1 1960


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1960.


AN tACHT UM INSTITIÚID INNEALTÓIRÍ SIBHIALTA NA hÉIREANN (CAIRT A LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]


ACHT DO LEASÚ NA CAIRTE FAOINAR CORPRAÍODH INSTITIÚID INNEALTÓIRÍ SIBHIALTA NA hÉIREANN IONAS GO LEATHNÓFAR CUSPÓIRÍ NA hINSTITIÚIDE AGUS GO nATHRÓFAR NA FORÁLACHA A BHAINEANN LE COMHALTAS A COMHAIRLE.   [24 Márta, 1960.]

Réamhrá.

DE BHRÍ gur bunaíodh Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann mórán blianta roimh an mbliain 1877 chun foghlaim an chineáil sin eolais a bhaineann le gairm Innealtóirí Sibhialta agus le gairm Innealtóirí Meicniúla a chur chun cinn agus chun Eolaíocht Innealtóireachta agus Eolaíocht Mheicniúil a chur ar aghaidh i gcoitinne.

AGUS DE BHRÍ, trí Chairt nó Litreacha Paitinne faoi Shéala Mór na hÉireann dar dáta an 15ú lá de Dheireadh Fómhair 1887, agus a dheonaigh a Soilse nach maireann an Bhanríon Victoria, go ndearnadh daoine áirithe a ainmníodh ansin agus cibé daoine eile a bhí an uair sin, nó a bheadh aon uair dá éis sin, ina gcomhaltaí den Institiúid sin a chorprú san aon-chomhlacht polaiteach agus corpraithe amháin faoin ainm “The Institution of Civil Engineers of Ireland” chun foghlaim an chineáil sin eolais a chur chun cinn a bhaineann le gairm Innealtóirí Sibhialta agus le gairm Innealtóirí Meicniúla agus chun Eolaíocht Innealtóireachta agus Eolaíocht Mheicniúl a chur ar aghaidh go speisialta agus leis an gCairt gur tugadh cumhachtaí áirithe don Chorparáid agus go ndearnadh forálacha áirithe i gcóir rialú agus bainistí ginearálta gnóthaí na hInstitiúide.

AGUS DE BHRÍ, mar gheall ar fhás agus forbairt brainsí eile Eolaíochta Innealtóireachta nach bhfuil ar áireamh cuspóirí na hInstitiúide mar atá leagtha amach sa Chairt, gur fóirstineach go leathnófaí cuspóirí na hInstitiúide mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo.

AGUS DE BHRÍ gur fóirstineach freisin go ndéanfaí na forálacha den Chairt a bhaineann le comhaltas Comhairle na hInstitiúide a athrú mar a fhoráiltear leis an Acht seo.

AGUS DE BHRÍ nach féidir na cuspóirí réamhráite a chur i gcrích gan údarás an Oireachtais.

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:—

ciallaíonn an abairt “an Chairt” Cairt Ríoga Chorpraithe Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann a deonaíodh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1877.

ciallaíonn an abairt “an Institiúid” an comhlacht corpraithe a comhrinneadh leis an gCairt.

Méadú ar an gcumhacht chun gairm na hinnealtóireachta a thabhairt faoi réim na hInstitiúide agus chun eolaíochtaí innealtóireachta a chur ar aghaidh go speisialta.

2. Déanfar an méad sin den Chairt a fhorálann gurb iad cuspóirí na hInstitiúide foghlaim an chineáil sin eolais a chur chun cinn a bhaineann le gairm Innealtóirí Sibhialta agus le gairm Innealtóirí Meicniúla agus Eolaíocht Innealtóireachta agus Eolaíocht Mheicniúil a chur ar aghaidh go speisialta a fhorléiriú ionann is dá bhforáladh sé gurb iad cuspóirí na hInstitiúide foghlaim an chineáil sin eolais a bhaineann le gairm na hInnealtóireachta a chur chun cinn agus eolaíochtaí Innealtóireachta a chur ar aghaidh go speisialta.

Fodhlíthe d'fhorordú líon uasta comhaltaí na Comhairle.

3. D'ainneoin aon ní sa Chairt,

(1) féadfaidh Fodhlíthe na hInstitiúide ó am go ham líon uasta comhaltaí na Comhairle (seachas an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin, agus an Rúnaí agus gan iad sin a áireamh) a fhorordú, agus nach mbeidh líon comhaltaí na Comhairle (seachas an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin agus an Rúnaí agus gan iad sin a áireamh) níos mó, ón tráth agus tar éis an trátha a achtófar aon Fhodhlí den sórt sin, ná an líon uasta a fhorordófar amhlaidh ná níos lú ná fiche a haon;

(2) féadfaidh Fodhlíthe na hInstitiúide ó am go ham a fhorordú gurb é a bheidh i líon áirithe (nach lú ná ceathrar) de chomhaltaí na Comhairle Iar-Uachtaráin don Institiúid a cheapfaidh an Chomhairle ó am go ham, de réir na bhFodhlíthe sin, chun gníomhú mar chomhaltaí den Chomhairle agus ar shlí go measfar na hIar-Uachtaráin sin a cheapfar amhlaidh a bheith, le linn dóibh oifig a shealbhú faoi na ceapacháin sin, ina gcomhaltaí den Chomhairle chun an líon uasta agus an líon íosta a ríomh agus chun gach críche eile. Ar choinníoll i gcónaí, más lú ná ceathrar aon tráth an líon Iar-Uachtarán a bheidh ábalta agus toilteanach ar ghníomhú mar chomhaltaí den Chomhairle, go ndéanfar an líon íosta Iar-Uachtarán a bheidh le ceapadh amhlaidh a laghdú go dtí an líon Iar-Uachtarán atá ábalta agus toilteanach ar ghníomhú.

Bainistí gnóthaí na hInstitiúide a bheith ag an gComhairle.

4. Is ag an gComhairle, ar a mbeidh an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin, an Rúnaí, agus líon nach mó ná an líon uasta a bheidh forordaithe de thuras na huaire leis na Fodhlíthe, ná nach lú ná comhalta is fiche eile, agus í comhdhéanta de réir an Achta seo a bheidh stiúradh agus bainistí gnóthaí na hInstitiúide agus na cearta agus na dualgais a thugtar don Chomhairle de réir na Cairte.

Lan-chumhacht agus lán-dlínse a bheith ag an gComhairle láithreach nó go dtoghfar comhaltaí.

5. Go dtí go dtoghfar comhaltaí na Comhairle mar chomhdhéantar í faoi fhorálacha an Achta seo, beidh ag an gComhairle, mar atá sí comhdhéanta faoi láthair, lán-chumhacht agus lándlínse chun gnóthaí na hInstitiúide a bhainistí mar a fhoráiltear sa Chairt.

An Chairt a dhaingniú i slite eile.

6. Ach amháin sa mhéad a leasaítear agus a leathnaítear leis seo í, leanfaidh an Chairt de lán-fheidhm agus de lán-éifeacht a bheith aici.

Caiteachas leasaithe na Cairte a sholáthar

7. Íocfaidh an Institiúid as cistí na hInstitiúide an costas na muirir agus an caiteachas faoina ndeachthas roimh ré chun an tAcht seo a ullmhú, a fháil agus a rith agus a bhain agus a ghabh lena ullmhú, lena fháil agus lena rith.

Gearrtheideal.

8. Féadfar an tAcht um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo.