2 1926

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1926.


ACHT CHUAN LUIMNIGHE, 1926.


RIAR NA nALT.

Roimhrá.

Alt.

1.

Léiriú téarmaí.

2.

Comhacht do sna Coimisinéirí chun duga pasáiste ceangail agus béal duga nua do dhéanamh chun míntíreach do thabhairt chun críche chun bancánacht do dhéanamh agus chun talamh d'fháil.

3.

Suidheamh agus tuairisc na n-oibreacha a húdaruítear.

4.

Comhachta chun ceart slí do chur in éag.

5.

Comhacht chun camra do chlaona.

6.

Comhacht chun claona.

7.

Tréimhse chun na hoibreacha áirithe do chríochnú.

8.

Tréimhse chun tailte do cheannach go héigeanta.

9.

Comhacht chun tailte do cheannach chun crícheanna neaghnáthacha.

10.

Comhachta chun iasacht d'fháil.

11.

Fógra ar aisíoc iasachta.

12.

Féadfar costaisí mórgáistí d'íoc amach as cistí generálta.

13.

Ciste fiach-luíoduithe do sholáthar chun airgead a gheobhfar ar iasacht fén Acht so d'íoc.

14.

Conus a caithfar an t-airgead a gheobhfar ar iasacht.

15.

Comhacht chun ath-iasacht d'fháil chun an iasacht atá ann d'íoc.

16.

Comhacht chun iasacht d'fháil ar creidiúint airgid thirm.

17.

Féadfar ciste fiach-luíoduithe do chur chun iasachtaí d'aisíoc.

18.

Comhacht chun dleachtanna do ghearra.

19.

Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála rátaí d'atharú.

20.

Bailiú dleacht.

21.

Aois-liúntaisí agus aiscí.

22.

Scrúdú cuntaisí.

23.

Iniúchóir do cheapa.

24.

Iniúcha cuntaisí na gCoimisinéirí.

25.

Cosaint do chearta an Stáit.

26.

An tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

27.

Aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála le hoibreacha áirithe.

28.

Comhacht don Aire chun suirbhéireachtaí, etc., do dhéanamh.

29.

Comhacht don Aire chun oibreacha a tréigfar no a raghaidh gan mhaitheas d'aistriú.

30.

Socrú i gcoinnibh contabhartha do loingseoireacht.

31.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí éadtromáin mhara, etc., do chimeád.

32.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí soillse do bheith ar taisbeáint acu le linn oibreacha do bheith acu á dhéanamh, etc.

33.

Cáblaí, píopaí, no sranganna fé uiscí taoide no trasna ortha.

34.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

35.

Costaisí an Achta.

36.

Ionchorparú na Lands Clauses Acts.

37.

Cosaint d'Achtanna atá anois ann.

38.

Gearr-theideal.

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1926.


ACHT CHUAN LUIMNIGHE, 1926,

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]


ACHT CHUN COMHACHTA BREISE DO BHRONNA AR CHOIMISINÉIRÍ CUAIN LUIMNIGHE CHUN PORT AGUS CUAN LUIMNIGHE D'FHEABHASÚ AGUS FÁS DO CHUR FÚTHA AGUS CHUN DUGA BÉAL DUGA AGUS PASÁISTE NUA DO DHÉANAMH AGUS CHUN MÍNTÍREACHTAÍ AGUS BANCANACHTAÍ ÁIRITHE DO DHÉANAMH AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN AGUS CHUN COMHACHTA DO BHRONNA CHUN IASACHTAÍ D'FHÁIL. [9adh Iúl, 1926.]

Roimhrá.

DE BHRÍ le hAcht áitiúil agus pearsanta de 1823 dar teideal “An Act for the erection of a bridge across the River Shannon and of a floating dock to accommodate sharp vessels frequenting the port of Limerick” gur dineadh Coimisinéirí Droichid Luimnighe d'ionchorparú chun an droichead san agus an duga san ar snámh do dhéanamh:

AGUS DE BHRÍ le hAcht áitiúil agus pearsanta de 1834 le n-a leasuítear Acht san 1823 a céad-luaidhtear gur dineadh Coimisinéirí Droichid Luimnighe d'ath-chódhéanamh agus gur húdaruíodh dóibh imeasc nithe eile dleachtanna áirithe do ghearra in ionad na ndleacht a bhí údaruithe leis an Acht san a céad-luaidhtear agus airgead d'fháil ar iasacht chun céibheanna nua agus oibreacha eile do dhéanamh d'fhonn port agus cuan Luimnighe d'fheabhasú agus d'fhonn duga ar snámh do bhunú:

AGUS DE BHRÍ le hAcht áitiúil agus pearsanta dar teideal “The Limerick Docks and Harbour Improvement Amendment Act 1847” gur dineadh an dá Acht san a céad-luaidhtear do leasú agus ainm Choimisinéirí Droichid Luimnighe d'atharú go hainm Choimisinéirí Cuain Luimnighe agus gur húdaruíodh dóibh duga ar snámh do dhéanamh in ionad an duga ar snámh a húdaruíodh le hAcht 1834 agus tuille airgid chuige sin d'fháil ar iasacht o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn:

AGUS DE BHRÍ le hAcht dar teideal “The Limerick Harbour (Composition of Debt) Act 1867” gur dineadh na fiacha a bhí dlite ar Choimisinéirí Cuain Luimnighe ar scór suimeanna a roimh-íoc Coimisinéirí an Chisteáin o am go ham do shocrú ar shuim £65,000 fé réir mar a luaidhtear san Acht san agus gur húdaruíodh do sna Coimisinéirí an céanna d'fháil ar iasacht chun suim ná raghadh thar £20,000 do thabhairt ar iasacht agus gur húdaruíodh do sna Coimisinéirí an céanna d'fháil ar iasacht chun an port san d'fheabhasú agus chun duga glantóireachta do dhéanamh ann agus fós suim eile de £3,779 9s. 1d. ar scór fiacha a bhí dlite roimhe sin do Sir Tomás O Déaghain:

AGUS DE BHRÍ le hAcht dar teideal “The Limerick Harbour Act 1867” gur dineadh na Coimisinéirí d'ath-chódhéanamh agus maoin agus cearta uile port agus cuan Luimnighe do dhílsiú sna Coimisinéirí agus na dleachtanna a híoctaí go dtí san fé údarás Acht 1847 gur scuireadar agus gur hath-ghairmeadh iad agus gur húdaruíodh dleachtanna nua cuain do ghearra ina n-ionad san agus fós dleachtanna i gcóir duga glantóireachta a húdaruíodh do sna Coimisinéirí sin a dhéanamh:

AGUS DE BHRÍ le hAcht dar teideal “The Limerick Harbour Act 1888” gur hath-ghairmeadh na dleachtanna a bhí údaruithe do sna Coimisinéirí a ghearra agus gur cuireadh rátaí agus diúitéthe nua ina n-ionad san agus gur húdaruíodh do sna Coimisinéirí suim bhreise ná raghadh thar £20,000 d'fháil ar iasacht chun an duga ar snámh d'ath-thógáil no do dheisiú:

AGUS DE BHRÍ le hAcht dar teideal “The Pier and Harbour Orders Confirmation (No. 4) Act 1903” gur dineadh inter alia daingniú ar Ordú Sealadach a dhin an Bord Trádála fén General Pier and Harbour Act 1861 chun atharú do dhéanamh i gcóir crícheanna rátaíochta ar an modh ina n-áirmhítear tonnáiste chláruithe árthach gaile agus báid tarraingthe gaile a úsáideann Cuan Luimnighe ina n-éilítear agus ina ngearrtar dleachtanna soluis cuain agus i gcóir crícheanna eile:

AGUS DE BHRÍ le hAcht dar teideal “The Pier and Harbour Orders Confirmation (No. 1) Act 1921” gur dineadh inter alia daingniú ar Ordú Sealadach a dhin an tAire Iompair fén General Pier and Harbour Act 1861 chun méadú do dhéanamh ar na dleachtanna is inghearrtha ag na Coimisinéirí agus i gcóir crícheanna eile:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an duga an béal duga an pasáiste na míntíreachtaí na bancánachtaí agus na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so go bhfuilid riachtanach chun Port Luimnighe d'fheabhasú agus go bhfuil sé oiriúnach comhacht a bheith ag na Coimisinéirí chun an duga an béal duga an pasáiste na míntíreachtaí na bancánachtaí agus na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh agus chun ceannach do dhéanamh go héigeanta no tré Chó-aontú ar na tailte is gá d'fháil chun na gcrícheanna so agus chun na hoibreacha do choinneáil i dtreo agus fós chun an t-airgead is gá i gcóir na gcrícheanna roimhráite do chruinniú:

AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh go cuibhe le Cléireach Síochána Chontae Luimnighe plean agus gearrtha ar a dtaisbeántar línte suidhimh agus leibhéil an duga an bhéil duga agus an phasáiste nua na míntíreachtaí na mbancánacht agus na n-oibreacha eile atá beartuithe agus pleananna ar a dtaisbeántar na tailte is féidir a thógaint go héigeanta chun crícheanna no fé chomhachta an Achta so agus fós leabhar eolais do sna pleananna san agus ainmneacha na ndaoine atá ina n-únaerí no in ainm bheith ina n-únaerí ina léasuithe no in ainm bheith ina léasuithe agus ina sealbhairí ar na tailte sin ann agus go ngairmtear na pleananna na gearrtha agus an leabhar eolais lóisteálta de sna pleananna de sna gearrtha agus den leabhar eolais sin fé seach san Acht so:

AGUS DE BHRÍ go bhfuiltar tar éis aisíoc do dhéanamh um an dtaca so ar gach airgead a fuair na Coimisinéirí ar iasacht o am go ham agus ná fuil aon mhuirearacha ar na dleachtanna ná ar an ioncum is inghearrtha no is infhálta anois ag na Coimisinéirí:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go ndeonfaí do sna Coimisinéirí comhachta chun aon tsuim ná raghaidh thar £200,000 d'fháil ar iasacht ar ús o am go ham agus san o aon duine daoine no corporáid a bheidh toilteannach chun an céanna do roimh-íoc agus ar chreidiúint na ndleacht agus an ioncuim is infhálta agus is inghearrtha ag na Coimisinéirí agus ar chreidiúint cistí agus maoine eile a dílsíodh sna Coimisinéirí fén Acht so no fé aon Acht eile agus chun aisíoc aon airgid den tsórt san do chur in áirithe tríd na dleachtanna an t-ioncum na cistí no an mhaoin sin no aon cheann acu do shanna mar urrús don duine do sna daoine no don chorporáid a roimh-íocfidh an t-airgead san no a thabharfidh ar iasacht é no d'aon iontaobhaí don duine do sna daoine no don chorporáid sin go n-aisíocfar an t-airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh:

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás an Oireachtais:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Léiriú téarmaí.

1. —San Acht so mara n-éilíonn an t-abhar no an có-théacs a mhalairt:—

cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Cuain Luimnighe;

cialluíonn an focal “dleachtanna” dleachtanna rátaí diúitéthe cíosanna duga muirearacha agus custuim is iníoctha leis na Coimisinéirí pe'ca ar scór duganna soillse loingeas earraí bád abhann no ar aon tslí eile é.

Comhacht do sna Coimisinéirí chun duga pasáiste ceangail agus béal duga nua do dhéanamh chun míntíreach do thabhairt chun críche chun bancánacht do dhéanamh agus chun talamh d'fháil.

2. —Fé réir forálacha an Achta so féadfidh na Coimisinéirí ar na tailte a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus 'na bhfuil a dtuairisc sa leabhar eolais lóisteálta duga nua maraon leis na fallaí agus na hoibreacha a ghabhann leis do dhéanamh agus fós ceangal no pasáiste maraon le fallaí céibhe droichead oscailteach agus na hoibreacha a ghabhann leis béal duga maraon leis na geataí duga na fallaí céibhe agus na hoibreacha a ghabhann leis agus bealach isteach dreidithe chun an chéanna agus fós míntíreach do thabhairt chun críche agus bancánacht do dhéanamh chun na céibheanna do leathanú sna línte agus sna suidhimh a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus 'na dtugtar a dtuairisc ina dhiaidh seo anso agus fé réir na bhforálacha adubhradh féadfidh na Coimisinéirí gach bóthar iarainn leataobh bóthair iarainn cuainín céibh caladh bóthar bealach isteach foirgint stóras fánán plána fánaidh fánóg droichead biordhorus comhla uisce dréin líntéir láithreán ládála gléas ceangail crann tógála greamadóir tochard ancaire slabhra ceangail éadtromán mara doilphín fráma ceangail post taca crann tomhais siopa oibre solus tigh soluis bád dreidearachta dreidire bád tarraingthe meaisín obair agus áis atá riachtanach agus áiseach do dhéanamh do leaga síos do thógáil do sholáthar agus do choinneáil i dtreo sa chuan no sa phort sna céibheanna sna calaidh agus sna bancánachtaí no ortha no in aice leo aon rud acu san a bheidh riachtanach no oiriúnach i ndéanamh agus i gcoinneáil-i-dtreo na rudaí sin agus chuige sin agus féadfid dul isteach ar na tailte na bóithre na bealaigh isteach na foirgintí na hoibreacha agus an mhaoin eile go bhfuil a dtuairisc sa leabhar eolais lóisteálta pé cinn is gá chun na gcrícheanna san agus iad do thógaint agus d'úsáid agus féadfid gach ceann no aon cheann de sna tailte na foirgintí na ceartanna slí agus an mhaoin eile atá le feiscint ar na pleananna lóisteálta do cheannach go héigeanta no ar aon tslí eile.

Suidheamh agus tuairisc na n-oibreacha a húdaruítear.

3. —Na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so beid suidhte ar fad i bparóiste Naomh Mícheál agus san áit sin de ghrinneall agus de chladach Abhann na Sionainne atá lasmuich den Pharóiste agus atá teoranta leis an bParóiste sin Naomh Mícheál i gContae-Bhuirg Luimnighe agus sidiad iad:—

Obair Uimh. 1.—Duga nua agus fallaí agus oibreacha a bhainfidh leis ina bhfuil—6 acra, 1 ród agus 38 bpéirsí de réir tomhais reachtúla suidhte ar fad i bParóiste Naomh Mícheál agus i gContae-Bhuirg Luimnighe teoranta ar an taobh thoir le líne 286 troithe ar faid agus é có-threormhar le falla thiar an duga atá ann cheana agus 60 troigh ar an taobh thiar den chéanna ag tosnú ag puínte ina bhfuil faidiú agha-líne falla theas an duga atá ann cheana gearrtha tríd agus ag críochnú ag puínte atá 286 troithe ón bpuínte tosnuithe sin má tomhaistear o thuaidh fan an líne chóthreormhair sin teoranta ar an taobh thuaidh le líne ag tosnú ag puínte deiridh na teorann thoir agus ag críochnú ag puínte atá 710 dtroithe ón bpuínte tosnuithe sin má tomhaistear siar agus 40 troigh o lár an chasáin phuiblí fan bhancánacht na habhann ar an taobh theas d'Abhainn na Sionainne má tomhaistear o dheas teoranta ar an taobh thiar le líne ag tosnú ag puínte críochnuithe na teorann thuaidh agus ag críochnú ag puínte atá 240 troigh ón bpuínte tosnuithe sin má tomhaistear o dheas agus 640 troigh ón gceann theas den chlaidhe teorann thiar atá anois le maoin an duga má tomhaistear siar o thuaidh teoranta ar an taobh thiar theas le líne ag tosnú ag puínte deiridh na teorann thiar agus ag críochnú ag puínte atá 430 troigh ón bpuínte tosnuithe sin má tomhaistear soir o dheas agus 90 troigh o phiara thiar an gheata isteach chun láthair an chairn tsalachair atá teoranta le teora thiar mhaoin an duga má tomhaistear o thuaidh agus teoranta ar an taobh thoir theas le líne ag tosnú ag puínte críochnuithe na teorann thiar theas agus ag críochnú ag puínte tosnuithe na teorann thoir roimhráite 510 dtroithe ar faid má tomhaistear soir o thuaidh.

Obair Uimh. 2.—Slí cheangail no pasáiste agus fallaí céibhe droichead oscailteach agus oibreacha a bhainfidh léi suidhte ar fad i bParóiste Naomh Mícheál agus i gContae-Bhuirg Luimnighe 60 troigh ar faid agus 70 troigh ar leithead idir Obair Uimh. 1 agus an duga atá ann cheana mar shlí do bháid lár-líne an phasáiste sin ag tosnú ag puínte i lár teora thoir Obair Uimh. 1 atá tuairiscithe cheana agus ag críochnú ag puínte ar éadan Falla Thiar an duga atá ann cheana 138 dtroithe o chúinne thiar theas an duga atá ann cheana má tomhaistear o thuaidh fan éadan thiar an duga san atá ann cheana.

Obair Uimh. 3.—Slí isteach chun duga 75 troithe ar leithead agus geataí duga fallaí céibhe agus oibreacha a bhainfidh léi agus slí dhreidithe chun an chéanna cuid di suidhte i bParóiste Naomh Mícheál agus cuid di san áit sin de ghrinneall agus de chladach Abhann na Sionainne atá lasmuich den pharóiste iad araon i gContae-Bhuirg Luimnighe ag tosnú maidir le n-a lár-líne i lár teora thiar Obair Uimh. 1 atá tuairiscithe cheana agus ag críochnú i lár Abhann na Sionainne 1640 troigh ón bpuínte tosnuithe sin má tomhaistear siar o thuaidh agus 460 troigh o lár an chasáin phuiblí ar bhancánacht theas Abhann na Sionainne má tomhaistear o thuaidh.

Obair Uimh. 4.—Míntíreach agus bancánacht chun na céibheanna do leathnú maidir le hObair Uimh. 1 míntíreach agus bancánacht a bheidh suidhte ar fad san áit sin de ghrinneall agus de chladach Abhann na Sionainne atá lasmuich den pharóiste agus i gContae-Bhuirg Luimnighe agus ina bhfuil 2 acra 2 ród 12 phéirse do réir tomhais reachtúla teoranta ar an taobh thuaidh go leathrannach le tigh agus le talamh an chlub fé ghabháltaíocht ag Saint Michael's Boat Club agus go leathrannach leis an gcasán puiblí fan bhancánacht na habhann teoranta ar an taobh thuaidh le líne a tarraiceofí ón staighre ag an gcúinne thiar thuaidh de chéibh thuaidh na nduganna atá ann cheana go puínte atá 60 troigh lastuaidh den chomhla uisce ag ceann camra an bhárdais ar an gcladach 930 troigh ar faid má tomhaistear siar teoranta ar an taobh thoir go leathrannach le promanáid Saint Michael's Boat Club agus go leathrannach leis an bhfalla céibhe ag an gceann thiar den chéibh thuaidh agus teoranta ar an taobh thiar le lúb-líne ón bpuínte deiridh den teorainn thuaidh go puínte sa chasán phuiblí ar an mbancánacht 720 troigh ón gcúinne thiar theas de phromanáid Saint Michael's Boat Club má tomhaistear fan an chasáin phuiblí siar.

Comhachta chun ceart slí do chur in éag.

4. —Féadfidh na Coimisinéirí an ceart slí puiblí do chur in éag darb uimhir 7 ar na pleananna lóisteálta faid 455 slata fan bancánacht na habhann ar an taobh theas d'Abhainn na Sionainne ón gcúinne thiar thuaidh den mhaoin duga atá ann anois agus é tomhaiste siar agus cuirfid in ionad an chirt sin casán puiblí fan líne iartharach claona Oibreacha Uimh. 1 agus 3 idir Bóthar an Duga agus an casán san fan bruach na habhann agus féadfid gach ceart slí, más aon cheann é, atá anois ann thar aon chuid de sna tailte atá beartuithe a fháil do chur in éag.

Comhacht chun camra do chlaona.

5. —Féadfidh na Coimisinéirí an camra atá ag rith o Bhóthar an Duga go dtí an cladach agus a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta a bheith ag dul tré Obair Uimh. 1 do chlaona ón bpuínte 'na bhfágann sé Bóthar an Duga i dtreo go ragha sé lastiar den duga nua agus go gcríochnóidh sé ag falla theas Oibre Uimh. 3 timpal 50 slat lastiar den dhug-gheata nua.

Comhacht chun claona.

6. —Ag déanamh na n-oibreacha áirithe dhóibh féadfidh na Coimisinéirí claona o línte no o shuidhimh na n-oibreacha san mar a taisbeántar iad ar na pleananna lóisteálta a bhaineann leo chó fada leis na teoranna claontaíochta a taisbeántar ansan agus claona suas no síos o leibhéil gach ceann no aon cheann de sna hoibreacha áirithe mar a taisbeántar iad ar na gearrtha lóisteálta chó fada le trí troithe suas no síos.

Tréimhse chun na hoibreacha áirithe do chríochnú.

7. —Fé réir forálacha an Achta so mara mbeidh na hoibreacha áirithe críochnuithe laistigh de dheich mbliana o am rithte an Achta so ansan ar bheith caithte don tréimhse sin na comhachta a deontar do sna Coimisinéirí leis an Acht so chun na hoibreacha áirithe do dhéanamh agus do chríochnú no ar shlí eile ina thaobh san scuirfid ach amháin maidir leis an méid de sna hoibreacha san a bheidh críochnuithe an uair sin ach ní dhéanfidh éinní atá anso na Coimisinéirí do shriana o aon cheann de sna hoibreacha áirithe a húdaruítear leis an Acht so do choinneáil i dtreo d'úsáid d'atharú d'athdhéanamh d'athleaga síos no d'aistriú aon uair agus o am go ham do réir mar bheidh gá leis sin.

Tréimhse chun tailte do cheannach go héigeanta.

8. —Na comhachta a bheidh ag na Coimisinéirí chun tailte do thógaint go héigeanta chun crícheanna an Achta so ní bheid infheidhmithe tar éis sé mblian o am rithte an Achta so.

Comhacht chun tailte do cheannach chun crícheanna nea-ghnáthacha.

9. —I dteanta na dtailte atá tógtha chúcha féin agus ar seilbh cheana ag na Coimisinéirí no atá le tógaint chúcha féin ag na Coimisinéirí fé chomhachta an Achta so féadfidh na Coimisinéirí le có-aontú aon mhéid talmhan nách mó ná fiche acra do cheannach chun crícheanna nea-ghnáthacha a bhaineann le n-a ngnó.

Comhachta chun iasacht d'fháil.

10. —Féadfidh na Coimisinéirí o am go ham aon tsuim nách mó ná suim £200,000 d'fháil ar iasacht ar ús o aon duine daoine no corporáid a bheidh toilteannach chun í roimh-íoc agus san ar creidiúint na ndleacht agus an ioncuim is ionfhálta no is inghearrtha ag na Coimisinéirí agus ar creidiúint na gcistí agus na maoine eile atá dílsithe sna Coimisinéirí fén Acht so no fé aon Acht eile agus chun a chur in áirithe go n-íocfar maraon le hús aon airgead a gheobhfar ar iasacht de bhua forálacha no fé fhorálacha an Achta so féadfidh na Coimisinéirí dleachtanna ioncum cistí agus maoin na gCoimisinéirí no aon cheann acu do shanna don duine do sna daoine no don chorparáid a roimhíocfidh no a thabharfidh ar iasacht aon airgead den tsórt san no d'aon iontaobhaí don duine do sna daoine no don chorparáid sin mar urrús ar íoc aon airgid a gheobhfar ar iasacht amhlaidh agus ar íoc úis air.

Fógra ar aisíoc iasachta.

11. —Mara gceaptar aon am sa dintiúir morgáiste no sa tsanna in urrús chun an t-airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'íoc féadfidh na Coimisinéirí aon uair an céanna d'íoc tar éis fógra sé mí roimh ré do thabhairt don pháirtí a bheidh i dteideal an t-airgead san d'fháil; agus beidh gach fógra den tsórt san i scríbhinn no i gcló no i scríbhinn agus i gcló agus tabharfar é go pearsanta don mhorgáistí no don bhfiach-éilitheoir sin no fágfar ina áit chomhnaithe é no mara mbeidh aithne ag na Coimisinéirí ar an morgáistí no ar an bhfiach-éilitheoir sin no maran féidir é d'fháil tar éis fiosrú dúthrachtach do dhéanamh tabharfar an fógra san tré fhógrán san “Iris Oifigiúil.”

Féadfar costaisí mórgáistí d'íoc amach as cistí generálta.

