An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo () Ar Aghaidh ()

33 2019

AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019

Gearáin

Gearáin

50.(1) Maidir le gearán a bhaineann le hiompar breithimh (dá ngairtear “an breitheamh lena mbaineann” san Acht seo) a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é, féadfaidh duine a bhfearann an t-iompar go díreach air nó uirthi, nó a bhí ina fhinné nó ina finné ar an iompar, é a dhéanamh leis an gCláraitheoir de réir na nósanna imeachta a bheidh sonraithe ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 52 .

(2) Maidir le gearán faoi fho-alt (1)

(a) féadfaidh tuismitheoir nó caomhnóir ar an leanbh é a dhéanamh thar ceann an linbh, nó

(b) i gcás duine nach bhfuil in ann an gearán a dhéanamh é féin nó í féin mar gheall ar éagumas meabhrach nó coirp, féadfaidh duine a bheidh údaraithe go cuí de réir dlí chun gníomhú thar ceann an duine chéadluaite é a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann.

(3) Féadfaidh oifigeach do Dhlí-Chumann na hÉireann, a bheidh údaraithe go cuí, gearán a dhéanamh faoi fho-alt (1) thar ceann aturnae is comhalta de Dhlí-Chumann na hÉireann.

(4) Féadfaidh oifigeach d’Ardchomhairle Bharra na hÉireann, a bheidh údaraithe go cuí, gearán a dhéanamh faoi fho-alt (1) thar ceann abhcóide is comhalta d’Ardchomhairle Bharra na hÉireann.

(5) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis gearán a fháil, fógra i dtaobh an ghearáin a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus na nithe seo a leanas a sholáthar dó nó di—

(a) ainm an ghearánaigh, agus

(b) sonraí faoin ngearán.

(6) I gcás go ndéanfaidh duine eile gearán de réir fho-alt (2), (3)(4) thar ceann gearánach dá dtagraítear i ngach ceann de na fo-ailt sin, aon cheanglas sa Chuid seo chun fógra a thabhairt don ghearánach i dtaobh aon ní a bhaineann leis an ngearán nó chun dréacht-tuarascáil nó fógra a chur chuig an ngearánach, forléireofar é mar cheanglas chun fógra a thabhairt don duine eile sin nó chun an dréacht-tuarascáil nó an fógra a chur chuig an duine eile sin, de réir mar is cuí.

Teorainn ama chun gearáin a dhéanamh

51.(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar gearán tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a tharla nó a líomhnaítear gur tharla an t-iompar ba chúis leis an ngearán a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é.

(2) I gcás go mbaineann gearán le níos mó ná teagmhas amháin d’iompar an bhreithimh lena mbaineann a tharla nó a líomhnaítear a tharla, is iompar a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é, déanfar an gearán i ndáil leis an iompar sin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta is déanaí a tharla nó a líomhnaítear gur tharla an t-iompar sin.

(3) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar ghearán nó cuid de ghearán a bheith tarchurtha chuige ag an gCláraitheoir faoi alt 53 (5) nó ag an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin faoi alt 56 (4), a chinneadh go bhfuil sé cóir cothromasach, ag féachaint do chineál an iompair nó an iompair líomhnaithe lena mbaineann an gearán nó an chuid den ghearán a bheidh tarchurtha amhlaidh, agus d’aon imthosca iomchuí eile, go bhfadófar an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2), de réir mar is cuí, chun an gearán a dhéanamh ionas go mbeidh an gearán, nó an chuid den ghearán a bheidh tarchurtha amhlaidh, de réir mar a bheidh, inghlactha.

Nósanna imeachta an Choiste um Iompar Breithiúnach maidir le gearáin nó le nithe a bhaineann le hiompar breithiúnach

52.(1) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, faoi réir na Coda seo, nósanna imeachta a shonrú maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) gearáin a dhéanamh agus a imscrúdú faoin gCuid seo,

(b) imscrúduithe faoi alt 59 , agus

(c) é do dhéanamh cinntí faoin gCuid seo.

(2) Le linn dó nósanna imeachta a shonrú faoi fho-alt (1), beidh aird ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach ar an ngá atá ann go gcomhlíonfaidh sé a fheidhmeanna ar mhodh éifeachtach agus de réir nósanna imeachta córa.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le nósanna imeachta a bheidh sonraithe faoin alt seo, foráil a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) gearán a dhéanamh;

(b) inghlacthacht gearáin a chinneadh;

(c) gearán a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil;

(d) painéal fiosrúcháin do dhéanamh imscrúdú ar ghearán;

(e) an Coiste um Iompar Breithiúnach do dhéanamh cinneadh faoi alt 79 ;

(f) na bearta agus na próisis a ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus painéal fiosrúcháin dá réir chun críoch imscrúdaithe faoi alt 59;

(g) tarchur ón gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 80 de réir bhrí an ailt sin chuig an Aire agus na bearta agus na próisis a ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus painéal fiosrúcháin dá réir maidir le tarchur den sórt sin;

(h) an tréimhse ar laistigh di a cheanglaítear aon ní a dhéanamh faoin gCuid seo.

(4) Foilseoidh an Coiste um Iompar Breithiúnach nósanna imeachta arna sonrú aige faoin alt seo ar cibé modh is cuí leis.

Inghlacthacht gearán

53.(1) Ar ghearán a fháil, cinnfidh an Cláraitheoir cibé acu atá nó nach bhfuil an gearán inghlactha.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh gearán inghlactha más rud é—

(a) gur duine a bheidh údaraithe faoi alt 50 chun gearán a dhéanamh a dhéanfaidh an gearán,

(b) go bhféadfadh sé, dá suífí an t-iompar a líomhnaíodh, gurbh ionann é agus mí-iompar breithiúnach ar thaobh an bhreithimh lena mbaineann,

(c) go ndéanfar an gearán laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1) (2), de réir mar is cuí, d’alt 51 nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (3) den alt sin,

(d) nach gearán suaibhreosach nó cráiteach an gearán, agus

(e) go ndéanfar an gearán de réir nósanna imeachta chun na críche sin a bheidh sonraithe ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 52 .

(3) Aon ghearán nach mbaineann ach—

(a) le hiompar an bhreithimh lena mbaineann sna himeachtaí os a chomhair nó os a comhair arb ina leith a soláthraíodh leigheas cheana féin nó a fhéadfar leigheas a sholáthar dá saothródh an gearánach é—

(i) sna himeachtaí sin,

(ii) ar achomharc i gcoinne breith ón mbreitheamh lena mbaineann sna himeachtaí sin nó ar aon achomharc breise i gcoinne achomharc den sórt sin go dtí go gcinnfear na himeachtaí sin go críochnaitheach,

(iii) in imeachtaí ar mhodh athbhreithniú breithiúnach ar aon bhreith ón mbreitheamh lena mbaineann sna himeachtaí os comhair an bhreithimh sin, nó

(iv)in aon imeachtaí eile,

(b) le tuillteanais bhreithe in imeachtaí os comhair an bhreithimh lena mbaineann, ní bheidh sé inghlactha.

(4) I gcás go gcinnfidh an Cláraitheoir go bhfuil gearán inghlactha go hiomlán nó go páirteach, tarchuirfidh sé nó sí—

(a) an gearán, nó

(b) i gcás gearán nach bhfuil ach cuid de inghlactha, an chuid den ghearán a chinnfidh sé nó sí a bheith inghlactha (a measfar, tar éis an chinnidh sin ach faoi réir alt 5 6(8), gurb é an gearán chun críocha an Achta seo é),

chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach chun go ndéileálfar leis de réir alt 60 .

(5) I gcás gur deimhin leis an gCláraitheoir go mbeadh gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha murach go ndearnadh é tar éis dul in éag don tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1)(2), de réir mar is cuí, d’alt 51, déanfaidh sé nó sí an gearán, nó an chuid sin den ghearán, a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach lena chinneadh faoi fho-alt (3) den alt sin i dtaobh an cóir an tréimhse sin a fhadú agus, i gcás fadú den sórt sin, déileálfar leis an ngearán, nó leis an gcuid sin den ghearán, de réir alt 60 .

Fógra a thabhairt tar éis cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil gearán inghlactha

54.(1) I gcás go ndéanfaidh an Cláraitheoir cinneadh faoi alt 53 go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, neamh-inghlactha agus nach ndéanfaidh sé nó sí an gearán, nó an chuid sin den ghearán, a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (5) den alt sin—

(a) tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann i dtaobh na nithe seo a leanas—

(i) a chinneadh nó a cinneadh, agus

(ii) teideal an ghearánaigh faoi alt 56 chun athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg,

(b) cuirfidh sé nó sí na cúiseanna atá leis an gcinneadh san fhógra, agus

(c) faoi réir alt 56 , ní dhéanfaidh sé nó sí aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán.

(2) I gcás go ndéanfaidh an Cláraitheoir cinneadh faoi alt 53 go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha nó go dtarchuirfidh sé nó sí gearán, nó cuid de ghearán, chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (5) den alt sin, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an chinnidh nó an tarchuir, de réir mar a bheidh, a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann.

(3) Tar éis cinneadh ón gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 51 (3) i dtaobh an ndéanfar an tréimhse chun gearán a dhéanamh, nó chun cuid de ghearán a dhéanamh, de réir mar a bheidh, a fhadú, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh na cúise atá leis agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an gearán, nó an chuid den ghearán, lena mbaineann, inghlactha dá réir sin, a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann.

An Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin

55.(1) Bunóidh an Coiste um Iompar Breithiúnach coiste ar a dtabharfar an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin chun athbhreithniú a dhéanamh, de réir alt 56 , ar inghlacthacht gearán, nó codanna de ghearáin, a mbeidh cinneadh déanta ag an gCláraitheoir ina leith go bhfuil siad neamh-inghlactha.

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin 3 chomhalta a cheapfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a mbeidh 2 díobh ina gcomhaltaí ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó ina gcomhaltaí tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach agus a mbeidh duine amháin díobh ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach.

(3) Gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2) chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin, fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Choiste ar feadh téarma, a shonrófar i scríbhinn tráth a cheaptha nó a ceaptha, nach lú ná bliain amháin agus nach faide ná 2 bhliain ó dháta a cheaptha nó a ceaptha.

(4) Faoi réir fho-alt (5), maidir le comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire, beidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste le haghaidh téarma eile, a shonrófar i scríbhinn tráth a athcheaptha nó a hathcheaptha, is téarma nach giorra ná bliain amháin agus nach faide ná 2 bhliain ó dháta a athcheaptha nó a hathcheaptha.

(5) Ní bheidh comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais incháilithe chun fónamh le haghaidh téarma eile mar chomhalta den Choiste seachas de réir fho-alt (6).

(6) Maidir le comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais, beidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste tar éis tréimhse 2 bhliain a bheith caite díreach tar éis dul in éag don téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Choiste.

(7) Féadfaidh comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin éirí as a chomhaltas nó a comhaltas den Choiste le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici.

(8) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach comhalta ex officio eile den Choiste um Iompar Breithiúnach, comhalta tofa eile den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata eile den Choiste um Iompar Breithiúnach, de réir mar is cuí, a cheapadh chun corrfholúntas a tharlóidh ar an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin faoi fho-alt (7) a líonadh agus beidh feidhm ag fo-alt (3) i ndáil le haon fholúntas den sórt sin a líonadh.

(9) I gcás go scoirfidh comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin.

(10) I gcás go gceanglófar ar an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin ní a chinneadh, beidh aon vóta amháin ag gach comhalta den Choiste agus cinnfear an ní le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Choiste.

(11) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a nósanna imeachta féin a rialáil, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le cruinnithe den Choiste a sheoladh.

Athbhreithniú ar chinneadh go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, neamh-inghlactha

56.(1) I gcás go gcinnfidh an Cláraitheoir faoi alt 53 go bhfuil gearán neamh-inghlactha, féadfaidh an gearánach athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg trí iarraidh i scríbhinn chuige sin a dhéanamh chuig an gCláraitheoir tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a gheobhaidh sé nó sí fógra i dtaobh an chinnidh sin.

(2) I gcás go bhfaighidh an Cláraitheoir iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh go bhfuil gearán neamh-inghlactha, déanfaidh an Cláraitheoir an gearán a tharchur chuig an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin agus tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann á rá go bhfuil an gearán tarchurtha amhlaidh.

(3) Breithneoidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin gearán a tharchuirfear chuige faoi fho-alt (2) agus cinnfidh sé de réir fho-ailt (2) agus (3) d’alt 53 cibé acu atá nó nach bhfuil an gearán inghlactha go hiomlán nó go páirteach agus, má chinneann an Coiste sin nach bhfuil ach cuid den ghearán inghlactha, sainaithneoidh sé an chuid den ghearán atá inghlactha (a measfar, tar éis an chinnidh sin, gurb é an gearán chun críocha an Achta seo é).

(4) I gcás gur deimhin leis an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin go mbeadh gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha murach go ndearnadh é tar éis dul in éag don tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1)(2), de réir mar is cuí, d’alt 51, déanfaidh an Coiste sin an gearán, nó an chuid sin den ghearán, a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach lena chinneadh faoi fho-alt (3) den alt sin i dtaobh an cóir an tréimhse sin a fhadú agus, i gcás fadú den sórt sin, déileálfar leis an ngearán, nó leis an gcuid sin den ghearán, de réir alt 60 .

(5) Déanfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin fógra i scríbhinn i dtaobh a chinnidh faoi fho-alt (3), nó i dtaobh gearán, nó cuid de ghearán, de réir mar a bheidh, a bheith tarchurtha faoi fho-alt (4), agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an gcéanna, a thabhairt don Chláraitheoir.

(6) Déanfaidh an Cláraitheoir, ar fhógra faoi fho-alt (5) a fháil ón gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin á rá go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha nó i dtaobh gearán, nó cuid de ghearán, de réir mar a bheidh, a bheith tarchurtha faoi fho-alt (4), fógra i scríbhinn i dtaobh an chinnidh nó an tarchuir, de réir mar a bheidh, agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an gcéanna a thabhairt, a luaithe is indéanta dá éis sin, don ghearánach, don bhreitheamh lena mbaineann agus don Choiste um Iompar Breithiúnach.

(7) Ar an gCláraitheoir d’fháil fógra faoi fho-alt (5) ón gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin á rá go bhfuil gearán neamh-inghlactha—

(a) déanfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn i dtaobh chinneadh an Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin, agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis, a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann, agus

(b) ní dhéanfaidh sé nó sí aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cuid de ghearán a mbeidh cinneadh déanta ina leith ag an gCláraitheoir faoi alt 53 (4) go bhfuil sé neamh-inghlactha.

Gearán atá faoi bhreithniú ag an gCláraitheoir nó ag an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a tharraingt siar

57.(1) I gcás go dtarraingeofar siar gearán le linn don Chláraitheoir é a bhreithniú faoi alt 53 , féadfaidh an Cláraitheoir—

(a) breith a thabhairt nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil leis an ní is ábhar don ghearán, nó

(b) an ní is ábhar don ghearán a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach chun go dtabharfaidh an Coiste sin breith i dtaobh an ndéanfar nó nach ndéanfar imscrúdú a thionscnamh i ndáil leis faoi alt 59 .

(2) I gcás go dtarraingeofar siar gearán le linn don Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin é a bhreithniú faoi alt 56 , féadfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin—

(a) breith a thabhairt nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil leis an ní is ábhar don ghearán, nó

(b) an ní is ábhar don ghearán a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach chun go dtabharfaidh an Coiste sin breith i dtaobh an ndéanfar nó nach ndéanfar imscrúdú a thionscnamh i ndáil leis faoi alt 59 .

(3)(a) I gcás go dtabharfaidh an Cláraitheoir breith de réir fho-alt (1) nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil le gearán, ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán.

(b) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin breith de réir fho-alt (2) nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil le gearán, ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán.

(4)(a) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis dó nó di breith a thabhairt nó tarchur a dhéanamh faoi fho-alt (1), fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann.

(b) Tabharfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin fógra i dtaobh breith nó tarchur faoi fho-alt (2) don Chláraitheoir, agus déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann.

Más amhlaidh go dtoilíonn an breitheamh lena mbaineann le hiomardú ón gCoiste um Iompar Breithiúnach sula ndéanfar gearán a imscrúdú

58.(1) Féadfaidh an breitheamh lena mbaineann, aon tráth tar éis cinneadh a bheith déanta go bhfuil gearán ina leith inghlactha faoi alt 53 56 agus sula ndéanfar painéal fiosrúcháin a cheapadh faoi alt 64 (1) chun an gearán a imscrúdú, a chur in iúl don Choiste um Iompar Breithiúnach i scríbhinn go dtoilíonn sé nó sí le hiomardú a eisiúint chuige nó chuici i ndáil leis an ngearán.

(2) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar an mbreitheamh lena mbaineann do chur in iúl dó faoi fho-alt (1) go dtoilíonn sé nó sí le hiomardú a eisiúint chuige nó chuici i ndáil leis an ngearán lena mbaineann, breithniú ar chineál, tromaíocht agus imthosca an ghearáin agus, más deimhin leis gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint do riaradh an cheartais, eiseoidh sé iomardú chuig an mbreitheamh lena mbaineann.

(3) Féadfar, le hiomardú an bhreithimh lena mbaineann faoi fho-alt (2), foráil a dhéanamh maidir le haon cheann amháin nó níos mó de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (c) d’alt 76(5).

(4) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach iomardú a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (2), fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach.

Imscrúduithe ar mhí-iompar breithiúnach in éagmais gearáin nó tar éis gearán a tharraingt siar

59.(1) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, in éagmais gearáin nó i gcás go dtarraingeofar siar gearán i leith breithimh, aon ní a bhaineann le hiompar breithimh a tharchur chuig painéal fiosrúcháin lena imscrúdú más rud é—

(a) gur deimhin leis gurb ann d’fhianaise prima facie den bhreitheamh a bheith i mbun mí-iompar breithiúnach, agus

(b) go measfaidh sé gur gá déanamh amhlaidh d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint.

(2) Maidir le forálacha na Coda seo a bhaineann le himscrúduithe agus tuarascálacha, beidh feidhm acu fairis na modhnuithe go léir is gá i ndáil le ní arna tharchur chuig painéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) amhail is dá mba ábhar do ghearán é an ní sin.

(3) I gcás go dtarchuirfear ní chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (1)(2) d’alt 57 agus go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi fho-alt (1) den alt seo gan an ní is ábhar don ghearán a tharchur lena imscrúdú, ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis an ní sin agus déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh arb é a iompar nó a hiompar is ábhar don ghearán a tarraingíodh siar.

(4) I gcás go dtarchuirfear ní chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (1)(2) d’alt 57 agus go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi fho-alt (1) den alt seo an ní a tharchur lena imscrúdú, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i dtaobh na breithe sin a thabhairt don ghearánach.

(5) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi fho-alt (1) ní a tharchur lena imscrúdú, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don bhreitheamh a mbeidh a iompar nó a hiompar á imscrúdú agus sonraí an mhí-iompair bhreithiúnaigh líomhnaithe lena mbaineann a sholáthar dó nó di.

Gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil nó trí imscrúdú

60.(1) Aon uair a chinnfear gearán a bheith inghlactha faoi alt 53 56, déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach—

(a) an gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil faoi Chaibidil 4 más deimhin leis gur cuí déanamh amhlaidh, nó

(b) an gearán a tharchur chuig painéal fiosrúcháin a cheapfar chun na críche sin faoi alt 64 lena imscrúdú.

(2) I gcás go mbainfidh gearán le hiompar i ndáil le himeachtaí nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta orthu, féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, i gcás go measfaidh sé gur cuí déanamh amhlaidh, aon imscrúdú ar an ngearán faoin gCuid seo a chur ar atráth go dtí go ndéanfar na himeachtaí a chinneadh go críochnaitheach.

(3) Aon uair a gheobhaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil faoi alt 63 (1), breithneoidh sé an tuarascáil agus tarchuirfidh sé an gearán chuig painéal fiosrúcháin a cheapfar chun na críche sin faoi alt 64 lena imscrúdú.

(4) Aon uair a gheobhaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil faoi alt 63 (4), breithneoidh sé an tuarascáil agus féadfaidh sé, i gcás go measfaidh sé gur cuí déanamh amhlaidh, an gearán a tharchur chuig painéal fiosrúcháin a cheapfar chun na críche sin faoi alt 64 lena imscrúdú.

(5) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil le gearán faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann.