Ar Aghaidh ( Básanna is Intuairiscithe do Chróinéir)

29 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 29de 2019


An tAcht Cróinéirí (Leasú) , 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár anÁbhair

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

3. Feidhm an Achta maidir le marbh-bhreitheanna

4. Leasú ar alt 6A den Phríomh-Acht

5. Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

6. Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht

7. Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht

8. Socruithe i gcomhair cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath

9. Leasú ar an bPríomh-Acht básanna a thuairisciú

10. Dualgas ginearálta ionchoisne a chur ar bun

11. Leasú ar alt 18(1) den Phríomh-Acht

12. Cuspóir ionchoisne

13. Fógra i dtaobh ionchoisne

14. Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht

15. Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht

16. Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht

17. Corp duineéagtha a chéannú

18. Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht

19. Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht

20. Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht

21. Scrúduithe iarbháis agus nithe gaolmhara

22. Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht

23. Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht

24. Cumhacht maidir le fianaise a ghlacadh, etc., ag ionchoisne

25. Fianaise a ghlacadhó dhuine atá ar tí an Stát a fhágáil

26. Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht

27. Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht

28. Leasú ar alt 46 den Phríomh-Acht

29. Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht

30. Dul isteach ináitreabh chun doiciméid, etc., a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu nó iad a urghabháil

31. Comhairle agus cúnamh saineolaithe do chróinéirí in imthoscaáirithe

32. Foirmeacha a sholáthar do chróinéir

33. Leasú ar alt 58 den Phríomh-Acht

34. Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht

35. Cionta ag comhlacht corpraithe

36. Ordacháinón Ard-Chúirt

37. Oifigigh ainmnithe don Choimisiún Ombudsman do chomhlíonadh feidhmeanna faoin Acht Cróinéirí, 1962

38. Leasú ar an bPríomh-Acht An Dara Sceideal ina sonraítear básanna intuairiscithe

39. Aisghairm

40. Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

AN SCEIDEAL

Básanna is Intuairiscithe do Chróinéir

Na hAchtanna dá dtagraítear

An tAcht um Chúram Leanaí, 1991 (Uimh. 17)

Acht na Leanaí, 2001 (Uimh. 24)

An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus OibleagáidíÁirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 (Uimh. 24)

An tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004 (Uimh. 3)

An tAcht Cróinéirí, 1962 (Uimh. 9)

Na hAchtanna Cróinéirí, 1962 go 2013

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) , 2006 (Uimh. 11)

An tAcht Cosanta, 1954 (Uimh. 18)

Na hAchtanna Cosanta, 1954 go 2015

Acht an Gharda Síochána, 2005 (Uimh. 20)

Acht na Lia-Chleachtóirí, 2007 (Uimh. 25)

An tAcht Meabhair-Shláinte, 2001 (Uimh. 25)

Acht na bPríosún, 2007 (Uimh. 10)

/images/harp.jpg


Uimhir 29de 2019


An tAcht Cróinéirí (Leasú), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta Cróinéirí, 1962 agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[23Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn“Príomh-Acht” an tAcht Cróinéirí, 1962.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

2. Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) sa mhíniú ar“cróinéir”, trí“ach amháin in ailt 6, 6A, 7, 8, 11, 11A agus 16” a chur in ionad“ach amháin in ailt 6, 7, 8, 10, 11, 16 agus 59”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar“lia-chleachtóir cláraithe”:

“ciallaíonn‘lia-chleachtóir cláraithe’ duine is lia-chleachtóir cláraithe de réir bhrí alt 2 d’Acht na Lia-Chleachtóirí, 2007;”,

agus

(c) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn‘Acht 2004’ an tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004;

ciallaíonn‘corp’, i ndáil le duineéagtha, corp an duine nó cuid de chorp an duine agus folaíonn sé taisí créamtha an duine;

ciallaíonn‘leanbh faoi chúram’ leanbh a bhí faoi chúram na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach faoi alt 4 nó faoi Chuid III, IV nó IVA den Acht um Chúram Leanaí, 1991;

ciallaíonn‘oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman’—

(a) oifigeach don Choimisiún Ombudsman, nó

(b) duine atá ar fostú ag an gCoimisiún Ombudsman faoi alt 74 d’Acht an Gharda Síochána, 2005,

atá ainmnithe ag an gCoimisiún Ombudsman faoi alt 73 den Acht sin chun feidhmeanna a chomhlíonadh faoi Chuid 4 den Acht sin a bhaineann le himscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman;

ciallaíonn‘bás máthartha díreach’ bás mná de dheasca aimhréidheanna asaoideolaíochta a bhaineann leis an riocht toircheasach cibé acu a tharlaíonn siad le linn toirchis,íona tuismidh nó na tréimhse iarthuismidh agus cibé acu a tharlaíonn siad de bharr idirghabhálacha asaoideolaíochta, neamhghníomhartha asaoideolaíochta nó cóireáil mhícheart nó de bharr sraith de theagmhais a tharlaíonn de dheasca aon cheann díobh sin;

ciallaíonn‘diúscairt’, i ndáil le corp duineéagtha, diúscairt dhleathach, cibé acu ar tír nó ar muir, trí thaisí an choirp a adhlacadh nó a chréamadh, trí luaithreach thaisí an choirp a scaipeadh nó ar mhodh cuí eile;

ciallaíonn‘doiciméad’—

(a) leabhar, taifead nóábhar scríofa nó clóite eile,

(b) grianghraf,

(c) aon fhaisnéis a stóráiltear, a chothabháiltear nó a chaomhnaítear trí aon fheiste mheicniúil nó leictreonach, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantarí a stóráil, a chothabháil nó a chaomhnú i bhfoirm inléite, agus

(d) aon chlostaifeadadh nó fístaifeadadh;

ciallaíonn‘achtachán’ reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht;

ciallaíonn‘deireadh toirchis’ deireadh toirchis trí leanbh a bhreith, trí bhreith anabaí nó trí idirghabháil nó in aon imthosca eile;

ciallaíonn‘duine den teaghlach’, i ndáil le duineéagtha—

(a) tuismitheoir, seantuismitheoir, leanbh, deartháir, deirfiúr, nia, neacht, uncail nó aintín, cibé acu lánfhola nó leathfhola nóó chleamhnas, leis an duine,

(b) céile, páirtnéir sibhialta de réir bhrí an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus OibleagáidíÁirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 nó páirtnéir comhchónaitheach an duine,

(c) aon duine eile is duine de theaghlach an duine de ghnáth, nó

(d) aon leanbh a cuireadh faoi chúram altrama leis an duine nó le haon duine dá dtagraítear i míreanna (a) go (c),

agus folaíonn sé tagairt d’aon duine den sórt sin de theaghlach an duine atá uchtaithe;

déanfar‘fionnachtana’, i ndáil le hionchoisne, a fhorléiriú de réir alt 18A(1);

ciallaíonn‘bás máthartha neamhdhíreach’ bás mná de dheasca galar a bhí uirthi cheana, nó galar a tháinig uirthi le linn toirchis, agus nach cúiseanna asaoideolaíochta díreacha ba thrúig leis, ach a raibhéifeachtaí fiseolaíocha an toirchis mar thromú air;

ciallaíonn‘bás naín’ bás linbh bheobheirthe a tharlaíonn díreach taréis na breithe nó laistigh de 365 lá taréis na breithe;

ciallaíonn‘bás máthartha déanach’ bás mná a tharlaíonn níos mó ná 42 lá, agus níos lú ná 365 lá, taréis dheireadh an toirchis de bharr aon chúis a bhaineann leis an toircheas nó le bainistiú an toirchis, nó a raibh an toircheas nó bainistiú an toirchis mar thromú uirthi, ach nár tharla de bharr cúiseanna tionóisceacha nó teagmhasacha agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, folaíonn sé bás máthartha díreach nó bás máthartha neamhdhíreach a tharlaíonn le linn na tréimhse sin;

ciallaíonn‘bás máthartha’ bás mná le linn di a bheith torrach, nó laistigh de 42 lá taréis dheireadh an toirchis, de bharr aon chúis a bhaineann leis an toircheas nó le bainistiú an toirchis, nó a raibh an toircheas nó bainistiú an toirchis mar thromú uirthi, ach nár tharla de bharr cúiseanna tionóisceacha nó teagmhasacha agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, folaíonn sé bás máthartha díreach nó bás máthartha neamhdhíreach a tharlaíonn le linn na tréimhse sin;

ciallaíonn‘an Coimisiún Ombudsman’ Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána;

folaíonn‘scrúdú iarbháis’ scrúdú ar loirg nó ar dhíobhálacha ar chorp, scrúdú iomlán ar thrí chuas, agus aon scrúdú coimhdeach ar mhodh anailíse, tástála nó ar shlí eile ar an gcorp nó arábhar (cibé acu ar fhíocháin, orgáin, sreabháin bhitheolaíocha nó codanna eile den chorp nóábhair eile sa chorp nó ar aon substaint nó ní eile is iomchuí maidir leis an scrúdú sin) a dhéanann lia-chleachtóir cláraithe atá cáilithe go cuí nó a dhéantar faoina threorú nó faoina treorú;

folaíonn‘toircheas’ toircheas eachtópach;

tá le‘príosún’ an bhrí atá leis in alt 2 d’Acht na bPríosún, 2007;

ciallaíonn‘imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman’ imscrúdú arna dhéanamh ag an gCoimisiún Ombudsman ar ghearán nó ar ní faoi Chuid 4 d’Acht an Gharda Síochána, 2005 i dtaobh bhás an duine arb i ndáil lena bhás nó lena bás atá feidhmeanna faoin Acht seoá gcomhlíonadh ag cróinéir;

déanfar‘bás intuairiscithe’ a fhorléiriú de réir alt 16A;

ciallaíonn‘coimeád seirbhíse’ duine a bheidh faoi ghabháil nó faoi ghaibhniú ag na Fórsaí Cosanta faoi na hAchtanna Cosanta, 1954 go 2015 agus faoi aon Acht atá le forléiriú mar aon ní amháin leis na hAchtanna sin, agus folaíonn sé gaibhniú i bpríosún míleata nó i mbeairic choinneála, de réir bhrí na nAchtanna sin;

ciallaíonn‘i gcoimeád nó faoi choinneáil an Stáit’—

(a) duine a bheith i gcoimeád an Gharda Síochána,

(b) duine a bheith i gcoimeád i bpríosún,

(c) duine a bheith i gcoimeád seirbhíse,

(d) duine a bheith faoi choinneáil dá ainneoin nó dá hainneoin faoi Chuid 2 den Acht Meabhair-Shláinte, 2001 in ionad ceadaithe de réir bhrí alt 2 den Acht sin,

(e) duine a bheith faoi choinneáil i lárionad ainmnithe de réir bhrí alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht), 2006 nó gur duineé nóí dá dtagraítear in alt 20 den Acht sin, nó

(f) duine a bheith athchurtha go dtí ionad athchuir de réir bhrí alt 3 d’Acht na Leanaí, 2001 nó a bheith faoi choinneáil i scoil coinneála leanaí de réir na brí atá le“scoil choinneála leanaí” san alt sin;

ciallaíonn‘comhlacht reachtúil’ comhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht;

ciallaíonn‘leanbh marbh-bheirthe’ leanbh nach lú a thréimhse nó a tréimhse iompair ná 24 seachtaine, nó nach lú ná 500 gram a mheáchan nó a meáchan tráth na breithe agus a bheirtear gan comharthaí beatha a bheith ann nó inti.”.

Feidhm an Achta maidir le marbh-bhreitheanna

3.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2:

“2A.(1) Beidh feidhm ag an Acht seo, seachas ailt 17, 18, 33A agus 40, i gcás go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, maidir le leanbh marbh-bheirthe, ar an modh céanna a bhfuil feidhm aige maidir le duineéagtha faoi réir an mhodhnaithe go mbeidh feidhm ag na forálacha i bhfo-ailt (2) go (5) maidir le leanbh marbh-bheirthe in ionad ailt 17, 18 agus 33A, agus faoi réir aon mhodhnuithe eile is gá.

(2) I gcás go gcuirfear in iúl do chróinéir go bhfuil corp linbh mharbh-bheirthe ina luí laistigh dá cheantar nó dá ceantar agus nach bhfuil fáil ar dheimhniú liachtaá rá gur chúis nádúrtha nó cúiseanna nádúrtha ba thrúig bháis don leanbh sin, féadfaidh sé nó sí fiosrú a dhéanamh i dtaobh imthosca báis an linbh mharbh-bheirthe agus a threorú go ndéanfar scrúdú iarbháis ar chorp an linbh mharbh-bheirthe faoin Acht seo agus, mura féidir leis nó léi cúis an bháis a fhionnadh, féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léié, ionchoisne a chur ar bun maidir leis an mbás.

(3) Féadfaidh cróinéir, d’fhonn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh, aird a bheith aige nó aici ar aon cheann de na himthosca seo a leanas a mhéid a bhain siad, nó a bhféadfaidh sé go raibh baint acu, le máthair an linbh mharbh-bheirthe lena mbaineann agus a mhéid gur dócha gurbh iad ba chúis nó ba chionchúis le bás an linbh mharbh-bheirthe:

(a) foréigean a bhain do mháthair an linbh mharbh-bheirthe tráth bhás an linbh mharbh-bheirthe nó díreach roimh bhás an linbh mharbh-bheirthe;

(b) go raibh máthair an linbh mharbh-bheirthe i gcoimeád nó faoi choinneáil an Stáit tráth bhás an linbh mharbh-bheirthe nó díreach roimh bhás an linbh mharbh-bheirthe;

(c) gur bhain tionóisc san ionad oibre do mháthair an linbh mharbh-bheirthe nó gur bhain díobháil nó galar tionscail nó ceirde nó nimhiú tionscail di tráth bhás an linbh mharbh-bheirthe nó díreach roimh bhás an linbh mharbh-bheirthe;

(d) gur gan choinne agusó chúiseanna aineoil nó ar mhodh gan mhíniú a fuair an mháthair bás;

(e) gur bhás máthartha nó gur bhás máthartha déanach ab ea bás na máthar;

(f) go bhfuair an mháthair bás in imthosca a thabharfadh, faoi fhorálacha chuige sin in aon achtachán eile, gur ghá ionchoisne a chur ar bun maidir lena bás.

(4) Déanfaidh cróinéir, le linn dó nó di breith a thabhairt faoi fho-alt (2) i dtaobh ionchoisne a chur ar bun maidir le bás linbh mharbh-bheirthe, na nithe seo a leanas—

(a) aird a bheith aige nó aici ar na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (5), agus

(b) más indéanta déanamh amhlaidh, dul i gcomhairle le duine de theaghlach an linbh mharbh-bheirthe.

(5)Áireofar na nithe seo a leanas ar na nithe a mbeidh aird ag cróinéir orthu chun críocha fho-alt (4):

(a) ar tuairiscíodh bás an linbh mharbh-bheirthe lena mbaineann don chróinéir de réir alt 16A;

(b) an amhlaidh, ar an gcróinéir do dhéanamh fiosrú faoin mbás, gur soláthraíodh faisnéis leordhóthanach i leith bhás an linbh mharbh-bheirthe lena mbaineann don chróinéir;

(c) an ndearnadh scrúdú iarbháis ar chorp an linbh mharbh-bheirthe lena mbaineann faoin Acht seo agus an tuarascáil ar an scrúdú sin;

(d) na tuairimí (más ann) a bheidh ag duine de theaghlach an linbh mharbh-bheirthe lena mbaineann agus a bheidh tugtha i scríbhinn don chróinéir i dtaobh an amhlaidh gur bhás nádúrtha ab ea an bás.”.

Leasú ar alt 6A den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 6A den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4) agus (5):

“(4) Déanfaidh an tAire socruithe riaracháin agus airgeadais i leith cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath agus measfar an oibleagáid sin a bheith tagtha i ngníomh an 1 Eanáir 2018 agus measfar ailt 8 agus 9 a bheith scortha d’fheidhm a bheith acu maidir leis an gceantar sin le héifeachtón dáta sin.

(5) Aon duine a shealbhaíonn oifig an chróinéara nó an leas-chróinéara i gceantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, déanfar, de réir socruithe faoi fho-alt (4), cibé tuarastal a chinnfidh an tAireó am go ham, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, aíoc leis nó léi.

(5A) Na daoine a bhí, díreach roimh theacht i ngníomhd’alt4(a) denAcht Cróinéirí (Leasú, 2019, i seilbh oifigí an chróinéara agus an leas-chróinéara i gceantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, leanfaidh siad, taréis an teacht i ngníomh sin, de bheith i seilbh na n-oifigí sin faoi seach.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Isé nó isí an tAire a cheapfaidh cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath.

