|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID 3 Ilghnéitheach) |
AN tACHT UM FHEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE (RIALACHAS), 2019
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Leasú ar an bPríomh-Acht | |
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht |
4. Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)— |
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach: | ||
“ciallaíonn ‘an Coiste um Chuntais Phoiblí’ an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi rialacha agus buanorduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann;”, | ||
(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Bord”: | ||
“tá le ‘Bord’ an bhrí a shanntar dó le halt 16N;”, | ||
(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “príomh-oifigeach feidhmiúcháin”: | ||
“tá le ‘príomh-oifigeach feidhmiúcháin’ an bhrí a shanntar dó le halt 21A;”, | ||
(d) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhalta”: | ||
“folaíonn ‘comhalta’, i ndáil leis an mBord, an cathaoirleach agus an leaschathaoirleach;”, | ||
(e) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnáthchomhalta”: | ||
“ciallaíonn ‘gnáthchomhalta’ comhalta den Bhord seachas an cathaoirleach nó an leaschathaoirleach;”, | ||
agus | ||
(f) trí na mínithe ar “stiúrthóir ceaptha” agus “comhalta ceaptha” a scriosadh. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht |
5. Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): |
“(c) beartais (cibé acu a leagtar amach iad i gcóid, treoirlínte nó doiciméid eile, nó in aon teaglaim díobh sin) agus cuspóirí an Rialtais nó aon Aire den Rialtas a mhéid a fhéadfaidh na beartais agus na cuspóirí sin difear a dhéanamh d’fheidhmeanna na Feidhmeannachta nó baint a bheith acu leo,”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht |
6. Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht— |
(a) i bhfo-alt (1)— | ||
(i) trí “chuig an bhFeidhmeannacht nó chuig an mBord” a chur in ionad “chuig an bhFeidhmeannacht”, agus | ||
(ii) i mír (c), trí “nach bhfuil aird leordhóthanach á tabhairt ag an bhFeidhmeannacht nó ag an mBord, de réir mar is infheidhme, ar an mbeartas nó ar an gcuspóir sin i gcomhlíonadh fheidhmeanna na Feidhmeannachta” a chur in ionad “nach bhfuil aird leordhóthanach á tabhairt ag an bhFeidhmeannacht ar an mbeartas nó ar an gcuspóir sin i gcomhlíonadh a feidhmeanna”, | ||
(b) i bhfo-alt (2)— | ||
(i) i mír (a), trí “faoi fho-alt (1),” a chur in ionad “faoi fho-alt (1), agus”, | ||
(ii) i mír (b), trí “comhlíonadh fheidhmeanna na Feidhmeannachta, nó” a chur in ionad “comhlíonadh fheidhmeanna na Feidhmeannachta.”, agus | ||
(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | ||
“(c) faoi réir alt 10AA(1) agus (3), measúnacht amháin nó níos mó ná measúnacht amháin ar riachtanais sláinte (de réir bhrí alt 10AA(8)) a bheidh le cur i ngníomh ag an bhFeidhmeannacht sa phlean seirbhíse arna ullmhú de réir alt 31.”, | ||
(c) i bhfo-alt (5), trí “Déanfaidh an Fheidhmeannacht nó an Bord, de réir mar is infheidhme,” a chur in ionad “Déanfaidh an Fheidhmeannacht”, | ||
(d) i bhfo-alt (6), trí “nó tar éis ordachán a eisiúint faoi fho-alt (4) lena leasaítear nó lena gcúlghairtear ordachán arna eisiúint faoi fho-alt (1)” a chur in ionad “nó (4)”, agus | ||
(e) i bhfo-alt (7), trí “Déanfaidh an cathaoirleach na bearta a bheidh déanta ag an bhFeidhmeannacht nó ag an mBord, de réir mar is infheidhme,” a chur in ionad “Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir na bearta a bheidh déanta ag an bhFeidhmeannacht”. | ||
[EN] |
Measúnacht ar riachtanais sláinte |
7. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach roimh alt 10B: |
“10AA.(1) Beidh ar áireamh in ordachán faoi alt 10(2)(c) ceanglais shonracha a bheidh le breithniú ag an bhFeidhmeannacht le linn measúnacht ar riachtanais sláinte a sheoladh. | ||
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh a bheith ar áireamh sna ceanglais shonracha dá dtagraítear san fho-alt sin na héifeachtaí a bheidh ag cibé ní de na nithe seo a leanas ar inrochtaineacht agus éifeachtacht straitéisí cúraim sláinte arna gcur i ngníomh ag an bhFeidhmeannacht ar deimhin leis an Aire gur cuí iad: | ||
(a) athruithe ar shuíomh náisiúnta nó réigiúnach an daonra; | ||
(b) próifíl dhéimeagrafach an daonra; | ||
(c) tosca ó thaobh nós maireachtála de lena ndéantar difear don tsláinte; | ||
(d) patrúin ghalrachta ar fud an daonra; | ||
(e) patrúin mhortlaíochta ar fud an daonra; | ||
(f) deitéarmanaint shóisialta maidir le stádas sláinte. | ||
(3)(a) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sula n-eiseoidh sé nó sí ordachán faoi alt 10(2)(c). | ||
(b) Ní fhorléireofar mír (a) mar mhír lena gcoiscfear ar an Aire dul i gcomhairle le haon duine eile (lena n-áirítear an Fheidhmeannacht nó Aire eile den Rialtas) sula n-eiseoidh sé nó sí ordachán faoi alt 10(2)(c). | ||
(4) Cuirfidh an Fheidhmeannacht tuarascáil ar fhionnachtana aon mheasúnachta ar riachtanais sláinte faoi bhráid an Aire laistigh den tréimhse a shonróidh an tAire san ordachán lena mbaineann faoi alt 10(2)(c). | ||
(5)(a) Laistigh d’aon mhí amháin tar éis tuarascáil a fháil faoi fho-alt (4), déanfaidh an tAire— | ||
(i) an tuarascáil a cheadú, nó | ||
(ii) mura bhfuil an tAire sásta leis an tuarascáil, eiseoidh sé nó sí ordachán forlíontach faoi alt 10(2)(c) i ndáil le hathleasuithe a bheidh le déanamh ar an tuarascáil ar chóir dóibh, i dtuairim an Aire, na heasnaimh sa tuarascáil a réiteach nuair a chomhlíonfaidh an Fheidhmeannacht iad. | ||
(b) I gcás go bhfuil feidhm ag mír (a)(ii), forléireofar alt 10(2)(c) agus forálacha eile an ailt seo (lena n-áirítear mír (a)) fairis na modhnuithe go léir is gá chun an t-ordachán forlíontach lena mbaineann faoi alt 10(2)(c) a chur i gcuntas. | ||
(6) Cinnteoidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is indéanta tar éis tuarascáil a cheadú de réir fho-alt (5)(a)(i), go bhfoilseofar an tuarascáil ar an Idirlíon nó de réir cibé socruithe eile a shonróidh an tAire trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don Fheidhmeannacht. | ||
(7) Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint i ndáil le measúnacht ar riachtanais sláinte a sheoladh agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, comhlíonfaidh an Fheidhmeannacht na treoirlínte sin. | ||
(8) Chun críocha an ailt seo agus alt 10, ciallaíonn ‘measúnacht ar riachtanais sláinte’ anailís eolaíoch, staidrimh nó anailís chórasach eile, arb é an cuspóir atá léi faisnéis a bhailiú agus a mheasúnú d’fhonn athrú, a bheidh tairbhiúil do shláinte cuid shonraithe den daonra nó do shláinte an daonra uile, a thabhairt i gcrích.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 10B den Phríomh-Acht |
8. Leasaítear alt 10B den Phríomh-Acht, i mír (d), trí “an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin” a chur in ionad “an Ard-Stiúrthóra”. |
[EN] |
Bord na Feidhmeannachta |
9. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 3A: |
“Cuid 3B | ||
Bord na Feidhmeannachta | ||
Comhaltas an Bhoird | ||
16N. (1) Beidh Bord (dá ngairtear an ‘Bord’ san Acht seo) ag an bhFeidhmeannacht agus beidh na comhaltaí seo a leanas air: | ||
(a) cathaoirleach; | ||
(b) leaschathaoirleach; | ||
(c) 10 ngnáthchomhalta. | ||
(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b), (c) agus (d), is é nó is í an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach, an leaschathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Bhoird as measc daoine a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí agus saineolas leordhóthanach acu maidir le nithe a bhaineann le feidhmeanna na Feidhmeannachta chun a chumasú dóibh fónamh go substaintiúil do chomhlíonadh éifeachtach éifeachtúil na bhfeidhmeanna sin. | ||
(b) Maidir le 2 dhuine ar a laghad de na daoine a cheapfar faoi mhír (a), is daoine iad a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí nó saineolas acu ar abhcóideacht i ndáil le nithe a dhéanann difear d’othair. | ||
(c) Maidir le 2 dhuine ar a laghad de na daoine a cheapfar faoi mhír (a), is daoine iad a chleachtann, nó a chleacht, mar chomhalta de ghairm shláinte, cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát. | ||
(d) Maidir le duine amháin ar a laghad de na daoine a cheapfar faoi mhír (a), is duine é nó í a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí nó saineolas aige nó aici ar chúrsaí airgeadais. | ||
(3) Féachfaidh an tAire, a mhéid is indéanta, lena chinntiú go mbeidh cóimheá chothromasach idir fir agus mná i measc chomhaltaí an Bhoird. | ||
(4) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire. | ||
(5) Beidh an leaschathaoirleach i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire. | ||
(6) Faoi réir fho-alt (7), beidh gnáthchomhalta i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire. | ||
(7) Maidir le gnáthchomhaltaí an Bhoird arna chomhdhéanamh ar dtús faoin alt seo— | ||
(a) beidh 5 chomhalta díobh i seilbh oifige go ceann tréimhse 3 bliana ó dháta a gceaptha chun na hoifige, agus | ||
(b) beidh 5 chomhalta díobh i seilbh oifige go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta na gceapachán sin. | ||
(8) Faoi réir fho-alt (9), beidh comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Bhoird. | ||
(9) Maidir le duine a athcheapfar chun an Bhoird de réir fho-alt (8), ní bheidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh níos mó ná 2 théarma chomhleanúnacha agus, in aon chás, ní fhéadfaidh sé nó sí fónamh ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana. | ||
(10) Féadfaidh comhalta éirí as oifig trí litir a sheolfar chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta is déanaí díobh seo a leanas— | ||
(a) an dáta a shonrófar sa litir, nó | ||
(b) an dáta a gheobhaidh an tAire an litir. | ||
(11) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis ceapachán a dhéanamh chun an Bhoird, fógra i dtaobh ainm an duine a cheapfar amhlaidh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil. | ||
(12) Chun críoch an ailt seo, ciallaíonn ‘gairm shláinte’, aon cheann de na gairmeacha seo a leanas: | ||
(a) fiaclóir; | ||
(b) gairm shainainmnithe de réir bhrí alt 3 den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005; | ||
(c) lia-chleachtóir; | ||
(d) cnáimhseach; | ||
(e) altra; | ||
(f) cógaiseoir. | ||
Corrfholúntais | ||
16O. (1) Más rud é go n-éireoidh comhalta as oifig, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí de bheith i seilbh oifige (ar shlí seachas trí imeacht aimsire), go scoirfidh sé nó sí de bheith cáilithe chun oifig a shealbhú nó go gcuirfear as oifig é nó í, déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, duine a cheapadh chun an corrfholúntas a eascróidh amhlaidh a líonadh. | ||
(2) Aon duine a cheapfar faoi fho-alt (1), beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma oifige a réamhtheachtaí nó cibé tréimhse eile a chinnfidh an tAire nach faide ná 5 bliana lena n-áirítear an tréimhse sin a bheidh fágtha. | ||
(3) Beidh comhalta a cheapfar faoi fho-alt (1) in-athcheaptha chun an Bhoird, ar éag don tréimhse a bheidh fágtha nó don tréimhse eile, de réir mar is cuí, dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ach ní fhéadfaidh sé nó sí fónamh ar feadh níos mó ná 2 théarma chomhleanúnacha eile agus, in aon chás, ní fhéadfaidh sé nó sí fónamh ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana. | ||
Feidhmeanna an Bhoird | ||
16P. (1) Is é an Bord comhlacht ceannais na Feidhmeannachta agus údarás aige feidhmeanna na Feidhmeannachta a chomhlíonadh in ainm na Feidhmeannachta. | ||
(2) Déanfaidh an Bord— | ||
(a) a dheimhniú dó féin go bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais chuí i bhfeidhm— | ||
(i) chun cuspóir na Feidhmeannachta a bhaint amach, | ||
(ii) maidir le bainistíocht feidhmíochta inmheánach agus cuntasacht na Feidhmeannachta i leith an Fheidhmeannacht— | ||
(I) do chomhlíonadh a feidhmeanna, | ||
(II) do bhaint amach cuspóirí de réir an phlean chorparáidigh, agus | ||
(III) do sheachadadh seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta de réir an Achta seo, | ||
agus | ||
(iii)d’fhonn a chumasú go gcomhlíonfar beartais (cibé acu a leagtar amach iad i gcóid, treoirlínte nó doiciméid eile, nó in aon teaglaim díobh sin) an Rialtais nó Aire den Rialtas a mhéid a fhéadfaidh na beartais sin difear a dhéanamh d’fheidhmeanna na Feidhmeannachta nó baint a bheith acu leo,agus | ||
(b) socruithe a bhunú agus a chur i ngníomh chun feidhmíocht an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin a bhainistiú. | ||
(3) Tá an Bord cuntasach don Aire as comhlíonadh a fheidhmeanna faoi fho-ailt (1) agus (2). | ||
(4) Féadfaidh an Bord aon cheann d’fheidhmeanna na Feidhmeannachta a tharmligean i scríbhinn chuig an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin. | ||
(5) Má dhéantar feidhm de chuid na Feidhmeannachta a tharmligean chuig an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin faoi fho-alt (4), fanfaidh an tarmligean i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an Bord an tarmligean a chúlghairm trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don oifigeach sin. | ||
(6) Tabharfaidh an Bord fógra i scríbhinn don Aire i dtaobh aon tarmligean a dhéanfar faoi fho-alt (4) agus aon chúlghairm a dhéanfar ar tharmligean den sórt sin. | ||
(7) Déanfaidh an Bord aon ní a measfaidh sé is gá don Aire aird a thabhairt air a chur in iúl i scríbhinn don Aire. | ||
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa | ||
16Q. (1) Ní bheidh duine incheaptha mar chomhalta den Bhord nó de choiste den Bhord más rud é, maidir leis an duine— | ||
(a) go ndéanfar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, | ||
(b) go ndéanfar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | ||
(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin, nó | ||
(d) go ndéanfar é nó í a thoghadh nó a chomhthoghadh mar chomhalta d’údarás áitiúil. | ||
(2) Aon duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord nó de choiste den Bhord. | ||
Comhalta den Bhord a chur as oifig | ||
16R. (1) Féadfaidh an tAire comhalta den Bhord a chur as oifig aon tráth más rud é, i dtuairim an Aire— | ||
(a) go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, | ||
(b) gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, | ||
(c) go bhfuil sé riachtanach an comhalta a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Bord a fheidhmeanna go héifeachtach éifeachtúil, | ||
(d) gur sháraigh an comhalta alt 25(1) nó 26 nó foráil infheidhme den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, nó | ||
(e) le linn don chomhalta feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, nár ghlac an comhalta treoir ó chód iompair arna tharraingt suas faoi alt 10(3) den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 agus a bhaineann leis an gcomhalta. | ||
(2) Scoirfidh comhalta den Bhord de bheith cáilithe le haghaidh oifige agus scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú, más rud é— | ||
(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í, | ||
(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, | ||
(c) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi, | ||
(d) go gciontófar i gcion indíotáilte é nó í, | ||
(e) go gciontófar i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht é nó í, cibé acu is i dtaca le cuideachta é nó nach ea, | ||
(f) go ndéanfar, nó go measfar go ndéanfar, ordú faoi alt 160 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 nó ordú dícháiliúcháin de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, ina thaobh nó ina taobh, nó | ||
(g) go ndéanfaidh údarás inniúil, ar aon chúis (seachas mainneachtain táille a íoc), é nó í a bhaint d’aon chlár arna bhunú chun comhaltaí gairme a chlárú sa Stát nó i ndlínse eile. | ||
(3) Aon chomhalta nach bhfreastalóidh, ar feadh tréimhse chomhleanúnach 6 mhí, ar chruinniú den Bhord, scoirfidh sé nó sí ag deireadh na tréimhse sin d’oifig a shealbhú mura léireoidh an comhalta chun sástacht an Aire gur mar gheall ar easláinte a mhainnigh sé nó sí freastal. | ||
(4) San alt seo, ciallaíonn ‘foráil infheidhme den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995’, i ndáil le comhalta, foráil den Acht sin a bhfuil feidhm aici, de bhua rialachán faoi alt 3 den Acht sin, maidir leis an gcomhalta sin. | ||
Comhaltaí uile an Bhoird a chur as oifig | ||
16S. (1) Féadfaidh an tAire comhaltaí uile an Bhoird a chur as oifig, más rud é— | ||
(a) go mainneoidh an Bord córam a bhaint amach ag 3 chruinniú as a chéile, | ||
(b) nach ndéanfaidh an Bord de réir breithiúnas, ordú nó foraithne ó aon chúirt, | ||
(c) nach ndéanfaidh an Bord de réir ordachán ón Aire nó aon cheanglas eile a fhorchuirfear air le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, nó | ||
(d) gurb é tuairim an Aire nach bhfuil feidhmeanna an Bhoird (go háirithe, a fheidhmeanna faoi alt 16P) á gcomhlíonadh ar mhodh éifeachtach éifeachtúil. | ||
(2) Féadfaidh an tAire, más é a thuairim nó a tuairim nach bhfuil feidhmeanna an Bhoird á gcomhlíonadh ar mhodh éifeachtach éifeachtúil, duine a cheapadh— | ||
(a) chun athbhreithniú neamhspleách a sheoladh ar aon ní is bun leis an tuairim sin, agus | ||
(b) chun tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire maidir le torthaí an athbhreithnithe. | ||
(3) Comhoibreoidh an Bord le hathbhreithniú faoi fho-alt (2) agus tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don duine a bheidh á sheoladh, lena n-áirítear rochtain ar cibé áitreabh, trealamh agus taifid a theastóidh ón duine chun críocha an athbhreithnithe. | ||
(4) Ní dhéanfaidh cur as oifig chomhaltaí an Bhoird aon tarmligean ar fheidhmeanna na Feidhmeannachta chuig an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin faoi alt 16P(4) a chúlghairm ná ní dhéanfaidh sé difear thairis sin dó. | ||
Coistí den Bhord | ||
16T. (1) Féadfaidh an Bord coistí a bhunú, a bheidh comhdhéanta, go hiomlán nó go páirteach, de dhaoine is comhaltaí den Bhord, chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dó i ndáil le haon cheann dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh. | ||
(2) Le linn dó comhaltaí de choiste a cheapadh, beidh aird ag an mBord ar an eolas agus ar an taithí a bheidh riachtanach chun feidhmeanna an choiste a chomhall go cuí agus go héifeachtach éifeachtúil. | ||
(3) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a chur as oifig aon tráth ar chúiseanna sonraithe. | ||
(4) Beidh gníomhartha coiste faoi réir a ndaingnithe ag an mBord, mura gcinnfidh an Bord a mhalairt. | ||
(5) Féadfaidh an Bord na téarmaí tagartha agus na nósanna imeachta a bheidh ag coiste a chinneadh. | ||
(6) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste. | ||
(7) Déanfaidh coiste cibé faisnéis a theastóidh ón mBord ó am go ham, i leith ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí an choiste, a sholáthar don Bhord chun go gcomhlíonfaidh an Bord a fheidhmeanna. | ||
(8) Féadfaidh an Bord coiste a dhíscaoileadh aon tráth. | ||
(9) San alt seo, ciallaíonn ‘coiste’ coiste arna bhunú faoi fho-alt (1). | ||
Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Bhord agus de choistí | ||
16U. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an luach saothair agus na caiteachais is iníoctha faoin alt seo a chinneadh. | ||
(2) Beidh an luach saothair agus na liúntais i leith caiteachas, más ann, a chinnfear de réir fho-alt (1) iníoctha ag an bhFeidhmeannacht as cistí a bheidh faoina réir aici— | ||
(a) le comhaltaí an Bhoird, agus | ||
(b) le comhaltaí de choiste den Bhord. | ||
(3) Beidh an luach saothair agus na liúntais i leith caiteachas, más ann, a chinnfear de réir fho-alt (1) iníoctha ag an Aire as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le duine a cheapfar faoi alt 16S(2) chun athbhreithniú neamhspleách a sheoladh.”. | ||
[EN] |
An príomh-oifigeach feidhmiúcháin |
10. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach roimh Chuid 5: |
“Cuid 4A | ||
An Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin | ||
Príomh-oifigeach feidhmiúcháin a cheapadh | ||
21A. (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an Bord, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 , agus ina dhiaidh sin de réir mar is gá, duine a earcófar de réir an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004 a cheapadh chun bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó ina príomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an bhFeidhmeannacht (dá ngairtear an ‘príomh-oifigeach feidhmiúcháin’ san Acht seo). | ||
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine a meastar faoi fho-alt (6) gurb é nó í an chéad phríomh-oifigeach feidhmiúcháin. | ||
(3) Beidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais agus aoisliúntas) a chinnfidh an Bord le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. | ||
(4) Íocfar an luach saothair agus na liúntais a chinnfear faoi fho-alt (3) as cistí a bheidh faoina réir ag an bhFeidhmeannacht. | ||
(5) Ní shealbhóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin aon oifig nó fostaíocht eile ná ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó. | ||
(6) D’ainneoin aisghairm Chuid 3A le halt 3(a) den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 , maidir leis an duine arbh é nó í an tArd-Stiúrthóir, díreach roimh thosach feidhme an ailt sin 3(a), measfar gurb é nó í an chéad phríomh-oifigeach feidhmiúcháin— | ||
(a) amhail is dá ndéanfadh an Bord, ar an tosach feidhme sin, an duine a cheapadh faoi fho-alt (1) chun bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó ina príomh-oifigeach feidhmiúcháin ar feadh an mhéid a bhí fágtha den tréimhse, má ba ann, a bhí fós le dul ag an duine i seilbh oifig an Ard-Stiúrthóra sin díreach roimh an tosach feidhme sin, agus | ||
(b) ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais, aoisliúntas agus foirceannadh ceapacháin) ar a raibh an duine i seilbh oifige mar Ard-Stiúrthóir den sórt sin díreach roimh an tosach feidhme sin, | ||
agus forléireofar forálacha eile an Achta seo dá réir sin. | ||
(7) Ní bheidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord nó de choiste, ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta arna mbunú ag an mBord nó ag coiste, de réir mar a bheidh, freastal ar chruinnithe den Bhord nó de choiste agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt, agus comhairle a thabhairt, ag cruinnithe den sórt sin. | ||
An príomh-oifigeach feidhmiúcháin d’éirí as oifig, a chur as oifig nó a dhícháiliú | ||
21B. (1) Féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Bhord faoina éirí as nó faoina héirí as. | ||
(2) Féadfaidh an Bord an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a chur as oifig aon tráth, más rud é, i dtuairim an Bhoird— | ||
(a) go bhfuil an príomh-oifigeach feidhmiúcháin tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, | ||
(b) gur mhí-iompair an príomh-oifigeach feidhmiúcháin é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó | ||
