An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM FHEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE (RIALACHAS), 2019) Ar Aghaidh (CUID 2 Leasú ar an bPríomh-Acht)

17 2019

AN tACHT UM FHEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE (RIALACHAS), 2019

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú

1.(1)F éadfar an tAcht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Folófar an tAcht seo, seachas Cuid 3, sa chomhlua “na hAchtanna Sláinte, 1947 go 2019” agus léifear an tAcht seo agus na hAchtanna sin le chéile mar aon ní amháin.

Míniú

2. San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Sláinte, 2004.

Aisghairm

3. Déantar gach ceann díobh seo a leanas a aisghairm:

(a) Cuid 3A den Phríomh-Acht;

(b) alt 22 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2013.