30 1923

Uimhir 30.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923.


ACHT CHUN FORÁLACHA SEALADACHA DO DHÉANAMH CHUN SAORSTÁT ÉIREANN DO CHOSAINT AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN.

[3adh Lúnasa, 1923.]

DE BHRÍ go bhforáltar le hAirtiogal 46 den Bhunreacht gur ag an Oireachtas amháin atá an t-aon-cheart chun tógáil agus cothú na bhfórsaí armtha dá dtagartar ansan do regleáil agus go mbeidh gach fórsa armtha den tsórt san fé smacht an Oireachtais:

AGUS DE BHRÍ go bhforáltar le hAirtiogal 70 den Bhunreacht ná trialfar éinne ach do réir cúrsaí cuibhe na dlí, agus ná bunófar Cúirteanna nea-choitionta, ach amháin pé binsí airm a húdarófar le dlí chun lucht airm a bhrisfidh dlí airm do thriail:

AGUS DE BHRÍ go bhforáltar le hAirtiogal 71 den Bhunreacht ná déanfidh aon arm-chúirt ná aon bhínse eile airm aon duine d'fhórsaí armtha Shaorstáit Éireann ná beidh ar seirbhís chogúil do thriail in aon choir intrialta ag na Cúirteanna Síbhialta mara dtabharfar an choir sin go speisialta laistigh d'údarás Arm-Chúirteanna no aon Bhínse eile Airm le haon chórus dlithe no rialachán chun smacht airm do chur i bhfeidhm a mholfidh an tOireachtas tar éis teacht i bhfeidhm don Bhunreacht:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil práinn mhór le córus dlithe agus rialachán do sholáthar chun smacht airm do chur i bhfeidhm ar na fórsaí armtha atá ag Saorstát Éireann fé láthair agus ar pé fórsaí armtha eile a tógfar fén Acht so:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Roimh-fhocal.

Gearr-Theideal agus Buaine an Achta.

1. —Féadfar chun gach críche an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 , do ghairm den Acht so.

Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí go ndéanfar le dlí forálacha eile chun Saorstát Éireann do chosaint agus ní leanfa sé i bhfeidhm ar aon chúinse tar éis tréimhse bliana bheith caithte ó dháta a rithte.

Mínithe.

Míniú ar an bhfocal “ar seirbhís chogúil.”

2. —(1) San Acht so nuair ná fuil san bunoscionn leis an gcó-théacs, isé brí atá leis an bhfocal “ar seirbhís chogúil,” nuair adeirtar é i dtaobh duine fé dhlí airm, ná an duine sin do bheith ceangailte no ina chuid d'fhórsa a bheadh i mbun oibreacha in áit a bheadh, i bpáirt no go hiomlán, ar seilbh ag an namhaid.

(2) Má fhaisníonn an Ard-Chomhairle aon uair no uaireanna gur gá, mar gheall ar sheirbhís chogúil a bheith in achmaireacht no mar gheall ar í do bheith ann le déanaí, gur gá, chun na seirbhíse puiblí, na fórsaí armtha a tógfar fén Acht so do bheith fén Acht so go sealadach fé mar a bheidís ar seirbhís chogúil, ansan, ar fhoillsiú aon fhaisnéise den tsórt san san Iris Oifigiúil, tuigfar na fórsaí le n-a mbainfidh an fhaisnéis do bheith ar seirbhís chogúil go ceann na tréimhse a luadadh sa bhfaisnéis.

Mínithe.

3. —San Acht so ciallóidh na focail seo a leanas, i ngach áit ina lomhálfidh an có-théacs é, na nithe adeir an tAlt so a chialluíd fé seach, sé sin le rá:—

(1) Cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Cosanta.

(2) Cialluíonn an focal “Aire Feidhmiúcháin” Aire atá ina bhall den Ard-Chomhairle.

(3) Cialluíonn an focal “Na Fórsaí” na fórsaí armtha a tógfar fén Acht so agus foluíonn sé saighdiúirí den chúl-thaca nuair a glaodhtar amach ar buan-tseirbhís iad i dteanta na bhFórsaí mar a mínítear an focal san anso roimhe seo.

(4) Cialluíonn an focal “An Cúl-thaca” aon chúl-thaca i gcóir na bhFórsaí a bunófar fé Cuid III. den Acht so.

(5) Cialluíonn an focal “Oifigeach” oifigeach coimisiúnta no ar págh mar oifigeach de sna Fórsaí no den Chúlthaca no d'aon ghéig, brainse no cuid díobh san.

(6) Cialluíonn an focal “Oifigeach Generálta” oifigeach go bhfuil céim Gheneráil, Lefteanant-Gheneráil, no Mhaor-Gheneráil aige.

(7) Foluíonn an focal “Oifigeach Nea-Choimisiúnta” oifigeach nea-choimisiúnta gníomhathach.

(8) Ní fholuíonn an focal “Saighdiúir” oifigeach den tsórt a mínítear leis an Acht so, ach fé réir na n-atharuithe atá san Acht so i dtaobh oifigeacha neachoimisiúnta foluíonn sé oifigeach nea-choimisiúnta agus gach éinne eile fé dhlí airm faid a bheidh sé fén dlí sin.

(9) Foluíonn an focal “Oifigeach Uachtarach” nuair a húsáidtear é i dtaobh saighdiúra, oifigeach neachoimisiúnta den tsórt a mínítear thuas.

(10) Cialluíonn an focal “Cór”:—

(a) Aon bhuidhean airm, pe'ca reisimint dúithche a tugtar air no aon ainm eile, a faisneofar ó am go ham le Barántas fé láimh an Aire a bheith ina cór chun crícheanna an Achta so agus atá ina buidhin a chuir an tAire le chéile fé sna comhachta a bronntar leis an Acht so, agus atá co-dhéanta de chathanna co-cheangailte de sna Fórsaí no co-dhéanta ar fad de chath no de chathanna de sna Fórsaí.

(b) Aon chuid de sna Fórsaí, pé ainm atá ortha, a faisneofar le Barántas fé láimh an Aire a bheith ina cór chun crícheanna an Achta so; agus fós

(c) Aon chuid eile de sna Fórsaí atá ag obair ar aon tseirbhís agus ná fuil ceangailte le haon chór den tsórt a mínítear thuas.

(d) Agus aon tagairt a dintar i gCaibidil V. de Chuid II. den Acht so do chór de sna Fórsaí tuigfar í mar thagairt d'aon bhuidhin airm a mínítear anso roimhe seo a bheith ina cór.

(11) Nuair a bhainfidh an tAcht so le marcraidh, ordonás no innealtóirí isé brí a bainfar as an bhfocal “Cath” ná reisimint, briogáid, no aon bhuidhean eile in ar maith leis an Aire an mharcraidh, an t-ordonás no na hinnealtóirí sin do roinnt fé sna comhachta a bronntar air leis an Acht so.

(12) Cialluíonn an focal “Reisimintiúil” bheith ag baint le cór no le haon chath no fo-roinn eile de chór.

(13) Cialluíonn an focal “Ornáid” aon bhonn, claspa, comhartha dea-iompair, no órnáid.

(14) Cialluíonn an focal “Duais Airm” aon aisce no blianacht mar gheall ar sheirbhís fhada no ar dheaiompar; foluíonn sé, leis, aon phágh dea-iompair, pinsean agus aon chúiteamh eile airm in airgead.

(15) Cialluíonn an focal “Oifigeach Ceannais” aon oifigeach i gceannas catha, agus fós pé oifigeach eile a fhaisneoidh an tAire, le Rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, a bheith ina oifigeach ceannais.

(16) Foluíonn an focal “Namhaid” gach cúl-mhutaire armtha, rebeliúnach armtha, círéibeach armtha, agus píoráid.

(17) Cialluíonn an focal “Cúirt Uachtarach” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais i mBaile Atha Cliath.

(18) Cialluíonn an focal “Cúirt Shíbhialta,” maidir le haon choir no cionta, Cúirt ghnáth-údaráis choiriúla agus foluíonn sé Cúirt Údaráis Achmair.

(19) Cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis an Acht so, no le haon Rialacha no Rialacháin a déanfar fé, no orduithe i bpáirt ag an Acht so agus i bpáirt ag Rialacha no Rialacháin a déanfar fé.

(20) Cialluíonn an focal “Achtanna Údaráis Achmair,” laistigh de cheanntar póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, na hachtanna le n-a regealáltar comhachta giúistísí síochána don cheanntar san no comhachta póilíní an cheanntair sin; agus i ngach áit eile i Saorstát Éireann cialluíonn sé Acht na nGearr-Shiosón (Éirinn), 1851, agus aon Acht no Achtanna a leasuíonn an céanna.

(21) Cialluíonn an focal “Cúirt Údaráis Achmair” aon Ghiúistís Dúithche, Máistreoir Póilíneachta, máistreoir ar tuarastal no aon mháistreoir no oifigeach eile, pé ainm a tugtar air, dá dtugtar údarás leis an Acht Údaráis Achmair, no le haon Achtanna dá dtagartar san Acht san, no le haon Achtanna le n-a ndintar an céanna do leasú no do chur in oiriúint.

(22) Foluíonn an focal “Cúirt Dlí” cúirt údaráis achmair.

(23) Foluíonn an focal “Breitheamh Cúirte Contae” Breacthóir.

(24) Foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Máistreoir Roinne de Chathair Bhaile Atha Cliath.

(25) Cialluíonn an focal “Constábla” aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, no den Ghárda Síochána.

(26) Cialluíonn an focal “Údarás Póilíneachta” Ceannphort no Cigire de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, no den Ghárda Síochána.

(27) Foluíonn an focal “Capall” miúil, agus bainfidh forálacha an Achta so le haon tsórt beithígh in aon chor a húsáidtear mar bheithíoch iompair no tarruic no chun daoine d'iompar fé mar a bheadh an focal “capall” ag folach an bheithígh sin.

(28) Foluíonn an focal “Mionn” aon fhaisnéis sholamanta a fhéadfidh éinne adeir ná fuil aon chreideamh aige a dhéanamh fén Acht so, no éinne adeir go bhfuil sé i gcoinnibh a choinsias mionn do thabhairt; agus foluíonn an focal “do chur fé mhionn” “faisnéis sholamanta do dhéanamh.”

(29) Cialluíonn an focal “Príosún Puiblí” aon phríosún in ar féidir go dleathach duine do chimeád a fuarthas ciontach agus a daoradh chun príosúntachta ag cúirt shíbhialta.

(30) Cialluíonn an focal “Príosún Pian-tSeirbhíse” aon phriosún no áit in ar féidir go dleathach duine do chimeád a fuarthas ciontach agus a daoradh chun pian-tseirbhíse ag cúirt shíbhialta.

(31) Ciallóidh an focal “an tArd-Chongantóir” Ard-Chongantóir na bhFórsaí.

CUID I.

CAIBIDEAL I.

Bunu Forsai Cosanta.

Tógáil agus uimhir na bhFórsaí Cosanta.

4. —Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle fórsa armtha do thógáil agus do choinneáil suas, fórsa dá ngairmtear Ogláigh na hÉireann (dá ngairmtear na Fórsaí ina dhiaidh seo anso) agus a bheidh có-dhéanta de pé méid oifigeach, oifigeach neachoimisiúnta, agus fear a fhorálfidh an tOireachtas ó am go ham.

Stiúra na bhFórsaí

5. —Beidh árd-cheannas na bhFórsaí agus gach comhacht feidhmiúcháin agus comhacht rialacháin a bhaineas leo, maraon leis an gcomhacht chun údarás do leigint chun pé daoine measfar a bheith oiriúnach, beid dílsithe san Ard-Chomhairle agus feidhmeofar iad tríd an Aire agus in ainm an Aire ach ní ghlacfidh seisean chuige féin aon fheidhm-cheannas mileata ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall ar lán-phágh de sna Fórsaí.

CAIBIDEAL II.

Co-ghleasa na bhForsai.

Lucht na bhFórsaí.

6. —(1) Beidh na Fórsaí có-dhéanta d'oifigigh a ceapadh mar oifigigh dóibh, agus d'oifigigh nea-choimisiúnta agus fir gur ceangladh ortha seirbhís leanúnach do thabhairt ar feadh téarma.

(2) Fónfidh baill na bhFórsaí ar pé coiníollacha agus ar feadh pé tréimhsí agus ar pé rátaí págh a hórdófar.

Có-ghléasa Generálta na bhFórsaí.

7. —Co-ghléasfar na Fórsaí ina n-aontáin de sna géaga troda agus de sna seirbhísí roinne fé mar a hórdófar.

CAIBIDEAL III.

Riarachan.

Céimeanna coimisiúnta sna Fórsaí.

8. —Isiad so a leanas na grádanna de chéim choimisiúnta a bheidh sna Fórsaí:—

(1) Generál.

(2) Lefteanant-Ghenerál.

(3) Maor-Ghenerál.

(4) Cornal.

(5) Maor.

(6) Ceannphort.

(7) Captaen.

(8) Lefteanant.

(9) Dara Lefteanant.

Céimeanna neachoimisiúnta sna Fórsaí.

9. —Isiad so a leanas na grádanna de chéim nea-choimisiúnta a bheidh sna Fórsaí:—

(a) Oifigigh Nea-choimisiúnta—

(1) Maor-Sháirsint.

(2) Ceathrú-Sháirsint.

(3) Sáirsint.

(4) Corporal.

(b) Fir—

(5) Saighdiúir.

Coimisiúin do dheona.

10. —Tar éis don Aire é d'ainmniú féadfidh an Ard-Chomhairle éinne do cheapa chun céime coimisiúnta no chun céime coimisiúnta sealadaí sna Fórsaí. Beidh na coimisiúin uile sa bhfuirm atá leagtha amach sa chéad sceideal a ghabhann leis seo agus isiad Uachtarán na hArd-Chomhairle agus an tAire a shighneoidh iad.

Comhacht chun aon bhall de sna Fórsaí do bhrise no chun scarúint le n-a sheirbhís.

11. —Féadfidh an Ard-Chomhairle, ag gníomhú tríd an Aire, oifigeach do bhrise no scarúint le n-a sheirbhís no aon bhall eile de sna Fórsaí do scur.

Comhacht chun Ceanntair Airm do bhunú.

12. —Féadfidh an tAire ceanntair airm do cheapa agus do bhunú ar fuaid an Stáit agus ceanntar airm do roinnt ina dhá fho-cheanntar no níos mó.

Comhacht chun Fóirne Ceann-Cheathrún, etc., do bhunú.

13. —Féadfidh an tAire Fóirne Ceann-Cheathrún de sna Fórsaí agus Fóirne Teagaisc agus Riaracháin do cheanntair airm do bhunú fé mar a theastóid, agus oifigigh de sna Fórsaí do cheapa dhóibh fé mar is oiriúnach leis.

Beidh ag na baill de sna Fóirne a ceapfar amhlaidh pé céim agus teideal, agus co-líonfid pé dualgaisí agus feidhmeanna agus fónfid ar pé coiníollacha agus ar feadh pé tréimhsí a hordófar.

Oifigigh i bhfeidhmcheannas.

14. —Féadfar, fé réir an Achta so, feidhm-cheannas mileata agus cigireacht na bhFórsaí, no aon chuid de sna nithe sin, do dhílsiú i pé oifigeach no oifigigh de sna Fórsaí a cheapfidh an Ard-Chomhairle.

Sealbhóidh na hOifigigh a gcoimisiúin faid is toil leis an Ard-Chomhairle é.

15. —Sealbhóidh Oifigigh uile na bhFórsaí a gcoimisiúin faid is toil leis an Ard-Chomhairle é, ach ní cuirfar coimisiún Oifigigh ar ceal gan fógra do thabhairt i scríbhinn don té go bhfuil sé aige i dtaobh aon ghearáin no cúisimh a dineadh, no i dtaobh aon aicsin atá beartuithe ina choinnibh, ná gan glaoch air chun cúis do thaisbeáint i dtaobh a leithéide:

Ach ní gá aon fhógairt den tsórt san i gcás oifigigh a bheidh ar feadh tréimhse trí mhí no níos mó gan bheith ar diúité agus gan a chead san aige.

Ardú go dtí céimeanna coimisiúnta.

16. —Féadfidh an Ard-Chomhairle, tar éis don Aire san do mhola, agus in ainneoin éinní ina choinnibh atá san Acht so no a hordófar le rialachán, luach saothair do thabhairt d'aon bhall de sna Fórsaí ar son árd-sheirbhíse tré n-a cheapa chun céime coimisiúnta no, más oifigeach é, tré chéim níos aoirde do thabhairt do.

Oifigigh ag tabhairt suas.

17. —Féadfidh Oifigeach de sna Fórsaí, le scríbhinn fé n-a láimh, tabhairt-suas a choimisiúin do thairisgint ach, mara n-orduídh an tAire a mhalairt, ní bainfar dualgaisí a oifige dhe go dtí go bhfógrófar san Iris Oifigiúil gur glacadh le n-a thabhairt-suas.

Ceaptha agus Coiniollacha Seirbhise sna Forsai.

Oifigigh do cheapa.

18. —I gceann cúig mblian tar éis coláiste mileata do bheith bunuithe fén Acht so, agus as san amach, tabharfar tosach do chéimnigh den choláiste sin, sa mhéid gur féidir é, nuair a beifear ag ceapa daoine chun céime coimisiúnta sna Fórsaí.

Oifigigh do cheapa sara mbeidh deire leis an tréimhse cúig mblian o am Coláiste Mileata do bhunú.

19. —Go dtí go mbeidh deire leis an tréimhse cúig mblian tar éis bunú Coláiste Mhileata, féadfar na daoine seo a leanas do cheapa chun céime coimisiúnta sna Fórsaí:—

(a) Saoránaigh de Shaorstát Éireann.

(b) Oifigigh agus fir ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta le linn am rithte an Achta so.

(c) Pé daoine eile le n-a mbeidh an tAire sásta:

Ach féadfidh an tAire i gcás ar bith a órdú do sna saoránaigh, na hoifigigh, na fir agus na daoine sin no d'éinne acu gabháil trí chúrsaí teagaisc agus tástála cáilíochta do rith fé mar a hórdófar.

An liost leathphágh agus an liost d'oifigigh nea-cheangailte.

20. —Féadfidh an tAire aon Oifigeach de sna Fórsaí do chur ar liost leath-phágh ar feadh tréimhse nách sia ná bliain.

Aon oifigeach ná hath-fhostófar roimh dheire na tréimhse sin féadfar, ar a achuinge féin, é do chur ar an liost d'oifigigh nea-cheangailte agus féadfa sé fanúint go n-ath-fhostófar é. Oifigeach a cuirfar mar sin ar an liost d'oifigigh nea-cheangailte scuirfe sé de phágh agus liúntaisí a chéime d'fháil, ach má ath-fhostuítear ina dhiaidh sin é, féadfar a sheirbhís ar an liost d'oifigigh nea-cheangailte d'áireamh mar sheirbhís sna Fórsaí ar pé coiníollacha a hórdófar.

Liostáil agus seirbhís sna Fórsaí.

21. —(1) Gach duine a liostálfidh chun fónamh mar shaighdiúir sna Fórsaí, tabharfa sé mionn no déanfa sé faisnéis sholamanta i bhfianaise Oifigigh de sna Fórsaí no Giúistís Dúithche no Coimisinéara Síochána.

(2) Beidh an mionn no an fhaisnéis sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so. Ceanglóidh an mionn no an fhaisnéis sin ar an té a thabharfidh no a dhéanfidh é seirbhís do thabhairt sna Fórsaí do réir brí a mhionna go dtí go ndéanfar go dleathach é do scur, do bhrise, no do chur chun siúil asta, no go nglacfar le n-a thabhairt suas.

(3) Aon bhall de sna Fórsaí nách oifigeach beidh teideal aige chun é do scur asta le ceannach fé mar a hórdófar, no ar bheith caithte don tréimhse seirbhíse gur liostáladh ina cóir é.

Bunu na bhForsai.

Dáta an bhunuithe.

22. —Bunófar na Fórsaí o dháta a socrófar le Furógra ón Ard-Chomhaírle san Iris Oifigiúil.

CAIBIDEAL IV.

Oideachas Mileata.

Coláiste Mileata.

23. —(1) As an airgead a chuirfidh an tOireachtas d'aon ghnó chun na críche sin, féadfidh an tAire Fúndúireacht do bhunú agus do choinneáil suas chun tréineáil agus teagasc do thabhairt:—

(a) D'iarrthóirí a bheidh á iarraidh go gceapfí chun céime coimisiúnta sna Fórsaí iad;

(b) D'oifigigh de sna Fórsaí; agus

(c) Do pé Saoránaigh eile adéarfar sna Rialacháin a bheith ionghlactha sa bhFúndúireacht san.

I dteanta na tréineála agus an teagaisc mhileata a tabharfar sa bhFúndúireacht san, féadfar pé tréineáil agus teagasc eile oideachais a thabhairt fé mar a hórdófar.

(2) An Coláiste Mileata an ainm a bheidh ar an bhFúndúireacht.

(3) Déanfar Cór Mileata de sna mic léighinn a bheidh sa Choláiste Mileata, pé méid díobh nách oifigigh choimisiúnta, agus áireofar a seirbhís sa Chór san mar sheirbhís sna Fórsaí fé mar a hórdófar.

(4) Gach mac léighinn a bheidh á theagasc sa Choláiste Mileata beidh sé fén smacht gcéanna fé n-a mbeidh saighdiúirí de sna Fórsaí fén Acht so.

(5) Fé réir forálacha an Achta so, beidh ceapa Fuirinn an Choláiste, faid agus cineál na gcúrsaí teagaisc agus tréineála ann, na coiníollacha a bhainfidh leis an seirbhís a héileofar ar chéimnigh an Choláiste san aimsir le teacht agus gach ní a bhainfidh le bainistí, le stiúra agus le dea-rialú an Choláiste, beid fé mar a hórdófar.

Ranganna Teagaisc.

24. —Chun ard-thréineáil agus árd-éifeachtúlacht mhileata do thabhairt do sna Fórsaí, agus chun baill de sna Fórsaí do dhéanamh oiriúnach dá ndualgaisí sna Fórsaí, féadfidh an tAire pé socruithe oideachais a dhéanamh a tuigfar a bheith riachtanach, agus féadfa sé go sonnrách ranganna speisialta agus cúrsaí speisialta teagaisc do bhunú do bhaill de sna Fórsaí a roghnófar chun freastal ar na ranganna agus na cúrsaí sin.

Múinfar d'oifigigh agus d'oifigigh nea-choimisiúnta conus orduithe thabhairt i ngach ceann de theangthacha oifigiúla an Stáit.

25. —Tabharfar teagasc do gach oifigeach agus do lucht gach céime nea-choimisiúnta sna Fórsaí i dtabhairt agus i nglaca focla féidhmiúchánacha orduithe i ngach ceann de theangthacha oifigiúla an Stáit.

CAIBIDEAL V.

Seirbhis in Aimsir Cogaidh.

Féadfar baill de sna Fórsaí do chur ar seirbhís chogúil.

26. —Féadfar uair ar bith iomlán na bhFórsaí no aon chuid díobh do chur ar seirbhís chogúil i gcoinnibh namhad in aon áit i Saorstát Éireann no chun achrann inmheánach do chosc no do chur fé chois laistigh den Stát.

Ceannas Mileata in aimsir cogaidh.

27. —In aimsir cogaidh no in aimsir achrainn inmheánaigh féadfidh an Ard-Chomhairle aon oifigeach de sna Fórsaí Cosanta do chur i gceannas na bhFórsaí sin go léir no i gceannas cuid acu ar an Machaire.

Scur le linn bheith ar seirbhís.

28. —In ainneoin éinní ina choinnibh san Acht so, faid a bheidh aon bhall de sna Fórsaí glaoite amach no curtha ar seirbhís chogúil i gcoinnibh namhad no chun achrann inmheánach do chosc no do chur fé chois beidh sé gan teideal aige chun a scurtha as na Fórsaí agus an tseirbhís sin ag leanúint.

CAIBIDEAL VI.

Comhachta Speisialta i dtaobh Cosanta.

Comhachta Generálta an Aire le cead na hArd-Chomhairle.

29. —Féadfidh an tAire le cead na hArd-Chomhairle:—

(a) Beairicí, dunta, agus oibreacha cosanta do dhéanamh agus do choinneáil suas;

(b) Monarchanna arm agus amuinisin do bhunú agus do choinneáil suas maraon le monarchanna chun éadach agus gléasa mileata agus stóir chogaidh eile do dhéanamh ionta, no connra do dhéanamh chun go ndéanfar a leithéidí do bhunú no do choinneáil suas;

(c) Aerodrómanna do dhéanamh agus do choinneáil suas maraon le nithe eile bhaineas leo san;

(d) Raonta ordonáis agus muscaeid d'fháil, do dhéanamh, agus do choinneáil suas, maraon le nithe eile a bhaineas leo san,

agus féadfa sé gach ní do dhéanamh is gá a dhéanamh chun an Stát no aon chuid de do chosaint agus do chaomhnú go héifeachtúil.

Aicillíocht agus tréineáil.

30. —(1) Féadfidh an tAire ó am go ham liomatáistí do cheapa ina bhféadfar aon chuid de sna Fórsaí do thréineáil agus cleachta a thabhairt dóibh ar aicillíocht agus féadfa sé, le rialachán, na coiníollacha do cheapa ar a bhféadfidh únaerí no sealbhóirí tailimh sna líomatáistí sin cúiteamh d'éileamh mar gheall ar dhamáiste no cailliúint dóibh de dheascaibh na Fórsaí d'úsáid a gcuid tailimh ar an gcuma roimhráite agus ar a bhféadfar an cúiteamh san d'íoc leo: Ach ní cuirfar suas aon champa laistigh de dhá chéad slat ar a luíod ó thigh comhnuithe príobháideach ach amháin le cead únaer an tighe.

(2) I líomatáistí a ceapfar amhlaidh no i gcomhursanacht áiteanna bheidh in úsáid mar raonta ordonáis no muscaeid do sna Fórsaí, féadfidh an t-oifigeach i gceannas na coda de sna Fórsaí a bheidh ag déanamh cleachta ordonáis no muscaeid no ag déanamh aicillíochta féadfa sé stop do chur go sealadach le gach trácht ar talamh no ar uisce i gcomhursanacht na háite sin no sa líomatáiste sin sa mhéid is dó leis is gá é chun sábháltacht anama agus chun an cleachta no an aicillíocht do stiúra sa cheart.

CAIBIDEAL VII.

Comhacht chun Rialachain do dheanamh.

Rialacháin.

31. —Féadfidh an tAire rialacháin ná beidh buniscionn leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, eadhon:—

(a) Na géaga troda agus na seirbhísí roinne uile sna Fórsaí.

(b) An méid cór agus an méid aontán eile a bheidh sna Fórsaí, agus cadiad na ranna, na brainsí, na grádanna, na céimeanna agus na ceapacháin a bheidh ionta san.

(c) Tréineáil agus cigireacht na bhFórsaí, bunú campaí tréineála, agus aicillíocht do chur ar siúl do sna Fórsaí.

(d) Baill de sna Fórsaí a roghnófar ina chóir do freastal ar ranganna speisialta agus ar chúrsaí speisialta teagaisc, agus scrúdú ar bhaill de sna Fórsaí i dtaobh a n-oilteachta in abhair a bhaineann leis an ngairm mhileata agus i dtaobh a gcáilíocht i gcúrsaí oideachais ghenerálta; teistisí ar oilteacht in abhair a bhaineann leis an ngairm mhileata do dheona.

(e) Sinsireacht oifigeach sna Fórsaí, daoine do cheapa chun céime coimisiúnta agus chun céime neachoimisiúnta sna Fórsaí, árdú sa chéanna agus sealbhaíocht an chéanna.

(f) Sealbhaíocht aon oifige, ceapacháin no feadhmanais sna Fórsaí agus an aois-teora fágála do bhaill de sna Fórsaí i seilbh oifige no ag fónamh in aon fheadhmanas no ceapachán.

(g) Cead do bhaill de sna Fórsaí bheith as láthair.

(h) Airm, treallúna, soláthairtí amuinisin, ainmhithe agus cóir iompair, éadach agus gléasa do sna Fórsaí do thabhairt amach agus aire do thabhairt dóibh.

(i) Bunú agus stiúra fúndúireachtaí campa, beairice, catha no ceanntair chun caitheamh aimsire agus úrúchán do thabhairt do bhaill de sna Fórsaí.

(j) Cuntaisí, leabhair, fuirmeacha, agus co-fhreagarthas a bhaineann leis na Fórsaí.

(k) Gach ní go ndintar leis an gCuid seo den Acht so é d'éileamh no a cheadú go n-ordófar é no is gá no is oiriúnach a ordú chun dea-rialú na bhFórsaí do chur in áirithe, no chun forálacha na Coda só den Acht so do cho-líona agus do chur in éifeacht, sé sin, gach ní amach ó nithe go ndintar leis an gCuid seo den Acht so a éileamh ar an Ard-Chomhairle no a cheadú dhóibh é d'órdú.

CUID II.

CAIBIDEAL I.

Smacht.

Ciontai.

Ciontaí go mbeidh baint aca leis an namhaid agus go ngeobhaidh breith bháis leo.

32. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon gharastún, gárda, áit, post no ionad go raibh sé de dhualgas air é do chosaint, é do thabhairt suas no do thréigean gan chúis dhiongmhálta chuige; no

(2) Iarracht do thabhairt ar aon tslí chun éinne fé dhlí airm do tharrac, do mhealla no d'éigniú chun an cionta a luaidhtear sa chlás san roimhe seo do dhéanamh; no

(3) Conbharsáid no có-fhreagarthas do bheith aige leis an namhaid no eolas do thabhairt do, go fealltach no gan údarás cuibhe; no

(4) Mí-iompar os cóir an namhad ar shlí a thaisbéanfadh meatacht, no daoine eile do mhealla chun an chionta san; no

(5) Má dintar príosúnach cogaidh de, fónamh go toilteannach no cuidiú go toilteannach leis an namhaid; no

(6) Cabhair i bhfuirm arm, amuinisin, no soláthairtí do thabhairt don namhaid; no

(7) Cabhrú go fealltach leis an namhaid ar aon tslí ná fuil aon luadh fé leith uirthe anso roimhe seo san Alt so; no

(8) Le linn bheith ar seirbhís chogúil do, aon ghníomh do dhéanamh a meastar a chuirfadh aon chuid de sna Fórsaí i gcúntúirt no buniscionn le bua do bhreith agus a fhios aige gur gníomh den tsórt san é; no

(9) Tabhairt fé aon chionta dá luaidhtear i bhfo-altanna (3), (6) agus (7) den Alt so do dhéanamh;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur chun báis no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so do chur air.

Ciontaí go mbeidh baint aca leis an namhaid agus ná beidh breith bháis ag gabháil leo.

33. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, agus é ar seirbhís chogúil, sé sin le rá:—

(1) A thógaint ina príosúnach tré nea-cho-líona orduithe, tré fhaillí thoiliúil i ndualgas, no tré easba roimh-aire cuibhe; no

(2) Ar bheith tógtha ina phríosúnach do, gan ath-cheangal leis na Fórsaí nuair a bheidh ar a chumas ath-cheangal leis an gcéanna; no

(3) Ráflaí do leatha ar aon tslí no focail do rá a meastar a chuirfadh eagla no éadóchas ar na Fórsaí no ar an bpuiblíocht; no

(4) Na ranganna d'fhágaint gan orduithe óna oifigeach uachtarach chun príosúnaigh do thógaint, no ar scáth fir chréachnuithe do bhreith siar;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun piantseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí gur déine na pionóisí a ghabhann leo le linn seirbhíse cogúla ná aon uair eile.

34. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Creacha no argain, brise isteach in aon tigh no áit ag lorg créiche no argana, no a oifigeach uachtarach d'fhágaint chun dul ag lorg créiche no argana; no

(2) A ghárda, a phicéad, a phatról no a phost d'fhágaint gan ordú óna oifigeach uachtarach; no

(3) Aon tsaighdiúir atá ag gníomhú mar fhairtheoir d'fhórsáil no do bhuala, no toirmeasc do dhéanamh air go toiliúil; no

(4) Fórsáil do dhéanamh ar aon tsaighdiúir no scata saighdiúirí do cuireadh ag cosaint aon duine no maoine; no

(5) Ar bheith ina shaighdiúir dho agus ag gníomhú mar fhairtheoir dho (a) bheith ina chodla no ar meisce agus é ar a phost, no (b) a phost d'fhágaint sara scaoiltear ar chuma rialta é;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun báis, no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san agus féadfar é do dhaora chun pian-tseirbhíse, no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, más rud é ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san.

Eolas do nochta

35. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Einní i dtaobh na bhFórsaí do chur in úil no do nochta d'éinne ná fuil teideal aige chun an eolais sin, ar uair agus ar chuma go dtiocfadh as, dar leis an gCúirt, nithe a bheadh díobhálach do sna Fórsaí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun piantseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Cúlmhutaireacht agus ceannaire.

36. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) A chur fé ndeár no cogar chun a chur fé ndeár, no iarracht ar a chur fé ndeár aon chúlmhutaireacht no ceannairc do chur ar siúl in aon cheann de sna Fórsaí, no bheith páirteach ina leithéid; no

(b) Ar bheith i láthair do, gan a chrua-dhícheall do dhéanamh chun aon chúlmhutaireacht no ceannaire áirithe in aon cheann de sna Fórsaí do chose; no

(c) Einne fé dhlí airm do tharrac, do mhealla, no d'éigniú nó tabhairt fé n-a leithéid do tharrac, do mhealla, no d'éigniú chun gabháil le haon chúlmhutaireacht no ceannairc in aon cheann de sna Fórsaí; no

(d) Má thagann eolas chuige no má bhionn cúis réasúnta aige le hamhrus go bhfuil aon chúlmhutaireacht no ceannairc ar bun sna Fórsaí no beartuithe, faillí do dhéanamh ar an gcéanna do chur in úil d'oifigeach uachtarach gan mhoill; no

(e) Einne fé dhlí airm do mhealla no tabhairt fé n-a mhealla ó ghéillsine do thabhairt don Stát;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun báis no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Oifigeach uachtarach do bhuala no é do bhagairt.

37. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Aon oifigeach do bhuala no éigean d'imirt no tabhairt fé éigean d'imirt air agus é ag có-líona a oifige;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar é do dhaora chun báis, no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san, agus féadfar é do dhaora chun pian-tseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, más rud é ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh aon chionta den tsórt san.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Oifigeach uachtarach do bhuala no éigean d'imirt no thabhairt fé éigean d'imirt air no caint bhagarthach no nea-ghéilliúnach do labhairt leis;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do dhaora chun pian-tseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Nea-ghéilliúint d'oifigeach uachtarach.

38. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Gan géille d'ordú dleathach a thug oifigeach uachtarach i bpearsain, pe'ca le labhairt a tugadh é no ar aon tslí eile,

agus gur chun teasbáint ná raibh aon bheann ar údarás a dineadh an nea-ghéilliúint,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

más oifigeach é agus má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta féadfar príosúntacht, no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, do chur air, no más oifigeach é agus ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, féadfar é do chur as an arm fé aithis no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so do chur air; no

más saighdiúir é agus má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, féadfar príosúntacht no pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, do chur air, no más saighdiúir é agus ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, féadfar é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Gan ordú dleathach, a thug oifigeach uachtarach do, do chó-líona,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(i.) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(ii.) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil nó fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Easumhlaíocht.

39. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Ar bheith in aon achrann, troid no mí-ordú, buille do bhuala, éigean d'imirt no tabhairt fé éigean d'imirt, no diúltú do rud do dhéanamh, ar (a) aon oifigeach a ordóidh go dleathach é do ghabháil no (b) aon duine go mbeidh sé i gcimeád aige go dleathach; no

(2) cur i gcoinnibh patróil tionnlacain no gárda póilíneachta dar dualgas é do ghabháil, no é do bheith i gcimeád acu,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Brise amach as ceathrúna.

40. —Gach saighdiúir fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Brise amach as ceathrúna, beairic, no campa, ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Faillí i ngéille d'orduithe.

41. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Faillí do thabhairt i ngéille d'aon orduithe garastúin no d'aon orduithe generálta no d'aon orduithe eile,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ní fholóidh an focal “orduithe generálta” san alt so Rialacháin ná Orduithe a dhin an tAire ná aon ordú den tsórt san i bhfuirm rialacháin a foillsíodh chun treorach agus eolais ghenerálta do sna Fórsaí.

Tréigean.

42. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) Aon cheann de sna Fórsaí do thréigean no tabhairt fé; no

(b) Einne fé dhlí airm do tharrac, tabhairt fé n-a tharrac, d'fháil no tabhairt fé n-a fháil chun aon cheann de sna Fórsaí do thréigean; no

(c) Cabhrú ar aon tslí le héinne fé dhlí airm chun aon cheann de sna Fórsaí do thréigean,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(i.) E do dhaora chun báis no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so má bhí sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta, no

(ii.) E do dhaora chun pian-tseirbhíse no chun pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so más rud é ná raibh sé ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta.

(2) I gcás ciontathóir do dhéanamh liostála calaoise aon uair amháin no níos minicí, féadfar a áireamh, chun críche a thrialta i dtréigean na bhFórsaí no i dtabhairt fé, go mbaineann sé le ceann no níos mó de sna Córanna chun ar ceapadh no chun ar aistríodh é chó maith leis an gCór le n-a mbaineann sé le ceart.

Tréigean do leigint thart gan innsint.

43. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Ar theacht in eolas ar dhuine fé dhlí airm do dhéanamh tréigine no do bheith chun a dhéanta, faillí do dhéanamh ar fholáramh do thabhairt dá oifigeach ceannais no ar éinní ar a chumas do dhéanamh chun gabháil do chur ar an tréigtheóir no ar an abhar tréigtheóra,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt, féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Liostáil chalaoiseach.

44. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Le linn bheith sna Fórsaí dho, é féin do liostáil sna Fórsaí agus é gan bheith scurtha asta go regleálta no na coiníollacha a chuirfadh ar a chumas liostáil do bheith, ar aon tslí eile, gan có-líona aige,

tuigfar é do bheith ciontach i liostáil chalaoiseach agus ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht mar a luaidhtear san Acht so do chur air.

(2) I gcás ciontathóir do dhéanamh liostála calaoise ar roinnt ocáidí, féadfar a áireamh chun críche an Ailt seo, go mbaineann sé le ceann no níos mó de sna Córanna chun ar ceapadh no chun ar aistríodh é chó maith leis an gCór le n-a mbaineann sé le ceart.

Nea-láithreacht gan cead.

45. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Bheith as láthair gan cead; no

(2) Faillí i dteacht go dtí an láthair paráide no slóga, no go dtí an post no an t-ionad a cheap a oifigeach uachtarach, no imeacht as an láthair paráide no slóga san no as an bpost no as an ionad san sara ndintar sealaíocht air, no gan cead, no ar aon tslí éagcórtha eile; no

(3) Na ranganna d'fhágaint gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Oifigeach á iompar féin ar chuma scannalach

46. —Gach oifigeach fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

E féin d'iompar ar chuma scannalach nách cuibhe d'oifigeach,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do bhrise fé aithis.

Calaois ó dhaoine i bhfeighil airgid no earraí.

47. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Más rud é, de bhua a oifige no ar aon tslí eile, go bhfuil air go hoifigiúil aire do thabhairt d'aon airgead no earraí, puiblí no mileata, no bheith ina gcúram no bheith i seilbh orra, no iad do roinnt, no go bhfuil baint aige leis na gnóthaí sin, an t-airgead no na hearraí sin do ghuid no do chur chun mí-chríche no mí-úsáide go calaoiseach no an ghuid no an cur san do leigint thairis gan innsint, no baint a bheith aige leis, no damáiste do dhéanamh dóibh go toiliúil,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur fé phiantseirbhís no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Breoiteacht bhréige no dochar do dhéanamh do dhuine féin, Obair aithiseach.

48. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Breoiteacht bhréige no leigint air go bhfuil galar no easláinte air no ag cur an céanna air féin; no

(2) Díobháil do dhéanamh do féin no d'aon duine eile fé dhlí airm, le hintinn é féin no an duine sin do dhéanamh neamh-infheadhma; no

(3) Einne do chur ag déanamh díobhála dho le hintinn é do dhéanamh neamh-infheadhma; no

(4) Bheith ciontach in aon mhí-iompar no in aon neaghéilliúint d'orduithe, pe'ca in ospideul no ar aon tslí eile, mí-iompar no nea-ghéilliúint tré n-a ndéanfa sé galar no easláinte do chrothnú no do chur in olcas no moill do chur ar leigheas an chéanna; no

(5) Cabhrú chun aon chionta a háirítear in aon chlás díobh san roimhe seo do dhéanamh no é do leigint thairis gan innsint; no

(6) Bheith ciontach in aon obair aithiseach, sé sin, obair dhanartha, mhí-náireach no mhí-nádúrtha de shaghas nár luadhadh fós go speisialta san Acht so,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Meisce.

49. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Bheith ar meisce le linn bheith ar diúité,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é agus gur le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do bhrise fé aithis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más oifigeach é agus nách le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(c) Más saighdiúir é agus gur le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(d) Más saighdiúir é agus nách le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil ar feadh sé mhí no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Leigint do phríosúnaigh éaló.

50. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Einne 'na bhfuil sé de dhualgas air é do chimeád no do ghárdáil, no éinne a cuireadh fé n-a chúram, do scaoile saor gan údarás ceart no cabhrú chun leigint do éaló no leigint do éaló d'aon ghnó no tré fhaillí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do chur chun báis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so: no

(b) Más rud é nách le linn bheith ar seirbhís chogúil a dhin sé an cionta, é do chur fé phian-tseirbhís no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Gabháil no braighdeanas nea-rialta. Ealó

51. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) (a) Einne do choinneáil gan gá fé ghabháil no i mbraighdeannas gan é do thabhairt chun trialach; no

(b) faillí do dhéanamh ar chás éinne den tsórt san do thabhairt fé bhráid an údaráis chóir chun féachaint isteach ann; no

(2) Tar éis duine do thabhairt i gcimeád d'oifigeach no d'oifigeach nea-choimisiúnta, faillí do dhéanamh gan chúis réasúnta chuige, ar chuntas i scríbhinn, fé n-a láimh féin, ar an gcionta atá i gcoinnibh an duine a thug sé i gcimeád mar sin, do thabhairt don oifigeach no don oifigeach nea-choimisiúnta san láithreach, no chó luath agus is féidir é, nó, pé scéal é, ar uair nách déanaí ná cheithre huaire fichead tar éis an duine do thabhairt i gcimeád; no

(3) Ar bheith ina cheann ar ghárda dho, agus ar thógaint no ar ghlaca duine i gcimeád do, faillí do dhéanamh ar ainm an duine sin, agus chó fada le n-a eolas, cionta an duine sin do thabhairt i scríbhinn, don oifigeach go n-órdófar do tuairisciú dho, sé sin nuair a déanfar sealaíocht air sa ghárda no sa diúité no, pé scéal é, laistigh de cheithre huaire fichead tar éis am an duine sin do thógaint no do ghlaca i gcimeád, agus, ina theanta san, ainm agus céim an oifigigh no an duine eile a chúisigh an duine sin, agus má fuair sé é, an cuntas i scríbhinn a luaidhtear sa chlás san roimhe seo; no

(4) Ar bheith gabhtha no i mbraighdeanas do, no i gcimeád dleathach ar aon tslí eile, éaló no tabhairt fé éaló,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise fé aithis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le maoin.

52. —Gach éinne fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon táille no buntáiste do ghlaca i gcúrsaí díol no ceannach aon lóin, stóraisí, arm, gléasa no earraí eile chun úsáid aon cheann de sna Fórsaí no tairbhe a bheith aige ar aon tslí nea-dhleathach as díol no ceannach na rudaí sin; no

(2) Aon airm, amuinisean, gléasa, instruimidí, éadach no maoin mhileata eile do chailliúint tré fhaillí, díobháil do dhéanamh dóibh d'aon ghnó no iad do chur as an slí no baint a bheith aige le hiad do chur as an slí (pe'ca tré iad do bhronna, do chur i ngeall, do dhíol no do mhille no tré aon rud eile in aon chor a dhéanamh leo); no

(3) Droch-úsáid do thabhairt d'aon ainmhí a húsáidtear sa tseirbhís phuiblí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Eitheach do chur i scríbhinní oifigiúla, agus faisnéisí bréagacha.

53. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon mhí-aithris no ráiteas bréagach no calaoiseach do dhéanamh go feasach no bheith páirteach go feasach ina leithéid a dhéanamh in aon scríbhinn a dhéanfidh, a shighneoidh no a dheimhneoidh sé, no 'na bhfuil sé de dhualgas air a fháil amach ce'ca cruinn no neachruinn na nithe atá inti; no

(2) Aon ráiteas bréagach no calaoiseach do dhéanamh go feasach no bheith páirteach go feasach ina leithéid a dhéanamh; no

(3) Ceilt no atharú, mille no cur-as-an-slí do dhéanamh go feasach ar aon scríbhinn go bhfuil sé de dhualgas air í do chimeád no do thabhairt i láthair; no

(4) Einní d'fhágaint ar lár go feasach no bheith páirteach go feasach in éinní d'fhágaint ar lár in aon scríbhinn a dhéanfidh, a shighneoidh no a dheimhneoidh sé no 'na bhfuil sé de dhualgas air a fháil amach ce'ca cruinn no nea-chruinn na nithe atá inti, no an céanna do dhéanamh le haon tuairisc no ráiteas a dhéanfa sé no a chuirfe sé chun siúil agus 'na bhfuil sé de dhualgas air é do dhéanamh no do chur chun siúil, agus san le hintinn calaois do dhéanamh no dul amú do chur ar éinne; no

(5) Diúlta do thuairisc no cuntas do dhéanamh no do chur chun siúil agus é de dhualgas air an céanna do dhéanamh no do chur chun siúil no, tré n-a fhaillí chiontach féin, an dualgas san d'fhágaint gan có-líona; no

(6) Aon fhaisnéis bhréagach do dhéanamh in aon ráiteas, tuairisc no cuntas 'na bhfuil sé de dhualgas air é do dhéanamh no do chur chun siúil, agus a fhios aige gur faisnéis bhréagach í,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Gearán bréagach.

54. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Aon ghearán bréagach do dhéanamh ar éinne eile fé dhlí airm agus a fhios aige gur bréag é,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Gearán bréagach no ráiteas bréagach.

55. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon ráiteas do dhéanamh a meastar a dhéanfadh dochar mór no díobháil mhór do chlú éinne eile atá fé dhlí airm, toisc é do bheith bréagach no toisc dátáin táchtacha bheith leigthe ar lár ann, agus a fhios aige gur ráiteas den tsórt san é; no

(2) Ar bheith ina shaighdiúir do, aon bhréag thoiliúil d'innsint d'oifigeach airm no do Ghiúistís Dúithche no do Choimisinéir Síochána i gcúrsaí cead nealáithreachta; no

(3) Ar bheith ina shaighdiúir do, a rá go bréagach le n'oifigeach ceannais gur dhin sé an t-arm do thréigean no liostáil chalaoiseach,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí i gcúrsaí Arm-Chúirteanna.

56. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Gan teacht i láthair tar éis gairm no ordú a bheith tabhartha dho go cuibhe chun teacht mar fhínné go hArm-Chúirt; no

(2) Diúltú do mhionn do thabhairt no d'fhaisnéis sholamanta do dhéanamh má orduíonn Arm-Chúirt go dleathach an céanna do thabhairt no do dhéanamh; no

(3) Diúltú d'aon scríbhinn ina chomhacht, ar seilbh aige no ar fáil aige do thabhairt i láthair má orduíonn Arm-Chúirt do go dleathach í do thabhairt i láthair; no

(4) Ar bheith ina fhínné dho diúltú do fhreagra do thabhairt ar aon cheist a fhéadfadh Arm-Chúirt go dleathach a iarraidh air a fhreagairt; no

(5) Droch-mheas do chaitheamh ar Arm-Chúirt tré chaint bhagarthach no mhaslathach d'úsáid no tré n-a chur fé ndeár aon chur isteach no buaireamh do dhéanamh ar na himeachta,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) más oifigeach é, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) más saighdiúir é, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so:

Ach i gcás duine fé dhlí airm do bheith ciontach in aon chionta dá luaidhtear san Alt so, féadfidh an Chúirt sin, más oiriúnach leo é, in ionad Arm-Chúirt eile do thriail an chiontathóra, féadfid le hOrdú fé láimh an Uachtaráin, a ordú go ndéanfar an ciontathóir, más oifigeach é, do chur i bpríosún gan daor-obair ar feadh tréimhse nách sia ná mí; no, más saighdiúir é, do chur fé choinneáil ar feadh tréimhse nách sia ná 21 lá; agus ní bheidh sé riachtanach aon daingniú den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo san Acht so do dhéanamh ar an Ordú san.

Fianaise bhréagach.

57. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Fianaise bhréagach do thabhairt go toiliúil agus é á scrúdú fé bhrí mionna no faisnéise solamanta i láthair Arm-Chúirte no aon Chúirte no aon oifigigh dar údaruíodh go cuibhe daoine do chur fé mhionn,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur fé phiantseirbhís no fé pé pionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le billéadacht.

58. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas (dá ngairmtear san Acht so ciontaí a bhaineann le billéadacht), sé sin le rá:—

(1) Droch-úsáid do thabhairt (le fóiréigean, ró-éileamh no buaireamh i mbilléadaí) do shealbhóir tighe ina bhfuil aon duine no capall ar billéad; no

(2) Ar bheith ina oifigeach do, agus tar éis gearán agus crothúnas d'fháil i dtaobh aon oifigeach no saighdiúir fé n-a cheannas do thabhairt droch-úsáide mar sin, diúltú don chéanna do chur á chúiteamh no faillí do thabhairt sa ní sin; no

(3) Gan forálacha an Achta so do chó-líona maidir le híoc éilithe cearta an duine na raibh sé féin no aon oifigeach no saighdiúir fé n-a cheannas, no capaill leis féin no leo-san, ar billéad air, no maidir le cuntas ar an airgead a bhí ag dul don duine sin do dhéanamh suas agus do chur isteach: no

(4) Billéadaí d'iarraidh go toiliúil agus gan iad ag teastáil i gcóir duine no capaill i dteideal billéid; no

(5) Aon airgead no luach saothair do ghlaca o éinne, no a leithéid do lomháil go toiliúil, mar gheall ar éinne do shaora no d'fhuascailt óna oblagáid no ó aon chuid den oblagáid a bhí air i dtaobh oifigigh, saighdiúirí no capaill do ghlaca ar billéad no ar ceathrú; no

(6) Aon bhagairt no fórsáil do dhéanamh ar aon chonstábla no oifigeach síbhialta eile chun a chur fhiachaint air billéadaí do thabhairt contrárdha don Acht so no aon bhagairt no fórsáil do raghadh chun é do chosc no mí-mhisneach do chur air maidir le có-líona aon choda den dualgas atá air fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le billéadacht no a raghadh chun é do mhealla chun éinní do dhéanamh a bheadh contrárdha don dualgas san; no

(7) Aon bhagairt no fórsáil do dhéanamh ar aon duine a raghadh chun a chur fhiachaint ar an duine sin aon duine no capall do ghlaca dá ainneoin agus gur duine no capall é nár cuireadh ar billéad air go cuibhe do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le billéadacht no a raghadh chun a chur fhiachaint air aon chóir do thabhairt ná fuil air a thabhairt do réir na bhforálacha san;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le carráistí agus a lucht freastail do thógaint go héigeanta.

59. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas (dá ngairmtear san Acht so ciontaí a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta), sé sin le rá:—

(1) Aon mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil, árthach no eiteallán, ná teastuíonn chun na gcrícheanna a húdaruítear leis an Acht so, d'éileamh go toiliúil; no

(2) Faillí do thabhairt i gcó-líona na bhforálacha den Acht so a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta maidir le híoc suimeanna atá le n'íoc as carráistí no maidir leis an ualach do mheádh; no

(3) A chur fhiachaint ar mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil no árthach, a soláthruíodh do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta, taisteal do dhéanamh thar an bhfaid cheart d'ainneoin an duine atá ina chúram, no aon mheáchaint d'iompar d'ainneoin an duine sin os cionn na meáchainte is ghá dho a iompar do réir na bhforálacha san; no

(4) Gan scaoile do dhéanamh chó luath agus is féidir é ar aon mhótar, carráiste, ainmhí, árthach no eiteallán áirithe, a soláthruíodh do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le carráistí do thógaint go héigeanta; no

(5) A chur fhiachaint ar éinne i bhfeighil an mhótair, an charráiste, an ainmhí, an árthaigh no an eitealláin sin no a leigint go gcuirfí fhiachaint air, aon bhagáiste no stóráisí a thógaint ar an gcéanna agus gan teideal ann chun iad a chur á n-iompar no, lasmuich den chás ina soláthrófí an mótar, an carráiste no an t-ainmhí ar ordú práinne, aon tsaighdiúir no seirbhíseach (ach amháin iad san atá breoite) no aon bhean no duine do thógaint ar an gcéanna; no

(6) Droch-úsáid do thabhairt no a leigint go dtabharfí droch-úsáid d'éinne i bhfeighil aon mhótair, carráiste, ainmhí, feithicle, árthaigh no eitealláin den tsórt san; no

(7) Aon bhagairt no fórsáil do dhéanamh ar aon chonstábla chun a chur fhiachaint air aon mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil, árthach no eiteallán do sholáthar ná fuil ceangailte air a sholáthar do réir na bhforálacha den Acht so a bhaineas le carráistí a thógaint go héigeanta no aon bhagairt no fórsáil a raghadh chun cosc no mí-mhisneach do chur air maidir le có-líona aon choda den dualgas atá air i gcúrsaí mótair, carráistí, ainmhithe, feithiclí, árthaigh no eitealláin do sholáthar, no a raghadh chun é do mhealla chun éinní do dhéanamh a bheadh contrárdha don dualgas san; no

(8) Aon mhótar, carráiste, ainmhí, feithicil, árthach no eiteallán do bhaint le fórsa den té gur leis é,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Taisteal gan ticéad, etc.

60. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Taisteal no tabhairt fé thaisteal ar aon traen, tram, carr no feithicil eile gan an táille d'íoc no do thairisgint, no gan ticéad, deimhniúchán no barántas ceart,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, no

(b) más saighdiúir é, é do chur fe choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí a bhaineann le liostáil.

61. —Gach duine a thiocfidh fé dhlí airm agus a gheobhfar amach a bheith tar éis aon chionta dhíobh so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(1) Ar bheith scurtha as na Fórsaí fé aithis, ath-liostáil do dhéanamh gan gach ar bhain le n-a scur d'fhaisnéis; no

(2) Freagra bréagach do thabhairt go toiliúil ar aon cheist ar an bpáipéar teistíochta, ceist a cuireadh chuige le hordú an Ghiúistís Dúithche, an Choimisineura Síochána no an oifigigh, na dtáinig sé ina láthair chun go dteisteofí é, no a chuir éinne acu san é féin chuige;

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Ciontaí generálta a bhaineann le liostáil.

62. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Baint a bheith aige le haon fhear do liostáil chun seirbhíse sna Fórsaí agus a fhios aige no cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil an fear san i gcás as a dtiocfadh go mbeadh sé ag déanamh cionta i gcoinnibh an Achta so dá liostáladh sé; no

(2) Sárú toiliúil do dhéanamh ar aon achtachán no rialachán in éinní a bhaineann le liostáil no teistiú saighdiúirí de sna Fórsaí,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Droch-úsáid do shaighdiúir.

63. —Gach oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Aon tsaighdiúir do bhuala go nea-dhleathach no drochúsáid nea-dhleathach do thabhairt do ar aon tslí eile.

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Droch-úsáid do dhuine i gcimeád mileata.

64. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Einne ná fuil fé dhlí airm agus atá i gcimeád mileata

do bhuala go nea-dhleathach no droch-úsáid nea-dhleathach do thabhairt do ar aon tslí eile,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Págh do chimeád siar.

65. —Gach oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Tar éis págh éinne atá fé dhlí airm d'fháil, an céanna

do choinneáil go nea-dhleathach no diúltú go neadhleathach d'é d'íoc,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) más oifigeach é, é do bhrise no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so, no

(b) más oifigeach nea-choimisiúnta é, é do chur fé choinneáil no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Créachtnú tré fhaillí. Ciontaí a bhaineann le hairm teine.

66. —(1) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Tré fhaillí no neamh-aire no tré bhrise aon orduíocha, éinne eile do chréachtnú pe'ca tá sé fé dhlí airm no ná fuil,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar é do chur fé phiantseirbhís no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

(2) Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) Gan leor-chúis chuige aon airm teine lódálta no nealódálta, do phuínteáil chun éinne pe'ca tá sé fé dhlí airm no ná fuil, no

(b) Lámhach le haon airm teine gan leor-chúis chuige, no

(c) Aon arm teine lódálta no nea-lódálta do láimhseáil go neamh-aireach no go faillítheach ar shlí a meastar a thabharfadh cúis do dhuine chun eagla a bheith air,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Diúltú do chiontathóir do thabhairt suas d'údarás síbhialta.

67. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Ar a iarraidh sin air go dleathach, é do dhiúltú d'aon oifigeach no saighdiúir a cúisíodh i gcionta i gcoinnibh na gnáth-dhlí do thabhairt suas do sna húdaráis sibhialta chearta, no é do dhiúltú do chabhrú chun a leithéid do ghabháil go dleathach, no é do thabhairt faillí in aon cheann de sna nithe sin,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

(a) Más oifigeach é, é do bhrise fé aithis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; no

(b) Más saighdiúir é, príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so.

Iompar a raghadh chun dochair do dhea-ordú agus do smacht mileata.

68. —Gach duine fé dhlí airm a dhéanfidh an cionta so a leanas, sé sin le rá:—

Bheith ciontach in aon ghníomh, iompar, mí-ordú no faillí a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata,

ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt féadfar—

príosúntacht do chur air no aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so:

Ach ní trialfar éinne den tsórt san fén Alt so in aon chionta go bhfuil forálacha fé leith ina thaobh in aon chuid eile den Acht so agus nách cionta síbhialta é, ach mar sin féin má daortar duine a cúisíodh ina leithéid sin de chionta ní leor an cúiseamh a bheith buniscionn leis an bprovíso so chun an daora san do dhéanamh neamh-éifeachtúil, maran rud é go ndeabhróidh sé gur dineadh éagcóir ar an duine cúisithe de dheascaibh na buniscionntachta san, ach ní bhainfidh éifeachtúlacht an daora san an fhreagarthacht d'aon oifigeach a bheidh freagarthach sa bhuniscionntacht.

Ciontaí le n-a ngabhann pionóisí fé ghnáth-dhlí Shaorstáit Éireann.

69. —Fé réir pé rialacháin a luaidhtear san Acht so agus a dineadh chun ná cuirfí isteach ar údarás na gCúirteanna Síbhialta, gach éinne a dhéanfidh aon chionta dá luaidhtear san Alt so agus é fé dhlí airm tuigfar é do bheith ciontach i gcionta i gcoinnibh dlí airm, agus má cúisítear é fén Alt so in aon chionta den tsórt san (dá ngairmtear cionta sibhialta san Acht so) féadfar é do thriail i láthair Arm-Chúirte agus ar a fháil ciontach féadfar pionós do chur air mar leanas, sé sin le rá:—

(1) Má fachtar ciontach i dtréasan é féadfar é do chur chun báis no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; agus

(2) Má fachtar ciontach i ndúnmharbhú é, féadfar é do chur chun báis; agus

(3) Má fachtar ciontach i nduineabhacht no i bhfeleontacht tréasain é féadfar é do chur chun pian-tseirbhíse no é do chur fé aon phionós fé n-a bhun san, a luaidhtear san Acht so; agus

(4) Má fachtar ciontach in éigniú é féadfar é do chur fé phian-tseirbhís nó fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; agus

(5) Má fachtar ciontach i mbrúidiúlacht é féadfar é do chur fé phian-tseirbhís nó fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear san Acht so; agus

(6) Má fachtar ciontach é in aon chionta dá n-áirítear sa Triú Sceideal a ghabhann leis seo no in iarracht ar aon chionta dá luaidhtear anso roimhe seo san Alt so no dá luaidhtear sa Sceideal san do dhéanamh (agus gur cionta coiriúil 'na bhfuil pionós ina chóir i ngnáthdhlí choiriúil Shaorstáit Éireann gurb ea iarracht do thabhairt fé n-a dhéanamh) no in aon chionta i gcoinnibh dlí Shaorstáit Éireann ná fuil aon tagairt fé leith dho roimhe seo san Alt so agus go bhfuil pionós ina chóir i ngnáth-dhlí choiriúil Shaorstáit Éireann, féadfar é do chur fé pé pionós do b'fhéidir a chur air do réir an Achta so mar gheall ar chionta a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata, no fé aon phionós atá ceaptha i gcóir an chionta san i ndlí Shaorstáit Éireann:

Ach ní déanfar éinne fé dhlí airm do thriail i láthair Arm-Chúirte i dtréasan, i ndúnmharbhú, i nduineabhacht, i bhfeleontacht tréasain, in éigniú ná i mbrúidiúlacht mara raibh an duine sin ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta san.

Scala na bPionoisi agus a gCur i bhFeidhm.

Scálaí de phionóisí a fhéadfidh Arm-Chúirteanna a ghearra.

70. —(1) Ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt san Acht so, féadfidh an Arm-Chúirt a dhéanfidh duine fé dhlí airm do thriail agus d'fháil ciontach i gcionta a luaidhtear roimhe seo san Acht so, féadfa sí an duine sin do dhaora chun aon phionós amháin, agus ní chun a thuille, de sna pionóisí a háirítear i Scálaí A agus B a leanas é seo.

(2) Chun críche an Achta so tuigfar aon phionós a háirítear sna scálaí seo A agus B a leanas do bheith níos lú ná aon phionós a théigheann roimhe sa scála céanna.

Scala A.

Más oifigeach an té a gheobhfar ciontach—

I.

Bás.

II.

Pian-tSeirbhís.

III.

Príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre.

IV.

Brise as an seirbhís fé aithis.

V.

Brise as an seirbhís.

VI.

Fíneáil.

VII.

Aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

VIII.

Dian-imdhearga.

IX.

Imdhearga.

Scala B.

Más saighdiúir an té a gheobhfar ciontach—

I.

Bás.

II.

Pian-tSeirbhís.

III.

Príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre.

IV.

Scur ón seirbhís fé aithis.

V.

Coinneáil.

VI.

Scur ón seirbhís.

VII.

Más oifigeach nea-choimisiúnta an té a gheobhfar ciontach, sinsíreacht céime do chailliúint, ísliú go dtí grád níos ísle no go dtí na ranganna.

VIII.

Cáinfice agus fíneála.

IX.

Aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

X.

Dian-imdhearga.

Eifeacht breitheanna áirithe.

71. —(1) Má daortar oifigeach chun pian-tseirbhíse no chun príosúntachta (ach amháin le mola ar an slí achmair o Arm-Chúirt fé Alt 56 den Acht so) dineann san ann féin é do bhrise as an seirbhís fé aithis.

(2) Má daortar oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil chun pian-tseirbhíse dineann san ann féin é do scur ón seirbhís fé aithis.

(3) Má dintar oifigeach do bhrise as an seirbhís fé aithis no saighdiúir do scur ón seirbhís fé aithis fágfidh san é fé mhícháilíocht ná leigfidh do fónamh don Stát arís go bráth in aon fheadhmanas, síbhialta ná mileata.

(4) Má daortar oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil chun príosúntachta dineann san ann féin é do scur ón seirbhís mara n-órduighidh an Chúirt a mhalairt.

(5) Má daortar oifigeach nea-choimisiúnta chun príosúntachta no chun é do chur fé choinneáil dineann san ann féin é d'ísliú go dtí na ranganna.

Pionóisí a ceaduítear a chur le chéile.

72. —(1) Féadfidh Arm-Chúirt oifigeach do dhaora san aon am amháin chun aon phionós no pionóisí dhíobh so a leanas:—

(a) Fineáil.

(b) Dian-imdhearga.

(c) Imdhearga.

(2) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile féadfidh Arm-Chúirt oifigeach do dhaora chun aon bhaint as a ghnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

(3) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile féadfidh Arm-Chúirt aon oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil do dhaora chun aon phionóis díobh so a leanas:—

(a) Fíneáil.

(b) Aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Arm-Chúirt a dhéanamh.

Teoranna le breitheanna

73. —(1) Ní molfar aon bhreith pian-tseirbhíse i gcóir tréimhse is giorra ná trí bliana.

(2) Ní molfar aon bhreith príosúntachta ná coinneála i gcóir tréimhse is sia ná dhá bhliain.

Gabhail.

Comhacht chun ciontathóir do chur fé ghabháil.

74. —(1) Einne fé dhlí airm a cúiseofar i gcionta na bhfuil pionós ina chóir san Acht so, féadfar é do thógaint i gcimeád mileata.

(2) Einne a tógfar i gcimeád mileata, féadfar é do chur fé shaor-ghabháil no fé dhlúth-ghabháil.

Nithe generálta i dtaobh gabhála.

75. —(1) Féadfidh oifigeach, ag gníomhú le húdarás ceart, a ordú go gcuirfar i gcimeád mileata oifigeach is ísle céim ná é féin no saighdiúir.

(2) Féadfidh oifigeach, ag gníomhú le húdarás ceart, a ordú go gcuirfar i gcimeád mileata aon oifigeach (bíodh go bhfuil sé níos aoirde céim ná é féin no ar aon chéim leis féin) atá sáite in aon mhí-ordú no achrann.

(3) Féadfidh oifigeach nea-choimisiúnta, ag gníomhú le húdarás ceart, a ordú go gcuirfar aon tsaighdiúir i gcimeád mileata.

(4) Má orduítear go dleathach duine fé dhlí airm do ghabháil, có-líonfar an t-ordú pe'ca leis an gcór, géag no brainse amháin de sna Fórsaí a bhaineann an té a thug an t-ordú agus an té gur tugadh an t-ordú ina thaobh no nách ea.

Tuairisc o Ghárda.

76. —(1) Gach oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta a chuirfidh aon duine i gcimeád, déanfa sé, le n-a linn sin no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin no, pé scéal é, ar uair nách déanaí ná 24 huaire ina dhiaidh sin, cuntas i scríbhinn, fé n-a láimh féin, ar an gcionta atá i gcoinnibh an duine a tugadh i gcimeád mar sin, do thabhairt don oifigeach no don oifigeach nea-choimisiúnta gur tugadh an duine i gcimeád do.

(2) Ní dhéanfidh aon oifigeach ná oifigeach nea-choimisiúnta i gceannas gárda, ná príomh-mharascal ná príomh-mharascal conganta diúltú d'aon duine do ghlaca no do chimeád a thabharfidh oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta i gcimeád do.

(3) Aon oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta, i gceannas gárda, a thógfidh no a ghlacfidh duine i gcimeád, déanfa sé chó luath agus déanfar sealaíocht i ngárda no i ndiúité air no, pé scéal é, laistigh de cheithre huaire fichead tar éis am an duine sin do thógaint no do ghlaca i gcimeád do, ainm an duine sin agus, chó fada len' eolas ar an gcéanna, cionta an duine sin, do thabhairt dá Oifigeach Ceannais, maraon le hainm agus céim an oifigigh no an oifigigh nea-choimisiúnta a chúisigh an duine sin agus, má fuair sé an céanna, an cuntas i scríbhinn a luaidhtear i bhfo-alt (1) den Alt so.

Cúis d'iniúcha gan mhoill.

77. —Déanfidh an ceart-údarás mileata gan mhoill neariachtanach an chúis a bheidh i gcoinnibh gach duine a tógfar i gcimeád mileata d'iniúcha, agus chó luath agus is féidir é tosnófar ar an bpionós do chur i bhfeidhm mar gheall ar an gcionta no leigfar saor an duine sin.

Deighlealfar ar an Sli Achmair le Cuiseanna Airithe.

Cúiseanna i gcoinnibh oifigigh is ísle céim ná Ceannphort go bhféadfar deighleáil leo ar an slí achmair.

78. —Má dintar oifigeach is ísle céim ná Ceannphort do chúiseamh i gcionta a luaidhtear san Alt so, féadfar deighleáil leis an gcúis ar an slí achmair ar an gcuma a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

Ciontai.

(1) Faillí do thabhairt i ngéille d'orduithe garastúin no d'orduithe generálta no d'orduithe eile, eadhon, an cionta a luaidhtear in alt 41 den Acht so.

(2) Bheith as láthair gan cead.

(3) Faillí do thabhairt i dteacht go dtí an láthair paráide no slóga, no go dtí an post no an t-ionad a cheap a oifigeach uachtarach; no imeacht as an láthair paráide no slóga san no as an bpost no as an ionad san sara ndintar sealaíocht air no gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile.

(4) Na ranganna d'fhágaint gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile.

(5) Bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité.

(6) Bheith ciontach in aon ghníomh, iompar, mí-ordú no faillí a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata.

Pionóisí a féadfar a ghearra ar an slí achmair ar oifigeach is ísle céim ná Ceannphort.

79. —Nuair a déanfar oifigeach is ísle céim ná Ceannphort do chúiseamh in aon chionta dá luaidhtear in Alt 78 den Acht so, féadfidh an t-oifigeach orduithe, más deimhin leis go bhfuil an duine cúisithe ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) Fíneáil ná raghaidh thar £10.

(2) Dian-imdhearga.

(3) Imdhearga.

Cúiseanna i gcoinnibh saighdiúra go bhféadfar deighleáil leo ar an slí achmair

80. —Nuair a déanfar oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir singil do chúiseamh in aon chionta dá luaidhtear san Alt so féadfar deighleáil leis an gcúis ar an slí achmair ar an gcuma a foráltar ina dhiaidh seo anso.

Ciontai.

(1) Gan géille d'ordú dleathach a thabharfidh, oifigeach uachtarach do.

(2) Ar bheith in aon achrann, troid no mí-ordú, buille do bhuala, éigean d'imirt no tabhairt fé éigean d'imirt no diúltú do rud do dhéanamh ar (a) aon oifigeach a ordóidh go dleathach é do ghabháil, no (b) aon duine go ndéanfar go dleathach é do chur i gcimeád aige.

(3) Cur i gcoinnibh patróil, tionnlacain no gárda póilíneachta dar dualgas é do ghabháil no é do bheith i gcimeád acu.

(4) Brise amach as ceathrúna.

(5) Faillí do thabhairt i ngéille d'orduithe garastúin no d'orduithe generálta no d'orduithe eile, eadhon, an cionta a luaidhtear in Alt 41 den Acht so.

(6) Bheith as láthair gan cead.

(7) Faillí do thabhairt i dteacht go dtí an láthair paráide no slóga, no go dtí an post no an t-ionad a cheap a oifigeach uachtarach; no imeacht as an láthair paráide no slóga san no as an bpost no as an ionad san sara ndintar sealaíocht air no gan cead no ar aon tslí éagcórtha eile.

(8) Na ranganna d'fhágaint gan cead no ar an tslí éagcórtha eile.

(9) Ar bheith ina shaighdiúir shingil do, bheith ar meisce agus é ar diúité.

(10) Bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité.

(11) Aon airm, amuinisean, ghléasa, instruimidí, éadach no maoin mhileata eile do chailliúint tré fhaillí, diobháil do dhéanamh dóibh d'aon ghnó no iad do chur as an slí no baint a bheith aige le hiad do chur as an slí (pe'ca tré iad do bhronna, do chur i ngeall, do dhíol no do mhille no tré ao rud eile in aon chor a dhéanamh leo).

(12) Aon ghearán bréagach do dhéanamh ar éinne eile fé dhlí airm agus a fhios aige gur bréag é.

(13) Aon ráiteas do dhéanamh a meastar a dhéanfadh dochar mór no díobháil mhór do chlú éinne eile atá fé dhlí airm, toisc é do bheith bréagach no toisc dátáin táchtacha bheith leigthe ar lár ann, agus a fhios aige gur ráiteas den tsórt san é.

(14) Aon bhréag thoiliúil d'innsint d'oifigeach airm no do Ghiúistís Dúithche no do Choimisinéir Síochána i gcúrsaí cead nea-láithreachta.

(15) Taisteal no tabhairt fé thaisteal ar aon traen, tram, carr no feithicil eile gan an táille d'íoc no do thairisgint, no gan ticéad, deimhniúchán no barántas ceart.

(16) Ar bheith scurtha as na Fórsaí fé aithis, ath-liostáil do dhéanamh gan gach ar bhain le n-a scur d'fhaisnéis.

(17) Freagra bréagach do thabhairt go toiliúil ar aon cheist ar an bpáipéar teistíochta, ceist a cuireadh chuige le hordú an Ghiúistís Dúithche, an Choimisineura Síochána no an oifigigh, na dtáinig sé ina láthair chun go dteisteofí é, no a chuir éinne acu san é féin chuige.

(18) Baint a bheith aige le haon fhear do liostáil chun seirbhíse sna Fórsaí agus a fhios aige no cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil an fear san i gcás as a dtiocfadh go mbeadh sé ag déanamh cionta i gcoinnibh an Achta so dá liostálfadh sé.

(19) Sarú toiliúil do dhéanamh ar aon achtachán no rialachán in éinní a bhaineann le liostáil no teistiú saighdiúirí de sna Fórsaí.

(20) Bheith ciontach in aon ghníomh, iompar, mí-ordú no faillí a dhéanfadh dochar do dhea-ordú agus do smacht mileata.

Pionóisí a féadfar a ghearra, ar an slí achmair, ar oifigeach neachoimisiúnta.

81. —Má cúisítear oifigeach nea-choimisiúnta in aon chionta dá luaidhtear in Alt 80 den Acht so, féadfidh Oifigeach Ceannais an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) I gcás ciontaí nách ciontaí meisce, fíneáil ná raghaidh thar £5.

(2) I gcásanna bheith ar meisce le linn gan bheith ar diúité, fíneála mar leanas:—

An chéad chionta

...

...

...

10s.

An dara cionta

...

...

...

20s.

An tríú cionta

...

...

...

30s.

An ceathrú cionta agus gach cionta ina

dhiaidh sin

...

...

...

50s.

(3) A chéim ghníomhachta do chailliúint.

(4) Dian-imdhearga.

(5) Imdhearga.

(6) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile, aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Oifigeach Ceannais a dhéanamh.

Pionóisí a fhéadfidh Oifigeach Ceannais a ghearra, ar an slí achmair, ar shaighdiúir shingil.

82. —Má cúisítear saighdiúir singil in aon chionta dá luaidhtear in Alt 80 den Acht so, féadfidh Oifigeach Ceannais an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) Coinneáil ar feadh tréimhse nách sia ná ocht lá fichead. I gcásanna nea-láithreacht gan cead, ní gearrfar ar dhuine é do chur fé choinneáil ar feadh tréimhse is sia ná seacht lá. I gcás an nea-láithreacht do bheith níos sia ná seacht lá, féadfar an duine do chur fé choinneáil ar feadh tréimhse is ionann agus an tréimhse a bhí sé as láthair gan cead ach ní bheidh an tréimhse coinneála níos sia ná ocht lá fichead i gcás ar bith.

(2) I gcás ciontaí nách ciontaí meisce, fíneáil ná raghaidh thar £3.

(3) I dteanta no d'éamais coinneála, fíneála mar leanas i gcásanna meisce:—

An chéad chionta

...

...

...

5s.

An dara cionta

...

...

...

10s.

An tríú cionta

...

...

...

20s.

An ceathrú cionta agus gach cionta ina

dhiaidh sin

...

...

...

30s.

(4) Coinneáil i mbeairic ar feadh tréimhse nách sia ná 14 lá.

(5) Diúité gárda agus diúité picéid sa bhreis.

(6) Foláramh.

(7) I dteanta no d'éamais aon phionóis eile, aon bhaint as gnáth-phágh a údaruíonn an tAcht so d'Oifigeach Ceannais a dhéanamh.

Pionóisí a fhéadfidh Ceannasaí Complachta a ghearra, ar an slí achmair, ar shaighdiúir shingil.

83. —Má cúisítear saighdiúir singil in aon chionta dá luaidhtear in Alt 80 den Acht so féadfidh Ceannasaí Complachta an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach, aon phionós díobh so a leanas do ghearra air ar an slí achmair:—

(1) I gcás ciontaí nách ciontaí meisce, fíneáil ná raghaidh thar £1.

(2) I gcásanna meisce, fíneála mar leanas:—

An chéad chionta

...

...

...

5s.

An dara cionta

...

...

...

10s.

An tríú cionta agus gach cionta ina

dhiaidh sin

...

...

...

20s.

(3) Coinneáil i mbeairic ar feadh tréimhse nách sia ná seacht lá.

(4) Diúité gárda agus diúité picéid sa bhreis.

(5) Foláramh.

Iniucha Cuiseanna.

Cúis i gcoinnibh oifigigh d'iniúcha.

84. —(1) Isé a Oifigeach Ceannais a iniúchfaidh cúis i gcoinnibh oifigigh sa chéad dul síos.

(2) Más deimhin leis an Oifigeach Ceannais ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, nó más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfé sé amach an chúis.

(3) Mara ndinidh an tOifigeach Ceannais an chúis do chaitheamh amach, déanfa sé mar leanas:—

(a) Más oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort an duine cúisithe no, i gcás oifigigh is ísle céim ná Ceannphort, maran cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 78 den Acht so an cionta, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(b) Más oifigeach is ísle céim ná Ceannphort an duine cúisithe, agus má tá an cionta ar cheann díobh san a luaidhtear in Alt 78 den Acht so, cuirfe sé an cás chun an oifigigh orduithe.

(4) Ar chur an cháis chuige do réir fo-alt (3) (b) den Alt so, iniúchfaidh an t-oifigeach orduithe an cás agus déanfa sé mar l anas:—

(a) Más deimhin leis ná fuil aon fhianaise i gcoinnibh an duine chúisithe, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(b) Mara gcaithe sé amach an chúis, déanfa sé mar leanas:—

(i.) Más dó leis gur cás gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cás, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt ghenerálta é.

(ii.) Mara ndine sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é, gearrfa sé air pionós díobh san a luaidhtear in Alt 79 den Acht so.

Cúis i gcoinnibh oifigigh neachoimisiúnta d'iniúcha.

85. —(1) Isé a Cheannasai Complachta a iniúchfaidh cúis i gcoinnibh oifigigh nea-choimisiúnta sa chéad dul síos.

(2) Más deimhin leis an gCeannasaí Complachta ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, caithfe sé amach an chúis.

(3) Mara ndinidh an Ceannasaí Complachta an chúis do chaitheamh amach, cuirfe sé an cás chun an Oifigigh Cheannais.

(4) Ar chur an cháis chuige do réir fo-alt (3) den Alt so, iniúchfaidh an tOifigeach Ceannais an cás agus déanfa sé mar leanas:—

(a) Más deimhin leis ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(b) Mara gcaithe sé amach an chúis déanfa sé mar leanas:—

(i.) Maran cionta díobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, no más cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so é agus gur dó leis gur cás gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cás, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(ii.) Más cúis díobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an chúis agus mara ndine sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é, gearrfa sé air pionós díobh san a luaidhtear in Alt 81 den Acht so.

Cúis i gcoinnibh saighdiúra shingil d'iniúcha.

86. —(1) Isé a Cheannasaí Complachta a iniúchfaidh cúis i gcoinnibh saighdiúra shingil sa chéad dul síos.

(2) Más deimhin leis an gCeannasaí Complachta ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(3) Mara ndinidh an Ceannasaí Complachta an chúis do chaitheamh amach déanfa sé mar leanas:—

(a) Más cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, agus más dó leis gur leor sa chás na pionóisí atá sé i dteideal a ghearra do réir Alt 83 den Acht so, gearrfa sé ceann de sna pionóisí sin.

(b) Maran cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, no más cionta dhíobh san é agus gur dó leis nách leor sa chás an pionós atá sé i dteideal a ghearra, cuirfe sé an cás chun an Oifigigh Cheannais.

(4) Ar chur an cháis chuige do réir fo-alt (3) (b) den alt so, iniúchfaidh an tOifigeach Ceannais an chúis agus déanfa sé mar leanas:—

(a) Más deimhin leis ná fuil aon fhianaise a nochtann cionta a luaidhtear san Acht so do bheith déanta, no más dó leis nách ceart dul ar aghaidh leis an gcúis, caithfe sé amach an chúis.

(b) Mara gcaithe sé amach an chúis déanfa sé mar leanas:—

I.—(a) Más cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, agus más dó leis gur cionta gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cionta, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(b) Mara ndine sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é gearrfa sé air pionós díobh san a luaidhtear in Alt 82 den Acht so.

II.—(a) Maran cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta, agus más dó leis gur cás gur chóir d'Arm-Chúirt deighleáil leis gurb ea an cás, iarrfa sé údarás ar an oifigeach orduithe chun deighleáil leis an gcás fé mar a bheadh an cionta ar cheann díobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so, agus ar fháil an údaráis sin do ón oifigeach orduithe sin (dá dtugtar leis seo comhacht chun an t-údarás san do dheona más oiriúnach leis é) deighleálfa sé leis an gcás dá réir sin agus gearrfa sé pionós díobh san a luaidhtear in Alt 82 den Acht so. Má coinnítear uaidh an t-údarás san déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

(b) Más rud é nách cionta dhíobh san a luaidhtear in Alt 80 den Acht so an cionta agus ná hiarrfa sé údarás mar adubhradh chun deighleáil leis an gcás ar an slí achmair, déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt é.

An nós-imeachta a bhaineann le cúis i gcoinnibh oifigigh, oifigigh nea-choimisiúnta no saighdiúra shingil d'iniúcha.

87. —Ní déanfar aon chúis i gcoinnibh oifigigh, oifigigh neachoimisiúnta ná saighdiúra shingil d'éisteacht ná d'iniúcha ach amháin i láthair an duine chúisithe. Beidh lán-chead ag an duine cúisithe chun gach fínné a glaofar ina choinnibh do chros-cheistiú agus aon fhínnithe do ghlaoch chun a chosanta agus ráiteas do dhéanamh chun a chosanta. Má iarrann an duine cúisithe gur fé bhrí na mionn a tógfar an fhianaise ina choinnibh, cuirfidh an t-oifigeach iniúchaíochta fé ndeár gach finné do chur fé bhrí na mionn sara ndine sé fianaise.

Saora no daora ag Cúirt Shíbhialta no ag Arm-Chúirt do bheith ina chosc ar imeachta ar an slí achmair.

88. —Éinne a cúiseofar i gcionta a luaidhtear san Acht so, ní féadfar deighleáil leis ar an slí achmair mar gheall ar chionta gur dhin Cúirt Shíbhialta inniúil no Arm-Chúirt é do shaora no do dhaora ann.

Arm-Chuirteanna.

Teora le húdarás Arm-Chúirteanna.

89. —(1) Má dhin Arm-Chúirt duine fé dhlí airm do shaora no do dhaora i gcionta, ní fhéadfidh Arm-Chúirt é do thriail arís sa chionta san.

(2) Má dhin Cúirt Shíbhialta inniúil duine fé dhlí airm do shaora no do dhaora i gcionta, ní fhéadfidh Arm-Chúirt é do thriail arís sa chionta san.

(3) Ní fhéadfidh Arm-Chúirt duine fé dhlí airm do thriaíl in aon chionta le n-ar deighleáladh ar an slí achmair do réir forálacha an Achta so:

Ach mar sin féin, in ainneoin cúis a bheith caithte amach no pionós a bheith gearrtha mar gheall air, féadfidh an Ard-Chongantóir, ar réasúin is leor dar leis féin, a ordú go dtrialfidh Arm-Chúirt an duine sin.

(4) Ní déanfar, do réir an Achta so, éinne fé dhlí airm do thriail ná do chur fé phionós i dtaobh cionta is intrialta ag Arm-Chúirt agus a dineadh breis agus trí bliana roimh dháta a thrialach do thosnú, ach amháin i gcás cúl-mhutaireachta, tréigine no liostála calaoisí; ach ní dhéanfidh an tAlt so aon difir d'údarás Cúirte Síbhialta i gcás cionta is intrialta ag an gCúirt sin chó maith le hArm-Chúirt.

Saghasanna Arm-Chúirt.

90. —Dhá shaghas Arm-Chúirt a bheidh ann, eadhon, Arm-Chúirteanna Generálta agus Arm-Chúirteanna Áitiúla.

Arm-Chúirteanna Generálta.

91. —(1) Isé an tArd-Chongantóir, no pé oifigeach a udaróidh sé chuige sin, a chó-ghairmfidh gach Arm-Chúirt Ghenerálta.

(2) Beidh údarás ag Arm-Chúirt Ghenerálta chun éinne fé dhlí airm do thriail in aon chionta a luaidhtear san Acht so.

(3) Mar seo a leanas a bheidh Arm-Chúirt Ghenerálta códhéanta:—

(a) Uachtarán nách ísle céim ná Cornal agus a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme: Ach má chítar don Oifigeach Có-ghairme ná beidh oifigeach nách ísle céim ná Cornal ar fáil (má tugtar aire chuibhe do riachtanaisí mileata agus don tseirbhís phuiblí) chun gníomhú mar Uachtarán den tsórt san, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme, tar éis deimhniú sa chéill sin do chúl-scrí ar ordú có-ghairmthe na hArm-Chúirte Generálta san, Oifigeach nách ísle céim ná Captaen do cheapa chun gníomhú mar Uachtarán den tsórt san: Ach mar sin féin ní bheidh Uachtarán Arm-Chúirte Generálta níos ísle céim ná an duine cúisithe i gcás ar bith.

(b) Seachtar oifigeach eile ar a mhéid no triúr oifigeach eile ar a luíod nách ísle céim ná Captaen agus a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme.

(4) (a) Beidh ar friothálamh i ngach Arm-Chúirt Ghenerálta Abhcóide Breithiúnais a ceapfar ag an oifigeach orduithe.

(b) Duine a bheidh cáilithe go cuibhe ina Abhcóide Dlí no Atúrnae i Saorstát Éireann, agus é ina oifigeach de sna Fórsaí, isea a bheidh ina Abhcóide Breithiúnais in Arm-Chúirt Ghenerálta.

(c) Beidh dualgaisí Abhcóide Breithiúnais mar a hórdófar.

Arm-Chúirteanna Áitiúla.

92. —(1) Isé an tArd-Chongantóir, no pé oifigeach a údaróidh sé chuige sin, a chó-ghairmfidh gach Arm-Chúirt Áitiúil.

(2) Beidh údarás ag Arm-Chúirt Áitiúil chun oifigigh neachoimisiúnta agus saighdiúirí singil do thriail in aon chionta a luaidhtear san Acht so, ach amháin dúnmharbhú, ach ní bheidh aon údarás aici chun oifigeach do thriail.

(3) Ní bheidh údarás ag Arm-Chúirt Áitiúil ach chun príosúntacht amháin (i dteanta no d'éamais daor-oibre) do ghearra no pionós is lú ná san.

(4) Mar seo a leanas a bheidh Arm-Chúirt Áitiúil có-dhéanta:—

(a) Uachtarán nách ísle céim ná Ceannphort agus a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme, ach má chítar don Oifigeach Có-ghairme ná beidh oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort ar fáil (má tugtar aire chuibhe do riachtanaisí mileata agus don tseirbhís phuiblí) chun gníomhú mar Uachtarán den tsórt san, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme, tar éis deimhniú sa chéill sin do chúl-scrí ar ordú có-ghairmthe na hArm-Chúirte Áitiúla san oifigeach nách ísle céim ná Captaen do cheapa mar Uachtarán ar an gCúirt sin.

(b) Beirt oifigeach eile ar a luíod no ceathrar oifigeach eile ar a mhéid a ceapfar ag an Oifigeach Có-ghairme.

(5) Beidh ar friothálamh i ngach Arm-Chúirt Áitiúil Abhcóide Breithiúnais a bheidh cáilithe chun gníomhú agus a ceapfar mar a hórdófar.

Mí-cháilíochta i dtaobh ballraíochta Arm-Chúirt.

93. —Ní fhónfidh na daoine seo a leanas ar aon Arm-Chúirt:—

(1) Aon tSéiplíneach go bhfuil céim choimisiúnta aige no oifigeach de Chór Leighis an Airm, ach má có-ghairmtear Cúirt chun saighdiúir de Chór Leighis an Airm do thriail, féadfar oifigeach den Chór san do chur chun gníomhú mar bhall no mar bhall ar feitheamh den Chúirt sin.

(2) An tOifigeach Có-ghairme.

(3) An tOifigeach Cúisimh.

(4) Aon oifigeach d'iniúch an chúis i gcoinnibh an duine chúisithe, no a bhí i mbun aon fhiosrúcháin ar an gcás.

(5) Oifigeach Ceannais an duine chúisithe.

(6) Aon oifigeach go bhfuil baint phearsanta aige leis an gcás.

Cur i gcoinnibh ón duine cúisithe.

94. —(1) Duine cúisithe na mbeidh Arm-Chúirt chun é do thriail, féadfa sé, ar aon abhar réasúnta, cur i gcoinnibh aon bhaill den Chúirt (agus i gcoinnibh an Uachtaráin féin) pe'ca mar bhall bunaidh di a ceapadh é no chun folúntas do líona tar éis dul ar gcúl d'aon oifigeach 'nar cuireadh ina choinnibh, i dtreo go mbeidh an chúirt có-dhéanta d'oifigigh ná beidh aon agóid réasúnta ina gcoinnibh ag an duine cúisithe.

(2) Gach agóid a chuirfidh duine cúisithe i gcoinnibh aon oifigigh cuirfar í fé bhráid na n-oifigeach eile a ceapadh mar Chúirt.

(3) Más i gcoinnibh an Uachtaráin a bheidh an agóid, lomhálfar an agóid má lomhálfar í ag leath no breis de sna hoifigigh eile a ceapadh mar Chúirt agus raghaidh an Chúirt ar athló chun go ndéanfar Uachtarán eile do cheapa.

(4) Má lomháltar agóid i gcoinnibh an Uachtaráin, déanfidh údarás có-ghairmthe na Cúirte Uachtarán eile do cheapa, ach beidh an ceart céanna ag an duine cúisithe chun cur ina choinnibh sin.

(5) Más i gcoinnibh aon bhaill eile seachas an tUachtarán a bheidh an agóid, agus go lomhálfar é le leath no breis de vótanna na n-oifigeach a bheidh i dteideal vótáil, lomhálfar an agóid, agus imeoidh ar gcúl an ball nar cuireadh ina choinnibh agus déanfar ar an gcuma orduithe oifigeach eile do chur sa bhfolúntas a bheidh ina dhiaidh, ach beidh an ceart céanna ag an duine cúisithe chun cur ina choinnibh sin.

(6) Chun a chur ar chumas duine chúisithe feidhm a bhaint as an bpríbhléid seo ar chur i gcoinnibh aon oifigigh, déanfar ainmneacha na n-oifigeach a ceapadh mar Chúirt do léigheamh in éisteacht an duine chúisithe ar theacht le chéile dhóibh mar an gcéad uair agus sara gcuirfar fé bhrí na mionn iad, agus fiarófar de a bhfuil aon chur i gcoinnibh éinne de sna hoifigigh sin aige, agus cuirfar ceist den tsórt chéanna chuige i dtaobh aon oifigigh a ceapfar chun fónamh in ionad an oifigigh a raghaidh ar gcúl.

An Chúirt do chur fé mhionn.

95. —(1) Nuair a bheidh an Chúirt có-dhéanta den uimhir cheart d'oifigigh nár cuireadh ina gcoinnibh no gur rialuíodh i gcoinnibh na n-agóidí a cuireadh ina gcoinnibh, déanfar go cuibhe gach ball do chur fé mhionn. Isé an tUachtarán a cuirfar fé bhrí na mionn ar dtúis agus ansan na baill eile den chúirt agus isé an tAbhcóide Breithiúnais a dhéanfidh é sin. Déanfidh an tUachtarán ansan an tAbhcóide Breithiúnais do chur fé bhrí na mionn.

(2) Má bhíonn luath-scríbhneoir nótaí ar friothálamh déanfidh ball den Chúirt ansan, no an tAbhcóide Breithiúnais, é do chur fé bhrí na mionn.

(3) Sa bhfuirm orduithe a bheidh na mionna fé n-a gcuirfar daoine do réir an Ailt seo.

Bac-phlé.

96. —I dteanta an phlé “Nea-Chiontach” féadfidh duine cúisithe aon cheann de sna pléanna speisialta so a leanas do chur isteach mar bhac trialach:—

(1) A shaora no a dhaora sa chionta chéanna roimhe sin ag—

(a) Cúirt Shíbhialta inniúil.

(b) Arm-Chúirt inniúil.

(c) Aon oifigeach agus é ag feidhmiú a chomhachtanna go cuibhe fén Acht so, ach san a bheith fé réir forálacha Alt 89 (3) den Acht so.

(2) An tAire do mhaitheamh an chionta dho.

(3) Ach amháin i gcásanna cúlmhutaireachta, tréigine no liostála calaoisí go bhfuil, ar dháta na trialach do thosnú, deire le tréimhse is sia ná trí bliana ón dáta go ndeirtar gur air a dineadh an cionta.

(4) Más cionta i gcoinnibh na gnáth-dhlí an cionta agus nách foláir do réir na gnáth-dhlí é do phróiseacht laistigh de thréimhse áirithe o dháta an chionta do dhéanamh, an tréimhse áirithe sin do bheith caithte.

Tabharfar gach fianaise fé bhrí na mionn.

97. —(1) Fé bhrí na mionn a scrúdófar gach fínné a scrúdófar i láthair Arm-Chúirte, agus isé an tUachtarán no aon bhall eile den Chúirt no an tAbhcóide Breithiúnais a dhéanfidh, sa bhfuirm orduithe, é do chur fé mhionn.

(2) Má dhineann duine, go bhfuil air do réir an Achta so mionn do thabhairt, cur i gcoinnibh mionn do thabhairt no go ndéarfar ina choinnibh ná fuil sé inniúil chun mionn do thabhairt, leigfidh an Chúirt don duine sin faisnéis sholamanta a dhéanamh sa bhfuirm orduithe in ionad é do chur fé mhionn más deimhin léi go bhfuil an cur-i-gcoinnibh macánta no, má cuirtar i gcoinnibh inniúlachta duine chun mionn do thabhairt, más deimhin léi ná cuirfeadh an mionn aon cheangal ar choinsias an duine sin, agus chun críche an Achta so tuigfar gur mionn an fhaisnéis sin.

Ceart ag an duine cúisithe agus ag á mhnaoi chun fianaise do thabhairt.

98. —Gach duine a cúiseofar i gcionta, agus bean gach duine a cúiseofar amhlaidh, is finné inniúil é ar thaobh na cosanta le linn gach coda de sna himeachta i láthair Arm-Chúirte, pe'ca ina aonar no i dteanta duine no daoine eile a cúisíodh an duine a cúisíodh amhlaidh; ach mara n-iarra sé féin é ní glaofar mar fhínné duine a cúisíodh amhlaidh, agus ní glaofar mar fhínné ar thaobh na cosanta bean an duine a cúisíodh amhlaidh ach amháin ar a iarraidh sin don duine a cúisíodh amhlaidh.

Beidh na rialacha fianaise díreach mar iad súd i gCúirteanna Síbhialta.

99. —Ach amháin sa chás go bhforáltar a mhalairt san Acht so beidh gach Arm-Chúirt fé cheangal ag an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann i dtaobh fianaise a tugtar i láthair Cúirteanna Síbhialta.

Breithiúnas.

100. —(1) I gcás có-ionannas vótanna i dtaobh breithiúnais leigfar saor an duine cúisithe.

(2) Ní gá daingniú ná ní déanfar ath-scrúdú ar bhreithiúnas chun saora, pe'ca saora é i ngach ceann de sna nithe in ar cúisíodh an duine no saora i gcuid acu agus más leo go léir a bhaineann sé craolfar é láithreach i gCúirt oscailte agus scaoilfar an duine cúisithe.

Ciontú i gcionta nár cúisíodh duine cúisitho ann.

101. —(1) Má cúisítear duine i láthair Arm-Chúirte i gcionta a luaidhtear in Alt 69 den Acht so agus gur cionta é go dtiocfadh as an duine sin do chúiseamh ann ar dhíotáil i láthair Cúirte Síbhialta go bhféadfí é do chiontú go dleathach, ar an díotáil sin, i gcionta éigin eile ná cuirfí ina leith sa díotáil, ansan, in ionad an duine cúisithe d'fháil ciontach sa chionta a cuireadh ina leith, féadfidh an Arm-Chúirt é d'fháil ciontach i pé cionta eile ina bhféadfadh Cúirt Shíbhialta é d'fháil ciontach.

(2) Duine a cúisíodh i láthair Arm-Chúirte i dtréigean do dhéanamh, féadfar é d'fháil ciontach i dtabhairt fé thréigean do dhéanamh no i mbeith as láthair gan cead.

(3) Duine a cúisíodh i láthair Arm-Chúirte i dtábhairt fé thréigean do dhéanamh féadfar é d'fháil ciontach i dtréigean do dhéanamh no i mbeith as láthair gan cead.

(4) Duine a cúisíodh i láthair Arm-Chúirte in aon chionta eile fén Acht so seachas cionta a luaidhtear in Alt 69 den Acht so, mara gcruthuítear gur dineadh an cionta ar shlí go mbeadh pionós ní ba dhéine ag gabháil leis féadfar é d'fháil ciontach sa chionta céanna do dhéanamh ar shlí go mbeadh pionós ní ba lú ag gabháil leis.

Vótáil i gcoitinne.

102. —I gcás co-ionannas vótanna i dtaobh daor-bhreithe no i dtaobh aon cheist a eireoidh tar éis tosach na trialach, ach amháin i dtaobh agóidí ón duine cúisithe fé Alt 94 den Acht so no i dtaobh an bhreithiúnais, beidh vóta breise no réitigh ag an Uachtarán.

Breith bháis.

103. —Ní gearrfar breith bháis ach le toil trí cheathrú cuid, no breis, de bhaill na Cúirte.

Daor-bhreithe anna i gcoitinne.

104. —(1) Ní ghearrfidh an Chúirt ach aon daor-bhreith amháin mar gheall ar na ciontaí uile ina gciontófar an duine cúisithe. Isí breith a bheidh inti sin ná breith is féidir a ghearra, fén Acht so, mar gheall ar aon chionta amháin áirithe dhíobh san in ar ciontuíodh an duine cúisithe.

(2) Gach breith pian-tseirbhíse, príosúntachta no coinneála a ghearrfidh Arm-Chúirt ar an duine sin, pe'ca dineadh no nár dineadh ath-scrúdú ar an mbreith mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, agus pe'ca bheidh an duine ag fulang na breithe cheana féin no ná beidh, áireofar í do bheith ag tosnú ar an lá san ar ar shighnigh Uachtarán na hArm-Chúirte an breithiúnas bunaidh, an bhreith phionóis agus na himeachta no ar pé dáta roimhe sin a ordóidh an Chúirt.

Nós-imeachta i gcoitinne.

105. —(1) Más rud é, tré bhás no tré éinní eile, go dtuitfidh líon Arm-Chúirte fé bhun an mhinimum dhleathaigh tar éis tosach na trialach, scuirfar an Chúirt sin.

(2) Más rud é, tar éis tosach na trialach go bhfuighidh an tUachtarán bás no, mar gheall ar éinní eile, nách féidir do bheith i láthair, agus ná beidh líon na Cúirte fé bhun an mhinimum dhleathaigh, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme sinsear ball na Cúirte do cheapa chun bheith ina Uachtarán más leor a chéim agus raghaidh an triail ar aghaidh dá réir sin, ach marar leor a chéim scuirfar an Chúirt.

(3) Más rud é, mar gheall ar bhreoiteacht a theacht ar an duine cúisithe sara dtugtar an breithiúnas, nách féidir leanúint den triail laistigh d'aimsir a bheadh réasúnta dar leis an Oifigeach Có-ghairme, féadfidh an tOifigeach Có-ghairme an Chúirt do scur.

(4) Má scuirtar Arm-Chúirt fé sna forálacha san roimhe seo den Alt so, féadfar an duine cúisithe do thriail arís.

(5) Ar dhul i gcomhairle do bhaill aon Arm-Chúirte aon uair, féadfidh Uachtarán na Cúirte a chur fé ndeár go gcuirfar gach éinne eile, ach amháin an Abhcóide Breithiúnais, as láthair.

(6) Féadfidh an Chúirt dul ar athló ó am go ham.

(7) Féadfidh an Chúirt, leis, nuair is gá é, dul ag féachaint ar aon áit.

Foralacha Ilghneitheacha i dtaobh Arm-Chuirteanna.

Ceart an Chúisitheora agus an duine chúisithe chun comhairligh dlí do bheith acu mar ionadaithe dhóibh.

106. —(1) Féadfidh an Cúisitheoir comhairleach dlí do bheith aige mar ionadaí dho.

(2) Féadfidh éinne a bheidh á thriail ag Arm-Chúirt comhairleach dlí no oifigeach do bheith aige mar ionadaí dho.

(3) San Alt so isé brí atá le “comhairleach dlí” ná abhcóide dlí no atúrnae atá i dteideal cleachta i Saorstát Éireann.

Staid chomhairleach dlí in Arm-Chúirteanna.

107. —(1) Aon iompar o chomhairleach dlí a bheadh ioncháinte no a bheadh ina mhaslú cúirte dá mba i láthair Ard-Chúirt Shaorstáit Éireann a dhéanfadh sé é, tuigfar ar an gcuma gcéanna gurb iompar é a féadfar a cháine no gur maslú cúirte é má dintar i láthair Arm-Chúirte é, agus na rialacha a hordófar i gcóir cleachta Arm-Chúirteanna agus chun comhairligh dlí do stiúra beid ina gceangal ar chomhairligh dlí a thiocfidh i láthair na nArm-Chúirteanna san agus aon bhrise toiliúil a déanfar ar na rialacha san beidh sé ina mhí-iompar gairme agus má leantar de tuigfar gur maslú cúirte é.

(2) Má bhíonn comhairleach dlí ciontach in iompar ioncháinte no i maslú cúirte féadfidh Uachtarán na hArm-Chúirte cionta an chomhairligh dlí sin do dheimhniú fé n-a láimh d'aon Chúirt Dlí i Saorstát Éireann na bhfuil comhacht aici chun duine do chur i bpríosún mar gheall ar mhaslú cúirte agus leis sin féadfidh an Chúirt sin féachaint isteach sa chionta adubhradh a dineadh agus tar éis aon fhínnithe a tabharfar i láthair i gcoinnibh no thar ceann an duine a cúisíodh amhlaidh d'éisteacht agus tar éis aon ráiteas a tairgfar mar chosaint d'éisteacht, féadfa sí pionós do chur no céimeanna do thabhairt chun pionós do chur ar an duine sin, fé mar a bheadh sé ciontach i maslú cúirte.

(3) Féadfidh Arm-Chúirt, le hordú fé láimh an Uachtaráin, a chur fé ndeár comhairleach dlí do chur amach as an gCúirt má bhíonn sé ciontach i gcionta gur gá é do chur amach as an gCúirt mar gheall air dar leis an Arm-Chúirt, ach i ngach cás den tsórt san deimhneoidh an tUachtarán an cionta do Chúirt Dlí ar an gcuma a foráltar le fo-alt (2) den Alt so.

Gairm fínnithe agus an phríbhléid a bheidh acu ag Arm-Chúirteanna

108. —(1) Gach duine nách foláir do fianaise do thabhairt i láthair Arm-Chúirte féadfar, ar an gcuma orduithe, é do ghairm no a ordú dho teacht i láthair.

(2) Gach duine a thiocfidh i láthair aon Arm-Chúirte mar fhínné do réir gairm no ordú den tsórt san, faid a bheidh sé ag friothálamh ar an gCúirt sin no ina láthair agus gá leis, agus ag dul chun an chéanna agus fille uaidh do beidh sé saor o ghabháil chó maith is gur fínné i láthair na hArd-Chúirte i Saorstát Éireann é.

(3) Chun críche an Ailt seo agus an chéad Ailt eile ina dhiaidh, tuigfar go bhfoluíonn an focal “Arm-Chúirt” oifigeach ag glaca achmaireachta scríbhte ar fhianaise do réir an Achta so; agus léireofar tagartha d'Uachtarán no do bhaill na hArm-Chúirte fé mar a bheadh tagartha dá leithéid sin d'oifigeach foluithe ionta.

Mí-iompar ar fhínné shíbhialta in Arm-Chúirt.

109. —(1) Má dhineann aon duine ná fuil fé dhlí airm aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) ar a ghairm go cuibhe mar fhínné i láthair Arm-Chúirte agus tar éis costaisí réasúnta a theachta d'íoc leis no do thairsgint do, gan teacht i láthair; no,

(b) ar bheith i láthair mar fhínné—

(i.) E do dhiúltú do mhionn do thabhairt agus Arm-Chúirt tar éis a éileamh air go dleathach é do thabhairt; no

(ii.) E do dhiúltú d'aon scríbhinn áirithe atá ina chomhacht, ar seilbh aige no ar fáil aige do thabhairt i láthair agus Arm-Chúirt tar éis a éileamh air go dleathach í do thabhairt i láthair; no

(iii.) E do dhiúltú do fhreagra do thabhairt ar aon cheist gur féidir d'Arm-Chúirt freagra uirri d'éileamh air go dleathach,

féadfidh Uachtarán na hArm-Chúirte cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh d'aon Chúirt Dlí i Saorstát Éireann go bhfuil comhacht aici chun fínnithe do phionósú má bhíd ciontach i gcionta den tsórt san sa Chúirt sin, agus leis sin féadfidh an Chúirt sin féachaint isteach sa chionta san adubhradh a dineadh, agus tar éis aon fhínnithe a tabharfar i láthair i gcoinnibh no thar ceann an duine a cúisíodh amhlaidh do scrúdú agus tar éis aon ráiteas a tairgfar mar chosaint d'éisteacht, féadfidh an Chúirt sin, más dó léi gur ceart é, an duine sin do phionósú chó maith is dá mba in imeacht sa Chúirt sin a dhéanfadh sé an cionta san.

(2) I gcás duine ná fuil fé dhlí airm do thabhairt fianaise éithigh d'aon ghnó agus é á scrúdú ar mionn no ar faisnéis sholamanta i láthair Arm-Chúirte, féadfar ar díotáil no ar fínéacht, é do chiontú i mionn éithigh agus é do phionósú mar gheall air.

(3) I gcás duine ná fuil fé dhlí airm do bheith ciontach i maslú Arm-Chúirte, tré chaint mhaslathach no bhagarthach do dhéanamh no tré chur isteach no buaireamh do chur á dhéanamh ar a himeachta, no tré thagartha do chlóbhuala no caint do dhéanamh a raghadh chun na baill no na fínnithe i láthair na hArm-Chúirte sin do chlaona, no chun an Chúirt sin do thabhairt fé mhí-cháil, féadfidh Uachtarán na hArm-Chúirte cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh d'aon Chúirt Dlí i Saorstát Éireann go bhfuil comhacht aici chun duine do chur i bpríosún mar gheall ar mhaslú cúirte agus leis sin féadfidh an Chúirt sin féachaint isteach sa chionta san adubhradh a dineadh, agus tar éis aon fhínnithe a tabharfar i láthair i gcoinnibh no thar ceann an duine a cúisíodh amhlaidh d'éisteacht agus tar éis aon ráiteas a tairgfar mar chosaint d'éisteacht, féadfidh an chúirt sin pionós do chur no céimeanna do thabhairt chun pionós do chur ar an duine sin fé mar a bheadh sé ciontach i maslú na Cúirte sin.

Duine cúisithe atá as a mheabhair le linn trialach. An breithiúnas i gcás an duine cúisithe do bheith as a mheabhair agus é ag déanamh an chionta.

110. —(1) (a) Le linn duine a cúisíodh i gcionta do bheith á thriail ag Arm-Chúirt, má dheabhruíonn sé nách féidir don duine sin a thriail do sheasamh toisc é do bheith as a mheabhair, tabharfidh an Chúirt breithiúnas speisialta go bhfuil san amhlaidh agus coinneofar an duine sin i gcimeád ar an gcuma orduithe go dtí gur fios cadiad orduithe an Aire i dtaobh an scéil no go dtí pé uair roimhe sin a bheidh an duine sin ábalta ar a thriail do sheasamh.

(b) Féadfidh an tAire orduithe do thabhairt chun daoine den tsórt san do choinneáil i slán-chimeád faid is toil leis é ar pé slí is oiriúnach leis.

(c) Ní mór daingniú do dhéanamh ar bhreithiúnas fén Alt so fé mar a foráltar ina dhiaidh seo anso a dhéanamh ar aon bhreithiúnas eile.

(2) Le linn duine a cúisíodh i gcionta do bheith á thriail ag Arm-Chúirt, má dheabhruíonn sé gur dhin an duine sin an cionta san, ach go raibh sé as a mheabhair agus é á dhéanamh, tabharfidh an Chúirt breithiúnas go speisialta go raibh sé as a mheabhair mar sin chó maith leis an mbreithiúnas ciontachta agus coinneofar an duine sin i gcimeád ar an gcuma orduithe go dtí gur fios cadiad orduithe an Aire i dtaobh an scéil.

Gealtacht duine atá i bpríosún no fé choinneáil.

111. —I gcás duine, atá i bpríosún no fé choinneáil de bhua an Achta so, do dhul as a mheabhair, ansan, gan dochar d'aon fhorálacha eile chun deighleáil le geilteanna, féadfidh Aire Feidhmiúcháin, ar dheimhniú ar an ngealtacht san o bheirt dochtúirí cáilithe, a ordú go n-aistreofar an duine sin go ngealtlainn no go háit cheart eile i gcóir gealt, chun fanúint ansan ar feadh a mbeidh gan caitheamh dá théarma príosúntachta no coinneála, agus ar dheimhniú do bheith déanta ar an gcuma gcéanna ar a mheabhair cheart do bheith ag an duine sin arís, féadfidh an tAire Feidhmiúcháin a ordú go n-aistreofar é go dtí aon phríosún no beairic coinneála ina bhféadfaí é do choinneáil dá mba ná raghadh sé as a mheabhair agus san chun an chuid eile dá phionós d'fhulag ann.

Ceart ag duine trialta chun cóip de sna himeachta.

112. —Ar a iarraidh sin do aon uair laistigh de sheacht mbliana tar éis daingniú breithiúnais agus daortha na cúirte i gcás Arm-Chúirte Generálta agus laistigh de thrí bliana tar éis an daingnithe sin i gcás Arm-Chúirte Áitiúla, beidh ag aon duine a tríaladh ag Arm-Chúirt teideal chun cóip d'imeachta na Cúirte sin d'fháil ón oifigeach no ón duine go mbeidh na himeachta san i gcimeád aige, agus, ina theanta san, cóip de sna himeachta i dtaobh ath-scrúdú agus daingniú an bhreithiúnais agus an daortha san, ach íoc as an gcéanna do réir an ráta orduithe, ráta ná raghaidh thar leath-reul an fólió de dheich bhfocail is trí fichid agus chun crícheanna an Ailt seo cimeádfar imeachta Arm-Chúirteanna ar an slí orduithe.

Daingniu agus Ath-scrudu ar Bhreithiunaisi agus Daoranna.

Ní dleathach breithiúnas ná daora gan daingniú.

113. —Gan dochar do sna forálacha den Acht so a bhaineann le saor-bhreith, beidh breithiúnas agus daora Arm-Chúirte gan bheith dleathach ach amháin sa mhéid go ndaingneofar an céanna ag an údarás na bhfuil údarás aige chun an céanna do dhaingniú.

Údaráis dhaingniúcháin.

114. —Beidh comhacht ag na húdaráis seo a leanas chun breithiúnas agus daora Arm-Chúirte do dhaingniú:—

(a) An tAire más breith bháis a tugadh, ach má bhí an duine cúisithe gan bheith ar seirbhís chogúil agus é ag déanamh an chionta gur tugadh an bhreith bháis mar gheall air, ní cuirfar an bhreith sin in éifeacht maran rud é, i dteanta an tAire do dhéanamh daingniú air, go molfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche é.

(b) I ngach cás eile—

An tArd-Chongantóir no, i gcás saighdiúra, má dhin Arm-Chúirt Áitiúil é do dhaora chun coinneála ar feadh tréimhse nách sia ná 168 lá no chun aon phionóis ba lú ná san, an tOifigeach go raibh údarás aige chun Arm-Chúirt den tsórt san do chó-ghairm ar dháta an bhreithiunais agus daora an tsaighdiúra san do leaga fé n-a bhráid.

Comhachtanna an údaráis. dhaingniúcháin

115. —I gcás duine cúisithe d'fháil ciontach in aon chúis féadfidh an t-údarás daingniúcháin—

(1) A ordú go dtiocfidh an Chúirt le chéile arís chun an breithiúnas agus an daora no aon taobh acu d'athscrúdú, á rá cadiad na cúiseanna go ndéanfí an t-athscrúdú.

(2) Daingniú do dhéanamh no diúltú do dhaingniú do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, ar an mbreithiúnas no ar an daora, bunaidh no ath-scrúduithe.

(3) A ordú go n-ath-thrialfar an duine cúisithe ag Arm-Chúirt.

(4) An pionós a luadhadh sa daora do mhaolú no do chur ar neamh-ní no aon phionós níos lú do chur ina ionad no daora dleathach do chur in ionad daora nár dhleathach.

(5) Feidhmiú an daortha do chur ar fionnraí.

An nós-imeachta a leanfar má dintar breithiúnas no daora do chur thar n-ais chun é d'ath-scrúdú.

116. —I gcás breithiúnas no daora do chur thar n-ais chun é d'ath-scrúdú, ath-chruinneoidh an Chúirt i gCúirt iadhta. Ní ghlacfid a thuille fianaise. Mara gclaoidhid leis an mbreithiúnas bunaidh, cuirfid an breithiúnas nua ar breaca, agus más gá daora do ghearra de bharr an bhreithiúnais nua san gearrfid daora nua. Má chlaoidhid le n-a mbreithiúnas bunaidh, déanfid as an nua é do chur ar breaca. Má dintar an daora amháin do chur thar n-ais chun é d'ath-scrúdú, ní ath-scrúdóid aon bhreithiúnas, ach beidh comhacht acu chun an daora bunaidh do mhéadú. Cuirfar gach daora nua ar breaca ar an gcuma orduithe.

Feidhmiu an Daortha.

Feidhmiú daortha pian-tseirbhíse.

117. —(1) Má dhineann Arm-Chúirt duine fé dhlí airm do chiontú agus é do dhaora chun pian-tseirbhíse beidh feidhm agus éifeacht ag an gciontú agus ag an daora san, tar éis a ndaingnithe go cuibhe do réir an Achta so, díreach fé mar a dhéanfadh Cúirt Shíbhialta inniúil an duine sin (dá ngairmtear daoránach mileata ina dhiaidh seo anso) do chiontú go cuibhe i gcionta le n-a ngabhann pionós pian-tseirbhíse agus é do dhaora chun pian-tseirbhíse, agus, sa mhéid gur féidir é, bainfidh leis dá réir sin gach achtachán a bhaineann le duine a ciontuítear agus a daortar ar an gcuma san ag Cúirt Shíbhialta.

(2) Má dintar daora pian-tseirbhíse do dhaingniú go cuibhe déanfar, chó luath agus is féidir é, an daoránach mileata ar ar gearradh an daora san d'aistriú go priosún pian-tseirbhíse chun a dhaora d'fulag do réir dlí. Fanfa sé i gcimeád mileata go dtí go n-aistreofar amhlaidh é.

(3) Beidh ordú an údaráis choimiteála (a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so) ina leor-bharántas chun daoránach mileata d'aistriú go príosún pian-tseirbhíse.

(4) Aon uair sara sroichfidh daoránach mileata priosún pian-tseirbhíse féadfidh an t-údarás saorthachta (a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so) le hOrdú an príosúnach do scaoile.

(5) Duine no daoine dhíobh so a leanas a bheidh mar údarás coimiteála chun crícheanna an Ailt seo:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Oifigeach Ceannais an daoránaigh mhileata.

(d) Aon oifigeach eile le húdarás cuibhe.

(6) Duine dhíobh so a leanas a bheidh ina údarás saorthachta chun crícheanna an Ailt seo:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Aon oifigeach eile le húdarás cuibhe.

Feidhmiú daortha príosúntachta no coinneála.

118. —(1) Sa chás gur dhin Arm-Chúirt duine do dhaora chun príosúntachta, agus gur daingníodh an daora san go cuibhe, déanfidh an té a daoradh amhlaidh (dá ngairmtear príosúnach mileata ina dhiaidh seo san Alt so) a théarma príosúntachta d'fhulag i gcimeád mileata no i mbeairic choinneála no i bpríosún puiblí no cuid de ar shlí dhíobh san agus cuid de ar shlí eile.

(2) Sa chás gur dhin Arm-Chúirt duine do dhaora chun téarma coinneála agus gur daingníodh an daora go cuibhe, no sa chás gur dhin Oifigeach Ceannais no oifigeach eile, i bhfeidhmiú comhachtanna údaráis achmair a bronnadh leis an Acht so, duine do dhaora chun téarma coinneála, déanfidh gach duine den tsórt san (dá ngairmtear ina dhiaidh seo san Alt so saighdiúir fé choinneáil) a théarma coinneála do chaitheamh i gcimeád mileata no i seomra coinneála beairice, no i mbeairic choinneála, no cuid de ar shlí dhíobh agus cuid de ar shlí eile, ach ní hi bpríosún puiblí.

(3) An t-ordú a déanfidh an t-údarás coimiteála a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so, beidh sé ina leor-bharántas chun príosúnach mileata d'aistriú go príosún puiblí no go beairic choinneála, no chun saighdiúir fé choinneáil d'aistriú go beairic choinneála.

(4) Faid a bheidh príosúnach mileata i bpríosún puiblí, coinneofar i mbraighdeanas agus fé dhaor-obair é agus déanfar leis ar gach slí eile fé is dá mba gnáth-phríosúnach é a bheadh ag fulag daortha den tsórt chéanna.

(5) Féadfidh an t-údarás saorthachta, a luaidhtear ina dhiaidh seo san Alt so, saoirse do thabhairt do phríosúnach mileata no do shaighdiúir fé choinneáil aon uair i rith a théarma príosúntachta no coinneála.

(6) Aon uair i rith téarma príosúntachta príosúnaigh mhileata no i rith téarma coinneála saighdiúra atá fé choinneáil féadfidh an t-údarás coimiteála a shocrú le hordú:—

(a) Go n-aistreofar é o phríosún phuiblí go príosún puiblí eile;

(b) Go n-aistreofar é o bheairic choinneála go beairic choinneála eile;

(c) Go dtabharfar i láthair Arm-Chúirte no Cúirte Síbhialta é chun é do thriail no mar fhínné;

agus beidh ordú ón údarás san ina leor-bharántas chun é do chur i gcimeád mileata agus chun é do choinneáil i gcimeád go dtí go bhféadfar é do chur thar n-ais.

(7) Duine no daoine dhíobh so a leanas a bheidh mar údarás coimiteála:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Oifigeach Ceannais an phríosúnaigh mhileata no an tsaighdiúra atá fé choinneáil.

(d) Aon oifigeach le húdarás cuibhe.

(8) Duine dhíobh so a leanas a bheidh ina údarás saorthachta:—

(a) An tAire.

(b) An tArd-Chongantóir.

(c) Aon oifigeach eile le húdarás cuibhe.

(d) Más é Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra fé choinneáil a ghearr an daora, an tOifigeach Ceannais sin.

Fiosru i dtaobh Treigine agus admhail Treigine.

Fiosrú ag Cúirt ar bheith as láthair do shaighdiúir.

119. —(1) Nuair a bheidh aon tsaighdiúir ar feadh tréimhse lá is fiche as láthair ó n-a dhiúité gan cead, chó luath agus is féidir é féadfar Cúirt Fiosrúcháin do thionóla agus féadfa sí ar an gcuma orduithe fiosrú do dhéanamh, fé mhionn no fé fhaisnéis sholamanta (a húdaruítear leis seo don Chúirt sin a chur), i dtaobh é do bheith as láthair no gan a bheith, agus i dtaobh an easnaimh (más ann do) ar airm, amuinisean, gléasa, instruimidí, riachtanaisí reisiminte, no cuid éadaigh an tsaighdiúra, agus más deimhin leo gur fíor go raibh an saighdiúir sin as láthair gan cead ná leor-chúis eile, faisneoidh an Chúirt an nea-láithreacht san agus tréimhse na nea-láithreachta san agus an t-easnamh san (más ann do) agus déanfidh Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra nea-láithrigh faisnéis na Cúirte sin do chur ar breaca sna leabhair reisiminte.

(2) Más rud é ina dhiaidh sin ná déanfidh an saighdiúir nealáithreach é féin do thabhairt suas agus ná gabhfar é, beidh éifeacht ag an mbreacachán san do réir dlí mar chiontú ag Arm-Chúirt i dtréigean.

Admháil o shaighdiúir gur thréig sé no gur liostáil sé go calaoiseach.

120 —(1) Má shighníonn saighdiúir admháil go raibh sé ciontach i dtréigin no i liostáil chalaoiseach, féadfidh údarás mileata inniúil, leis an ordú chun déanamh gan a thriail ag Arm-Chúirt no le haon ordú ina dhiaidh sin, cailliúintí agus gearrtha as a phágh (más ann do) do mhola díreach fé mar fhéadfadh Arm-Chúirt a mhola mar gheall ar an gcionta san, no fé mar a leanfadh as ciontú ag Arm-Chúirt sa chionta san, ach amháin pé cinn díobh a luadhfar san ordú.

(2) Más rud é, ar bheith déanta d'aon admháil den tsórt san, nách uiriste teacht suas le fianaise ar fhírinne ná ar bhréagaí na hadmhála an uair sin, breacfar an admháil sin sna leabhair reisiminte fé chontra-shighniú Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra, agus leanfidh an saighdiúir sin ag déanamh a dhualgais sa chór chun a n-aistreofar é, go dtí go scuirfar é no go dtí go n-aistreofar chun an Chúl-thaca é, no go dtí go bhféadfar cruthú dleathach d'fháil ar fhírinne no ar bhréagaí na hadmhála san.

(3) Chun críche an Ailt seo isé rud a chialluíonn an t-údarás mileata inniúil ná an tAire no aon oifigeach generálta orduithe.

Aisioc Maoine Guidthe.

Comhacht i dtaobh aisíoc maoine guidthe.

121. —(1) Má dhineann Arm-Chúirt duine do chiontú in aon mhaoin do ghuid, do chlaon-chasa, do ghlaca agus a fhios aige gur guideadh í no d'fháil ar aon tslí nea-dhleathach eile, agus go bhfuighfar an mhaoin no aon chuid di i seilbh an chiontathóra, féadfidh údarás daingnithe breithiúnais agus daortha na hArm-Chúirte sin, no an tAire, a ordú go ndéanfar an mhaoin a fuarthas amhlaidh do thabhairt don té gur deabharthach gur leis í.

(2) Féadfar a leithéid sin d'ordú do dhéanamh i dtaobh aon mhaoine a gheobhfar i seilbh an chiontathóra agus a chífar don údarás daingniúcháin no don Aire a fuarthas tré díol no malairtiú aon chuid den mhaoin a guideadh, a claon-chasadh, a glacadh, no a fuarthas go nea-dhleathach.

(3) Agus fós má chítar don údarás daingniúcháin no don Aire, ón bhfianaise a tugadh i láthair na hArm-Chúirte, gur dineadh aon chuid den mhaoin a guideadh, a claon-chasadh, a glacadh no fuarthas go nea-dhleathach, do dhíol le haon duine no do chur i ngeall aige gan aon fhios ciontach ag an té a dhin an mhaoin a cheannach no a ghlaca i ngeall, féadfidh an t-údarás daingniúcháin no an tAire, ar iarratas an duine sin agus ar aisíoc na maoine le n-a húnaer, a ordú go n-íocfar leis an té a dhin an ceannach no glaca-i-ngeall, amach as an airgead (más ann do) a fuarthas i seilbh an chiontathóra, suim ná raghaidh thar an méid a fuarthas de shochar an díolacháin no an chur-i-ngeall san.

(4) Ní dhéanfidh ordú fén Alt so bac do chur le ceart éinne, seachas an ciontathóir no éinne ag éileamh tríd, chun aon mhaoin no airgead a seachadadh no a híocadh do réir ordú fén Alt so do bhaint den té dar seachadadh no le n-ar híocadh an céanna amhlaidh.

Eagcortha do Leigheas.

Conus a dhéanfidh oifigeach gearán.

122. —Más dó le hoifigeach gur dhin a Oifigeach Ceannais éagcóir air agus, ar a iarraidh go cuibhe dho air, ná fuighe sé an sásamh go bhfuil teideal aige chuige, dar leis, féadfa sé gearán do dhéanamh leis an Aire ar an gcuma orduithe chun ceart d'fháil, agus éilítear air sin leis seo an gearán san do scrúdú.

Conus a dhéanfidh saighdiúir gearán.

123. —Más dó le saighdiúir éagcóir a bheith déanta ag aon oifigeach seachas a chaptaen no ag aon tsaighdiúir air, féadfa sé san do ghearán le n-a chaptaen, agus más dó leis gur dhin a chaptaen éagcóir air, tré gan sásamh do thabhairt do ina ghearán no ar aon tslí eile, féadfa sé san do ghearán le n-a Oifigeach Ceannais, agus más dó leis gur dhin a Oifigeach Ceannais éagcóir air, tré gan sásamh do thabhairt do ina ghearán no ar aon tslí eile, féadfa sé san do ghearán leis an oifigeach generálta orduithe, agus gach oifigeach le n-a ndéanfar gearán do réir an Ailt seo cuirfe sé fé ndeár fiosrú do dhéanamh sa ghearán san, agus más deimhin leis, tar éis fiosrú, go bhfuil an ceart sa ghearán a dineadh amhlaidh déanfa sé pé nithe is gá chun sásamh iomlán do thabhairt don ghearánaí sa ní a gearánadh.

Faisneis i dtaobh Ceannais Mhileata.

Ceannas mileata.

124. —(1) Faisnítear leis seo go bhféadfidh an tAire, ar pé slí a chífar do o am go ham a bheith oiriúnach, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na ndaoine dá dtabharfar ceannas ar na Fórsaí no ar aon chuid díobh no ar éinne a bhaineann leo mar oifigigh no éinní eile, agus i dtaobh na slí ina bhfeidhmeofar an ceannas san; ach ní tabharfar ceannas d'éinne ar dhuine is aoirde céim ná é féin.

(2) Ní tuigfar éinní san Alt so do bheith ag luíodú aon chomhachta atá dílsithe san Aire ar aon tslí eile.

Comhacht an Aire chun Rialacha do dheanamh.

Comhacht don Aire chun rialacha nósimeachta do dhéanamh.

125. —(1) Fé réir forálacha an Achta so, féadfidh an tAire o am go ham, le rialacha, forálacha do dhéanamh, agus tar éis a ndéanta, iad d'athghairm, no d'atharú no cur leo, i dtaobh na nithe seo a leanas no i dtaobh éinní dhíobh, sé sin le rá:—

(a) Tionóla agus nós-imeachta Cúirteanna Fiosrúcháin.

(b) Có-ghairm agus córú Arm-Chúirteanna.

(c) Arm-Chúirteanna do chur ar athlé, a scur agus a suidheanna.

(d) An nós-imeachta is inleanta i dtrialacha a dhéanfidh Arm-Chúirteanna.

(e) Daingniú agus athscrúdú breithiúnaisí agus daoranna Arm-Chúirteanna.

(f) Daoranna Arm-Chúirteanna do chur in éifeacht.

(g) Fuirmeacha na n-orduithe a déanfar fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le hArm-Chúirteanna, piantseirbhís, príosúntacht no coinneáil.

(h) Einní sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so a éilítear a órdú.

(i) Aon rud no ní eile is oiriúnach no is riachtanach chun an tAcht so do chur i bhfeidhm chó fada is théigheann fiosrú, triail no pionósú sna ciontaí is intrialta no is inphionósuithe do réir dlí airm.

(2) Ach mar sin féin ní bheidh in aon rialacha den tsórt san éinní contrárdha d'fhorálacha an Achta so ná buiniscionn leo..

(3) Cuirfar san áireamh i gcúrsaí breithiúntais gach riail a déanfar do réir an Ailt seo.

(4) Gach riail a déanfar do réir an Ailt seo leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas iad chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta má bhíonn an tOireachtas ina suidhe an uair sin agus, mara mbeidh an tOireachtas ina suidhe an uair sin, chó luath agus is féidir é tar éis tosach an chéad shiosóin eile den Oireachtas.

(5) Sna rialacha i dtaobh nós-imeachta Cúirteanna Fiosrúcháin féadfar forálacha a dhéanamh chun fianaise do ghlaca fé mhionn agus comhacht do thabhairt do Chúirteanna Fiosrúcháin chun fínnithe do chur fé mhionn chun na críche sin.

(6) Sna rialacha i dtaobh fiosrú do dhéanamh i gcúiseamh féadfar forálacha do dhéanamh chun achmaireacht scríbhte a dhéanamh fé mhionn ar an bhfianaise, agus féadfidh na rialacha san comhacht chun fínnithe do chur fé mhionn chun na críche sin do thabhairt d'Oifigeach Ceannais no d'aon oifigeach 'na n-ordóidh sé an achmaireacht san do dhéanamh ina láthair.

(7) Ní bhainfidh an tAcht Foillsiú Rialacha, 1893, le rialacha a déanfar fén Alt so.

CAIBIDEAL II.

Pagh.

Ní bainfar éinní as págh ach mar bheidh údaruithe.

126. —Íocfar págh oifigigh no saighdiúra de sna fórsaí gan éinní do bhaint as ach mar a húdaruítear leis an Acht so no mar a húdarófar le haon Rialacháin a déanfar fé, no le aon Acht eile den Oireachtas.

Caillfidh oifigigh págh go hátomaitigiúil i gcásanna áirithe.

127. —Caillfidh oifigeach go hátomaitigiúil págh in aghaidh gach lae—

(a) A bheidh sé as láthair tar éis tréigean do no gan cead.

(b) A bheidh sé i gciméad fé chúiseamh i gcionta má dhineann Cúirt Shíbhialta é do chiontú ann.

(c) A bheidh sé i gcimeád fé chúiseamh má dhineann Arm-Chúirt é do chiontú gan a mhalairt sin d'ordú i dtaobh a pháigh.

Caillfidh saighdiúirí págh go hátomaitigiúil i gcásanna áirithe.

128. —Caillfidh saighdiúir go hátomaitigiúil págh in aghaidh gach lae—

(a) A bheidh sé as láthair tar éis tréigean do no gan cead.

(b) A bheidh sé i gcimeád fé chúiseamh i gcionta má dhineann Cúirt Shíbhialta é do chiontú ann.

(c) A bheidh sé i gcimeád fé chúiseamh má dhineann Arm-Chúirt é do chiontú (gan a mhalairt sin d'ordú i dtaobh a pháigh).

(d) A bheidh sé i gcimeád fé chúiseamh i bheith as láthair gan cead má dhineann a Oifigeach Ceannais ina dhiaidh sin é do dhaora chun coinneála.

(e) A bheidh sé fé phríosúntacht a ghearrfidh Arm-Chúirt no Cúirt Shíbhialta air.

(f) A bheidh sé fé choinneáil a ghearrfidh Arm-Chúirt no a Oifigeach Ceannais air.

Míniú ar an bhfocal “Lá.”

129. —Chun crícheanna Altanna 127 agus 128 den Acht so; féadfidh an tAire o am go ham le rialachán no le hordú a fhaisnéis cad a tuigfar a bheith ina lá nea-láithreachta, ina lá i gcimeád, no ina lá príosúntachta no coinneála, i dtreo ámh—

(a) Ná háireofar chun na gcrícheanna roimhráite, duine do bheith as láthair, i gcimeád, i bpríosún ná fe choinneáil marar mhair an nea-láithreacht, an cimeád, an phríosúntacht no an choinneáil sin sé huaire a' chluig no thairis sin, ach amháin sa chás gur dhin an nea-láithreacht an nea-láithreach do chose ar dhualgas mileata éigin do dhéanamh i dtreo go raibh ar dhuine éigin eile é do dhéanamh;

(b) Go bhféadfar tréimhse nea-láithreachta, tréimhse i gcimeád, no tréimhse príosúntachta no coinneála a thosnuigh roimh mheán-oíche agus a chríochnuigh tar éis meán-oíche d'áireamh mar lá;

(c) Go gcomhreofar uimhir na laethanta ón am a thosnuigh an nea-láithreacht, an cimeád, an phríosúntacht no an choinneáil; agus

(d) Ná háireofar mar bhreis agus lá aon tréimhse is giorra ná cheithre huaire fichead.

Gearra siar a féadfar a dhéanamh i ngnáth-phágh oifigeach.

130. —Féadfar an gearra siar so a leanas a dhéanamh sa ghnáth-phágh a bheidh ag dul d'oifigeach:—

(a) An tsuim is gá chun cúiteamh aon chostais, cailliúna, damáiste no scrios a tháinig as déanamh aon chionta, do dhéanamh suas, pé cúiteamh a mholfidh an Arm-Chúirt a chiontuigh sa chionta san é.

(b) An tsuim is gá chun págh do dhéanamh suas a choinnigh sé ar aon oifigeach no saighdiúir go nea-dhleathach no gur dhiúltaigh sé go nea-dhleathach d'é d'íoc leis.

(c) An tsuim is gá chun aon fhíneáil d'íoc a chuir Arm-Chúirt no Cúirt Shíbhialta air.

(d) An tsuim is gá chun aon chailliúint, damáiste no scrios maoine puiblí a dhéanamh suas a chífar don Aire, tar éis fiosrú cuibhe do dhéanamh, a bheith tagtha as aon ghníomh anncheart no faillí a dhin an t-oifigeach.

Gearra siar a féadfar a dhéanamh i ngnáth-phágh saighdiúirí.

131. —Féadfar an gearra siar so a leanas a dhéanamh sa ghnáth-phágh a bheidh ag dul do shaighdiúir:—

(a) An gnáth-phágh go léir in aghaidh gach lae a bhí sé in óspidéal de dheascaibh breoiteacht a dheimhnigh an dochtúir ceart oifigiúil, a bhí ag tabhairt aire dho san óspidéal, a bheith tagtha air de bharr cionta fén Acht so do dhéanamh. Sa bhfo-alt so ciallóidh an focal “la” lá iomlán cheithre huaire fichead.

(b) An tsuim is gá chun cúiteamh aon chostais, cailliúna, damáiste no scrios, a tháinig as déanamh aon chionta, do dhéanamh suas, pé cúiteamh a mholfidh an Arm-Chúirt a chiontuigh sa chionta san é, no, má admhuíonn sé an cionta agus go socrófar le hordú fé Alt 120 (1) den Acht so déanamh in éamais é thriail, a molfar leis an ordú san no le haon ordú eile a dhéanfidh údarás mileata inniúil fén Alt san.

(c) An tsuim is gá chun pé cúiteamh a dhéanamh suas a mholfidh a Oifigeach Ceannais no Arm-Chúirt mar gheall ar chostaisí gurb é fé ndeár iad no mar gheall ar aon chailliúint no damáiste no scrios a dhin sé maidir le haon airm, amuinisean, gléasa, cuid éadaigh, instruimidí no riachtanaisí reisiminte no aon fhóirgintí no maoin, ach i gcás mola a dhéanfidh Oifigeach Ceannais ní raghaidh an gearra siar thar £10 i gcás ar bith.

(d) An cion nách foláir do a thabhairt, mar dhuine a bhaineann le haontán, chun cúiteamh a dhéanamh ar dhamáiste beairice, a chífar, tar éis fiosrú cuibhe a déanfar ar an gcuma orduithe, a bheidh tagtha as gníomh no faillí thoiliúil a dhin duine no daoine do-aitheanta den aontán i rith na tréimhse a bhí an t-aontán san i seilbh.

Chun críche na míre seo, cialluíonn an focal “damáiste beairice” damáiste no cailliúint no scrios aon áitribh ina bhfuil saighdiúirí ar ceathrú no ar billéadacht ann, no damáiste no cailliúint no scrios aon dultaisí, daingneán, troscáin no éifeachtaí ann no ag baint leis, agus foluíonn an focal “aontán” aon chuid d'aontán.

(e) An tsuim is gá chun fíneáil d'íoc a mhol Arm-Chúirt, a Oifigeach Ceannais, a Cheannasaí Complachta, no Cúirt Shíbhialta.

(f) An tsuim is gá chun aon tsuim d'íoc gur dhin an tAire, no aon oifigeach d'ainmnigh sé chuige sin, a ordú go n-íocfí í mar a luaidhtear san Acht so chun a bhean no a dhuine clainne no aon leanbh tabhartha do chothú no mar chuid de chostas aon fhóirithine a tugadh ar iasacht dá mhnaoi agus dá dhuine clainne:

Ach an méid a bainfar as gnáth-phágh fén Alt so ní ragha sé, i seachtain ar bith, thar dhá dtrian an pháigh a bheidh don chiontathóir i gcóir na seachtaine sin.

Conus a maithfar págh-chailliúint átom aitigiúil agus gearra siar as págh

132. —Féadfaidh an tAire maitheamh do thabhairt in aon phágh-chailliúint átom aitigiúil no gearra siar as págh a húdaruítear leis an Acht so.

Tuille i dtaobh baint as gnáthphágh.

133. —(1) Aon tsuim a údaruíonn an tAcht so a bhaint as gnáth-phágh oifigigh no saighdiúra, féadfar, gan dochar d'aon tslí eile chun í bhaint amach, í bhaint as an ngnáth-phágh no as aon tsuimeanna a bheidh ag dul don oifigeach no don tsaighdiúir sin, agus san ar pé cuma agus, tar éis a bhainte as no a bhainte amach, féadfar í leithreasú ar pé cuma a hórdófar o am go ham le haon rialachán no ordú a dhéanfidh an tAire.

(2) I gcásanna amhrais i dtaobh an méid páigh is ceart a thabhairt amach no an méid is ceart a chailliúint go hátomaitigiúil no a bhaint as págh atá ag dul d'oifigeach no do shaighdiúir, féadfar an págh san do choinneáil siar go dtí go gcuirfar in úil cadé an t-ordú atá déanta ag an Aire ina thaobh agus ní bheidh dul thar an ordú san.

Cosc le págh, etc., do shanna.

134. —Beidh gan brí gach sanna a déanfar agus gach muirear a cuirfar agus gach réiteach chun sanna do dhéanamh no muirear do chur ar aon phágh is iníoctha le haon oifigeach no saighdiúir, no ar aon phinsean, liúntas no fóirithin is iníoctha le haon oifigeach no saighdiúir den tsórt san no le n-a mhnaoi, le n-a bhaintrigh, le n-a dhuine clainne no le gaol eile dho, no le héinne ar son seirbhíse mileata.

Pionóisí mar gheall ar mhionn éithigh agus ar phearsanáil.

135. —(1) Má foráltar le haon rialacháin a dhéanfidh an tAire no an tAire Airgid i dtaobh íoc aon luach saothair, pinsin, no liúntais airm no íoc aon tsuime is iníoctha ar son seirbhíse mileata, no i dtaobh íoc airgid no seachada maoine i seilbh na n-údarás mileata, gur fé mhionn no le faisnéis reachtúil a cruthófar céannacht an ghlacadóra no éinní eile a bhaineann leis an íoc san, féadfidh an té a luadhfar sna rialacháin an mionn san do chur agus an fhaisnéis sin do ghlaca, agus éinne a adéarfidh ráiteas bréagach sa mhionn no sa bhfaisnéis sin go toiliúil, féadfar pionós do chur air mar gheall ar mhionn éithigh.

(2) Einne a neosaidh go bréagach d'aon údarás mileata no síbhialta go mbaineann sé leis na forsaí no leis an gcúl-thaca a bunófar fé aon Acht den Oireachtas no gur fear áirithe sna Fórsaí no sa gCúl-thaca san é, tuigfar é do bheith ciontach i bpearsanáil.

(3) Einne a bheidh ciontach i gcionta fén Acht Bréag-Phearsanála, 1874, maidir le haon phágh, luach saothair, pinsean no liúntas airm, no le haon tsuim is iníoctha ar son seirbhíse mileata, no le haon airgead no maoin i seilbh na n-údarás mileata, no a bheidh ciontach i bpearsanáil fén Alt so, ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé phríosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná trí mhí, no fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

(4) Ach ní choiscfidh éinní san Alt so dlí ná pionós do chur ar éinne fé aon achtachán eile ná fén dlí choitiann i dtaobh aon chionta, ach gan é phionósú fé dhó ar an aon chionta amháin.

CAIBIDEAL III.

Priosuin agus Beairici Coinneala.

E de dhualgas ar Ghobharnóir príosúin príosúnaigh, tréigtheoirí agus nea-láithrigh gan cead do ghlaca

136. —(1) Glacfidh Gobharnóir gach príosúin i Saorstát Éireann agus cimeádfa sé i mbraighdeanas, go dtí n-a scaoile no a dtabhairt suas de réir cúrsa cuibhe na dlí, gach príosúnach a cuirfar chun an phríosúin sin do réir an Achta so, agus gach duine a tabharfar ina chimeád, mar thréigtheoir no mar nealáithreach gan cead, ag éinne a bheidh ag tionnlacan an duine sin le h-údarás dlí, ar thaisbeáint an bharántais Chúirt Údaráis Achmair ar ar gabhadh no ar ar cuireadh chun príosúin an tréigtheoir sin no an nea-láithreach san gan cead, no ar thaisbeáint ordú éigin ón Aire, ordú a leanfidh i bhfeidhm go dtí go sroichfidh an tréigtheoir no an nea-láithreach gan cead a cheann scríbe.

(2) Déanfidh gach Gobharnóir den tsórt san aon tsaighdiúir i gcimeád mileata do ghlaca ina chimeád, ar feadh tréimhse nách sia ná seacht lá, nuair a seachadfar do ordú scríbhte a dheabhróidh a bheith sighnithe ag Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra san.

(3) Na forálacha den Acht so a bhaineann le Gobharnóir príosúin, bainfid le duine i bhfeighil aon stáisiúin phóiliní no áite eile in ar féidir do réir dlí príosúnaigh do chimeád.

Bunú agus regealáil príosún mileata.

137. —(1) Beidh sé dleathach d'aon Aire Feidhmiúcháin aon fhoirgneamh no cuid d'fhoirgneamh fé chúram an Aire sin do chur ar leithligh mar phríosún mileata no mar bheairic choinneála, no mar phríosún puiblí i gcóir príosúnach airm, agus a fhaisnéis go mbeidh an foirgneamh san no an chuid sin d'fhoirgneamh ina phríosún mhileata no ina bheairic choinneála, no ina phríosún phuiblí, pe'ca dhíobh é, agus gach príosún mileata a faisneofar a bheith amhlaidh tuigfar é do bheith ina phríosún phuiblí do réir brí na bhforálacha den Acht so a bhaineann le príosúntacht.

(2) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúchán rialacha do dhéanamh, d'atharú agus d'athghairm o am go ham i dtaobh rialú, bainistí, agus regealáil príosún mileata agus beairicí coinneála agus i dtaobh ceapa agus cur-chun-siúil agus comhachtanna a gcigirí, a gcuairteoirí, a ngobharnóirí agus a n-oifigeach, agus i dtaobh obair na bpríosúnach mileata no na bpríosúnach eile agus obair na saighdiúirí fé choinneáil ionta; agus chun a chur ar chumas na bpríosúnach no na saighdiúirí sin maitheamh do thuilleamh, le dícheall speisialta agus le dea-iompar, i gcuid dá bpionós, agus i dtaobh slán-chimeád na bpríosúnach no na saighdiúirí sin, agus chun iad do chimeád fé smacht, agus chun na príosúnaigh no na saighdiúirí sin do phionósú le ceartú no cosc pearsanta no ar shlí eile mar gheall ar chiontaí a dhineadar, ar shlí, ámh, ná húdarófar leis na rialacha san pionós cuirp do chur ortha mar gheall ar aon chionta, ná an phríosúntacht ná an choinneáil do dhéanamh níos déine ná mar a bheid fén dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire in aon phríosún i Saorstát Éireann fé réir Acht Generálta na bPríosún (Éirinn), 1877, ach gach rialachán a dineadh fé Acht na bPríosún, 1898, i dtaobh dualgaisí séileoirí agus dochtúirí oifigiúla, agus gach rialachán atá san Acht Leasúcháin um Bás-Phionós, 1868, agus in Acht Generálta na bPríosún (Éirinn), 1877, i dtaobh dualgaisí Coróinéirí i gcúrsaí coistí coróinéara i bpríosúin agus i mbeairicí coinneála, beid sna rialacha san, sa mhéid gur féidir an céanna do chur i mbaint.

(3) Leis na rialacha san féadfar a chur i mbaint leis na príosúin agus na beairicí coinneála san aon achtacháin d'Acht na bPríosún, 1865, agus a chuireann pionóisí ar dhaoine ar bith nách príosúnaigh.

(4) Gach riail a dhéanfidh Aire do réir an Ailt seo leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta má bhíonn an tOireachtas ina suidhe an uair sin agus, mara mbeidh, chó luath agus is féidir é tar éis tosach an chéad shiosóin eile den Oireachtas.

(5) Na comhachta a bheidh ag Aire fén Alt so maidir le príosúin mhileata agus beairicí coinneála beid infheidhmithe ag an Oifigeach Generálta ag Ceannasú ar an machaire, agus beidh ortha comhacht chun a fhaisnéis gur príosún mileata no beairic choinneála áit ar bith, agus ní bheidh feidhm ag na teoranna atá leis an gcomhacht chun rialacha do dhéanamh i dtaobh pionósú príosúnach agus saighdiúirí fé choinneáil agus i dtaobh déine na príosúntachta agus na coinneála: Ach ní dhéanfidh éinní sa bhfo-alt so, ná in aon rialacha a déanfar fé, údarás do thabhairt chun léasa ná pionós eile cuirp do thabhairt mar gheall ar aon chionta.

Roinnt na bpríosúnach ina n-aicmí.

138. —De bhrí go n-oireann sé difríocht ghlan do dhéanamh idir an déanamh a tabharfar do phríosúnaigh a ciontuíodh i sarú smachta agus an déanamh a tabharfar do phríosúnaigh a ciontuíodh i gciontaí mí-mhorálta, mí-mhacánta, náireacha, no coiriúla, no a daoradh chun a scurtha ón seirbhís fé aithis, féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh o am go ham i dtaobh roinnt na bpriosúnach san ina n-aicmí agus i dtaobh an déanamh a tabharfar dóibh.

CAIBIDEAL IV.

Saoirsi d'Oifigigh agus do Shaighdiuiri.

Oifigigh agus saighdiúirí do bheith saor o chustuim.

139. —(1) Gach oifigeach agus saighdiúir de sna Fórsaí ar diúité no ar máirseáil; agus

A gcapaill agus a mbagáiste; agus

Gach príosúnach fé thionnlacan mhileata; agus

Gach mótar, carráiste agus capall is leis na Fórsaí no a bheidh ar fostú i seirbhís mhileata, le linn iad a bheith ag iompar aon daoine den tsórt a luaidhtear thuas san Alt so, no ag iompar bagáiste no stóir no ag fílle tar éis iad d'iompar,

ar dhul ar bord árthaigh no ar ghabháil tíre dhóibh ag aon phiar, cala-phort, cé, no áit caluithe, no ag gabháil dóibh fan aon bhóthair phíce no bóthair eile no trasna droichid, beid saor o íoc aon diúitéthe no custum is inéilithe in aon chás eile de bhua aon Achta Pháirliminte no de bhua aon Achta atá rithte cheana no a rithfar ina dhiaidh seo ag an Oireachtas:

Ach ní dhéanfidh éinní san Alt so aon bháid, báirsí ná árthaigh eile, ar a mbeidh na daoine, na capaill, an bagáiste no na stóir sin á n-iompar ar aon chanáil, do shaora o chustuim d'íoc ar nós bád, báirsí agus árthach eile.

(2) Einne a éileoidh agus a ghlacfidh aon diúite, custuim, no ráta contrárdha don Alt so, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, é do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint ná fé bhun deich scillinge.

Beidh saighdiúirí saor o phróiseas shíbhialta.

140. —(1) Ní féadfar saighdiúir de sna Fórsaí do thógaint amach as an seirbhís le haon phróiseas, feidhmiú ná Ordú o Chúirt Dlí ná eile, ná a chur fhiachaint air teacht i bpearsain i láthair aon Chúirte Dlí, ach amháin i dtaobh na nithe seo a leanas no i dtaobh éinní amháin díobh; sé sin le rá:—

(a) Mar gheall ar a chúiseamh no a chiontú i gcoir; no

(b) Mar gheall ar aon fhiach, damáiste no suim airgid, nuair is mó san ná tríocha punt gan costaisí na cúise d'aireamh.

(2) Chun crícheanna an Ailt seo isé rud a chiallóidh coir ná feleontacht, mí-iompar, no coir no cionta eile is inphionósuithe le fíneáil no le príosúntacht no le pionós éigin is mó ná san, agus ní fholóidh sé cionta duine a bheadh as láthair o n-a sheirbhís ná a thabharfadh faillí ina chonnra do chó-líona ná a mhí-iompródh é féin ar aon tslí eile i dtaobh a chonnartha.

(3) Chun crícheanna an Ailt seo, tuigfar go bhfoluíonn Cúirt Dlí Cúirt Údaráis Achmair agus aon Ghiúistís Dúithche.

(4) Chun críche aon phróisis a tabharfar amach sara dtabharfidh an Chúirt breith ar an gcás, cruthófar méid an fhéich, an damáiste no na suime le móid-scríbhinn ón duine a bheidh ad iarraidh an chéanna do bhaint amach no o dhuine éigin thar a cheann, agus mionnófar an mhóid-scríbhinn sin gan aon táille d'íoc, ar an gcuma 'na mionnuítear móidscríbhinní sa Chúirt ina mbunófar imeachta chun an tsuim do bhaint amach, agus déanfar, gan táille d'íoc, memorandum ar an móid-scríbhinn sin do chúl-scrí ar aon phróiseas no ordú a tabharfar amach i gcoinnibh saighdiúra.

(5) Beidh gan brí gach imeacht agus scríbhinn a bheidh i bpróiseas, feidhmiú no ordú contrárdha don Alt so no a bheidh i mbaint le n-a leithéid; agus má dhineann saighdiúir no a Oifigeach Ceannais gearán go bhfuiltar ag deighleáil leis an saighdiúir sin, contrárdha don Alt so, le haon phróiseas, feidhmiú no ordú a tugadh amach as aon Chúirt agus má dintar an gearán san leis an gCúirt sin no le haon Chúirt is aoirde ná í, déanfidh an Chúirt no breitheamh éigin den Chúirt scrúdú ar an ngearán agus, más gá é, an saighdiúir sin do scaoile saor, gan táille uaidh, agus féadfa sé costaisí réasúnta do mhola i gcóir an ghearánaí agus féadfar iad san do bhaint amach fé mar a molfí costaisí i bhfabhar do in aon aicsean no imeacht eile sa Chúirt sin.

Ach:—

Einne go mbeidh abhar aicsin no cúise aige i gcoinnibh saighdiúra de sna Fórsaí, féadfa sé, in ainneoin éinní san Alt so, tar éis fógra cuibhe i scríbhinn a bheith tabhartha don tsaighdiúir no fágtha san áit is déanaí ina raibh sé ar ceathrúin, dul ar aghaidh chun breithiúnais san aicsean no sa chúis sin, agus feidhmiú d'fháil ná beidh i gcoinnibh pearsan, páigh, amuinisin, gléasa, riachtanaisí reisiminte, no cuid éadaigh an tsaighdiúra san.

Oblagáid ar shaighdiúir chun a bhean agus a chlann do chothú.

141. —(1) Beidh sé d'oblagáid ar shaighdiúir de sna Fórsaí cabhrú chun a bhean agus a chlann do chothú, agus fós chun aon leanbh tabhartha do chothú na gcruthófar gurb é a athair é, oiread is dá mba nár shaighdiúir é; ach ní raghaidh feidhmiú amach i gcoinnibh a phearsan, a pháigh ná a chuid arm, amuinisin, gléasa, instruimidí, riachtanaísí reisiminte, ná éadaigh, i dtaobh aon oblagáid den tsórt san ná i dtaobh aon ordú ná aithne i dtaobh an chothuithe sin; ná ní féadfar é do phionósú mar gheall ar a bhean no a mhuiríon no éinne acu do thréigean, ná mar gheall ar fhaillí do thabhairt ina gcothú, ná mar gheall ar ise no iad-san d'fhágaint ina muirear ar aon aontas, paróiste no áit.

(2) Nuair a déanfar ordú no aithne, fé aon acht no sa dlí choitiann, go ndéanfidh fear atá, no a bheidh ina dhiaidh sin, ina shaighdiúir de sna Fórsaí costas cothuithe a mhná no costas cothuithe a dhuine chlainne, dlistineach no tabhartha, d'íoc, no costas cothuithe aon leinbh thabhartha na bhfuil sé in ainm bheith ina athair aige d'íoc, no costas aon fhóirithine d'íoc a tugadh ar iasacht dá mhnaoi no dá dhuine clainne, dlistineach no tabhartha, cuirfar cóip den ordú no den aithne sin chun an Aire no chun aon oifigigh d'ainmnigh sé sin chuige sin, agus sa chás—

(a) Go ndéanfar an t-ordú no an aithne sin do chur amach mar sin; no

(b) Go gcuirfar ina luí ar an Aire, no ar aon oifigeach d'ainmnigh sé sin chuige sin, gur dhin saighdiúir de sna gnáth-fhórsaí, gan chúis réasúnta, a bhean no éinne dá chlainn dhlistinigh fé bhun sé mblian ndéag do thréigean no d'fhágaint i ndealbhas,

ordóidh an tAire no an t-oifigeach go mbainfar as págh laethúil an tsaighdiúra, cuid den phágh laethúil sin ná raghaidh thar—

Trí scillinge mar gheall ar bhean chéile, no mar gheall ar chlainn, dlistineach no tabhartha, i gcás saighdiúra atá ina oifigeach nea-choimisiúnta nách ísle céim ná sáirsint;

Dhá scilling mar gheall ar bhean chéile, no mar gheall ar chlainn, dlistineach no tabhartha, i gcás aon tsaighdiúra eile;

agus go gcuirfar i leithreas í in íoc na suime a horduíodh leis an ordú no leis an aithne sin a íoc, no mar chabhair chun costas cothuithe na mná no costas cothuithe na clainne, dlistineach no tabhartha, pe'ca den dá ní sin é, agus san ar pé cuma is oiriúnach leis an Aire no leis an oifigeach.

(3) Má bunuítear imeacht i gcoinnibh saighdiúir de sna Fórsai, fé aon Acht no sa dlí choitiann, chun a chur fhiachaint air aon oblagáid den tsórt san a luaidhtear thuas san Alt so do chólíona, annsan—

(a) Más rud é, ar dháta seirbheálta an phróisis, go mbeidh an saighdiúir ar ceathrú lasmuich de líomatáiste údaráis ná Cúirte no (i gcás an imeacht a bheith os cóir Cúirte Údaráis Achmair) lasmuich de dhúthaigh chúirte na Cúirte Dúithche in ar bunuíodh an imeacht, seirbheálfar an phróiseas ar a Oifigeach Ceannais, agus ní bheidh an tseirbheáil sin dleathach mara bhfágtar i lámhaibh an Oifigigh Cheannais in éineacht leis an bpróiseas, suim airgid (a hordófar mar chostaisí fé n-ar chuathas chun an t-ordú no an aithne d'fháil, má dintar aon ordú no aithne i gcoinnibh an tsaighdiúra) a bheidh sáthach mór chun a chur ar chumas an tsaighdiúra bheith i láthair le linn éisteacht an cháis agus fille chun a cheathrún, agus féadfidh an tOifigeach Ceannais an tsuim sin do chaitheamh chun na críche sin.

