Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ORDU CHUAN NA GAILLIMHE, 1930.)

2 1930


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1930.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1930.


ACHT CHUN ORDÚ CHUAN NA GAILLIMHE, 1930, DO DHAINGNIÚ. [9adh Mí na Nodlag, 1930.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis Ordú Chuan na Gaillimhe, 1930, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fén General Pier and Harbour Act, 1861, agus fén General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, mar a hoiriúnuíodh iad leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922):

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAcht san ná beidh aon dleathacht ná feidhm in aon chor ag an Ordú san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-dleathacht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh um Piara agus Cuan, 1930 , do ghairm den Acht so.