Ar Aghaidh (SCEIDEAL)

2 1933


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1933.


ACHT CUIDEACHTAN ROILIGE GENERÁLTA BHAILE ÁTHA CLIATH, 1933.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CHUIDEACHTAN ROILIGE GENERÁLTA BHAILE ÁTHA CLIATH A ROILIG DO MHÉADÚ, CHUN NA gCOMHACHT ATÁ ACU CHUN AIRGID DO SHOLÁTHAR DO LEATHNÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [17adh Iúl, 1933.]

Roimhrá.

DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht do ritheadh sa tSiosón Pháirliminte do bhí ar siúl sa 4adh bliain agus sa 5adh bliain de réimeas an Cheathrú Rí Liam, Caibideal 65, Acht dar teideal “An Act for Establishing a General Cemetery in the Neighbourhood of the City of Dublin” (Acht dá ngairmtear “Acht 1834” anso feasta), daoine áirithe do chur le chéile i gCuideachtain fén ainm “The General Cemetery Company of Dublin” (dá ngairmtear “an Chuideachta” anso feasta) agus a údarú dhóibh sin suim £12,000 do chruinniú tré scaireanna agus £9,000 d'fháil ar iasacht tré mhorgáiste agus tailte nár mhó ná cúig acra fichead do cheannach agus do shealbhú chun críche an ghnótha san. tailte bhí le dílsiú in iontaobhaithe bhí le hainmniú ag stiúrthóirí na Cuideachtan:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht do ritheadh sa tSiosón Pháirliminte do bhí ar siúl sa 37adh bliain agus san 38adh bliain de réimeas na Bainríona Victoria, Caibideal 28, Acht dar teideal “An Act to enable the General Cemetery Company of Dublin to enlarge their Cemetery to raise a further sum of money and for other purposes” (Acht dá ngairmtear “Acht 1874” anso feasta), a údarú don Chuideachtain píosa beag talmhan ina raibh timpeal cúig acra agus a tuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san do shealbhú i dteanta na dtailte do húdaruíodh le hAcht 1834 do cheannach agus go ndearnadh leis an Acht céanna ailt 36 go 39 go huile d'Acht 1834, ailt a bhaineann le hairgead a bhí le fáil ag an gCuideachtain ar iasacht tré mhorgáiste, d'athghairm agus comhacht do thabhairt don Chuideachtain caipital breise nár mhó ná £8,000 do chruinniú tré seaireanna no tré stoc agus £5,000 d'fháil ar iasacht tré mhorgáiste agus tailte breise nár mhó ná acra is fiche, ceathrú acra, agus fiche péirse do cheannach agus do shealbhú:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Chuideachta tar éis roilige ina bhfuil timpeal seacht n-acra is dachad do dhéanamh agus do mhéadú do réir na gcomhacht san in aice le Cros an Araldaigh, i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus fós go bhfuilid i seilbh an phíosa bhig thalmhan ina bhfuil timpeal cúig acra agus a tuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1874:

AGUS DE BHRÍ gur gá, de bhíthin an mhéaduithe atá tagtha ar líon na ndaoine i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath, tuilleadh spáis do chur ar fáil chun na marbh d'adhlacadh agus go bhfuil sé oiriúnach an roilig sin do leathnú agus do mhéadú tuilleadh agus a údarú don Chuideachtain tailte agus maoin áirithe atá teoranta leis an roilig sin agus a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do cheannach chun na críche sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, toise a dheacra atá sé dáréag stiúrthóirí oiriúnacha mar a horduítear he halt 70 d'Acht 1834 d'fháil, cead do thabhairt don Chuideachtain líon na stiúrthóirí do laigheadú ach san do dhéanamh i slí nách lugha ná seisear an líon minimum:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach forálacha alt 77 agus 81 d'Acht 1834 do leasú sa mhéid go mbainid le héinne go bpáirt no leas in aon chonnradh fén gCuideachtain do thoghadh chun bheith no do leanúint de bheith ina stiúrthóir agus le stiúrthóirí do ghlacadh aon chonnartha no le páirt no leas do bheith acu in aon chonnradh fén gCuideachtain, ach gan an leasú san do dhéanamh i sli cheadódh d'aon stiúrthóir den tsórt san vótáil maidir le haon chonnradh den tsórt san:

