13 1928


Uimhir 13 de 1928.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 6), 1928.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ SNA FORÁ-LACHA ATÁ ANOIS ANN I dTAOBH NA nDAOINE ATÁ I dTEIDEAL VÓTÁLA AG TOGHACHÁIN DO BHAILL SHEANAD ÉIREANN DO SCRIOSA AMACH AGUS TRÉ N-A SHOCRÚ INA nIONAD SAN GURB IAD A BHEIDH MAR THOGHTHÓIRÍ AG NA TOGHACHÁIN SIN NA BAILL DHÁIL ÉIREANN AGUS BAILL SHEANAD ÉIREANN AG VÓTÁIL LE CHÉILE AGUS TRÉ LEASUITHE A LEANANN AS SAN DO DHÉANAMH I dTAOBH MODHA NA VÓTÁLA AG NA TOGHACHÁIN SIN. [23adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 14 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 14 den Bhunreacht mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an dara habairt atá anois ann do scriosa amach, sé sin le rá, an abairt dar tosach na focail “Beidh de cheart” agus dar críoch na focail “do Sheanad Éireann,” agus

(b) tré sna focail “d'aon cheann den dá Thigh” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail “do Dháil Éireann” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Toghthóirí ag toghacháin an tSeanaid.

2. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 32 den Bhunreacht tré sna focail “’na mbeidh líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann mar aon líomatáiste toghacháin amháin, agus is do réir Ionaduíochta Cothromúla a déanfar an toghachán” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail seo do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, eadhon, “gurb iad a bheidh mar thoghthóirí ann ná baill Dháil Éireann agus baill Sheanad Éireann ag vótáil le chéile do réir Ionaduíochta Cothromúla. Is tré bhallóid sheicréideach a déanfar an vótáil ag na toghacháin sin agus ní fhéadfidh aon toghthóir níos mó ná aon vóta amháin do thabhairt ionta. Rialálfar áit agus stiúra na dtoghachán san le dlí.”

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 6), 1928 , do ghairm den Acht so.