16 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2019


AN tACHT UM GHAIRMITHE SLÁINTE AGUS CÚRAIM SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht

3. Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht

4. Sceideal breise a chur ag gabháil leis an bPríomh-Acht

5. Gearrtheideal

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 2004 (Uimh. 42)

An tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005 (Uimh. 27)

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2019


AN tACHT UM GHAIRMITHE SLÁINTE AGUS CÚRAIM SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005 chun socrú a dhéanamh maidir le cáilíochtaí gairmiúla áirithe a aithint mar cháilíochtaí ceadaithe de réir bhrí alt 38 den Acht sin; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[4 Meitheamh 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn an “Príomh-Acht” an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht

2. Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “cáilíocht”, i mír (a), trí “faoi alt 38(2)(a) ” a chur in ionad “faoi alt 38”.

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 38 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (c), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) go bhfuil cáilíocht ghairmiúil aige nó aici is cáilíocht ghairmiúil a dtugann an bord clárúcháin lena mbaineann breith ina leith nach cáilíocht ghairmiúil í a fhianaíonn caighdeán oilteachta den sórt sin, ach go bhfuil sé nó sí ina ábhar nó ina hábhar do bhreith ón mbord clárúcháin gur chríochnaigh sé nó sí go rathúil, sa Stát, an triail infheidhmeachta nó an tréimhse oiriúnaithe a cheangail an bord clárúcháin ar an duine,”,

(ii) i mír (d)(ii)(II), trí “don ghairm sin, nó” a chur in ionad “don ghairm sin.”, agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) i gcás gairm shainainmnithe iomchuí, gur duine seachas duine dá dtagraítear i mír (a), (b), (c) nó (d) an duine, agus go bhfuil cáilíocht ghairmiúil iomchuí aige nó aici sa ghairm sin.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2F):

“(2G) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur fianaise é ar an aitheantas dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘cáilíocht ghairmiúil iomchuí’ measfar, chun críocha an Achta seo agus cheal fianaise ar a mhalairt, gur cruthúnas ar an aitheantas sin é.”,

agus

(c) i bhfo-alt (4), trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘gairm shainainmnithe iomchuí’ gairm shainainmnithe a liostaítear sa dara colún de Sceideal 4;

ciallaíonn ‘duine iomchuí’, i ndáil le gairm shainainmnithe iomchuí, an duine a liostaítear os coinne na gairme sin sa tríú colún de Sceideal 4;

ciallaíonn ‘cáilíocht ghairmiúil iomchuí’, i ndáil le gairm shainainmnithe iomchuí, cáilíocht ghairmiúil a d’aithin an duine iomchuí—

(a) mar cháilíocht ghairmiúil a d’fhianaigh caighdeán oilteachta a d’fhág go raibh sealbhóir na cáilíochta sin incháilithe lena earcú nó lena hearcú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (nó ag aon chomhlacht sonraithe de réir bhrí alt 56 den Acht Sláinte, 2004) sa ghairm lena mbaineann an cháilíocht sin, agus

(b) i gcás na ngairmeacha seo a leanas—

(i) an ghairm shainainmnithe iomchuí arb éard í radharcmheastóir urghnaimh nó optaiméadraí—

(I) roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, nó

(II) ar an 31 Deireadh Fómhair 2015 nó dá éis i gcás gur chuir an duine iomchuí tús le measúnacht chun críoch aitheantais den sórt sin roimh an dáta sin,

agus

(ii) aon ghairm shainainmnithe iomchuí eile—

(I) roimh an dáta ar a ndearnadh an clár don ghairm shainainmnithe a bhunú faoi alt 36(1), nó

(II) ar an dáta dá dtagraítear i gclásal (I) nó dá éis i gcás gur chuir an duine iomchuí tús le measúnacht chun críoch aitheantais den sórt sin roimh an dáta sin.”.

Sceideal breise a chur ag gabháil leis an bPríomh-Acht

4. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 3:

Alt 38

“Sceideal 4

An Cháilíocht Ghairmiúil Iomchuí: An Ghairm Shainainmnithe Iomchuíagus An Duine Iomchuí

ÍTIM UIMH.

AN GHAIRM SHAINAINMNITHE IOMCHUÍ

AN DUINE IOMCHUÍ

(1)

(2)

(3)

1.

Bithcheimiceoir Cliniciúil

An tAire

2.

Diaitéiteach

An tAire

3.

Radharcmheastóir Urghnaimh

Bord na Radharcmheastóirí

4.

Eolaí Míochaine

An tAire, An tAcadamh um Eolaíocht Saotharlainne Míochaine nó An tAcadamh um Eolaíocht Chliniciúil agus Míochaine Shaotharlainne

5.

Teiripeoir Ceirde

An tAire

6.

Optaiméadraí

Bord na Radharcmheastóirí

7.

Ortoptach

An tAire

8.

Fisiteiripeoir

An tAire nó Cumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann

9.

Póidiatraí

An tAire

10.

Síceolaí

An tAire

11.

Radagrafaí

An tAire

12.

Teiripeoir Radaíochta

An tAire

13.

Oibrí Sóisialach

An tAire, An Comhlacht Náisiúnta um Bailíochtú Cáilíochtaí agus Oiliúna san Obair Shóisialach nó An Bord Cáilíochtaí Náisiúnta don Obair Shóisialach

14.

Teiripeoir Urlabhra agus Teanga

An tAire

”.

Gearrtheideal

5. Féadfar an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.