|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo () | Ar Aghaidh () |
AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019
[EN] | ||
| ||
Gearáin a imscrúdú | ||
[EN] |
An Coiste um Iompar Breithiúnach do tharchur gearáin chuig painéal fiosrúcháin |
64.(1) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, i gcás go dtabharfaidh sé breith gearán a tharchur chuig painéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1)(b), (3) nó (4) d’alt 60, painéal fiosrúcháin a cheapadh chun an gearán a imscrúdú. |
(2) I bhfógra faoi fho-alt (5) d’alt 60 (seachas fógra i dtaobh breith faoi fho-alt (1)(a) nó (2) den alt sin) arna thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann, cuirfear in iúl dó nó di— | ||
(a) gur tarchuireadh gearán chuig painéal fiosrúcháin lena imscrúdú, | ||
(b) sonraí an ghearáin, lena n-áirítear aon fhianaise a bheidh mar thaca leis an ngearán, agus | ||
(c) gurb amhlaidh, má sheolann an painéal fiosrúcháin éisteacht i dtaca leis an imscrúdú ar an ngearán, go mbeidh sé nó sí i dteideal— | ||
(i) cibé acu i bpearsa nó trína ionadaí nó trína hionadaí, freastal ar an éisteacht agus é féin nó í féin a chosaint ag an éisteacht, agus | ||
(ii) a iarraidh— | ||
(I) i gcás nach dtabharfar treorú ar bith faoi alt 68 (5), go ndéanfar cuid den éisteacht nó an éisteacht go léir a sheoladh ar shlí seachas go poiblí, nó | ||
(II) i gcás go dtabharfar treorú faoi alt 68 (5), arb é is éifeacht leis go ndéanfar cuid den éisteacht a sheoladh go poiblí, go ndéanfar an chuid sin a sheoladh ar shlí seachas go poiblí. | ||
(3) I bhfógra faoi fho-alt (5) d’alt 60 (seachas fógra i dtaobh breith faoi fho-alt (1)(a) nó (2) den fho-alt sin) arna thabhairt don ghearánach, cuirfear in iúl dó nó di gurb amhlaidh, má sheolann an painéal fiosrúcháin éisteacht i dtaca leis an imscrúdú ar an ngearán, go mbeidh sé nó sí i dteideal a iarraidh— | ||
(a) i gcás nach dtabharfar treorú ar bith faoi alt 68 (5), go ndéanfar cuid den éisteacht nó an éisteacht go léir a sheoladh ar shlí seachas go poiblí, nó | ||
(b) i gcás go dtabharfar treorú faoi alt 68 (5), arb é is éifeacht leis go ndéanfar cuid den éisteacht a sheoladh go poiblí, go ndéanfar an chuid sin a sheoladh ar shlí seachas go poiblí. | ||
(4) Ní ghéillfidh an Coiste um Iompar Breithiúnach d’iarraidh faoi fho-alt (2)(c)(ii) nó (3) i gcás nach mbeidh cúis réasúnach leordhóthanach léi. | ||
[EN] |
Moltaí maidir le comhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin a ainmniú |
65.(1) Iarrfaidh an Rialtas ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas roghnóireachta a ghabháil de láimh chun daoine a shainaithint agus a mholadh don Rialtas, is daoine ar deimhin léi a bheith oiriúnach lena gceapadh chun bheith ina gcomhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin agus, dá réir sin, comhlíonfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an iarraidh sin agus déanfaidh sí, tar éis próiseas roghnóireachta den sórt sin a sheoladh, moladh a chur faoi bhráid an Rialtais i leith daoine a bhí páirteach sa phróiseas sin agus ar deimhin léi amhlaidh i ndáil leo. |
(2) Faoi réir fho-alt (3) agus alt 66 (3), déanfaidh an tAire na critéir agus na nósanna imeachta roghnóireachta a mbeidh feidhm acu maidir le próiseas roghnóireachta faoin alt seo a chomhaontú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. | ||
(3) D’fhonn moladh a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar a inmhianaithe atá sé go mbeidh eolas agus taithí ag comhaltaí tuata de phainéal fiosrúcháin, eatarthu, ar an oiread is féidir de na nithe seo a leanas: | ||
(a) caighdeáin a chothabháil i ngairmeacha atá á rialáil ag comhlacht reachtúil nó comhlacht eile; | ||
(b) déileáil le gearáin a dhéantar i gcoinne comhaltaí de na gairmeacha sin; | ||
(c) idirghabháil nó sásraí eile chun réiteach malartach a fháil ar dhíospóidí; | ||
(d) riaradh an cheartais; | ||
(e) seirbhísí a bhainistiú agus a sholáthar do dhaoine den phobal. | ||
(4) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí moladh faoin alt seo i leith duine mura deimhin léi go bhfuil ag an duine cibé taithí, cáilíochtaí, oiliúint nó saineolas iomchuí is cuí, ag féachaint d’fheidhmeanna painéil fiosrúcháin, a d’fhágfadh go mbeadh sé nó sí oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata de phainéal fiosrúcháin. | ||
(5) Soláthróidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sonraí don Rialtas maidir leis an taithí, na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas atá ag gach duine a mbeidh moladh déanta aici ina leith faoin alt seo. | ||
[EN] |
Comhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin a ainmniú lena gceapadh |
66.(1) Déanfaidh an Rialtas, ó am go ham, 7 nduine ar a laghad agus 12 dhuine ar a mhéid a ainmniú, as measc daoine arb ina leith a bheidh moladh déanta faoi alt 65 , lena gceapadh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 67 (1)(b) chun bheith ina gcomhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin. |
(2) Féachfaidh an Rialtas, sa mhéid gurb indéanta é agus ag féachaint do thaithí iomchuí, lena chinntiú gur mná a bheidh i 40 faoin gcéad ar a laghad de na daoine a ainmneofar faoi fho-alt (1). | ||
(3) Ní bheidh duine inainmnithe faoi fho-alt (1), nó incheaptha faoi alt 67 , chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata de phainéal fiosrúcháin— | ||
(a) más comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil an duine, | ||
(b) más rud é, i gcás duine ar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í agus a scoir de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite fós ó bhí sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin, den Pharlaimint sin nó d’údarás áitiúil, | ||
(c) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine, | ||
(d) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine— | ||
(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, | ||
(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | ||
(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, | ||
(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, | ||
(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó | ||
(vi) de bhinse idirnáisiúnta, | ||
(e) más Abhcóide Ginearálta nó iarAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an duine, | ||
(f) más comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach an duine, | ||
(g) más abhcóide nó aturnae cleachtach an duine, | ||
(h) más rud é, i gcás duine arbh abhcóide nó aturnae cleachtach é nó í agus a scoir de bheith ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach nó ina aturnae nó ina haturnae cleachtach, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite ón dáta is déanaí a bhí sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó | ||
(i) más státseirbhíseach an duine. | ||
(4) Más rud é, maidir le comhalta tuata de phainéal fiosrúcháin— | ||
(a) go n-ainmneofar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Sheanad Éireann, | ||
(b) go dtoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | ||
(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | ||
(d) go dtoghfar nó go gcomhthoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil, | ||
(e) go gceapfar é nó í chun bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh— | ||
(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, | ||
(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | ||
(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, | ||
(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, | ||
(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó | ||
(vi) de bhinse idirnáisiúnta, | ||
(f) go gceapfar é nó í chun bheith ina Abhcóide Ginearálta nó ina hAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | ||
(g) go gceapfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach, | ||
(h) go dtosóidh sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó | ||
(i) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina státseirbhíseach, | ||
scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den phainéal fiosrúcháin. | ||
(5) Féadfaidh duine a ainmneofar faoi fho-alt (1), le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici, a chur in iúl nach mian leis nó léi a thuilleadh go ndéanfaí breithniú maidir lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gCoiste sin faoi alt 67 (1)(b) chun painéal fiosrúcháin agus, an tráth a gheobhaidh cathaoirleach an Choiste sin an fógra sin, scoirfidh an t-ainmniúchán faoi fho-alt (1) i leith an duine sin d’éifeacht a bheith leis. | ||
(6) Déanfaidh cathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach aon fhógra a gheobhaidh sé nó sí faoi fho-alt (5) a chur in iúl don Aire. | ||
[EN] |
Comhaltaí de phainéal fiosrúcháin a cheapadh |
67.(1) Ceapfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach 3 dhuine chun bheith ina gcomhaltaí de phainéal fiosrúcháin chun críocha na Caibidle seo, eadhon— |
(a) beirt bhreithiúna (seachas comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach), a mbeidh duine amháin díobh ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann agus a mbeidh an duine eile díobh ina bhreitheamh nó ina breitheamh de chúirt eile, agus | ||
(b) comhalta tuata amháin arna ainmniú nó arna hainmniú faoi alt 66 . | ||
(2) Ceapfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach comhalta amháin de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach air. | ||
(3) Chun críocha fho-alt (1)(a), más rud é, maidir leis an mbreitheamh lena mbaineann a mbeidh a iompar nó a hiompar á imscrúdú— | ||
(a) gurb é Uachtarán na Cúirte Achomhairc é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Achomhairc í, measfar gur breitheamh den Chúirt Uachtarach é nó í, | ||
(b) gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gurb í Uachtarán na hArd-Chúirte í, measfar gur breitheamh den Chúirt Achomhairc é nó í, | ||
(c) gurb é Uachtarán na Cúirte Cuarda é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Cuarda í, measfar gur breitheamh den Ard-Chúirt é nó í, nó | ||
(d) gurb é Uachtarán na Cúirte Dúiche é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Dúiche í, measfar gur breitheamh den Chúirt Chuarda é nó í. | ||
(4) Féadfaidh comhalta de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) éirí as an bpainéal fiosrúcháin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici, agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh cathaoirleach an Choiste an fógra, ach ní choiscfidh éirí as den sórt sin, as féin, é nó í a cheapadh chun painéal fiosrúcháin eile, nó é nó í do leanúint de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de phainéal fiosrúcháin eile. | ||
(5)(a) Maidir le comhalta de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1)(a), tráth a cheapacháin nó a ceapacháin chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, i gcás gur bhreitheamh é nó í den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann agus go scoirfidh sé nó sí dá éis sin de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt sin, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phainéal fiosrúcháin. | ||
(b) I gcás go scoirfidh comhalta de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1)(a) de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phainéal fiosrúcháin. | ||
(6) Más rud é go n-éireoidh comhalta de phainéal fiosrúcháin as nó go scoirfidh sé nó sí ar shlí eile de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de phainéal fiosrúcháin, féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | ||
(a) má bhí an comhalta ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, breitheamh den chúirt sin a cheapadh, | ||
(b) má bhí an comhalta ina bhreitheamh nó ina breitheamh de chúirt seachas an chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, breitheamh a cheapadh is breitheamh de chúirt seachas an chúirt is déanaí a luaitear ach a bhféadfaidh sé gur breitheamh de chúirt seachas an chúirt is túisce a luaitear é nó í, nó | ||
(c) má bhí an comhalta ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den phainéal fiosrúcháin, duine a bheidh arna ainmniú nó arna hainmniú de thuras na huaire faoi alt 66 a cheapadh, | ||
in ionad chomhalta an phainéil fiosrúcháin a d’éirigh as nó a scoir ar shlí eile de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de. | ||
(7) Gníomhóidh comhalta d’fhoireann na Comhairle (seachas an Cláraitheoir), arna ainmniú nó arna hainmniú ag cathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach, mar chláraitheoir do phainéal fiosrúcháin (dá ngairtear “cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin” san Acht seo). | ||
[EN] |
Imscrúdú a sheoladh |
68.(1) Déanfaidh painéal fiosrúcháin, de réir an ailt seo, gearán a tharchuirfear chuige faoi alt 60 a imscrúdú. |
(2) D’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar ghearán faoin alt seo, féadfaidh painéal fiosrúcháin cibé faisnéis nó doiciméid a lorg is faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis an ngearán agus a mheasfaidh sé is cuí. | ||
(3) Féadfaidh painéal fiosrúcháin éisteacht a sheoladh i dtaca lena imscrúdú ar ghearán. | ||
(4) Déanfaidh an cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach i dtaobh dáta, am nó áit aon éisteachta faoi fho-alt (3) in am trátha chun go n-ullmhóidh an breitheamh lena mbaineann agus an gearánach le haghaidh na héisteachta. | ||
(5) Is go poiblí a sheolfar éisteacht gearáin os comhair painéal fiosrúcháin mura dtreoróidh an Coiste um Iompar Breithiúnach gur cóir, d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint, an éisteacht a sheoladh go hiomlán nó go páirteach ar shlí seachas go poiblí. | ||
(6) Ag éisteacht gearáin os comhair painéal fiosrúcháin— | ||
(a) déanfaidh an cláraitheoir don phainéal fiosrúcháin sonraí faoin ngearán a chur i láthair, | ||
(b) is faoi mhionn a thabharfar teist finnéithe a bheidh ag freastal ar an éisteacht, agus | ||
(c) beidh ceart ann finnéithe a chroscheistiú agus fianaise a ghlaoch mar chosaint agus mar fhreagra. | ||
(7) Féadfaidh aon chomhalta de phainéal fiosrúcháin a mbeidh gearán á imscrúdú aige nó aici, nó an cláraitheoir don phainéal fiosrúcháin, duine a chur faoi mhionn d’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán. | ||
[EN] |
Cumhachtaí agus cosaintí a bhaineann le finnéithe agus le fianaise |
69.(1) D’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar ghearán faoin gCaibidil seo, beidh ag painéal fiosrúcháin na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí go léir a bhíonn dílsithe don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar chaingean a éisteacht agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas— |
(a) tabhairt ar fhinnéithe freastal a dhéanamh, | ||
(b) finnéithe a cheistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus | ||
(c) iallach a chur go ndéanfaí taifid a thabhairt ar aird (lena n-áirítear a fhollasú), lena n-áirítear taifead ar imeachtaí i gcúirt nó athscríbhinn de thaifead den sórt sin. | ||
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar toghairm arna heisiúint thar ceann painéal fiosrúcháin ag cathaoirleach an phainéil fiosrúcháin nó ag cibé comhalta eile den phainéal fiosrúcháin a bheidh údaraithe ag an bpainéal fiosrúcháin chun na críche sin a chur in ionad aon phróis fhoirmiúil, agus beidh sí comhionann le haon phróis fhoirmiúil, is ineisithe i gcaingean chun tabhairt ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird. | ||
(3) Faoi réir aon nósanna imeachta a bheidh i bhfeidhm agus an ghá atá le nósanna imeachta córa a urramú, féadfaidh painéal fiosrúcháin na nithe seo a leanas a fháil— | ||
(a) fianaise ó bhéal a thabharfar os comhair an phainéil fiosrúcháin, | ||
(b) fianaise le mionnscríbhinn, nó | ||
(c) fianaise ar cibé modh (lena n-áirítear trí nasc físe beo, fístaifeadadh, fuaimthaifeadadh nó aon mhodh tarchurtha eile) a údarófar le nósanna imeachta a bheidh sonraithe faoi alt 52 . | ||
(4) Beidh duine ciontach i gcion más rud é— | ||
(a) go mainneoidh sé nó sí gan leithscéal réasúnach déanamh de réir toghairm a eiseoidh painéal fiosrúcháin nó freastal os comhair painéal fiosrúcháin ag an am agus san áit a bheidh sonraithe sa toghairm, | ||
(b) le linn dó nó di freastal mar fhinné os comhair painéal fiosrúcháin go ndiúltóidh sé nó sí— | ||
(i) mionn a ghlacadh a cheanglóidh an painéal fiosrúcháin air nó uirthi go dlíthiúil a ghlacadh, | ||
(ii) aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine agus a gceanglóidh an painéal fiosrúcháin ar an duine go dlíthiúil é a thabhairt ar aird, nó | ||
(iii) freagra a thabhairt ar aon cheist a gceanglóidh an painéal fiosrúcháin ar an duine go dlíthiúil freagra a thabhairt uirthi, | ||
(c) go ndéanfaidh sé nó sí, le linn dó nó di freastal os comhair painéal fiosrúcháin, aon ní ar dhíspeagadh cúirte é dá mba chúirt dlí an painéal fiosrúcháin agus cumhacht aici pionós a ghearradh mar gheall ar dhíspeagadh, nó | ||
(d) go dtabharfaidh sé nó sí fianaise os comhair painéal fiosrúcháin ar chion an mhionnaithe éithigh a bheadh ann dá mba rud é go mbeadh an fhianaise tugtha ag an duine in imeachtaí os comhair cúirte. | ||
(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi mhír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (4), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi. | ||
(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4)(d), dlífear— | ||
(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, cibé fíneáil nó cibé téarma príosúnachta, a dhlífí a chur air nó uirthi dá mba rud é gur ciontaíodh é nó í go hachomair i gcion an mhionnaithe éithigh, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | ||
(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, cibé fíneáil nó cibé téarma príosúnachta, a dhlífí a chur air nó uirthi dá mba rud é gur ciontaíodh é nó í ar díotáil i gcion an mhionnaithe éithigh, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | ||
(7) San alt seo— | ||
ciallaíonn “taifead ar imeachtaí i gcúirt” taifead comhaimseartha ar imeachtaí i gcúirt arna dhéanamh, de réir rialacha cúirte, ar aon mhodh, lena n-áirítear aon fhuaimthaifeadadh nó taifeadadh eile is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite, inchloiste nó in amharcfhoirm; | ||
ciallaíonn “athscríbhinn”, i ndáil le taifead ar imeachtaí i gcúirt, athscríbhinn den taifead ar na himeachtaí sin a dhéanann duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag an tSeirbhís Chúirteanna chun na críche sin de réir rialacha cúirte. | ||
[EN] |
An gearánach do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú le painéal fiosrúcháin |
70.(1) Más rud é, aon tráth i gcúrsa imscrúdaithe, go mbreithneoidh painéal fiosrúcháin, a mbeidh imscrúdú á dhéanamh aige ar ghearán faoin gCaibidil seo, gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh an gearánach iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun comhoibriú leis an imscrúdú, déanfaidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach maidir leis an mainneachtain nó an diúltú sin comhoibriú leis an imscrúdú agus féadfaidh sé a imscrúdú a fhionraí, go dtí go bhfaighfear treorú ón gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (2). |
(2) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil a bheidh faighte aige faoi fho-alt (1), treorú a thabhairt don phainéal fiosrúcháin— | ||
(a) leanúint den imscrúdú lena mbaineann an tuarascáil, nó | ||
(b) deireadh a chur leis an imscrúdú sin. | ||
(3) I gcás go dtreoróidh an Coiste um Iompar Breithiúnach do phainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (2) gan leanúint den imscrúdú ar ghearán— | ||
(a) measfar an gearán a bheith tarraingthe siar ag an ngearánach agus ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis, agus | ||
(b) tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | ||
[EN] |
An breitheamh lena mbaineann do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú le painéal fiosrúcháin |
71.(1) I gcás go mainneoidh nó go ndiúltóidh an breitheamh lena mbaineann, gan leithscéal réasúnach, comhoibriú le himscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo, féadfaidh an painéal fiosrúcháin, más cuí leis sna himthosca go léir, breith a thabhairt gan leanúint den imscrúdú. |
(2) I gcás nach leanfar d’imscrúdú faoi fho-alt (1), déanfaidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach ina leagfar amach na himthosca a bhaineann leis an mbreitheamh lena mbaineann do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú agus— | ||
(a) molfaidh sé iomardú a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann maidir leis nó léi do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú, agus | ||
(b) déanfaidh sé cibé moltaí a mheasfaidh an painéal fiosrúcháin is gá d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint. | ||
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)— | ||
(a) déanfar foráil le moladh faoi mhír (a) den fho-alt sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: | ||
(i) comhairle a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann; | ||
(ii) moladh a dhéanamh don bhreitheamh lena mbaineann maidir le gníomh a bheidh le déanamh ag an mbreitheamh sin, lena n-áirítear go bhfreastalóidh sé nó sí ar chúrsa nó oiliúint de chineál sonraithe; | ||
(iii) rabhadh a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann, | ||
agus | ||
(b) féadfar moladh lena mbaineann alt 76 (6) a áireamh i moladh faoi mhír (b) den fho-alt sin. | ||
(4) Beidh feidhm ag ailt 77 agus 78, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le tuarascáil ó phainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (2) mar atá feidhm acu maidir le tuarascáil eatramhach nó tuarascáil chríochnaitheach ó phainéal fiosrúcháin dá dtagraítear sna hailt sin. | ||
(5) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach an tuarascáil a bheidh faighte ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (2) a bhreithniú agus déanfaidh sé cibé cinneadh is cuí leis i ndáil leis an imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann agus, le linn dó déanamh amhlaidh, féadfaidh sé glacadh, fara modhnú nó gan mhodhnú, le haon mholadh atá sa tuarascáil, nó diúltú dó. | ||
(6) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (5), fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach— | ||
(a) maidir le cinneadh an Choiste um Iompar Breithiúnach, agus | ||
(b) maidir leis na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin. | ||
[EN] |
Ní a bhaineann le sláinte breithimh a bheith os comhair painéal fiosrúcháin |
72.(1) Más rud é, i gcúrsa imscrúdú ag painéal fiosrúcháin faoin gCaibidil seo, go dtiocfaidh an painéal fiosrúcháin ar an tuairim go bhféadfaidh an t-iompar is ábhar don ghearán atá faoi imscrúdú a bheith bainteach le sláinte (cibé acu coirp nó meabhrach) an bhreithimh lena mbaineann, déanfaidh an painéal fiosrúcháin, tar éis dó deis a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ní, tuarascáil i scríbhinn ina luafar an tuairim sin agus na cúiseanna atá léi, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. |
(2) I gcás go gcuirfidh an breitheamh lena mbaineann in iúl don phainéal fiosrúcháin go bhfuil bearta déanta nó á ndéanamh aige nó aici chun aghaidh a thabhairt ar an ní a bhaineann lena shláinte nó lena sláinte dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sonróidh an painéal fiosrúcháin na bearta sin ina thuarascáil faoin bhfo-alt sin. | ||
(3) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar thuarascáil a fháil faoi fho-alt (1), a luaithe is indéanta dá éis sin— | ||
(a) i gcás gur gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid an Phríomh-Bhreithimh, | ||
(b) i gcás gur gnáthbhreitheamh den Chúirt Achomhairc, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó sainbhreitheamh den Chúirt Chuarda nó breitheamh den Chúirt Dúiche seachas Uachtarán na Cúirte sin an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid Uachtarán na Cúirte ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, | ||
(c) i gcás gurb é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó Uachtarán na Cúirte Dúiche an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid an Phríomh-Bhreithimh, nó | ||
(d) i gcás gurb é nó gurb í an Príomh-Bhreitheamh an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda agus Uachtarán na Cúirte Dúiche. | ||
(4) Sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ní leanfar den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann agus tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | ||
(5) I gcás go ndéanfaidh painéal fiosrúcháin tuarascáil faoi fho-alt (1) agus nach mbeidh feidhm ag na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2), cuirfidh sé an t-imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann ar atráth agus déanfaidh an cláraitheoir don phainéal fiosrúcháin fógra i scríbhinn i dtaobh é a bheith curtha ar atráth a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | ||
(6) Seachas sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2), i gcás go bhfaighidh an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó Uachtarán na Cúirte Dúiche tuarascáil faoi fho-alt (3), féadfaidh sé, sí nó siad, de réir mar a bheidh— | ||
(a) a mholadh don bhreitheamh lena mbaineann— | ||
(i) go bhfaighidh sé nó sí cúnamh liachta nó cúnamh sonraithe eile, nó | ||
(ii) go ndéanfaidh sé nó sí cibé bearta eile is cuí leis an mbreitheamh nó leis na breithiúna ag a mbeidh an tuarascáil faighte, | ||
agus | ||
(b) tuarascáil i ndáil le déanamh an mholta faoi mhír (a) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||
(7) I gcás go ndéanfaidh breitheamh, dá mbeidh moladh déanta faoi fho-alt (6)(a), de réir an mholta, ní leanfar den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann agus tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | ||
(8) I gcás nach ndéanfaidh breitheamh, dá mbeidh moladh déanta faoi fho-alt (6)(a), de réir an mholta, déanfaidh an breitheamh nó na breithiúna a rinne an moladh tuarascáil i ndáil leis an mbreitheamh gan a bheith ag déanamh de réir an mholta sin, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||
(9) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar thuarascáil faoi fho-alt (8) a fháil, a threorú don phainéal fiosrúcháin leanúint den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann. | ||
(10) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach treorú faoi fho-alt (9), tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | ||
[EN] |
Más amhlaidh go dtoilíonn an breitheamh lena mbaineann le hiomardú ón gCoiste um Iompar Breithiúnach sula mbeidh imscrúdú tugtha chun críche |
73.(1) Más rud é, sula ndéanfaidh painéal fiosrúcháin imscrúdú ar ghearán, nó le linn do phainéal fiosrúcháin imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, faoin gCaibidil seo, go gcuirfidh an breitheamh lena mbaineann in iúl don phainéal fiosrúcháin go bhfuil sé nó sí, i ndáil leis an ngearán, ag toiliú le hiomardú a eisiúint chuige nó chuici, féadfaidh an painéal fiosrúcháin, más cuí leis é ag féachaint do chineál, tromaíocht agus imthosca an ghearáin agus don ghá atá ann riaradh an cheartais a chosaint— |
(a) an t-imscrúdú ar an ngearán a chur ar atráth de réir alt 75 , agus | ||
(b) tuarascáil i ndáil leis an ngearán a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||
(2) Beidh feidhm ag alt 76 i ndáil le tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), fara aon mhodhnuithe is gá, d’ainneoin nach bhfuil imscrúdú ar ghearán lena mbaineann an t-alt seo tugtha chun críche. | ||
[EN] |
Gearán a tharraingt siar le linn do phainéal fiosrúcháin é a imscrúdú |
74.(1) I gcás go ndéanfaidh an gearánach gearán a tharraingt siar i gcúrsa imscrúdú faoin gCaibidil seo, féadfaidh an painéal fiosrúcháin a cheapfar chun an t-imscrúdú a sheoladh, le toiliú an Choiste um Iompar Breithiúnach— |
(a) breith a thabhairt nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil leis an ngearán, nó | ||
(b) breith a thabhairt dul ar aghaidh leis an imscrúdú amhail is nár tarraingíodh siar an gearán. | ||
(2) I gcás go dtabharfaidh painéal fiosrúcháin breith faoi fho-alt (1)(b), leanfaidh an painéal fiosrúcháin den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann amhail is nár tarraingíodh siar an gearán sin agus measfar gur tionscnaíodh an t-imscrúdú sin faoi alt 59 agus déileálfar leis chun gach críche mar imscrúdú a tionscnaíodh amhlaidh. | ||
(3) Déanfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh breith faoi fho-alt (1) a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a thabhairt. | ||
[EN] |
Painéal fiosrúcháin do chur imscrúdú ar ghearán ar atráth |
75.(1) Féadfaidh painéal fiosrúcháin imscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo a chur ar atráth aon tráth i gcúrsa an imscrúdaithe más dealraitheach don phainéal fiosrúcháin gur cuí déanamh amhlaidh. |
(2) I gcás go ndéanfaidh painéal fiosrúcháin imscrúdú ar ghearán a chur ar atráth faoi fho-alt (1), féadfaidh sé— | ||
(a) atosú ar an imscrúdú aon tráth, nó | ||
(b) tuarascáil eatramhach i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach, is tuarascáil ina sonrófar na cúiseanna atá leis an imscrúdú a chur ar atráth. | ||
(3) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis tuarascáil eatramhach a fháil faoi fho-alt (2)(b), an tuarascáil eatramhach a bhreithniú agus treorú i scríbhinn a thabhairt don phainéal fiosrúcháin á cheangal air— | ||
(a) atosú ar an imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann, nó | ||
(b) gan leanúint den imscrúdú sin. | ||
(4) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach treorú faoi fho-alt (3)(b) don phainéal fiosrúcháin á cheangal air gan leanúint den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann faoin gCaibidil seo, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach— | ||
(a) i dtaobh an treoraithe sin, agus | ||
(b) i dtaobh na gcúiseanna atá leis an treorú sin. | ||
[EN] |
Tuarascáil ó phainéal fiosrúcháin arna cur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach |
76.(1) Déanfaidh painéal fiosrúcháin, ar é do thabhairt imscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo chun críche, tuarascáil i scríbhinn ar an imscrúdú a ullmhú, agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. |
(2) Sonrófar i dtuarascáil ó phainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1)— | ||
(a) sonraí faoin ngearán, | ||
(b) an fhianaise (más ann) i ndáil leis an ngearán arna tíolacadh don phainéal fiosrúcháin, agus | ||
(c) fionnachtana an phainéil fiosrúcháin i ndáil leis an ngearán. | ||
(3) I gcás go bhfionnfaidh painéal fiosrúcháin go bhfuil líomhain i ngearán cruthaithe, áireofar sa tuarascáil ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) na cúiseanna atá leis an bhfionnachtain sin agus— | ||
(a) cibé moltaí a mheasfaidh an painéal fiosrúcháin is cuí chun an breitheamh lena mbaineann a iomardú, agus | ||
(b) cibé moltaí (más ann) a mheasfaidh an painéal fiosrúcháin is gá d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint. | ||
(4) I gcás go bhfionnfaidh painéal fiosrúcháin nach bhfuil líomhain i ngearán cruthaithe, áireofar sa tuarascáil ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) na cúiseanna atá leis an bhfionnachtain sin. | ||
(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (2) agus (3), déanfar foráil le moladh faoi fho-alt (3)(a) maidir le haon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: | ||
(a) comhairle a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann; | ||
(b) moladh a dhéanamh go ndéanfaidh an breitheamh lena mbaineann gníomh sonraithe, lena n-áirítear go bhfreastalóidh sé nó sí ar chúrsa nó ar oiliúint de chineál sonraithe; | ||
(c) rabhadh a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann. | ||
(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (2) agus (3), maidir le moladh faoi fho-alt (3)(b)— | ||
(a) féadfar é a dhéanamh— | ||
(i) don Phríomh-Bhreitheamh, i gcás gur gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach an breitheamh lena mbaineann, d’Uachtarán na Cúirte Achomhairc, d’Uachtarán na hArd-Chúirte, d’Uachtarán na Cúirte Cuarda nó d’Uachtarán na Cúirte Dúiche, | ||
(ii) d’Uachtarán na Cúirte Achomhairc, d’Uachtarán na hArd-Chúirte, d’Uachtarán na Cúirte Cuarda agus d’Uachtarán na Cúirte Dúiche, i gcás gurb é nó gurb í an Príomh-Bhreitheamh an breitheamh lena mbaineann, nó | ||
(iii) d’Uachtarán na cúirte ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, i gcás breitheamh seachas breitheamh lena mbaineann fomhír (i) nó (ii), | ||
nó | ||
(b) féadfar a mholadh ann go ndéanfar athruithe ar nósanna imeachta cúirte, treoruithe cleachtais, dáileadh oibre nó féadfaidh baint a bheith aige le nithe gaolmhara, | ||
nó iad sin araon. | ||
[EN] |
Dréacht-tuarascáil a bheidh le cur chuig an ngearánach agus chuig an mbreitheamh lena mbaineann |
77.(1) Déanfaidh an cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin, sula gcuirfidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil eatramhach nó tuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach i ndáil le himscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo, dréacht den tuarascáil a chur— |
(a) chuig an mbreitheamh lena mbaineann, agus | ||
(b) chuig an ngearánach. | ||
(2) Beidh ag gabháil leis an dréacht de thuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) fógra ón bpainéal fiosrúcháin ina sonrófar an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar aighneachtaí nó iarrataí a dhéanamh chuig an bpainéal fiosrúcháin faoi alt 78 (1). | ||
[EN] |
Leasú ar dhréacht-tuarascáil |
78.(1) Maidir le gearánach nó leis an mbreitheamh lena mbaineann a fhaigheann dréacht-tuarascáil ón gcláraitheoir do phainéal fiosrúcháin faoi alt 77 agus a chreideann nach ndearna an painéal fiosrúcháin nósanna imeachta córa a urramú i ndáil leis nó léi, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin alt sin, ráiteas i scríbhinn ina leagfar amach na cúiseanna go gcreideann sé nó sí amhlaidh, agus iarraidh chuig an bpainéal fiosrúcháin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-tuarascáil ag féachaint don ráiteas, a chur faoi bhráid an chláraitheora don phainéal fiosrúcháin. |
(2) I gcás nach bhfaighidh painéal fiosrúcháin ráiteas faoi fho-alt (1) laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra faoi alt 77 , déanfaidh sé, a luaithe is indéanta tar éis dul in éag don tréimhse sin, a thuarascáil a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||
(3) I gcás go bhfaighidh painéal fiosrúcháin ráiteas faoi fho-alt (1), féadfaidh sé, tar éis dó an ráiteas a bhreithniú agus an dréacht-tuarascáil a athbhreithniú— | ||
(a) an dréacht-tuarascáil a leasú chun an ráiteas a bheidh faighte a chur i gcuntas, nó | ||
(b) diúltú aon leasuithe a dhéanamh ar an dréacht-tuarascáil. | ||
(4) Déanfar ráiteas a gheobhaidh painéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) a chur i gceangal leis an tuarascáil a chuirfear faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 76 . | ||
(5) Mura leasófar dréacht-tuarascáil, nó mura leasófar í ach go páirteach, chun ráiteas a bheidh faighte faoi fho-alt (1) a chur i gcuntas, áireofar na cúiseanna atá leis sin sa tuarascáil a chuirfear faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 76 . | ||
[EN] |
An Coiste um Iompar Breithiúnach do chinneadh gearáin |
79.(1) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis dó tuarascáil a fháil faoi alt 76 ó phainéal fiosrúcháin i ndáil le gearán ab ábhar d’imscrúdú, fógra i scríbhinn a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann á rá go bhféadfaidh sé nó sí aighneachtaí, i scríbhinn nó ó bhéal, a dhéanamh chuig an gCoiste laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra i ndáil leis na moltaí a fhéadfar a áireamh sa tuarascáil faoi fho-alt (3) den alt sin. |
(2) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis dul in éag don tréimhse a shonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1)— | ||
(a) breithniú— | ||