AGUS DE BHRÍ nách gá a thuilleadh don Chuideachtain táillí adhlacain d'íoc le beinifísigh pharóistí agus go bhfuil sé oiriúnach an Chuideachta d'fhuascailt o íoc an chéanna agus o dhualgaisí eile ina thaobh san a horduítear le hailt 90 go 96 go huile d'Acht 1834:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Chuideachta tar éis suime £17,000 den chaipital údaruithe de £20,000 do chruinniú tré seaireanna agus ná fuil aon airgead dlite ortha tré mhorgáiste, agus go bhfuil sé oiriúnach comhachta na Cuideachtan chun airgid nách mó ná suim £5,000 d'fháil ar iasacht tré mhorgáiste do leathnú i slí go mbeidh ar chumas na Cuideachtan suim nách mó ar fad ná £10,000 d'fháil ar iasacht tré mhorgáiste:

AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh go cuibhe le Príomh-Chléireach Oifig na mBillí Príobháideacha plean ar a dtaisbeántar na tailte theastuíonn, no is féidir do thógaint, chun crícheanna no fé chomhachta an Achta so agus leabhar eolais ina bhfuil ainmneacha na ndaoine atá ina n-únaerí no in ainm bheith ina n-únaerí no ina léasaithe no in ainm bheith ina léasaithe agus na ndaoine atá ina sealbhairí ar na tailte sin, plean agus leabhar dá ngairmtear anso feasta an plean lóisteálta agus an leabhar eolais lóisteálta fé seach:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach na comhachta eile luaidhtear san Acht so do bhronnadh ar an gCuideachtain:

AGUS DE BHRÍ nach féidir na crícheanna roimhráite do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar chun gach críche Acht Cuideachtan Roilige Generálta Bhaile Atha Cliath, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Déanfar an tAcht so, Acht 1834 mar a leasuítear san le hAcht 1874 agus leis an Acht so, agus Acht 1874 mar a leasuítear san leis an Acht so do léigheamh agus beidh éifeacht acu mar aon Acht amháin agus féadfar chun gach críche Achtanna Cuideachtan Roilige Generálta Bhaile Atha Cliath, 1834 go 1933, do ghairm díobh.

Achtanna d'ionchorprú.

2. —Deintear Achtanna na gClásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid bunoscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear san leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 , gus an atharú go bhfolóidh an abairt “bunathóirí an ghnótha” an Chuideachta, agus an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh, mar a leasuítear san amhlaidh, gus an atharú go bhfolóidh an abairt “public authority” an Chuideachta, deintear iad d'ionchorprú leis an Acht so.

Earráidí, nithe ar lár, etc., sa phlean no sa leabhar eolais do cheartú.

3. —Má bítear tar éis éinní d'fhágaint ar lár no tar éis aon mhí-ráiteas no tuairisc earráideach do thabhairt sa phlean lóisteálta no sa leabhar eolais lóisteálta, i dtaobh aon tailte theastóidh chun crícheanna an Achta so no i dtaobh únaerí, léasaithe no sealbhairí aon tailte den tsórt san, beidh sé dleathach don Chuideachtain tar éis fógra deich lá do thabhairt d'únaerí, do léasaithe agus do shealbhairí na dtailte le n-a mbainfidh an ceartú san a bheidh beartaithe a iarraidh ar Bhreitheamh Chuarda dá mbeidh ceaptha de thurus na huaire do Chathair agus do Chontae Bhaile Atha Cliath an céanna do cheartú agus má chítear don Bhreitheamh Chuarda san éinní den tsórt san do bheith fágtha ar lár no aon mhí-ráiteas no tuairisc carráideach den tsórt san do bheith tugtha deimhneoidh san dá réir sin agus luadhfaidh sa deimhniú san na mion-innste i dtaobh éinní do fágadh ar lár amhlaidh agus an tslí in ar tugadh mí-ráiteas no tuairisc carráideach i dtaobh aon chúrsa den tsórt san agus lóisteálfar an deimhniú san le Prímh-Chléireach Oifig na mBillí Príobháideacha agus coimeádfaidh an cléireach san an deimhniú san i dteanta na scríbhinní eile le n-a mbaineann sé, agus leis sin tuigfear an plean lóisteálta no an leabhar eolais lóisteálta do bheith ceartuithe do réir an deimhnithe sin agus féadfaidh an Chuideachta aon tailte no maoin a theastóidh uatha do thógaint do réir an deimhnithe sin.

Comhacht chun tuilleadh tailimh do cheannach i gcóir na roilige.

4. —Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an Chuideachta no na hiontaobhaithe don Chuideachtain a bheidh ceaptha de thurus na huaire do réir Achta 1834 (dá ngairmtear na hiontaobhaithe san Acht so) dul isteach ar iomlán na dtailte agus na maoine no ar aon chuid de sna tailte agus den mhaoin a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a taisbeántar ar an bplean lóisteálta agus a tuairiscítear sa leabhar colais lóisteálta bhaineann leis an gcéanna agus an céanna no an chuid sin do cheannach agus do thógaint, agus bainfidh na comhachta agus na forálacha uile atá in Acht 1834, mar a leasuítear san le hAcht 1874 agus leis an Acht so, ach amháin na cinn maidir le teorainn do bheith leis an méid tailte bheidh ar seilbh ag an gCuideachtain, bainfid leis na tailte sin agus beid infheidhmithe ina dtaobh.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

5. —(1) Ní cheannóidh an Chuideachta ná ní thógfaid chúcha féin, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar ortha leis an Acht so, in aon líomatáiste áitiúil aon tigh ná tithe do bhí, ar an 1adh lá d'Eanar, 1932, no atá ón dáta san, no a bheidh ina dhiaidh seo, ar seilbh, i bpáirt no go hiomlán, ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an Chuideachta—

(a) aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí (dá ngairmtear an tAire san alt so) d'fháil le scéim (dá ngairmtear sceim nua-árus comhnaithe san alt so) chun árus comhnaithe nua do chur ar fáil do sna dacine chomhnuíonn sna tithe sin no do pé méid no cion de sna daoine sin is dóich leis an Aire, tar éis fiosrúcháin, is gá, ag cuimhneamh do ar an méid daoine chomhnuíonn sna tithe go mbeidh a seilbh le tógaint, agus a bhíonn ag obair laistigh de mhíle uatha, agus ar an méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh agus oiriúnach i ngar-chomhursanacht na dtithe go mbeidh a seilbh le tógaint, no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní eile bhaineann leis an scéal, agus

(b) urrús le n-a mbeidh an tAire sásta do thabhairt ar an scéim nua-árus comhnaithe sin do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar aontú an Aire le haon scéim nua-árus comhnaithe do thabhairt gan coinníoll no ar coinníoll agus tar éis don Aire aontú le haon scéim den tsórt san féadfaidh o am go ham aontú le haon atharuithe ar an scéim sin gan coinníoll no ar coinníoll.

(3) I ngach scéim nua-árus comhnaithe beidh forálacha—

(a) ag ordú na haimsire gur laistigh di do bhéarfar an scéim chun críche;

(b) á cheangal, i dtaobh na n-árus comhnaithe nua beifear ar aigne do chur ar fáil fén scéim sin, go mbeid do réir caighdeán le n-a n-aontóidh an tAire; agus

(c) á cheangal go mbeidh na háruis chomhnaithe nua san oiriúnach ar gach slí chun comhnaithe ionta sara gcuirfear as ionad na daoine chomhnuíonn sna tithe gur de dhruim a gceannuithe no a dtógtha ba ghá an scéim sin do dhéanamh.

I gcás aon scéime nua-árus comhnaithe féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a cheadú gan a gceangaltar le mír (c) den fho-alt so do chur isteach sa scéim sin, agus féadfar an cead san do dheonadh ar pé coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart sa chás.

(4) Gach foráil a bheidh i scéim nua-árus comhnaithe, agus gach coinníoll gur fé n-a réir a acntuigh an tAire le n-a leithéid de scéim, agus fós gach coinníoll ar ar cheaduigh an tAire gan a gceangaltar le mír (c) den fho-alt san roimhe seo do chur isteach i scéim den tsórt san beid infheidhmithe tré rit mhandamus a gheobhaidh an tAire ón Ard-Chúirt.

(5) Má thógann an Chuideachta aon tigh no tithe chúcha féin no má ghabhaid seilbh an chéanna chun crícheanna de chrícheanna Achtanna Cuideachtan Roilige Generálta Bhaile Atha Cliath, 1834 go 1933, contrárdha don alt so, no má dheinid no má chuirid fé ndeár na daoine chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha dá gceangaltar le scéim nua-árus comhnaithe dlighfear pionós chúig céad púnt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san, agus féadfaidh an tAire an pionós san do bhaint amach le haicsean san Ard-Chúirt.

Féadfaidh an Ard-Chúirt más oiriúnach san léi, in aon aicsean a bunófar fén bhfo-alt so, an pionós a forchuirtear leis an bhfo-alt so do laigheadú.

Déanfar gach airgead a bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt so d'íce isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(6) Chun scéime nua-árus comhnaithe do thabhairt chun críche féadfaidh an Chuideachta seilbh aon talmhan do ghabháil is leo de thurus na huaire no ’na bhfuil comhacht acu chun é do thógaint chúcha féin.

(7) Chun scéime nua-árus comhnaithe do thabhairt chun críche féadfaidh an Chuideachta pé talamh a theastóidh uatha do cheannach, agus chun crícheanna an cheannaigh sin beidh alt 202 den Public Health (Ireland) Act, 1878, alt 203 den Acht chéanna mar atá san leasuithe le fo-alt (1) d'alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , beid ionchorpruithe leis an Acht so agus bainfid leis an gCuideachtain do cheannach talmhan chun críche aon scéime den tsórt san agus san ar gach slí díreach fé is dá mba údarás sláintíochta do réir bhrí an Public Health (Ireland) Act, 1878, an Chuideachta agus gur cheann de chrícheanna an Achta san an scéim sin.

(8) Féadfaidh an Chuideachta pé áruis chomhnaithe don lucht oibre, is gá chun críche seéime nua-árus comhnaithe, do thógáil ar aon talamh is leo no do cheannuíodar no do thógadar fén Acht so no fé aon Ordú Sealadach a bheidh daingnithe go cuibhe agus a bheidh déanta fé aon achtachán agus dá bhuadh a hionchorpruítear, tríd seo, leis an Acht so agus féadfaid na háruis chomhnaithe sin agus aon talamh do ceannuíodh no do tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú, do chur ar cíos no do chur dá láimh ar shlí eile.

(9) Gach talamh ar a mbeidh an Chuideachta tar éis aon fhoirgintí do thógáil no do chur ar fáil do réir scéime nua-árus comhnaithe cuirfear i leithreas é chun críche na bhfoirgintí sin ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead ón dáta ar ar aontuigh an tAire leis an scéim sin agus cúlscríobhfar ar gach leithliú, léas no aistriú déanfar no deonfar o am go ham i rith na tréimhse sin maidir leis an talamh san fógra i dtaobh na talmhan le n-a mbaineann sé do bheith fé réir an leithreasuithe sin.

Más oiriúnach leis é féadfaidh an tAire aon uair a cheadú go bhfágfar gach ní no éinní dá gceangaltar leis an bhfo-alt so gan cólíonadh fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) ordóidh sé.

(10) Féadfaidh an Chuideachta aon airgead, go mbeidh údarás acu é do chruinniú no é do chur chun crícheanna generálta a ngnótha, do chur chun gach ceann no aon cheann de chrícheanna an ailt seo (eadhon, crícheanna chun ar féidir le ceart caipital do chur).

(11) Féadfaidh an tAire pé fiosrúcháin do dhéanamh is oiriúnach leis chun crícheanna a chomhacht agus a dhualgas fén alt so agus beidh feidhm ag fo-airtiogail (1) agus (3) d'airtiogal 32 den sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, chun críche aon fhiosrúcháin den tsórt san fé is dá mba údarás áitiúil fén Ordú san an Chuideachta.

(12) Íocfaidh an Chuideachta leis an Aire an tsuim sin a dheimhneoidh an tAire do bheith có-ionann le méid na gcostas agus na gcaiteachas fé n-a ndeachaidh maidir le haon Ordú Sealadach d'iarraidh agus d'ullamhú, agus é do dhéanamh agus do dhaingniú, fé aon achtachán a hionchorpruítear leis an Acht so.