(c) go bhfuil sé riachtanach an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Fheidhmeannacht a feidhmeanna go héifeachtach éifeachtúil. | ||
(3) Má chuirtear an príomh-oifigeach feidhmiúcháin as oifig de réir fho-alt (2), soláthróidh an Bord ráiteas don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin i dtaobh na gcúiseanna gur cuireadh as oifig é nó í. | ||
(4) Scoirfidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin de bheith cáilithe le haghaidh oifige, agus scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú, más rud é— | ||
(a) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi, | ||
(b) go gciontófar in aon chion indíotáilte é nó í, | ||
(c) go gciontófar i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht é nó í, cibé acu is i dtaca le cuideachta é nó nach ea, nó | ||
(d) go ndéanfar, nó go measfar go ndéanfar, ordú faoi alt 160 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 nó ordú dícháiliúcháin de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, ina thaobh nó ina taobh. | ||
Feidhmeanna an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin | ||
21C. (1) Déanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin— | ||
(a) riarachán agus gnó na Feidhmeannachta a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus cibé feidhmeanna eile a chomhlíonadh a thabharfar dó nó di leis an Acht seo nó faoi nó le haon achtachán eile nó faoi, | ||
(b) a chinntiú go bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais chuí i bhfeidhm— | ||
(i) chun cuspóir na Feidhmeannachta a bhaint amach, | ||
(ii) maidir le bainistíocht feidhmíochta inmheánach agus cuntasacht na Feidhmeannachta i leith an Fheidhmeannacht— | ||
(I) do chomhlíonadh a feidhmeanna, | ||
(II) do bhaint amach cuspóirí de réir an phlean chorparáidigh, agus | ||
(III) do sheachadadh seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta de réir an Achta seo, | ||
agus | ||
(iii) d’fhonn a chumasú go gcomhlíonfar beartais (cibé acu a leagtar amach iad i gcóid, treoirlínte nó doiciméid eile, nó in aon teaglaim díobh sin) an Rialtais nó Aire den Rialtas a mhéid a fhéadfaidh na beartais sin difear a dhéanamh d’fheidhmeanna na Feidhmeannachta nó baint a bheith acu leo, | ||
(c) cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis airgeadais) a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus le cur i ngníomh bheartais na Feidhmeannachta agus a theastóidh ón mBord a sholáthar don Bhord, agus | ||
(d) cúnamh a thabhairt don oifigeach cuntasaíochta agus cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis agus taifid airgeadais) a bhaineann le feidhmeanna an oifigigh cuntasaíochta a sholáthar dó nó di (seachas chun na gcríoch dá dtagraítear in alt 40G) laistigh de cibé tréimhse a theastóidh ón oifigeach cuntasaíochta. | ||
(2) Beidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin cuntasach don Bhord as an bhFeidhmeannacht a bhainistiú go héifeachtach éifeachtúil agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí. | ||
Feidhmeanna a tharmligean agus a fho-tharmligean | ||
21D. (1) (a) Faoi réir mhír (b), féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin— | ||
(i) aon fheidhm dá chuid nó dá cuid faoi alt 21C a tharmligean i scríbhinn chuig fostaí de chuid na Feidhmeannachta, is fostaí a shonrófar de réir ainm, gráid, poist nó eile, agus | ||
(ii) a mhéid a shonrófar é i dtarmligean a dhéanfar faoin bhfo-alt seo, fo-tharmligean aon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna arna dtarmligean faoi fho-mhír (i) chuig fostaithe eile, nó ag fostaithe eile, de chuid na Feidhmeannachta a údarú. | ||
(b) Féadfaidh an Bord ordacháin a eisiúint i scríbhinn chuig an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin i leith fheidhmiú a chumhachta nó a cumhachta faoi mhír (a) agus déanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin de réir na n-ordachán sin. | ||
(2) Aon fheidhm a dhéanfar a tharmligean nó a fho-tharmligean faoin alt seo chuig fostaí de chuid na Feidhmeannachta, comhlíonfaidh an fostaí í faoi threorú agus rialú ginearálta an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin agus de réir cibé ordacháin, teorainneacha agus treoirlínte— | ||
(a) i gcás feidhm tharmligthe, a shonróidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, nó | ||
(b) i gcás feidhm fho-tharmligthe, a shonróidh an fostaí a rinne an fheidhm a fho-tharmligean. | ||
(3) Ní choisceann tarmligean feidhme ar an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin an fheidhm a chomhlíonadh. | ||
(4) Féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin— | ||
(a) tarmligean feidhme faoin alt seo a athrú, lena n-áirítear tríd an limistéar geografach lena mbaineann an tarmligean a mhodhnú, | ||
(b) an tarmligean a chúlghairm, nó | ||
(c) aon fho-tharmligean ar an bhfeidhm a chúlghairm, gan an tarmligean a chúlghairm. | ||
(5) Ar tharmligean nó fo-tharmligean feidhme a athrú nó a chúlghairm, déanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, a luaithe is indéanta, a chur in iúl do gach fostaí a ndearnadh an fheidhm a tharmligean nó a fho-tharmligean chuige nó chuici go ndearnadh an tarmligean nó an fo-tharmligean a athrú nó a chúlghairm. | ||
(6) Aon fhostaí de chuid na Feidhmeannachta a dhéanfaidh feidhm a tarmligeadh nó a fo-tharmligeadh chuig an bhfostaí faoin alt seo a fho-tharmligean— | ||
(a) féadfaidh sé nó sí— | ||
(i) an fo-tharmligean a athrú, lena n-áirítear tríd an limistéar geografach lena mbaineann sé a mhodhnú, nó | ||
(ii) an fo-tharmligean a chúlghairm, | ||
agus | ||
(b) ní choisctear air nó uirthi an fheidhm a chomhlíonadh. | ||
(7) Ar fho-tharmligean feidhme a athrú nó a chúlghairm faoi fho-alt (6), déanfaidh an fostaí a rinne an fheidhm a fho-tharmligean, a luaithe is indéanta, a chur in iúl do gach fostaí a ndearnadh an fheidhm a fho-tharmligean chuige nó chuici go ndearnadh an fo-tharmligean a athrú nó a chúlghairm. | ||
Cuntasacht an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin do choistí de Thithe an Oireachtais | ||
21E. (1) Faoi réir fho-alt (2), ar iarraidh i scríbhinn a fháil ó Choiste, freastalóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta na Feidhmeannachta. | ||
(2) Ní cheanglófar ar an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin cuntas a thabhairt os comhair Coiste ar aon ní a bhaineann le riarachán ginearálta na Feidhmeannachta is ábhar d’imeachtaí os comhair cúirt nó binse sa Stát. | ||
(3) I gcás go bhfuil an príomh-oifigeach feidhmiúcháin den tuairim gur ní lena mbaineann fo-alt (2) ní a n-iarrtar air nó uirthi cuntas a thabhairt air os comhair Coiste, déanfaidh sé nó sí an tuairim sin, agus na cúiseanna atá leis an tuairim, a chur in iúl don Choiste agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a bheidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn. | ||
(4) I gcás go mbeidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin tar éis a thuairim nó a tuairim a chur in iúl do Choiste de réir fho-alt (3) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), a mhéid a bhaineann sí le ní is ábhar don tuairim sin— | ||
(a) féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, tráth nach déanaí ná 42 lá tar éis don Choiste an bhreith uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh ar mhodh achomair chun na hArd-Chúirte chun an cheist a chinneadh i dtaobh an ní é an ní a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis, nó | ||
(b) féadfaidh Cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste, | ||
agus déanfaidh an Ard-Chúirt an ní a chinneadh. | ||
(5) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (4), ní fhreastalóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas. | ||
(6) Má chinneann an Ard-Chúirt, maidir leis an ní lena mbaineann, gur ní é a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis, tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2), freastalóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní. | ||
(7) Le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ní dhéanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas ná i dtaobh tuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin. | ||
(8) Le cead ó Chathaoirleach Coiste a dhéanfaidh an iarraidh faoi fho-alt (1)— | ||
(a) féadfaidh cathaoirleach an Bhoird, nó | ||
(b) féadfaidh fostaí de chuid na Feidhmeannachta a bheidh ainmnithe ag an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin, | ||
freastal os comhair an Choiste in ionad an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta na Feidhmeannachta, agus sa chás sin, léifear tagairt i bhfo-ailt (2) go (7) don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin mar thagairt a fholaíonn tagairt don duine a bheidh ag freastal ina ionad nó ina hionad. | ||
(9) San alt seo, ciallaíonn ‘Coiste’ coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar, seachas— | ||
(a) an Coiste um Chuntais Phoiblí, an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann, nó | ||
(b) fochoiste de chuid coiste dá dtagraítear i mír (a). | ||
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa | ||
21F. (1) Ní bheidh duine incheaptha mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin más rud é, maidir leis an duine— | ||
(a) go ndéanfar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, | ||
(b) go ndéanfar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | ||
(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin, nó | ||
(d) go ndéanfar é nó í a thoghadh nó a chomhthoghadh mar chomhalta d’údarás áitiúil. | ||
(2) Aon duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó ina príomh-oifigeach feidhmiúcháin. | ||
An príomh-oifigeach feidhmiúcháin gníomhach | ||
21G. (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Bord cibé fostaí eile de chuid na Feidhmeannachta a cheapadh chun feidhmeanna an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin a chomhlíonadh— | ||
(a) le linn aon tréimhse nó tréimhsí ina mbeidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin as láthair ó dhualgas nó ón Stát, nó nach mbeidh sé nó sí in ann, ar aon chúis eile, feidhmeanna an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin a chomhlíonadh, | ||
(b) le linn don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin a bheith ar aon fhionraí ón oifig, nó | ||
(c) le linn d’aon fholúntas a bheith in oifig an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin. | ||
(2) Féadfaidh an Bord ceapachán faoin alt seo a fhoirceannadh aon tráth.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht |
11. Leasaítear alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): |
“(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le ceapadh an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin faoi alt 21A.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht |
12. Leasaítear alt 23 den Phríomh-Acht— |
(a) i bhfo-alt (1), trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir”, agus | ||
(b) i bhfo-alt (5), trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht |
13. Leasaítear alt 25 den Phríomh-Acht— |
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | ||
“(1) Coimeádfaidh duine caighdeáin chuí ionracais, iompair agus airde i leith leas an phobail le linn feidhmeanna faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile a chomhlíonadh— | ||
(a) mar chomhalta den Bhord nó de choiste den Bhord (lena n-áirítear an coiste iniúchóireachta a bhunófar faoi alt 40H), | ||
(b) mar an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, | ||
(c) mar fhostaí de chuid na Feidhmeannachta, | ||
(d) mar dhuine atá fruilithe ag an bhFeidhmeannacht mar chomhairleoir faoi alt 24, nó | ||
(e) mar fhostaí de chuid duine dá dtagraítear i mír (d).”, | ||
agus | ||
(b) i bhfo-alt (3), trí “eiseoidh an Bord” a chur in ionad “eiseoidh an Stiúrthóireacht”. | ||
[EN] |
Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise faoi rún |
14. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 26: |
“26.(1) Faoi réir fho-alt (2), ní nochtfaidh duine faisnéis faoi rún a gheobhaidh sé nó sí le linn feidhmeanna a chomhlíonadh— | ||
(a) mar chomhalta den Bhord nó de choiste den Bhord (lena n-áirítear an coiste iniúchóireachta a bhunófar faoi alt 40H), | ||
(b) mar an príomh-oifigeach feidhmiúcháin nó mar aon fhostaí eile de chuid na Feidhmeannachta, | ||
(c) mar dhuine atá fruilithe ag an bhFeidhmeannacht mar chomhairleoir faoi alt 24, | ||
(d) mar fhostaí de chuid duine dá dtagraítear i mír (c), nó | ||
(e) mar dhuine a cheapfar faoi alt 16S(2) chun athbhreithniú neamhspleách a sheoladh, | ||
mura gceanglófar le dlí air nó uirthi, nó mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an bhFeidhmeannacht nó, i gcás duine dá dtagraítear i mír (e), ag an Aire, déanamh amhlaidh. | ||
(2) Ní sháraíonn duine fo-alt (1) trí fhaisnéis faoi rún a nochtadh, más rud é— | ||
(a) go ndéantar an nochtadh don Bhord, | ||
(b) go ndéanann an Fheidhmeannacht an nochtadh don Aire nó go ndéantar an nochtadh don Aire thar ceann na Feidhmeannachta, nó go ndéanann duine dá dtagraítear i mír (e) d’fho-alt (1) an nochtadh don Aire nó go ndéantar an nochtadh don Aire thar ceann duine dá dtagraítear i mír (e) d’fho-alt (1), nó i gcomhlíonadh ceanglas de chuid an Achta seo, nó | ||
(c) gur nochtadh cosanta faoi Chuid 9A nó faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 an nochtadh. | ||
(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion. | ||
(4) San alt seo, ciallaíonn ‘faisnéis faoi rún’— | ||
(a) i gcás daoine dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) d’fho-alt (1)— | ||
(i) faisnéis a mbeidh sé sainráite ag an bhFeidhmeannacht ina leith go bhfuil sí faoi rún, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, agus | ||
(ii) faisnéis a bhaineann le tograí de chineál tráchtála nó le tairiscintí a chuirfidh conraitheoirí, sainchomhairleoirí nó aon duine eile faoi bhráid na Feidhmeannachta, | ||
agus | ||
(b) i gcás duine dá dtagraítear i mír (e) d’fho-alt (1)— | ||
(i) faisnéis a mbeidh sé sainráite ag an Aire ina leith go bhfuil sí faoi rún, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, agus | ||
(ii) faisnéis a bhaineann le tograí de chineál tráchtála nó le tairiscintí a chuirfidh conraitheoirí, sainchomhairleoirí nó aon duine eile faoi bhráid na Feidhmeannachta.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht |
15. Leasaítear alt 27 den Phríomh-Acht— |
(a) i bhfo-alt (1), trí “comhalta den Bhord nó comhalta de choiste den Bhord (lena n-áirítear an coiste iniúchóireachta a bhunófar faoi alt 40H)” a chur in ionad “comhalta de choiste de chuid na Stiúrthóireachta”, agus | ||
(b) i bhfo-alt (2), trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht |
16. Leasaítear alt 28 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an míniú ar “an Coiste um Chuntais Phoiblí” a scriosadh. |
[EN] |
Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht |
17. Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): |
“(4) Le linn di an plean corparáideach a ullmhú, beidh aird ag an bhFeidhmeannacht ar bheartais (cibé acu a leagtar amach iad i gcóid, treoirlínte nó doiciméid eile, nó in aon teaglaim díobh sin) an Rialtais nó aon Aire den Rialtas a mhéid a fhéadfaidh na beartais sin difear a dhéanamh d’fheidhmeanna na Feidhmeannachta nó baint a bheith acu leo.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht |
18. Leasaítear alt 31 den Phríomh-Acht— |
(a) i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (g): | ||
“(g) beidh sé de réir bheartais (cibé acu a leagtar amach iad i gcóid, treoirlínte nó doiciméid eile, nó in aon teaglaim díobh sin) agus chuspóirí an Aire agus an Rialtais.”, | ||
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6): | ||
“(6) Má mhainníonn an Fheidhmeannacht plean seirbhíse a chur faoi bhráid an Aire sula rachaidh an tréimhse shonraithe in éag, féadfaidh an tAire ordachán a eisiúint i scríbhinn, lena n-ordófar don Fheidhmeannacht plean seirbhíse a ullmhú agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid tráth nach déanaí ná— | ||
(a) 10 lá tar éis an dáta ar a n-eiseoidh an tAire an t-ordachán chuig an bhFeidhmeannacht, nó | ||
(b) cibé dáta is luaithe ná sin a shonrófar san ordachán.”, | ||
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): | ||
“(6A)(a) Faoi réir mhír (b), má mhainníonn an Fheidhmeannacht ordachán faoi fho-alt (6) a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire ordachán a eisiúint i scríbhinn, lena n-ordófar don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin plean seirbhíse a ullmhú agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid tráth nach déanaí ná— | ||
(i) 10 lá tar éis an dáta ar a n-eiseoidh an tAire an t-ordachán chuig an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin, nó | ||
(ii) cibé dáta is luaithe ná sin a shonrófar san ordachán. | ||
(b) Chun críocha an príomh-oifigeach feidhmiúcháin d’ullmhú plean seirbhíse agus dá chur faoi bhráid an Aire de réir ordachán arna eisiúint faoi mhír (a), léifear tagairtí don Fheidhmeannacht i bhfo-ailt (3), (5), (8) agus (9) (seachas i bhfo-alt (9)(d)) mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.”, | ||
(d) i bhfo-alt (7), trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin faoi bhráid an Aire i gcomhlíonadh fho-alt (6A)” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir faoi bhráid an Aire i gcomhlíonadh fho-alt (6)”, | ||
(e) i bhfo-alt (9), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d): | ||
“(d) nach bhfuil sé de réir bheartais (cibé acu a leagtar amach iad i gcóid, treoirlínte nó doiciméid eile, nó in aon teaglaim díobh sin) agus chuspóirí an Aire nó an Rialtais a mhéid a bhaineann na beartais agus na cuspóirí sin le feidhmeanna na Feidhmeannachta agus a mhéid a cuireadh in iúl i scríbhinn don Fheidhmeannacht iad roimh thús na tréimhse sonraithe.”, | ||
agus | ||
(f) i bhfo-alt (11), trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 34A den Phríomh-Acht |
19. Leasaítear alt 34A den Phríomh-Acht trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir” sa dá áit a bhfuil sé. |
[EN] |
Leasú ar alt 34B den Phríomh-Acht |
20. Leasaítear alt 34B den Phríomh-Acht trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir” sa dá áit a bhfuil sé. |
[EN] |
Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht |
21. Leasaítear alt 35 den Phríomh-Acht— |
(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | ||
“(b) struchtúr na Feidhmeannachta, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí an Bhoird agus an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin,”, | ||
(b) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-alt (2A), déanfaidh an Fheidhmeannacht” a chur in ionad “Déanfaidh an Fheidhmeannacht”, agus | ||
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | ||
“(2A) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme alt 21 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), an cód rialachais a athleasú chun an leasú a dhéantar ar fho-alt (1) leis an alt sin a chur i gcuntas.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 40G den Phríomh-Acht |
22. Leasaítear alt 40G den Phríomh-Acht trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir”. |
[EN] |
Coiste iniúchóireachta |
23. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 40H: |
“40H.(1) A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme alt 23 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 , bunóidh an Bord coiste iniúchóireachta chun na feidhmeanna a shonraítear in alt 40I a chomhlíonadh. | ||
(2) Is é an Bord a cheapfaidh an coiste iniúchóireachta agus is iad a bheidh air— | ||
(a) líon nach lú ná 3 chomhalta den Bhord, agus | ||
(b) faoi réir fho-alt (3), líon nach lú ná 4 dhuine eile a bhfuil, i dtuairim an Bhoird, na scileanna agus an taithí iomchuí acu chun feidhmeanna an choiste a chomhlíonadh, agus a mbeidh cáilíocht ghairmiúil sa chuntasaíocht nó san iniúchóireacht ag duine amháin díobh ar a laghad. | ||
(3) Ní bheidh duine incheaptha chun an choiste iniúchóireachta de bhun fho-alt (2)(b) más fostaí de chuid na Feidhmeannachta an duine sin. | ||
(4) Déanfaidh an Bord duine de na daoine a cheapfar de bhun fho-alt (2)(b) a shainainmniú chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcoiste iniúchóireachta. | ||
(5) Déanfaidh an Bord ré an chomhaltais den choiste iniúchóireachta a bheidh ag duine a chinneadh nuair a bheidh an duine sin á cheapadh nó á ceapadh. | ||
(6) Féadfaidh comhalta den choiste iniúchóireachta éirí as an gcoiste trí litir a bheidh dírithe chuig cathaoirleach an Bhoird. | ||
(7) Féadfaidh an Bord, aon tráth, comhalta den choiste iniúchóireachta a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe. | ||
(8) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an luach saothair agus na caiteachais is iníoctha faoin alt seo a chinneadh. | ||
(9) Beidh an luach saothair agus na liúntais i leith caiteachas, más ann, a chinnfear de réir fho-alt (8), iníoctha ag an bhFeidhmeannacht as cistí a bheidh faoina réir aici le comhalta den choiste iniúchóireachta. | ||
(10) Cinnteoidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin go ndéanfar na hacmhainní rúnaíochta agus eile is gá a sholáthar don choiste iniúchóireachta chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.”. | ||
[EN] |
Forálacha d’fhorlíonadh alt 40H |
24. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 40H: |
“40HA.(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá iomchuí chun críocha alt 40H. | ||
(2) Beidh an seanchoiste iniúchóireachta arna dhíscaoileadh ar an lá iomchuí. | ||
(3) Maidir le haon ní a thosófar agus nach gcríochnófar roimh an lá iomchuí le húdarás an tseanchoiste iniúchóireachta nó faoi údarás an tseanchoiste iniúchóireachta, féadfaidh an coiste iniúchóireachta nua, a mhéid a bhaineann sé le feidhm de chuid an choiste iniúchóireachta nua, leanúint ar aghaidh leis nó é a chríochnú an lá sin nó dá éis. | ||
(4) Maidir le gach doiciméad arna dheonú nó arna dhéanamh ag an seanchoiste iniúchóireachta, más rud é go raibh an doiciméad i bhfeidhm agus a mhéid a bhí an doiciméad i bhfeidhm díreach roimh an lá iomchuí, beidh éifeacht leis an lá sin agus dá éis amhail is dá mba rud é gur dheonaigh nó go ndearna an coiste iniúchóireachta nua é. | ||
(5) Gach taifead a shealbhóidh an seanchoiste iniúchóireachta díreach roimh an lá iomchuí, beidh sé, an lá sin, arna aistriú chuig an gcoiste iniúchóireachta nua agus, an lá sin agus dá éis, is maoin de chuid an choiste iniúchóireachta nua é agus measfar é a bheith i seilbh an choiste iniúchóireachta nua. | ||
(6) San alt seo agus in alt 40I— | ||
ciallaíonn ‘coiste iniúchóireachta nua’ an coiste iniúchóireachta arna bhunú de bhun alt 40H tar éis thosach feidhme alt 23 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 ; | ||
ciallaíonn ‘seanchoiste iniúchóireachta’ an coiste iniúchóireachta arna bhunú de bhun alt 40H roimh thosach feidhme alt 23 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 ; | ||
