An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Leasú ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004)

14 2019

AN tACHT UM THIONÓNTACHTAÍ CÓNAITHE (LEASÚ), 2019

CUID 3

Forálacha Ilghnéitheacha

Forálacha áirithe den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2015 a aisghairm

36. Aisghairtear na forálacha seo a leanas den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2015:

(a) mír (g) d’alt 16;

(b) míreanna (d) agus (e) d’alt 17;

(c) míreanna (b), (c) agus, sa mhéid go mbaineann sí le fo-alt (8) a chur isteach in alt 139 d’Acht 2004, mír (d) d’alt 63.

Feidhm Acht 2004 maidir le ceadúnais áirithe

37. (1) Beidh feidhm ag Acht 2004 maidir le ceadúnais agus comhaontuithe ceadúnais mar atá feidhm aige maidir le tionóntachtaí teaghaisí dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3 den Acht sin agus maidir le comhaontuithe tionóntachta a bhaineann leis na tionóntachtaí sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe riachtanacha eile:

(a) forléireofar tagairtí do thionóntacht mar thagairtí do cheadúnas;

(b) forléireofar tagairtí do chomhaontú tionóntachta mar thagairtí do chomhaontú ceadúnúcháin;

(c) forléireofar tagairtí do thiarna talún mar thagairtí do cheadúnóir;

(d) forléireofar tagairtí do thionónta (seachas tionónta lena mbaineann an míniú ar “iltionóntaí” i bhfo-alt (1) d’alt 48) mar thagairtí do cheadúnaí;

(e) forléireofar tagairtí do theaghais mar thagairtí d’aonad cónaithe (cibé acu lánscartha nó nach ea) atá suite i gcóiríocht do mhic léinn;

(f) forléireofar tagairtí do chíos mar thagairtí d’íocaíochtaí nó do mhuirir (cibé tuairisc atá orthu) is iníoctha faoi chomhaontú ceadúnais leis an gceadúnóir ag aon duine (cibé acu an é nó an í an ceadúnaí nó nach ea) i gcomaoin an cheadúnais lena mbaineann; agus

(g) an focal “eisiach”, i mír (a) d’fho-alt (1) d’alt 12, a scriosadh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas—

(a) arna thabhairt do mhac léinn (dá ngairtear an “ceadúnaí” san alt seo) ag an úinéir (dá ngairtear an “ceadúnóir” san alt seo) ar chóiríocht do mhic léinn, agus

(b) arna chruthú tráth nach luaithe ná aon mhí amháin tar éis thosach feidhme an ailt seo,

lena gceadófar don cheadúnaí dul isteach agus cónaí in aonad cónaithe (cibé acu lánscartha nó nach ea) laistigh den chóiríocht sin do mhic léinn i gcomaoin aon duine (cibé acu an é nó an í an ceadúnaí nó nach ea) do dhéanamh íocaíocht nó íocaíochtaí leis an gceadúnóir;

ciallaíonn “comhaontú ceadúnais” comhaontú (cibé acu i scríbhinn nó nach ea) idir an t-úinéir ar chóiríocht do mhic léinn agus mac léinn lena dtugtar ceadúnas don mhac léinn;

tá le “úinéir” an bhrí a shanntar dó le halt 96 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000;

ciallaíonn “mac léinn” duine atá cláraithe mar mhac léinn le soláthraí iomchuí (de réir bhrí an Achta um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012);

ciallaíonn “cóiríocht do mhic léinn” foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh, a úsáidtear d’aon toisc (faoi réir mhíreanna (a), (b) agus (c)) chun cóiríocht chónaithe a sholáthar do mhic léinn le linn tráthanna téarmaí acadúla faoi cheadúnas—

(a) cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an foirgneamh nó an chuid den fhoirgneamh lena mbaineann chun aon chríche eile lasmuigh de na tráthanna sin,

(b) cibé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear d’aon mhic léinn den sórt sin cónaí ann nó inti lasmuigh de na tráthanna sin, agus

(c) cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn aon duine seachas mac léinn ann nó inti, ar choinníoll go bhfónann an chríoch ar chuici atá cónaí ar an duine sin ann nó inti don chríoch chéadluaite,

ach ní fholaíonn sé foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh a úsáidtear chun na críche céadluaite i gcás go gcónaíonn an ceadúnóir (seachas ceadúnóir nach pearsa aonair) san fhoirgneamh nó sa chuid den fhoirgneamh lena mbaineann freisin.

Leasú ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000

38. Leasaítear an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“Ligin ghearrthéarma

3A. (1) Is ionann teach nó cuid de theach atá suite i gcrios brú cíosa a úsáid chun críoch ligin gearrthéarma agus athrú ábhartha in úsáid an tí nó na coda de, de réir mar a bheidh.

(2) Chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar na daoine sin a shonrófar sna rialacháin cibé faisnéis a shonrófar amhlaidh a sholáthar d’údarás pleanála ag cibé eatraimh a shonrófar amhlaidh i ndáil le ligin ghearrthéarma i limistéar riaracháin an údaráis pleanála.

(3) Aon duine a sháróidh foráil de chuid rialacháin faoin alt seo agus ar foráil phionósach an tuairisc a thugtar uirthi sna rialacháin, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi.

(4) Ní oibreoidh an t-alt seo chun an dlí a aisghairm nó a leasú maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) ligin (lena n-áirítear ligin ghearrthéarma) lasmuigh de chrios brú cíosa, nó

(b) ligin (seachas ligin ghearrthéarma) i gcrios brú cíosa.

(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘crios brú cíosa’—

(a) aon limistéar a bheidh arna fhorordú de thuras na huaire faoi alt 24A den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, nó

(b) limistéar riaracháin a meastar gur crios brú cíosa é faoi alt 24B den Acht sin;

ciallaíonn ‘ligean gearrthéarma’ teach nó cuid de theach a ligean ar feadh aon tréimhse nach faide ná 14 lá, agus folaíonn sé ceadúnas lena gceadaítear don cheadúnaí dul isteach agus cónaí sa teach nó sa chuid den teach ar feadh aon tréimhse den sórt sin i gcomaoin aon duine (cibé acu an é nó an í an ceadúnaí nó nach ea) do dhéanamh íocaíocht nó íocaíochtaí leis an gceadúnóir.”.