Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Airtiogal, 2A den Bhunreacht.)

37 1931


Uimhir 37 de 1931.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 17), 1931.


ACHT CHUN AN BHUNREACHTA DO LEASÚ TRÉ AIRTIOGAL DO CHUR ISTEACH ANN LE N-A nDÉANFAR SOCRÚ NÍOS FEARR CHUN CEART NA nDAOINE DO CHOSAINT AGUS INA mBEIDH SOCRÚ CHUN MÍ-ORDÚ DO CHOSC.             [17adh Deire Fomhair, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Bunreacht do leasú.

1. —(1) Déanfar agus deintear leis seo an Bunreacht do leasú tríd an Airtiogal atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach ann díreach i ndiaidh Airtiogail 2 dhe.

(2) Cuirfear an uimhir “2A” ar an Airtiogal san atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a cuirtear isteach sa Bhunreacht tríd an Acht so agus féadfar Airtiogal 2A den Bhunreacht do ghairm de.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 17), 1931 , do ghairm den Acht so.