An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1953) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL DA DTAGARTAR SAN ORDU ROIMHE SEO. An Límistéir de Chontae Bhaile Atha Cliath a cuirtear de bhreis le Cathair Bhaile Atha Cliath.)

1 1953

ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1953

AN SCEIDEAL.

OrdÚ Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (TÓrainn a LeathnÚ), 1953.

DE BHRÍ, de bhun ailt 27 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , gur chuir Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath, ag gníomhú dhóibh tríd an gComhairle, faoi deara achainí a thíolacadh don Aire Rialtais Áitiúil, an Tríú lá d'Iúil, 1951, ag iarraidh Orduithe Shealadaigh ag leathnú tórann Chathair Bhaile Atha Cliath chun na coda a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis seo de Chontae Bhaile Atha Cliath d'fholú ann:

AGUS DE BHRÍ nach cuid de Bhuirg Dhún Laoghaire na coda sin den Chontae sin:

AGUS DE BHRÍ gur chuir an tAire faoi deara, tar éis dó an t-iarratas sin d'fháil, fiosrúchán áitiúil a dhéanamh i dtaobh ábhair an iarratais:

AGUS DE BHRÍ gur bhreithnigh an tAire aon uiríolla a rinne Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath leis:

AGUS DE BHRÍ gur cuí leis an Aire éifeacht a thabhairt don togra a bhí san iarratas sin, arna mhodhnú, agus na forála atá san Ordú seo a dhéanamh i dtaobh na nithe a luaitear i bhfo-alt (7) den alt sin 27:

ANOIS, AR AN ÁBHAR SIN, i bhfeidhmiú na gcumhacht a dílsíodh ann le halt 27 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , ordaíonn an tAire leis seo mar leanas:—

Teideal.

1. Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953, is teideal don Ordú seo.

Tosach feidhme.

2. Tiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm an lú lá d'Aibreán, 1953, nó, i gcás gan dlí a dhéanamh, an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Orduithe seo, pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Mínithe.

3. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn “an Bardas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an Chathair” Contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an Contae” Contae Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtaís Áitiúil;

ciallaíonn “an límístéir bhreise” an límistéir a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis seo; ciallaíonn “an tórainn atá anois ann” tórainn na Cathrach mar bheas sí díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo;

ciallaíonn “tosach feidhme an Orduithe seo” an lá a thiocfas an tOrdú seo i bhfeidhm.

(2) Sa Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo, déanfar tagairt do líne arna tarraingt feadh aon bhóthair nó fáil, ach amháin i gcás a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, d'fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt feadh láir an bhóthair nó an fháil.

Tórainn na cathrach a leathnú.

4. (1) Ar tosach feidhme an Orduithe seo agus dá éis sin, beidh an límistéir bhreise arna baint den Chontae agus de dhlínse agus de chumhachta na Comhairle Contae agus beidh sí arna cur leis an gCathair agus uaidh sin amach folófar an límistéir sin sa Chathair agus beidh sí ina cuid den Chathair chun gach críche agus beidh tórainn na Cathrach leathnaithe dá réir.

(2) Aon fhoirgint a mbeidh tórainn na Cathrach mar leathnaítear í leis an Ordú seo ag gabháil tríthi nó trí aon chuid di, measfar í a bheith laistigh den tórainn sin.

Léarscála oifigiúla d'ullmhú.

5. (1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála trí chóip de léarscáil, ar pé scála oiriúnach agus ar pé uimhir oiriúnach de bhilleoga ar leithligh a cheadós an tAire, a thaispeánfas, i slí oiriúnach a cheadós an tAire, an límistéir bhreise agus an Chathair, agus séalóidh sé gach ceann faoi leith de na léarscála sin agus taiscfidh ceann de na léarscála sin i bpríomh-oifig an Choimisinéara sin, in oifig an Bhardais, agus in oifigí na Comhairle Contae faoi seach.

(2) Nuair a taiscfear na léarscála sin amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara sin, an Bhardais, agus na Comhairle Contae faoi seach, coimeádfar sna hoifigí sin iad, agus beidh na léarscála sin nó cóipeanna dílse dhíobh ar fáil chun a n-iniúchta in aisce sna hoifigí sin ag aon duine aon uair a bheas na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin, don Bhardas, agus don Chomhairle Chontae faoi seach cóip dhílis den léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe dhi, d'ullmhú agus a thabhairt d'aon duine a iarrfas í agus pé suim a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'éileamh ar an gcóip sin.

