Ar Aghaidh (SCEIDEAL. IONTAOBHAISI REACHTULA.)

2 1928


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1928.


ACHT EAGLAIS NA METHODISTEACH IN ÉIRINN, 1928.


ACHT CHUN ÉIFEACHT REACHTÚIL DO THABHAIRT DO CHÓRÚ AN CHÓLUCHTA CHREIDIMH DÁ nGAIRMTEAR EAGLAIS NA METHODISTEACH IN ÉIRINN AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN CÓRÚ SAN D'ATHARÚ AGUS DO LEASÚ, CHUN COMHACHTA BREISE DO BHRONNA AR CHÓDHÁIL BHLIANTÚIL NA hEAGLAISE SIN, CHUN COMHACHTA BREISE DO BHRONNA AR NA hIONTAOBHAITHE REACHTÚLA ATÁ IONCHORPARUITHE TRÍD AN METHODIST CHURCH IN IRELAND ACT, 1915, CHUN IONTAOBHAISÍ I bhFABHAR NA hEAGLAISE SIN DO DHÉANAMH IN-DEARBHUITHE, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH MAIDIR LE STIÚRÚ IMEACHTA CÓDHÁLA, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [9adh Meitheamh, 1928.]

Roimhrá.

DE BHRÍ sa bhliain 1739 no timpal na bliana san gur dhin John Wesley, a bhí roimhe sin i gcoláiste Lincoln, Oxford, Cléireach in Ord Beannuithe, cumann creidimh do bhunú gur gairmeadh i gcoitinne dá bhaill ina dhiaidh sin Methodistigh no Methodistigh Wesleyacha, agus fós gur tugadh an cumann san isteach in Éirinn so bhliain 1747:

AGUS DE BHRÍ gur dhin John Wesley sin agus daoine eile o am go ham foirgintí iomdha sa Bhreatain Mhóir agus in Éirinn ar a dtugtar Séipéil de ghnáth, maraon le measáiste no tigh comhnaithe, tithe scoile no dultaisí eile, do thabhairt agus do leithliú d'iontaobhaithe ar iontaoibh (inter alia) chun go leigfí agus go gceadófí do pé duine agus daoine i gcóir pé tréimhse agus tréimhsí a cheapfadh an Chódháil Bhliantúil de sna daoine ar a dtugtar Methodistigh i Lundain, i mBristol no i Leeds, agus ní d'aon daoine eile, na háitreabhacha san agus a dtairbhe do bheith acu chun Briathar Dé do shearmóin agus do mhíniú:

AGUS DE BHRÍ, chun go dtabharfaí éifeacht do sna hiontaobhaisí a cruthnuíodh leis na tabhartaisí agus na leithlithe sin uile agus fé seach agus chun ná heireodh aon amhras ná dlí mar gheall ar an gcéanna ná mar gheall ar a léiriú ná a fhíor-chéill, gur dhin John Wesley sin dintiúr aonraic dearbhuithe dar dáta an 28adh lá d'Fheabhra, 1784, agus gur cuireadh an dintiúr san go cuibhe ar an rolla san High Court of Chancery i Sasana:

AGUS DE BHRÍ go raibh sa dintiúr aonraic sin Dearbhú a dhin John Wesley sin á rá go mbíodh an Chódháil Bhliantúil de sna daoine ar a dtugtar Methodistigh códhéanta i gcomhnaí go nuige sin de sna searmóinithe agus de sna mínitheoirí ar Bhriathar Dé, ar a dtugtaí de ghnáth Searmóinithe Methodisteacha i gcaidreamh le John Wesley sin agus fé n-a chúram agus a b'oiriúnach leis a ghairm chuige i Lundain, i mBristol no i Leeds chun dul i gcomhairle leo, chun Soiscéal Chríost do chur ar aghaidh, chun na daoine a gairmeadh amhlaidh agus fós searmóinithe agus mínitheoirí eile ar Bhriathar Dé a bhí freisin i gcaidreamh le John Wesley sin agus fé n-a chúram, ach nár gairmeadh chun na Códhála Bliantúla san, do cheapa chun úsáid agus tairbhe do bhaint as na séipéil agus as na háitreabhacha san a bhí leithlithe ar iontaoibh mar adubhradh, agus chun daoine neamh-fhiúntacha do dhíbirt agus daoine nua do ghlaca isteach fé n-a chúram agus i gcaidreamh leis chun bheith ina searmóinithe agus ina mínitheoirí mar adubhradh agus fós chun daoine eile do ghlaca isteach ar a dtriail chun na críche céanna. Agus do dearbhuíodh sa dintiúr aonraic freisin na daoine uile agus fé seach, céad ar fad, atá ainmnithe sa dintiúr san, eadhon, searmóinithe agus mínitheoirí ar Bhriathar Dé fé chúram John Wesley sin agus i gcaidreamh leis do bheith go nuige sin agus an uair sin ina mbaill den Chódháil Bhliantúil do réir fíor-chiall agus fíor-mhíniú na dtabhartas agus na leithlithe sin uile agus fé seach ina luaidhtear agus ina bhfuil na focail Conference of the People called Methodists agus gur dineadh agus go ndéanfaí go bráthach na daoine sin uile agus fé seach a luaidhtear ansan agus fós a gcomharbaí go bráthach a toghfaí mar atá leagtha amach ansan ina dhiaidh sin do léiriú agus do ghlaca agus go mbeidís go bráthach mar Chódháil de sna daoine ar a dtugtar Methodistigh ach san do bheith ar na téarmaí agus fé réir na rialachán a horduítear ansan ina dhiaidh sin agus gur gairmeadh an Chódháil Dhleathach den Chódháil a míníodh amhlaidh agus í códhéanta ar fad de Shearmóinithe:

AGUS DE BHRÍ gur foráladh sa dintiúr aonraic i dtaobh an Chódháil Dhleathach do theacht le chéile gach bliain, i dtaobh folúntaisí do líona agus i dtaobh céad do bheith mar líon ball códhála agus i dtaobh nithe eile den tsaghas san agus gur foráladh ann fós go nglacfaí mar bheart ón gCódháil uile beart a dhéanfadh an mór-áireamh, agus go bhfuil na clásanna so leanas ann maidir le comhachta na Códhála Dleathaighe:

“Eighth: The Conference shall and may expel and put out from being a member thereof, or from being in connection therewith, or from being upon trial, any person member of the Conference or admitted into connection, or upon trial, for any cause which to the Conference may seem fit or necessary, and every member of the Conference so expelled and put out shall cease to be a member thereof to all intents and purposes as though he were naturally dead, and the Conference immediately after the expulsion of any member thereof as aforesaid shall elect another person to be a member of the Conference in the stead of such member so expelled:

“Ninth: The Conference shall and may admit into connection with them, or upon trial, any person or persons whom they shall approve to be Preachers and Expounders of God's Holy Word, under the care and direction of the Conference, the name of every such person or persons so admitted into connection, or upon trial as aforesaid, with the time and degrees of the admission, being entered in the journals or minutes of the Conference:

“Tenth: No person shall be elected a member of the Conference who hath not been admitted into connection with the Conference as a Preacher and Expounder of God's Holy Word as aforesaid for twelve months:

“Eleventh: The Conference shall not, nor may, nominate or appoint any person to the use and enjoyment of or to preach and expound God's Holy Word in any of the chapels and premises so given or conveyed, or which may be given or conveyed upon the trusts aforesaid who is not either a member of the Conference or admitted into connection with the same, or upon trial as aforesaid, nor appoint any person for more than three years successively to the use and enjoyment of any chapel and premises already given or to be given or conveyed upon the trusts aforesaid, except ordained Ministers of the Church of England:

“Twelfth: That the Conference shall and may appoint the place of holding the yearly assembly thereof at any other city, town, or place than London, Bristol, or Leeds, when it shall seem expedient so to do:

“Thirteenth: And for the convenience of the chapels and premises already, or which may hereafter be given or conveyed upon the trusts aforesaid, situate in Ireland or other parts out of the Kingdom of Great Britain, the Conference shall and may, when and as often as it shall seem expedient, but not otherwise, appoint and delegate any member or members of the conference, with all or any of the powers, privileges, and advantages hereinbefore contained or vested in the conference, and all and every the acts, admissions, expulsions, and appointments whatsoever of such member or members of the Conference so appointed and delegated as aforesaid, the same being put into writing and signed by such delegate or delegates, and entered in the journals or minutes of the conference, and subscribed as after mentioned, shall be deemed, taken, and be the acts, admissions, expulsions and appointments of the conference to all intents, constructions and purposes whatsoever from the respective times, when the same shall be done by such delegate or delegates notwithstanding anything herein contained to the contrary:”

AGUS DE BHRÍ le mórán blian anuas go raibh a chódháil féin gach bliain, i mBaile Atha Cliath, i mBéal Feirste no i gCorcaigh, ag Cumann na ndaoine ar a dtugtar Methodistigh agus dá ngairmtear, leis, an Eaglais Mhethodisteach in Éirinn agus go raibh ar an gcódháil sin baill na Códhála Dleathaighe a bhí ceaptha mar theachtaire do réir chlás a trídéag den dintiúr aonraic, agus gur aca-san amháin a bhí an comhacht chun searmóinithe i gcaidreamh leis an Eaglais Mhethodistigh in Éirinn do leigean isteach, do dhíbirt agus do cheapa agus fós an comhacht chun deighleáil leis na nithe a freaschimeádtar don Chódháil Dhleathaigh agus gurb í an chódháil a dheighleálann le gach ní eile a eiríonn in Éirinn fé mar a foráltar sa chórú de thurus na huaire:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh Córú na hEaglaise Methodistighe in Éirinn do chur ar an rolla go cuibhe:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil foirgintí, séipéil, scoileanna, hallaí, measáistí agus tithe comhnaithe iomdha in áiteanna deifriúla in Éirinn i seilbh anois ag iontaobhaithe ar iontaobhaisí deifriúla chun úsáide pé searmóinithe i gcaidreamh leis an Eaglais Mhethodistigh in Éirinn, a cheapfadh an Chódháil Dhleathach o am go ham:

AGUS DE BHRÍ, mar gheall ar an gcó-nasca atá beartuithe a dhéanamh ar an Eaglais Mhethodistigh Wesleyigh agus ar Eaglaisí eile i Sasana, go mb'fhéidir go scuirfeadh an Chódháil Dhleathach de bheith ar bith gan ró-mhoill:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach gach comhacht agus gach údarás atá dílsithe sa Chódháil Dhleathaigh agus ínfheidhmithe aca maidir leis an Eaglais Mhethodistigh in Éirinn do bheith feasta dílsithe i gCódháil na hEaglaise Methodistighe in Éirinn agus infheidhmithe aca:

AGUS DE BHRÍ fén aonú chlás déag den dintiúr aonraic go bhforáltar nách ceaduithe éinne ach amháin Ministéirí in Ord Beannuithe in Eaglais Shasana do cheapa ar feadh breis agus trí bliana as déis a chéile chun úsáid agus tairbhe do bhaint as aon tséipéal agus go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfaí na teoranta san ar cheapacháin d'atharú mar a foráltar anso ina dhiaidh seo:

AGUS DE BHRÍ leis an Methodist Church in Ireland Act, 1915, gur cruthnuíodh cólucht chorparáideach go síor-chomharbas agus có-shéala fén ainm The Trustees of the Methodist Church in Ireland agus comhacht aca chun tailte, airgead, no maoin eile a tugadh, a leithlíodh no a cuireadh in áirithe dhóibh ar aon tslí eile do shealbhú agus do ghlaca chun iad d'úsáid do réir na n-iontaobhas a dearbhuíodh ina dtaobh no a bhaineann leo agus comhacht aca fós chun gníomhú mar iontaobhaithe cimeádtacha ar mhaoin a bheadh de thurus na huaire dílsithe sna nithe seo no ag gabháil leo, eadhon, na hiontaobhaisí agus na cistí uile agus fé seach a bhaineann leis an Eaglais no aon cheann aca, fé mar ordódh an Chódháil, fé réir mhuirir no oblagáide iontaobhais a dhéanfadh deifir dóibh agus chó fada is ná raghadh aon mhuirear no oblagáid iontaobhais speisialta ansan ar pé iontaobhaisí agus chun pé crícheanna d'ordódh an Chódháil o am go ham:

AGUS DE BHRÍ, maidir le maoin réalta a dineadh no a déanfar a dheona, a shanna no a fhágaint le huadhacht, no maoin phearsanta a dineadh no a déanfar a thabhairt no a fhágaint le huadhacht, ar iontaoibh chun críche no déarcais éigin a bhaineann leis an Eaglais Mhethodistigh in Éirinn, no chun sochair, chun úsáide no chun leasa don Eaglais sin, no do chuaird, séipéal, misiún, có-ghléasa, déarcas, no ciste éigin, no cuspóir éigin eile a bhaineann leis an Eaglais sin, go dtáinig no go dtiocfa sí o am go ham chun bheith dílsithe i ndaoine ná fuil ábalta no ná fuil toilteanach ar ghníomhú mar iontaobhaithe no ná gníomhuíonn no atá neamh-oiriúnach ar chúis éigin eile agus de bhrí gur maith an rud é i ngach cás den tsaghas san, marar ainmnigh na deontóirí, na huachtóirí ná na tabharthóirí na daoine sin go speisialta, é bheith dleathath don Chódháil a éileamh go ndéanfaí an mhaoin sin, pe'ca réalta no pearsanta dhi, a dhílsiú in iontaobhaithe na hEaglaise Methodistighe in Éirinn no d'aistriú chúcha:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, i gcás gach maoine réalta no maoine airnéis-réalta pe'ca haistríodh chúcha í roimhe seo no a gheobhaid í ina dhiaidh seo, lán-chomhacht do bheith ag Iontaobhaithe na hEaglaise Methodistighe in Éirinn, le cead na Códhála, í do dhíol, do dheona, do léasú, do mhorgáistiú, do mhalairtiú, no do chur dá láimh ar aon tslí eile agus fós comhacht do bheith aca iontaobhaithe áitiúla do cheapa chun aon mhaoin a bheidh dílsithe ionta do riara:

AGUS DE BHRÍ, i gcás maoine áirithe iontaobhais 'na bhfuil a hiontaobhaisí gan bheith dearbhuithe go dóthanach, gur maith an rud é, chun a chur in áirithe go mbeadh na hiontaobhaisí ar fad ar aon dul, comhacht do thabhairt d'iontaobhaithe aon mhaoine na hiontaobhaisí Reachtúla do ghlaca chúcha fé mar atáid anso ina dhiaidh seo:

AGUS DE BHRÍ gur dhin an Chódháil ag an gcruinniú bliantúil a bhí aca i mBaile Atha Cliath ag tosnú Dé Máirt, an 14adh lá de Mheitheamh, 1927, agus gur dhin an Chódháil Dhleathach ag an gcruinniú bliantúil a bhí aca i mBradford ar an 15adh lá d'Iúl, 1927, aontú leis na hatharuithe agus leis na leasuithe atá beartuithe a dhéanamh leis an Acht so:

AGUS DE BHRÍ gur mian leis an Eaglais Mhethodistigh in Éirinn, agus í ina cólucht aontuithe amháin agus baill agus maoin aice ar fuaid na hÉireann uile, go gcuirfí na crícheanna san in éifeacht tré Achtanna de sna Cóireacha Reachtúcháin fé seach 'na bhfuil údarás aca:

AGUS DE BHRÍ nách féidir na crícheanna roimhráite do chur in éifeacht gan údarás Oireachtais Shaorstáit Éireann:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht so maran rud é go bhfuil rud éigin san abhar no sa chó-théacs buiniscionn leis an gcéill sin: Cialluíonn an focal “an Eaglais” no “an Eaglais Mhethodisteach in Éirinn” an cólucht creidimh atá códhéanta tré sna cumainn uile agus fé seach in Éirinn de sna daoine ar a dtugtar Methodistigh sa chaidreamh do bhunuigh an tUrramach John Wesley nách maireann agus dá ngairmtear le chéile an Cumann Methodisteach Wesleyach in Éirinn do dhlúthú le Cumann Phríomhúil Mhethodisteach Wesleyach na hÉireann agus le pé daoine agus cumainn eile a ghabh no a cheangail leis o shoin no a gheobhaidh no a cheanglóidh leis ina dhiaidh seo.

Cialluíonn an focal “an Chódháil” no “an Chódháil Éireannach” códháil bhliantúil na hEaglaise agus í códhéanta d'ionaduithe do réir chórú na hEaglaise de thurus na huaire.

Cialluíonn an focal “an Chódháil Dhleathach” códháil bhliantúil na ndaoine ar a dtugtar Methodistigh a bunuíodh do réir fhorálacha dintiúir aonraic áirithe a dhin an tUrramach John Wesley, nách maireann, agus dar dáta an 28adh lá d'Fheabhra. 1784, códháil a comórtaí go nuige seo sa Bhreatain Mhóir.

Cialluíonn an focal “an dintiúr aonraic” an dintiúr aonraic adubhradh.

Cialluíonn an focal “an córú” córú na hEaglaise de thurus na huaire.

Cialluíonn an focal “Rún Speisialta” rún Códhála gur tugadh, ag an gCódháil roimhe sin, fógra ina thaobh do Rúnaí na Códhála agus a ritheadh ag mór-áireamh nár lú ná trí cheathrú de sna baill a bhí i láthair agus a vótáil ag cruinniú den Chódháil aon bhliain agus a daingníodh mar rún speisialta ag mór-áireamh nár lú ná trí cheathrú de sna baill a bhí i láthair agus a vótáil ag cruinniú den Chódháil do comóradh an chéad bhliain ina dhiaidh sin, ach gan níos lú ná leath de iomlán bhall na Códhála do bheith i láthair agus ag vótáil.

Cialluíonn an focal “Ministéir” searmónaí is ball den Chódháil, no a leigtear isteach i gcaidreamh leis an gCódháil.

Cialluíonn an focal “cuaird” líomatáiste a mínítear mar chuaird ag an gcódháil maraon leis an séipéal no na séipéil atá ann agus is cúram Ministéara a bheidh ceaptha do réir an chóruithe mar mhaor ar an gcéanna.

Cialluíonn an focal “Maor-Mhinistéir” an Ministéir a bheidh ceaptha do réir an chóruithe mar mhaor ar chuaird.

Cialluíonn an focal “na hIontaobhaithe Reachtúla” iontaobhaithe na hEaglaise Methodistighe in Éirinn mar atá sí ionchorparuithe leis an Methodist Church in Ireland Act, 1915.

Cialluíonn an focal “Iontaobhaisí Reachtúla” na hiontaobhaisi atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Comhachta agus údaráis dá ndílsiú sa Chódháil Éireannaigh agus dá bhfeidhmiú aici.

2. —O thosach feidhme an Achta so agus dá éis, na comhachta agus na húdaráis uile agus fé seach, a dearbhuíodh leis an dintiúr aonraic no le haon dintiúr no instruimid eile no Acht a bheith dílsithe sa Chódháil Dhleathaigh no infheidhmithe aici, beid, chó fada agus bhainid leis an Eaglais Mhethodistigh in Éirinn agus le crícheanna na hEaglaise sin, dílsithe sa Chódháil Éireannaigh agus infheidhmithe aici-se amháin do réir an chóruithe; agus pé uair a dintar tagairt don dintiúr aonraic no a hinchorparuítar é tuigfear é do bheith atharuithe agus leasuithe dá réir sin agus léireofar amhlaidh é.

Córú na hEaglaise.

3. —Sé ní is Córú na hEaglaise ná an Córú atá sa chéad sceideal a ghabhann le dintiúr aonraic áirithe, dar dáta an 12adh lá de Mhí na Nodlag, 1927, agus a dineadh i ndúbláid fé láimh agus fé shéala William Henry Smyth of Dewsbury, Earlswood Road, Béalfeirste, M.A., Uachtarán na hEaglaise Methodistighe in Éirinn agus Leas-Uachtarán na Códhála, agus a cuireadh ar an rolla go cuibhe san Ard-Chúirt Bhreithiúnais i Saorstát Éireann ar an 14adh lá de Mhí na Nodlag, 1927, agus san High Court of Justice i dTuaisceart Éireann ar an 15adh lá de Mhí de Nodlag, 1927, agus leanfidh an córú san mar chórú na hEaglaise fé réir pé atharuithe agus maille le pé leasuithe a déanfar o am go ham sa tslí a foráltar anso ina dhiaidh seo.

Leasú ar an gCórú.

4. —Beidh sé dleathach don Chódháil o am go ham an córú d'atharú no do leasú le rún speisialta ar pé slí is oiriúnach leis an gCódháil. Déanfar cóipeanna de gach rún speisialta den tsórt san, agus iad deimhnithe ag Uachtarán agus ag Rúnaí na Códhála de thurus na huaire mar fhíor-chóipeanna de rún a ritheadh agus a daingníodh go cuibhe mar rún speisialta, do chur ar an rolla go cuibhe, laistigh de thrí mhí o am dhaingnithe an rúin, sa tslí chéanna 'nar cuireadh ar na rolla an córú bunaidh atá sa dintiúr san den 12adh lá de Mhí na Nodlag, 1927, agus ar bheith curtha ar an rolla amhlaidh dóibh raghaidh an rún san i bhfeidhm ón dáta 'nar daingníodh é mar rún speisialta.

An Chódháil do dhéanamh faidiú ar na teoranna atá le Ceapacháin.

5. —Leanfaidh an Chódháil, do réir a córuithe de thurus na huaire, de sna ceapacháin uile do dhéanamh o bhliain go bliain, ach beidh sé dleathach don Chódháil—d'ainneoin éinní atá sa dintiúr aonraic no in aon dintiúr no instruimid eile—aon Mhinistéir do cheapa

(a) Chun úsáid agus tairbhe do bhaint as aon tséipéal no áitreabh, is leis an Eaglais no atá ar iontaoibh chun crícheanna na hEaglaise, ar feadh chúig mblian as déis a chéile no ar feadh pé tréimhse eile a bheidh socruithe sa chórú de thurus na huaire.

(b) Chun aon fhundúireachta no roinne no chun úsáid agus tairbhe do bhaint as aon áitreabh a dhearbhóidh an Chódháil do bheith á úsáid chun críche misiúin ar feadh aon mhéid blian as déis a chéile.

Comhacht chun Rialacha agus Rialacháin do dhéanamh i gcóir gnótha na Códhála.

6. —Beidh sé dleathach don Chódháil o am go ham rialacha agus rialacháin do dhéanamh, d'atharú agus do cheiliúra do réir mar a tuigfar a bheith oiriúnach chun a nós-imeachta do stiúra agus do rialú go generálta agus chun bainistí an ghnótha a cuirfar fé n-a gcúram do dhéanamh tré choistí no ar aon tslí eile, agus ina theanta san pé coistí agus pé méid díobh do cheapa is dó leo is gá no is mian leo agus fós gach ceann no aon cheann de sna comhachta, na discréidí no na húdaráis reachtúla no eile atá dílsithe ionta do leigean chun na gcoistí sin, ach amháin na cinn adeireann an tAcht so is gá d'fheidhmiú tré rún no tré rún speisialta ón gCódháil, agus, i bhfeidhmiú an gcomhacht, na ndiscréidí no na n-údarás a leigfear chun aon choiste a ceapfar amhlaidh, cólíonfidh an coiste sin aon rialacha no rialacháin a dhéanfidh an Chódháil o am go ham.

Maoin ar iontaoibh de dhilsiú in Iontaobhaithe Reachtúla.

7. —Más rud é, maidir le haon mhaoin réalta a dineadh no a déanfar a dheona, a shanna, no a fhágaint le huadhacht, no le haon mhaoin phearsanta a dineadh no a déanfar a thabhairt no a fhágaint le huadhacht, ar iontaoibh chun aon chríche no déarcais a bhaineann leis an Eaglais no chun sochair, chun úsáide no chun leasa don Eaglais, no d'aon Eaglais chuarda, séipéal, misiún, có-ghléasa, déarcas, ciste, no cuspóir eile a bhaineann leis sin, más rud é go mbeidh an mhaoin sin aon uair gan bheith dílsithe in iontaobhaithe a bheidh ceaptha go cuibhe ina n-ainm agus a bheidh ábalta agus toilteanach ar ghníomhú, beidh sé dleathach don Chódháil a dhearbhú tré rún go ndílseoidh an céanna sna hIontaobhaithe Reachtúla no go ndéanfar an céanna do dhílsiú ionta no d'aistriú chúcha agus ansan déanfid súd gach ní eile (más ann do) is gá chun éifeacht do thabhairt don rún san agus na daoine eile go léir (más ann dóibh) go mbeidh an mhaoin sin dílsithe ionta no go mbeidh sí ina gcimeád de thurus na huaire, déanfid í do leithliú, do shanna, no d'aistriú agus do thabhairt uatha láithreach do réir an rúin sin, agus beidh admháil na nIontaobhaithe Reachtúla ina leor-ghlana mhaith maidir leis an maoin a haistreofar do sna daoine a aistreóidh an mhaoin sin agus nuair a bheidh an mhaoin sin dílsithe sna hIontaobhaithe Reachtúla no aistrithe chúcha amhlaidh beidh sí ar seilbh aca ar na hiontaobhaisí a bhaineann leis an gcéanna.

Comhacht do sna hIontaobhaithe Reachtúla chun iontaobhaisí tora dhíola do dhíol, do mhorgáistiú do chur fé mhuirear, etc.

8. —D'ainneoin éinní atá sa dintiúr no san instruimid fé n-a sealbhuítear an céanna féadfidh na hIontaobhaithe Reachtúla, maidir le gach maoin atá dílsithe ionta pé saghas í agus pé áit ina bhfuil sí suidhte, gach ceann no aon cheann de sna comhachta so leanas d'fheidhmiú, sé sin le rá, féadfidh na hIontaobhaithe Reachtúla o am go ham le cead na Códhála an céanna no aon pháirt de do dhíol, do dheona ar feirm-dhílse, do léasú, do mhalairtiú no do chur dá láimh ar aon tslí eile ar pé téarmaí agus i pé slí is oiriúnach leo, no féadfid aon mhaoin a bheidh dílsithe ionta do mhorgáistiú agus féadfid gach connra do dhéanamh, gach urrús d'fheidhmiú, agus fós gach ní do dhéanamh is gá no is ceart chuige sin, agus féadfar gach cur-dá-láimh mar adubhradh do dhéanamh amuich is amach i gcomaoine aon phraghais no i gcomaoine aon chíosa bhliantúla no aon chíosanna bliantúla a déanfar iníoctha fé mar ordóidh na hIontaobhaithe Reachtúla no go leathrannach ar shuim airgid agus go leathrannach ar an gcíos no ar na cíosanna san mar adubhradh fé mar is oiriúnach leis na hIontaobhaithe Reachtúla, agus féadfidh na hIontaobhaithe Reachtúla ina dhiaidh sin aon chíos a déanfar iníoctha amhlaidh do dhíol agus as san amach déanfar aon chíos den tsaghas san agus an tora a gheobhfar as aon chur-dá-láimh den tsaghas san do shealbhú ar na hiontaobhaisí a bhí go dtí san ag baint leis an maoin gur cuireadh dá láimh amhlaidh í.

Iontaobhaithe Áitiúla do cheapa.

9. —Beidh sé dleathach do sna hIontaobhaithe Reachtúla le cead na Códhála iontaobhaithe áitiúla do cheapa o am go ham tré dhintiúr chun aon mhaoin a bheidh de thurus na huaire dílsithe sna hIontaobhaithe Reachtúla do riara do réir iontaobhaisí na maoine sin agus beidh sé dleathach dóibh aon am ceiliúra do dhéanamh ar an gcuma gcéanna ar cheapa na n-iontaobhaithe áitiúla san go léir no ar cheapa éinne dhíobh agus gach iontaobhaí áitiúil a ceapfar amhlaidh beidh air cuntas do thabhairt do sna hIontaobhaithe Reachtúla.

Socrú i gcóir iontaobhaisí reachtúla agus i gcóir maoine do dhílsiú ortha.

10. —Beidh sé dleathach do sna hiontaobhaithe, no do mhóráireamh—nách lú ná trí-cheathrú a líon—de sna hiontaobhaithe, 'na mbeidh, aon tráth, aon Eaglais, séipéal, tigh mhinistéara, no aon mhaoin eile réalta no áirnéis-réalta dílsithe ar iontaoibh don Eaglais no d'aon déarcas no chun aon chríche a bhaineann leis sin, dintiúr do dhéanamh á dhearbhú, maidir leis an maoin a bheidh ar seilbh acu amhlaidh, gur ar na hiontaobhaisí reachtúla atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bheidh sí ar seilbh as san amach agus leis sin beidh an mhaoin sin agus tuigfear í do bheith as san amach ar seilbh ar na hiontaobhaisi agus maraon leis na comhachta agus fé réir na bhforálacha a dearbhuítear agus atá sa Sceideal san in ionad na n-iontaobhaisí gur ortha, na gcomhacht gur maraon leo, agus na bhforálacha gur fé n-a réir a bhí sí ar seilbh roimhe sin.

Fínnéacht nósimeachta.

11. —Déanfar cóip d'aon toiliú, aontú, ceadú, breith, rún no rún speisialta ón gCódháil no o aon choiste den Chódháil a bheidh sighnithe ag Uachtarán no ag Leas-Uachtarán, no ag Leas-Uachtarán gníomhathach, agus ag Rúnaí no ag Rúnaí gníomhathach na Códhála de thurus na huaire, do ghlaca mar fhínnéacht prima facie gur tugadh, gur dineadh, no gur ritheadh go cuibhe, do réir mar bheidh, an toiliú, an t-aontú, an ceadú, an bhreith, an rún no an rún speisialta san agus fós ar dhleathacht an chéanna i ngach Cúirt agus i láthair gach Breithimh, oifigigh agus duine is cuma cé hé.

Cosaint do chearta, etc., Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla in Éirinn.

12. —Ní léireofar éinní atá san Acht so mar ní a dhineann teorannú no ciorrú ar chearta, ar chomhachta no ar phríbhléidí Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla in Éirinn no a dhéanfidh, gan a n-aontú, deifir d'aon mhaoin atá dílsithe ionta no fé n-a gcúram.

Gearr-theideal.

13. —Féadfar Acht Eaglais na Methodisteach in Éirinn, 1928 , do ghairm den Acht so.