Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Ordú Sláintíochta Poirt Chorcaighe, 1943.)

1 1944


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1944.


AN tACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA ÓN ROINN RIALTAIS ÁITIÚIL AGUS SLÁINTE POIBLÍ, 1944.

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH DAINGNITHE AR ORDÚ SLÁINTÍOCHTA POIRT CHORCAIGHE AGUS AR ORDÚ SEALADACH CHATHAIR PHORTLÁIRGE (LEATHNÚ TEORANN), 1944. [3ú Deireadh Fómhair, 1944.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí taréis Ordú Sláintíochta Poirt Chorcaighe, 1943, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe fá na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, ach ná beidh éifeacht ag an Ordú san go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAire sin taréis Ordú Sealadach Chathair Phortláirge (Leathnú Teorann), 1944, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fá Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939) , ach ná beidh éifeacht ag an Ordú san go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Ordú Sláintíochta Poirt Chorcaighe, 1943, do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo Ordú Sláintíochta Poirt Chorcaighe, 1943, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

Ordú Sealadach Chathair Phortláirge (Leathnú Teorann), 1944, do dhaingniú.

2. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chathair Phortláirge (Leathnú Teorann), 1944, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Daingnithte Orduithe Sealadacha ón Roinn Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, 1944, do ghairm den Acht so.