(b) In aon chás eile féadfar an próiseas do sheirbheáil ar an Oifigeach Ceannais no ar an saighdiúir, ach más ar an saighdiúir a seirbheálfar an próiseas déanfidh an Chúirt a thabharfidh amach é cóip de do chur chun an Oifigigh Cheannais tríd an bpost cláraithe chó luath agus is féidir é tar éis seirbheáil an phróisis, agus i gcomhnaí cheithre lá ar a luíod roimh an lá a ceapadh chun an cás d'éisteacht.

Má orduítear don tsaighdiúir, le hordú no le haithne a cuireadh chun an Aire no an oifigigh do réir fo-alt (2) den Alt so, aon tsuim a fágadh i lámhaibh an Oifigigh Cheannais fén bhfo-alt so d'íoc mar chostaisí fé n-ar chuathas chun an t-ordú no an aithne d'fháil, féadfidh an tAire a chur fé ndeár suim is ionann agus an tsuim a fágadh amhlaidh d'íoc in íoc na suime a horduíodh a íoc mar chostaisí, agus an tsuim a íocfidh an tAire amhlaidh beidh sí ina fiach puiblí ar an saighdiúir gur dineadh an t-ordú no an aithne ina choinnibh agus, gan dochar d'aon tslí eile chun í do bhaint de, féadfar í do bhaint de tré ghearra siar do dhéanamh ina phágh laethúil, maraon leis an ngearra siar a luaidhtear i bhfo-alt (2) den Alt so.

(4) Má fhásann aon riaráiste maidir le suimeanna gur horduíodh le haon ordú no aithne den tsórt san roimhráite iad d'íoc agus, an duine gur dineadh an t-ordú no an aithne ina choinnibh, gur le linn é do bheith ag fónamh mar shaighdiúir de sna Fórsaí a fhás an riaráiste sin, agus pe'ca dineadh no nár dineadh gearra siar ina phágh fén Alt so mar gheall ar an riaráiste, ansan, tar éis do scur de bheith ag fónamh amhlaidh, ní déanfar ordú coimiteála mar gheall ar an riaráiste sin marar deimhin leis an gCúirt gurb acfuinn do, no gurb acfuinn do o scuir sé de bheith ag fónamh amhlaidh, an riaráiste sin no aon chuid de d'íoc agus ná fuil sé íoctha aige.

Ní bheidh oifigigh ina sirriamacha na ina méaraí.

142. —Aon oifigeach de sna Fórsaí atá ar liost na seirbhíse cogúla do réir brí aon ordú a regealálann págh agus ordú céime sna Fórsaí, ní féadfar é d'ainmniú ná do thogha chun bheith ina shirriam ar aon chontae, buirg ná áit eile, ná chun bheith ina mhéara ná ina sheanóir ar, ná chun aon oifig do shealbhú in, aon bhárdas cathrachtúil in aon chathair, buirg ná ait i Saorstát Éireann, ná é d'ainmniú ná do thogha mar bhall de chomhairle chontae.

Saoirse o choiste dháréag.

143. —Beidh gach oifigeach agus saighdiúir sna Fórsaí saor o fhónamh ar aon choiste dháréag.

CAIBIDEAL V.

LIOSTAIL.

An Treimhse Seirbhise.

Teora le tréimhse liostála bunaidh.

144. —Féadfar duine do liostáil chun fónamh mar shaighdiúir de sna Fórsaí ar feadh tréimhse 12 bhlian, no ar feadh pé tréimhse is giorra ná san a cheapfidh an tAire o am go ham, ach ní har feadh aon tréimhse is sia ná san, agus san Acht so gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse go liostálfidh duine ina cóir:

Ach i gcásanna speisialta féadfidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar, i gcás buachalla a liostáladh in aon chór áirithe sara raibh sé 18 mbliana, tréimhse an dá bhlian déag d'áireamh ón lá a bheidh sé ocht mbliana déag.

Téarmaí liostála bunaidh.

145. —Beidh liostáil bhunaidh duine fén Acht so mar leanas:—

(1) Ar feadh iomláine téarma a liostála bunaidh i seirbhís airm; no

(2) Ar feadh pé méid de théarma a liostála bunaidh a cheapfidh an tAire o am go ham agus a luadhfar sa pháipéar teistiochta i seirbhís airm, agus ar feadh iarsma an téarma san sa Chúl-thaca.

Féadfar na coiníollacha seirbhíse d'atharú.

146. —(1) Féadfidh an tAire o am go ham, le rialacháin, generálta no speisialta, na coiníollacha seirbhíse d'atharú, i dtreo gur cheaduithe do shaighdiúir de sna Fórsaí in aon tseirbhís, le toil an Aire—

(a) Dul isteach sa Chúl-thaca láithreach ar feadh iarsma nea-chaithte téarma a liostála bunaidh; no

(b) Fanúint i seirbhís an airm ar feadh iomlán iarsma nea-chaithte an téarma san no ar feadh coda dhe; no

(c) Téarma a liostála bunaidh do shíne go ceann tréimhse dhá bhlian déag no tréimhse is giorra ná san.

(2) Féadfidh an tAire o am go ham, le rialacháin, generálta no speisialta, na coiníollacha seirbhíse d'atharú i dtreo gur cheaduithe d'fhear sa Chúl-thaca, le toil an Aire, dul isteach arís i seirbhís an airm ar feadh iomlán iarsma nea-chaithte téarma a liostála bunaidh no ar feadh coda dhe, no ar feadh aon tréimhse aimsire, nách sia ná dhá bhliain déag ar fad, o dháta a liostála bunaidh.

Conus seirbhís d'áireamh.

147. —Nuair a beifear ag áireamh seirbhís saighdiúra de sna Fórsaí chun a scurtha no chun é d'aistriú chun an Chúl-thaca—

Aireofar an tseirbhís o dháta a theistithe.

Imeachta i gcoir Liostala.

An tslí liostála agus teistíochta.

148. —(1) Gach éinne dar húdaruíodh liostálaithe do liostáil sna Fórsaí (dá ngairmtear an “liostálaire” san Acht so) tabharfa sé do gach duine a thairgfidh é féin chun liostála fógra sa bhfuirm a bheidh údaruithe de thurus na huaire ag an Aire, agus na riachtanaisí generálta teistíochta ann agus coiníollacha generálta an chonnartha a dhéanfidh an liostálaí, agus ordú ann don duine sin teacht i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána láithreach no ar uair agus in áit a luadhfar ann.

(2) Ar theacht i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána do dhuine a thairgfidh é féin chun liostála, déanfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána san a fhiarfaí dhe ar seirbheáladh an fógra air agus a dtuigeann sé é agus an toil leis go liostálfí é, agus ní ragha sé ar aghaidh leis an liostáil más dó leis go bhfuil lorg an óil ar an liostálaí.

(3) Mara dtaga sé i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána no, ar theacht i láthair do, maran toil leis go liostálfí é, ní déanfar a thuile i dtaobh an ghnótha.

(4) Más toil leis go liostálfí é—

(a) Tar éis foláramh a thabhairt don duine sin go bhféadfar é phíonósú mar a foráltar leis an Acht so má thugann sé freagra bréagach ar na ceisteanna a léifear do, léighfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána dho no cuirfe sé á léigheamh do na ceisteanna a bheidh leagtha amach sa pháipéar teistíochta a bheidh údaruithe de thuras na huaire ag an Aire, agus tabharfa sé aire go dtuigfidh an duine sin gach ceist a léighfar do mar sin, agus tar éis do a fháil amach go bhfuil freagra an duine sin ar gach ceist breactha go cuibhe os coinne na ceiste sa pháipéar teistíochta, tabharfa sé air an fhaisnéis ar fhírinne na bhfreagraí a bheidh sa pháipéar san do dhéanamh agus do shíghniú agus ansan cuirfe sé é fén mionn géillsine a bheidh sa pháipéar san.

(b) Ar shighniú na faisnéise agus ar thabhairt an mhionna dho, tuigfar go bhfuil an duine sin liostálta mar shaighdiúir de sna Fórsaí.

(c) Déanfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána, le sighniú ar an gcuma a bheidh orduithe sa pháipéar san, a theistiú gur có-líonadh na riachtanaisí a bhaineann le liostálaí do theistiú, agus seachadfa sé don liostálaire an páipéar teistíochta agus é dátuithe go cuibhe.

(d) Scilling, gan a thuille, an táille a bheidh le n-íoc as teistiú liostálaí agus as gach gníomh agus ní a bhainfidh leis sin, agus is leis an gCléireach Cúirte Dúithche a híocfar í.

(e) An t-oifigeach is déanaí a ghlacfidh le liostálaí i gcóir seirbhíse tabharfa sé don liostálaí má iarann sé é cóip deimhnithe dá pháipéar teistíochta.

(5) An dáta ar a sighneoidh an liostálaí an fhaisnéis agus ar a dtabharfa sé an mionn a luaidhtear chuige sin san Alt so, tuigfar gurb é sin dáta teistiú an liostálaí sin.

(6) Más deimhin leis an údarás mileata údaruithe go bhfuil aon earráid i bpáipéar teistíochta liostálaí féadfa sé a chur fé ndeár go dtiocfidh an liostálaí i láthair Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána éigin, agus féadfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána san an earráid sin do cheartú sa pháipéar teistíochta más deimhin leis go bhfuil sí ann agus ná fuil sí chó mór san gur cheart an liostálaí do scur, agus leis sin tuigfar an páipéar ceartuithe do bheith chó dleathach agus dá mba chuid d'abhar bunaidh an pháipéir sin abhar an cheartuithe sin.

(7) Sa chás go n-ordófar leis na rialacháin a dhéanfidh an tAire fén gCuid seo den Acht so go sighneofar agus go dteisteofar páipéirí teistíochta dúbláideacha, bainfidh an tAlt so leis na dúbláidí sin, agus má dintar aon cheartú ar aon pháipéar teistíochta déanfar an ceartú ar an dá pháipéar theistíochta dhúbláideacha.

Comhacht do liostálaí chun a scur do cheannach.

149. —Má dhineann liostálaí, laistigh de thrí mhí tar éis dáta a theistithe, suim nách mó ná deich bpúint d'íoc chun usáid stát-chiste Shaorstáit Éireann, scuirfar é chó tapaidh agus is oiriúnach é mara n-eilighidh sé an scur san i rith tréimhse ina mbeidh sé orduithe, le furógra do réir an Achta so, go leanfidh i seirbhís an airm, saighdiúirí atá i seirbhís an airm agus a haistreofí chun an Chúl-thaca mara mbeadh an t-ordú san, agus sa chás san féadfar é do choinneáil sa tseirbhís ar feadh na tréimhse sin agus ar bheith caithte don tréimhse sin scuirfar é ar íoc na suime sin ansan má éilíonn sé a scur amhlaidh.

Fir do cheapa chun Coranna agus Aistrithe.

Fir do liostáil chun seirbhíse generálta agus a gceapa chun córanna.

150. —(1) Do réir aon Rialachán, generálta no speisialta, a dhéanfidh an tAire o am go ham, féadfar liostálaithe do liostáil chun seirbhíse i gcór áirithe de sna Fórsaí, ach is chun seirbhíse generálta a liostálfar liostálaithe ach amháin sa chás ina bhforálfar a mhalairt sna Rialacháin sin (más ann dóibh).

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis do liostálaí dul fé pé tréineáil mhileata orduithe a ordóidh an tAire déanfidh an t-údarás mileata orduithe, más chun seirbhíse i gcór áirithe a liostáladh an liostálaí é do cheapa chun an chóir sin agus, más chun seirbhíse generálta a liostáladh é, é do cheapa chu cóir éigin de sna Fórsaí.

Tar éis duine do cheapa chun cóir agus forálacha i dtaobh aistrithe.

151. —Ar bheith ceaptha chun cóir do shaighdiúir de sna Fórsaí, pe'ca chun seirbhíse generálta a liostáladh é no nách ea, fónfa sé sa chór san ar feadh tréimhse a sheirbhíse airm, pe'ca ar feadh téarma a liostála bunaidh é no ar feadh tréimhse pé ath-fhostú a luaidhtear san Acht so, mara n-aistrítear é fé sna forálacha so a leanas:—

(1) Laistigh de thrí mhí tar éis dáta a theistithe no aon uair le linn bheith i bhfeidhm d'fhurógra le n-ar horduíodh an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buantseirbhís, féadfar le hordú ón údarás mileata orduithe, saighdiúir de sna Fórsaí a liostáladh chun seirbhíse generálta d'aistriú chun aon chóir de sna Fórsaí den ghéig no den bhrainse chéanna sheirbhíse;

(2) Le hordú ón údarás mileata orduithe, féadfar saighdiúir de sna Fórsaí d'aistriú aon uair chun aon chóir de sna Fórsaí le n-a thoil féin;

(3) Má dintar, de réir aon fhorála dhíobh san roimhe seo, saighdiúir de sna Fórsaí d'aistriú chun cóir i ngéig no i mbrainse eile seachas í siúd ina raibh sé ag fónamh roimhe sin, féadfidh an t-údarás mileata orduithe, le hordú, coiníollacha a sheirbhíse d'atharú i dtreo go mbeid ar có-réir leis na coiníollacha generálta seirbhíse sa ghéig no sa bhrainse chun a n-aistreofar é;

(4) Má aistrítear saighdiúir de sna Fórsaí chun fónamh ar an bhfuirinn no in aon chór nach cór coisithe, marcraidhe, ordonáis, ná innealtóireachta, féadfar, le hordú ón údarás mileata orduithe, i rith téarma a liostála bunaidh no i rith tréimhse a athfhostuithe, é do scur as an seirbhís sin agus é d'aistriú chun aon chóir de sna Fórsaí ina raibh sé ag fónamh roimh an aistriú san a céad-luaidhtear, sa chéim a bheidh aige le linn a scurtha no in aon chéim is ísle ná san;

(5) I gcás saighdiúir sna Fórsaí—

(a) Do bheith ciontach i dtréigin no i liostáil chalaoisigh agus é do chiontú sa chéanna ag Arm-Chúirt no, ar admháil an chionta dho, gurbh fhéidir é thriail ach gur dineadh d'eamais a thrialach le hordú ón údarás mileata orduithe; no

(b) Do dhaora mar gheall ar aon chionta ag Arm-Chúirt chun pionóis nách lú ná tearma trí mhí coinneála,

mar mhaitheamh, i bpáirt no go hiomlán, i bpionós eile, féadfar an saighdiúir sin do chur i seirbhís ghenerálta agus féadfar, o am go ham, é d'aistriú chun pé cóir de sna Fórsaí a ordóidh an t-údarás mileata orduithe o am go ham;

(6) Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí a tabharfar isteach i gcimeád mileata no a coimiteálfar ag Cúirt Údaráis Achmair mar thréigtheoir, féadfar, le hórdú ón údarás mileata orduithe, é d'aistriú chun aon chóir de sna Fórsaí in aice na háite in ar tugadh isteach i gcimeád mileata no in ar coimiteáladh é no chun aon chóir eile gur dó leis an údarás mileata orduithe gur mhaith an rud é d'aistriú chuige agus san gan dochar d'é thriail agus d'é phionósú ina dhiaidh sin.

Ath-fhostu agus Seirbhis do chur i bhFaid.

Ath-fhostú saighdiúra.

152. —(1) Fé réir aon rialachán, generálta no speisialta, a dhéanfidh an tAire o am go ham, féadfar saighdiúir de sna Fórsaí, más i seirbhís an airm do, agus tar éis naoi mbliana o dháta a théarma bhunaidh liostála, agus ar a mhola san dá Oifigeach Ceannais agus le cead an údaráis mhileata orduithe, féadfar é d'ath-fhostú ar feadh pé tréimhse seirbhíse airm sa bhreis a dhéanfidh suas tréimhse iomlán leanúnach de bhliain is fiche de sheirbhís airm, ag comhreamh o dháta a theistithe agus ag áireamh aon tréimhse roimhe sin a bhí sé ag fónamh sa Chúl-thaca.

(2) Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí a hath-fhostófar amhlaidh déanfa sé faisnéis do réir na rialachán san i láthair a Oifigigh Cheannais.

Chun leanúint i seirbhís tar éis seirbhís 21 bliain.

153. —Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí na mbeidh críochnuithe aige no a chríochnóidh laistigh de bhliain tréimhse iomlán bliain is fiche seirbhíse, ag áireamh aon tréimhse a bhí sé ag fónamh sa Chúl-thaca, féadfa sé fógra do thabhairt dá Oifigeach Ceannais gur mian leis leanúint sa tseirbhís sna Fórsaí; agus má cheaduíonn an t-údarás mileata orduithe é, féadfar é chimeád ar gach slí mar shaighdiúir de sna Fórsaí fé mar a bheadh a théarma seirbhíse gan bheith caithte fós, ach amháin go bhféadfa sé a éileamh go scuirfar é fé cheann aon tréimhse de thrí mhí tar éis do fógra do thabhairt dá Oifigeach Ceannais gur mian leis go scuirfí é.

Ath-fhostú oifigeach nea-choimisiúnta agus a leanúint í seirbhís.

154. —Leis na rialacháin a déanfar o am go ham do réir na Coda so den Acht so, féadfar forálacha dhéanamh, má chítar gur rud oiriúnach é, go mbeidh ag oifigeach nea-choimisiúnta de sna Fórsaí, a leanfidh i seirbhís airm ar feadh iarsma neachaithte a théarma bhunaidh liostála, ceart chun ath-fhostú, más maith leis é, fé Alt 153 den Acht so, agus chun a sheirbhís do chur i bhfaid fé Alt 153 den Acht so, no chun aon taobh acu do dhéanamh ach, mar sin féin, beidh san fé veto an Aire no an údaráis eile a luadhfar sna rialacháin agus fé pé coiníollacha eile a háireofar sna rialacháin.

Féadfar seirbhís do chur i bhfaid i gcásanna áirithe.

155. —(1) Más le linn staid cogaidh a bheith ann a thiocfidh an t-am ina mbeadh teideal in aon chás eile ag saighdiúir de sna Fórsaí chun a scurtha, no le linn é bheith á ordú do shaighdiúirí sa Chúl-thaca, le furógra do réir an Achta so, leanúint no dul arís i seirbhís an airm féadfar an saighdiúir do choinneáil agus féadfar a sheirbhís do chur i bhfaid ar feadh pé tréimhse nách sia ná dhá mhí dhéag a ordóidh an t-údarás mileata orduithe, ach ar bheith caithte don tréimhse sin, no aon uair roimhe sin is dó leis an údarás mileata orduithe is féidir déanamh in éamais a sheirbhíse, scuirfar an saighdiúir, mar a foráltar leis an Acht so, chó tapaidh agus is oiriúnach é.

(2) Más le linn staid cogaidh a bheith ann a thiocfidh an t-am ina mbeadh teideal in aon chás eile ag saighdiúir de sna Fórsaí chun a aistrithe chun an Chúl-thaca, féadfar an saighdiúir do chimeád i seirbhís an airm ar feadh pé tréimhse eile nách sia ná dhá mhí dhéag a ordóidh an t-údarás mileata orduithe, ach ar bheith caithte don tréimhse sin no aon uair roimhe sin is dó leis an údarás mileata orduithe is féidir déanamh in éamais a sheirbhíse, aistreofar an saighdiúir chun an Chúl-thaca chó tapaidh agus is oiriúnach é, mara mbeidh i bhfeidhm an uair sin furógra le n-a nglaofar amach an Cúl-thaca no aon chuid de.

(3) Más mian le saighdiúir is gá a scur fén Alt so fanúint sa tseirbhís agus staid cogaidh ann agus má cheaduíonn an t-údarás mileata orduithe é, féadfa sé a aontú go leanfa sé ar gach slí mar shaighdiúir de sna Fórsaí fé mar a bheadh a théarma seirbhíse gan bheith caithte fós, ach amháin go bhféadfa sé a éileamh go scuirfar é i ndeire na staide cogaidh sin no, má foráltar amhlaidh san aontú san, ar bheith caithte d'aon tréimhse de thrí mhí tar éis do fógra do thabhairt dá Oifigeach Ceannais gur mian leis go scuirfí é.

(4) Aon tsaighdiúir a aontóidh ar an gcuma san chun leanúint sa tseirbhís déanfa sé i láthair a Oifigigh Cheannais faisnéis do réir aon rialachán, generálta no speisialta, a dhéanfidh an tAire o am go ham.

Más baol don náisiún, féadfidh an Ard-Chomhairle saighdiúirí do chimeád i seirbhís an airm no an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís.

156. —(1) I gcás dainséar a bheith ag bagairt ar an náisiún no i gcás práinne móire, beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle a ordú, le Furóga, go gcimeádfar i seirbhís an airm gach saighdiúir no aon tsaighdiúir a bheadh i dteideal a aistrithe chun an Chúl-thaca in aon chás eile do réir téarmaí a liostála, ach an ocáid a chur in úil ar dtúis don Oireachtas má bhíonn an tOireachtas ina suidhe an uair sin no, mara mbeidh an tOireachtas ina suidhe an uair sin, an ócáid d'fhaisnéis leis an bhfurógra.

(2) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle, leis an bhfurógra san, a ordú don Aire orduithe do thabhairt o am go ham, agus tar éis a dtabhartha, iad d'ath-ghairm no d'atharú, fé mar a dheabhróidh a bheith riachtanach no ceart chun a chur fé ndeár go leanfidh i seirbhís an airm gach saighdiúir no aon tsaighdiúir dá luadhfar sa bhfurógra.

(3) Gach saighdiúir dá mbeidh sé orduithe de thurus na huaire, leis na horduithe sin, no dá réir, leanúint i seirbhís an airm, leanfa sé i seirbhís an airm go ceann na tréimhse a féadfí a ordú dho a thabhairt sa tseirbhís sin dá ndintí é d'aistriú chun an Chúl-thaca agus é do ghlaoch amach chun buantseirbhíse le furógra ón Ard-Chomhairle fén Acht so i dtaobh an Chúl-thaca.

(4) Féadfar aon fhear a chuaidh isteach sa Chúl-thaca do réir téarmaí a liostála do ghlaoch amach chun buan-tseirbhíse le furógra ón Ard-Chomhairle fé sna forálacha den Acht so a bhaineann leis na Cúl-thacaí do ghlaoch amach ar buan tseirbhís.

Scur agus Aistriu chun an Chul-thaca.

Scur no aistriú chun an Chúl-thaca.

157. —(1) Ach amháin sa chás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, scuirfar gach saighdiúir de sna Fórsaí chó tapaidh agus is féidir é ar bheith caithte do théarma a liostála bunaidh no do thréimhse a ath-fhostuithe, ach go dtí go scuirfar amhlaidh é beidh sé fé réir an Achta so mar shaighdiúir de sna Fórsaí.

(2) Aistreofar gach saighdiúir de sna Fórsaí chun an Chúlthaca ar bheith caithte do thréimhse a sheirbhíse airm, más giorra í ná téarma a liostála bunaidh, ach go dtí go n-aistreofar amhlaidh é beidh sé fé réir an Achta so mar shaighdiúir de sna Fórsaí.

(3) Aon tsaighdiúir de sna Fórsaí a scuirfar ar bheith caithte do théarma a liostála bunaidh no a ath-fhostuithe mar a luaidhtear i bhfó-alt (1) den Alt so, no a haistreofar chun an Chúl-thaca beidh sé i dteideal é do thabhairt, saor ó chostas, ón áit i Saorstát Éireann ina scuirfar no ina n-aistreofar é go dtí an áit in ar teistíodh é do réir a pháipéir theistíochta, no go dtí aon áit ina socróidh sé cur fé ar uair a scurtha no a aistrithe agus in ar féidir é thabhairt gan costas breise.

Ar bheith scurtha dho, gealt saighdiúra do sheachada, maraon le n-a mhnaoi no le n-a dhuine cloinne, i dtigh oibre, no gealt dainséarach do sheachada i ngealtlainn.

158. —(1) Más ceart é, dar leis, féadfidh an tAire, no aon oifigeach a ainmneoidh sé chuige sin, mar gheall ar ghealtacht saighdiúra, a chur fé ndeár go ndéanfar an saighdiúir sin de sna Fórsaí, nuair a scuirfar é, agus a bhean agus a dhuine cloinne, no éinne acu, do chur chun na Paróiste no an Aontais ar ar ionmhuirir é fé sna Reachta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus do réir na ráitisí adubhradh ina pháipéar teistíochta agus do réir aon eolais eile a bheidh le fáil; agus más rud é, tar éis fógra réasúnta, go seachadfar an saighdiúir, an bhean chéile no an duine cloinne sin sa Tigh Oibre ina nglactar daoine 'na bhfuil curtha fútha acu sa Pharóiste no san Aontas san, déanfidh Máistir no oifigeach ceart eile an Tighe Oibre sin, no an Cigire sin na mbocht, pe'ca dhíobh é, é do ghlaca.

(2) Ach má chítar don Aire, no d'aon oifigeach a ainmneoidh sé chuige sin, gur gealt dainséarach an saighdiúir sin agus go bhfuil a shláinte chó maith san nách baol go ndéanfa sé díobháil aigne ná cuirp do é d'aistriú, féadfa sé, le horduithe a cuirfar in íúl fé n-a láimh, an gealt san do chur díreach go Gealtlainn, óspidéal cláruithe, tigh ceadúnuithe, no áit eile in ar féidir do réir dlí geilteanna dealbha do choinneáil, agus, chun críche an orduithe sin, tuigfar gurb í an Pharóiste no an tAontas san thuas an Pharóiste no Aontas o n-ar cuireadh an gealt san.

(3) I gcás aon gheilt den tsórt san a féadfar a sheachada i dTigh Oibre ina nglactar daoine go bhfuil curtha fútha acu san Aontas san, le hordú fé n-a láimh, féadfidh an tAire, no aon oifigeach a ainmneoidh sé chuige sin, an gealt san do chur go Gealtlann an cheanntair ina luíonn an tAontas san, agus beidh ag an ordú san an éifeacht-chéanna a bheadh ag barántas fé lámhaibh agus fé shéalaí dhá Ghiúistís, a tabharfí fé fhorálacha an deichiú Ailt den Reacht a rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanaí, 30 agus 31 Vic., c. 118, agus dar teideal “Acht chun forálacha do dhéanamh chun Oifigigh agus Seirbhísigh Gealtlanna Ceanntair in Éirinn do cheapa, agus chun atharú agus leasú a dhéanamh ar an dlí a bhaineas le geilteanna dainséaracha agus daoine dainséaracha gan mheabhair in Éirinn do choinneáil.”

Rialacháin i dtaobh scur saighdiúirí.

159. —(1) Ní déanfar saighdiúir de sna Fórsaí do scur o sna Fórsaí ach le daora Arm-Chúirte no le hordú ón údarás mileata orduithe, agus go dtí go scuirfar go cuibhe é ar an gcuma a foráltar leis an Acht so agus a forálfar le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so, beidh sé fé réir an Achta so.

(2) Gach saighdiúir de sna Fórsaí a scuirfar, pé cúis fé ndeár é do scur, tabharfar do teisteas scuir ina mbeidh pé mioninnste a hordófar o am go ham le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

Udaras chun Liostalaithe do Liostail agus do Theistiu.

Rialacháin i dtaobh na ndaoine a liostálfidh saighdiúirí agus i dtaobh liostáil saighdiúirí.

160. —(1) O am go ham féadfidh an tAire ordú generálta no speisiálta do dhéanamh agus, tar éis a dhéanta, é d'athghairm agus é d'atharú, ordú le n-a ndéanfa sé pé rialacháin, le n-a dtabharfa sé pé treoracha agus le n-a dtabharfa sé amach pé fuirmeacha is dó leis is gá no is oiriúnach i dtaobh na ndaoine dá n-údarófar liostálaithe do liostáil i gcóir na bhFórsaí, agus chun críche na liostála san agus go generálta chun an Chuid seo den Acht so do chur in éifeacht; agus beidh ag aon ordú den tsórt san an éifeacht chéanna a bheadh aige dá n-achtuítí san Acht so é.

(2) Chun saighdiúirí do theistiú do réir na Coda so den Acht so, beidh údarás Giúistís Dúithche no Coimisinéara Shíochána ag oifigeach, má tugtar údarás do chuige sin fé sna rialacháin a dhéanfidh an tAire, agus tuigfar é do bheith áirithe sa bhfocal “Giúistís Dúithche” no “Coimisinéir Síochána” in aon áit ina n-usáidtear é sa Chuid seo den Acht so i dtaobh saighdiúirí do theistiú.

Foralacha Speisialta i dtaobh Printiseach.

Eilithe máistrí chun príntíseach.

161. —Féadfidh an máistir atá ar phríntíseach a teistíodh mar shaighdiúir de sna Fórsaí an príntíseach d'éileamh mar leanas, agus ní har a mhalairt de shlí, faid a bheidh an príntíseach fé bhun bliain is fiche d'aois:—

(1) Laistigh de mhí tar éis don phríntíseach a sheirbhís d'fhágaint caithfidh an máistir, i láthair Giúistís Dúithche, mionn air sin do thabhairt fé mar atá sa Cheathrú Sceideal don Acht so, agus deimhniú ar an mionn san a bheith tabhartha aige d'fháil ón nGiúistís Dúithche, deimhniú a thabharfidh an Giúistís Dúithche sa bhfuirm atá sa Sceideal san, no sa chéill chéanna;

(2) Más deimhin léi, ar ghearán ón máistir, go bhfuil teideal aige chun an príntíseach do thabhairt suas do, féadfidh Cúirt Údaráis Achmair, na bhfuil an príntíseach laistigh dá líomatáiste údaráis, a ordú don oifigeach na bhfuil an príntíseach fé n-a láimh é do sheachada don mháistir, ach más deimhin léi go ndubhairt an príntíseach, agus é á theistiú, nár príntíseach é, féadfa sí agus, má éilíonn an tOifigeach Ceannais sin amhlaidh no má éilítear thar a cheann é, déanfa sí an príntíseach do thriail sa ráiteas bréagach san do dhéanamh agus, más gá é, féadfa sí an cás do chur ar athló chun na críche sin;

(3) Ní tógfar príntíseach amach as an seirbhís ach do réir ordú a dhéanfidh Cúirt Údaráis Achmair;

(4) Ní éileofar príntíseach do réir an Ailt so mar ar cuireadh ceangal cheithre mblian ar a luíod air le dintiúir regealálta agus go raibh sé fé bhun sé mblian ndéag nuair a cuireadh air é;

(5) Aon mháistir a thabharfidh suas dintiúir a phríntísigh laistigh de mhí tar éis teistiú an phríntísigh sin as aon toirbheartas a bhí iníoctha leis an bpríntíseach san ar liostáil do, beidh teideal aige, chun úsáide dho féin, oiread d'fháil agus nár híocadh sar ar tugadh fógra gur phríntíseach an príntíseach san.

Ciontai a bhaineann le Liostail.

Pionós mar gheall ar liostáil nea-dhleathach.

162. —Má dhineann duine gan údarás cuibhe, údarás a bheidh ar an duine sin a chruthú a bheith aige—

(1) Fógraí no fógráin d'fhoillsiú no do chur á bhfoillsiú chun liostálaithe d'fháil i gcóir na bhFórsaí no i dtaobh liostálaithe i gcóir na bhFórsaí; no

(2) Aon tigh, áit no rendezvous, no oifig, d'oscailt no do chimeád mar áit a bhaineann le liostáil i gcóir na bhFórsaí; no

(3) Einne do ghlaca fé aon fhógrán den tsórt roimhráite; no

(4) Cur isteach, díreach no nea-dhíreach, le seirbhís liostála na bhFórsaí,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Féadfar liostálaithe do phionósú mar gheall ar fhreagraí bréagacha.

163. —(1) Má thugann duine freagra bréagach, agus a fhios aige gur freagra bréagach é, ar aon cheist atá sa pháipéar teistíochta agus a cuireadh chuige ón nGiúistís Dúithche no ón gCoimisinéir Síochána na dtáinig sé ina láthair chun go dteisteofí é, no a cuireadh chuige le hordú uaidh sin, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí.

(2) Má teistítear mar shaighdiúir de sna Fórsaí duine atá ciontach i gcionta fén Alt so, féadfar, le hordú ón údarás mileata orduithe, dlí do chur air i láthair cúirt údaráis achmair no é chur á thriail ag Arm-Chúirt mar gheall ar an gcionta.

Nithe Ilghneitheacha i dtaobh Liostala.

Dleathacht teistíochta agus liostála no athfhostuithe.

164. —(1) Tar éis a theistithe ar liostáil do no tar éis a fhaisnéis do dhéanamh ar bheith á ath-fhostú dho, má fhaghann duine págh mar shaighdiúir de sna Fórsaí ar feadh trí mhí, tuigfar gur teistíodh agus gur liostáladh é go cuibhe no gur hath-fhostuíodh é go cuibhe, pe'ca dhíobh é, agus ní bheidh teideal aige chun a scurtha mar gheall ar aon earráid no neadhleathacht ina liostáil, ina theistiú no ina ath-fhostú ar aon chúis in aon chor, ach mar a húdaruítear leis an Acht so, agus má dhineann an duine sin, laistigh den trí mhí sin, a scur d'éileamh, ní dhéanfidh aon earráid ná nea-dhleathacht den tsórt san ná aon chúis eile aon difir do staid an duine sin mar shaighdiúir sa tseirbhís go dtí go scuirfar é do réir a éilimh ná ní dhéanfa sí nea-dhleathach aon imeachta, gníomh ná ní a bunuíodh no a dineadh roimh an scur san.

(2) Má bhíonn duine fé phágh mar shaighdiúir in aon chór de sna Fórsaí, tuigfar, chun crícheanna uile an Achta so, gur saighdiúir de sna Fórsaí an duine sin ach go bhféadfa sé a scur d'éileamh aon uair, ach go dtí go n-éileoidh sé a scur amhlaidh agus go scuirfar é do réir an éilimh sin, beidh sé fé réir an Achta so mar shaighdiúir de sna Fórsaí a liostáladh go dleathach agus a teistíodh go cuibhe fén Acht so.

(3) Má éilíonn duine a scur ar an scór nár teistíodh no nár hath-fhostuíodh é no nár dineadh go cuibhe é theistiú no é d'ath-fhostú déanfidh a Oifigeach Ceannais láithreach an t-éileamh san do chur go dtí an t-údarás mileata orduithe agus leagfa sé sin fé bhráid an Aire é chó luath agus is féidir é, agus má chítar don Aire go bhfuil bunús maith leis an éileamh scuirfar an t-éilitheoir chó luath agus is féidir é.

Míniú chun crícheanna Cuid II., Caibideal V., ar an údarás mileata orduithe.

165. —Aon ghníomh a húdaruitear no a héilítear leis an gCuid seo den Acht so a dhéanamh ag an údarás mileata orduithe no chuige no ina láthair féadfaidh an tAire, no aon oifigeach a bheidh orduithe chuige sin, é dhéanamh no féadfar é dhéanamh chuige no ina láthair.

CAIBIDEAL VI.

Billeadacht agus Carraisti do Thogaint go hEigeanta. Billeadacht Oifigeach, Saighdiuiri agus Capall.

Ní déanfar billéadacht ach amháin mar a húdaruítear leis an Acht so.

166. —(1) Ní déanfar aon oifigeach, saighdiúir ná capall do chur ar billéad ar éinne d'áititheoirí Shaorstáit Éireann gan a chead ach amháin mar a húdaruítear leis an Acht so.

(2) Athghairmtear leis seo gach reacht agus gach dlí a údaruíonn, a choisceann no a regealálann billéadacht oifigeach, saighdiúirí no capall agus atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so.

Oblagáid ar chonstábla billéidí do sholáthar.

167. —(1) Gach constábla a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil aon áite a luaidhtear sa líne bealaigh a tugadh amach d'Oifigeach Ceannais aon choda de sna Fórsaí, ar a iarraidh sin air don Oifigeach Ceannais sin, no d'oifigeach no do shaighdiúir na bhfuil údarás aige uaidh, agus ar thaisbeáint an líne bhealaigh sin, déanfa sé pé méid oifigeach, saighdiúirí agus capall, a bheidh i dteideal billéadachta fén Acht so agus adéarfar sa líne bealaigh a bheith i ngátar ceathrún, do chur ar billéad ar shealbhóirí tithe lóin agus áitreabha eile a luaidhtear san Acht so mar thithe lóin san áit sin.

(2) Chun críche na Coda so den Acht so, is fé údarás an Aire a tabharfar amach líne bealaigh agus déarfar ann cad iad na fórsaí a gluaisfar do réir an líne bhealaigh, agus sighneofar an ráiteas san ag an Aire no ag pé oifigeach a ordóidh an tAire o am go ham chun na críche sin.

(3) Aon líne bealaigh a dheabhróidh a bheith tugtha amach agus sighnithe mar is gá do réir an Ailt seo, is fianaise é, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil sé tugtha amach agus sighnithe go cuibhe do réir an Achta so, agus má sheachadann Oifigeach Ceannais oifigigh no saighdiúra don oifigeach no don tsaighdiúir sin é, is leor é mar údarás don oifigeach no don tsaighdiúir sin chun billéidí d'éileamh, agus nuair a thaisbeánfidh oifigeach no saighdiúir do chonstábla é beidh sé ina fhianaise dhochlaoite don chonstábla san go bhfuil ag an oifigeach no ag an saighdiúir a thaisbeáin an céanna údarás chun billéidí d'éileamh do réir an líne bhealaigh sin.

Oblagáid chun billéidí do sholáthar.

168. —(1) Féadfar oifigigh, saighdiúirí, agus capaill do chur ar billéad in aon tigh lóin mar a mínítear leis an Alt so é, ach ní déanfar iad do chur ar billéad in aon tigh eile gan cead o chimeádaí an tighe sin.

(2) San Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “tigh lóin”—

(a) Gach tigh tábhairne agus gach tigh ósta, ceadúnuithe no nea-cheadúnuithe;

(b) Gach eachlann;

(c) Gach áitreabh atá ceadúnuithe chun fíon agus biotáille d'ól fé n-a ia.

Na hoifigigh, na saighdiúirí agus na capaill a bheidh i dteideal billéadachta.

169. —Siad oifigigh, saighdiúirí agus capaill a bheidh i dteideal billéadachta fén Acht so ná:—

(a) Gach oifigeach agus gach saighdiúir de sna Fórsaí.

(b) Gach capall leis na Fórsaí.

(c) Gach capall le hoifigeach de sna Fórsaí na mbeidh beatha lomhálta dho de thuras na huaire le rialacháin a dhéanfidh an tAire.

Cóiríocht agus íoc ar bhilléad.

