An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( An Coiste um Iompar Breithiúnach) Ar Aghaidh ()

33 2019

AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019

An Coiste um Iompar Breithiúnach

An Coiste um Iompar Breithiúnach

43.(1) Déanfaidh an Chomhairle—

(a) coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste um Iompar Breithiúnach, agus

(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 6 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin.

(2) Is é feidhm an Choiste um Iompar Breithiúnach ardchaighdeáin iompair i measc breithiúna a chur chun cinn agus a chothabháil, ag féachaint do phrionsabail an iompair bhreithiúnaigh lena gceanglaítear ar bhreithiúna neamhspleáchas breithiúnach, neamhchlaontacht bhreithiúnach, ionracas breithiúnach, cuibheas breithiúnach (lena n-áirítear cuma an chuibhis), inniúlacht bhreithiúnach agus dúthracht bhreithiúnach a chumhdach agus a bheith ina n-eiseamláir den chéanna agus a chinntiú go dtabharfar an chóir chéanna do gach duine a bheidh os comhair na gcúirteanna.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach—

(a) déanfaidh sé gearáin a bhreithniú agus iad a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil nó imscrúduithe a ghabháil de láimh ar iompar breithiúna aonair de réir na Coda seo,

(b) déanfaidh sé cibé gníomh, más ann, de réir na Coda seo, is dóigh leis a bheith riachtanach d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint cibé acu de dheasca é do dhéanamh breithniú ar ghearán agus dá tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil nó de dheasca imscrúdú a ghabháil de láimh faoin gCuid seo nó ar shlí eile,

(c) déanfaidh sé treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú lena ndéantar foráil maidir le gearáin a chinnfear a bheith inghlactha faoin gCuid seo a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil,

(d) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis a bhunaithe, dréacht-treoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú, ar treoirlínte iad ina n-áireofar treoir i dtaca leis na nithe is cóir do bhreitheamh a bhreithniú le linn dó nó di breith a thabhairt i dtaobh an cóir dó nó di staonadh ó bheith i gceannas ar imeachtaí dlí, lena nglacadh ag an gComhairle,

(e) féadfaidh sé dá thoil féin, nó déanfaidh sé, ar iarraidh a fháil ón mBord nó ón gComhairle, dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach arna nglacadh ag an gComhairle a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú, agus

(f) féadfaidh sé cibé comhairle agus moltaí a sholáthar do bhreitheamh aonair nó do bhreithiúna i gcoitinne maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach de réir mar is cuí leis.

(4) Beidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, faoi réir an Achta seo, neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(5) Beidh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach na cumhachtaí sin go léir a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(6) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach comhairle dlí, comhairle liachta nó comhairle eile a fháil i dtaca le comhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna.

(7) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, i ndáil leis na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo—

(a) imeachtaí dlí a thionscnamh nó a chosaint, nó

(b) aon ghníomh nó ní eile a bheidh riachtanach chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, in ainm na Comhairle.

Comhaltas den Choiste um Iompar Breithiúnach

44.(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Iompar Breithiúnach na 13 chomhalta seo a leanas:

(a) na comhaltaí ex officio a shonraítear i bhfo-alt (2) nó na daoine a bheidh ainmnithe ina n-ionad faoi fho-alt (3);

(b) na comhaltaí a thoghfar faoi fho-alt (4);

(c) na comhaltaí tuata a cheapfar faoi fho-alt (5).

(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear “comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach” san Acht seo):

(a) an Príomh-Bhreitheamh, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gCoiste;

(b) Uachtarán na Cúirte Achomhairc;

(c) Uachtarán na hArd-Chúirte;

(d) Uachtarán na Cúirte Cuarda;

(e) Uachtarán na Cúirte Dúiche.

(3) Féadfaidh comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach, ó am go ham, breitheamh eile (seachas comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach) den chúirt a bhfuil sé nó sí ina Phríomh-Bhreitheamh nó ina Príomh-Bhreitheamh di nó ina Uachtarán nó ina hUachtarán uirthi, de réir mar a bheidh, a ainmniú i scríbhinn chun feidhmeanna an chomhalta ex officio sin a chomhlíonadh le linn cibé tréimhse nó ar cibé ócáid nó ócáidí a bheidh sonraithe san ainmniúchán agus aon tagairtí san Acht seo don chomhalta ex officio sin den Choiste um Iompar Breithiúnach, folóidh siad, le linn na tréimhse sin nó i leith na hócáide nó na n-ócáidí sin, tagairtí do bhreitheamh a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(4) Toghfaidh na breithiúna seo a leanas agus toghfar as a measc triúr comhaltaí den Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear “comhaltaí tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach” san Acht seo)—

(a) gnáthbhreithiúna na Cúirte Uachtaraí,

(b) gnáthbhreithiúna na Cúirte Achomhairc,

(c) gnáthbhreithiúna na hArd-Chúirte,

(d) gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte Cuarda, agus

(e) breithiúna na Cúirte Dúiche seachas Uachtarán na Cúirte sin.

(5) Ceapfaidh an Rialtas 5 dhuine chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear, san Acht seo, “comhaltaí tuata” den Choiste um Iompar Breithiúnach) as measc cibé daoine a mholfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí de réir alt 45 lena gceapadh mar chomhaltaí tuata den sórt sin.

(6) Ní bheidh duine incheaptha mar chomhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach—

(a) más comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil an duine,

(b) más rud é, i gcás duine ar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í agus a scoir de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite fós ó bhí sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin, den Pharlaimint sin nó d’údarás áitiúil,

(c) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine,

(d) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine—

(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh,

(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine,

(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta,

(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó

(vi) de bhinse idirnáisiúnta,

(e) más Abhcóide Ginearálta nó iarAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an duine,

(f) más abhcóide nó aturnae cleachtach an duine,

(g) más rud é, i gcás duine arbh abhcóide nó aturnae cleachtach é nó í agus a scoir de bheith ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach nó ina aturnae nó ina haturnae cleachtach, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite fós ón dáta is déanaí a bhí sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó (h)más státseirbhíseach an duine.

(7) Más rud é, maidir le comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach—

(a) go n-ainmneofar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa,

(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa,

(d) go dtoghfar nó go gcomhthoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil,

(e) go gceapfar é nó í chun bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh—

(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh,

(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine,

(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta,

(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó

(vi) de bhinse idirnáisiúnta,

(f) go gceapfar é nó í chun bheith ina Abhcóide Ginearálta nó ina hAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

(g) go dtosóidh sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó

(h) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina státseirbhíseach, scoirfidh sé nó sí, air sin,

de bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach.

(8) Maidir leis na comhaltaí tuata a cheapfar chun an Choiste um Iompar Breithiúnach, mná a bheidh i 40 faoin gcéad ar a laghad díobh.

Moltaí maidir le comhaltaí tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a cheapadh

45.(1) Iarrfaidh an Rialtas ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas roghnóireachta a ghabháil de láimh chun daoine a shainaithint agus a mholadh don Rialtas, is daoine ar deimhin léi a bheith oiriúnach lena gceapadh chun bheith ina gcomhaltaí tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach agus, dá réir sin, comhlíonfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an iarraidh sin agus déanfaidh sí, tar éis próiseas roghnóireachta den sórt sin a sheoladh, moladh a chur faoi bhráid an Rialtais i leith daoine a bhí páirteach sa phróiseas sin agus ar deimhin léi amhlaidh i ndáil leo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) agus alt 44 (6), déanfaidh an tAire na critéir agus na nósanna imeachta roghnóireachta a mbeidh feidhm acu maidir le próiseas roghnóireachta faoin alt seo a chomhaontú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

