|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh ( Bord na Comhairle agus Coistí de chuid na Comhairle) |
AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019
[EN] | ||
Comhairle na mBreithiúna | ||
[EN] |
An lá bunaithe |
5. Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo. |
[EN] |
An Chomhairle a bhunú |
6.(1) Beidh arna bhunú, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar Comhairle na mBreithiúna nó, sa Bhéarla, the Judicial Council (dá ngairtear “an Chomhairle” san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. |
(2) Beidh an Chomhairle, faoi réir fhorálacha an Achta seo, neamhspleách i gcomhlíonadh a feidhmeanna. | ||
(3) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici, agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe agus, le toiliú an Aire agus le ceadú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | ||
(4) Beidh séala ag an gComhairle agus déanfar an séala a fhíordheimhniú— | ||
(a) le síniú chathaoirleach na Comhairle nó comhalta eile den Chomhairle arna údarú nó arna húdarú aici chun gníomhú chuige sin, agus | ||
(b) le síniú Rúnaí na Comhairle nó comhalta eile d’fhoireann na Comhairle arna údarú nó arna húdarú aici chun gníomhú chuige sin. | ||
(5) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh— | ||
(a) gur ionstraim é a rinne an Chomhairle, agus | ||
(b) a bheith séalaithe le séala na Comhairle arna fhíordheimhniú de réir fho-alt (4), | ||
agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt. | ||
[EN] |
Feidhmeanna na Comhairle |
7.(1) Is iad feidhmeanna na Comhairle na nithe seo a leanas a chur chun cinn agus a chothabháil— |
(a) breithiúna do bhaint amach sármhaitheasa i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna breithiúnacha dóibh, | ||
(b) ardchaighdeáin iompair i measc breithiúna, ag féachaint do phrionsabail an iompair bhreithiúnaigh lena gceanglaítear ar bhreithiúna neamhspleáchas breithiúnach, neamhchlaontacht bhreithiúnach, ionracas breithiúnach, cuibheas breithiúnach (lena n-áirítear cuma an chuibhis), inniúlacht bhreithiúnach agus dúthracht bhreithiúnach a chumhdach agus a bheith ina n-eiseamláir den chéanna agus a chinntiú go dtabharfar an chóir chéanna do gach duine a bheidh os comhair na gcúirteanna, | ||
(c) úsáid éifeachtach éifeachtúil a bhaint as acmhainní a chuirfear ar fáil do bhreithiúna chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, | ||
(d) oideachas leanúnach a chur ar bhreithiúna, | ||
(e) urraim do neamhspleáchas na breithiúnachta, agus | ||
(f) muinín an phobail as an mbreithiúnacht agus as riaradh an cheartais. | ||
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an Chomhairle— | ||
(a) athbhreithniú ar thogra, tuarascáil nó moladh a chuirfidh an Bord faoina bráid faoi alt 11 (1)(c), | ||
(b) breithniú ar ní a tharchuirfidh coiste chuici faoi alt 16 (5), | ||
(c) más cuí, breitheanna a thabhairt i ndáil le togra, tuarascáil nó moladh dá dtagraítear i mír (a) nó le ní dá dtagraítear i mír (b), | ||
(d) iad seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú ar cibé modh is cuí léi— | ||
(i) treoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhóidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 43 (3)(d) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(f), nó | ||
(ii) leasuithe ar threoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach arna n-ullmhú agus arna gcur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh faoi alt 43 (3)(e) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(f), | ||
a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí, tar éis na treoirlínte sin a chur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh, | ||
(e) scéimeanna chun oideachas agus oiliúint a chur ar bhreithiúna a fhorbairt agus a bhainistiú, | ||
(f) faisnéis agus ábhair a ullmhú agus a scaipeadh i measc breithiúna lena n-úsáid acu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh, | ||
(g) iad seo a leanas a ghlacadh— | ||
(i) dréacht-treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18 (2)(a) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(d), nó | ||
(ii) aon dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18 (2)(b) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(d), | ||
a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí, tar éis na treoirlínte sin a chur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh agus foilseoidh sí na treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta agus na leasuithe ar cibé modh is cuí léi a luaithe is indéanta tar éis iad a ghlacadh amhlaidh, | ||
(h) iad seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú ar cibé modh is cuí léi— | ||
(i) treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 23 (2)(a) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(e), nó | ||
(ii) leasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna arna n-ullmhú agus arna gcur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh faoi alt 23 (2)(b) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(e), | ||
