Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

9 1984

ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ

Acht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984

An tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984

RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

CUID I

CUID II


Acht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ [2 Lúnasa, 1984]

DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 16 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) cuirfear “a dhícháileochadh saoránach ar bith nó duine ar bith eile, ar an bhforas céanna sin,” isteach i ndiaidh “de Dháil Éireann nó” i bhfo-alt 3° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(d) cuirfear “or other person” isteach i ndiaidh “disqualifying any citizen” i bhfo-alt 3° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2. —(1) An Naoú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984 , a ghairm den Acht seo.