Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

6 1979

AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (UCHTÁIL), 1979


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [3 Lúnasa, 1979]

DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 37 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 37 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 37 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an téacs Sacs-Bhéarla,

(c) déanfar Airteagal 37 den dá théacs a uimhriú mar alt 1 den Airteagal sin.

Lua.

2. —(1) An Séú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1979 , a ghairm den Acht seo.