(13) Aon tigh a cheannóidh an Chuideachta no a thógfaid chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna scéime nua-árus comhnaithe, agus do bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chúig bliana roimh an Acht so do rith, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur fé sna comhachta bronntar leis an alt so do tógadh amhlaidh é agus go raibh sé, an 1adh lá san d'Eanar, 1932, ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh an tighe sin ar dháta a cheannuithe no a thógtha.

Maran féidir don Aire a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin do bhí i seilbh an tighe sin ar dháta an cheannuithe no an tógtha san tuigfear an tigh sin do bheith ar an dáta san ar seilbh ag oiread daoine agus is dóich leis an Aire do gheobhadh slí agus cóiríocht ann.

(14) San alt so—

cialluíonn agus foluíonn an abairt “líomatáiste áitiúil” bailecheanntar no tuathcheanntar, buirg no contae-bhuirg;

cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh a bhíonn i seilbh mar árus comhnaithe fé leith;

cialluíonn an abairt “lucht oibre” meicneoirí, ceárdaithe, oibritheoirí, agus daoine eile bhíonn ag obair ar phágh, hácaerí, toradh-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine, seachas seirbhísigh tighis, nách mó a meán-ioncum in aon chás ná trí fichid scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aon-tigheas leo.

Tréimhse chun tailte do cheannach go héigeanta.

6. —Ní déanfar comhachta na Cuideachtan no na n-iontaobhaithe, chun tailte do cheannach go héigeanta chun crícheanna an Achta so, d'fheidhmiú tar éis deireadh trí mblian o am an Achta so do rith.

Comhachta chun bóthar, lánaí no cosán do dhúnadh.

7. —Féadfaidh an Chuideachta gach bóthar, lána no cosán do dhúnadh atá laistigh de theoranta na dtailte a húdaruítear leis an Acht so do thógaint agus gach ceart slí in aon bhóithre, lánaí no cosáin den tsórt san no ortha do chur ar ceal agus féadfaid seilbh do ghabháil ar ithir agus ar ionad an chéanna agus iad san do chur chun crícheanna na Cuideachtan: Ach ní údaróidh an t-alt so don Chuideachtain an cosán dá dtagartar sa phlean lóisteálta agus sa leabhar eolais lóisteálta do dhúnadh ná an ceart slí puiblí sa chosán san no air do chur ar ceal ná cur isteach air, agus fós ní dhéanfaidh ní ar bith atá san Acht so cur isteach ná atharú ar na cearta atá ag Ard-Mhéara Ro-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath maidir leis an gcúrsa uisce luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná atharú ar éinní ná deifir d'éinní atá sna hAchtanna bhaineann le hoibreacha, uisce Ard-Mhéara Ró-Onóraigh, Seanóirí agus Buirgéiseach san Bhaile Atha Cliath.

Comhacht chun tailimh do leithliú ná beidh ag teastáil chun crícheanna adhlaicthe.

8. —Beidh ag an gCuideachtain, chun leithliú agus léasú do dhéanamh ar na coda san uile de sna tailte tuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1874 agus de sna tailte tógfar fé údarás an Achta so ná beidh ag teastáil chun corp d'adhlacadh ionta, na comhachta céanna bronntar ar an gCuideachtain le halt a haon déag d'Acht 1874 maidir le tailte a húdaruítear le hAcht 1874 do cheannach.

Comhacht chun bóthar chun na roilige do leathnú no d'fheabhsú.

9. —Féadfaidh an Chuideachta aon bhóithre no lánaí théigheann chun na roilige agus is oiriúnach leo do leathnú do d'fheabhsú: Ach ní dhéanfaidh an Chuideachta aon bhóthar ná lána den tsórt san do leathnú ná d'fheabhsú gan toiliú a únaera más bóthar no lána príobháideach é no gan toiliú na ndaoine ina bhfuil bainstí an bhóthair na an lána san dílsithe do réir dlí más bóthar no lána puiblí é.

Comhachta chun có-aontuithe do dhéanamh chun bóthar do leathnú no d'fheabhsú.