(6B) Déanfaidh an tAire, sula gceapfaidh sé nó sí duine chun bheith ina chróinéir nó ina cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, a dheimhniú dó féin nó di féin go bhfuil ag an duine an t-eolas agus an cumas is gá chun dualgais na hoifige sin a chomhall go cuí.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Le linn don duine a bheidh ainmnithe faoi fho-alt (7) chun bheith ina chróinéir sinsearach nó ina cróinéir sinsearach do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath a bheith breoite nó as láthair, féadfaidh an tAire cróinéir eile arna cheapadh nó arna ceapadh i leith an cheantair sin a ainmniú chun feidhmeanna chróinéir sinsearach an cheantair sin a chomhlíonadh ar feadh aon tréimhse le linn na breoiteachta nó na hasláithreachta sin.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

5. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (2A):

“(2) Faoi réir ailt 6A agus 7, isé an t-údarásáitiúil arb ina limistéar atá ceantar cróinéara suite a cheapfaidh an cróinéir don cheantar.”,

agus

(b) i bhfo-alt (3), trí“Faoi réir ailt 6A agus 7, beidh oifig cróinéara ina hoifig” a chur in ionad“Beidh oifig chróinéara ina hoifig”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht

6. Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí“go dtí go slánóidh sé nó sí 72 bhliain d’aois” a chur in ionad“go dtí go slánóidh sé seachtó bliain d’aois”, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí“ar 72 bhliain d’aois a shlánú” a chur in ionad“ar 70 bliain d’aois a shlánú”.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht

7. Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí“, nó ag an Aire i gcás cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath,” a chur isteach i ndiaidh“duine a bheidh ceadaithe chuige sin ag anúdarásáitiúil a cheap an cróinéir”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A):

“(1A) Ní cheapfar duine ina leas-chróinéir, gan cead roimh réón Aire, do cheantar cróinéara seachas ceantar cróinéara BhaileÁtha Cliath (agus sa chás deiridh sin tugtar ceadú an Aire faoi fho-alt (1)).”,

(c) i bhfo-alt (4)(b), trí“agus, seachas i gcás cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, déanfaidh an t-údarásáitiúil arb ina limistéar a bheidh an ceantar an tuarastal céanna aíoc” a chur in ionad“agus déanfaidh an t-údarásáitiúil ar ina limistéar a bheidh an ceantar an tuarastal céanna aíoc”,

(d) i bhfo-alt (5)(a), trí“chun críocha an Achta seo ach amháin ailt 6A(5)(sa mhéid go mbaineann sé le hoifig an chróinéara) agus 9” a chur in ionad“chun críocha an Achta seo ach amháin alt 9”, agus

(e) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9)Beidh gach leas-chróinéir arna cheapadh nó arna ceapadh taréis thosach feidhme alt 7 denAcht Cróinéirí (Leasú), 2019 i seilbh oifige go dtí go slánóidh sé nó sí 72 bhliain d’aois mura túisce aéagfaidh sé nó sí, aéireoidh sé nó sí as nó a chuirfearé nóí as oifig nó a chúlghairfear a cheapachán nó a ceapachán mar leas-chróinéir faoi fho-alt (2).

(10) I gcás go bhfuil sé beartaithe ag leas-chróinéiréirí as, nó sula bhfágfaidh sé nó sí an oifig ar 72 bhliain d’aois a shlánú, déanfaidh sé nó sí fógra nach giorra ná 3 mhí i dtaobhé a bheith beartaithe aige nó aici amhlaidhéirí as nó i dtaobhé nóí a bheith ag fágáil na hoifige amhlaidh a thabhairt don chróinéir don cheantar cróinéara lena mbaineann agus don Aire.”.

Socruithe i gcomhair cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath

8. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:

“13A.(1) D’ainneoin fho-alt (3) d’alt 13, féadfaidh an tAire, ar iarraidh i scríbhinn chuige sin a fháiló chróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, aúdarú do leas-chróinéir arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gcróinéir sin gníomhú don chróinéir sin—

(a) le linn tréimhse, a bheidh sonraithe sanúdarú, dar críoch tráth nach déanaí ná 2 bhliainó thosach feidhme alt 8 denAcht Cróinéirí (Leasú), 2019, agus

(b) in aon imthosca (gan a bheith teoranta do na himthosca a shonraítear san fho-alt sin),

chun cur le líon agus le dul chun cinn na bhfiosruithe i dtaobh básanna faoin Acht seo sa cheantar sin le linn na tréimhse sin.

(2) Beidh ag leas-chróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath a bheidhúdaraithe faoi fho-alt (1) chun gníomhú do chróinéir don cheantar sin, go ceann na tréimhse ar lena linn a bheidh an t-údarú i bhfeidhm, cumhachtaí agus dualgais uile an chróinéara don cheantar sin agusíocfar leis nó léi, i leith na tréimhse sin, cibé tuarastal a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.”.

Leasú ar an bPríomh-Acht básanna a thuairisciú

9.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid II:

“Cuid IIA

Básanna a Thuairisciú

Básanna intuairiscithe

16A.(1) Is bás intuairiscithe a bheidh sa mhéid seo a leanas, chun críocha an Achta seo (dá ngairtear‘bás intuairiscithe’ san Acht seo):

(a) bás duine a tharla, nó a bhféadfaidh sé gur tharla sé, go díreach nó go neamhdhíreach—

(i) go foréigneach nó go mínádúrtha nó ar chumaéagórach,

(ii) de mhíthapa,

(iii) gan choinne agusó chúiseanna aineoil nó ar mhodh gan mhíniú,

(iv) mar gheall ar fhaillí, mí-iompar nó míchleachtas ag daoine eile, nó

(v) in imthosca de shórt ba ghá a imscrúdú, ar mhaithe le leas an phobail;

(b) bás duine a tharla, nó a bhféadfaidh sé gur tharla sé, go díreach nó go neamhdhíreach, de bharr aon chúis eile seachas breoiteacht nó galar nádúrtha a ndearna lia-chleachtóir cláraithe an duine a fheiceáil agus a chóireáil ina leith laistigh d’aon mhí amháin roimh a bhás nó a bás;

(c) faoi réir mhíreanna (a) agus (b), bás duine a tharla, nó a bhféadfaidh sé gur tharla sé, ináit nó in imthosca a thabharfadh, faoi fhorálacha chuige sin in aon achtachán eile, gur ghá ionchoisne a chur ar bun.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), is bás intuairiscitheé bás duine de chineál a shonraítear sa Dara Sceideal.

(3) Féadfaidh an tAire, taréis comhchomhairle a dhéanamh le cibé daoine nó comhlachtaí is cuí leis nó léi, le hordú, athrú a dhéanamh (cibé acu is trí leasú, breisiú nó scriosadh) ar na básanna intuairiscithe a shonraítear sa Dara Sceideal.

(4) I gcás go mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Daoine a bhfuil oibleagáid orthu bás a thuairisciú don chróinéir

16B.(1) Aon duine a shonraítear i bhfo-alt (3) nó (4), a luaithe is indéanta taréis dó nó di teacht ar an eolas faoi bhás intuairiscithe agus mura mbeidh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go ndearna duine eile a shonraítear i cibé acu de na fo-ailt sin is cuí an bás a thuairisciú don chróinéir cheana, déanfaidh sé nó sí, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara, an bás a thuairisciú don chróinéir don cheantar ina bhfuil an corp ina luí.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) go feasach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, aré nóí a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme B a chur air nó uirthi.

(3) Ceanglaítear ar na daoine seo a leanas bás a thuairisciú faoi fho-alt (1) don chróinéir lena mbaineann:

(a) aon lia-chleachtóir, altra nó cnáimhseach a bhí freagrach as, nó a raibh baint aige nó aici le, cóireáil a chur nó cúram a thabhairt don duineéagtha sa tréimhse díreach roimh a bhás nó a bás nó a bhí i láthair ag a bhás nó a bás;

(b) aon lia-chleachtóir cláraithe a dhéanann scrúdú ar chorp an duineéagtha taréis a bháis nó a báis;

(c) aon pharaimhíochaineoir nó ard-pharaimhíochaineoir atá cláraithe leis an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil faoin Ordú fán gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (Bunú) , 2000 (I.R. Uimh. 109 de 2000), a bhí freagrach as cúram a thabhairt, nó a raibh baint aige nó aici le cúram a thabhairt, don duineéagtha sa tréimhse díreach roimh a bhás nó a bás nó a bhí i láthair ag a bhás nó a bás;

(d) an t-adhlacóir atá freagrach as corp an duineéagtha a dhiúscairt;

(e) an duine atá i gceannas marbhlann ina bhfuil corp an duineéagtha ina luí nó ina dtagann corp an duineéagtha chun bheith ina luí;

(f) sealbhóir tí nó teaghaise eile, lena n-áirítear teaghais shoghluaiste, ina raibh cónaí ar an duineéagtha tráth a bháis nó a báis;

(g) an duine atá i gceannas aon institiúid phoiblí nó phríobháideach nó aonáitreabh poiblí nó príobháideach, nó cuid den institiúid nó denáitreabh sin, ina raibh cónaí ar an duineéagtha nó ina raibh cóireáilá fáil nó cúramá fháil ag an duineéagtha tráth a bháis nó a báis;

(h) duine a raibh an duineéagtha faoina chúram nó faoina cúram díreach roimh a bhás nó a bás;

(i) i gcás go raibh an duineéagtha i gcoimeád nó faoi choinneáil an Stáit díreach roimh a bhás nó a bás, duine a bhí freagrach, de bhun achtacháin nó ar shlí eile, as an duineéagtha;

(j) an duine atá i gceannas aerárthach, long nó soitheach eile a thuirlingíonn nó a thagann isteach sa Stát ar a raibh an duineéagtha ag taisteal tráth a bháis nó a báis;

(k) cláraitheoir básanna de réir bhrí Acht 2004 dá dtugtar sonraí i dtaobh bhás an duineéagtha chun go gcomhlíonfaidh an cláraitheoir básanna a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht sin.

(4)Más bás linbh mharbh-bheirthe nó bás le linn tuismidh an bás intuairiscithe lena mbaineann, maidir le haon lia-chleachtóir, altra nó cnáimhseach a bhí freagrach as, nó a raibh baint aige nó aici le, cóireáil a chur nó cúram a thabhairt don bhean lena mbaineann sa tréimhse díreach roimh bhreith an linbh mharbh-bheirthe nó díreach ina diaidh, nó a bhí i láthair ag breith an linbh, ceanglaítear air nó uirthi an bás a thuairisciú, nó a chur faoi deara an bás a thuairisciú, faoi fho-alt (1) don chróinéir lena mbaineann.

(5) Maidir leis an oibleagáid arna forchur ar dhuine le fo-alt (1), measfarí a bheith comhalta má dhéanann sé nó sí an bás a thuairisciú do chomhalta den Gharda Síochána a luaithe is indéanta taréis dó nó di teacht ar an eolas faoi.

(6) Beidh sé de dhualgas ar chomhalta den Gharda Síochána, taréis dó nó di teacht ar an eolas faoi bhás intuairiscithe (cibé acu ar tuairiscíodhé dó nó di faoi fho-alt (5) nó nár tuairiscíodh), an bás a thuairisciú, a luaithe is indéanta, don chróinéir don cheantar ina bhfuil an corp ina luí.

(7) I gcás gur lia-chleachtóir cláraithe an duine a thuairiscíonn bás faoi fho-alt (1)—

(a) a sholáthair cóireáil don duineéagtha roimh a bhás nó a bás,

(b) a gceanglaítear air nó uirthi an bás a thuairisciú faoin bhfo-alt sin in imthosca lena mbaineann fo-alt (4), nó

(c) a scrúdaigh corp an duineéagtha taréis a bháis nó a báis,

déanfaidh an lia-chleachtóir cláraithe, an tráth céanna a thuairisceoidh sé nó sí an bás nó a luaithe is indéanta dáéis sin, a chur in iúl don chróinéir lena mbaineann an amhlaidh gur féidir leis nó léi deimhniú liachta a shíniú agus a thabhairt ina luafar, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, cúis an bháis chun an bás a chlárú faoi Acht 2004.

(8) Aon duine a thuairisceoidh bás de bhun an ailt seo, tabharfaidh sé nó sí don chróinéir (nó, de réir mar a bheidh, do chomhalta den Gharda Síochána) an fhaisnéis sin go léir a bheidh ar fáil dó nó di agus a chabhróidh leis an gcróinéir a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.”.

Dualgas ginearálta ionchoisne a chur ar bun

10.(1) Leasaítear alt 17 den Phríomh-Acht—

(a) trí“gan choinne agusó chúiseanna aineoil” a chur in ionad“go tobann agusó chúiseanna aineoil”,

(b) tríd an alt sin (arna leasú lemír (a)) a shainainmniú mar fho-alt (1) den alt sin, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), isé dualgas cróinéara ionchoisne a chur ar bun maidir le bás duine sna cásanna seo a leanas:

(a) go raibh an duineéagtha, tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás, i gcoimeád nó faoi choinneáil an Stáit;

(b) gur bás máthartha nó bás máthartha déanach bás an duine.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe ar alt 17 den Phríomh-Acht a dhéantar lefo-alt (1) maidir le dualgas cróinéara ionchoisne a chur ar bun maidir le bás duine a tharla roimh thosach feidhme an ailt seo ach amháin i gcás, ar an tosach feidhme sin, nach mbeidh fiosruithe an chróinéara i dtaobh imthosca an bháis críochnaithe agus nach mbeidh breith tugtha aige nó aici chun ionchoisne a chur ar bun maidir leis an mbás.

Leasú ar alt 18(1) den Phríomh-Acht

11.Leasaítear alt 18(1) den Phríomh-Acht trí“nó nach bhfuil deimhniú den sórt sin, i dtuairim an chróinéara, comhlánaithe go sásúil chun clárú an bháis aéascú de réir Acht 2004” a chur isteach i ndiaidh“nach bhfuil fáil ar dheimhniú dochtúra i dtaobh cúis báis an duine sin”.

Cuspóir ionchoisne

12.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18:

“18A.(1) Isé an cuspóir a bheidh le hionchoisne na nithe seo a leanas a shuíomh—

(a) céannacht an duine ar maidir lena bhás nó lena bás atá an t-ionchoisne ar bun,

(b) conas, cathain agus cénáit ar tharla an bás, agus

(c) a mhéid a mheasann an cróinéir, a bhfuil an t-ionchoisneá chur ar bun aige nó aici, gur gá sin, na himthosca inar tharla an bás,

agus fionnachtana a dhéanamh i leith na nithe sin (dá ngairtear‘fionnachtana’ san Acht seo) agus fíorasc a thabhairt.

(2) Más rudé, ag ionchoisne, go mbeidh an cróinéir nó, i gcás go mbeidh sé nó sí ina shuí nó ina suí le giúiré, go mbeidh an giúiré, neamhábalta fionnachtana a dhéanamh i leith aon ní de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (c)d’fho-alt (1), féadfaidh an cróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth ar feadh cibé tréimhse is cuí leis nó léi.

(3) Más rudé, ar athchromadh ar ionchoisne a bheidh curtha ar atráth faoi fho-alt (2), go leanfaidh an cróinéir nó, de réir mar a bheidh, go leanfaidh an giúiré, de bheith neamhábalta fionnachtana a dhéanamh i leith aon ní a shonraítear i míreanna (a) go (c) d’fho-alt (1), taifeadfaidh an cróinéir cibé fionnachtana arna ndéanamh faoi na míreanna sin agus an fíorasc a tugadh agus cuirfidh sé nó sí críoch leis an ionchoisne.”.

Fógra i dtaobh ionchoisne

13.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18A (a chuirtear isteach lehalt 12):

“18B.(1) Déanfaidh cróinéir, cibé acu leis an bpost nó ar cibé modh eile is cuí leis nó léi, socrú maidir le fógra faoin dáta agus am a chuirfear, agus faoináit a gcuirfear, ionchoisne ar bun maidir le bás duine, a thabhairt do na daoine seo a leanas 14 lá ar a laghad roimh an dáta sin:

(a) duine de theaghlach an duineéagtha;

(b) duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal ar an ionchoisne mar fhinné;

(c) aon duine eile ar chóir dó nó di, i dtuairim an chróinéara, an fógra sin a fháil.

(2) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar chróinéir ionchoisne a chur ar bun i gcás go dtabharfar fógra is giorra ná 14 lá ina thaobh faoin bhfo-alt sin, más deimhin leis an gcróinéir nach ndéanfaí dochar míchothrom do leasanna duine de theaghlach an duineéagtha lena mbaineann dá ndéanfaí amhlaidh agus gur cuí an t-ionchoisne a chur ar bun ar dháta níos luaithe—

(a) mar gheall ar imthosca báis an duineéagtha, chun aéascú d’fhinnéithe freastal, is finnéithe a mbeadh a bhfianaise ina cabhair ag an ionchoisne i dtuairim an chróinéara, nó

(b) i gcás go mbeidh corp an duineéagthaá athdhúichiú chuigáit atá lasmuigh den Stát, chun athdhúichiú an choirp aéascú.”.

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht

14.Leasaítear alt 20 den Phríomh-Acht—

(a)i bhfo-alt (1), trí“féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire, nó oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman a bhaineann le bás an duine ar maidir lena bhás nó lena bás a chuirfear ionchoisne ar bun, a iarraidh ar an Aire a threorú d’aon chróinéir eile an t-ionchoisne a chur ar bun agus féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léié, cróinéir eile a threorú amhlaidh” a chur in ionad“féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire a iarraidh ar an gcróinéir do cheantar tadhlach an t-ionchoisne a chur ar bun”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí—

(i)“, nó an tAire más cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath an cróinéir sin,” a chur isteach i ndiaidh“an t-údarásáitiúil a dhlífidh tuarastal an chróinéara a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth aíoc”, agus

(ii) trí“cibé suim faoi chomhair a chostas taistil nó a costas taistil agus a chostas eile nó a costas eile ar a gcomhaontófar idiré féin nóí féin agus an t-údarásáitiúil, nó an tAire, i gcás cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath” a chur in ionad“cibé suim faoi chomhair a chostas taistil agus a chostas eile ar a gcomhaontófar idiré féin agus an t-údarásáitiúil nó, cheal comhaontaithe, a shocróidh an tAire”.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht

15.Leasaítear alt 24 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon uair a chuirfear ionchoisne ar bun de bhua an ailt seo agus gur cróinéir seachas cróinéir a dhéanfadhé de ghnáth a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun—

(a) déanfaidh an tAire, más cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath an cróinéir a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth, nó

(b) déanfaidh an t-údarásáitiúil a dhlífidh tuarastal an chróinéara a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth aíoc,

cibé táille a bheidh forordaithe aíoc leis an gcróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun mar aon le cibé suim faoi chomhair a chostas taistil nó a costas taistil agus a chostas eile nó a costas eile ar a gcomhaontófar—

(i) idir an cróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun agus an tAire, i gcás ionchoisne a chuirfeadh cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath ar bun de ghnáth, nó

(ii) i ngach cás eile, idir an cróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun agus an t-údarásáitiúil dá dtagraítear i mír (b)nó, cheal comhaontú, a shocróidh an tAire.”.