(i) ar an tuarascáil arna fáil ón bpainéal fiosrúcháin faoi alt 76 , agus | ||
(ii) ar aon aighneachtaí arna ndéanamh ag an ngearánach nó ag an mbreitheamh lena mbaineann de bhun fógra faoi fho-alt (1), | ||
agus | ||
(b) cibé cinneadh is cuí leis i dtaobh an ghearáin lena mbaineann, lena n-áirítear an ndearnadh an gearán a shuíomh nó nach ndearnadh. | ||
(3) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | ||
(a) chun cuidiú leis breith a thabhairt faoi fho-alt (2), nó | ||
(b) chun nósanna imeachta córa a urramú, | ||
éisteacht a sheoladh i ndáil le gearán ab ábhar d’imscrúdú lena mbaineann tuarascáil faoi alt 76 más rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, gur cuí leis déanamh amhlaidh. | ||
(4) Déanfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach i dtaobh dáta, am nó áit aon éisteachta faoi fho-alt (3) in am trátha chun go n-ullmhóidh an breitheamh lena mbaineann agus an gearánach le haghaidh na héisteachta. | ||
(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (7) d’alt 68 maidir le héisteacht faoi fho-alt (3) mar atá feidhm acu maidir le héisteacht gearáin faoin alt sin, fairis na modhnuithe seo a leanas agus fara aon mhodhnuithe eile is gá: | ||
(a) déanfar tagairtí do phainéal fiosrúcháin a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste um Iompar Breithiúnach; | ||
(b) déanfar tagairtí don chláraitheoir don phainéal fiosrúcháin a fhorléiriú mar thagairtí don Chláraitheoir. | ||
(6) Beidh feidhm ag alt 69 chun críoch éisteachta faoi fho-alt (3) mar atá feidhm aige maidir le painéal fiosrúcháin do dhéanamh imscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí san alt sin do phainéal fiosrúcháin a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||
(7) Maidir le cinneadh faoi fho-alt (2)(b)— | ||
(a) is i scríbhinn a bheidh sé, | ||
(b) tabharfar ann na cúiseanna atá leis an gcinneadh, agus | ||
(c) féadfaidh aon cheann amháin nó níos mó de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nó (6) d’alt 76 a bheith ar áireamh ann. | ||
(8) Le linn dó an tuarascáil ó phainéal fiosrúcháin a bhreithniú agus cinneadh a eisiúint faoi fho-alt (2), féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach aon mholadh a bheidh sa tuarascáil a chuirfidh an painéal fiosrúcháin faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 76 a ghlacadh, fara modhnú nó gan mhodhnú, nó é a dhiúltú. | ||
(9) I gcás nach gceanglófar ar an mbreitheamh lena mbaineann, le cinneadh arna dhéanamh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (2), gníomh ar bith a dhéanamh nó i gcás gurb é a bheidh sa chinneadh sin nach ndearnadh an gearán a shuíomh, sonrófar sa chinneadh go bhfuil an t-imscrúdú ar an ngearán tugtha chun críche. | ||
(10) I gcás go gceanglófar ar an mbreitheamh lena mbaineann, le cinneadh arna dhéanamh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (2), aon ghníomh a dhéanamh, féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | ||
(a) a cheangal ar an mbreitheamh lena mbaineann tuarascáil a thabhairt don Choiste um Iompar Breithiúnach ar an modh a shonróidh an Coiste sin maidir leis an gceanglas a bheith á chomhlíonadh aige nó aici, agus | ||
(b) an ní a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCoiste agus, féadfaidh sé, ag deireadh na tréimhse sin, a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil an cinneadh comhlíonta ag an mbreitheamh lena mbaineann. | ||
(11) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (2), fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach i dtaobh na nithe seo a leanas— | ||
(a) cinneadh an Choiste um Iompar Breithiúnach, | ||
(b) na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, agus | ||
(c) i gcás go mbeidh ní curtha ar atráth faoi fho-alt (10)(b), an modh ar a dtabharfaidh an breitheamh tuarascáil don Choiste um Iompar Breithiúnach agus an tréimhse ar laistigh di a dhéanfaidh sé nó sí amhlaidh. | ||
(12) I gcás go bhfaighidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil ón mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (10)(a) agus gurb é a thuairim go bhfuil an cinneadh comhlíonta, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach á rá go bhfuil an t-imscrúdú ar an ngearán tugtha chun críche. | ||
(13) Más rud é, maidir leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach— | ||
(a) nach bhfaighidh sé tuarascáil ón mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (10)(a) laistigh den tréimhse a shonróidh an Coiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (11)(c), nó | ||
(b) go bhfaighidh sé tuarascáil ón mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (10)(a) ach nach deimhin leis go bhfuil an cinneadh comhlíonta, | ||
féadfaidh an Coiste cibé gníomh breise a dhéanamh is cuí leis sna himthosca go léir, lena n-áirítear tarchur a dhéanamh faoi alt 80 de réir bhrí an ailt sin chuig an Aire i ndáil leis an mbreitheamh lena mbaineann. | ||
(14) I gcás gur go poiblí a seoladh éisteacht a bhaineann le gearán a imscrúdú, déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach cinneadh faoi fho-alt (2) a fhoilsiú, nó a chur faoi deara é a fhoilsiú. | ||
(15) I gcás gur go hiomlán nó go páirteach ar shlí seachas go poiblí a seoladh éisteacht a bhaineann le gearán a imscrúdú , féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint, breith a thabhairt cinneadh faoi fho-alt (2) a fhoilsiú, nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, agus cuirfidh sé i gcuntas a mhéid a poiblíodh céannacht an bhreithimh lena mbaineann agus an ghearánaigh nó céannacht ceachtar acu cheana féin. | ||
[EN] |
An Coiste um Iompar Breithiúnach do tharchur ní a bhaineann le hiompar nó inniúlacht breithimh chuig an Aire chun críocha Airteagal 35.4 |
80.(1)(a) San alt seo, ciallaíonn “tairiscint Airteagal 35.4.1°”, i ndáil le breitheamh, tairiscint a mholtar i gceachtar Teach den Oireachtas de bhun rialacha agus bhuan-orduithe an Tí sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire chun rún ón Teach sin a lorg faoi fho-alt 1° d’alt 4 d’Airteagal 35 den Bhunreacht á éileamh go ndéanfar an breitheamh a chur as oifig de dheasca mí-iompar nó míthreoir a luafar de réir bhrí an fho-ailt sin. |
(b) D’fhonn amhras a sheachaint, aon tagairtí san alt seo do thairiscint Airteagal 35.4.1°, féadfaidh baint a bheith acu— | ||
(i) de bhua alt 39 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, le breitheamh den Chúirt Chuarda, agus | ||
(ii) de bhua alt 20 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946, le breitheamh den Chúirt Dúiche. | ||
(2) I gcás go gcinnfidh an Coiste um Iompar Breithiúnach de réir an ailt seo, maidir le ní a bhaineann le hiompar nó cumas breithimh (cibé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn sé as gearán), gur gá an ní a tharchur chuig an Aire faoin alt seo (dá ngairtear “tarchur” san alt seo), déanfaidh an Coiste tarchur i ndáil leis an mbreitheamh. | ||
(3) Más rud é, aon tráth i gcúrsa imscrúdú ag painéal fiosrúcháin— | ||
(a) ar ghearán faoin gCuid seo, nó | ||
(b) ar ní a bhaineann le hiompar breithimh faoi alt 5 9, | ||
go dtiocfaidh an painéal fiosrúcháin ar an tuairim go bhfuil ní a nochtadh san imscrúdú agus a bhaineann le hiompar nó cumas an bhreithimh lena mbaineann chomh tromaí sin gur ceart don Choiste um Iompar Breithiúnach é a tharchur i ndáil leis an mbreitheamh sin, déanfaidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil i scríbhinn i ndáil leis an ní a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoin bhfo-alt seo. | ||
(4) I gcás go ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tarchur i ndáil le breitheamh, déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta dá éis sin, tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholadh i gceachtar Teach den Oireachtas i leith an bhreithimh (mura túisce a scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh). | ||
(5) I gcás go ndéanfaidh painéal fiosrúcháin tuarascáil faoi fho-alt (3), cuirfidh sé an t-imscrúdú ar an ngearán nó ar an ní lena mbaineann ar atráth. | ||
(6) Maidir le tuarascáil faoi fho-alt (3)— | ||
(a) déanfar a thaifeadadh inti tuairim an phainéil fiosrúcháin dá dtagraítear san fho-alt sin, | ||
(b) déanfar a thaifeadadh inti na cúiseanna atá leis an tuairim sin, agus | ||
(c) molfar inti don Choiste um Iompar Breithiúnach tarchur a dhéanamh i ndáil leis an mbreitheamh lena mbaineann. | ||
(7) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis tuarascáil a fháil faoi fho-alt (3), cóip den tuarascáil a chur chuig an mbreitheamh lena mbaineann, mar aon le fógra ina sonrófar an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh an breitheamh aighneachtaí a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil. | ||
(8) Is i scríbhinn a bheidh aighneachtaí ó bhreitheamh chun an Choiste um Iompar Breithiúnach i ndáil le tuarascáil faoi fho-alt (3). | ||
(9) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis dul in éag don tréimhse a shonrófar san fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (7), breithniú ar an tuarascáil a bheidh faighte ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (3) agus ar na haighneachtaí (más ann) a bheidh déanta ag an mbreitheamh lena mbaineann. | ||
(10) Más deimhin leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach go bhfuil gá le tarchur i ndáil leis an mbreitheamh lena mbaineann, déanfaidh an Coiste, a luaithe is féidir, na nithe seo a leanas a thabhairt don Aire— | ||
(a) an tuarascáil a bheidh faighte ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (3), | ||
(b) na haighneachtaí (más ann) a bheidh déanta ag an mbreitheamh lena mbaineann i ndáil leis an tuarascáil sin, agus | ||
(c) tuairimí (más ann) an Choiste um Iompar Breithiúnach maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír (a) agus maidir leis na haighneachtaí (más ann) dá dtagraítear i mír (b). | ||
(11) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach fo-alt (10) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus soláthróidh an Cláraitheoir dó nó di cóip de thuairimí an Choiste um Iompar Breithiúnach (más ann) maidir leis an tuarascáil faoi fho-alt (3) nó maidir le haighneachtaí a bheidh déanta ag an mbreitheamh sin i ndáil leis an tuarascáil sin. | ||
(12) Ní bheidh na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (10) ag gabháil le tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholfaidh an tAire ach féadfaidh an tAire leas a bhaint as na doiciméid sin, d’fhonn tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholadh maidir leis an mbreitheamh lena mbaineann i gceachtar Teach den Oireachtas, chun na nithe a lua ar dá réir a mhaítear gur ceart an breitheamh lena mbaineann a chur as oifig. | ||
(13) Mura deimhin leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach gur ceart glacadh leis an moladh dá dtagraítear i mír (c) d’fho-alt (6) arna dhéanamh ag an bpainéal fiosrúcháin ina thuarascáil faoi fho-alt (3), déanfaidh an Coiste a threorú don phainéal fiosrúcháin leanúint den imscrúdú ar an ngearán nó ar an ní lena mbaineann d’fhonn go ndéanfaidh sé tuarascáil ina thaobh sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste faoi alt 76 . | ||
(14) I gcás go ndéanfar tarchur tar éis gearán a imscrúdú faoin gCuid seo, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an tarchuir don ghearánach a luaithe is indéanta tar éis don Aire tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholadh i nDáil Éireann nó i Seanad Éireann, de réir mar a bheidh, i leith an bhreithimh lena mbaineann. | ||
(15) Ní bheidh ráiteas nó admháil ón mbreitheamh lena mbaineann ná fianaise arna tabhairt do phainéal fiosrúcháin ná aighneacht arna déanamh chuig painéal fiosrúcháin nó chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoin gCuid seo inghlactha— | ||
(a) in aon imeachtaí i gceachtar Teach den Oireachtas, nó | ||
(b) os comhair coiste de cheachtar Teach acu sin nó den dá Theach sin, | ||
i ndáil le tairiscint Airteagal 35.4.1° i leith an bhreithimh lena mbaineann. |