10. —Féadfaidh an Chuideachta agus únaer no an té ag á bhfuil bainistí aon bhóthair no lána den tsórt san roimhráite na có-aontuithe sin do dhéanamh is oiriúnach leo chun a chur ar chumas na Cuideachtan aon bhóthar no lána den tsórt san do leathnú no d'fheabhsú agus chun an chéanna do choinneáil i dtreo.

Láithreán do chur in áirithe i gcóir bóthair nua.

11. —Chun a chur ar chumas Ard-Mhéara Ró-Onóraigh, Seanóirí agus Buirgéiseach Bhaile Átha Cliath, i gcás gur mian leo aon uair i rith na tréimhse luaidhtear anso ina dhiaidh seo bóthar nua do dhéanamh o Bhóthar Chnoc Arguis go tailte Rathland Thiar tríd na tailte no trasna na dtailte tógfar fén Acht so, an chuid sin de sna tailte tógfar fé údarás an Achta so agus is gá chun an bhóthair nua san do dhéanamh do thógaint chúcha féin, cuirfidh an Chuideachta in áirithe go ceann tréimhse deich mblian o am an Achta so do rith stráice talmhan a bheidh dachad troigh ar leithead agus díreach teoranta le láithreán an fhalla thógfaidh an Chuideachta do réir forálacha ailt 12 den Acht so fan teorann tailte Arguis atá ar seilbh ag Sagairt na Páise: Ach más rud é, de bhíthin aon chlaonta do dhéanamh ar an mbóthar nua san, go ndeighilfear aon chuid de sna tailte tógfar fén Acht so agus go mbeidh an chuid sin idir an bóthar nua do claonadh amhlaidh agus teora tailte Arguis agus go gcinnfidh an Chuideachta an chuid deighilte sin do dhíol no do leigint as a seilbh beidh de rogha ag Sagairt na Páise an chuid deighilte sin do cheannach ar phraghas a socrófar (cheal có-aontuithe) le headrascán.

Príobhái l Chnoc Arguis do bhuanchoimeád.

12. —Sara ndéanfar aon chuid de sna tailte tógfar fé údarás an Achta so d'úsáid chun corp d'adhlacadh inti no, í gcás an bhóthair nua dá dtagartar in alt 11 den Acht so do dhéanamh, sara ndéanfar an bóthar nua san déanfaidh an Chuideachta falla concréit no saoirseachta naoi dtroithe ar aoirde do thógáil agus do chur suas mar fhalla teorann idir na tailte bheidh tógtha fé údarás an Achtá so agus tailte sin Arguis agus ar na céad tailte luaidhtear ach díreach ar theorainn na dtailte sin Arguis: Ach má dheineann Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath an stráice talmhan a chuirfidh an Chuideachta in áirithe mar a foráltar le halt san 11, no aon chuid de, do thógaint chúcha féin chun an bhóthair sin do dhéanamh tuigfear gur le Sagairt na Páise an falla teorann san maraon le n-a láithreán.

Ní raghaidh sochraidí isteach sa roilig o Bhóthar Chnoc Arguis.

13. —Ní dhéanfaidh an Chuideachta, gan léir-údarás ar n-a thabhairt ag an Oireachtas, bealach do shochraidí d'oscailt isteach sa roilig o aon chuid de Bhóthar Chnoc Arguis ná o aon chuid de bhóthar nua ar bith, a déanfar ar aon pháirt den talamh a tógfar do réir an Achta so, chun sochraidí thiocfaidh chun na roilige o Bhóthar Chnoc Arguis do leigint isteach.

Comhacht chun líon na Stiúrthóirí do shocrú tré rún Chruinnithe Ghenerálta.

14. —Féadfaidh an Chuideachta o am go ham i gcruinniú generálta dhóibh an líon stiúrthóirí do shocrú agus a ordú cá líon díobh a raghaidh as oifig do réir uainíochta i ndeireadh gach bliana agus beidh feidhm ag ailt 70 agus 73 d'Acht 1834 fé is dá ndeintí an líon stiúrthóirí shocróidh agus ordóidh an Chuideachta amhlaidh i gcruinniú generálta dhóibh do chur in ionad na n-uimhreacha “twelve” agus “three” luaidhtear sna hailt sin fé seach: Ach ní bheidh an líon stiúrthóirí socrófar amhlaidh níos lugha na seisear agus má téightear thar an uimhir sin ní bheidh sé nios lugha ná naonúr agus má téightear thar an uimhir sin ní bheidh sé níos lugha ná dáréag agus ní bheidh an líon stiúrthóirí a socrófar amhlaidh níos mó ná dáréag i gcás ar bith.

Ní bheidh Stiúrthóiri dhéanfaidh connradh leis an gCuideachtain dí-cháilithe má nochtar saghas an leasa.

15. —D'ainneoin éinní atá in ailt 77 agus 81 d'Acht 1834 ní bheidh stiúrthóir ar bith dí-cháilithe, de bhíthin a oifige, chun aon chonnartha do dhéanamh leis an gCuideachtain no chun páirte no leasa do bheith aige in aon chonnradh fén gCuideachtain ná ní déanfar aon chonnradh ná socrú dhéanfaidh an Chuideachta no déanfar thar ceann na Cuideachtan agus aon tsaghas páirte no leasa ag aon stiúrthóir ann do chur ar nea-mbrí, ná ní bheidh éinne dhéanfaidh connradh amhlaidh no ag á mbeidh páirt no leas amhlaidh dí-cháilithe chun é do thogha no do leanúint no do ghníomhú mar stiúrthóir, ná ní dhlighfidh de bhíthin na hoifige sin do shealbhú ná de bhíthin an iontaobhais a thagann as san cuntas do thabhairt don Chuideachtain i dtaobh aon bhrabúis do gheobhfar de bharr aon chonnartha no socruithe den tsórt san, má deintear saghas a leasa do nochtadh ag an gcruinniú de sna stiúrthóirí gur aige cinnfear an connradh no an socrú san, i gcás a leas do bheith ar bith an tráth san, no in aon chás eile ag an gcéad chruinniú de sna stiúrthóirí tar éis do a leas d'fháil, ach ní ceaduithe do stiúrthóir, mar stiúrthóir, vótáil maidir le haon chonnradh no socrú den tsórt san ina mbeidh páirt no leas aige amhlaidh mar adubhradh. Beidh fógra generálta á rá gur ball de thigh gnótha no de chuideachtain áirithe stiúrthóir agus gur tuigthe leas do bheith aige in aon ghnó déanfar ina dhiaidh sin leis an tigh gnótha no leis an gcuideachtain sin, beidh san, má tuairiscítear é i mion-tuairiscí na stiúrthóirí, ina leor-nochtadh fén alt so, agus ní gá tar éis an fhógra ghenerálta san aon fhógra speisialta do thabhairt i dtaobh aon ghnótha áirithe déanfar leis an tigh gnótha no leis an gcuideachtain sin.

Ailt d'Acht 1834 d'athghairm.

16. —Deintear ailt 90 go 96 go huile d'Acht 1834, i dtaobh na Cuideachtan d'íoc táillí adhlacain le beinifísigh pharóistí agus i dtaobh nithe eile bhaineann leis na táillí sin, deintear leis seo iad d'athghairm.

Alt d'Acht 1834 do leasú.

17. —Léighfear agus léireofar alt 97 d'Acht 1834 fé is dá ndeinti na focail “The auditor or auditors of the Company” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “Two at least of the auditors of the Company” i pé áit san alt san ina bhfuil na focail deiridh sin.

Na comhachta chun iasachta d'fháil do leathnú.

18. —Déanfar alt 20 d'Acht 1874 do leasú tríd an bhfocal “ten” do chur isteach in ionad an fhocail “five” atá ann agus déanfar comhacht na Cuideachtan chun iasachta d'fháil do leathnú dá réir sin.

Cosaint d'Achtanna 1834 agus 1874.

19. —Ní chuirfidh éinní atá san Acht so isteach ar chódhéanamh, ar oibriú, ar rialú inmheánach ná ar chomhachta na Cuideachtan fé Acht 1834 agus fé Acht 1874, ná ní dhéanfaidh forálacha Achta 1834 ná forálacha Achta 1874 d'atharú ar shlí ar bith seachas mar a foráltar go soiléir leis an Acht so.

Costaisí an Achta.

20. —Isí an Chuideachta íocfaidh na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí uile bhaineann agus a ghabhann leis an Acht so d'iarraidh agus do rith agus i dtaobh ullmhuithe ina gcóir sin.