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht

16.Leasaítear alt 25 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rudé, ag ionchoisne maidir le bás, go ndéanfaidh—

(a) comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire in aon chás seachas cás lena mbaineann mír (c) ,

(b) comhalta de na Fórsaí Cosanta nachísle céim ná ceannfort i gcás bás duine atá faoi réir an dlí mhíleata faoi na hAchtanna Cosanta, 1954 go 2015, nó

(c) oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman,

a iarraidh ar an gcróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth ar an bhforas go bhfuil breithniúá dhéanamh ar imeachtaí coiriúla i ndáil leis an mbás, déanfaidh an cróinéir—

(i) an t-ionchoisne a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí leis nó léi, agus

(ii) an t-ionchoisne a chur ar atráth arís go ceann tréimhsí dá samhail a mhinice a iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire, comhalta de na Fórsaí Cosanta nachísle céim ná ceannfort nó oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman, de réir mar a bheidh, amhlaidh ar an gcróinéiré sin a dhéanamh ar an bhforas réamhluaite.”,

agus

(b) i bhfo-alt (2), trí“Más rudé, ag ionchoisne maidir le bás, go ndéanfaidh—

(a) comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire in aon chás seachas cás lena mbaineann mír (c) ,

(b) comhalta de na Fórsaí Cosanta nachísle céim ná ceannfort i gcás bás duine atá faoi réir an dlí mhíleata faoi na hAchtanna Cosanta, 1954 go 2015, nó

(c) oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman,

a iarraidh ar an gcróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth” a chur in ionad“Más rudé, ag ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire ar an gcróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth”.

Corp duineéagtha a chéannú

17.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 27:

“27.(1) D’fhonn céannacht duineéagtha a shuíomh, féadfaidh cróinéir a iarraidh ar chomhalta den Gharda Síochána, ar oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman a bhaineann le bás an duine sin, ar dhuine de theaghlach an duineéagtha nó, más gá in imthosca an bháis, ar dhuine atá cáilithe go hoiriúnach agus ag a bhfuil saineolas maidir le taisí daonna a chéannú—

(a) breathnú ar chorp an duineéagtha, nó

(b) i gcás nach gcabhródh an breathnú sin chun an duineéagtha a chéannú nó in imthosca lena mbaineann alt 22 nó 23, fianaise eile ar chéannacht an duineéagtha a scrúdú agus a bhreithniú,

agus déanfaidh an duine ar a n-iarrfar amhlaidh fianaise ar chéannacht an duineéagtha a thabhairt don chróinéir.

(2) I gcás go dtabharfar fianaise ar chéannacht duineéagtha do chróinéir faoi fho-alt (1) agus go ndéanfaidh an cróinéir, ina dhiaidh sin, an fhianaise sin a thíolacadh ag ionchoisne maidir le bás an duine sin, beidh sí, mura suífear a mhalairt, ina fianaise ar chéannacht an duineéagtha gan a thuilleadh cruthúnais.

(3) I gcás go mbeidh díospóid ann maidir le fianaise ar chéannacht duineéagtha ag ionchoisne maidir le bás an duine sin, freastalóidh an comhalta den Gharda Síochána nó cibé duine eile a thug an fhianaise don chróinéir faoi fho-alt (1) ag an ionchoisne maidir leis an bhfianaise sin.

(4) I gcás nach féidir an duineéagtha a chéannú, ní choiscfear ar an gcróinéir, d’éagmais na céannachta sin, fiosrú a dhéanamh faoi imthosca báis an duine sin ná ionchoisne a chur ar bun maidir leis an mbás.”.

Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht

18.Leasaítear alt 30 den Phríomh-Acht trí“agus dá réir sin ní bheidh le déanamh ag aon ionchoisne ach a fhionnadh cé hé an duine ar maidir lena bhás atá an t-ionchoisne ar bun agus conas, cathain, agus cénáit a tharla an bás” a scriosadh.

Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht

19.Leasaítear alt 31 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí“, ná in aon fhionnachtana a dhéanfar ag ionchoisne” a chur isteach i ndiaidh“in aon aguisín leis an bhfíorasc a thabharfaidh ionchoisne”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí“moltaí de chineál ginearálta a bheidh ceaptha chun cosc a chur lena thuilleadhóspairtí marfacha nó a mheasfar a bheith riachtanach nó inmhianaithe ar mhaithe le sláinte nó sábháilteacht an phobail” a chur in ionad“moltaí de chineál ginearálta a bheidh ceaptha chun cosc a chur lena thuilleadhóspairtí marfacha”.

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht

20.Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht trí“taifead na bhfionnachtana a rinneadh agus an fhíoraisc a tugadh ag an ionchoisne” a chur in ionad“taifead an fhíoraisc a tugadh ag an ionchoisne”.

Scrúduithe iarbháis agus nithe gaolmhara

21.Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur in ionad alt 33:

“Scrúduithe iarbháis

33.(1) Faoi réir alt 33A(3), féadfaidh cróinéir, chun fiosrú a dhéanamh faoi bhás duine, a threorú do lia-chleachtóir cláraithe scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp an duineéagtha.

(2) I gcás go ndéanfaidh lia-chleachtóir cláraithe scrúdú iarbháis ar chorp duineéagtha faoin alt seo nó faoi alt 33A nó 33C, déanfaidh sé nó sí amhlaidh faoi threorú an chróinéara.

(3) I gcás go mbeidh treorú tugtha ag cróinéir do lia-chleachtóir cláraithe faoin alt seo, nó faoi alt 33A nó 33C, scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp duineéagtha, cinnteoidh sé nó sí, a mhéid is indéanta, go gcuirfearé sin in iúl do dhuine de theaghlach an duineéagtha agus go gcuirfear in iúl dó nó di gur féidirábhar a bhaint den chorp agus a choinneáil chun críoch scrúdaithe iarbháis nó ionchoisne maidir le bás an duine.

(4) Más rudé, i dtuairim an chróinéara, go léirítear sa tuarascáil ar scrúdú iarbháis arna tabhairt dó nó di faoi alt 33E nach bhfuil ionchoisne maidir leis an mbás riachtanach, ní bheidh sé d’oibleagáid air nó uirthi ionchoisne a chur ar bun.

(5) Níúdaróidh aon ní san alt seo do chróinéir a ligean thar ceal ionchoisne a chur ar bun maidir le bás duine in imthosca lena mbaineann alt 17.

Dualgas chun scrúdú iarbháis a threorú

33A.(1) Beidh sé de dhualgas ar chróinéir a threorú go ndéanfar scrúdú iarbháis ar chorp duineéagtha, ar tuairiscíodh a bhás nó a bás dó nó di faoin Acht seo, sna cásanna seo a leanas:

(a) gurbé tuairim an chróinéara go bhféadfaidh sé gur tharla bás an duine go foréigneach nó go mínádúrtha, nó in imthosca amhrasacha;

(b) gurbé tuairim an chróinéara go bhféadfaidh sé gur tharla bás an duine gan choinne agusó chúiseanna aineoil nó ar mhodh gan mhíniú;

(c) go raibh an duineéagtha, tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás, i gcoimeád nó faoi choinneáil an Stáit;

(d) gur bhás máthartha nó gur bhás máthartha déanach ab ea bás an duine;

(e) gurbé tuairim an chróinéara go bhféadfaidh sé gur tharla bás an duine in imthosca a thabharfadh, faoi fhorálacha chuige sin in aon achtachán eile, gur ghá ionchoisne a chur ar bun;

(f) gur tharla bás an duine mar thoradh ar thionóisc ag an obair nó mar gheall ar dhíobháil nó galar tionscail nó ceirde nó nimhiú tionscail.

(2) Beidh sé de dhualgas ar chróinéir a chumhacht nó a cumhacht a fheidhmiú chun scrúdú iarbháis a threorú más rudé go ndéanfaidh—

(a) comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire in aon chás seachas cás lena mbaineann mír (d) ,

(b) comhalta de na Fórsaí Cosanta nachísle céim ná ceannfort i gcás bás duine atá faoi réir an dlí mhíleata faoi na hAchtanna Cosanta, 1954 go 2015,

(c) oifigeach do chomhlacht reachtúil arnaúdarú nó arna húdarú go cuí a dtugtar cumhacht dó nó di faoi achtachán eile imscrúdú a dhéanamh ar thionóiscí, teagmhais nó galair a dtagann bás dá ndeasca i gcás ina mbeidh imscrúdúá dhéanamh ag an gcomhlacht ar an tionóisc, teagmhas nó galar a dtagann an bás lena mbaineann dá deasca nó dá dheasca, nó

(d) oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman,

a iarraidh air nó uirthi déanamh amhlaidh, agus go luafaidh sé nó sí, i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an iarraidh sin.