forléireofar ‘lá iomchuí’ de réir fho-alt (1).”. | ||
[EN] |
Feidhmeanna an choiste iniúchóireachta |
25. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 40I: |
“40I.(1) Déanfaidh an coiste iniúchóireachta, an lá iomchuí agus dá éis— | ||
(a) comhairle a thabhairt don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin maidir le cúrsaí airgeadais a bhaineann lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna, | ||
(b) tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin uair sa bhliain ar a laghad maidir leis na cúrsaí sin agus maidir le gníomhaíochtaí an choiste sa bhliain roimhe sin, agus | ||
(c) cóip den tuarascáil sin a sholáthar don Bhord agus don Aire. | ||
(2) Déanfaidh an coiste iniúchóireachta, an lá iomchuí agus dá éis— | ||
(a) comhairle a thabhairt don Bhord maidir le cúrsaí airgeadais a bhaineann lena fheidhmeanna, | ||
(b) tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Bhord uair sa bhliain ar a laghad maidir leis na cúrsaí sin, agus | ||
(c) cóip den tuarascáil sin a sholáthar don Aire. | ||
(3) Áirítear ar fheidhmeanna an choiste iniúchóireachta faoi fho-ailt (1)(a) agus (2)(a) comhairle a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas: | ||
(a) an Fheidhmeannacht do chur treoirlínte Rialtais maidir le saincheisteanna airgeadais i ngníomh go cuí; | ||
(b) an Fheidhmeannacht do chomhlíonadh na nithe seo a leanas— | ||
(i) ailt 33 agus 33B, agus | ||
(ii) aon oibleagáidí eile a fhorchuirtear le dlí a bhaineann le cúrsaí airgeadais; | ||
(c) an príomh-oifigeach feidhmiúcháin do chomhlíonadh alt 34A; | ||
(d) cuibheas, éifeachtacht agus éifeachtúlacht nósanna imeachta na Feidhmeannachta maidir leis na nithe seo a leanas— | ||
(i) an tsainfháil phoiblí, | ||
(ii) ceadú a lorg le haghaidh caiteachais agus déanamh de réir an cheadaithe sin, | ||
(iii) sócmhainní a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, | ||
(iv) bainistiú priacail, | ||
(v) tuairisciú airgeadais, agus | ||
(vi) iniúchtaí inmheánacha. | ||
(4) Faoi réir fho-alt (7), tiocfaidh an coiste iniúchóireachta le chéile 4 huaire sa bhliain ar a laghad agus féadfaidh sé a iarraidh ar aon duine is dóigh leis is cuí (cibé acu is fostaí de chuid na Feidhmeannachta an duine sin nó nach ea) freastal ar chruinniú den choiste. | ||
(5) Déanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin— | ||
(a) a chinntiú go ndéanfar tuarascálacha iniúchóireachta uile, pleananna iniúchóireachta uile agus tuarascálacha míosúla uile na Feidhmeannachta ar chaiteachas a sholáthar don choiste iniúchóireachta, agus | ||
(b) má tá cúis aige nó aici chun amhras a bheith air nó uirthi go ndearnadh aon mhídhílsiú ábhartha ar airgead na Feidhmeannachta, nó aon chomhshó calaoiseach nó mífheidhmiú ar mhaoin na Feidhmeannachta, an méid sin a chur in iúl don choiste iniúchóireachta a luaithe is indéanta. | ||
(6) Déanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin faisnéis faoi aon ní airgeadais nó nós imeachta is gá chun go gcomhlíonfaidh an coiste iniúchóireachta a fheidhmeanna a thabhairt don choiste nuair a iarrfaidh an coiste iniúchóireachta air nó uirthi déanamh amhlaidh agus i gcás go mbainfidh an fhaisnéis sin— | ||
(a) le haon chonradh a bheartaíonn an Fheidhmeannacht a dhéanamh agus lena ngabhann caiteachas de mhéid is mó ná tairseach a shonróidh an coiste, agus | ||
(b) le haon imeachtaí dlí arna dtionscnamh nó arna mbagairt in aghaidh na Feidhmeannachta a bhféadfadh dliteanas airgeadais ionchasach eascairt astu. | ||
(7) Chun críocha fho-alt (4), déanfar cruinniú den seanchoiste iniúchóireachta arna thionól sa bhliain chéanna leis an mbliain ina mbeidh an lá iomchuí a áireamh mar chruinniú den choiste iniúchóireachta nua.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 51 den Phríomh-Acht |
26. Leasaítear alt 51 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (4), trí “an príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “an tArd-Stiúrthóir”. |
[EN] |
Leasú ar alt 55S den Phríomh-Acht |
27. Leasaítear alt 55S den Phríomh-Acht trí fho-ailt (2), (3) agus (4) a scriosadh. |
[EN] |
An éifeacht a ghabhann le feidhmeanna a tharmligean agus a fho-tharmligean |
28. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 76: |
“76.(1) Má dhéanann an Bord feidhm de chuid na Feidhmeannachta a tharmligean chuig an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin faoi alt 16P(4), déanfar tagairtí i bhforáil den Acht seo nó d’aon achtachán eile lena sanntar an fheidhm sin don Fheidhmeannacht nó lena rialáiltear an modh ar a bhfuil an fheidhm le comhlíonadh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin. | ||
(2) Má dhéanann an príomh-oifigeach feidhmiúcháin feidhm dá chuid nó dá cuid faoi alt 21C a tharmligean chuig fostaí de chuid na Feidhmeannachta faoi alt 21D(1)(a)(i) nó má dhéanann fostaí a bheidh údaraithe chun déanamh amhlaidh í a fho-tharmligean faoi alt 21D(1)(a)(ii), déanfar tagairtí in aon fhoráil den Acht seo nó d’aon achtachán eile lena rialáiltear an modh ar a bhfuil an fheidhm sin le comhlíonadh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don fhostaí a ndéantar an fheidhm a tharmligean nó a fho-tharmligean chuige nó chuici. | ||
(3) Má dhéantar feidhm a tharmligean faoi alt 16P(4) nó alt 21D nó a fho-tharmligean faoi alt 21D, measfar go bhfolaíonn an tarmligean nó an fo-tharmligean tarmligean nó fo-tharmligean aon dualgais nó cumhachta atá teagmhasach nó bainteach leis an bhfeidhm sin. | ||
(4) Aon ghníomh nó ní a dhéanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin de bhun tarmligean ag an mBord faoi alt 16P(4), tá an fheidhm chéanna aige agus an éifeacht chéanna leis amhail is dá mba é an Bord a rinne é. | ||
(5) Aon ghníomh nó ní a dhéanfaidh fostaí de chuid na Feidhmeannachta de bhun tarmligean nó fo-tharmligean faoi alt 21D, tá an fheidhm chéanna aige agus an éifeacht chéanna leis amhail is dá mba é nó í an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a rinne é. | ||
(6) Ní dhéanann cúlghairm tarmligin ag an mBord nó ag an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin difear d’fho-tharmligean arna údarú faoi alt 21D, mura n-ordóidh an Bord nó an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, a mhalairt. | ||
(7) Ní scoireann tarmligean nó fo-tharmligean feidhme d’éifeacht a bheith leis ar an aon ábhar amháin, maidir leis an duine a rinne an fheidhm a tharmligean nó a fho-tharmligean, nó a d’údaraigh í a fho-tharmligean, nach bhfuil an post aige nó aici a thuilleadh a bhí ag an duine nuair a rinneadh an fheidhm a tharmligean nó a fho-tharmligean, nó nuair a údaraíodh í a fho-tharmligean.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 77 den Phríomh-Acht |
29. Leasaítear alt 77 den Phríomh-Acht— |
(a) i bhfo-alt (1)— | ||
(i) i mír (a), trí “chuig an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “chuig an Ard-Stiúrthóir”, agus | ||
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): | ||
“(c) a bheidh sínithe ag an gcathaoirleach,”, | ||
(b) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d): | ||
“(d) a bheidh sínithe ag an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó ag fostaí de chuid na Feidhmeannachta a rinne feidhm shonraithe de chuid na Feidhmeannachta a tarmligeadh nó a fo-tharmligeadh chuige nó chuici faoi alt 21D a fho-tharmligean,”, | ||
agus | ||
(c) i bhfo-alt (3), trí “an cathaoirleach, an príomh-oifigeach feidhmiúcháin nó” a chur in ionad “stiúrthóir ceaptha, an tArd-Stiúrthóir nó”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 79 den Phríomh-Acht |
