|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh ( Leasú ar an Acht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018) |
AN TACHT UM SHLÁINTE AGUS TACAÍOCHT CÚRAIM LEANAÍ (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 2019
[EN] | ||
Sláinte 3.(1) Sa Chuid seo— | ||
tá le “saoránach Briotanach” an bhrí chéanna atá leis in alt 6A (a cuireadh isteach le halt 4 d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 2004) d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956; | ||
ciallaíonn “duine incháilithe”— | ||
(a) saoránach Éireannach a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi i dTuaisceart Éireann, | ||
(b) saoránach Briotanach a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi i dTuaisceart Éireann, nó | ||
(c) saoránach de Bhallstát a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi i dTuaisceart Éireann; | ||
ciallaíonn “Cárta Eorpach um Árachas Sláinte” an cárta arna eisiúint ag an bhFeidhmeannacht sa Stát agus ar a dtugtar an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte; | ||
ciallaíonn “Feidhmeannacht” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; | ||
ciallaíonn “caiteachais liachta” costas cúraim liachta, agus costas táirgí agus seirbhísí atá coimhdeach leis an gcúram sin, arna dtabhú ag duine incháilithe i leith cóireáil liachta riachtanach; | ||
ciallaíonn “Ballstát”— | ||
(a) Ballstát den Aontas Eorpach, seachas an Stát, | ||
(b) mura Ballstát den sórt sin é, stát is páirtí conarthach sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bPrótacal a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993, agus | ||
(c) an Eilvéis; | ||
ciallaíonn “Aire” an tAire Sláinte; | ||
ciallaíonn “cóireáil liachta riachtanach”, i ndáil le duine incháilithe, an chóireáil a thiocfaidh chun bheith riachtanach ar bhonn liachta agus a mbeadh an duine i dteideal í a fháil, le linn dó nó di a bheith i mBallstát go sealadach, de bhun Cárta Eorpach um Árachas Sláinte dá mba shealbhóir an chárta sin é nó í, nó dá mbeadh sé nó sí i dteideal an chárta sin; | ||
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoi alt 5. | ||
(2) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le caiteachais liachta arna dtabhú ar an dáta ar a dtiocfaidh alt 4 i ngníomh nó dá éis. | ||
[EN] |
Aisíoc caiteachas liachta arna dtabhú ag daoine incháilithe i leith cóireáil liachta riachtanach |
4.(1) I gcás go dtabhóidh duine incháilithe caiteachais liachta i mBallstát, i leith cóireáil liachta riachtanach, féadfaidh sé nó sí nó duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann iarratas a dhéanamh chuig an bhFeidhmeannacht ar na caiteachais sin a aisíoc. |
(2) Is san fhoirm fhorordaithe agus ar an modh forordaithe a dhéanfar iarratas faoi fho-alt (1). | ||
(3) Ar iarratas faoi fho-alt (1) a fháil, aisíocfaidh an Fheidhmeannacht leis an duine incháilithe, nó leis an duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, san fhoirm fhorordaithe agus ar an modh forordaithe, i gcás gur deimhin léi— | ||
(a) gur duine incháilithe an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith, | ||
(b) gur cóireáil liachta riachtanach an chóireáil a bhfuil aisíocaíocht á lorg ina leith, agus | ||
(c) go ndearna sé nó sí, nó duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, an t-alt seo agus aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 5 a chomhlíonadh. | ||
(4) Le linn di na caiteachais liachta a aisíocfar de réir an ailt seo a ríomh, féachfaidh an Fheidhmeannacht lena chinntiú, a mhéid is indéanta, nach ndéanfaidh sí iarratas i leith duine incháilithe a mheasúnú le níos lú fabhair ná le níos mó fabhair ná mar a dhéanfadh sí iarratas duine atá i dteideal Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, agus a bhfuil an cárta sin aige nó aici, a mheasúnú. | ||
(5) I gcás go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht aisíocaíocht le duine de réir an ailt seo agus go bhfionnfaidh sí ina dhiaidh sin nach raibh an duine i dteideal na haisíocaíochta sin, nó cuid den aisíocaíocht sin, toisc— | ||
(a) nár dhuine incháilithe an duine, | ||
(b) nár chóireáil liachta riachtanach an chóireáil a raibh aisíocaíocht á lorg ina leith, nó | ||
(c) nár chomhlíon an duine an t-alt seo agus aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 5 , | ||
beidh an aisíocaíocht, nó an chuid sin den aisíocaíocht nach raibh an duine sin ina teideal, inghnóthaithe ag an bhFeidhmeannacht in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach conartha shimplí. | ||
[EN] |
Rialacháin |
5.(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an bhFeidhmeannacht agus ag féachaint do na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2), rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt don Chuid seo agus féadfar, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, foráil a dhéanamh leis na rialacháin sin maidir le gach ceann nó maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas: |
(a) an fhoirm ina ndéanfar, an modh ar a ndéanfar, agus an tréimhse ar lena linn a dhéanfar, iarratas faoi alt 4 ; | ||
(b) an fhoirm ina ndéanfaidh agus an modh ar a ndéanfaidh an Fheidhmeannacht caiteachais liachta, arna dtabhú i leith cóireáil liachta riachtanach arna soláthar i mBallstát, a aisíoc le duine incháilithe, nó le duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann; | ||
(c)an doiciméadacht agus na deimhnithe, lena n-áirítear cruthúnas ar shaoránacht agus ar áit chónaithe a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hiarratas faoi alt 4 ; | ||
(d) an aicme nó na haicmí daoine a fhéadfaidh, i leith duine incháilithe, iarratas a dhéanamh faoi alt 4 ; | ||
(e) cibé foirmeacha is gá chun críocha mhíreanna (a) go (d); | ||
(f) cibé nithe breise, teagmhasacha, iarmhartacha nó forlíontacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo. | ||
(2) Le linn dó nó di rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas: | ||
(a) riaradh cuí éifeachtach a dhéanamh ar aisíocaíocht na gcaiteachas liachta, faoi alt 4 , is caiteachais liachta arna dtabhú ag duine incháilithe; | ||
(b) an gá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní nuair a dhéanfar na caiteachais dá dtagraítear i mír (a) a aisíoc; | ||
(c) beartais agus cuspóirí an Rialtais, ag féachaint do thiomantas an Stáit do Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus do chomhaltas an Stáit den Aontas Eorpach, dá chumasú go ndéanfar socruithe áirithe i ndáil le seirbhísí sláinte i leith daoine incháilithe a chothabháil tráth tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as comhaltas den Aontas Eorpach. | ||
(3) Déanfar rialacháin faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin. | ||
(4) San alt seo, ciallaíonn “Comhaontú na Breataine-na hÉireann” an Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a rinneadh i mBéal Feirste an 10ú lá d’Aibreán 1998. | ||
[EN] |
Socruithe riaracháin idir an Fheidhmeannacht agus institiúidí inniúla |
6.(1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, chun críocha na Coda seo, socrú riaracháin agus teicniúil a dhéanamh le hinstitiúid inniúil chun na gcríoch seo a leanas— |
(a) próiseáil a dhéanamh ar aisíocaíocht na gcaiteachas liachta i leith cóireáil liachta riachtanach arna fáil ag duine incháilithe le linn dó nó di a bheith sa Bhallstát lena mbaineann go sealadach, | ||
(b) luach iomlán na gcaiteachas liachta a ríomh, is caiteachais a aisíocfar i leith cóireáil liachta riachtanach arna fáil ag duine incháilithe sa Bhallstát lena mbaineann, | ||
(c) cibé faisnéis is gá a mhalartú idir an Fheidhmeannacht agus an institiúid inniúil chun gur féidir aisíocaíocht na gcaiteachas liachta a phróiseáil, agus | ||
(d) comhar riaracháin agus teicniúil a éascú idir an Fheidhmeannacht agus an institiúid inniúil i ndáil le haisíocaíocht na gcaiteachas liachta i leith cóireáil liachta riachtanach arna fáil ag duine incháilithe sa Bhallstát lena mbaineann. | ||
(2) Féadfaidh na páirtithe i socrú faoin alt seo téarmaí an tsocraithe a athrú. | ||
(3) Is i scríbhinn a bheidh socrú faoin alt seo, nó aon athrú ar an socrú sin. | ||
(4) Déanfaidh an Fheidhmeannacht cóip de gach socrú faoin alt seo agus aon athrú air a sholáthar don Aire. | ||
(5) San alt seo, ciallaíonn “institiúid inniúil”, i ndáil le Ballstát, institiúid arna sainainmniú ag an mBallstát sin mar institiúid atá freagrach as cúram sláinte agus cóireáil a sholáthar do dhuine incháilithe le linn dó nó di a bheith sa Bhallstát lena mbaineann. | ||
[EN] |
Féadfaidh an Fheidhmeannacht aird a bheith aici ar bhreitheanna áirithe ón gCoimisiún Riaracháin |
7.(1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht aird a bheith aici ar bhreitheanna ón gCoimisiún Riaracháin i leith ceisteanna riaracháin agus ceisteanna maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 72(a) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a measann an Fheidhmeannacht go bhféadfaidís a bheith iomchuí maidir le riaradh na Coda seo. |
(2) San alt seo— | ||
ciallaíonn “Coimisiún Riaracháin” an Coimisiún Riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004; | ||
ciallaíonn “Rialachán (CE) Uimh. 883/2004” Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 20041 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta. | ||
[EN] |
Athbhreithniú ar oibriú Chuid 2 |
8.(1) Déanfaidh an Fheidhmeannacht athbhreithniú ar oibriú na Coda seo tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo. |
(2) Déanfaidh an Fheidhmeannacht tuarascáil i dtaobh fionnachtana athbhreithnithe arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Aire agus, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis í a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||