(3) Ar iarraidh a fháil faoi mhír (a nó (d) d’fho-alt (2) chun scrúdú iarbháis a threorú i gcás bás in imthosca amhrasacha, déanfaidh cróinéir a threorú do lia-chleachtóir cláraithe arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire nó thar a cheann nó thar a ceann scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp an duineéagtha

Forálacha a bhaineann le scrúduithe iarbháis arna dtreorú ag cróinéir

33B.(1) Maidir le scrúdú iarbháis ar chorp duineéagtha arna threorú ag cróinéir faoi alt 33, 33A nó 33C, isé nó isí lia-chleachtóir cláraithe a dhéanfaidhé agus féadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh—

(a) le cúnamhó cibé lia-chleachtóirí cláraithe eile, nó

(b) le cibé cúnamh teicniúil nó cliniciúil a theastóidh le haghaidh an scrúdaithe,

nó leo araon, de réir mar a mheasann an lia-chleachtóir cláraithe céadluaite is cuí le haghaidh an scrúdaithe.

(2) Ní dhéanfaidh lia-chleachtóir cláraithe scrúdú iarbháis ar chorp duineéagtha faoi alt 33, 33A nó 33C má rinne sé nó sí freastal ar an duineéagtha laistigh den tréimhse 28 lá roimh a bhás nó a bás, ná ní thabharfaidh lia-chleachtóir cláraithe cúnamh chun scrúdú den sórt sin a dhéanamh má rinne sé nó sí freastal ar an duineéagtha laistigh den tréimhse sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le lia-chleachtóir cláraithe is paiteolaí atá ar fhoireann ospidéil, nó a bhfuil baint aige nó aici le hospidéal, ach amháin i gcás go measfaidh an cróinéir gur dócha go dtabharfar faoi cheist ag ionchoisne maidir le bás duine iompar an chleachtóra sin i ndáil lena fhreastal nó lena freastal ar an duineéagtha sin.

Scrúdú iarbháis breise

33C.I gcás go mbeidh treorú tugtha ag cróinéir scrúdú iarbháis a dhéanamh faoi alt 33 nó 33A, féadfaidh an cróinéir a threorú don lia-chleachtóir cláraithe céanna, nó do lia-chleachtóir cláraithe eile, scrúdú iarbháis breise a dhéanamh ar chorp an duineéagtha lena mbaineann i gcás go bhfuil an cróinéir den tuairim—

(a) go bhfuil scrúdú iarbháis breise riachtanach toisc gur tháinig faisnéis bhreise a bhaineann leis an mbás, nó le himthosca an bháis, chun cinn taréis an chéad scrúdú iarbháis a dhéanamh, nó

(b) nach ndearnadh an chéad scrúdú iarbháis go cuí.

Taifid liachta de chuid duineéagtha chun críoch scrúdaithe iarbháis

33D.(1) Más rudé, faoi alt 33, 33A nó 33C, go dtabharfaidh cróinéir treorú scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp duineéagtha, féadfaidh an cróinéir a threorú—

(a) do dhuine atá i gceannas ar ospidéal, nó ar institiúid sláinte eile, ina bhfuair an duineéagtha cóireáil díreach roimh a bhás nó a bás,

(b) do lia-chleachtóir, altra nó cnáimhseach a bhfuil taifid liachta a bhaineann leis anéagach ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú, nó

(c) do pharaimhíochaineoir nó d’ard-pharaimhíochaineoir atá cláraithe leis an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil faoin Ordú fán gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (Bunú) , 2000 (I.R. Uimh. 109 de 2000) a bhfuil taifid liachta a bhaineann leis anéagach ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú,

cibé taifid liachta a bhaineann leis an duineéagtha a bheidh riachtanach, i dtuairim an chróinéara, chun gur féidir scrúdú cuí a dhéanamh ar an gcorp, a thabhairt don lia-chleachtóir cláraithe ag a mbeidh an scrúdúá dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treorú.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh duine, dá dtabharfaidh cróinéir treorú faoi fho-alt (1), de réir an treoraithe láithreach.

(3) Ní ceadmhach do dhuine dá dtabharfaidh cróinéir treorú faoi fho-alt (1) diúltú déanamh de réir an treoraithe i ndáil le taifead liachta ach amháin i gcás go mbeadh sé nó sí i dteideal, de bhua alt 38(3) , mar fhinné ag ionchoisne diúltú déanamh de réir treorúón gcróinéir chun an taifead a thabhairt ar aird ag an ionchoisne.

(4) Is i scríbhinn a thabharfar treorú arna thabhairt ag cróinéir faoi fho-alt (1) nó, másó bhéal a thabharfaré, déanfaré a dhaingniú i scríbhinn a luaithe is indéanta.

(5) Ní bheidh bailíocht treoraithe arna thabhairt ag cróinéir faoi fho-alt (1) teoranta don cheantar cróinéara arb ina leith a shealbhaíonn sé nó sí oifig an chróinéara.

(6) Maidir le duine dá dtabharfaidh cróinéir treorú faoi fho-alt (1), i gcás go mainneoidh nó go ndiúltóidh sé nó sí déanamh de réir an treoraithe, seachas in imthosca a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leo, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an gcróinéir—

(a) a ordú don duine déanamh de réir an treoraithe láithreach nó laistigh de cibé tréimhse a chinnfidh an Chúirt agus a shonróidh sí san ordú, agus

(b) cibé ordú eile, más ann, a dhéanamh a mheasfaidh sí a bheith riachtanach chun go mbeidhéifeacht leis an ordú arna dhéanamh faoi mhír (a) agus cibé ordú i dtaobh costas, más ann, a dhéanamh a mheasfaidh sí is cóir.

(7) Má thugann an Ard-Chúirt ordachán amhlaidh, féadfar iarratas faoi fho-alt (6) aéisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(8) Le linn iarratas faoi fho-alt (6) a chinneadh, beidh aird ag an Ard-Chúirt ar na nithe seo a leanas—

(a) leas an phobail sa taifead liachta lena mbaineann a bheidhá thabhairt d’fhonn an scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp an duineéagtha lena mbaineann,

(b) an tábhacht is dócha a bheidh leis an bhfaisnéis atá sa taifead liachta lena mbaineann chun críocha an scrúdaithe sin, agus

(c) an tionchar is dócha a bheidh aréifeachtacht an scrúdaithe sin mura dtabharfar an taifead liachta lena mbaineann, nó i gcás go mbeidh moill lena thabhairt, chun críocha an scrúdaithe sin.

(9) Maidir le lia-chleachtóir cláraithe dá dtabharfar taifid liachta de bhun treorúó chróinéir faoi fho-alt (1) , nó de bhun ordúón Ard-Chúirt faoi fho-alt (6), déanfaidh sé nó sí na taifid sin a thabhairt ar ais don ospidéal nó don institiúid sláinte eile nó don lia-chleachtóir, altra, cnáimhseach, paraimhíochaineoir nó ard-pharaimhíochaineoir, de réir mar a bheidh,óna bhfuarthas iad, a luaithe is indéanta taréis an scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp an duineéagtha lena mbaineann nó, más cuí, taréis ionchoisne maidir le bás an duine sin a chur ar bun.

(10) Féadfar, le rialacha cúirte, foráil a dhéanamh maidir le hiarratais chun na hArd-Chúirte faoi fho-alt (6) aéisteacht go dlúsúil.

Tuarascáil ar scrúdú iarbháis

33E.(1) I gcás go dtabharfaidh cróinéir treorú scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp duineéagtha faoi alt 33, 33A nó 33C, déanfaidh an lia-chleachtóir cláraithe dár tugadh an treorú, a luaithe is indéanta, tuarascáil i scríbhinn ar an scrúdú a thabhairt don chróinéir.

(2) Beidh i dtuarascáil ar scrúdú iarbháis faoi fho-alt (1) taifead ar aonábhar, cibé acu is fíocháin, orgáin, sreabháin bhitheolaíocha nó cuid eile de chorp an duineéagtha lena mbaineann, arna choinneáil le scrúdú breise a dhéanamh air nó chun críoch ionchoisne maidir le bás an duine.

(3) I gcás ina bhfaighidh cróinéir iarraidh ar scrúdú iarbháis faoi alt 33A(2), déanfaidh an cróinéir a mbeidh tuarascáil ar an scrúdú iarbháis tugtha dó nó di faoi fho-alt (1), de réir na hiarrata sin, cóip den tuarascáil a sholáthar, de réir mar is cuí, do na daoine seo a leanas—

(a) comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire,

(b) comhalta de na Fórsaí Cosanta nachísle céim ná ceannfort,

(c) oifigeach do chomhlacht reachtúil arnaúdarú nó arna húdarú go cuí a dtugtar cumhacht dó nó di faoi achtachán eile imscrúdú a dhéanamh ar thionóiscí, teagmhais nó galair a dtagann bás dá ndeasca, nó

(d) oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman,

agus déanfar cóip den tuarascáil a sholáthar amhlaidh tráth nach déanaí ná tús ionchoisne maidir le bás an duine lena mbaineann nó, i gcás nach gcuirfear ionchoisne ar bun, a luaithe is indéanta taréis don chróinéir an tuarascáil a fháil.

