Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An tOrdú Sealadach um Chontae Lú agus Buirg Dhroichead Átha (Teorainneacha), 1976.)

1 1976


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1976


AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1976

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE SHEALADAIGH UM CHONTAE LÚ AGUS BUIRG DHROICHEAD ÁTHA (TEORAINNEACHA), 1976. [20 Nollaig, 1976]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis an tOrdú Sealadach um Chontae Lú agus Buirg Dhroichead Atha (Teorainneacha), 1976, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhéanamh go cuí faoin Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, ach nach mbeidh éifeacht leis an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Daingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú Sealadach um Chontae Lú agus Buirg Dhroichead Atha (Teorainneacha), 1976, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Ordaithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1976 , a ghairm den Acht seo.