(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBardas agus ar an gComhairle Chontae, faoi seach, aon uair a iarrfas aon Chúirt Bhreithiúnais é, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin alt seo d'ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin d'fhíoradh don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n'oifigigh, agus, ar aon chóip den tsórt sin a thabhairt ar aird agus d'fhíoradh don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dochloíte ar thórainn na límistéire breise (a mhéid a taispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhm.

Coigeartú airgeadais idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas.

6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas, ó am go ham do réir mar is gá, comhaontú a dhéanamh ar choigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú comhaontaithe san Airteagal seo) i dtaobh aon ábhair nó ruda is gá a choigeartú idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas de dhroim an límistéir bhreise a chur leis an gCathair agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Ordú seo agus, go sonrach, féadfaid coigeartú comhaontaithe den tsórt sin a dhéanamh i dtaobh maoine, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhar i gcaingean), a bheas dílsithe sa Chomhairle Chontae nó ar únaeracht aici nó ar iontaobhas di agus a bheas, go hiomlán nó go páirteach, sa límistéir bhreise nó in aon chuid áirithe di nó ag baint léi sin agus i dtaobh fiach agus dliteanas (lena n-áirítear fiacha morgáiste, muirir a bunaíodh le reacht, dliteanais faibhritheacha agus dliteanais ionchais agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conartha) a bheas dlite ón gComhairle Chontae agus gan íoc aici nó curtha suas agus gan urscaoileadh aici agus a bhainfeas, go hiomlán nó go páirteach, leis an límistéir bhreise nó le haon chuid áirithe di.

(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh maoine a fhoráil go gcoimeádfaidh an Chomhairle Chontae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó go n-úsáidfidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, i dtráthchuid nó i dtráthchoda, ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae as an maoin sin a choinneáil, d'aistriú, nó d'úsáid i gcomhpháirt.

(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh aon fhéich nó dliteanais eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Chontae nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas sa bhfiach nó sa dliteanas sin idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, i dtráthchuid nó i dtráthchoda, ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae i leith an fhéich nó an dliteanais sin.

(4) Aon uair a theipfeas ar an gComhairle Chontae agus ar an mBardas comhaontú ar choigeartú cothromasach i dtaobh aon ábhair nó ruda d'fhéadfadh a bheith ina ábhar coigeartuithe chomhaontaithe faoin Airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an gComhairle Chontae nó an Bardas dá iarraidh sin agus tar éis dó pé fiosrúchán áitiúil (más ann) is cuí leis a dhéanamh, coigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú éigeantach san Airteagal seo) i dtaobh an ábhair nó an ruda sin agus féadfaidh le coigeartú den tsórt sin aon fhoráil a dhéanamh i dtaobh an ábhair nó an ruda sin d'fhéadfaí a dhéanamh faoin Airteagal seo le coigeartú comhaontaithe.

(5) Beidh éifeacht ag gach coigeartú comhaontaithe agus ag gach coigeartú éigeantach do réir a théarmaí agus beidh sé inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBardas agus ag an gComhairle Chontae faoi seach in aghaidh a chéile.

Cúiteamh i méadú ualaigh.

7. (1) Íocfaidh an Bardas leis an gComhairle Chontae gach bliain ar feadh tréimhse de chúig bliana déag suim i leith an mheán-mhéaduithe bhliantúil (más ann) san ualach a cuirfear go cuí ar rát-íocóirí an Chontae faoi chomhair an chostais faoina raghaidh an Chomhairle Chontae i bhfeidhmiú aon chinn dá gcumhachta agus dá ndualgais de dhroim tórainn na cathrach a leathnú leis an Ordú seo.

(2) Cinnfear na nithe seo a leanas trí chomhaontú idir an Bardas agus an Chomhairle Contae:—

(a) méid na suime sin agus an tréimhse nó na tréimhsí ar dá réir a ríomhfar an meán-mhéadú bliantúil san ualach;

(b) modh agus trátha íoctha na suime sin.

(3) Má theipeann ar an mBardas agus ar an gComhairle Chontae comhaontú ar na nithe a sonraítear sa bhfo-airteagal roimhe seo, déanfaidh an tAire, ar an mBardas nó an Chomhairle Chontae dá iarraidh sin, méid na suime sin, agus modh agus trátha íoctha na suime sin, a cheapadh.

Rúin, etc. a bhaineas leis an límistéir bhreise.

8. Gach rún a rithfeas, gach ordú a dhéanfas, agus gach fógra a sheirbheálfas an Chomhairle Chontae roimh thosach feidhme an Orduithe seo maidir leis an límistéir bhreise nó le haon chuid di nó le haon ní a bheas déanta nó le déanamh inti, agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha ná caite roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith aige, a mhéid a bhainfeas sé leis an límistéir bhreise nó le haon chuid di nó le haon ní a bheas déanta nó le déanamh inti amhail is dá mba rún é a ritheadh, ordú a rinneadh nó fógra a seirbheáladh ag an mBardas ar an dáta a ritheadh, a rinneadh nó a seirbheáladh ag an gComhairle Chontae é agus amhail is dá mbeadh an límistéir bhreise curtha cheana leis an gCathair ar an dáta sin.

Leabhair ghiúróirí sa chathair agus sa chontae.

9. Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas sa Chathair agus sa Chontae maidir le hullmhú leabhar giúróirí, le hullmhú painéal giúróirí agus le toghairm ghiúróirí agus maidir leis na painéil óna dtoghfar giúróirí chun sain-cheisteanna a thriail ag Cúirt nó ag Breitheamh a shuífeas sa Chathair nó sa Chontae:—

(a) go dtí go mbeidh an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm sa Chathair nó an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm sa Chontae (lena n-áirítear an límistéir bhreise), ar thosach feidhme an Orduithe seo, ídithe, leanfaidh an dlí a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo de bheith i bhfeidhm agus comhlíonfar é amhail is nach dtáinig an tOrdú seo i ngníomh, agus

(b) nuair a bheas, agus a luaithe a bheas, ceann de na leabhair ghiúróirí sin ídithe tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, measfar an ceann eile de na leabhair ghiúróirí sin a bheith ídithe agus tiocfaidh leabhair nua ghiúróirí i bhfeidhm láithreach sa Chathair agus sa Chontae.

Forála speisialta chun críocha na nAchta Luachála.

10. Sa mhéid go mbaineann sé leis an límistéir bhreise, measfar, chun críocha na nAcht Luachála, gur cuireadh chun an Bhardais an liosta luachála athbhreithnithe is déanaí a fuair an Chomhairle Chontae ón gCoimisinéir Luachála roimh thosach feidhme an Orduithe seo.

Ranníoc don bhliain 1953/54 le Coistí Gairm-Oideachais.

11. (1) Is é luach inrátuithe an líomatáiste muirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla 1953/54 an luacháil inrátuithe ar dá réir a ríomhfar méideanna uasta agus méideanna íosta an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha le Coiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Atha Cliath agus le Coiste Gairm-Oideachais Chontae Bhaile Atha Cliath de bhun ailt 43 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , i leith na bliana airgeadais áitiúla sin ag an mBardas agus ag an gComhairle Chontae faoi seach.

(2) San Airteagal seo—

tá leis an abairt “líomatáiste muirir” agus leis an abairt “ranníoc áitiúil bliantúil” an bhrí atá leo i gCuid IV den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

Coigeartú ar an deontas talmhaíochta.

12. (1) An chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an mBardas faoi alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, is £4,610 a bheas inti in ionad na suime a sonraítear i bhfo-alt (6) d'alt 4 d'Acht 1939.

(2) An tsuim £53,871 adeirtear sa dara colún den Sceideal a ghabhas le hAcht 1939 atá iníoctha leis an gComhairle Chontae, déanfar, chun críocha feidhme an Sceidil sin maidir leis an deontas talmhaíochta, í a laghdú suim £2,250 go dtí £51,621.

(3) San Airteagal seo ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) , arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1940 (Uimh. 21 de 1940) .

Comhaltaí den Chomhairle Contae a chosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.

13. Comhalta den Chomhairle Chontae a scoirfeas de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil sa Chontae de bhíthin an límistéir bhreise d'fholú sa Chathair, ní bheidh sé, de bhíthin an scortha sin amháin, dícháilithe chun leanúint i seilbh oifige mar chomhalta den Chomhairle go dtí gnáth-dháta scortha comhaltaí na Comhairle Contae tar éis an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle Contae a comórfar tar éis tosach feidhme an Orduithe seo.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúil an Séú lá déag seo d'Fheabhra, Míle, Naoi gCéad, Caoga a Trí.

PADRAIG MAC GABHANN,

Aire Rialtais Áitiúil.