|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Leasú ar an bPríomh-Acht) |
AN tACHT UM FHEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE (RIALACHAS), 2019
[EN] | ||
[EN] |
CUID 3 Ilghnéitheach | |
[EN] |
Leasú ar an Acht Sláinte, 1970 |
33.(1) Leasaítear alt 47 den Acht Sláinte, 1970, i bhfo-alt (1), trí “príomh-oifigeach feidhmiúcháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte” a chur in ionad “Ard-Stiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte”. |
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh ar thosach feidhme alt 2 den Acht Sláinte (Seirbhís Lia-Chleachtóirí Ginearálta), 2014. | ||
[EN] |
Leasú ar an Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977 |
34. Leasaítear alt 2 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (k): |
“(k) príomh-oifigeach feidhmiúcháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 21A den Acht Sláinte, 2004,”. | ||
[EN] |
Leasú ar an Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 |
35. Leasaítear an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015— |
(a) in alt 21(3)(d), trí “príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “Ard-Stiúrthóir”, agus | ||
(b) in alt 24(2)(d)(ii), trí “ó phríomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “ó Ard-Stiúrthóir”. | ||
[EN] |
Leasú ar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Cosmaideacha), 2013 |
36. Leasaítear Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Cosmaideacha), 2013 (I.R. Uimh. 440 de 2013)— |
(a) i Rialachán 2(1), i mír (b) den mhíniú ar “duine iomchuí”, trí “príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “ard-stiúrthóir”, agus | ||
(b) i Rialachán 12— | ||
(i) i mír (1), trí “le príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “le hard-stiúrthóir”, agus | ||
(ii) i bhfo-alt (7), trí “príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “ard-stiúrthóir”. | ||
[EN] |
Leasú ar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Tobac agus Táirgí Gaolmhara a Mhonarú, a Thíolacadh agus a Dhíol), 2016 |
37. Leasaítear Rialachán 42 de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Tobac agus Táirgí Gaolmhara a Mhonarú, a Thíolacadh agus a Dhíol), 2016 (I.R. Uimh. 271 de 2016)— |
(a) i mír (1), trí “phríomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “Ard-Stiúrthóir”, | ||
(b) i mír (6), trí “an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin” a chur in ionad “an Ard-Stiúrthóra”, agus | ||
(c) i mír (9), trí “príomh-oifigeach feidhmiúcháin” a chur in ionad “Ard-Stiúrthóir”. |