30. Leasaítear alt 79 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (4), trí “in alt 26(4)” a chur in ionad “in alt 26(3)” sa mhíniú ar “faisnéis faoi rún”. |
[EN] |
Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 81 go 83 a chur isteach |
31. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 80: |
“Cosaint | ||
81.(1) Tá feidhm ag fo-alt (2) i gcás gur chuir an Fheidhmeannacht tús leis na nithe seo a leanas ach nár chríochnaigh sí iad roimh an dáta iomchuí— | ||
(a) comhlíonadh feidhme faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, nó | ||
(b) déanamh gnímh nó ní chun críocha an Achta seo nó chun críoch aon achtacháin eile. | ||
(2) Féadfaidh an Bord, an dáta iomchuí nó dá éis, na nithe seo a leanas a chríochnú— | ||
(a) comhlíonadh na feidhme sin, nó | ||
(b) déanamh an ghnímh sin nó an ní sin, | ||
a mhéid, más rud é go ndéantar amhlaidh, nach bhfuil sé ar neamhréir, i gcás mhír (a), le feidhmeanna an Bhoird faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile agus, i gcás mhír (b), leis na gníomhartha nó na nithe a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh chun críocha an Achta seo nó chun críoch aon achtacháin eile. | ||
(3) Tá feidhm ag fo-alt (4) i gcás gur chuir an tArd-Stiúrthóir tús leis na nithe seo a leanas ach nár chríochnaigh sé nó sí iad roimh an dáta iomchuí— | ||
(a) comhlíonadh feidhme faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile seachas feidhm eisiata, nó | ||
(b) déanamh gnímh nó ní chun críocha an Achta seo nó chun críoch aon achtacháin eile seachas gníomh nó ní eisiata. | ||
(4) Féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, an dáta iomchuí nó dá éis, na nithe seo a leanas a chríochnú— | ||
(a) comhlíonadh na feidhme sin, nó | ||
(b) déanamh an ghnímh sin nó an ní sin, | ||
a mhéid, más rud é go ndéantar amhlaidh, nach bhfuil sé ar neamhréir, i gcás mhír (a), le feidhmeanna an oifigigh faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile agus, i gcás mhír (b), leis na gníomhartha nó na nithe a fhéadfaidh an t-oifigeach a dhéanamh chun críocha an Achta seo nó chun críoch aon achtacháin eile. | ||
(5) Faoi réir fho-alt (6), leanfaidh tarmligean iomchuí nó fo-tharmligean iomchuí, faoi réir a théarmaí, d’éifeacht a bheith leis an dáta iomchuí agus dá éis. | ||
(6) Féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin tarmligean iomchuí nó fo-tharmligean iomchuí arna dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóir a athrú nó a chúlghairm. | ||
(7) San alt seo— | ||
ciallaíonn ‘gníomh nó ní eisiata’, i ndáil leis an Ard-Stiúrthóir, gníomh nó ní arna dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóir chun críoch an Achta seo nó chun críche aon achtacháin eile ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den Stiúrthóireacht nó mar chathaoirleach na Stiúrthóireachta; | ||
ciallaíonn ‘feidhm eisiata’, i ndáil leis an Ard-Stiúrthóir, feidhm de chuid an Ard-Stiúrthóra ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den Stiúrthóireacht nó mar chathaoirleach na Stiúrthóireachta; | ||
ciallaíonn ‘dáta iomchuí’ dáta thosach feidhme alt 31 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019 ; | ||
ciallaíonn ‘tarmligean iomchuí’ tarmligean arna dhéanamh de réir an Achta seo roimh an dáta iomchuí agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin; | ||
ciallaíonn ‘fo-tharmligean iomchuí’ fo-tharmligean arna dhéanamh de réir an Achta seo roimh an dáta iomchuí agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin. | ||
Cionta | ||
82.(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear— | ||
(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | ||
(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | ||
(2) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú aon duine, is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite. | ||
Tagairtí don Bhord agus don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin | ||
83. Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | ||
(a) maidir le tagairt don Bhord a forléiríodh, roimh thosach feidhme alt 3 (b) den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019, de bhua alt 22 den Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2013, mar thagairt don Stiúrthóireacht, déanfar í a fhorléiriú, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, mar thagairt don Bhord, agus | ||
(b) maidir le tagairt don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin a forléiríodh, roimh thosach feidhme an ailt sin 3(b), de bhua an ailt sin 22, mar thagairt don Ard-Stiúrthóir, déanfar í a fhorléiriú, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, mar thagairt don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.”. | ||
[EN] |
Leasú ar Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht |
32. Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
(a) i mír 1, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2): | ||
“(2) Ní mór séala na Feidhmeannachta a fhíordheimhniú— | ||
(a) le síniú 2 chomhalta den Bhord, nó | ||
(b) le síniú na beirte seo a leanas— | ||
(i) comhalta den Bhord, agus | ||
(ii) fostaí de chuid na Feidhmeannachta a bheidh údaraithe ag an mBord chun an séala a fhíordheimhniú.”, | ||
agus | ||
(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 1: | ||
“Cruinnithe den Bhord | ||
2A.(1) Déanfaidh an tAire, i gcomhchomhairle leis an gcathaoirleach, dáta, tráth agus ionad chéadchruinniú an Bhoird a shocrú. | ||
(2) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, ach gach bliain, tionólfaidh sé cruinniú amháin ar a laghad gach mí den 11 mhí den bhliain sin. | ||
(3) Féadfaidh an cathaoirleach cruinniú den Bhord a ghairm aon tráth réasúnach. | ||
(4) Féadfaidh aon 8 gcomhalta nó níos mó cruinniú den Bhord a ghairm, más rud é— | ||
(a) go ndiúltaíonn an cathaoirleach cruinniú a ghairm tar éis foréileamh chuige sin arna shíniú ag líon nach lú ná 8 gcomhalta a thíolacadh dó nó di, nó | ||
(b) nach ndéanfaidh an cathaoirleach, gan diúltú cruinniú a ghairm, ceann a ghairm laistigh de 7 lá ón tráth a thíolactar foréileamh den sórt sin dó nó di. | ||
(5) Déanfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú arna ghairm faoi fhomhír (4) duine dá líon a roghnú chun dul i gceannas ar an gcruinniú. | ||
Córam agus nósanna imeachta | ||
2B.(1) Is é is córam do chruinniú den Bhord 7 ngnáthchomhalta den Bhord agus— | ||
(a) faoi réir mhír (b), an cathaoirleach, an leaschathaoirleach nó an comhalta eile a roghnófar de réir fhomhír (2)(c) chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó | ||
(b) do chruinniú den sórt sin a ghairfear de réir mhír 2A(4), an comhalta a roghnófar faoi mhír 2A(5) chun dul i gceannas ar an gcruinniú. | ||
(2) Faoi réir mhír 2A(5), ag cruinniú den Bhord— | ||
(a) is é nó is í an cathaoirleach, má tá sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, | ||
(b) mura bhfuil, agus fad nach bhfuil, an cathaoirleach i láthair, nó má tá oifig an chathaoirligh folamh, is é nó is í an leaschathaoirleach, má tá sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó | ||
(c) mura bhfuil, agus fad nach bhfuil, an cathaoirleach i láthair, nó má tá, agus fad atá, oifig an chathaoirligh folamh, agus mura bhfuil, agus fad nach bhfuil, an leaschathaoirleach i láthair, nó má tá, agus fad atá, oifig an leaschathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí eile den Bhord atá i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | ||
(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | ||
(4) Faoi réir fhomhír (1), féadfaidh an Bord gníomhú d’ainneoin folúntas amháin nó níos mó i measc a chomhaltaí. | ||
(5) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfaidh an Bord a nós imeachta a rialáil le rialacha nó ar shlí eile.”. |