Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

21 2001

An tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001

Twenty-first Amendment of the Constitution Act, 2001

/images/harp.jpg


AN tACHT UM AN AONÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Cuid 2

/images/harp.jpg


AN tACHT UM AN AONÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [27 Márta, 2002]

DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht a leasú.

1. —(a) Na leasuithe ar Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht atá leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar iad sa téacs Gaeilge.

(b) Na leasuithe ar na hAirteagail sin atá leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar iad sa téacs Sacs-Bhéarla.

(c) Déanfar Airteagal 15.5 den dá théacs a uimhriú mar Airteagal 15.5.1° agus déanfar fo-ailt 6° agus 7° d'Airteagal 40.4 den dá théacs a uimhriú mar fho-ailt 5° agus 6° faoi seach.

Lua.

2. —(1) An tAonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 , a ghairm den Acht seo.