12. —Féadfidh na Coimisinéirí na costaisí agus an caiteachas a bhainfidh le haon mhorgáistí d'íoc amach as aon dleachtanna a gheobhaid no amach as an airgead a gheobhaidh na Coimisinéirí ar iasacht.

Ciste fiachluíoduithe do sholáthar chun airgead a gheobhfar ar iasacht fén Acht so d'íoc.

13. —(1) Déanfidh na Coimisinéirí gach bliain suim bhliantúil do chur i leataoibh agus i leithreas as na dleachtanna mar chiste fiach-luíoduithe le cur chun na suimeanna colna d'íoc a gheobhfar ar iasacht no a hurrófar le morgáiste na ndleacht na gcíosanna na gcustum agus na maoine sin de bhua an Achta so suim de Phunt per centum ar feadh na céad tréimhse de dheich mbliana o dháta na hiasachta de Phunt Sé Scillinge agus Ocht bPingne per centum ar feadh na dara tréimhse sin de dheich mbliana de Dhá Phunt per centum ar feadh na tríú tréimhse sin de dheich mbliana de Dhá Phunt Trí Scillinge Déag agus Ceithre Pingne per centum ar feadh na ceathrú tréimhse sin de dheich mbliana agus de Thrí Púint per centum ar feadh na cúigiú tréimhse sin de dheich mbliana de sna suimeanna a gheobhfar ar iasacht o am go ham mar adubhradh.

(2) Laistigh de lá is fiche tar éis deire gach bliana gur ina haghaidh a héilítear leis an alt so aon tsuim do chur i leataoibh agus i leithreas mar chiste fiach-luíoduithe beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí an cuntas a luaidhtear san alt so do thabhairt don Aire Tionnscail agus Tráchtála i dtaobh na bliana san.

(3) Gach cuntas a tabharfar do réir an ailt seo beidh sé i pé fuirm agus deimhneofar é ar pé slí a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus beidh mion-innste ann a thaisbeánfidh

(a) an méid a cuireadh i leataoibh agus i leithreas mar chiste fiach-luíoduithe den tsórt roimhráite i rith na bliana le n-a mbaineann an cuntas, agus

(b) an méid den chiste fiach-luíoduithe (má bhí aon chuid de) a chuir na Coimisinéirí i rith na bliana san chun an t-airgead do fuarthas ar iasacht d'íoc, airgead gur cuireadh an ciste sin i leataoibh chun é aisíoc, agus

(c) cadé an saghas na hurrúsanna (más ann dóibh) ar a bhfuil an ciste fiach-luíoduithe no an t-ús air súncálta, agus

(d) na crícheanna chun ar cuireadh i rith na bliana le n-a mbaineann an cuntas aon chuid den chiste fiachluíoduithe a shúncáil na Coimisinéirí no an t-ús ar an gcuid sin, agus

(e) an méid iomlán den chiste fiach-luíoduithe (má bhí aon chuid de) a bhí súncálta i ndeire na bliana.

(4) Má bhíonn agus nuair a bheidh na Coimisinéirí gan cuntas do thabhairt don Aire Tionnscail agus Tráchtála laistigh den aimsir a luaidhtear san alt so fé mar a héilítear ortha leis an alt so a thabhairt uatha, no má thugaid agus nuair a thabharfid uatha cuntas atá bréagach no a chuirfeadh duine amú in aon phonc táchtach agus a fhios san acu dlighfar iad do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche punt agus a féadfar a bhaint díobh i gcúirt údaráis achmair.

Conus a caithfar an t-airgead a gheobhfar ar iasacht.

14. —Gach airgead a gheobhfar ar iasacht fé chomhachta an Achta so i gcóir na bhfeabhsuithe na n-oibreacha agus na gcrícheanna a húdaruítear leis an Acht so cuirfar é chun na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh agus chun an tAcht so do chur i bhfeidhm ar shlite eile.

Comhacht chun ath-iasacht d'fháil chun an iasacht atá ann d'íoc.

15. —Má íocann na Coimisinéirí aon uair ar aon tslí eile seachas le n-a gciste fiach-luíoduithe aon chuid d'aon airgead a fuaradar ar iasacht fén Acht so féadfid an céanna no aon chuid de d'fháil ar iasacht arís ar urrús a ndleacht agus a n-ioncuim agus a maoine eile.

Comhacht chun iasacht d'fháil ar creidiúint airgid thirm.

16. —I bhfeidhmiú na gcomhacht a bheidh acu fén Acht so chun iasachtaí d'fháil féadfidh na Coimisinéirí o am go ham creidiúint do thógaint o aon bhanc no cuideachta bhancaereachta ar cuntas airgid thirm a hosclófar agus a cimeádfar ag an mbanc no ag an gcuideachtain bhancaereachta san do réir ghnás bancaerí in Éirinn in ainm na gCoimisinéirí no in ainm oifigigh a cheapfid agus san i méid na suime no aon choda den tsuim a húdaruítear dóibh leis an Acht so a fháil ar iasacht agus féadfid morgáistí den tsórt roimhráite do dhéanamh agus do dheona in urrús ar mhéid na creidiúna san d'íoc no ar na suimeanna a roimh-íocfar o am go ham ar an gcuntas airgid thirm sin d'íoc maraon le hús ortho.

Féadfar ciste fiach-luíoduithe do chur chun iasachtaí d'aisíoc.

17. —Féadfidh na Coimisinéirí aon uair i pé ordú agus slí is ceart dar leo iomlán aon chiste fhiach-luíoduithe a chuireadar i leataoibh no aon chuid de do chur chun no mar chabhair chun aisíoctha na n-iasachtaí airgid gur cuireadh an ciste fiachluíoduithe sin i leataoibh chun a n-aisíoctha: Ach má cuirtar cuid den chiste fhiach-luíoduithe chun aisíoc do dhéanamh mar adubhradh déanfidh na Coimisinéirí suim chó mór leis an ús a thiocfidh as an gciste fiach-luíoduithe no as an gcuid de a cuirfar amhlaidh d'íoc isteach sa chiste fhiach-luíoduithe sin gach bliain 'ina dhiaidh sin agus í mhéadú sa tslí a horduíodh anso roimhe seo go dtí go mbeidh íoc déanta sna hiasachtaí airgid go léir le n-a mbaineann an ciste fiach-luíoduithe sin: Agus fós nuair a bheidh agus faid a bheidh an t-ioncum bliantúil as an gciste fiachluíoduithe chó mór le hús bliantúil na n-iasachtaí airgid sin a bheidh an uair sin gan aisíoc féadfidh na Coimisinéirí in ionad an t-ioncum bliantúil sin do shúncáil an céanna do chur chun aisíoctha an úis sin agus féadfid ar feadh na tréimhse sin scur de sna suimeanna bliantúla d'íoc isteach sa chiste fhiach-luíoduithe sin sé sin na suimeanna a héilítear a íoc isteach ann amhlaidh. Aon mhorgáistí bannaí no stoc a deonadh no a tugadh amach ag na Coimisinéirí agus in no ar a súncálfid aon chiste fiachluíoduithe beid ar nea-mbrí ipso facto ar dhéanamh na súncála san.

Comhacht chun dleachtanna do ghearra.

18. —Beidh iníoctha leis na Coimisinéirí ar scór gach oibre a húdaruítear leis an Acht so no ar scór aon chinn acu ar bheith críochnuithe dho pé dleachtanna a shocróidh na Coimisinéirí do réir an scála d'éilithe a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire fé aon achtachán maidir leis na hoibreacha agus an mhaoin atá dílsithe sna Coimisinéirí anois. Na dleachtanna a bheidh iníoctha leis na Coimisinéirí ar scór na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so beid ina gcuid de dhleachtanna generálta na gCoimisinéirí agus deighleálfidh na Coimisinéirí leo agus cuirfid i gcrích iad dá réir sin.

Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála rátaí d'atharú.

19. —(1) Déanfidh na Coimisinéirí scálaí na ndleacht uile (pe'ca is iníoctha dhóibh ar scór na n-oibreacha no aon chinn acu a húdaruítear leis an Acht so no ar scór na maoine atá dílsithe sna Coimisinéirí anois) do shocrú i slí is gur leor chun íoctha a gcaithteachais bhliantúla an t-ioncum bliantúil a bheidh acu as na dleachtanna san agus nách mó ná san é.

(2) Má chítar don Aire Tionnscail agus Tráchtála aon uair

(a) ón gCuntas bliantúil a thabharfidh na Coimisinéirí dho, no

(b) ar scrúdú do dhéanamh do tar éis aithris chúise ina thaobh d'fháil o sna Coimisinéirí no o Chomhlachas Tráchtála no o aon unaer luinge no cuideachta loingseoireachta no duine eile le n-a mbaineann an scéal

go bhfuil méid an ioncuim bhliantúla a gheibheann na Coimisinéirí as na dleachtanna san agus é áirithe do réir mheánacht na dtrí mblian deiridh roimhe sin go bhfuil sé ró-bheag no ró-mhór chun íoctha caithteachais bhliantúla na gCoimisinéirí agus é áirithe do réir mheánacht na dtrí mblian san adubhradh féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le hordú na scálaí de sna dleachtanna san d'atharú (pe'ca tré mhéadú no tré luíodú do dhéanamh ortha é agus in ainneoin aon teorann reachtúla no eile atá anois ann) i slí is gur leor chun íoctha caithteachais bhliantúla na gCoimisinéirí méid an ioncuim bhliantúla a gheobhfar as na dleachtanna san agus nách mó ná san é.

Bailiú dleacht.

20. —(1) Na dleachtanna uile is iníoctha leis na Coimisinéirí éileofar iad gach tráth ar gach duine mar a chéile ar scór earraí den aon aicme no den aon tsaghas amháin.

(2) Na dleachtanna uile is iníoctha ag éinne leis na Coimisinéirí beid ina bhfiacha a bheidh ag na Coimisinéirí ar an duine sin agus beid ionbhainte amach ag na Coimisinéirí mar fhiacha síbhialta.

(3) I dteanta aon leighis eile chun aon dleachtanna is iníoctha ag éinne leis na Coimisinéirí do bhaint amach féadfidh na Coimisinéirí aon earraí no maoin eile leis an duine sin do choinneáil mar urrús agus mara n-íoctar na dleachtanna san féadfid na hearraí agus an mhaoin a choinneoid amhlaidh do dhíol agus sochar an díola san do chur chun na dleachtanna san agus costaisí an díola san d'íoc.

Aois-liúntaisí agus aiscí.

21. —(1) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire, ar fostú ag na Coimisinéirí—

(a) a bheidh cúig bliana is trí fichid d'aois agus 'na mbeidh cúig bliana fichead ar a laighead de sheirbhís leanúnach tugtha aige, no

(b) 'na n-eireoidh do gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do dhéanamh go héifeachtúil de dheascaibh buan-laige chuirp no aigne nárbh é a mhí-iompar féin fé ndeár í, no de dheascaibh sean-aoise, agus nách lú ná deich mbliana an tseirbhís leanúnach a bheidh tugtha aige,

ar eirghe as a fhostaíocht do no ar scur ar aon tslí eile de bheith ar fostú dho, féadfidh na Coimisinéirí más maith leo é liúntas bliantúil le n-a shaol do dheona dho ach gan é dhul, in aon chás, thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúla agus, fé réir na teorann sáruithighe sin, gan é dhul thar shuim bhliantúil a háireofar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(2) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire, ar fostú ag na Coimisinéirí, 'na mbeidh deich mbliana ar a laighead de sheirbhís leanúnach tugtha aige agus a imeoidh no a cuirfar as a fhostaíocht de dheascaibh deire do chur le n-a oifig no le n-a bhirt, no chun go mb'usa a cuirfí ar chó-ghléasa no ar oibriú ghnó na gCoimisinéirí feabhasanna tré n-a bhféadfí níos mó éifeachtúlachta agus economíochta do thabhairt chun críche féadfidh na Coimisinéirí más maith leo é liúntas bliantúil speisialta le n-a shaol do dheona dho mar chúiteamh pé méid is dó leis na Coimisinéirí a bheith ina chúiteamh chóir réasúnta i gcailliúint a oifige no a bhirte tar éis a mbaineann leis an scéal do lán-bhreithniú dhóibh, ach gan é dhul, in aon chás, thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúla agus fé réir na teorann sáruithighe sin, gan é dhul thar shuim bhliantúil a háireofar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(3) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire, ar fostú ag na Coimisinéirí, gur lú ná deich mbliana a sheirbhís agus—

(a) 'na n-eireoidh do gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do dhéanamh go héifeachtúil de dheascaibh buan-laige chuirp no aigne nárbh é a mhí-iompar féin fé ndeár í, no de dheascaibh sean-aoise, no

(b) a imeoidh no a cuirfar as a fhostaíocht de dheascaibh deire do chur le n-a oifig no le n-a bhirt, no chun go mb'usa a cuirfí ar chó-ghléasa no ar oibriú ghnó na gCoimisinéirí feabhasanna tré n-a bhféadfí níos mó éifeachtúlachta agus economíochta do thabhairt chun críche,

ar imeacht as a fhostaíocht no ar scur de bheith ar fostú dho, féadfidh na Coimisinéirí más maith leo é aisce nách mó ná an séú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil do dheona dho in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(4) Beidh íoc aon liúntaisí agus aiscí a húdaruítear leis an alt so d'íoc ina chrích chun a bhféadfar na dleachta agus an t-ioncum eile a gheobhaidh na Coimisinéirí do chur.

(5) Daingnítear leis seo deona aon liúntais no aisce bhliantúla a deonadh ag na Coimisinéirí d'éinne dá sean-oifigigh no dá seanasheirbhísigh roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1926, agus faisnéistear leis seo a íoc san do bheith ina chrích chun a gcuirfí na dleachta agus an t-ioncum eile a gheibheann na Coimisinéirí agus chun a bhféadfar iad do chur, d'ainneoin méid aon liúntais no aisce den tsórt san do dhul thar an ráta a húdaruítear leis an alt so.

(6) San alt so cialluíonn an focal “luach saothair agus sochar oifige bliantúil,” maidir le hoifigeach no seirbhíseach a bhí ar fostú trí bliana ar a laighead, meán-mhéid an luach saothair agus an tsochair oifige ar feadh na dtrí mblian dar chríoch an lá a eiríonn sé as a fhostaíocht no a scuireann sé ar aon tslí eile de bheith ar fostú agus, maidir le hoifigeach no seirbhíseach a bhí ar fostú níos lú ná trí bliana, meán-mhéid a luach saothair agus a shochair oifige ar feadh gach bliana iomláine dá sheirbhís.

Scrúdú cuntaisí.

22. —(1) Na cuntaisí uile a héilítear do réir dlí ar na Coimisinéirí a chimeád beid ar oscailt chun a scrúduithe ag lucht dleachtanna d'íoc o n-a deich a chlog go dtí n-a haon a chlog sa ló; ullamhófar na cuntaisí sin agus beid ullamh chun iniúcha laistigh de dhá mhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain 1926 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin agus déanfar laistigh de thrí mhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain 1926 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin no laistigh de 21 lá tar éis iniúcha na gcuntaisí do chríochnú pe'ca tréimhse acu san is sia lán-achmaireacht iniúchta ar na cuntaisí d'fhoillsiú i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear agus a foillsítear i gContae-Bhuirg Luimnighe.

(2) Laistigh de dhá mhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain 1926 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin no laistigh de 21 lá tar éis iniúcha na gcuntaisí do chríochnú pe'ca tréimhse acu san is sia cuirfidh na Coimisinéirí chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála cóip de sna cuntaisí iniúchta a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus bainfidh alt 16 den General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, 1862, leis na cuntaisí sin ar gach slí díreach mar a bhaineann sé leis an gcuntas a luaidhtear san alt san.

(3) Mara ndinidh agus nuair ná déanfidh na Coimisinéirí lánachmaireacht ar a gcuntaisí d'fhoillsiú no cóip dá gcuntaisí do chur chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála do réir an ailt seo laistigh den tréimhse a luaidhtear chuige sin san alt so dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt agus a bheidh ionbhainte amach i gcúirt údaráis achmair do chur ortha in aghaidh gach seachtain no cuid de sheachtain a bheid tar éis na tréimhse roimhráite gan an ní sin do dhéanamh.

Iniúchóir do cheapa.

23. —(1) Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear “an t-iniúchóir” san Acht so) do cheapa chun cuntaisí na gCoimisinéirí do scrúdú agus d'iniúcha agus féadfa sé leis an ordú san méid na n-íocaíocht a íocfidh na Coimisinéirí leis an iniúchóir mar thuarastal agus mar chostaisí (más ann dóibh) do cheapa.

(2) Is amach as na dleachtanna agus as an ioncum eile a gheobhaidh na Coimisinéirí a íocfid leis an iniúchóir méid na n-íocaíocht a ceapfar amhlaidh mar adubhradh.

(3) Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le hordú an t-iniúchóir do chur as oifig agus leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin ceapfa sé duine ceart oiriúnach chun bheith ina iniúchóir in áit agus in ionad an iniúchóra a cuireadh as oifig amhlaidh maran dó leis nách gá de dheascaibh aon réasúin speisialta iniúchóir do cheapa.

Iniúcha cuntaisí na gCoimisinéirí.

24. —(1) Beidh sé de dhualgas ar rúnaí na gCoimisinéirí nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúcha cuntaisí á dhéanamh teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit cheaptha agus a chuid leabhra cuntais cruthúnachtaí admhálanna agus scríbhinní eile go léir do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin maraon le gach eolas a bheidh aige agus a éileoidh an t-iniúchóir agus má éilíonn an t-iniúchóir ortha é beidh sé de dhualgas leis ar na Coimisinéirí agus ar gach oifigeach agus seirbhíseach (lasmuich den rúnaí) do sna Coimisinéirí teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit a ceapadh don scrúdú agus don iniúcha agus gach scríbhinn agus eolas a bheidh acu fé seach agus a éileoidh an t-iniúchóir ortha do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúcha á dhéanamh fén alt so cuntaisí na gCoimisinéirí do scrúdú agus gach íocaíocht éileamh agus lomháil a dhin éinne agus a muirearadh ar chistí na gCoimisinéirí contrárdha don dlí no is dó leis atá gan bunús do nea-lomháil agus do bhuala amach as na cuntaisí sin agus an céanna do chur mar fhormhuirear ar an té do dhin no d'údaruigh an íocaíocht an t-éileamh no an lomháil a nea-lomháladh agus a buaileadh amach amhlaidh agus a dheimhniú ansan go bhfuil an céanna dlite ar an duine sin.

(3) Ar iarratas i scríbhinn chun an iniúchóra laistigh de dheich lá tar éis críochnú aon scrúduithe agus iniúchta a bheidh déanta aige fén alt so, iarratas o éinne ar ar ghoill aon lomháil, nealomháil no formhuirear a dhin an t-iniúchóir le linn an scrúduithe agus an iniúchta san neosaidh an t-iniúchóir i scríbhinn na réasúin a bhí aige leis an lomháil, leis an nea-lomháil, no leis an bhformhuirear san, agus tabharfa sé láithreach cóip den ráiteas san don té ar ar ghoill an ní sin.

(4) Einne ar ar ghoill aon lomháil, nea-lomháil, no formhuirear, féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis an t-iniúcha do chríochnú mara ndintar ráiteas, ag tabhairt réasuin an iniúchóra i dtaobh na lomhála, na nea-lomhála no an fhormhuirir sin, d'iarraidh laistigh de dheich lá tar éis an iniúcha do chríochnú, no laistigh de cheithre lá déag o am tugtha ráiteas na réasún san má iarrtar an ráiteas san laistigh den aimsir roimhráite, féadfa sé—

(a) athchomharc do dhéanamh chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála ar an slí a ordóidh an tAire sin, agus deighleálfidh an tAire sin leis an scéal (maraon le costaisí an athchomhaire fé réir forálacha an ailt seo) fé mar is gá do réir chirt, agus ní bheidh dul thar breith an Aire sin ar aon athchomharc den tsórt san agus ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh in aon chúirt ná ní fhéadfidh aon chúirt í athscrúdú, no

(b) in ionad an t-athchomharc san do dhéanamh chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála, rit certiorari d'iarraidh ar an Ard-Chúirt chun an lomháil, an nea-lomháil, no an formhuirear san d'aistriú isteach sa Chúirt sin ar pé slí a foráltar le rialacha cúirte, agus, ar aistriú na lomhála, na nea-lomhála, no an fhormhuirir sin, déanfidh an Chúirt pé ordú air (maraon le hordú i dtaobh costaisí fé réir forálacha an ailt seo) is gá do réir chirt.

(5) Ar aon imeachta fén bhfo-alt san roimhe seo má chítar don Aire Tionnscail agus Tráchtála no don Ard-Chúirt, do réir mar bheidh, go raibh breith an iniúchóra ceart, ordóidh an tAire no an Chúirt sin go n-íocfar costaisí an iniúchóra ag an duine atá ag déanamh an athchomhairc no ag dul ar aghaidh leis an rit certiorari sin, do réir mar bheidh, no má chítar don Aire sin no don Ard-Chúirt go raibh breith an iniúchóra earráideach ordóidh an tAire no an Chúirt sin go n-íocfar costaisí an duine atá ag déanamh an athchomhairc no ag dul ar aghaidh leis an rit certiorari sin, do réir mar bheidh, amach as dleachtanna agus ioncum eile na gCoimisinéirí, ach ní déanfar in aon chás aon ordú i gcoinnibh an iniúchóra chun costaisí an duine d'íoc atá ag déanamh an athchomhairc no ag dul ar aghaidh leis an rit certiorari sin.

(6) Aon chostaisí (ar a n-áirítear costaisí idir atúrnae agus cliaint) fé n-a raghaidh an t-iniúchóir i dtaobh aon imeachta ar aon athchomharc no rit certiorari fén alt so agus ná beidh bainte ag an iniúchóir den duine atá ag déanamh an athchomhairc no ag dul ar aghaidh leis an rit certiorari sin íocfar leis an iniúchóir iad amach as dleachtanna agus ioncum eile na gCoimisinéirí.

(7) Aon tsuim a bheidh deimhnithe ag an iniúchóir fén alt so a bheith dlite ag éinne déanfidh an duine sin (fé réir aon chlaochló, nea-mbríochaint no atharú a dhéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an Ard-Chúirt ar an deimhniú) í d'íoc leis an iniúchóir laistigh de lá is fiche tar éis an t-iniúcha do chríochnú no, i gcás 'na ndintar ráiteas ag tabhairt réasúin an iniúchóra i dtaobh na lomhála, na nea-lomhála no an fhormhuirir sin d'iarraidh, laistigh de cheithre lá déag o dháta seachada an ráitis sin, no, i gcás 'na ndintar athchomharc chun an Aire sin no 'na gcuirtar imeachta ar siúl le rit certiorari, laistigh de cheithre lá déag o dháta na breithe ar an athchomharc no ar na himeachta san, agus gach lomháil a dhéanfidh an t-iniúchóir agus a nealomhálfidh an tAire no an Chúirt sin beidh sí ina suim a bheidh dlite ar an duine a dhin no a údaruigh an íocaíocht ab abhar don lomháil sin, agus íocfar í leis an iniúchóir laistigh de cheithre lá déag o dháta breithe an Aire no na Cúirte sin, agus aon tsuim is iníoctha fén bhfo-alt so leis an iniúchóir, mara n-íoctar í amhlaidh do réir an fho-ailt seo, féadfidh an t-iniúchóir í bhaint amach mar fhiacha síbhialta tré aicsean no tré aon imeacht eile in aon chúirt údaráis inniúla, agus gach suim a híocfar leis an iniúchóir no a bhainfe sé amach fén bhfo-alt so déanfa sé, nuair a gheobha sé í, í chur sa tslí a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus aon chostaisí agus caithteachaisí fé n-a raghaidh an t-iniúchóir in imeachta chun aon tsuim den tsórt san do bhaint amach agus ná bainfidh an t-iniúchóir den chosantóir in aon imeachta den tsórt san íocfar iad leis an iniúchóir amach as dleachtanna agus as ioncum eile na gCoimisinéirí.

(8) Gach éinne ar a n-éilítear leis an alt so no dá réir teacht i láthair an iniúchóra no aon scríbhinn do thaisbeáint no aon eolas do thabhairt uaidh don iniúchóir agus ná déanfidh amhlaidh no a dhiúltóidh d'é do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no más rogha leis an gcúirt é fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí.

(9) Gach éinne ar a n-éilítear leis an alt so no dá réir aon scríbhinn do thaisbeáint no aon eolas do thabhairt don iniúchóir déanfa sé má éilíonn an t-iniúchóir air é deimhniú fé mhionn (mionn a húdaruítear leis seo don iniúchóir a chur air) ar aon scríbhinn a thaisbeánfa sé no ar aon ráiteas a thabharfa sé don iniúchóir agus éinne a dhéanfidh ar a cheistiú fé mhionn d'iniúchóir no i láthair iniúchóra fén alt so fianaise bhréagach do thabhairt uaidh go toiliúil beidh sé ciontach i mionn bréagach agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

Cosaint do chearta an Stáit.

25. —Ní dhéanfidh éinní san Acht so aon difir d'aon mhaoin réalta ná pearsanta atá dílsithe i Saorstát Éireann no in aon Aire do Shaorstát Éireann no in aon bhord no cólucht a fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí ná ní léireofar é mar ní a theorannuíonn no a dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart comhacht príbhléid no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no aon oifigeach do Shaorstát Éireann agus go sonnrách aon chomhachta chun aon oibreacha do thógáil do dhéanamh d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite ní léireofar iad mar nithe a bhronnann ar na Coimisinéirí aon cheart chun dul isteach in aon mhaoin den tsórt san no chun aon estát no leas inti ach ní oibreoidh an t-alt so chun na Coimisinéirí do chose ar na comhachta san d'fheidhmiú do réir an Achta so má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san chun dul isteach mar adubhradh fachta go cuibhe do réir dlí ag na Coimisinéirí.

An tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

26. —Ní údaróidh éinní atá san Acht so aon chur isteach ar aon líne telegrafach leis an Aire Puist agus Telegrafa mar a mínítear é leis na Telegraphs Acts 1878 ná ar aon mhaoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa ná ar aon cheann de chearta an Aire Puist agus Telegrafa fé sna Telegraphs Acts 1863 to 1920; fé sna Electricity (Supply) Acts 1882 to 1919 agus fén Electric Lighting (Clauses) Act 1899 agus sa mhéid go mbaineann sé leis an Aire Puist agus Telegrafa bainfidh alt 14 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899 le haon oibreacha do dhéanamh no do chur síos fén Acht so trasna no fan aon tailimh bóthair iarainn canáile no slí loingseoireachta fé thalamh no os cionn tailimh díreach fé mar a bhaineann sé le hoibreacha do dhéanamh in no fé aon tsráid no droichead puiblí no fan no trasna a leithéide.

Aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála le hoibreacha áirithe.

27. —(1) I gcás aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith le déanamh ar thailte taoide no os a gcionn no fútha fé mharc láin mhara na ngnáth-thaoidí rabhartha ní déanfar é ach le haontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus gach obair den tsórt san a bheidh le déanamh amhlaidh fé mar adubhradh is do réir pé pleananna agus gearrtha a cheadóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála a déanfar é agus fé réir pé sriantachtaí (más ann dóibh) agus rialachán a ordóidh an tAire sin sara dtosnófar ar an obair.

(2) Beidh gach atharú no leathnú ar aon obair den tsórt san roimhráite fé réir aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus is do réir pleananna agus gearrtha a cheadóidh sé sin a déanfar san.

(3) Maidir le haon obair den tsórt san roimhráite—

(a) má tosnuítear é gan aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála no

(b) má dintar é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha a cheaduigh an tAire i gcóir déanamh na hoibre sin no

(c) má atharuítear no má leathnuítear é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha a cheaduigh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i gcóir atharú no leathnú na hoibre sin

féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ar chostas na gCoimisinéirí an obair sin no aon chuid de no aon leathnú air a dineadh mar adubhradh d'aistriú agus beidh méid an chostais sin ina fhiacha a bheidh dlite ar na Coimisinéirí ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire chun suirbhéireachtaí, etc., do dhéanamh.

28. —Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála aon uair ar chostas na gCoimisinéirí suirbhéireacht agus scrúdú do dhéanamh—

(a) ar an ionad a bheidh beartuithe d'aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so no

(b) ar aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so

agus beidh méid aon chostais den tsórt san ina fhiacha a bheidh dlite ar na Coimisinéirí ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire chun oibreacha a tréigfar no a raghaidh gan mhaitheas d'aistriú.

29. —(1) Má thréigeann na Coimisinéirí aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus a dineadh ar aon tailte taoide no uisce taoide no ionta no os a gcionn no tríotha no trasna ortha no má leigid do dul gan mhaitheas féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ar chostas na gCoimisinéirí—

(a) an obair sin no aon chuid de d'aistriú agus

(b) ionad na hoibre sin do chur sa riocht ina raibh sé sarar dineadh an obair sin air.

(2) Beidh méid aon chostais den tsórt san roimhráite ina fhiacha a bheidh dlite ar na Coimisinéirí ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Socrú i gcoinnibh contabhartha do loingseoireacht.

30. —Má díobháltar no má díthítear aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so no aon obair den tsórt san no má théigheann sé gan mhaitheas déanfidh na Coimisinéirí éadtromáin mhara do chur síos no soillse do thaisbeáint no déanfid nithe eile chun cosc do chur chó fada agus is féidir é le contabhairt do loingseoireacht pé éadtromáin soillse no nithe a hordófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire agus iarrfid treoracha ar an údarás san i dtaobh cad a bheidh le déanamh agus féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ar na Coimisinéirí in aghaidh gach mí a bheid gan san d'iarraidh no a leanfid ag diúltú no ag déanamh faillí maidir le haon treoir do chólíona a tabharfar i dtaobh cad a bheidh le déanamh.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí éadtromáin mhara, etc., do chimeád.

31. —Déanfidh na Coimisinéirí oiread éadtromán mara agus téad agus is leor agus iad i dtreo mhaith agus oiriúnach agus ullamh len' úsáid do chimeád i gcomhnaí fan na gcéibheanna na bhfallaí céibhe agus na bhfallaí duga atá anois ann agus fan na gcéibheanna na bhfallaí céibhe na bhfallaí duga no an éadain eile a húdaruítear leis an Acht so agus faideanna réasúnta eatorra agus iad do réir aon éilithe a dhéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí soillse do bheith ar taisbeáint acu le linn oibreacha do bheith acu á dhéanamh, etc.

32. —(1) Beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí ar feadh na haimsire go léir a beifar ag déanamh ag atharú no ag leathnú aon oibre dá n-údaruítear leis an Acht so fé mharc an láin mhara soillse do thaisbeáint agus do chimeád ar lasa ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ag aon obair den tsórt san no in aice leis agus é á dhéanamh á atharú no á leathnú agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(2) Beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí soillse do thaisbeáint agus do chimeád ar lasa ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ar an bhfoircheann is sia amach de gach obair (ar bheith críochnuithe dho) a húdaruítear leis an Acht so agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(3) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh na Coimisinéirí faillí ar aon cheann áirithe d'fhorálacha an ailt seo do chólíona dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt agus a bheidh ionbhainte amach i gcúirt údaráis achmair do chur ortha in aghaidh gach lae a leanfidh an fhaillí sin acu á dhéanamh.

Cáblaí, piopaí, no sranganna fé uiscí taoide no trasna ortha.

33. —Aon cháblaí, píopaí no sranganna a bheidh le cur síos no le cur suas ag na Coimisinéirí fé aon uisce taoide no trasna air cuirfar iad chó doimhin fén uisce taoide sin no chó hárd os a chionn agus a éileoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus san d'ainneoin éinní atá san Acht so.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

34. —(1) Ní cheannóidh na Coimisinéirí ná ní thógfid chúcha féin fé chomhachta an Achta in aon líomatáiste áitiúil aon tigh ná tithe a bhí ar an bhfichiú lá de Bhealtaine Míle Naoi gCéad a Ceathair Fichead no atá ón dáta san no a bheidh ina dhiaidh seo ar seilbh i bpáirt no go hiomlán ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh na Coimisinéirí:—

(a) cead an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fháil i gcóir scéime chun áiteanna comhnaithe nua do sholáthar do pé méid daoine a bhí ina gcomhnaí sna tithe sin an fichiú lá san de Bhealtaine no do pé méid no cion de sna daoine sin is dó leis an Aire is gá tar éis fiosrúcháin ag cuimhneamh do ar an méid daoine a bhí ar an dáta san no dá éis sin ina gcomhnaí sna tithe sin agus ar an méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh i ngar-chomhursanacht na dtithe sin no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní a bhaineann leis an scéal; agus

(b) urrús do thabhairt chun sástacht an Aire sin ar an scéim do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar cead an Aire sin i gcóir aon scéime fén alt so do thabhairt gan coiníoll no ar coiníoll agus tar éis don Aire sin aon scéim den tsórt san do cheadú féadfa sé o am go ham aon atharuithe ar an scéim do cheadú gan coiníoll no ar coiníoll.

(3) Beidh i ngach scéim fén alt so forálacha ag ordú na haimsire go dtabharfar an scéim chun críche laistigh di agus éileofar leis an scéim i dtaobh na n-áiteanna comhnaithe nua a beifar ar aigne a sholáthar fén scéim go mbeid do réir standard a cheadóidh an tAire sin agus go mbeid críochnuithe agus oiriúnach chun comhnaí ionta sara gcuirfar as ionad na daoine a chomhnuíonn sna tithe gur dineadh an scéim ina dtaobh: Ach féadfidh an tAire sin déanamh d'éamais an éilimh dheiridh sin a luaidhtear fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(4) Aon fhorálacha d'aon scéim fén alt so no aon choiníollacha gur fé n-a réir a cheaduigh an tAire sin aon scéim no aon atharuithe ar aon scéim no gur fé n-a réir a dhin sé d'éamais an éilimh a luaidhtear thuas beid ionchurtha i bhfeidhm tré Rit Mandamus a gheobhaidh an tAire sin as an Ard-Chúirt.

(5) Má thógann na Coimisinéirí aon tigh no tithe chúcha féin no má dhinid a gcuid féin den chéanna chun crícheanna an Achta so contrárdha do sna forálacha san roimhe seo no má dhinid no má chuirid fé ndeár na daoine a chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha d'éilithe na scéime féadfar fíneáil cúig céad punt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san agus féadfidh an tAire sin an fhíneáil sin do bhaint amach le haicsean san Ard-Chúirt: Ach féadfidh an Chúirt an fhíneáil sin do luíodú más oiriúnach léi é.

(6) Chun aon scéim fén alt so do thabhairt chun críche féadfidh na Coimisinéirí leithreasú do dhéanamh ar aon tailte is leo de thurus na huaire no 'na bhfuil comhacht acu chun iad do thógaint chúcha féin agus féadfid pé tailte eile a theastóidh uatha do cheannach agus chun críche aon cheannaigh den tsórt san beidh ailt 203 agus 214 den Public Health (Ireland) Act 1878 mar atáid leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin beid ionchorparuithe leis an Acht so agus bainfid leis na Coimisinéirí do cheannach tailte chun crícheanna aon scéime fén alt so agus san ar gach slí díreach fé is dá mbeadh na Coimisinéirí ina n-údarás sláintíochta do réir brí an Public Health (Ireland) Act 1878 agus gur cheann de chrícheanna an Achta san an scéim.

(7) Féadfidh na Coimisinéirí pé aruis chomhnaithe don lucht oibre is gá chun críche aon scéime fén alt so do thógaint ar aon tailte is leo no a ceannuíodh no a tógadh fén alt so no fé aon Ordú Sealadach a daingníodh go cuibhe do réir an ailt seo agus féadfid na háruis chomhnaithe sin agus aon tailte a ceannuíodh no a tógadh mar adubhradh do dhíol do leithliú no do chur ar cíos no deighleáil leo ar shlí eile agus aon airgead go bhfuil údarás acu chun é chruinniú no chun é chur chun crícheanna generálta a ngnótha féadfid é chur chun na gcrícheanna san de chrícheanna an ailt seo chun ar féidir le ceart caipital do chur no chun aon chríche acu san: Ach na tailte uile ar ar thóg no ar ar sholáthruigh na Coimisinéirí aon fhoirgintí do réir aon scéime fén alt so cuirfar iad i leithreas ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead o dháta na scéime chun críche na n-árus comhnaithe sin agus cúlscríobhfar fógra an achtacháin seo ar gach leithliú no léas a déanfar maidir leis na tailte agus leis na foirgintí sin: Agus fós féadfidh an tAire sin aon uair déanamh in éamais gach ceann no aon cheann d'éilithe an fho-ailt seo fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(8) Féadfidh an tAire sin a ordú go gcuirfar ar bun aon fhiosrúcháin is dó leis is gá maidir le haon scéim fén alt so agus beidh ag cigirí an Aire sin chun crícheanna aon fhiosrúcháin den tsórt san gach comhacht atá acu chun crícheanna fiosrúchán a orduíonn an tAire sin fén Public Health (Ireland) Act 1878.

(9) Iocfidh na Coimisinéirí leis an Aire sin suim a shocróidh an tAire sin as aon Ordú Sealadach d'ullamhú do dhéanamh agus do dhaingniú do réir an ailt seo agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire sin maidir le haon fhiosrúcháin fén alt so agus ar a n-áirítear costaisí aon fhínnithe a ghairmfidh an cigire agus suin a shocróidh an tAire sin as seirbhísí an chigire sin.

(10) Aon tithe a cheannuigh na Coimisinéirí no a thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna an Achta so pe'ca i bhfeidhmiú comhacht a bronnadh leis an Acht so no ar aon tslí eile a cheannuíodar no a thógadar chúcha féin iad agus pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a dineadh amhlaidh tithe a bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chuig bliana roimh rith an Achta so tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur fé chomhachta an Achta so a thóg na Coimisinéirí chúcha féin iad agus go rabhdar ar an bhfichiú lá san de Bhealtaine ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh na dtithe sin ar an dáta ar ar thóg na Coimisinéirí chúcha féin iad: Ach maran féidir don Aire sin a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin a bhí i seilbh na dtithe sin an uair sin tuigfar go raibh na tithe sin ar seilbh ag oiread daoine den tsórt san agus is dó leis an Aire sin a gheobhadh slí agus cóiríocht ionta.

(11) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “líomatáiste áitiúil” aon bhailecheanntar no tuathcheanntar buirg no contae-bhuirg; cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh a bheadh i seilbh mar árus comhnaithe fé leith; agus cialluíonn an focal “lucht oibre” meiceanóirí ceárdaithe oibritheoirí agus daoine eile a bhíonn ag obair ar phágh hácaerí tora-mhangairí daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin agus daoine nách seirbhísigh tighis nách mó a meán-ioncum in aon chás ná tríocha scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aon-tigheas leo.

Costaisí an Achta.

35. —Na costaisí na héilithe agus na caithteachaisí uile fé n-a raghfar roimh ré chun an tAcht so d'ullamhú d'iarraidh d'fháil agus do rith agus a bhaineann agus a ghabhann leis sin no fé n-a raghfar ar aon tslí eile ina thaobh san íocfidh na Coimisinéirí iad agus íocfar iad sa chéad dul síos as aon airgead atá ar láimh ag na Coimisinéirí de thurus na huaire ach gheobhfar thar n-ais iad as an airgead atá le fáil ar iasacht fén Acht so agus muirearófar iad ar an airgead san.

Ionchorparú na Lands Clauses Acts.

36. —Déanfar na Lands Clauses Acts mar a hatharuítear iad leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919 d'ionchorparú agus tríd seo ionchorparuítear iad leis an Acht so agus beid ina gcuid de ach amháin sa mhéid go ndineann forálacha an Achta so iad d'atharú go soiléir no go bhfuilid bunoscionn leis na forálacha san:

Cosaint d'Achtanna atá anois ann.

37. —Ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so leanfidh i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht fé is dá mba ná rithfí an tAcht so na hAchtanna so leanas eadhon an Limerick Harbour Act 1867 agus aon Achtanna atá leasuithe no leathnuithe no ionchorparuithe leis an gcéanna agus an Limerick Harbour Act 1888 an Pier and Harbour Orders Confirmation (No. 4) Act 1903 agus an Limerick Harbour (Bridge) Act 1913 agus an Pier and Harbour Orders Confirmation (No. 1) Act 1921.

Gearr-theideal.

38. —Féadfar Acht Chuan Luimnighe, 1926 , do ghairm den Acht so.