 60

Acht na bPaitinní 1992

1992, Uimh. 1

An tAcht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc) 1960

1960, Uimh. 45

Reacht na dTréimhsí 1957

1957, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2010


AN tACHT EADRÁNA 2010

[An tiontú oifigiúil]


ACHT D’ÉASCÚ TUILLEADH AGUS AR SHLÍ NÍOS FEARR RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ TRÍ EADRÁIN; DO THABHAIRT FEIDHM DLÍ DO DHLÍ EISEAMLÁIREACH UNCITRAL MAIDIR LE hEADRÁIN TRÁCHTÁLA IDIRNÁISIÚNTA (ARNA LEASÚ AG COIMISIÚN NA NÁISIÚN AONTAITHE AR AN DLÍ TRÁDÁLA IDIRNÁISIÚNTA AN 7 IÚIL 2006) I LEITH EADRÁNA IDIRNÁISIÚNTA AGUS EADRÁNA EILE ARAON; DO THABHAIRT FEIDHM DLÍ DON PHRÓTACAL UM CHLÁSAIL EADRÁNA A OSCLAÍODH SA GHINÉIV AN 24ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR 1923, DON CHOINBHINSIÚN MAIDIR LE DÁMHACHTANA EADRÁNA COIGRÍCHE A CHUR I bhFEIDHM A RINNEADH SA GHINÉIV AN 26ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR 1927, DON CHOINBHINSIÚN MAIDIR LE DÁMHACHTAINÍ EADRÁNA COIGRÍCHE A AITHINT AGUS A FHORGHNÍOMHÚ A RINNEADH I NUA-EABHRAC AN 10 MEITHEAMH 1958 AGUS DON CHOINBHINSIÚN MAIDIR LE DÍOSPÓIDÍ INFHEISTÍOCHTA IDIR STÁIT AGUS NÁISIÚNAIGH STÁT EILE A SHOCRÚ A OSCLAÍODH LENA SHÍNIÚ I WASHINGTON AN 18 MÁRTA 1965; D’AISGHAIRM NA nACHTANNA EADRÁNA 1954 GO 1998; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[8 Márta, 2010]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: