12 1935


Uimhir 12 de 1935.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 26), 1935.


ACHT CHUN AIRTIOGAIL 3 DEN BHUNREACHT DO LEASÚ AR SHLITE ÁIRITHE. [5adh Abrán, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 3 den Bhunreacht do leasú.

1. —Deintear leis seo Airtiogal 3 den Bhunreacht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail, “laistigh de theoranta údaráis Shaorstáit Éireann,” do scriosadh amach as an Airtiogal san, agus

(b) tré sna focail “saoránacht d'fháil agus do chríochnú i Saorstát Éireann.” do scriosadh amach as an bprovíso ghabhann leis an Airtiogal san agus tré sna focail “saoránacht Shaorstáit Éireann d'fháil agus do chríochnú.” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 26), 1935 , do ghairm den Acht so.