2 1922

Uimhir 2 de 1922.


ACHT UM OIRIÚNÚ ACHTANNA, 1922.


ACHT CHUN ACHTANNA ÁIRITHE DE PHÁIRLIMINT NA BREATAINE GO BHFUIL FEIDHM DLÍ ACA I SAORSTÁT ÉIREANN AGUS CHUN RIALACHA, ORDUITHE AGUS RIALACHÁIN REACHTÚLA ÁIRITHE AGUS CONNARTHA ÁIRITHE DO LÉIRIÚ AGUS DO CHUR IN OIRIÚINT DO CHÚRSAÍ SHAORSTÁIT ÉIREANN. [20adh Mí na Nodlag, 1922.]

DE BHRÍ go bhforálann Airtiogal 73 de Bhun-reacht Shaorstáit Éireann na dlithe a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann le linn teacht i ngníomh don Bhun-reacht san do leanúint i lánneart agus i lán-fheidhm gan dochar don Bhun-reacht san agus sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis, go dtí go n-ath-ghairmfear no go leasófar gach ceann no aon cheann aca le hachtú den Oireachtas:

AGUS DE BHRÍ go mbeidh feidhm dlí i Saorstát Éireann de bhuadh an Airtiogail 73 roimh-ráite ag na hAchtanna uile do rith Páirlimint na Breataine agus do bhí i bhfeidhm ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922 (an dáta a tháinig an Bunreacht roimh-ráite i bhfeidhm) san líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach na hAchtanna san agus na horduithe, na rialacha agus na rialacháin uile a déanfar fútha do léiriú agus do chur in oiriúint i slite áirithe chun go mbeidh lán-neart agus lán-fheidhm ag na hAchtanna san i Saorstát Éireann:

AGUS DE BHRÍ gur mhaith an ní é foráil do dhéanamh chun leanúint de sna connartha Rialtais atá ar fionnraí:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Prímh-Chiste Shaorstáit Éireann do chur in ionad an Ciste Códhlúite.

1. —(1) An Ciste atá luaidhte in Airtiogal 61 de Bhun-reacht Shaorstáit Éireann mar an t-aon chiste amháin a dhéanfaidh d'fháltas uile Shaorstáit Éireann gan dochar do ní áirithe mar a luaidhtear ann glaofar “Prímh-Chiste Shaorstáit Éireann” air agus is mar sin aithneofar é, agus féadfar mar chomhgar “An Prímh-Chiste” do ghairm de in aon Acht den Oireachtas no in aon Riail no Ordú Reachtúil no in aon scríbhinn stáit no scríbhinn oifigiúil eile.

(2) Nuair a éilíonn no a cheaduíonn an có-théacs é déanfar gach luadh agus tagairt don Chiste Chó-dhlúite atá in aon Reacht Briotáineach do léiriú agus d'fheidhmiú mar luadh agus mar thagairt do An Phrímh-Chiste i dtaobh aon ghníomha, ruda no ní do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, i Saorstát Éireann fén Reacht san no dá réir.

‘ Stát-Chiste” agus “Árd-Scrúdóir” do mhíniú.

2. —Nuair a cheaduíonn no a éilíonn an co-théacs é déanfar gach luadh no tagairt don Stát-Chiste no don Árd-Scrúdóir atá in aon Reacht Briotáineach do léiriú agus d'fheidhmiú fé seach mar luadh no mar thagairt do Stát-Chiste Shaorstáit Éireann no d'Árd-Scrúdóir Shaorstáit Éireann fé mar a theastóidh i dtaobh aon ghníomha, ruda no ní do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, i Saorstát Éireann fén Reacht san no dá réir.

Ciallóidh an ainm “Ireland” Saorstát Éireann.

3. —Chun críche léirithe aon Reachta Bhriotáinigh ciallóidh an ainm “Ireland” Saorstát Éireann, pe'ca bheidh “Ireland” ’na aonar no i dteanta na habairte “Great Britain” no go dtuigfear é do bheith foluithe san abairt “United Kingdom.”

An “Dublin Gazette” do mhíniú.

4. —Déanfar gach luadh no tagairt don Dublin Gazette atá in aon Reacht Briotáineach do léiriú agus d'fheidhmiú mar luadh no mar thagairt don Iris Oifigiúil i dtaobh aon ghníomha, ruda no ní do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh i Saorstát Éireann tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922.

Oireachtas do chur in ionad Páirlimint.

5. —(1) Déanfar gach luadh no tagairt do Pháirlimint no do sna Tighthe Páirliminte araon no do gach ceann no d'aon cheann aca atá in aon Reacht Briotáineach do léiriú mar luadh no mar thagairt don dá Thigh no do gach ceann no d'aon cheann aca no don Tigh chó-réire (fé mar a theastóidh) den Oireachtas i dtaobh aon ghníomha, ruda no ní do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, i Saorstát Éireann agus léireofar dá réir sin an focal “Parliamentary” i ngach Reacht dá shórt.

(2) Gach luadh no tagairt do thairisgint dileagra dá Shoillse ó sna Tighthe Páirliminte araon no ó gach ceann no aon cheann aca atá in aon Reacht Briotáineach léireofar agus feidhmeofar iad ón 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, mar luadh no mar thagairt do rún do rith Tighthe an Oireachtais araon no gach ceann no aon cheann aca no an Tigh có-réire (fé mar a theastóidh).

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é Seanad Éireann an Tigh Oireachtais atá ar có-réir le Tigh na dTiarnaí de Pháirlimint na Breataine agus tuigfear gurb í Dáil Éireann an Tigh Oireachtais atá ar có-réir le Tigh na gCoitiannach de Pháirlimint na Breataine.

(4) In ainneoin éinní dá mhalairt atá san Alt so ciallóidh agus folóidh an abairt “Act of Parliament” atá in aon Reacht Briotáineach Acht de Pháirlimint na Breataine no Acht den Oireachtas, fé mar a theastoidh.

Feidhmeoidh Giúistísí Dúithche Comhachta Giúistísí Síochána agus Giúistísí Comhnuithe.

6. —(1) Gach comhacht, údarás agus dualgas do bronnadh no do cuireadh le haon Reacht Briotáineach ar Ghiúistís no ar bheirt no níos mó Giúistísí ag gníomhú le chéile ní dhéanfaidh an Giúistís ná na Giúistísí sin iad d'fheidhmiú ná do chó-líona tar éis rithte an Achta so agus ’na n-ionad san féadfaidh aon Ghiúistís Dúithche amháin gach comhacht no údarás dá sórt d'fheidhmiú agus déanfa sé gach dualgas dá shórt do chó-líona i dtaobh aon ghníomha, ruda no ní a bheidh le déanamh nó le fágaint gan déanamh tar éis rithte an Achta so.

(2) Gach comhacht, údarás agus dualgas do bronnadh no do cuireadh le haon Reacht Briotáineach ar Ghiúistís Chomhnuithe no ar bheirt no níos mó Giúistísí Comhnuithe ag gníomhúle chéile ní dhéanfaidh an Giúistís ná na Giúistísí sin iad d'fheidhmiú ná do chó-líona tar éis rithte an Achta so agus ’na n-ionad san féadfaidh aon Ghiúistís Dúithche amháin gach comhacht no údarás dá sórt d'fheidhmiú agus déanfa sé gach dualgas dá shórt do chó-líona i dtaobh aon ghníomha, ruda no ní a bheidh le déanamh no le fágaint gan déanamh tar éis rithte an Achta so.

(3) San alt so (a) foluíonn an focal “Giúistís” an abairt “Giúistís Síochána,” agus ní chialluíonn ná ní fholuíonn sé Giúistís Roinne de Chathair Bhaile Atha Cliath, agus ní dhéanfaidh éinní san alt so difríocht do chomachta, d'údarás ná do dhualgaisí na nGiúistísí Roinne sin; (b) cialluíonn an abairt “Giúistís Dúithche” Giúistís do ceapadh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, fén Reacht Briotáineach, 6 & 7 William IV., Caibideal 13.

Comhacht chun Coimisinéirí do bhunú chun feidhmiú i Saorstát Éireann.

7. —(1) Pé áit ina raibh Bórd reachtúil Coimisinéirí no aon chólucht reachtúil eile le n-a mbaineann an t-alt so, ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus agá raibh údaráis, comhachtanna no dualgaisí ar fuaid iomláine no coda den Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí agus ina raibh an líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é, féadfaidh an Árd-Chomhairle, le hOrdú, Bórd Coimisinéirí do bhunú chun na feidhmeanna san d'fheidhmiú i Saorstát Éireann, a bhí infheidhmithe ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, ag na Coimisinéirí reachtúla san no ag an gcólucht reachtúil sin mar roimh-ráite san líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é.

(2) I bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an alt so, féadfaidh an Árd-Chomhairle gach ceann no aon cheann d'údaráis, de chomhachtanna agus de dhualgaisí dhá cheann no breis de sna Búird reachtúla san de Choimisinéirí no de sna cóluchtaí reachtúla san mar roimh-ráite do bhronna no do chur ar aon Bhórd Coimisinéirí fé leith a bunófar fén alt so; agus féadfaidh sí údaráis, comhachtanna agus dualgaisí aon Choimisinéirí reachtúla no aon chóluchta reachtúla den tsórt san do roinnt ar dhá cheann no breis de Bhúird Choimisinéirí a bunófar fén alt so: Ar choiníoll ná tiocfaidh i bhfeidhm aon Ordú dá ndéanfaidh an Árd-Chomhairle do réir an fho-ailt seo mara ndéanfar agus go dtí go ndéanfar é do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é do mhola le rún ó gach Tigh díobh.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an Árd-Chomhairle aon Bhórd Coimisinéirí do bhunú fén alt so, cuirfidh an Árd-Chomhairle i mbaint leis an mBórd san, le hOrdú bunuithe an Bhúird sin, na Reachtanna Briotáineacha iomdha maraon le pé oiriúnuithe agus atharuithe ortha a bheidh riachtanach a rialuíonn na Búird Choimisinéirí no an cólucht no na cóluchtaí eile go ndineann an t-Ordú san a n-údaráis, a gcomhachtanna no a ndualgaisí no aon cheann aca do bhronna no do chur ar an mBórd san.

(4) Baineann an t-alt so le haon Bhórd reachtúil Coimisinéirí no le haon Bhórd no cólucht reachtúil eile a fheidhmíonn aon fheidhm rialúcháin no a chó-líonann aon dualgaisí puiblí a bhaineann le riara puibli.

Comhacht chun Cistí fé leith do bhunú do Shaorstát Éireann.

8. —(1) I gcás aon chiste reachtúla a bhí ann ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus é ag fónamh chun crícheanna a bhain le hiomlán no le cuid den Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí agus ina raibh an líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é, féadfaidh an Árd-Chomhairle le hOrdú ciste do bhunú chun fónamh chun na gcrícheanna gcéanna i Saorstát Éireann go raibh an ciste reachtúil sin ag fónamh chúcha sa líomatáiste roimh-ráite ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.

(2) Aon uair a bhunóidh an Árd-Chomhairle ciste fén alt so chun fónamh chun crícheanna ciste reachtúla ar bith, cuirfidh an Árd-Chomhairle i mbaint leis an gciste sin, le hOrdú bunuithe an chiste sin, na hAchtanna iomdha de Pháirlimint na Breataine a rialuíonn an ciste reachtúil sin agus iad oiriúnuithe agus atharuithe mar a bheidh riachtanach.

Féadfaidh an t-Aire um Airgead Deontaisí, etc., do roinnt.

9. —Pé áit, fé aon Reacht Briotáineach, go n-orduítear no go n-údaruítear don Chisteán aon deontas, bíodh sé bliantúil no mar bhun-airgead, no aon iasacht no aon roimh-íoc d'íoc as an gCiste Có-dhlúite no go n-orduítear no go n-údaruítear don Chisteán no d'aon Roinn eile Rialtais íoc mar sin as aon chiste eile no go n-údaruítear don Chisteán no d'aon Roinn eile Rialtais aon tsuim airgid d'fháil ar iasacht agus go bhfuil méid no teora méide no luighid an deontais, na hiasachta, an roimhíoca no na suime airgid sin socair ag an Reacht san no ar aon nós eile i gcóir iomláine nó aon choda den Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí agus ina raibh an líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é, féadfaidh an t-Aire um Airgead (i dteanta na n-oiriúnuithe a déanfar ar an Reacht san leis no fén Acht so) le hOrdú an méid no an teora san do roinnt idir Shaorstát Éireann agus an chuid eile den líomatáiste gur socruíodh an méid sin no an teora san ’na thaobh mar roimh-ráite, agus féadfa sé leis an Ordú san socrú do dhéanamh ar mhéid no ar theora méide no luighid (fé mar a bheidh) an deontais no na hiasachta no an roimh-íoca no na suime airgid sin a bheidh le n'íoc no le fáil ar iasacht fén Reacht san i Saorstát Éireann.

Orduithe i gComhairle.

10. —Pé áit ina bhforáltar in aon Reacht Briotáineach go ndéanfar aon ghníomh no ní no go bhféadfar iad do dhéanamh le hOrdú i gComhairle no leis an Rí (no an Bhainríoghain) i gComhairle no le Furógra ón Rí (no ón mBainríoghain) no ón Rí (no ón mBainríoghain) i gComhairle, féadfar gach gníomh no ní den tsórt san do dhéanamh i Saorstát Éireann le hOrdú ó Sheanascal Shaorstáit Éireann ar chomhairle Árd-Chomhairle Shaorstáit Éireann.

Oiriúnuithe Generálta ar Thagartha do Ranna Rialtais.

11. —(1) Gan dochar ná díobháil do sna hoiriúnuithe áirithe a dintear leis an Acht so no a déanfar le haon Ordú a déanfar fé údarás an Achta so, gach luadh no tagairt atá in aon Reacht Briotáineach d'aon Aire, Oifigeach, Roinn no Údarás de Rialtas na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanaí no den Rialtas Briotáineach a bhí in Éirinn mar aon le Fear Ionaid an Rí ag feidhmiú feidhmeanna léireofar agus feidhmeofar iad i dtaobh aon ghníomha ruda no ní do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, mar luadh no mar thagairt don Aire, don Oifigeach, don Roinn no don Údarás i Saorstát Éireann a fheidhmíonn i Saorstát Éireann feidhmeanna atá ionann no ar có-réir leis na feidhmeanna d'fheidhmíodh an t-Aire, an t-Oifigeach, an Roinn no an t-Údarás san de Rialtas na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanaí no den Rialtas Briotáineach a bhí in Éirinn roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, i dtaobh an líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é: ach ní bhainfidh an t-alt so le haon fhoráil atá in aon Reacht den tsórt san i dtaobh luach saothair aon Aire no oifigigh eile.

(2) Má éiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca Aire, ce'ca Oifigeach, ce'ca Roinn no ce'ca Údarás a fheidhmíonn i Saorstát Éireann feidhmeanna atá ionann no ar có-réir leis na feidhmeanna d'fheidhmíodh aon Aire, Oifigeach, Roinn no Údarás de Rialtas na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanai no den Rialtas Briotáineach a bhí in Éirinn, socróidh Uachtarán na hArd-Comhairle an cheist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith.

Comhacht don Árd-Chomhairle chun tuille Oiriúnuithe do dhéanamh.

12. —(1) Na hoiriúnuithe no na hatharuithe sin uile, generálta no áirithe, ar aon Reacht Briotáineach a bheidh riachtanach do réir oipineoin na hÁrd-Chomhairle chun lán-fheidhm agus lánéifeacht do bheith ag an Reacht san i Saorstát Éireann féadfaidh Árd-Chomhairle Shaorstáit Éireann iad do dhéanamh ó am go ham le hOrdú

(2) Féadfar aon oiriúnú no atharú den tsórt a luaidhtear san alt so do dhéanamh in ainneoin é bheith foluithe no déanta le haon oiriúnú no atharú generálta a dintar leis an Acht so ach ní déanfar fén alt so aon oiriúnú ná atharú a bheidh buiniscionn le haon oiriúnú no atharú a dintar leis an Acht so.

Na hAchtanna Custuim do chur in oiriúint do theorainn talaimh.

13. —(1) Tar éis aon atharuithe a bheidh riachtanach do dhéanamh orra, féadfaidh an t-Aire um Airgead rialacháin do dhéanamh chun aon cheann d'fhorálacha Achtanna na gCustum do chur i mbaint le haon earraí d'aistriú de thír isteach i Saorstát Éireann no amach as agus, go sonnrách, féadfaidh na rialacháin:—

(a) Gach earra no aon tsaghas earra do chosc ar theacht isteach no ar dhul amach ach tré pé bealaighe laistigh de Shaorstát Éireann agus le linn pé uaire a ceapfar;

(b) Na háiteanna, an fhuirm agus an chuma do cheapa ina ndéanfar earraí do thabhairt isteach no do chur amach agus diúité ar earraí isteach d'íoc.

(2) Má bhriseann éinne aon cheann de sna rialacháin sin no má theipeann air iad do chó-liona, beidh sé ciontach i gcionnta fé Achtanna na gCustum agus beidh sé i mbaol fíneála ná raghaidh thar £100 mar gheall ar gach cionnta den tsórt san i dteanta aon phionóis eile is baol do agus caillfidh sé na hearraí gur ina dtaobh a bheidh an cionnta déanta aige.

Oiriúnuithe do dhin Reachtanna Briotáineacha.

14. —I gcás aon Reachta Bhriotáinigh go ndintar leis an Acht so é do chur in oiriúint no é d'atharú no údarás a thabhairt chuige sin agus gur dineadh é do chur in oiriúint no é d'atharú le húdarás no fé údarás aon Reachta Bhriotáinigh a tháinig ina dhiaidh, tuigfear an tAct so do bheith ag tagairt don Reacht san fé mar do cuireadh in oiriúint no mar do hatharuíodh é.

Connartha Rialtais atá ar fionnraí do chur in oiriúint.

15. —(1) Gach cairt agus gach connra agus marga i scríbhinn a dhin aon Aire, Roinn no Údarás den Rialtas Briotáineach a bhí in Éirinn le déanaí no de Rialtas Sealadach na hÉireann a bhí ann le déanai, no aon Oifigeach d'aon cheann de sna Rialtaisí sin thar ceann an Rialtais sin, le haon duine no do dhin aon duine le haon cheann aca roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, déanfar, má's rud é ná raibh agus sa mhéid ná raibh, téarmaí agus forálacha na cairte, an chonnartha no an mhargaidh sin i lán-fheidhm agus i lán-chrích ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, iad do léiriú is do léigheamh fé is dá ndéanfaí ainm an Aire, na Roinne, an Údaráis no an Oifigigh atá ag feidhmiú i Saorstát Éireann feidhmeanna atá ionann no ar có-réir leis na feidhmeanna do bhí dá bhfeidhmiú, i dtaobh an líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é, ag an Aire, an Roinn, an Údarás no an Oifigeach atá ainmnithe sa chairt, sa chonnra no sa mharga san le linn dáta na cairte, an chonnartha no an mhargaidh sin, do chur in ionad ainm an Aire, na Roinne, an Údaráis no an Oifigigh atá ainmnithe sa chairt, sa chonnra no sa mharga san.

(2) Na tairbhí a bronntar agus na hoblagáidí a cuirtear le haon chairt, aon chonnra no aon mharga den tsórt atá luaidhte sa bhfo-alt roimhe seo den alt so ar an Aire, an Roinn, an Údarás no an Oifigeach atá ainmnithe ann déanfar, sa mhéid go rabhadar gan có-líona ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, iad do bhronna no do chur fé seach ón lá san ar an Aire, an Roinn, an Údarás no an Oifigeach go ndineann an fo-alt roimhe seo den alt so a ainm do chur in ionad ainm an Aire, na Roinne, an Údaráis no an Oifigigh atá ainmnithe sa chairt, sa chonnra no sa mharga san chó hiomlán is dá mbé ainm an Aire, na Roinne, an Údaráis no an Oifigigh go bhfuil a ainm malairtithe a bheadh sa chairt, sa chonnra no sa mharga san.

(3) Má éirionn aon cheist i dtaobh ce'ca Aire, ce'ca Roinn, ce'ca Údarás no ce'ca Oifigeach a fheidhmíonn i Saorstát Éireann feidhmeanna atá ionann no ar có-réir leis na feidhmeanna a bhí dá bhfeidhmiú le linn dáta na cairte, an chonnartha no an mhargaidh sin a luaidhtear san alt so ag aon Aire, aon Roinn, aon Údarás no aon Oifigeach den Rialtas Briotáineach a bhí in Éirinn le déanaí no de Rialtas Sealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí (fé mar a bheidh), socróidh Uachtarán na hÁrd-Chomhairle an cheist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith agus beidh ar gach n-aon géille don bhreith sin.

A chur i mbaint le Rialacha, Orduithe agus Rialacháin Reachtúla.

16. —(1) Gach míniú, oiriúnú no atharú a dhineann an t-Acht so ar léiriú no ar bhaint aon Reachta Bhriotáinigh bainfe sé le gach Ordú, Riail agus Rialachán a dineadh fén Reacht san agus ag a bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann agus léireofar agus míneofar gach Ordú, Riail agus Rialachán den tsórt san do réir an Reachta Bhriotáinigh (fé mar a feidhmítear, oiriúnuítear no atharuítear é leis an Acht so no fé) fé n-ar dineadh iad.

(2) Pé uair a tugtar comhacht leis an Acht so chun aon Reacht Briotáineach do chur i mbaint, do mhíniú, do chur in oiriúint no d'atharú, sroisfidh agus bainfidh an chomhacht san le gach Ordú, Riail no Rialachán a dineadh fén Reacht san agus ag a bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann.

A chur i mbaint le hAchtanna Áitiúla agus Pearsanta.

17. —Bainfidh an t-Acht so le hAchtanna Áitiúla agus Pearsanta chó maith le hAchtanna Puiblí agus Generálta do rith Páirlimint na Breataine agus dá réir sin san Acht so folóidh an abairt “Reacht Briotáineach” Achtanna Áitiúla agus Pearsanta ’na bhfuil éifeacht i Saorstát Éireann acu.

Cistí Puiblí den Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí, den Bhreatain Mhóir agus de Shaor stát Éireann do bheith ’na Súncála Iontaobhuí.

18. —(1) Mara bhfuil sé coiscithe go soiléir air leis an ngléas (má bhíonn ann) le n-a mbunuítear an iontaoibh féadfaidh iontaobhuí aon chistí iontaoibhe atá ar láimh aige, pe'ca cistí súncálta iad an uair sin no nách eadh, do shúncáil in:—

(a) aon cheann dá mbeidh ann de Stuic Pháirliminte no de chistí puiblí no d'Urúsanna Rialtais na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanaí;

(b) aon cheann de Stuic Pháirliminte no de chistí puiblí no d'Urúsanna Rialtais na Breataine Móire;

(c) aon cheann de Stuic Pháirliminte no de chistí puiblí no d'Urúsanna Rialtais Shaorstáit Éireann;

no iad do shúncáil in aon tslí eile a bheidh údaruithe de thuras na huaire.

(2) Sa bhfo-alt roimhe seo ní foláir an focal “Pháirliminte” do léiriú mar thagairt i gclás (a) do Pháirlimint na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanaí; i gclás (b) do Pháirliminit na Breataine Móire, agus i gclás (c) don Oireachtas.

Orduithe do leaga fé bhraid an Oireachtais.

19. —Gach Ordú a dhéanfaidh an Árd-Chomhairle fén Acht so déanfar é do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach agus mara ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh Tigh den Oireachtas rún do rith ag cur an Orduithe sin ar neamh-ní laistigh den lá is fiche ’na dhiaidh sin go suidhfidh an Tigh tar éis an t-Ordú san do leaga féna bhráid, beidh éifeacht san Ordú san fé is dá n-achtuítí san Acht so é, ach ní fheidhmeoidh aon rún den tsórt san chun dochair do dhleathacht éinní a déanfar roimis sin fén Ordú san.

Míniú.

20. —Ciallóidh an abairt “Reacht Briotáineach,” nuair éilíonn no a cheaduíonn an có-théacs é, Acht a dhin Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí agus go raibh feidhm aige ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é.

Gearr-Theideal.

21. —Féadfar an t-Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 , do ghairm den Acht so.