(3) D’fhonn moladh a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar a inmhianaithe atá sé go mbeidh eolas agus taithí ag comhaltaí tuata an Choiste um Iompar Breithiúnach, eatarthu, ar an oiread is féidir de na nithe seo a leanas:

(a) caighdeáin a chothabháil i ngairmeacha atá á rialáil ag comhlacht reachtúil nó comhlacht eile;

(b) déileáil le gearáin a dhéantar i gcoinne comhaltaí de na gairmeacha sin;

(c) idirghabháil nó sásraí eile chun réiteach malartach a fháil ar dhíospóidí;

(d) riaradh an cheartais;

(e) seirbhísí a bhainistiú agus a sholáthar do dhaoine den phobal.

(4) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí moladh faoin alt seo i leith duine mura deimhin léi go bhfuil ag an duine cibé taithí, cáilíochtaí, oiliúint nó saineolas iomchuí is cuí, ag féachaint d’fheidhmeanna an Choiste um Iompar Breithiúnach, a d’fhágfadh go mbeadh sé nó sí oiriúnach chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach.

(5) Soláthróidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sonraí don Rialtas maidir leis an taithí, na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas atá ag gach duine a mbeidh moladh déanta aici ina leith faoin alt seo.

(6) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le líonadh aon fholúntais a tharlóidh i gcomhaltas tuata an Choiste um Iompar Breithiúnach.

Téarma comhaltais den Choiste um Iompar Breithiúnach

46.(1) Maidir le hainmniúchán faoi alt 44 (3)—

(a) scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis—

(i) ar dhul in éag don tréimhse nó le himeacht na hócáide nó na n-ócáidí, de réir mar a bheidh, a shonrófar san ainmniúchán, nó

(ii) ar an gcomhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach a rinne an t-ainmniúchán do chealú an ainmniúcháin,

(b) i gcás go scoirfidh an comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach a rinne an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta ex officio den sórt sin, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin do scor de bheith i seilbh na hoifige sin,

(c) i gcás go scoirfidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a ainmníodh é nó í amhlaidh, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar é nó í do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, nó

(d) i gcás go léireoidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici, nach mian leis nó léi leanúint de bheith ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin d’fháil an fhógra sin.

(2) Faoi réir alt 47(3), leanfaidh gach comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach agus, faoi réir alt 47 (4), gach comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a thofa nó a tofa nó ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, de réir mar a bheidh, mura túisce a gheobhaidh sé nó sí bás, a éireoidh sé nó sí as, a thiocfaidh sé nó sí chun bheith neamh-incháilithe le haghaidh comhaltais, nó, i gcás comhalta tuata, a chuirfear as comhaltas den Choiste é nó í.

(3) Faoi réir fho-alt (4), maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire, beidh sé nó sí in-atofa nó in-athcheaptha chun an Choiste le haghaidh téarma 4 bliana eile mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata, de réir mar a bheidh, den Choiste sin.

(4) Maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, ní bheidh sé nó sí in-atofa nó in-athcheaptha chun an Choiste mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata, de réir mar a bheidh, seachas de réir fho-alt (5).

(5) Maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, beidh sé nó sí in-atofa nó in-athcheaptha chun an Choiste mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata, de réir mar a bheidh, tar éis tréimhse 4 bliana a bheith caite ó dháta éagtha an téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Choiste um Iompar Breithiúnach mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata den sórt sin, de réir mar a bheidh.

(6) Féadfaidh comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste nó arna chur chuige nó chuici agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra.

(7) Féadfaidh comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Aire nó arna chur chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an tAire an fógra.

(8) Déanfaidh an comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach lena mbaineann cóip den fhógra a thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó a chur chuige nó chuici faoi fho-alt (7) nuair a thabharfaidh sé nó sí an fógra don Aire nó nuair a chuirfidh sé nó sí an fógra chuig an Aire nó a luaithe is indéanta dá éis sin.

(9)(a) Maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach a cheapfar chuig oifig bhreithiúnach dá dtagraítear in aon mhír de mhíreanna (a) go (d) d’alt 44(4) seachas an oifig a shealbhaigh sé nó sí nuair a toghadh é nó í amhlaidh, leanfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach.

(b) I gcás go scoirfidh comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste.

(10) Féadfaidh an Rialtas, aon tráth, comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a bhaint den Choiste um Iompar Breithiúnach más deimhin leis an Rialtas, maidir leis an gcomhalta tuata—

(a) go bhfuil sé nó sí tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar fheidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach,

(b) gur mhí-iompair sé é féin nó sí í féin mar a bheidh sonraithe,

(c) go bhfuil easaontacht leasa aige nó aici atá chomh suntasach sin gur cóir go scoirfeadh sé nó sí d’oifig a shealbhú, nó

(d) go bhfuil sé nó sí, ar shlí eile, neamhfheidhmiúil chun oifig a shealbhú nó neamhábalta feidhmeanna na hoifige a chomhall.

(11) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach gníomhú d’ainneoin aon fholúntas ina chomhaltas ar choinníoll go mbeidh líon nach lú ná—

(a) 4 chomhalta ar an gCoiste ar breithiúna iad, agus

(b) 3 chomhalta tuata ar an gCoiste.

Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Iompar Breithiúnach

47.(1) Más rud é, maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Iompar Breithiúnach de réir fho-alt (6) d alt 46 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin faoi fho-alt (9)(b) den alt sin, is breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach ar an modh céanna ar ar toghadh an comhalta den Choiste ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh.

(2) Más rud é, maidir le comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach, go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Iompar Breithiúnach de réir alt 46 (7), go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste faoi alt 44 (7) nó go mbainfear é nó í den Choiste sin faoi alt 46(10), is duine arna cheapadh nó arna ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Choiste ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh.

(3) Maidir le téarma oifige comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach arna thoghadh nó arna toghadh de réir fho-alt (1), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar toghadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé.

(4) Maidir le téarma oifige comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach arna cheapadh nó arna ceapadh de réir fho-alt (2), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar ceapadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé.

(5) Maidir le téarma comhaltais den Choiste um Iompar Breithiúnach, dá fhad é, as a dtiocfaidh toghchán nó ceapachán de réir fho-alt (1)(2), measfar gur téarma comhaltais chun críocha fho-ailt (4) agus (5) d’alt 46 é.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Iompar Breithiúnach

48.(1) Tionólfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú faoi alt 43(1)(b).

(3) Ag cruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Choiste sin, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó

(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Choiste sin i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Choiste um Iompar Breithiúnach atá i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) 5 is córam do chruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach, agus maidir leis na comhaltaí sin—

(a) beidh 3 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó ina gcomhaltaí tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach, agus

(b) beidh 2 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach.

(6) Faoi réir an Achta seo agus aon nósanna imeachta a shonróidh sé faoi alt 52 , féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach a nósanna imeachta féin a rialáil.

An Cláraitheoir don Choiste um Iompar Breithiúnach

49.(1) Maidir leis an Rúnaí nó le comhalta d’fhoireann na Comhairle a bheidh sainainmnithe faoi alt 34 (5) chun feidhmeanna an Rúnaí a chomhlíonadh, gníomhóidh sé nó sí, i dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar don Rúnaí leis an Acht seo, mar rúnaí don Choiste um Iompar Breithiúnach agus, nuair a bheidh sé nó sí ag gníomhú amhlaidh, is é an Cláraitheoir don Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear an “Cláraitheoir” san Acht seo) a thabharfar air nó uirthi.

(2) Ní bheidh an Cláraitheoir ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta arna sonrú ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach, freastal ar chruinnithe den Choiste agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt, agus comhairle a thabhairt, ag cruinnithe den sórt sin.

(3) Ní fhreastalóidh an Cláraitheoir ar chruinnithe den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin.