21 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 2019


AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 3 d’Acht 1990

3. Leasú ar alt 23 d’Acht 1990

4. Na hachtacháin nach mbeidh feidhm ag alt 23(1A) agus 23(1B) d’Acht 1990 maidir leo i leith comhaltaí den Gharda Síochána

5. Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Gharda Síochána, 2005 (Uimh. 20)

An tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2001 (Uimh. 11)

An tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2012 (Uimh. 32)

An tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2015 (Uimh. 27)

An tAcht Caidrimh Thionscail (Forálacha Ilghnéitheacha), 2004 (Uimh. 4)

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 (Uimh. 26)

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1976 (Uimh. 15)

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1990 (Uimh. 19)

Na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 2015

Na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 2019


AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta Caidrimh Thionscail, 1990 d’fhonn socrú a dhéanamh go mbeidh feidhm ag forálacha áirithe de na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 2015 maidir le comhaltaí áirithe den Gharda Síochána; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[7 Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1990.

Leasú ar alt 3 d’Acht 1990

2. Leasaítear alt 3 d’Acht 1990, i bhfo-alt (1), trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Acht 2005’ Acht an Gharda Síochána, 2005;

tá le ‘Coimisinéir an Gharda’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2005;

ciallaíonn ‘an Garda Síochána’ an tseirbhís póilíneachta dá dtagraítear in alt 6 d’Acht 2005;

tá le ‘comhalta’, i ndáil leis an nGarda Síochána, an bhrí chéanna atá leis in Acht 2005, ach ní fholaíonn sé—

(a) Coimisinéir an Gharda, nó

(b) comhalta cúltaca de réir bhrí Acht 2005;”.

Leasú ar alt 23 d’Acht 1990

3. Leasaítear alt 23 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-alt (1), trí “comhalta den Gharda Síochána dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) agus” a chur isteach i ndiaidh “ciallaíonn “oibrí” ”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Chun críocha fho-alt (1) agus faoi réir fho-ailt (1B), (1C) agus (1D), beidh feidhm ag na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 2019 agus ag an gCuid seo maidir le comhalta den Gharda Síochána.

(1B) Faoi réir fho-ailt (1C) agus (1D), chun críocha fho-ailt (1) agus (1A), déanfar tagairtí do gach ceann nó d’aon cheann díobh seo a leanas, i ndáil le comhalta den Gharda Síochána, a fhorléiriú mar a leanas:

(a) déanfar tagairt d’fhostóir a léamh mar thagairt do Choimisinéir an Gharda;

(b) déanfar tagairt—

(i) do chonradh fostaíochta,

(ii) do chonradh le fostóir,

(iii) do chonradh fostaíochta, nó

(iv) d’aon téarma den tsamhail chéanna,

a léamh mar thagairt d’aon achtachán, cód de chuid an Gharda, ionstraim, breith, ciorclán, treoir, aon doiciméad eile nó aon teaglaim den chéanna lena ndéantar socrú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha, nó lena sonraítear na téarmaí agus na coinníollacha, ar a bhfónann an comhalta sin den Gharda Síochána;

(c) déanfar tagairt do cheardchumann a léamh mar thagairt do chomhlachas arna bhunú faoi alt 18 d’Acht 2005 agus dá réir;

(d) déanfar tagairt d’eagraíocht fostóirí, ceardchumann fostóirí nó comhlachas fostóirí a léamh mar thagairt do Choimisinéir an Gharda;

(e) gan dochar d’alt 3 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, déanfar tagairt d’aighneas ceirde a léamh mar thagairt d’aon díospóid nó easaontas idir comhaltaí den Gharda Síochána agus Coimisinéir an Gharda a bhaineann le ceapadh nó neamhcheapadh aon chomhalta den sórt sin, nó leis na téarmaí agus na coinníollacha ar a bhfónann comhaltaí den sórt sin, agus folaíonn sí aon díospóid nó easaontas den sórt sin idir comhaltaí scortha agus Coimisinéir an Gharda.

(1C) (a) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-ailt (1), (1A) nó (1B) difear d’oibriú alt 18(3) d’Acht 2005.

(b) Ní oibreoidh aon ní i bhfo-ailt (1), (1A) nó (1B) chun na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1990 a chur chun feidhme maidir leis an nGarda Síochána agus ní bheidh feidhm ag na fo-ailt sin maidir le léiriú aon téarmaí a úsáidtear sna hAchtanna sin.

(1D) Ní bheidh feidhm ag na hachtacháin a shonraítear i gcolún (3) den Séú Sceideal maidir le hoibrí is comhalta den Gharda Síochána a mhéid a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin.”.

Na hachtacháin nach mbeidh feidhm ag alt 23(1A) agus 23(1B) d’Acht 1990 maidir leo i leith comhaltaí den Gharda Síochána

4. (1) Leasaítear Acht 1990 tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an Chúigiú Sceideal:

“AN SÉÚ SCEIDEAL

ALT 23(1D)

Na hAchtacháin nach mbeidh feidhm ag ailt 23(1A) agus 23(1B) maidir leo i leith comhaltaí den Gharda Síochána

Tagairt(1)

Uimhir agus Bliain(2)

Gearrtheideal(3)

Méid na Dífheidhme(4)

1.

Uimh. 26 de 1946

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946

Alt 33A, Cuid IV agus Cuid V

2.

Uimh. 15 de 1976

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1976

An tAcht iomlán

3.

Uimh. 19 de 1990

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1990

Ailt 44, 45, 46, 47, 49, an Tríú Sceideal agus an Cúigiú Sceideal

4.

Uimh. 11 de 2001

An tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2001

An tAcht iomlán

5.

Uimh. 4 de 2004

An tAcht Caidrimh Thionscail (Forálacha Ilghnéitheacha), 2004

An tAcht iomlán

6.

Uimh. 32 de 2012

An tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2012

An tAcht iomlán

7.

Uimh. 27 de 2015

An tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2015

An tAcht iomlán

”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

5. (1) Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 2019 a ghairm de na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 2015 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.