(4) Faoi réir fho-alt (5), déanfaidh cróinéir a mbeidh tuarascáil ar scrúdú iarbháis tugtha dó nó di faoi fho-alt (1), má iarrann duine de theaghlach an duineéagtha lena mbaineann air nó uirthi amhlaidh, cóip den tuarascáil a sholáthar don duine sin den teaghlach.

(5) Ní dhéanfaidh an cróinéir cóip den tuarascáil ar scrúdú iarbháis arna tabhairt dó nó di faoi fho-alt (1) a sholáthar do dhuine de theaghlach an duineéagtha más dóigh leis an gcróinéir nach cuí déanamh amhlaidh toisc go bhféadfaidh sé dochar a dhéanamh d’imeachtaí coiriúla maidir le bás an duineéagtha atá faoi bhreithniú nó atá tionscanta.

(6) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar lia-chleachtóir cláraithe, a dtabharfaidh cróinéir treorú dó nó di faoi alt 33, 33A nó 33C an scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp duineéagtha, réamhthuarascáil ar an scrúdú a thabhairt don chróinéir sula dtabharfar an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) dó nó di.”.

Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht

22.Leasaítear alt 36 den Phríomh-Acht trí“, nó i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman a bhaineann le bás an duine ar maidir lena bhás nó lena bás a chuirfear an t-ionchoisne ar bun, déanfaidh oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman,” a chur isteach i ndiaidh“Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána”.

Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht

23.Leasaítear alt 37 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí“gan leithscéal réasúnach” a chur isteach i ndiaidh“a mhainneoidh”,

(b) i bhfo-alt (2), trí“gan leithscéal réasúnach” a chur isteach i ndiaidh“a mhainneoidh”, agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A)Más rudé, maidir le duine a mbeidh toghairm seirbheáilte air nó uirthi go cuíá cheangal air nó uirthi freastal ar ionchoisne mar fhinné, go mainneoidh sé nó sí gan leithscéal réasúnach freastal ar an dáta agus ag an am agus sanáit a bheidh sonraithe sa toghairm, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag cróinéir—

(a) a ordú don duine déanamh de réir na toghairme, agus

(b) cibé ordú eile (lena n-áirítear ordú i dtaobh costas), más ann, a dhéanamh a mheasfaidh sí is gá agus is cóir chun go mbeidh lánéifeacht leis an ordú arna dhéanamh faoi mhír (a).

(2B) Ní bheidh feidhm ag an leasú ar an alt seo (seachas an fo-alt seo)a dhéantar lehalt 23 denAcht Cróinéirí (Leasú), 2019 más roimh theacht i ngníomh don alt sin a bheidh an dáta a bheidh sonraithe sa toghairm lena mbaineann.”.

Cumhacht maidir le fianaise a ghlacadh, etc., ag ionchoisne

24.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 38:

“38.(1) I gcás go measfaidh cróinéir go bhfuil sé riachtanach chun ionchoisne a sheoladh go cuí, féadfaidh an cróinéir—

(a) a threorú d’aon fhinné mionn nó dearbhasc a ghlacadh,

(b) a threorú d’fhinné ceisteanna a fhreagairt,

(c) a threorú d’aon duine aon doiciméad, airceadal, substaint nó ní atá ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird,

(d) aon doiciméad, airceadal, substaint nó ní a thabharfar ar aird ag an ionchoisne a iniúchadh, a chóipeáil agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh an cróinéir a bheith riachtanach, nó

(e) aon treorú eile a thabhairt a mheasfaidh an cróinéir a bheith riachtanach.

(2) I gcás go mainneoidh nó go ndiúltóidh duine gan leithscéal réasúnach déanamh de réir treorú faoi fho-alt (1), féadfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag cróinéir—

(a) a ordú don duine déanamh de réir an treoraithe, agus

(b) cibé ordú eile, más ann, a dhéanamh a mheasfaidh sí is gá agus is cóir chun go mbeidh lánéifeacht leis an treorú.

(3) Beidh finné ag ionchoisne i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé nó sí ina dteideal dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirteé nóí.

(4) Aon duine a dhéanfaidh fianaise is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach a thabhairt d’ionchoisne, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, aré nóí a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Fianaise a ghlacadhó dhuine atá ar tí an Stát a fhágáil

25.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 38 (a chuirtear isteach lehalt 24):

“38A.Aon uair is deimhin le cróinéir, maidir le duine a bhféadfaíé nóí a thoghairm chun fianaise a thabhairt nó chun doiciméad, airceadal, substaint nó ní is iomchuí maidir le hionchoisne a thabhairt ar aird, gur dócha go mbeidh sé nó sí as láthairón Stát le linn an t-ionchoisne a sheoladh, féadfaidh an cróinéir a threorú go ndéanfar fianaise an duine sin a ghlacadh nó go ndéanfar an doiciméad, an t-airceadal, an tsubstaint nó an ní a thabhairt ar aird os a chomhair nó os a comhair, aon tráth roimh an ionchoisne, ar an modh céanna ar a ndéanfaí an fhianaise a ghlacadh nó an doiciméad, an t-airceadal, an tsubstaint nó an ní a thabhairt ar aird ag an ionchoisne.”.

Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht

26.Leasaítear alt 40 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí mhír (d) a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí“Má chuireann comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire, comhalta de na Fórsaí Cosanta nachísle céim ná ceannfort nó oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman in iúl do chróinéir, sula dtosófar nó sula n-athchromfar ar ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh sé nó sí, faoi fho-alt (1) nó (2) d’alt 25, an t-ionchoisne a chur ar atráth” a chur in ionad“Má chuireann comhalta den Gharda Síochána nachísle céim ná cigire in iúl do chróinéir, sula dtosófar nó a n-athchromfar ar ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh sé an t-ionchoisne a chur ar atráth”.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht

27.Leasaítear alt 43 den Phríomh-Acht trí“cuirfidh an cróinéiré sin in iúl do chomhalta den Gharda Síochána nó, i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman a bhaineann le bás an duine ar maidir lena bhás nó lena bás a chuirfear an t-ionchoisne ar bun, d’oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman agus déanfaidh an comhalta nó an t-oifigeach ainmnithe, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad“cuirfidh an cróinéiré sin in iúl do chomhalta den Gharda Síochána agus déanfaidh an comhalta”.

Leasú ar alt 46 den Phríomh-Acht

28.(1) Leasaítear alt 46 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3), trí“fíneáil d’aicme C nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon,” a chur in ionad“fíneáil nach mó ná deich bpunt”, agus

(b) i bhfo-alt (4), trí“fíneáil d’aicme C nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon,” a chur in ionad“fíneáil nach mó ná deich bpunt”.

(2) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe ar alt 46 den Phríomh-Acht, a dhéantar lefo-alt (1), maidir le cion faoi fho-alt (3)nó (4)den alt sin ach amháin más taréis thosach feidhme an ailt seo a dhéantar an cion.

Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht

29.Leasaítear alt 47 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rudé gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman agus go gcuirfidh oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman in iúl do chróinéir gurbé a thuairim nó a tuairim go bhféadfaidh sé gur go foréigneach nó go mínádúrtha a tharla bás an duine lena mbaineann, ar adhlacadh a chorp nó a corp i gceantar an chróinéara, féadfaidh an cróinéir a iarraidh ar an Aire a ordú go ndéanfaidh an Coimisiún Ombudsman an corp a dhí-adhlacadh.”.

Dul isteach ináitreabh chun doiciméid, etc., a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu nó iad a urghabháil

30.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 49:

“49A.(1) Ní ceadmhach do chróinéir dul isteach in aonáitreabh chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo i ndáil le bás aon duine ach amháin—

(a) le toiliúáititheoir anáitribh sin, nó

(b) faoiúdarás barántais arna eisiúint faoin alt seo.

(2) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionnó chróinéir, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil in aonáitreabh aon doiciméid, airceadail, substaintí nó nithe a theastaíonnón gcróinéir chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo i ndáil le bás aon duine, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúintáúdarú don chróinéir dul isteach sanáitreabh sin agus na doiciméid sin a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu nó, más gá, iad a urghabháil, nó na hairceadail, na substaintí nó na nithe sin a iniúchadh nó, más gá, iad a urghabháil.

(3) Maidir le barántas a eiseofar faoin alt seo, beidh sé sainráite ann go n-údaraítear leis, agus oibreoidh sé chun aúdarú, don chróinéir a bheidh ainmnithe sa bharántas, agus cibé comhaltaí (más ann) den Gharda Síochána, nó oifigigh ainmnithe don Choimisiún Ombudsman ina theannta nó ina teannta i gcás gurb ann d’imscrúdú iomchuí de chuid an Choimisiúin Ombudsman a bhaineann le bás an duine ar maidir lena bhás nó lena bás a eiseofar an barántas, de réir mar a mheasfaidh an cróinéir a bheith riachtanach—

(a) dul isteach sanáitreabh a bheidh ainmnithe sa bharántas, aon tráth nó tráthanna laistigh d’aon seachtain amháinó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas nó ar chóip de a thabhairt ar aird i gcás go n-iarrfar amhlaidh, agus trí fhorneart réasúnach aúsáid más gá, agus

(b) na doiciméid lena mbaineann a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu nó, más gá, iad a urghabháil, nó na hairceadail, na substaintí nó na nithe lena mbaineann sanáitreabh sin a iniúchadh nó, más gá, iad a urghabháil.

(4) Aon chróinéir a dhéanfaidh, faoi bharántas arna eisiúint faoin alt seo, aon doiciméid, airceadail, substaintí nó nithe a urghabháil, déanfaidh sé nó sí na doiciméid, na hairceadail, na substaintí nó na nithe sin a thabhairt ar ais don duineónar urghabhadh iad nuair nach mbeidh siad ag teastáil a thuilleadhón gcróinéir chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo i ndáil le bás an duine lena mbaineann.

(5) Aon duine a chuirfidh bac, nó a fhéachfaidh le bac a chur, ar an gcróinéir, ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman a bheidh ag gníomhú faoiúdarás barántais arna eisiúint faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, aré nóí a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) Is ag breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche cúirte dúiche ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann suite a bheidh cumhacht na Cúirte Dúiche chun barántas a eisiúint faoin alt seo infheidhmithe.”.

Comhairle agus cúnamh saineolaithe do chróinéirí in imthoscaáirithe

31.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 53:

53A. Má mheasann cróinéir go dteastaíonn uaidh nó uaithi comhairle nó cúnamh a fháiló shaineolaí i leith ní chun críocha a fhiosraithe nó a fiosraithe faoi bhás, féadfaidh sé nó sí comhairle nó cúnamh den sórt sin a iarraidh ar dhuine ag a bhfuil saineolas i leith an ní sin agus an chomhairle nó an cúnamh sin a fháilón duine sin.”.

Foirmeacha a sholáthar do chróinéir

32.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 54:

“54. D’fhonn go ndéanfaidh cróinéir a dhualgas nó a dualgas mar chróinéir a chomhall

(a) déanfaidh an tAire, i gcás cróinéir do cheantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, agus

(b) déanfaidh an t-údarásáitiúil arbé a cheap cróinéir i ngach cás eile,

cibé soláthairtí stáiseanóireachta agus foirmeacha forordaithe a sholáthar don chróinéir lena mbaineann a theastóidh le réasún uaidh nó uaithi chun na dualgais sin a chomhall.”.

Leasú ar alt 58 den Phríomh-Acht

33.Leasaítear alt 58 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí“an tAire, másábharé a bhaineann le ceantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, nó” a chur isteach i ndiaidh“a dheimhniú a eisiúint chun go n-íocfaidh”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh gach duine dar eisíodh deimhniú faoin alt seo an deimhniú a thabhairt—

(a) don Aire, másábharé a bhaineann le ceantar cróinéara BhaileÁtha Cliath, nó

(b) donúdarásáitiúil a bheidh sonraithe sa deimhniú in aon chás eile,

agus, air sin,íocfaidh an tAire nó an t-údarásáitiúil, de réir mar a bheidh, an tsuim a bheidh luaite sa deimhniú leis an duine.”,

agus

(c) i bhfo-alt (3), trí“(seachas deimhniú a bhaineann le hábhar maidir le ceantar cróinéara BhaileÁtha Cliath)” a chur isteach i ndiaidh“an t-údarásáitiúil a bheidh le sonrú i ndeimhniú a eiseofar faoin alt seo”.

Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht

34.Leasaítear alt 60 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)—

(i) i mír (b), trí“de réir bhrí alt 2 d’Acht na bPríosún, 2007” a scriosadh,

(ii) i mír (c), trí“de réir bhrí alt 2 den Acht Cosanta, 1954” a scriosadh,

(iii) i mír (f), trí“athchurtha in ionad athchuir” a chur in ionad“i gcoimeád in ionad athchuir”, agus

(iv) trí“nó” a scriosadh i ndeireadh mhír (g) agus tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(ga) gur bhás máthartha nó gur bhás máthartha déanach ab ea bás anéagaigh, nó”,

agus

(b) i bhfo-alt (7), trí na mínithe ar“leanbh faoi chúram” agus“duine den teaghlach” a scriosadh.

Cionta ag comhlacht corpraithe

35.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 60 (a leasaítear lehalt 34:

“61. I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidhé le toiliú nó le cúlcheadú aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, i dteannta an chomhlachta chorpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agusé nóí a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.”.

Ordacháinón Ard-Chúirt

36.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 61 (a chuirtear isteach lehalt 35):

“62.(1) Féadfaidh cróinéir, aon uair a mheasann sé nó sí gur cuí déanamh amhlaidh, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordacháin ar phonc dlí maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo i ndáil le bás aon duine.

(2) Déanfaidh an Ard-Chúirt iarratas faoi fho-alt (1) a chinneadh trí cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh a mheasfaidh sí a bheith cuí.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici, iarratas faoi fho-alt (1) aéisteacht ar shlí seachas go poiblí más deimhin léi gur cuí déanamh amhlaidh—

(a) mar gheall ar anábhar arb i ndáil leis atá ordacháiná lorg,

(b) mar gheall ar phriacal a bheith ann go ndéanfaí dochar d’imeachtaí coiriúla, nó

(c) mar gheall ar aonábhar eile a bhaineann le cineál na fianaise a bheidh le tabhairt ar an iarratas aéisteacht.

(4) Déanfaidh an Ard-Chúirt cibé tosaíocht is féidir léi, le réasún, ag féachaint do na himthosca go léir, a thabhairt d’imeachtaí sa Chúirt faoin alt seo a chur de láimh.

(5) Beidhábhar achomhairc ann, le ceadón Ard-Chúirt, chun na Cúirte Achomhairc i gcoinne cinneadhón Ard-Chúirt maidir le hiarratas faoi fho-alt (1).

(6) Féadfaidh Coiste Rialacha na nUaschúirteanna, le comhthoiliú an Aire, rialacha cúirte a dhéanamh chun aéascúéifeacht a thabhairt d’fho-alt (4).”.

Oifigigh ainmnithe don Choimisiún Ombudsman do chomhlíonadh feidhmeanna faoin Acht Cróinéirí, 1962

37.Leasaítear Acht an Gharda Síochána, 2005 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 101:

“101A.(1) Féadfaidh an Coimisiún Ombudsman, i dtaca le himscrúdú a dhéanamh ar ghearán nó ar ní faoin gCuid seo a bhaineann le bás duine, a threorú d’oifigeach ainmnithe don Choimisiún—

(a) na feidhmeanna a chomhlíonadh a thugtar d’oifigeach den sórt sin leis an Acht Cróinéirí, 1962 i ndáil le cróinéir do dhéanamh fiosrú faoi bhás an duine faoin Acht sin, agus

(b) cibé cúnamh a sholáthar don chróinéir, ar iarraidh a fháil uaidh nó uaithi, i dtaobh ionchoisne a chur ar bun maidir le bás an duine sin is cúnamh a sholáthródh comhalta den Gharda Síochána i gcás aon ionchoisne eile faoin Acht sin,

agus déanfaidh oifigeach ainmnithe a dtabharfar treorú dó nó di amhlaidh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh agus soláthróidh sé nó sí an cúnamh sin cibé acu a chríochnófar nó nach gcríochnófar an t-imscrúdú faoin gCuid seo.

(2) Beidh ag oifigeach ainmnithe don Choimisiún Ombudsman na cumhachtaí, na díolúintí agus na pribhléidí go léir a thugtar do chomhalta den Gharda Síochana agus beidh air nó uirthi na dualgais go léir a fhorchuirtear ar chomhalta den Gharda Síochána le haon achtachán nó faoi aon achtachán nó leis an dlí coiteann nó faoin dlí coiteann, d’fhonn feidhmeanna oifigigh den sórt sin dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (1) a chomhlíonadh agus d’fhonn an cúnamh dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin a sholáthar.

(3) San alt seo, tá le‘achtachán’ an bhrí atá leis in alt 98.”.

Leasú ar an bPríomh-Acht An Dara Sceideal ina sonraítear básanna intuairiscithe

38.Déanfar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a shainainmniú mar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus déanfar an tAcht sin a leasú tríd an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach mar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

Aisghairm

39.Aisghairtear na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht:

(a) alt 6(5);

(b) alt 10;

(c) fo-ailt (3) go (6) d’alt 18;

(d) ailt 19 agus 52.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

40.(1) Féadfar an tAcht Cróinéirí (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cróinéirí, 1962 go 2019 a ghairm de na hAchtanna Cróinéirí, 1962 go 2013 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráiláirithe agus féadfar laethantaéagsúla a cheapadh amhlaidh chun críochéagsúil nó le haghaidh forálachaéagsúla.