a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí, tar éis na treoirlínte sin a chur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh, | ||
(i) tuiscint ar na prionsabail lena rialaítear measúnú agus dámhachtain damáistí le haghaidh díobhálacha pearsanta a chur chun cinn i measc breithiúna ar cibé modh is cuí léi, | ||
(j) faoi réir alt 23 , tuiscint ar na prionsabail agus ar an gcleachtas maidir le gearradh pianbhreitheanna a chur chun cinn i measc breithiúna agus daoine seachas breithiúna ar cibé modh is cuí léi, | ||
(k) cumarsáid a bhunú, a chothabháil agus a fheabhsú— | ||
(i) le comhlachtaí atá ionadaitheach do bhreithiúna arna gceapadh chun cúirteanna in áiteanna seachas an Stát, agus | ||
(ii) le comhlachtaí idirnáisiúnta atá ionadaitheach do bhreithiúna, agus | ||
(l) cúnamh a thabhairt chun tacaíocht a sholáthar do bhreithiúna i gcoitinne. | ||
(3) Beidh ag an gComhairle na cumhachtaí sin go léir a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear an chumhacht— | ||
(a) chun coistí a bhunú de réir an Achta seo, agus | ||
(b) chun aon cheann dá feidhmeanna a tharmligean chun coiste. | ||
(4) Féadfaidh an Chomhairle, chun a feidhmeanna nó feidhmeanna coiste a chomhlíonadh— | ||
(a) conarthaí nó socruithe a dhéanamh, agus | ||
(b) sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú, ar cumhacht í nach mbeidh infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire. | ||
(5) D’ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo, maidir leis na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) agus míreanna (g) agus (h) d’fho-alt (2), seachas sa mhéid go dtagraítear d’fhoilsiú sna feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (d), (g) agus (h)— | ||
(a) ní chomhlíonfaidh an Bord iad thar ceann na Comhairle, | ||
(b) ní tharmligfear chun coiste iad, ná | ||
(c) ní chomhlíonfaidh aon duine seachas an Chomhairle iad ar shlí eile. | ||
[EN] |
Comhaltas den Chomhairle |
8.(1) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an gComhairle: |
(a) an Príomh-Bhreitheamh agus gnáthbhreithiúna na Cúirte Uachtaraí; | ||
(b) Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus gnáthbhreithiúna na Cúirte Achomhairc; | ||
(c) Uachtarán na hArd-Chúirte agus gnáthbhreithiúna na hArd-Chúirte; | ||
(d) Uachtarán na Cúirte Cuarda agus gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte Cuarda; | ||
(e) Uachtarán na Cúirte Dúiche agus breithiúna na Cúirte Dúiche seachas Uachtarán na Cúirte sin. | ||
(2) Faoi réir alt 9 (5), féadfaidh an Chomhairle gníomhú d’ainneoin folúntas nó folúntais ina comhaltas. | ||
(3) Nuair a scoirfidh comhalta den Chomhairle de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle. | ||
(4) Beidh an Príomh-Bhreitheamh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gComhairle agus beidh Uachtarán na Cúirte Achomhairc ina leaschathaoirleach uirthi. | ||
[EN] |
Cruinnithe agus nósanna imeachta na Comhairle |
9.(1) Tionólfaidh an Chomhairle cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a feidhmeanna a chomhlíonadh ach tionólfaidh sí aon chruinniú amháin ar a laghad gach bliain. |
(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Chomhairle tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an lae bunaithe. | ||
(3) Ag cruinniú den Chomhairle— | ||
(a) is é nó is í cathaoirleach na Comhairle, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, | ||
(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach na Comhairle i láthair, nó más rud é go bhfuil oifig chathaoirleach na Comhairle folamh, is é nó is í leaschathaoirleach na Comhairle a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus | ||
(c) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach ná leaschathaoirleach na Comhairle i láthair, nó más rud é go bhfuil oifigí chathaoirleach agus leaschathaoirleach na Comhairle folamh, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | ||
(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Chomhairle atá i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | ||
(5) Is éard is córam do chruinniú den Chomhairle— | ||
(a) líon nach lú ná leath de líon iomlán a comhaltaí, agus | ||
(b) líon nach lú ná an ceathrú cuid, nó cibé cionmhaireacht is mó ná sin a chinnfidh an Chomhairle, de líon iomlán chomhaltaí gach Cúirte, eadhon, an Chúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc, an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile. | ||
(6) Chun críocha fho-alt (5)(b), ní áireofar ar chomhaltaí gach Cúirte comhaltaí ex officio den Chúirt sin. | ||
(7) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle a nósanna imeachta féin a rialáil. | ||
(8) Féadfaidh comhalta den Chomhairle, i cibé foirm agus ar cibé modh a chinnfidh an Chomhairle de réir fho-alt (7), comhalta eile den Chomhairle a shainainmniú chun vótáil mar sheachvótálaí dó nó di ag cruinniú den Chomhairle. |