170. —(1) Déanfidh cimeádaí tighe lóin ar ar cuireadh oifigeach, saighdiúir no capall ar billéad an t-oifigeach, an saighdiúir no an capall san do ghlaca ina thigh lóin agus an chóiríocht so a leanas do sholáthar ann:—sé sin le rá, lóistín agus freastal agus bia don oifigeach no don tsaighdiúir, agus slí stábla agus beatha don chapall, do réir forálacha an Chúigiú Sceidil don Acht so.

(2) Más mian le cimeádaí tighe lóin, ar ar cuireadh oifigeach, saighdiúir no capall ar billéad, go dtógfí dhe an oblagáid chun an t-oifigeach, an saighdiúir no an capall san do ghlaca ina thigh lóin, mar gheall ar easba cóiríochta no mar gheall ar a thigh lóin a bheith lán no mar gheall ar éinní eile, agus má sholáthruíonn sé don oifigeach, don tsaighdiúir no don chapall san, sa ghar-chomhursanacht, pé leor-chóiríocht mhaith is gá dho a sholáthar do réir an Achta so agus a mholfidh an constábla a bheidh ag tabhairt amach na mbilléad, tógfar de an oblágáid a bhí air an céanna do sholáthar ina thigh lóin.

(3) (a) Íocfar le cimeádaí tighe lóin, ar an gcóiríocht a sholáthróidh sé do réir an Achta so, na praghsanna a bheidh ceaptha de thuras na huaire le rialacháin a dhéanfidh an tAire le cead an Aire Airgid.

(b) Aon rialacháin a déanfar amhlaidh i dtaobh praghsanna leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann aon cheann den dá Thigh, laistigh de dhachad lá tar éis iad a bheith leagtha amhlaidh, rún do rith á iarraidh ar an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, féadfidh an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar neambrí agus na rialacháin a nea-mbrífar amhlaidh beid gan brí feasta gan dochar d'éinní a dineadh fútha roimhe sin.

(4) Sara n-imeoidh sé íocfidh oifigeach no saighdiúir a iarrfidh billéidí do réir an Achta so, íocfa sé éilithe córa gach cimeádaí tighe lóin ar ar dineadh é féin agus aon oifigigh agus saighdiúirí fé n-a cheannas agus a chapall féin agus a gcapaill sin (más ann dóibh) do chur ar billéad agus, má fhanann sé níos sia ná cheithre lá, déanfa sé amhlaidh uair sna ceithre lá ar a luíod.

(5) Más rud é, mar gheall ar ordú obann chun gluaiseacht no mar gheall ar éinní eile, ná féadfidh oifigeach no saighdiúir íocaíocht, mar a horduítear thuas, d'íoc le cimeádaí tighe lóin, déanfa sé suas leis an gcimeádaí tighe lóin sin cuntas ar an méid a bheidh ag dul do agus sighneoidh sé an céanna sara n-imeoidh sé, agus cuirfe sé an cuntas chun an Aire láithreach agus é sighnithe amhlaidh agus déanfa sé sin láithreach an méid a hainmneofar sa chuntas san mar airgead dlite do chur á íoc.

Liost bliantúil de chimeáduithe tithe lóin ar a bhféadfar billéadacht do dhéanamh.

171. —(1) Féadfidh údarás póilíneachta aon áite a chur fé ndeár gach bliain liost a dhéanamh de sna cimeáduithe tithe lóin go léir, do réir brí an fhocail san Acht so, atá san áit sin no in aon pháirt áirithe dhe agus ar ar féidir billéadacht do dhéanamh fén Acht so agus luadhfar ann suidheamh agus saghas an tighe lóin sin agus an méid saighdiúirí agus capaill is féidir a chur ar billéad ar chimeádaí an tighe sin.

(2) Cuirfidh an t-údarás póilíneachta fé ndeár an liost san do chimeád in áit éigin chaothúil agus é ar nochta ar gach tráth réasúnta do scrúdú gach éinne le n-a mbaineann sé, agus éinne go ngoillfe sé air é do bheith iontrálta ar an liost san, no é do bheith iontrálta chun cion ró-mhór d'oifigigh, de shaighdiúirí no de chapaill do ghlaca, féadfa sé gearán do dhéanamh le Cúirt Údaráis Achmair agus, tar éis pé fógra a thabhairt is dó leis an gCúirt is gá a thabhairt do dhaoine le n-a mbaineann an scéal, féadfidh an Chúirt a ordú go leasófar an liost ar pé cuma is dó leis an gCúirt is cóir.

Rialacháin i dtaobh billéidí do dheona.

172. —(1) Leanfar na rialacháin seo a leanas i dtaobh billéadachta do réir an Achta so; sé sin le rá:—

(1) Ní ordófar aon uair níos mó billéidí ná mar a bheidh d'oifigigh, de shaighdiúirí agus de chapaill infheadhma i láthair chun a gcur ar billéad.

(2) Nuair a bheidh na billéidí déanta amach ag an gconstábla, déanfar iad do thabhairt isteach ina lámhaibh don Oifigeach Ceannais no don oifigeach nea-choimisiúnta d'iarr iad no d'oifigeach éigin go bhfuil údarás aige ón Oifigeach Ceannais sin.

(3) Má ghoilleann sé ar chimeádaí tighe lóin cion ró-mhór d'oifigigh, de shaighdiúirí no de chapaill do bheith ar billéad air féadfa sé iarratas do dhéanamh ar Choimisinéir Síochána no, más Coimisinéir Síochána a dhin amach na billéidí, féadfa sé gearán a dhéanamh le Cúirt Údaráis Achmair, agus féadfidh an Coimisinéir Síochána no an Chúirt a ordú go n-aistreofar na hoifigigh no na saighdiúirí no na capaill sin agus go gcuirfar ar billéad in áit éigin eile iad, fé mar a dheabhróidh a bheith cóir.

(4) Constábla go bhfuil údarás aige in áit a luaidhtear sa líne bealaigh féadfa sé gníomhú chun crícheanna billéadachta in aon cheanntar laistigh de mhíle ón áit sin, mara mbeidh i láthair constábla gur gnáth údarás aige sa cheanntar san agus go dtógfa sé air féin an cion cuibhe d'oifigigh, de shaighdiúirí agus de chapaill do chur ar billéad ann.

(5) Leanfidh an constábla go cuibhe na rialacháin atá sa Chúigiú Sceideal don Acht so i dtaobh billéidí.

(6) Ar iarratas oifigigh no oifigigh nea-choimisiúnta na bhfuil údarás aige billéidí d'éileamh, féadfidh Coimisinéir Síochána líne bealaigh d'atharú tré áit do chur leis no aon áit do thógaint as, agus féadfa sé, leis, a ordú go dtabharfar billéidí os cionn míle o áit a luaidhtear sa líne bealaigh.

(7) Féadfidh Coimisinéir Síochána a chur fhiachaint ar chonstábla cúntas i scríbhinn do thabhairt ar an méid oifigeach, saighdiúirí agus capall a chuir an constábla san ar billéad, maraon le hainmneacha na gcimeáduithe tithe lóin ar ar cuireadh na hoifigigh, na saighdiúirí agus na capaill sin ar billéad, agus an áit ina bhfuil na tithe lóin sin.

Billéadacht i gcásanna práinne.

173. —(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair no uaireanna a fhaisnéis, le hórdú, go bhfuil staid práinne i Saorstát Éireann no in aon pháirt no páirteanna dhe (a hainmneofar san ordú san), agus leis an ordú céanna féadfa sí údarás do bhronna, chun éileamh billéadachta do thabhairt amach fén Alt so, ar aon oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort, agus a hainmneofar san ordú san, agus atá i gceannas aon choda de sna Fórsaí in aon pháirt de Shaorstát Éireann na bhfaisneofar leis an ordú san staid práinne bheith ann.

(2) Aon oifigeach go dtabharfar údarás mar sin do féadfa sé éileamh billéadachta do thabhairt amach fé n-a láimh, éileamh ina luadhfar an t-ordú san agus ina n-éileofar ar an bpríomhoifigeach póilíneachta billéidí do sholáthar i pé áiteanna agus do pé méid oifigeach agus saighdiúirí agus dá gcapaill, agus ar feadh pé tréimhse, a luadhfar san éileamh.

(3) Na forálacha den Acht so a bhaineann le billéadacht bainfid le billéadacht fé n-a leithéid sin d'éileamh fé mar a cuirfí tagairt dá leithéid sin d'éileamh ionta in ionad tagairt do líne bealaigh, ach go mbeidh an bhaint sin fé réir na n-atharuithe seo a leanas:—

(a) Féadfar billéidí do chur ar shealbhóirí gach foirgnimh phuiblí, tighe chomhnuithe, stórais, sciobóil agus stábla, chó maith le cimeáduithe tithe lóin, agus beidh feidhm na bhforálacha san fé mar fholódh tagairtí do thithe lóin agus do chimeáduithe tithe lóin tagairtí do sna foirgintí puiblí, tithe comhnuithe, stóráisí, sciobóil agus stáblaí sin agus dá sealbhóirí;

(b) Feidhmeoidh agus có-líonfidh an príomh-oifigeach póilíneachta na comhachta agus na dualgaisí a bronntar no a cuirtar ar chonstábla agus dá réir sin cuirfar tagairtí don phríomh-oifigeach póilíneachta in ionad tagairtí do chonstábla sna forálacha san agus cuirfar tagairt do Chúirt Údaráis Achmair in ionad na tagartha do Choimisinéir Síochána i bhfo-alt (7) d'Alt céad seachtó a dó ach, nuair a bheidh príomh-oifigeach póilíneachta ag pioca amach daoine nách foláir dóibh billéidí do sholáthar agus ag socrú ar an méid oifigeach agus saighdiúirí a cuirfar ar billéad ar éinne tabharfa sé oiread aire agus is féidir do chaothúlacht gach sealbhóra;

(c) Na praghasanna a híocfar le sealbhóir nách cimeádaí tighe lóin as cóiríocht agus bia agus beatha a sholáthair sé, beid mar a socrófar iad le rialacháin a dhéanfidh an tAire le toil an Aire Airgid; agus

(d) Ní bheidh feidhm ag fo-alt a dó d'Alt céad seasca a seacht (a mhíníonn cad is líne bealaigh ann), ná ag mír (6) d'Alt céad seachtó a dó (a bhaineann le comhacht Choimisinéara Shíochána chun slí bealaigh d'atharú), ná ag pé méid de mhír a dó de Chuid I. den Chúigiú Sceideal don Acht so a chuireann teora leis an tréimhse na gcaithfar béilí do sholáthar, ná ag mír (2) de Chuid II. den Sceideal san (le n-a n-orduítear billéidí do dhéanamh amach i gcóir tithe lóin ná fuil ró-fhada amach).

(4) Aon rialacháin a déanfar amhlaidh i dtaobh praghasanna, leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta agus más rud é, laistigh de dhachad lá tar éis an leagtha san, go rithfidh ceann den dá Thigh rún á iarraidh ar an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, féadfidh an Ard-Chomhairle na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, agus na rialacháin a nea-mbrífar amhlaidh beid gan brí as san amach gan dochar d'éinní a dineadh fútha roimhe sin.

(5) Chun críche an Ailt seo—

Foluíonn an focal “foirgneamh puiblí” aon fhoirgneamh a soláthruíodh no a coinnítear suas, i bpáirt no go hiomlán as na rátaí, agus aon fhoirgneamh gur gnáth dul ag an bpuiblíocht air, ar íoc no dá éamais.

Maidir le ceanntar póilíneachta chathair Bhaile Atha Cliath, cialluíonn an focal “príomh-oifigeach póilíneachta” an Príomh-Choimisinéir Póilíneachta don cheanntar san, agus maidir le háiteanna eile cialluíonn sé Ceannphort den Ghárda Síochána.

I gcás áitreibh gan sealbhóir beidh feidhm ag an Alt so fé mar a bheadh an t-únaer ina shealbhóir ar an áitreabh san.

(6) Amach as airgead a vótálfidh an tOireachtas i gcóir seirbhísí cosnaimh íocfidh an tAire cúiteamh in aon damáiste a dhéanfidh aon oifigeach no saighdiúir, a cuirfar ar billéad fén Alt so, don áitreabh ina mbeidh sé ar billéad, agus cheal réitigh socrófar ar méid an chúitimh sin le headarghabháil fén Acht Leasuithe Nós-Imeachta na Dlí Coitinne (Éirinn), 1856, fé mar a leasuíodh le haon achtachán ina dhiaidh sin é.

(7) Faid a bheidh aon ordú ón Ard-Chomhairle fén Alt so i bhfeidhm bainfidh na forálacha den Acht so i dtaobh billéadachta le mná a chláruigh an tAire chun a bhfostuithe fé mar a bhainfid le saighdiúirí; agus chun críche na bhforálacha so agus baint acu le mná mar sin, na hoifigigh a bheidh os cionn aon trúpaí na mbeidh na mná a cuirfar ar billéad ar fostú ina dteanta agus an t-oifigeach a bheidh i gceannas na dtrúpaí sin, tuigfar gurb é a staid maidir leis na mná san ná mar oifigigh dóibh agus mar oifigeach i gceannas ortha, agus má bhíonn aon bhean den tsórt san ciontach i gcionta a bhaineas le billéadacht mar a luaidhtear in alt caoga a hocht den Acht so, féadfar, ar a fáil ciontach ar an slí achmair, i phionósú ar an gcuma a foráltar le fo-alt (2) d'Alt céad seachtó a sé den Acht so.

Ciontai a bhaineann le Billeadacht.

Ciontaí constáblaí.

174. —Má dhineann aon chonstábla aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Aon oifigeach, saighdiúir no capall do chur ar billéad ar éinne, ná fuil ceangailte air billéidí do thabhairt, gan cead ón duine sin; no

(2) Aon airgead no luach saothair in aon chor do ghlaca no d'éileamh, no marga do dhéanamh ar aon airgead no luach saothair, chun saoirse no faoiseamh do thabhairt do dhuine ó n-a iontráil ar liost mar dhuine go bhfuil air billéidí do thabhairt no ón gceangal atá air chuige sin no o aon chuid den cheangal san; no

(3) Aon duine no capall ná fuil i dteideal a bhilléadachta do chur ar billéad no do chur ar ceathrú ar aon duine no áitreabh gan cead ón duine sin no gan cead o shealbhóir an áitreibh sin; no

(4) Tar éis leor-fhógra bheith tugtha, faillí do dhéanamh no diúltú do thabhairt maidir le billéidí do thabhairt a hiarradh i gcóir aon oifigigh, saighdiúra no capaill atá i dteideal a bhilléadachta,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar fíneáil nách lú ná dachad scilling agus nách mó ná deich bpúint do chur air.

Ciontaí cimeádaithe tithe lóin.

175. —Má dhineann cimeádaí tighe lóin aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(1) Diúltú do thabhairt no faillí do dhéanamh maidir le haon oifigeach, saighdiúir no capall a cuireadh ar billéad air do réir an Achta so do ghlaca no maidir le pé cóiríocht do sholáthar nách foláir a sholáthar do réir an Achta so; no

(2) Aon airgead no luach saothair do thabhairt do chonstábla no a aontú go ndéanfa sé amhlaidh mar cheannach ar shaoirse no ar fhaoiseamh ón gceangal atá air billéidí do thabhairt, no o aon chuid den cheangal san; no

(3) Aon airgead no luach saothair do thabhairt d'aon oifigeach no saighdiúir a cuireadh ar billéad air do réir an Achta so no a aontú go ndéanfa sé amhlaidh mar mhalairt ar oifigeach, saighdiúir no capall do ghlaca no ar an chóiríocht san do sholáthar,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar fíneáil nách lú ná dachad scilling agus nách mó ná cúig púint do chur air.

Ciontaí oifigeach no saighdiúirí.

176. —(1) Má dhineann aon oifigeach aon oifigeach, saighdiúir no capall do chur ar ceathrú no a chur fé ndeár é chur ar billéad ar éinne, ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so, beidh sé ciontach i mí-iompar.

(2) Má dhineann aon oifigeach no saighdiúir aon chionta i dtaobh billéadachta ina bhféadfaí é phionósú fé Chuid II., Caibideal 1 den Acht so, agus nách cionta é na dtugtar aon leigheas eile ina thaobh leis an gCaibideal so den Chuid seo den Acht so don té ar a ngoillfadh sé, féadfar é chur fé fhíneáil nách mó ná caoga punt ar a fháil ciontach ar an slí achmair.

(3) An Chúirt a dhéanfidh ciontú i gcionta fén Alt so, déanfa sí deimhniú ar an gciontú san do chur chun an Aire.

Carraisti, etc., do Thogaint go hEigeanta.

Carráistí, etc., do sholáthar i gcóir bagáiste agus stóranna reisiminte le linn máirseáil.

177. —(1) Gach Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána i Saorstát Éireann go bhfuil údarás aige in aon áit a luaidhtear i líne bealaigh a tugadh amach d'Oifigeach Ceannais aon choda de sna Fórsaí, déanfa sé, ar iarratas an Oifigigh Cheannais sin, no ar iarratas oifigigh no oifigigh nea-choimisiúnta go bhfuil údarás aige uaidh, agus ar thaisbeáint an line bhealaigh sin, a bharántas a thabhairt amach á ordú do chonstábla éigin, na bhfuil údarás aige san áit sin, carráistí, ainmhithe agus tiománaithe do sholáthar laistigh d'am réasúnta a luadhfar sa bharántas agus fé mar adeirtar a bheith riachtanach chun an bagáiste reisiminte agus na stóranna reisiminte a bhaineann leis na Fórsaí agus a luaidhtear sa líne bealaigh d'aistriú do réir an líne bhealaigh; agus cuirfidh an constábla an barántas san i bhfeidhm agus daoine go bhfuil carráistí agus ainmhithe acu a bheadh oiriúnach don obair sin, tabharfid uatha iad ar staid oiriúnach chun iad d'úsáid chun na gcrícheanna roimhráite nuair a ordóidh an constábla dhóibh é do réir an bharántais sin.

(2) Chun críche an Ailt seo isé rud é an líne bealaigh ná líne bealaigh den tsórt a luaidhtear sna forálacha roimhe seo den Chaibideal so den Chuid seo den Acht so a bhaineann le billéadacht.

(3) Is leor mar údarás d'oifigeach no d'oifigeach neachoimisiúnta, chun carráistí agus ainmhithe d'éileamh do réir an Achta so, líne bealaigh a dheabhróidh a bheith tugtha amach agus sighnithe mar is gá do réir na bhforálacha so, má sheachadann a Oifigeach Ceannais don oifigeach no don oifigeach nea choimisiúnta san é, agus nuair a thaisbeánfidh oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta é beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite do Ghiúistís Dúithche, do Choimisinéir Síochána agus do chonstábla go bhfuil ag an oifigeach no ag an oifigeach neachoimisiúnta a thaisbeánann an céanna údarás chun carráistí agus ainmhithe d'éileamh do réir an líne bhealaigh sin.

(4) Sa bharántas le n-a n-ordófar carráistí, ainmhithe agus tiománaithe do sholáthar cuirfar síos an méid agus an saghas carráistí agus ainmhithe agus fós na háiteanna ó n-a mbeidh agus chun a mbeidh taisteal acu le déanamh agus an fhaid atá idir na háiteanna san.

(5) Nuair nách féidir carráistí no ainmhithe go leor d'fháil laistigh de líomatáiste údaráis an Ghiúistís Dúithche no an Choimisinéara Shíochána san, déanfidh aon Ghiúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána na bhfuil údarás aige san áit theoranta is goire an t-easnamh do dhéanamh suas ar an nós céanna.

(6) An t-oifigeach no an t-oifigeach nea-choimisiúnta a bheidh ag iarraidh barántais íocfa sé táille scillinge as an mbarántas san, agus ní héinní thairis sin, agus is leis an gCléireach Cúirte Dúithche a híocfar é.

Ioc as carráistí, etc., agus rialacháin ina dtaobh.

178. —(1) As carráistí a soláthrófar do réir na Coda so den Acht so íocfar na rátaí a háirítear sa Séú Sceideal don Acht so agus có-líonfar go cuibhe na rialacháin atá sa Sceideal san.

(2) An t-oifigeach no an t-oifigeach nea-choimisiúnta a éileoidh carráistí no ainmhithe do réir na Coda so den Acht so íocfa sé an tsuim atá dlite mar gheall ar an gcéanna le húnaerí no le tiománaithe na gcarráistí no na n-ainmhithe agus, má éilítear san, íocfar trian den íocaíocht san i ngach cás sara luchtófar an carráiste agus, má éilítear san, íocfar na híocaíochta san i láthair Coimisinéara Shíochána no constábla.

(3) Más rud é, ar aon chúis, nách féidir d'oifigeach no d'oifigeach nea-choimisiúnta an tsuim atá dlite d'íoc le húnaer no le tiománaí aon fheithicle mótair, carráiste no ainmhí, déanfa sé suas leis an únaer no leis an tiománaí sin agus sighneoidh sé cúntas ar an méid atá dlite dho, agus déanfa sé an cuntas, sighnithe amhlaidh, do chur chun an Aire láithreach, agus cuirfe sé sin fé ndeár an méid a bheidh ainmnithe ann d'íoc leis an únaer no leis an tiománaí sin.

Liost bliantúil de dhaoine a féadfar a chur fé oblagáid carráistí agus ainmhithe do sholáthar.

179. —(1) Féadfidh an t-údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso i gcóir aon áite a chur fé ndeár gach bliain liost a dhéanamh de sna daoine uile san áit sin, no in aon pháirt áirithe dhe, a féadfar a chuir fé oblagáid carráistí agus ainmhithe do sholáthar fén Acht so, agus d'uimhir agus de thuairisc carráistí agus ainmhithe na ndaoine sin; agus sa chás go ndéanfar liost mar sin, féadfidh aon Ghiúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána, le barántas, a chur ar aon chonstábla no constáblaí na bhfuil údarás laistigh den áit sin acu orduithe thabhairt o am go ham, ar iarratas oifigigh no oifigigh nea-choimisiúnta fén Acht so, chun carráistí agus ainmhithe do sholáthar, agus feidhmeofar an barántas san fé is dá mba barántas speisialta é a tabharfí amach do réir an Achta so ar iarratas den tsórt san, agus beidh sna horduithe na mion-innste céanna a bheadh sa bharántas speisialta san.

(2) Chun cabhrú leis an údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso agus é ag ullamhú liost den tsórt san roimhráite, beidh ag aon oifigeach ceart, na mbeidh údarás aige chuige sin ón údarás san, teideal chun dul, ar gach tráth réasúnta, isteach in aon áitreabh go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go gcimeádtar aon charráistí no ainmhithe ann agus iniúcha do dhéanamh ar aon charráistí no ainmhithe a gheobhfar ann.

Sa bhforáil seo cialluíonn an focal “oifigeach ceart” aon oifigeach no duine de pé céim no aicme no saghas a luadhfar in ordú a dhéanfidh an tAire chun na críche sin.

(3) Maidir le capaill, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

(a) Beidh sé de dhualgas ar únaer aon chapaill, agus ar shealbhóir aon áitreibh ina gcimeádtar capaill, cúntas do thabhairt, má éilítear air é, don údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, roimh pé dáta i ngach bliain a bheidh orduithe, ar an méid capall is leis no a cimeádtar ina áitreabh, cúntas ina mbeidh, maidir le gach capall, pé mion-innste a bheidh orduithe amhlaidh; déanfa sé, leis, gach caoi réasúnta do thabhairt i dtreo go bhféadfar aon chapall is leis no a cimeádtar ina áitreabh do scrúdú agus d'iniúcha fé mar éileoidh agus nuair éileoidh na húdaráis sin air é; má thugann éinne faillí i gcó-líona éinní dá n-orduítear sa mhír seo, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air i ngach cionta.

(b) Féadfidh an tAire, chun crícheanna an fho-ailt seo, rialacháin do dhéanamh chun éinní d'ordú atá le hordú fén bhfo-alt so, agus chun na fuirmeacha a bheidh le húsáid do leaga amach, agus go generálta chun an fo-alt so do chur in éifeacht.

(c) Leis na rialacháin a dhéanfidh an tAire féadfar forálacha dhéanamh chun capaill d'aon chineál no d'aon tsaghas áirithe, a luadhfar sna rialacháin, d'eisceacht o fhorálacha an fho-ailt seo.

(4) An t-údarás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, cuirfe sé fé ndeár an liost san do chimeád in áit éigin chaothúil agus é ar nochta i dtreo go bhféadfidh daoine le n-a mbaineann sé é iniúcha ar gach tráth réasúnta, agus éinne go mbeidh sé ag goilliúint air é bheith iontrálta sa liost san no é bheith iontrálta chun aon mhéid no aon tsaghas carráiste no ainmhí do sholáthar nách féidir a chur d'oblagáid air a sholáthar, féadfa sé gearán a dhéanamh le Cúirt Údaráis Achmair agus tar éis pé fógra is dó leis an gCúirt is gá a bheith tugtha do dhaoine le n-a mbaineann an scéal, féadfidh an Chúirt a ordú go leasófar an liost ar pé cuma is dó leis an gCúirt is cóir.

(5) Na horduithe uile a thabharfidh constáblaí chun carráistí agus ainmhithe do sholáthar, déanfar amach ón liost san iad do réir uainíochta regealálta, chó fada agus is féidir é.

(6) Má cuirtar bac ar aon oifigeach agus é ag feidhmiú a chomhachtanna fén Alt so, féadfidh Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána, más deimhin leis o scéala fé mhionn gur cuireadh an bac san ar an oifigeach san, barántas cuardaigh do chur amach á údarú don chonstábla a hainmneofar ann dul isteach san áitreabh le n-ar bhain an bac, agus an t-oifigeach ina theanta, aon uair idir a 6 a chlog ar maidin agus a 9 a chlog um thráthnóna, agus aon fheithiclí mótair, carráistí no ainmhithe a gheobhfar ann d'iniúcha.

(7) Isé a bheidh ina údarás chun críche an Ailt seo ná an tAire no aon údarás no daoine na leigfidh an tAire chúcha na comhachta a bheidh aige fén Alt so.

Carráistí, etc., do thógaint go héigeanta i gcásanna práinne.

180. —(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle a fhaisnéis, aon uair no uaireanna, le hordú fé n-a láimh, go bhfuil staid práinne i Saorstát Éireann, no in aon pháirt no páirteanna dhe (a luadhfar san ordú san), agus leis an ordú céanna féadfid údarás do bhronna ar aon oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort (a hainmneofar san ordú san) chun éileamh do thabhairt amach fén Alt so (dá ngairmtear éileamh práinne ina dhiaidh seo anso), oifigeach atá i gceannas aon choda de sna Fórsaí in aon pháirt de Shaorstát Éireann na bhfaisneofar leis an ordú san staid práinne bheith ann.

(2) Aon oifigeach dá dtabharfar an t-údarás san, féadfa sé éileamh práinne do thabhairt amach fé n-a láimh, ag aithris an orduithe sin agus á éileamh ar Ghiúistísí Dúithche no Coimisinéirí Síochána a mbarántaisí do thabhairt amach chun go solátharófí, chun na críche a luaidhtear san éileamh, pé carráistí agus ainmhithe a féadfar a sholáthar fé sna forálacha san roimhe seo agus fós gach saghas carráiste, ar a n-áirítear carranna mótair agus innil ghluaiseachta eile, pe'ca chun iompair no chun tarraic iad, agus gach saghas capall, pe'ca chun diallaite no chun tarraic a cimeádtar iad, agus fós árthaigh (pe'ca báid, báirsí no aon tsaghas eile iad) chun aon tsaghas earraí d'iompar ar aon chanáil no abha intseolta, agus fós gach saghas árthach aeir agus gach saghas bídh, furra agus stóranna.

(3) Ar éileamh o oifigeach na coda de sna Fórsaí a luaidhtear in éileamh práinne, no o oifigeach na mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire, agus ar thaisbeáint an éilimh, déanfidh Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána a bharántas do thabhairt amach chun carráistí, ainmhithe, árthaigh, árthaigh aeir, bia, furra agus stóranna do sholáthar, fé mar adéarfidh oifigeach taisbeánta an éilimh phráinne a bheith ag teastáil chun na críche a luaidhtear san éileamh, agus díreach mar a bheidh i gcás Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána do thabhairt amach barántais fé sna forálacha san roimhe seo den Acht so chun carráistí agus ainmhithe do sholáthar isea bheidh feidhmiú an bharántais sin agus baint na bhforálacha uile den Acht so a bhaineann le soláthar carráistí agus ainmhithe, forálacha ar a n-áirítear iad súd i dtaobh fíneálanna ar oifigigh, oifigigh nea-choimisiúnta, Giúistísí Dúithche no Coimisinéirí Síochána, ar chonstáblaí, no ar únaerí feithliclí mótair, carráistí no ainmhithe, agus bainfid le hárthaigh, árthaigh aeir, bia, furra agus stóranna díreach ar gach aon tsaghas cuma mar a bhainfid le carráistí.

(4) Le héileamh práinne féadfar a údarú d'aon oifigeach a luaidhtear ann a ordú go ndéanfar aon fheithiclí mótair, carráistí agus capaill, a soláthrófar do réir an Ailt seo, do sheachada i pé áit (nách sia ná céad míle o áitreabh an únaera i gcás cáirr mhótair no innil ghluaiseachta eile agus nách sia ná deich míle uaidh i gcás aon charráiste eile no capaill) agus ar pé uair a cheapfidh aon oifigeach a luaidhtear san éileamh; agus sa chás san agus ar éileamh aon oifigigh a thaisbeánfidh an t-éileamh práinne beidh sé de dhualgas ar chonstábla, a bheidh ag feidhmiú barántais a tugadh amach ag Giúistís Dúithche no ag Coimisínéir Síochána fén Alt so, uair agus áit do chur síos ina ordú, fé mar adéarfidh an t-oifigeach san, i gcóir seachada aon fheithicle no capaill le n-a mbaineann an t-ordú, agus i dteanta a bheith d'oblagáid ar na húnaerí carráistí agus capaill do sholáthar beidh sé d'oblagáid ortha na carráistí agus na capaill do sheachada i pé áit agus ar pé uair a luadhfar san ordú san; agus beidh éifeacht ag forálacha an Achta so fé mar a bheadh foluithe sna tagartha atá ionta do charráistí agus capaill do sholáthar aon charráiste no capall den tsórt san roimhráite do sheachada an uair sin agus san áit sin roimhráite.

(5) Cuirfidh an tAire fé ndeár go n-íocfar go cuibhe as aon earraí a soláthrófar do réir an Ailt seo agus má eiríonn aon easaontas i dtaobh an tsuim is cóir a íoc as aon earra, beidh an tsuim mar a socrófar le deimhniú o Bhreitheamh Cúirte Contae na mbeidh údarás aige in aon áit in ar soláthruíodh an t-earra no tré n-ar ghaibh sé nó tré n-ar hiompradh é do réir an éilimh; agus chun an tsuim sin do shocrú beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach san Ochtú Sceideal don Acht so.

Má dhineann an tAire no má dintar thar a cheann suim d'íoc no do thairisgint fén bhfo-alt so, tuigfar gurb í an tsuim sin an tsuim dlite, mara n-iarrtar deimhniú ar Bhreitheamh Cúirte Contae laistigh de thrí seachtaine o dháta na híocaíochta no na tairisginte.

(6) Faisnítear leis seo nách inéilithe custuim canáile, abhann ná comhla uisce ar árthaigh agus iad in úsáid in aon tseirbhís do réir an Ailt seo no ag fille tar éis bheith in úsáid mar sin; agus aon bhailitheoir custuim a éileoidh no a ghlacfidh custuim contrárdha don tsaora so, ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil nách mó ná cúig púint agus nách lú ná deich scillinge.

(7) Beidh éileamh práinne, a dheabhróidh bheith tabhartha amach do réir an Ailt seo agus bheith sighnithe ag oifigeach na ndeirtar ann go bhfuil údarás aige do réir an Ailt seo, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil sé tabhartha amach agus sighnithe go cuibhe do réir an Achta so agus, má seachadtar d'oifigeach de sna Fórsaí é, beidh sé ina leor-údarás don oifigeach san chun carráistí, ainmhithe, árthaigh, bia, furra agus stóranna d'éileamh do réir an Ailt seo, agus nuair a thaisbeánfidh an t-oifigeach san é beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite do Ghiúistís Dúithche, do Chomisinéir Síochána agus do chonstábla go bhfuil údarás ag an oifigeach san chun an t-éileamh san do dhéanamh do réir an éilimh phráinne sin; agus beidh sé dleathach go n-iomprófí ar na carráistí, ar na hainmhithe agus ar na hárthaigh sin ní hamháin bagáiste, lón agus stóranna mileata na dtrúpaí a luaidhtear san éileamh práinne ach fós na hoifigigh, saighdiúirí, seirbhísigh, mná, leanbhaí agus daoine eile atá ar na dtrúpaí sin agus a bhaineann leo.

(8) Má bhíonn i bhfeidhm furógra le n-ar horduíodh an Cúlthaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís, le hordú na hArd-Chomhairle le n-a n-údarófar d'oifigeach éileamh práinne do thabhairt amach féadfar a údarú dho an t-éileamh práinne sin do leathnú i dtreo go mbainfe sé le carráistí, ainmhithe, árthaigh, árthaigh aeir, bia, furra agus stóranna do sholáthar chun iad do cheannach, chó maith le hiad d'fhostú, thar ceann Shaorstáit Éireann.

(9) Má dhineann Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána, ar éileamh o oifigeach agus ar thaisbeáint éilimh phráinne, a bharántas do thabhairt amach chun aon earraí do sholáthar. agus éinne dá n-ordófar do réir an bharántais sin aon earra den tsórt san do sholáthar má thugann sé diúlta no faillí maidir leis an earra san do sholáthar do réir na n-orduithe, ansan, má bhíonn i bhfeidhm furógra le n-ar horduíodh an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís, féadfidh an t-oifigeach san an t-earra a héilíodh do thógaint (le fórsa más gá é) agus é úsáid fé mar a soláthrófí é do réir an orduithe; ach beidh teideal ag an duine sin chun íocaíochta as fé mar a sholáthródh sé é go cuibhe do réir an orduithe.

(10) Le haon éileamh práinne a tabharfar amach fén Alt so féadfar cosc do chur, ar feadh pé tréimhse a luadhfar san éileamh san, le capaill do dhíol agus do cheannach le héinne no ag éinne nách duine a cheap an tAire chun capaill do cheannach; agus má dhineann éinne capall do dhíol no do cheannach contrárdha don chosc san no má bhíonn baint aige le n-a leithéid, ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar céad punt, no fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí, no fén bpríosúntacht san agus fén bhfíneáil sin in éineacht.

Ciontai a bhaineann le Carraisti, etc., do Thogaint go hEigeanta.

Ciontaí constáblaí.

181. —Aon chonstábla—

(1) A thabharfidh faillí no diúlta maidir le feidhmiú aon bharántais a tugadh amach ag Giúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána agus le n-ar héilíodh air carráistí, ainmhithe, árthaigh, árthaigh aeir, bia, furra no stóranna do sholáthar; no,

(2) A ghlacfidh no a éileoidh aon airgead no luach saothair in aon chor, no a dhéanfidh marga, ar aon airgead no luach saothair, chun saoirse no faoiseamh do thabhairt d'éinne o n-a iontráil ar liost mar dhuine go bhféadfar a chur air an t-earra san do sholáthar, no ón gceangal a bheadh air chuige sin, no o sholáthar an earra san; no,

(3) A ordóidh aon earra den tsórt san do sholáthar i gcóir éinne no aon chríche no ar aon ócáid nách gá do réir an Achta so é sholáthar ina chóir ná uirthi,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil nách lú ná fiche scilling agus nách mó ná fiche punt.

Ciontaí daoine dar horduíodh carráistí, ainmhithe, árthaigh, etc., do sholáthar.

182. —Einne dar orduigh constábla do réir an Achta so aon earra do sholáthar agus—

(1) a thabharfidh diúlta no faillí maidir le hé do sholáthar do réir orduithe an chonstábla san agus an Achta so; no,

(2) a thabharfidh no a aontóidh go dtabharfa sé do chonstábla no d'aon oifigeach no d'aon oifigeach nea-choimisiúnta aon airgead no luach saothair in aon chor, ar shaoirse thabhairt do o n-a iontráil ar liost mar dhuine go bhféadfar a chur air aon earra do sholáthar do réir an Achta so, no ón gceangal a bheadh air chuige sin, no o aon earra do sholáthar mar sin, no mar mhalairt ar aon earra áirithe do sholáthar; no,

(3) a dhéanfidh aon ghníomh no ní a chuirfidh bac le feidhmiú aon bharántas no ordú chun aon earra do sholáthar,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil nách lú ná dachad scilling agus nach mó ná deich bpúint.

Ciontaí oifigeach no saighdiúirí.

183. —(1) Aon oifigeach no saighdiúir a dhéanfidh aon chionta i dtaobh carráistí do thógaint go héigeanta ina bhféadfí é phionosú fé Chuid II., Caibideal I, den Acht so, agus nách cionta é na dtugtar aon leigheas eile ina thaobh leis an gCaibideal so den Chuid seo den Acht so don té ar a ngoillfadh sé, féadfar é chur fé fhíneáil nách mó ná caoga punt agus nách lú ná dachad scilling ar a fháil ciontach ar an slí achmair.

(2) An Chúirt a dhéanfidh ciontú i gcionta fén Alt so déanfa sí deimhniú ar an gciontú san do chur chun an Aire.

Foralacha Breise i dtaobh Billeadachta agus Carraisti do Thogaint go hEigeanta.

Iarratas ar Chúirt Údaráis Achmair i dtaobh suimeanna atá dlite do chimeádaithe tithe lóin no d'únaerí carráistí, etc.

184. —(1) Na daoine seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) Má thugann aon oifigeach no saighdiúir faillí i gcó-líona forálacha na Coda so den Acht so a bhaineann le híoc suime atá dlite do chimeádaí tighe lóin no atá dlite mar gheall ar fheithiclí mótair, carráistí, no ainmhithe, no a bhaineann le cuntas ar an suim atá dlite do dhéanamh suas, an té na bhfuil an tsuim dlite dho; no,

(b) Má fhaghann cimeádaí tighe lóin aon droch-dhéanamh, tré fhóiréigean, ró-éileamh no déanamh clampair i mbilléidí, o aon oifigeach no saighdiúir a cuireadh ar billéad air, no má thugann aon oifigeach no saighdiúir aon droch-dhéanamh d'únaer aon earra no don té atá i bhfeighil aon charráiste, ainmhí, árthaigh no árthaigh aeir, a soláthruíodh do réir na Coda so den Acht so, an té a gheobhaidh an droch-dhéanamh san, ach, má tá oifigeach atá i gceannas an oifigigh no an tsaighdiúra san i láthair san áit, ní go dtí go ndéanfar gearán go cuibhe ar dtúis, más féidir é, leis an Oifigeach Ceannais sin,

féadfid iarratas a chur fé bhráid Cúirte Údaráis Achmair; agus má tugtar cruthúnas fé mhionn don Chúirt sin ar an bhfaillí no ar an droch-dhéanamh san, agus ar an suim atá dlite don iarratasóir le cothrom, mar aon le costaisí an iarratais a leag sé fé bhráid na Cúirte Údaráis Achmair, déanfa sí deimhniú ar an suim sin don Aire agus déanfa sé sin láithreach a chur fé ndeár an tsuim atá dlite d'íoc.

(2) Ach má chítar don Aire go bhfuil an tsuim a luaidhtear sa deimhniú gan bheith dlite le ceart no go bhfuil sí os cionn an méid atá dlite le ceart, féadfa sé a ordú go ndéanfar gearán le Cúirt Udáráis Achmair don chontae, don bhuirg no don áit dár ghníomhuigh an Chúirt a thug an deimhniú, agus tar éis an cás d'éisteacht féadfidh an Chúirt, le hordú, an deimhniú san do dhaingniú, no é atharú ar pé slí a chífar don Chúirt a bheith ceart.

Forálacha i dtaobh constáblaí, údarásanna póilíneachta agus coimisinéirí síochána.

185. —Leanfidh an constábla na treoracha a tugadh do chun go bhfeidhmeofí an Chuid seo den Acht so go cuibhe ag an údarás póilíneachta; agus féadfidh an t-údarás póilíneachta féin agus gach Coimisinéir Síochána, má dheabhruíonn sé bheith riachtanach, agus, 'cheal constábla déanfa sé, na comhachta d'fheidhmiú agus na dualgaisí do chó-líona a dílsítear i gconstábla no a cuirtar ar chonstábla leis an gCuid seo den Acht so, agus sa chás san foluíonn an focal “constábla” gach duine den tsórt san sa Chuid seo den Acht so.

Carráistí, ainmhithe, etc., d'éileamh go calaoiseach.

186. —Más rud é—

(1) Go ndéanfidh éinne samhail bhréagach d'aon líne bealaigh no éileamh práinne no aithris bhréagach air, no líne bealaigh no éileamh práinne bréagach den tsórt san no aithris a dineadh amhlaidh do thaisbeáint do Ghiúistís Dúithche, do Choimisinéir Síochána no do chonstábla agus a fhios aige gur rud bréagach é; no,

(2) Go bpearsanóidh éinne oifigeach no saighdiúir, no go leigfe sé air gurb oifigeach no saighdiúir é, 'na bhfuil údarás aige chun aon bhilléad no aon charráiste, ainmhí, árthach, árthach aeir, bia, furra no stóranna d'éileamh, no go leigfe sé air bheith i dteideal a churtha ar billéad no i dteideal a chapall a chur ar billéad, no go bpearsanóidh sé duine 'na bhfuil údarás aige chun gníomhú in aon charráiste, ainmhí, árthach, árthach aeir, bia, furra no stóranna do cheannach no d'fhostú chun críche seirbhís airm Shaorstáit Éireann, no go leigfe sé air gur duine den tsórt san é; no,

(3) Go dteasbáinfidh éinne do Ghiúistís Dúithche no do Choimisinéir Síochána no do chonstábla líne bealaigh no éileamh práinne nár húdaruíodh do a thaisbeáint no scríbhinn a dheabhruíonn go bréagach bheith ina líne bealaigh no ina éileamh práinne;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé príosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí, i dteanta no d'éamais daor-oibre, no fé fhíneáil nách lú ná fiche scilling agus nách mó ná cúig púint.

CAIBIDEAL VII.

Pionoisi Dlithiula i Nithe a bhaineann leis na Forsai.

Pionós don té a loigfidh air bheith ina thréigtheoir.

187. —Einne a leigfidh air le haon údarás mileata no síbhialta gur duine é do thréig na Fórsaí, ar a fháil ciontach ar an slí achmair daorfar é chun príosúntachta, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí.

Pionós mar gheall ar oifigigh no saighdiúirí do mhealla chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead.

188. —Einne a dhéanfidh ar aon tsaghas slí—

(1) Aon oifigeach no saighdiúir do thabhairt no do mhealla chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead, no tabhairt fé aon oifigeach no saighdiúir do thabhairt no do mhealla chun bheith as láthair gan cead; no,

(2) Ar bheith in eolas ar oifigeach no saighdiúir a bheith chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead, cabhrú no cuidiú leis chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead; no,

(3) Ar bheith in eolas ar oifigeach no saighdiúir do bheith ina thréigtheoir no do bheith as láthair gan cead, an t-oifigeach no an saighdiúir sin do cheilt, no cabhrú no cuidiú leis chun é féin a chur fé cheilt no cabhrú no cuidiú le n-a fhuascailt,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé phríosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná sé mhí.

Pionós mar gheall ar chur isteach ar dhuine agus é ag có-líona dualgaisí mileata, etc.

189. —Einne—

(a) a dhéanfidh bac no cosc do chur le haon oifigeach no saighdiúir go toiliúil no cur isteach air ar aon tslí eile agus é ag có-líona a dhualgaisí; no,

(b) a chuirfidh aon ghalar no easláinte, no a dhéanfidh basca no lot, agus san go toiliúil, ar aon fhear is éol dó bheith ina shaighdiúir, d'fhonn a chur i gcumas an fhir sin seirbhís mhileata do sheachaint; no

(c) le hintinn a chur i gcumas saighdiúra é féin do dhéanamh no a thabhairt le tuisgint go bhfuil sé neamh-infheadhma go buan no go diombuan, a thabharfidh don tsaighdiúir sin no a sholáthróidh ina chóir aon drug no ullmhóid a raghadh chun é dhéanamh, no is deabhrathach a dhéanfidh é, no a chabhródh le n-a thabhairt le tuisgint go bhfuil sé, neamh-infheadhma go buan no go diombuan,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná sé mhí no fé fhíneáil ná raghaidh thar céad punt, no fé'n bpríosúntacht agus fé'n fhíneáil sin in éineacht.

Gabháil tréigtheoirí.

190. —Maidir le tréigtheoirí agus le nea-láithrigh gan cead, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

(1) Ar amhrus réasúnta gur tréigtheoir no gur nealáithreach gan cead duine, beidh sé dleathach do chonstábla, no maran féidir teacht suas le constábla láithreach bonn, ansan beidh sé dleathach d'aon oifigeach no saighdiúir no duine eile an duine fé amhrus do ghabháil agus é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair láithreach.

(2) Einne go bhfuil údarás aige chun barántas do thabhairt amach chun duine atá cúisithe i gcoir do ghabháil, más deimhin leis o fhianaise fé mhionn go bhfuil, no go bhfuil amhrus réasúnta go bhfuil, tréigtheoir no nea-láithreach gan cead laistigh dá líomatáiste údaráis, féadfa sé barántas a thabhairt amach á údarú go ndéanfar an tréigtheoir sin no an nea-láithreach san gan cead do ghabháil agus do thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair láithreach.

(3) Má tugtar duine i láthair Cúirte Údaráis Achmair agus é cúisithe fé'n Acht so i mbeith ina thréigtheoir no ina nea-láithreach gan cead, féadfidh an Chúirt sin deighleáil leis an gcás díreach mar a tabharfí an duine sin i láthair na Cúirte agus é cúisithe i gcoir indíotálta.

(4) Más deimhin leis an gCúirt, o fhianaise fé mhionn no o admháil an duine sin, gur tréigtheoir no gur nealáithreach gan cead é, déanfa sí láithreach, fé mar a chífar don Chúirt is oiriúnaí maidir le n-a shlán-chimeád, a chur fé ndeár é chur i gcimeád mileata ar pé cuma is oiriúnaí dar leis an gCúirt, no, go dtí go bhféadfar san a dhéanamh, a chur fé ndeár a chur isteach i bpríosún, i stáisiún póilíneachta no in áit éigin eile atá ann do réir dlí chun daoine i gcimeád do choinneáil i mbraighdeanas ann, agus san ar feadh pé aimsir réasúnta is dó leis an gCúirt is riachtanach do réir réasúin chun é chur i gcimeád mileata.

(5) Má admhuíonn an duine gur thréigtheoir no gur nealáithreach gan cead é agus ná beidh fianaise le fáil an uair sin ce'ca fíor bréag an admháil sin, cuirfidh an Chúirt siar an duine sin chun eolas d'fháil ar ce'ca fíor bréag an admháil sin, agus chun na críche sin cuirfidh an Chúirt chun an Aire cuntas (dá ngairmtear cuntas tuairisciúil san Acht so) ina mbeidh na mioninnste agus a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Seachtú Sceideal don Acht so, fé mar a ordóidh an tAire o am go ham.

(6) Féadfidh an Chúirt an duine sin do chur siar o am go ham ar feadh tréimhse nách sia ná ocht lá aon uair a déanfar é, agus nách sia ar fad ná pé tréimhse is dó leis an gCúirt is riachtanach do réir réasúin chun an t-eolas san d'fháil.

(7) Má chuireann an Chúirt fé ndeár duine do chur i gcimeád mileata no é choimiteáil mar thréigtheoir no mar nea-láithreach gan cead, cuirfidh an Chúirt cuntas tuairisciúil chun an Aire, no fé mar ordóidh an tAire, i dtaobh an tréigtheora san no an nea-láithrigh sin gan cead, agus beidh teideal ag Cléireach na Cúirte chun táille dhá scilling air.

(8) Ordóidh an tAire an táille sin d'íoc.

(9) Má dhineann duine é fhéin do thabhairt suas do chonstábla i Saorstát Éireann mar thréigtheoir no mar nea-láithreach gan cead, déanfidh an t-oifigeach póilíneachta a bheidh i bhfeighil an stáisiúin phóilíneachta dá dtabharfar é an cás do scrúdú láithreach, agus má dheabhruíonn sé gur tréigtheoir no gur nealáithreach gan cead an duine sin, féadfa sé a chur fé ndeár é chur i gcimeád mileata gan é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair fén Alt so agus sa chás san cuirfe sé chun an Aire, no fé mar ordóidh an tAire, deimhniú fé n-a láimh féin ar an dtabhairt suas san agus ar dháta agus áit a dhéanta.

Pionós mar gheall ar thrádáil i gcoimisiúin.

191. —Gach éinne a réiteoidh, a ghníomhóidh mar ghníomhaire, no a dhéanfidh ar aon tslí eile cabhrú chun no an tsúil chaoch a thabhairt ar—

(1) Díol no ceannach aon choimisiúin sna Fórsaí; no,

(2) Aon chomaoin luachmhar do thabhairt no do ghlaca ar aon ardú céime sna Fórsaí sin no ar son imeacht asta no ar son aon fhostaíochta ionta; no,

(3) Aon mhalairtiú a déanfar ar shlí ná beidh údaruithe le rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus na ndéanfar aon tsuim airgid no comaoin eile do thabhairt no do ghlaca ar a shon;

ar a fháil ciontach ar a dhíotáil no ar scéala, féadfar é chur fé fhíneáil céad punt no fé phríosúntacht ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mhí agus, más oifigeach é, féadfar é bhrise as na Fórsaí ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt.

Pionós mar gheall ar riachtanaisí reisiminte, gléasanna, stóranna, etc., do cheannach o shaighdiúirí, agus mar gheall ar sheilbh neadhleathach ar dheimhnithe mileata, etc.

192. —(1) Gach éinne—

(a) A cheannóidh, a mhalairteoidh, a ghlacfidh i ngeall, a choinneoidh no a ghlacfidh o éinne, ar scáth éinní in aon chor; no,

(b) A iarrfidh ar éinne no a mheallfidh é chun go ndíolfadh sé, go malairteodh sé, go gcuirfadh sé í ngeall, no go dtabharfadh sé uaidh; no,

(c) A chabhróidh le héinne no a ghníomhóidh dó chun go ndíolfadh sé, go malairteodh sé, go gcuirfadh sé i ngeall no go gcuirfadh sé as an slí,

aon chuid den mhaoin seo a leanas, eadhon, aon airm, amuinisean, gléasanna, instruimidí, riachtanaisí reisiminte, no cuid éadaigh a tugadh amach i gcóir oifigeach no saighdiúirí no aon órnáidí mileata le hoifigeach no saighdiúir, no aon troscán, cóir leapan, plaincéadaí, braithlíní, áthraistí, agus stóranna fé chúram reisiminte, no aon lón no furra a tugadh amach i gcóir oifigigh no saighdiúra, no i gcóir a chapaill, no i gcóir aon chapaill ag obair sa tseirbhís, mara gcruthuighe sé ná feidir sé, agus é ag déanamh an ní sin, gur mhaoin den tsórt san an mhaoin sin, no mara gcruthuighe sé gur díoladh í le hordú no le toil an Aire no údaráis éigin mhileata inniúla, no gur chuid í de chuid phearsanta oifigigh a bhí tar éis an t-arm d'fhágaint no scur do bheith ina oifigeach, no de chuid phearsanta saighdiúra a scuireadh, no de chuid phearsanta ionaduithe pearsanta dlíthiúla oifigigh no saighdiúra a bhí tar éis bháis. féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair é chur fé fhíneáil nách mó ná fiche punt, mar aon le trí oiread luach aon mhaoine a tháinig i seilbh an chiontathóra san de bharr a chionta, no fé phríosúntacht, i dteanta no d'eamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná sé mhí, no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san in éineacht.

(2) Má fachtar ar seilbh no i gcimeád ag éinne aon mhaoin den tsórt a luaidhtear thuas san Alt so, féadfar an duine sin do thabhairt, no do ghairm, i láthair Cúirte Údaráis Achmair, agus má bhíonn cúis réasúnta ag an gCúirt sin chun a chreidiúint gur guideadh an mhaoin a fuarthas amhlaidh, no gur ceannuíodh, gur malairtíodh, gur glacadh i ngeall, go bhfuarthas no gur glacadh contrárdha don Alt so é, ansan, mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt gur go dleathach agus gan aon tsárú ar an Acht so a tháinig sé suas leis an maoin a fuarathas amhlaidh, ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé sna pionóisí céanna atá orduithe i gcás sárú ar an bhfo-alt san roimhe seo.

(3) Más maith leis féin, no léi féin é, féadfar duine a cúisíodh i gcionta i gcoinnibh an Ailt seo, agus fear no bean an duine sin, do chur fé mhionn agus fé cheistiú mar ghnáth-fhínné sa chás.

(4) Féadfar duine a gheobhfar ag déanamh cionta i gcionnibh an Ailt seo do ghabháil gan barántas agus é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair mar aon leis an maoin is abhar don chionta; agus éinne dá dtairgfar aon mhaoin den tsórt san a luadhadh thuas do dhíol leis, d'fhágaint i ngeall aige, no do sheachadha dho, agus na bhfuil cúis réasúnta aige chun a mheas gur i gcoinnibh an Ailt seo a tairgeadh í, féadfa sé, agus má tá an chomhacht aige déanfa sé, an duine a thairg an mhaoin do ghabháil agus é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair.

(5) Más deimhin le Cúirt Údaráis Achmair o chruthúnas fé mhionn go bhfuil cúis réasúnta chun bheith in amhrus go bhfuil ar seilbh no ina áitreabh ag éinne aon mhaoin gur dineadh uirri no ina taobh aon chionta a luaidhtear san Alt so, féadfa sí barántas a dheona chun cuardach don mhaoin sin, fé mar a déanfí i gcás earraí a guideadh; agus an t-oifigeach ar a gcuirfar an barántas san d'fheidhmiú tógfa sé aon mhaoin a gheobhfar sa chuardach san agus déanfa sé an té na bhfuarthas an céanna ar seilbh aige do thabhairt i láthair Cúirte éigin Údaráis Achmair chun go ndeighleálfar leis do réir an dlí.

(6) Chun críche an Ailt seo, tuigfar maoin do bheith ar seilbh no i gcimeád ag duine má tá sí aige, go feasach do, i seilbh no i gcimeád éinne eile no in aon tigh, foirgneamh, lóistín, seomra, páirc no áit, dúnta no oscailte, ar seilbh aige féin no gan a bheith, agus pe'ca chun úsáide no tairbhe dho féin atá an céanna i gcimeád no i seilbh no chun úsáide no tairbhe do dhuine eile.

(7) Earraí gur stóranna puiblí iad do réir Acht na Stóranna Puiblí, 1875, agus ná fuil foluithe sa tuairisc sin thuas, ní tuigfar gur stóranna iad a tugadh amach mar riachtanaisí reisiminte no ar aon tslí eile do réir brí Alt a trí déag den Acht san.

(8) Gach éinne—

(a) A ghlacfidh, a choinneoidh no na mbeidh ar seilbh aige aon deimhniú céannachta, saol-deimhniú no deimhniú eile, no scríbhinn oifigiúil atá ina fhianaise no a tugadh amach i dtaobh an chirt atá ag éinne chun pinsin airm, págh, no págh cúl-thaca, no chun aon toirbheartais, liúntais, aisce, faoisimh, sochair no buntáiste, a deonadh mar gheall ar sheirbhís mileata, agus san i ngeall le fiach no in urrús air, no d'fhonn íoc d'fháil, ón duine atá i dteideal chuige, i bhfiach atá dlite dho féin no d'éinne eile; no

(b) Na mbeidh ar seilbh aige, gan údarás dleathach ná leathscéal (na luighfidh ar an duine cúisithe é chruthú), aon deimhniú no scríbhinn den tsórt san, no aon deimhniú scuir no aon scríbhinn oifigiúil eile a tugadh amach i gcúrsaí aon chuid de sna Fórsaí no aon bhall díobh do shlóga no do dhí-shlóga;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fén bpionós a féadfí a chur air i gcionta fé fho-alt (1) den Alt so, agus tuigfar gur maion do réir brí an Ailt seo aon deimhniú no scríbhinn eile den tsórt san.

Ornáidí, etc., d'úsáid go nea-dhleathach,

193. —Más rud é—

(1) go n-úsáidfidh no go gcaithfidh éinne neamh-údaruithe aon órnáid no bonn no ribín buinn mileata, no aon leabhrún, ribín créachta, no comhartha a sholáthair no a údaruigh an tAire, no aon órnáid, bonn no ribín buinn, leabhrún, ribín créachta, no comhartha atá chó deabharthach leis an gcéanna gur dócha go gcuirfadh sé duine amú; no

(2) go leigfidh éinne air gur duine é atá no a bhí i dteideal aon órnáid, bonn no ribín buinn, leabhrún, ribín créachta, no comhartha den tsórt san roimhráite d'úsáid no do chaitheamh; no

(3) go ndéanfidh éinne, gan údarás dleathach ná leathscéal, aon órnáid no bonn den tsórt roimhráite do sholáthar, no a thairsgint go soláthróidh sé é, d'éinne ná fuil údarás aige chun an céanna d'úsáid ná do chaitheamh;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche punt no fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí:

Ach ní tuigfar éinní san Alt so do bheith ag cosc caitheamh ná soláthar gnáth-leabhrún reisiminte ná aon bhróiste ná órnáide a bheidh i gcosúileas an chéanna.

CAIBIDEAL VIII.

Udaras.

Beidh daoine fé dhlí airm de dheascaibh a staide.

194. —(1) Más le linn bheith fe dhlí airm a dhin duine cionta fén Acht so, féadfar an duine sin a thógaint i gcimeád mileata agus a choinneáil ann agus é thriail agus é phionósú sa chionta san, biodh go mbeidh sé féin, no an cór no an cath le n-a mbaineann sé, tar éis scur de bheith fé dhlí airm, díreach fé mar a tógfí i gcimeád mileata agus a coinneofí ann é agus mar a triailfí no a pionósfí é dá mbeadh sé féin no an cór no an cath san fé dhlí airm fós:

Ach i gcás duine do scur de bheith fé dhlí airm o dhin sé cionta, ní triailfar sa chionta san é, ach amháin i gcás cúl mhutaireachta, tréigine, no liostála calaoisighe, mara dtosnuighidh a thriail laistigh de thrí mhí tar éis scur de bheith fé dhlí airm do; ach ní dhéanfidh an tAlt so aon deifir d'údarás Cúirte Síbhialta i gcás aon chionta is intrialta ag an gCúirt sin chó maith le bheith intrialta ag Arm-Chúirt.

(2) Má dhineann Arm-Chúirt duine fé dhlí airm do dhaora chun pian-tseirbhíse, príosúntachta no coinneála, bainfidh an tAcht so leis ar feadh téarma a dhaortha in ainneoin é bheith scurtha no briste as an seirbhís no é bheith tar éis scur, ar aon tslí eile, de bheith fé dhlí airm, agus féadfar é do chimeád, d'aistriú, do chur i bpríosún, do chur fé choinneáil, agus do phionósú dá réir sin fé mar a bheadh sé fós fé dhlí airm.

Ceartú idir dhlí airm agus dlí shíbhialta.

195. —(1) Tar éis d'Arm-Chúirt duine do dhaora chun pionóis mar gheall ar cionta fén Acht so, má thrialann Cúirt Shíbhialta sa chionta chéanna é, cuimhneoidh an Chúirt sin ar an bpionós mileata atá fuilingthe aige cheana féin nuair a bheidh pionós aici á ghearra amach do.

(2) Ach amháin mar adubhradh cheana, ní dhéanfidh éinní san Acht so oifigeach ná saighdiúir do shaora o imeachta do bhunú ina choinnibh do réir gnáth-chúrsa na dlí, nuair a cúiseofar no a daorfar é in aon chionta ach cionta den tsórt a faisnítear a bheith gan bheith ina choir chun críche na bhforálacha den Acht so a bhaineann le saighdiúir a thógaint amach as an seirbhís.

(3) Má dhineann oifigeach—

(a) Faillí no diúltú maidir le haon oifigeach, no saighdiúir, atá fé n-a cheannas agus a cúisíodh no a daoradh mar adubhradh, do thabhairt suas don ghiúistís shíbhialta; no

(b) Bac toiliúil no faillí no diúltú maidir le cabhrú le constáblaí no ministrí eile cirt chun aon oifigeach no saighdiúir den tsórt san do ghabháil,

ar a dhaora in aon Chúirt Uachtarach, beidh an t-oifigeach san ciontach i mí-iompar.

(4) Cuirfar chun an Aire deimhniú ar chiontú oifigigh fén Alt so, agus breithiúntas na Cúirte air, i pé fuirm a ordóidh an tAire.

CAIBIDEAL IX.

Fianaise.

Is fianaise nithe agus scribhinní áirithe.

196. —Beidh éifeacht ag na hachtacháin seo a leanas i dtaobh fianaise in Imeachta fén Acht so, pe'ca i láthair Cúirte Síbhialta dhóibh no i láthair Arm-Chúirte, sé sin le rá:—

(1) Aon réiteach, teistiú no fuirm no scríbhinn eile a sighníodh, do réir deabhraimh, ag éinne nuair a dineadh é theistiú mar shaighdiúir no é chlárú in aon chuid de sna Fórsaí, is fianaise é gur fíor gur thug an duine sin, mar fhreagra ar na ceisteanna atá curtha síos sa bhfuirm no sa scríbhinn sin, na freagraí atá curtha ina leith inti.

(2) Féadfar liostáil no clárú sna Fórsaí a bheith déant ar dhuine ar bith do chruthú tré fhínné fé mhionn do thaisbeáint cóip de theistiú no d'fhuirm réitigh an duine sin agus a dheabhramh uirthi gur dhin an t-oifigeach na mbeidh an teistiú bunaidh no an fhuirm réitigh bhunaidh sin i gcimeád aige a dheimhniú gur fíor-chóip í, agus san gan cruthúnas ar scríbhneoireacht an oifigigh sin ná ar an bhfuirm bhunaidh sin a bheith i gcimeád aige.

(3) Leitir, cuntas, no scríbhinn eile, i dtaobh seirbhís éinne in aon chuid de sna Fórsaí no i dtaobh éinne do scur as an gcéanna, má dheabhruíonn sí bheith sighnithe ag an Aire no thar a cheann, no ag Oifigeach Ceannais aon choda de sna Fórsaí le n-ar bhain an duine sin do réir deabhraimh no na ndeir sé go mbaineann no gur bhain sé léi, is fianaise é ar na dátáin tagarthacha a ráitear sa leitir, sa chuntas no sa scríbhinn eile sin.

(4) Is fianaise ar orduithe, rialacha, agus rialacháin a dineadh fén Acht so, agus ar chearcaláin no orduithe, cóipeanna dhíobh na bhfuil a dheabhramh ortha gur le húdarás no fé údarás Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh agus a foillsíodh iad.

(5) Liost Fórsa Cosanta no Iris Fórsa Cosanta na bhfuil a dheabhramh air gur le húdarás no fé údarás Oifig an tSoláthair a clóbhuaileadh agus a foillsíodh é, is fianaise é ar staid agus ar chéim na n-oifigeach a luaidhtear ann agus ar aon phost atá ag na hoifigigh sin agus ar an gcór no an cath no an ghéag no an bhrainse den tSeirbhís le n-a mbaineann na hoifigigh sin.

(6) Nuair a déanfar breacachán agus a cuirtear é i dtrodán breacachán le cath no le comanda do réir an Achta so no ar aon tslí eile i gcó-líona dualgais mhileata, agus a dheabhróidh sé bheith sighnithe ag an Oifigeach Ceannais, no ag an oifigeach go bhfuil sé de dhualgas air an breacachán san do dhéanamh, beidh an breacachán san ina fhianaise ar na dátáin a ráitear ann.

Is fianaise ar aon bhreacachán den tsórt san cóip de na mbeidh a dheabhramh uirthi gur dhin an t-oifigeach na bhfuil an breacachán san i gcimeád aige í dheimhniú mar fhíor-chóip.

(7) Cuntas tuairisciúil do réir brí an Achta so agus a dheabhramh air gur shighnigh Giúistís Dúithche é, is fianaise é ar na nithe adeirtar ann.

(8) I gcás na himeachta bheith ina n-imeachta i gcoinnibh oifigigh no saighdiúra mar gheall ar é bheith ina thréightheóir no ina nea-láithreach gan cead, agus an t-oifigeach no an saighdiúir a bheith tar éis é féin do thabhairt isteach i gcimeád d'oifigeach no d'aon chuid de sna Fórsaí, is fianaise ar an dtabhairt-isteach san agus ar dháta agus áit a dhéanta, deimhniú ar na nithe sin agus a dheabhramh air gur sighníodh é ag an oifigeach san no ag Oifigeach Ceannais na coda de sna Fórsaí dar tugadh isteach.

(9) I gcás na himeachta bheith ina n-imeachta i gcoinnibh oifigigh no saighdiúra mar gheall ar é bheith ina thréightheoir no ina nea-láithreach gan cead, agus gur dhin oifigeach póilíneachta i bhfeighil stáisiúin phóilíneachta an t-oifigeach no an saighdiúir do thabhairt isteach i gcimeád mileata, is fianaise ar thabhairtisteach an oifigigh no an tsaighdiúra san, agus ar dháta agus áit a dhéanta, deimhniú ar na nithe sin agus a dheabhramh air gur sighníodh é ag an oifigeach póilíneachta san.

(10) Chun críche an Achta so, cialluíonn an focal “Oifig an tSoláthair” Oifig Soláthair Rialtas Shaorstáit Éireann.

Fianaise ar chiontú no ar shaora shíbhialta

197. —Aon uair a dhéanfidh aon Chúirt Shíbhialta éinne atá fé dhlí airm do thriail, beidh deimhniú Cléireach na Cúirte sin, no deimhniú a fhir ionaid, no deimhniú aon oifigigh eile na mbeidh breacacháin na Cúirte sin i gcimeád aige, agus cúntas ann ar an gcionta in ar tríaladh an duine sin atá fé dhlí airm, maraon le breithiúntas na Cúirte ar an gcionta, no an saora más saor-bhreith a tugadh ar an duine sin, beidh sé ina fhianaise ar an gciontú agus ar an daora, no ar ordú na Cúirte, no ar shaora an duine sin, pe'ca aca é.

Fianaise ar chiontú a dhin Arm-Chúirt.

198. —Ar bheith dóibh i gcimeád ag an oifigeach orduithe na mbeid i gcimeád aige go dleathach, tuigfar gurb ionghlactha i bhfianaise imeachta bunaidh Arm-Chúirte a dheabhróidh a bheith sighnithe ag uachtarán na hArm-Chúirte sin, mara ndinti ach iad a thabhairt i láthair amach as an gcimeád san; agus aon chóip na mbeidh a dheabhramh uirthi gur dhin an t-oifigeach orduithe, na mbeidh na himeachta i gcimeád aige mar adubhradh, a dheimhniú gur fíor-chóip í de sna himeachta san no d'aon chuid díobh, is ionghlactha i bhfianaise í gan cruthúnas ar shighniú an oifigigh sin.

CAIBIDEAL X.

Imeachta Achmaire agus Imeachta Dlithiula eile.

Ciontaí do phróiseacht agus fíneála do bhaint amach agus d'úsáid.

199. —(1) Aon Chúirt Údaráis Achmair, na mbeidh údarás aici san áit in ar dineadh an cionta no san áit na mbeidh an ciontathóir de thurus na huaire, beidh údarás aici ar gach cionta is iontrialta i gCúirt Shíbhialta fén Acht so, ach amháin aon chionta den tsórt a faisnítear leis an Acht so a bheith ina mhí-iompar no a bheith inphionósuithe ar dhíotáil; agus ar an gcuma a foráltar leis na hAchtanna Údaráis Achmair féadfar aon chionta laistigh d'údarás Cúirt Údaráis Achmair do phróiseacht agus ar dhaora bheith déanta ar an slí achmair, an fhíneáil agus an cáinfice ina thaobh do bhaint amach.

(2) Aon imeachta a bunófar i láthair Cúirte Údaráis Achmair de bharr an Achta so, is do réir na nAchtanna Údaráis Achmair a bunófar iad chó fada is a bhainfid leis na himeachta san.

(3) Más maith é, dar léi, féadfidh Cúirt Údaráis Achmair, a ghearrfidh fíneáil do réir an Achta so, a ordú go n-íocfar leis an innsteoir cuid den bhfíneáil sin, nách mó ná a leath.

(4) Fé réir na bhforálacha so den Acht so a bhaineann le híoc a dhéanamh leis an innsteoir, déanfar fíneála agus suimeanna éile, a bainfar amach i gCúirt Údaráis Achmair do réir an Achta so, d'úsáid ar an gcuma a horduítear le hAcht na bhFíneála (Éirinn), 1851, agus le haon Achtanna eile a leasuíonn an céanna.

Cosaint ar dhaoine a ghníomhóidh fén Acht so

200. —(1) Ní luighfidh ná ní bunófar aon aicsean, próiseacht ná imeacht i gcoinnibh éinne mar gheall ar aon ghníomh a dineadh do réir ná i bhfeidhmiú ná chun feidhmithe an Achta so, ná mar gheall ar aon fhaillí ná éislis adeirtear a dineadh i bhfeidhmiú an Achta so, mara dtosnuítear é laistigh de shé mhí tar éis an ghníomh, na faillí no na héislise go ngearánfar ina thaobh no, i gcás leanúint den díobháil no den damáiste, laistigh de shé mhí tar éis a stoptha.

(2) In ionad no i dteanta aon phléideála eile féadfar a phléideáil in aon aicsean den tsórt san gur tairgeadh sásamh sarar tosnuíodh an t-aicsean. Má tosnuíodh an t-aicsean tar éis na tairsginte sin no má téightear ar aghaidh leis tar éis aon airgead d'íoc isteach sa Chúirt i gcúiteamh éilimh an éilitheora, agus mara mbainidh an t-éilitheoir amach níos mó ná an tsuim a tairgeadh no a híocadh, ní bhainfe sé amach aon chostaisí fé n-ar chuathas tar éis na tairsginte no an íoca san, agus beidh teideal ag na cosantóiri chun costaisí, costaisí a mheas-iniúchfar idir atúrnae agus cliaint, o am na tairsginte no an íoca san; ach ní bhainfidh an fhoráil seo le costaisí aon choisc san aicsean.

(3) Is i gCúirt Uachtarach a tabharfar gach aicsean den tsórt san agus fós gach aicsean i gcoinnibh ball no ministir d'Arm-Chúirt i dtaobh daora a thug an Chúirt sin no i dtaobh éinní a dineadh de bhua no do réir an daortha san.

CAIBIDEAL XI.

Ilghneitheach.

Feidhmiú comhachtanna atá dílsithe i sealbhóir oifige mileata.

201. —Aon chomhacht no údarás a tugadh d'éinne i seilbh aon oifige mileata, agus aon ghníomh no ní a bheidh le déanamh aige no chuige no ina láthair, féadfidh éinne eile go mbeidh údarás aige chuige de thurus na huaire do réir nósanna na seirbhíse, no do réir rialacha a déanfar fé Alt 125 den Acht so, féadfa sé é fheidhmiú no é dhéanamh no féadfar é dhéanamh chuige no ina láthair.

Forálacha i dtaobh barántaisí agus orduithe údarasanna mileata.

202. —(1) Sa chás go n-údaruítear leis an Acht so an tAire no aon oifigeach generálta no oifigeach eile i gceannas do dhéanamh aon ordú, féadfar an t-ordú san do chur in úil le hordú, treoir no leitir fé láimh aon oifigigh dar húdaruíodh orduithe do thabhairt amach thar ceann an Aire, an oifigigh ghenerálta no an oifigigh eile i gceannas, agus aon ordú, treoir no leitir a dheabhróidh a bheith sighnithe ag aon oifigeach a chífar uaidh a bheith údaruithe amhlaidh is fianaise é ar é bheith údaruithe amhlaidh.

(2) Bainfidh an t-achtachán roimhe seo san Alt so le haon ordú no treoir a tabharfar amach do réir an Achta so mar gheall ar dhaoránach mileata no príosúnach mileata no saighdiúir fé choinneáil, agus ní measfar aon ordú ná treoir den tsórt san a bheith nea-dhleathach toisc an bás do theacht ar an oifigeach a shíghnigh é no a orduigh é thabhairt amach ná toisc gur cuireadh as oifig é ná toisc easnamh a bheith ar an ordú ná ar an treoir sin, má deirtar san ordú no sa treoir sin go bhfuarthas ciontach an daoránach no an príosúnach no an saighdiúir fé choinneáil agus má tá daora daingean dleathach ann mar thaca leis an ordú no an treoir.

(3) Beidh ordú dleathach in aon chás más sa bhfuirm orduithe a tugadh amach é, ach aon ordú a chlaonfidh ón bhfuirm orduithe má bhíonn sé dleathach ar gach slí eile ní leor an claona san amháin chun é dhéanamh nea-dhleathach.

(4) I gcás aon daoránach mileata no príosúnach mileata no saighdiúir fé choinneáil do bheith i gcimeád de thurus na huaire, pe'ca cimeád mileata no cimeád síbhialta é, in aon áit no ar aon tslí ina bhféadfí é choinneáil go dlíthiúil do réir an Achta so, ní tuigfar cimeád an daoránaigh ná an phríosúnaigh ná an tsaighdiúra san do bheith nea-dhlíthiúil de dheascaibh an ní seo amháin: aon neamh-fhuirmeáltacht no earráid san ordú, sa bharántas no sa scríbhinn eile, no i dtaobh an údaráis gur dineadh, leis no dá réir, an daoránach, an príosúnach no an saighdiúir sin do chur i gcimeád mar sin no gur leis no dá réir a coinnítear é i gcimeád mar sin agus féadfar aon ordú, barántas no scríbhinn den tsórt san do leasú dá réir.

(5) Más príosúnach no saighdiúir i gcimeád mileata daoránach mileata no príosúnach mileata, no saighdiúir fé choinneáil, no duine fé dhlí airm agus é cúisithe i gcionta, agus, chun é iompar thar muir, go ndéanfar é thabhairt suas ar bord luinge don té a bheidh i gceannas na luinge, no d'éinne eile ar bord na luinge a bheidh ag gníomhú fé údarás an cheannasaí, beidh ordú an údaráis mhileata le n-ar húdaruíodh an príosúnach no an saighdiúir d'iompar thar muir beidh sé ina leor-údarás don duine sin, agus don té a bheidh i gceannas na luinge de thurus na huaire chun an príosúnach no an saighdiúir sin do choinneáil i gcimeád agus chun é iompar do réir an orduithe, agus faid a coinneofar an príosúnach no an saighdiúir amhlaidh tuigfar é bheith i gcimeád mileata.

Saoire i gcás breoiteachta.

203. —Má dhineann breoiteacht no teagmhas eile saighdiúir ar saoire do chimeád in aon áit i dtreo gur gá an tsaoire sin do chur i bhfaid agus mara mbeidh ag có-líona dualgais mhileata, comhgarach don áit, aon oifigeach chó hárd céim le captaen, no níos aoirde, féadfidh aon Ghiúistís Dúithche no Coimisinéir Síochána gur deimhin leis gur gá é faidiú saoire ar feadh tréimhse nách sia ná coicíos do dheona, agus déanfidh an Giúistís Dúithche no an Coimisinéir Síochána san láithreach, le leitir, an faidiú san agus an chúis atá leis do dhéimhniú d'Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra san, más eol do cé hé, ach marab eol do cé hé, is don Aire a dheimhneoidh sé. Féadfidh a Oifigeach Ceannais no údarás mileata inniúil eile an saighdiúir d'athghairm chun a dhualgais, agus ní tuigfar an tsaoire bheith curtha i bhfaid tar éis na hathghairme sin ach, lasmuich den chás roimhráite, ní féadfar an saighdiúir d'aireamh mar thréigtheoir ná mar dhuine as láthair gan cead mar gheall ar tréimhse an fhaidithe sin ar a shaoire.

Ceadúnaisí ceaintíní.

204. —(1) I gcás ceaintín a bheith ag duine fé údarás an Aire beidh sé dleathach do Ghiústís Dúithche laistigh dá líomatáiste údaráis aon cheadúnas do dheona, d'aistriú no d'athnuachaint fé mar is gá de thuras na huaire chun a chur ar chumas an duine sin seilbh d'fháil no do chimeád ar aon mhál-cheadúnas chun deochanna meisciúla do dhíol, gan bacaint leis an am den bhliain ná le n-a bhfuil éilithe, i dtaobh fógraí, deimhnithe ná eínní eile, ag aon Achtanna a bhaineann le ceadúnaisí den tsórt san agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire; agus féadfar mál-cheadúnaisí do dheona dá leithéidí sin de dhaoine dá réir.

(2) Chun críche an Ailt seo, foluíonn an focal “ceadúnas” aon cheadúnas no deimhniú gur gá do réir dlí de thuras na huaire a dheona, a athnuachaint no a aistriú ag aon Ghiúistís Dúithche chun a chur ar chumas éinne seilbh d'fháil no do chimeád ar aon mhál-cheadúnas chun aon deochanna meisciúla do dhíol.

Ní gá ceadúnas chun seomraí caitheamh aimsire d'úsáid.

205. —In ainneoin éinní atá in Acht na, dTithe Mí-Ordúla, 1751, no in Acht no nAmharclann, 1843, má bhíonn seomra caitheamh aimsire á bhainistí no a stiúrú fé údarás an Aire, féadfar é úsáid i gcóir rinnce no ceoil phuiblí no caitheamh aimsire puiblí eile den tsórt san, no chun drámaí stáitse do léiriú go puiblí, gan aon cheadúnas do réir na nAcht san ná do réir aon Achta dhíobh.

Na Fórsaí d'iompar ar bhóthar iarainn.

206. —(1) Chun aon bhall de sna Fórsaí d'iompar ar bhóthar iarainn ar aon ócáid seirbhíse puiblí, déanfidh gach cuideachta bhóthair iarainn i Saorstát Éireann, ar thaisbeáint líne bhealaigh atá sighnithe go cuibhe chun aon bhaill de sna Fórsaí d'iompar, cóir iompair do sholáthar i gcóir na mball san de sna Fórsaí agus i gcóir a mbagáiste phearsanta, agus fós i gcóir aon bhagáiste, stóranna, arm, amuinisin agus riachtanaisí agus rudaí eile puiblí pe'ca bheid ag gabháil leis na baill sin de sna Fórsaí no ná beid, ar gach gnáth-thráth ar a n-iomparuíonn an chuideachta paisnéirí, agus san ar pé téarmaí ar a socrófar idir an gcuideachta bhóthair iarainn agus an tAire, agus fé réir agus cheal an tsocruithe sin, ar na téarmaí seo a leanas:—

(i) De ghrádanna dhíobh san in úsáid ar an mbóthar iarainn isea bheidh na carráistí paisnéara a soláthrófar, pé grádanna, agus pé méid de charráistí gach gráid díobh, a luadhfar sa líne bealaigh, agus cosaint acu ón síon agus slí agus cóiríocht cheart ionta.

(ii) Ní raghaidh na táillí traenach thar na cuideanna seo a leanas de sna táillí a héilítear ar pháisnéirí phríobháideacha ar an turas singil ar ghnáth-thraen, i gcarráistí de sna grádanna fé seach a luadhfar sa líne bealaigh, sé sin le rá, más lú ná céad go leith an méid daoine a hiomprófar, trí cheathrú; agus má bhíd líon céad go leith duine no breis, trí cheathrú ansan ar an gcéad chéad go leith, eadhon, ceathrar oifigeach agus céad dachad a sé de shaighdiúirí no do dhaoine eile; agus ar an mbreis ar an gcéad cheád go leith sin, leath na táillí.

(iii) Bainfidh an tAlt so le pé mná céile agus baintreacha, agus pé daoine clainne de bhaill de sna Fórsaí 'na mbeidh teideal acu chun taisteal ar chostas na puiblíochta, fé is dá mba chuid de sna Fórsaí iad, ach iomprófar in aisce leanbhaí fé bhun trí mblian d'aois, agus ní bheidh sa táille a bheidh ar leanbh os cionn trí mblian agus fé bhun dhá bhliain déag d'aois ach leath na táille is iníoctha as lán-aoiseach fén Alt so.

(iv) Déanfidh an chuideachta bhóthair iarainn meáchaint céad de bhagáiste phearsanta d'iompar in aisce do gach duine a hiomprófar fén Alt so agus is gá, do réir an line bhealaigh, a iompar sa chéad ghrád, agus leathchéad meáchaint do gach éinne eile a iomprófar; agus iomprófar aon bhreis meáchainte ar mhéid nách mó ná dhá dtrian an ráta a héilítear ar an bpuiblíocht ar bhagáiste bhreise.

(v) Iomprófar an bagáiste, na stóranna, na hairm, an t-aiminisean, na riachtanaisí agus na nithe puiblí sin ar rátaí nách mó ná dhá phingin an tona an míle; tabharfidh na Fórsaí cúnamh chun an céanna do lódáil agus do dhí-lódáil.

(vi) Ach ní bheidh ar an gcuideachta fén Alt so púdar gunna ná aon phléascán ná stuif so-dhóite eile d'iompar, ach ar théarmaí ar a socrófar idir an gcuideachta agus an tAire, fé mar bheidh.

(2) Chun crícheanna an Ailt seo, tuigfar líne bealaigh a sighníodh go cuibhe a bheith ina líne bealaigh a tugadh amach agus a sighníodh do réir Alt a céad seasca a seacht den Acht so no do réir ordú a shighnigh duine dar thug an tAire údarás chuige sin.

Beidh cead an Aire Airgid riachtanach i gcóir rialachán.

207. —Aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so agus as a leanfidh muirear a chur ar chistí phuiblí, is le haontú an Aire Airgid a déanfar iad.

CAIBIDEAL XII.

Baint an Dli Airm.

Daoine fé dhlí airm mar oifigigh.

208. —Daoine atá fé dhlí airm mar oifigigh isea na daoine a luaidhtear san Alt so, agus bainfidh an tAcht so le gach duine a luaidhtear amhlaidh, sé sin le rá:—

(1) Oifigigh de sna Fórsaí atá ar liost na seirbhíse cogúla, do réir brí aon bharántais chun págh agus árdú céime sna Fórsaí do regealáil, agus oifigigh ná fuil ar liost san na seirbhíse cogúla agus atá ar fostú ar seirbhís mhileata fé orduithe oifigigh de sna Fórsaí atá fé dhlí airm.

(2) Aon oifigeach a bhaineann leis an gCúl-thaca nuair a hordófar do dul ar diúité na bhfuil sé freagarthach ann mar oifigeach a bhaineann leis an gCúl-thaca.

Daoine fé dhlí airm mar shaighdiúirí.

209. —Daoine atá fé dhlí airm mar shaighdiúirí isea na daoine a luaidhtear san Alt so, agus dá réir sin bainfidh an tAcht so le gach duine a luaidhtear amhlaidh, sé sin le rá:—

(1) Gach saighdiúir de sna Fórsaí.

(2) Gach oifigeach nea-choimisiúnta agus fear a bhaineann leis an gCúl-thaca—

(a) Nuair a glaofar air chun tréineála agus aiclíochta; agus

(b) Nuair a glaofar amach air chun diúité mar chabhair don chomhacht shíbhialta; agus

(c) Nuair a glaofar amach ar buan-tseirbhís é; agus

(d) Nuair a bheidh sé ar fostú i seirbhís mhileata fé orduithe oifigigh de sna Fórsaí.

CUID III.

An Cul-thaca.

Tógáil agus líon an Chúl-thaca.

210. —Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle fórsa chúlthaca (dá ngairmtear an Cúl-thaca ina dhiaidh seo anso) do thógáil agus do choinneáil suas i gcóir na bhFórsaí, fórsa a bheidh có-dhéanta de pé méid oifigeach, oifigeach nea-choimisiúnta agus fear a fhorálfidh an tOireachtas o am go ham.

Smacht ar an gCúl-thaca.

211. —Is san Ard-Chomhairle fé réir forálacha na Coda so den Acht so a bheidh smacht ar an gCúl-thaca dílsithe.

Pearsain an Chúl-thaca.

212. —Beidh an Cúl-thaca co-dhéanta—

1. Den Chúl-thaca d'Oifigigh.

2. Den Chúl-thaca d'Fheara.

Có-dhéanamh an Chúl-thaca Oifigeach.

213. —(1) Beidh an Cúl-thaca d'Oifigigh có-dhéanta d'oifigigh de sna Fórsaí a bheidh tar éis eirghe as na Fórsaí.

(2) Féadfar oifigigh a bhaineann leis an gCúl-thaca d'Oifigigh d'athghairm chun seirbhíse sna Fórsaí fé pé coiníollacha a hordófar.

(3) Oifigigh a bhaineann leis an gCúl-thaca d'Oifigigh fónfid fé pé coiníollacha a hordófar.

Có-dhéanamh an Chúl-thaca Fear.

214. —(1) Beidh an Cúl-thaca d'Fheara có-dhéanta d'oifigigh nea-choimisiúnta agus d'fheara a haistríodh chun an Chúl-thaca do réir Cuid II., Caibideal V. den Acht so tar éis dóibh bheith ag fónamh sna Fórsaí.

(2) Féadfar fir a bhaineann leis an gCúl-thaca d'Fheara d'athghairm chun seirbhíse sna Fórsaí fé mar a folártar leis an gCuid seo den Acht so.

I ngach áit ina n-úsáidtear sa Chuid seo den Acht so é folóidh an focal “fear” oifigeach nea-choimisiúnta mara mbeidh san bunoscionn leis an gcóthéacs.

Có-ghléasa generálta an Chúl-thaca.

215. —Có-ghléasfar an Cúl-thaca ag pé aontáin de sna géaga comhraic agus de sna seirbhísí roinne a hordófar.

Orduithe agus rialacháin i dtaobh an Chúl-thaca.

216. —(1) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so beidh sé dleathach don Aire o am go ham orduithe a dhéanamh, agus, iad d'athghairm agus d'atharú tar éis a ndéanta, i dtaobh rialú, smacht, agus págh an Chúl-thaca agus i dtaobh nithe agus rudaí eile a bhaineann leis an gCúl-thaca ar a n-áirítear éinní go ndintar leis an gCuid seo den Acht so a údarú go n-ordófar é no a rá go bhfuil sé fé réir orduithe no rialachán.

(2) Gach ordú agus gach rialachán generálta a déanfar fén gCuid seo den Acht so leagfar fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais iad chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta má bhíonn an dá Thigh ina suidhe an uair sin no, mara mbeidh an dá Thigh ina suidhe, chó luath agus is féidir é tar éis tosach an chéad shiosóin eile den Oireachtas.

An dáta ar a mbunófar an Cúl-thaca

217. —Beidh an Cúl-thaca bunuithe o dháta a ceapfar le furógra ón Ard-Chomhairle san Iris Oifigiúil.

An Cúl-thaca do ghlaoch amach mar chabhair don chomhacht shíbhialta.

218. —(1) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin aon uair, má chítar do go n-éilíonn an ócáid é, an Cúl-thaca uile, no oiread de agus is dó leis is gá, do ghlaoch amach chun cabhrú leis an gcomhacht shíbhialta chun ordú puiblí do chimeád.

(2) Beidh sé dleathach d'aon oifigeach i gceannas na bhFórsaí in aon bhaile no ceanntar, ar iarratas scríbhte Giúistís Dúithche, na fir a bhaineann leis an gCúl-thaca agus a chomhnuíonn sa bhaile sin, no pé fir díobh is dó leis is gá, do ghlaoch amach chun na críche roimhráite.

Pionósú i gciontaí áirithe a dhéanfidh fir den Chúl-thaca.

219. —(1) Má dhineann fear a bhaineann leis an gCúl-thaca—

(a) Faillí do thabhairt gan leathscéal réasúnta, ar dhá ócáid as a chéile, i gcó-líona na n-orduithe no na rialachán a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so maidir leis an gCúl-thaca d'íoc; no

(b) Nuair a déanfar do réir na n-orduithe no na rialachán a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so, no leo, a éileamh air bheith in aon áit áirithe, faillí do thabhairt, gan leathscéal réasúnta, i mbeith san áit sin do réir an éilimh sin; no

(c) Caint bhagarthach no mhaslach do labhairt no é féin d'iompar ar chuma nea-ghéilliúnach le haon oifigeach no oifigeach nea-choimisiúnta a bheidh ag gníomhú i bhfeidhmiú a oifige do réir na n-orduithe agus na rialachán a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so agus a bheadh ina oifigeach uachtarach ar an bhfear san dá mbeadh an fear san fé dhlí airm; no

(d) Le haon mheadhoin chalaoiseacha, aon phágh no suim eile d'fháil, no cabhrú chun é d'fháil, contrárdha do sna horduithe no na rialacháin a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so; no

(e) Faillí do thabhairt, gan leathscéal réasúnta, i gcó-líona na n-orduithe no na rialachán a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so;

beidh sé ciontach i gcionta.

(2) Aon fhear a bhaineann leis an gCúl-thaca agus a dhéanfidh cionta fén Alt so, pe'ca fé dhlí airm do ar aon tslí eile no nách ea, féadfidh—

(a) Arm-Chúirt é thriail agus, ar a fháil ciontach, é chur fé phríosúntacht no fé aon phionós fé n-a bhun san a luaidhtear i gCuid II., Caibideal I., den Acht so; no

(b) Cúirt Údaráis Achmair é fháil ciontach agus é dhaora chun fíneáil nách lú ná dachad scilling agus nách mó ná cúig púint ar fhichid agus, mara n-íoca sé, chun phríosúntachta, i dteanta no d'eamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách giorra ná seacht lá agus nách sia ná an téarma maximum a ceaduítear leis an dlí mar gheall ar neamh-íoc na fíneála agus in aon chás acu féadfar é thógaint i gcimeád mileata.

(3) Má dhineann fear a bhaineann leis an gCúl-thaca, i láthair aon oifigigh, cionta fén Alt so no aon chiontaí fé fho-alt a dó no fo-alt a trí d'Alt 135 den Acht so (a bhaineann le pionósú i gcás pearsanála) in ionad a ordú go dtógfar an fear san i gcimeád mileata, féadfidh an t-oifigeach san, más oiriúnach leis é, a ordú go ndéanfar é thógaint i gcimeád aon Ghárda Síochána agus é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair chun go ndeighleálfidh an Chúirt sin leis.

(4) Aon deimhniú a dheabhróidh a bheith sighnithe ag oifigeach a bheidh luaidhte ann mar oifigeach a ceapadh chun fear a bhaineann leis an gCúl-thaca d'íoc, agus é ráite ann gur thug an fear san faillí, ar dhá ócáid as a chéile, i gcó-líona na n-orduithe no na rialachán a bhí i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so maidir leis an gCúl-thaca d'íoc, beidh sé ina fhianaise ar an bhfaillí sin gan aon chruthúnas ar shighniú ná ar cheapa an oifigigh sin.

(5) Sa chás gur dineadh do réir na n-orduithe no na rialachán a bhí i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so, no leo, a éileamh ar fhear a bhaineann leis an gCúl-thaca bheith in aon áit áirithe, aon deimhniú a dheabhróidh a bheith sighnithe ag oifigeach no ag duine a bheidh luaidhte sa deimhniú san mar oifigeach no mar dhuine a ceapadh chun bheith i láthair san áit sin chun iniúcha do dhéanamh ar fhir a bhaineann leis an gCúl-thaca no chun aon chríche eile a bhaineann leis an gCúl-thaca, agus é ráite ann gur thug an fear faillí i mbeith i láthair do réir an éilimh sin, beidh sé ina fhianaise ar an bhfaillí sin gan aon chruthúnas ar shighniú ná ar cheapa an oifigigh na an duine sin.

Tréineáil feara an Chúl-thaca.

220. —(1) Féadfar gach éinne no éinne de sna fir a bhaineann leis an gCúl-thaca do ghlaoch amach chun tréineála pé uaireanna agus i pé áit no áiteanna laistigh de Shaorstát Éireann agus ar feadh pé tréimhsí a hordófar ach gan iad a bheith níos sia ná deich lá fichead bliain ar bith.

(2) Gach fear a glaofar amach amhlaidh, le linn a thréineála, féadfar é chur i gceangal agus é thréineáil in éineacht le buidhin de sna Fórsaí.

Chun an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís.

221. —(1) I gcás conthabhairt náisiúnta bheith in achmaireacht no i gcás práinne móire beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle a ordú, le furógra, go nglaofar an Cúl-thaca amach ar buantseirbhís ach an ócáid do chur in úil don Oireachtas ar dtúis má bhíonn an tOireachtas ina suidhe an uair sin no í fhoillsiú le furógra mara mbeidh an tOireachtas ina suidhe an uair sin.

(2) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle a ordú d'Aire Feidhmiúcháin o am go ham, le haon fhurógra den tsórt san, pé orduithe do thabhairt a dheabhróidh a bheith riachtanach no ceart chun an fórsa a luadhfar sa bhfurógra no gach éinne no éinne de sna fir a bhaineann leis do ghlaoch amach agus, tar eís na horduithe do thabhairt, iad do cheartú no d'atharú.

(3) Déanfar beart do réir gach furógra den tsórt san, agus do réir na n-orduithe a tabharfar dá bharr, díreach fé mar a hachtófí san Acht so iad, agus gach fear a glaofar amach leis na horduithe sin de thuras na huaire beidh sé i láthair san áit agus san am a ceapfar leis na horduithe sin agus ar an am san agus dá éis tuigfar é bheith glaoite amach ar buan-tseirbhís.

(4) Chun críche Alt a céad caoga a cúig den Acht so tuigfar furógra fén Alt so a bheith ina fhurógra á éileamh ar shaighdiúirí sa Chúl-thaca dul i seirbhís airm arís.

Comórfar dhá Thigh an Oireachtais nuair a hordófar an Cúlthaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís.

222. —Áon uair a ordóidh an Ard-Chomhairle an Cúl-thaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís, má bhíonn an tOireachtas scaipthe an uair sin de bharr cur ar athló no cur ar sos ná raghaidh in éag laistigh de dheich lá ina dhiaidh sin, cuirfar amach furógra chun an tOireachtas do chomóra laistigh de dheich lá agus dá réir sin comórfar an tOireachtas agus suidhfidh sé ar an lá a ceapadh leis an bhfurógra san agus leanfidh sé de bheith ina suidhe agus ag gníomhú fé mar a déanfí an tOireachtas do chur ar athló no do chur ar sos go dtí an lá céanna.

Seirbhís na bhfear den Chúl-thaca a glaofar amach.

223. —(1) Nuair a déanfar fear a bhaineann leis an gCúl-thaca do ghlaoch amach ar buan-tseirbhís féadfar é chimeád ar seirbhís go dtí ná beidh a thuille gnótha ag an Ard-Chomhairle dá sheirbhís, ar shlí, ámh, ná beidh air fónamh ar feadh tréimhse is sia ar fad ná iarsma nea-chaithte a théarma seirbhíse sa Chúl-thaca i dteanta aon tréimhse eile, nách sia ná dhá mhí dhéag, is féidir é chimeád i seirbhís, fé Alt a céad caoga a cúig den Acht so, mar shaighdiúir de sna Fórsaí, tar éis an ama a bheadh sé i dteideal a scurtha.

(2) Ar feadh a sheirbhíse beidh fear a glaofar amach ar buan-tseirbhís ina chuid de sna Fórsaí agus beidh sé fé réir Cuid II. den Acht so dá réir sin agus an t-údarás is údarás mileata orduithe do réir brí Caibideal V. de Chuid II. den Acht so féadfa sé, má chítar do gur ceart san, é cheapa chun aon chóir mar shaighdiúir de sna Fórsaí, agus laistigh de thrí mhí tar éis an ceapa san do dhéanamh féadfidh an t-údarás mileata orduithe sin é aistriú chun aon chóir eile de sna Fórsaí.

Pionós mar gheall ar gan bheith i láthair i gcóir tréineála bliantúla no buantseirbhíse, etc.

224. —(1) Nuair a déanfar fear a bhaineann leis an gCúl-thaca do ghlaoch amach chun tréineála bliantúla no ar buan-tseirbhís, no nuair a déanfar fear a bhaineann leis an gCúl-thaca do ghlaoch amach chun cabhrú leis an gcomhacht shíbhialta, agus más rud é, gan cead a bheith deonta dho go dleathach, no gan pé breoiteacht a bheith air no leathscéal eile réasúnta a bheith aige a lomhálfar ar an gcuma orduithe, go dtabharfidh an fear san faillí i dteacht aon uair agus go haon áit fé mar a héilíodh air nuair a glaodhadh amach amhlaidh é—

(a) Más ar buan-tseirbhís no chun cabhrú leis an gcomhacht shíbhialta a glaodhadh amach é, beidh sé ciontach do réir an cháis i dtréigean do réir brí Alt a dó is dachad den Acht so no i mbeith as láthair gan cead do réir brí Alt a cúig is dachad den Acht so; agus

(b) Más chun tréineála bliantúla a glaodhadh amach é, beidh sé ciontach i mbeith as láthair gan cead do réir Alt a cúig is dachad den Acht so.

(2) Aon fhear a bhaineann leis an gCúl-thaca agus a dhéanfidh cionta fén Alt so no fé Alt a dó is dachad no fé Alt a cúig is dachad den Acht so, pe'ca fé dhlí airm do ar aon tslí eile no nách ea, féadfidh—

(a) Arm-Chúirt é thriail agus é fháil ciontach agus é phionósú dá réir; no

(b) Cúirt Údaráis Achmair é fháil ciontach agus é dhaora chun fíneáil nách lú ná dachad scilling agus nách mó ná cúig púint ar fhichid agus, mara n-íoca sé, chun príosúntachta, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách goire ná seacht lá agus nách sia ná an téarma maximum a ceaduítear leis an dlí mar gheall ar neamh-íoc na fíneála,

agus in aon chás acu féadfar é thógaint i gcimeád mileata.

Forálacha breise i dtaobh treigthes oirí agus nealáithreach.

225. —(1) Bainfidh alt a céad a nócha den Acht so le fear atá ina thréigtheoir no ina nea-láithreach as an gCúl-thaca do réir brí na Coda so den Acht so fé mar a bhaineann sé le tréigtheoir a luaidhtear san Alt san, agus má dintear fén Alt san fear a chur i gcimeád mileata no a choimiteáil chun é chur i gcimeád mileata féadfar é thriail mar a foráltar leis an gCuid seo den Acht so.

(2) Einne a leigfidh air gur tréigtheoir no nea-láithreach gan cead as an gCúl-thaca é, ar a fháil ciontach do Chúirt Údaráis Achmair féadfar é chur fé phríosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná trí mhí.

Pionós mar gheall ar fhear den Chúl-thaca do mhealla chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair.

226. —(1) Einne a dhéanfidh ar aon tsórt slí—

(a) Aon fhear a bhaineann leis an gCúl-thaca do thabhairt no do mhealla chun bheith as láthair gan cead do réir brí na Coda so den Acht so no tabhairt fé aon fhear a bhaineann leis an gCúl-thaca do thabhairt no do mhealla chun an cionta san do dhéanamh; no

(b) Ar bheith in eolas ar fhear a bhaineann leis an gCúlthaca do bheith chun bheith as láthair gan cead do réir brí na Coda so den Acht so, cabhrú no cuidiú leis chun é dhéanamh; no

(c) Ar bheith in eolas ar fhear a bhaineann leis an gCúlthaca do bheith ina nea-láithreach gan cead do réir brí na Coda so den Acht so, an fear san do cheilt no cabhrú no cuidiú leis chun é féin do cheilt no é a fhostú no é a chimeád i bhfostaíocht no cabhrú no cuidiú chun é a fhuascailt;

ar a fháil ciontach do Chúirt Údaráis Achmair féadfar é chur fé fhineáil nách mó ná fiche púnt.

(2) Bainfidh Alt a céad ochtó a hocht den Acht so le cás fé is dá mba shaighdíuir fear a bhaineann leis an gCúl-thaca agus fé is dá bhfolódh an focal “tréig,” agus aon fhocail eile le n-a dtagartar do thréigean, tréigean do réir brí na Coda so den Acht so chó maith le tréigean do réir brí Cuid II., Caihideal I., den Acht so; agus éinne a fhostóidh no a chimeádfidh i bhfostaíocht aon fhear a bhaineann leis an gCúl-thaca agus a fhios aige gur tréigtheoir an fear san do réir brí an Achta so, tuigfar é bheith ag cabhrú leis an bhfear san chun é féin do cheilt do réir brí an Ailt sin.

Cuirfar ar breaca nea-láithreacht nea-dhleathach aon fhir den Chúl-thaca.

227. —(1) I gcás fear a bhaineann leis an gCúl-thaca do bheith fé dhlí airm agus é bheith as láthair ó n-a dhiúité go nea-dhlíthiúil, féadfar cúirt fiosrúcháin do thabhairt le chéile, fé Alt a céad a naoi déag den Acht so, ar bheith caithte do lá is fiche o dháta na nea-láithreachta san, bíodh gur giorra ná lá is fiche an tréimhse a bhí an fear san fé dhlí airm, no go raibh deire léi sara raibh lá is fiche caithte; agus féadfar an breacachán a luaidhtear san Alt san d'iontráil ar an slí a foráltar leis an Alt san, no féadfidh pé oifigeach a hordófar é iontráil i pé leabhair reisiminte a hordófar.

(2) I gcás fear a bhaineann leis an gCúl-thaca do thabhairt faillí i dteacht san am agus san áit gur héilíodh air teacht nuair a glaodhadh amach chun tréineála no ar buan-tseirbhís é, agus nách lú ná ceithre lá déag a bheidh sé as láthair, déanfidh an t-oifigeach orduithe an nea-láithreacht san d'iontráil ar an gcuma orduithe agus sna leabhair reisiminte orduithe agus beidh an iontráil sin ina fianaise dho-chlaoite ar an nealáithreacht san.

Feidhmiú comhachtanna atá dílsithe i sealbhóir oifige mileata.

228. —(1) Aon chomhacht no údarás a tugadh d'éinne i seilbh aon oifige mileata, agus aon ghníomh no ní a bheidh le déanamh aige no chuige no ina láthair, féadfidh éinne eile, go mbeidh údarás aige chuige sin de thuras na huaire do réir nós na seirbhíse, é fheidhmiú no é dhéanamh, no féadfar é dhéanamh chuige no ina láthair, chó fada is bhaineann leis an gCúl-thaca.

(2) Sa chás go n-údaruítear leis an gCuid seo den Acht so, no go n-údarófar le haon ordú no rialachán a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so, aon údarás mileata do dhéanamh aon ordú, féadfar an t-ordú san do chur in úil le hordú, le treoir, no le leitir fé láimh oifigigh dar húdaruíodh orduithe do thabhairt amach thar ceann an údaráis mhileata, agus aon ordú, treoir no leitir a dheabhróidh a bheith sighnithe ag oifigeach a bheidh luaidhte ann mar oifigeach dar tugadh an t-údarás san beidh sé ina fhianaise ar an údarás san a bheith aige.

Bainfidh leis an gCúl-thaca na hachtacháin a bhaineann le saoirse o chustuim agus leis na Fórsaí d'iompar.

229. —(1) Chun críche Alt a céad tríocha a naoi den Acht so agus chun críche gach achtacháin eile a bhaineann leis na diúitéthe, na custuim agus na calaithe a luaidhtear san Alt san, tuigfar gur oifigigh agus saighdiúirí de sna Fórsaí ar diúité oifigigh agus fir den Chúl-thaca le linn iad a bheith ag dul go haon áit no ag fille o aon áit nar héilíodh ortha dul ann agus na bhféadfar iad a phionósú mar gheall ar gan dul ann.

(2) Forálacha Alt a dhá chéad a sé den Acht so agus gach achtachán eile a bheidh de thuras na huaire i bhfeidhm i dtaobh aon chuid de sna Fórsaí agus a gcuid bagáiste, stóranna, arm, amuinisin agus riachtanaisí agus rudaí eile d'iompar ar bhóthar iarainn, bainfid leis an gCúl-thaca fé is dá mba chuid de sna Fórsaí an Cúl-thaca.

Fógraí.

230. —Maidir le fógraí is gá a thabhairt d'fheara den Chúlthaca do réir orduithe no rialachán i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

(i) Féadfar fógra do sheirbheáil ar aon fhear den tsórt san tré n-a chur tríd an bpost chun na háite comhnaithe cláruithe is déanaí aige no tré n-a sheirbheáil ar an gcuma orduithe;

(ii) Is fianaise ar fhógra do chur in úil d'fhear den Chúlthaca fianaise ar an bhfógra san do sheachada ag an áit chomhnaithe chláruithe is déanaí ag an bhfear san no ar leitir fé sheola an fhir sin, agus an fógra san inti, do sheachada amhlaidh;

(iii) Is leor mar fhógra d'fhear a bhaineann leis an gCúlthaca fógra d'fhoillsiú ar an gcuma orduithe sa pharóiste ina luíonn an áit chomhnaithe chláruithe is déanaí ag an bhfear san, agus san in ainneoin gan cóip den bhfógra san do bheith seirbheálta air;

(iv) Ar a éileamh san air don Aire no thar ceann an Aire, déanfidh gach Gárda Síochána do réir na n-orduithe agus na rialachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire fén gCuid seo den Acht so i dtaobh foillsiú agus seirbheáil fógraí, agus mara ndine sé amhlaidh féadfar fíneáil nách mó ná fiche punt do chur air ar a fháil ciontach ag Cúirt Údaráis Achmair.

Ciontaí do thriail.

231. —(1) Chun an ciontathóir do ghabhaíl, do thriail agus do phionósú agus chun na gcrícheanna a bhaineann leis na nithe sin, maraon le n'Oifigeach Ceannais do dheighleáil leis an gcás ar an slí achmair, tuigfar gur cionta fé Chuid II. den Acht so aon chionta is inphionósuithe fén Acht so tar éis d'Arm-Chúirt daora do dhéanamh ann, ach amháin go léireofar tagartha i gCuid II. den Acht so do cháinficthe agus do stoptha mar thagartha do pé cáinficthe agus stoptha a hordófar.

(2) Féadfar próiseacht do dhéanamh ar aon chionta is inphionósuithe fén gCuid seo den Acht so tar éis do Chúirt Údaráis Achmair daora dhéanamh ann, agus aon fhíneáil is féidir a bhaint amach tar éis an daora san a bheith déanta féadfar í bhaint amach ar an gcuma a foráltar le hAlt a céad nócha a naoi den Acht so (fé mar a déanfí an tAlt san d'athachtú anso i dtéarmaí a chuirfadh i mbaint leis an gCuid seo den Acht so é).

(3) Ach amháin mar a foráltar leis an Alt san a céad nócha a naoi leanfidh Cúirteanna Údaráis Achmair go cuibhe den mhinimum a socruítear leis an gCuid seo den Acht so i gcóir méid aon fhíneála no i gcóir téarma aon phríosúntachta agus, in ainneoin éinní atá in aon Acht eile, ní luíodófar an minimum san mar mhaolú ná ar aon tslí eile.

(4) Chun crícheanna an Ailt seo folóidh an focal “é thriail fé Arm-Chúirt” “deighleáil leis ar an slí achmair.”

Forálacha i dtaobh ciontaí.

232. —Maidir le triail agus pionósú feara a cúisíodh i gciontaí is intrialta, do réir an Achta so, ag Arm-Chúirt agus ag Cúirt Údaráis Achmair, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

(i) Ní féadfar duine cúisithe do thriail fé Arm-Chúirt agus fé Chúirt Údaráis Achmair, ach féadfar é thriail fé aon Chúirt díobh, fé mar a hordófar le horduithe no le rialacháin fén gCuid seo den Acht so.

(ii) Féadfar imeachta i gcoinnibh duine chúisithe i láthair Arm-Chúirte no a Oifigigh Cheannais no Cúirte Údaráis Achmair, do bhunú, pe'ca bheidh téarma a sheirbhíse sa Chúl-thaca caithte no ná beidh, agus in ainneoin éinní in aon Acht féadfar iad do bhunú aon uair laistigh de dhá mhí tar éis na huaire a tháinig an cionta in eolas d'oifigeach na mbeidh aige, fé sna comhachta no na rialacháin a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so, comhacht chun a ordú go dtrialfar an ciontathóir fé Arm-Chúirt no fé Chúirt Údaráis Achmair, sé sin, má gabhadh an ciontathóir an uair sin, no, mar ar gabhadh é an uair sin, féadfar iad do bhunú laistigh de dhá mhí tar éis na huaire a gabhadh é, pe'ca údarás síbhialta no údarás mileata a dhin an ghabháil sin, agus aon teora atá in aon Acht eile maidir leis an am chun cionta d'éisteacht agus chun breith do thabhairt air, ní bhainfe sí le cás aon imeachta a bunófar amhlaidh.

Fianaise

233. —(1) Bainfidh alt a céad nócha a seacht den Acht so (i dtaobh fianaise ar shaora no daora síbhialta a bheith déanta ar dhuine atá fé dhlí airm) le fear den Chúl-thaca a trialfar fé Chúirt Shíbhialta, pe'ca bheidh sé fé dhlí airm le linn na trialach san no ná beidh.

(2) Bainfidh alt a céad nócha a sé den Acht so (i dtaobh fianaise) le gach imeacht fén gCuid seo den Acht so.

CUID IV.

Foralacha Diombuana.

Buaine na Coda so den Acht.

234. —Go dtí go mbeidh na Fórsaí bunuithe fé Alt a dó is fiche den Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

Na fórsaí armtha a luaidhtear in Airtiogal 46 den Bhunreacht do dhéanamh de sna Fórsaí Náisiúnta, mar atáid fé láthair.

235. —Fórsaí armtha an Stáit agus iad bunuithe agus ar bith mar atáid fé láthair (dá ngairmtear na Fórsaí Náisiúnta ina dhiaidh seo anso), tuigfar gurb iad san na fórsaí armtha atá le tógáil fé Airtiogal 46 den Bhunreacht agus faisnítear leis seo go bhfuil a gcoinneáil suas do réir dlí.

Forálacha i dtaobh árdcheannais agus comhachtanna riaracháin agus feidhmiúchaín.

236. —Ard-cheannas na bhFórsaí Náisiúnta agus gach comhacht feidhmiúcháin agus riaracháin a bhaineann leo (ar a n-áirítear comhacht chun údarás do leigint chun pé daoine a measfar a bheith oiriúnach), is san Ard-Chomhairle a bheid dílsithe agus is tríd an Aire agus in ainm an Aire a feidhmeofar iad.

Có-ghléasa generálta na bhFórsaí Náisiúnta.

237. —Mar atá sé fé láthair a bheidh có-ghléasa na bhFórsaí Náisiúnta. Féadfidh an tAire, áfach, pé athruithe a dhéanamh air is dó leis is gá.

Beidh éifeacht ag orduithe agus ag rialacháin atá i bhfeidhm anois.

238. —Gach ordú agus rialachán atá i bhfeidhm sna Fórsaí Náisiúnta anois, leanfid de bheith i lán-fheidhm agus i lánéifeacht.

Oblagáid a féadfar a chur ar shaighdiúirí atá ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta anois.

239. —Gach saighdiúir atá ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta anois de bhua aon réitigh no teistíochta, féadfar a chur air leanúint de bheith ag fónamh do réir téarmaí an réitigh no na teistíochta san.

Oifigigh.

240. —Gach oifigeach atá ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta anois, leanfid mar oifigigh den tsórt san faid is toil leis an Ard-Chomhairle é.

Comhacht chun oifigeach no saighdiúir do bhrise.

241. —Ag gníomhú tríd an Aire dhóibh, féadfidh an Ard-Chomhairle aon oifigeach de sna Fórsaí Náisiúnta do bhrise no scarúint le n-a sheirbhís no aon tsaighdiúir de sna Fórsaí Náisiúnta do scur.

Baint Chuid II. den Acht.

242. —Bainfidh forálacha Cuid II. den Acht so, ach amhaín Caibidil V. agus XII., le gach ball de sna Fórsaí Náisiúnta fé mar a cuirfí tagairtí do sna Fórsaí Náisiúnta ionta in ionad tagairtí do sna Fórsaí, ach beidh an bhaint sin fé réir na n-atharuithe seo a leanas:—

(1) Na focail atá i gCuid II. den Acht so agus a luaidhtear, leis, in Alt a dhá chéad dachad a sé den Acht so, isiad bríonna a bheidh leo ná na bríonna a tugtar dóibh fé seach le hAlt a dhá chéad dachad a sé den Acht so agus ní híad na bríonna a tugtar dóibh fé seach le hAlt a trí den Acht so.

(2) Pé atharuithe no oiriúnuithe eile, áirithe no generálta, a ordóidh an tAire.

Feidhmiú Alt 2 den Acht.

243. —I bhfeidhmiú Alt a dó den Acht so tuigfar na Fórsaí Náisiúnta a bheith foluithe sa bhfocal “na fórsaí armtha a tógfar fén Acht so.”

Foráil i dtaobh Airtiogal 71 den Bhunreacht.

244. —Chun crícheanna Airtiogal 71 den Bhunreacht tuigfar gach ball de sna Fórsaí Náisiúnta a bheith ar seirbhís chogúil.

Comhacht chun rialacháin do dhéanamh.

245. —(1) Féadfidh an tAire rialacháin de dhéanamh i dtaobh gach ní a héilítear no a ceaduítear leis an gCuid seo den Acht so a ordú no is gá no is oiriúnach a ordú chun deimhin a dhéanamh de go rialófar na Fórsaí Náisiúnta go maith no chun forálacha na Coda so den Acht so do chó-líona no do chur in éifeacht.

(2) Ní bhainfidh an tAcht Foillsiú Rialacha, 1893, le Rialacháin a déanfar fén Alt so.

Mínithe.

246. —Sa Chuid seo den Acht so, mara mbeidh sé bunoscionn leis an gcó-théacs, siad bríonna a bheidh leis na focail seo a leanas ná na bríonna a tugtar dóibh leis an Alt so, sé sin le rá:—

(a) Cialluíonn an focal “duine fé dhlí airm” aon oifigeach, oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir atá i gceangal no ag fónamh in éineacht leis na Fórsaí Náisiúnta ar dháta rithte an Achta so agus foluíonn sé gach duine fé dhaora Arm-Chúirte.

(b) Cialluíonn an focal “oifigeach” aon oifigeach a ceapadh mar oifigeach agus atá ag fónamh in éineacht leis na Fórsaí Náisiúnta ar dháta rithte an Achta so agus foluíonn sé aon oifigeach atá ar págh mar oifigeach de sna Fórsaí Náisiúnta.

(c) Foluíonn an focal “saighdiúir” oifigeach nea-choimisiúnta no saighdiúir de sna Fórsaí Náisiúnta ach ní fholuíonn sé oifigeach mar a mínítear thuas é.

CEAD SCEIDEAL


Fuirm Coimisiúin d'Oifigeach.

Alt 10.


SAORSTÁT ÉIREANN.

OGLAIGH na hÉIREANN

Do (Ainm an Oifigigh) .............................................. le hiontaoibh as do dhílseacht dár dtír agus le muinín mhór as do mhisneach, t'onóir, do dhea-iompar agus do thuisgint, dineann Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronnadh ortha chuige sin leis an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 , tú do bhunú agus do cheapa leis seo chun bheith id' oifigeach in OGLAIGH na hÉIREANN ón                lá de                           19            . Bhéarfir géillsine agus fíor-dhílseacht dár dtír agus déanfir do dhualgas ina seirbhís agus í chosaint ar a naimhde go léir, is cuma cé hiad. Có-líonfir do dhualgas mar          no in aon chéim is aoirde ná san agus na dtuillfir tú cheapa no tú árdú chúichi, ceapa no árdú a fógrófar san Iris Oifigiúl Déanfir na saighdiúirí agus na hoifigigh íochtaracha a bheidh i seirbhís fút d'aclú agus do thréineáil in airm agus iad do choinneáil i ndea-ordú agus fé smacht agus leis seo naiscthear ar gach éinne riamh díobh san agus orduitear do rud a dhéanamh ort mar oifigeach uachtarach air. Leanfir agus có-líonfir féin gan ceist a chur pé orduithe agus treoracha a gheobhair o am go ham ón té is Aire Cosanta de thuras na huaire no o éinne dá mbeidh ina n-oifigigh uachtaracha ort do réir dlí.

MAR FHIANAISE AIR SIN TAIMID tar éis ar lámha agus ár séalaí fé seach do chur leis seo i.....................an............lá so de

..............................sa bhliain míle naoi gcéad..................

Sighnithe..................

Uachtarán Ard-Chomhairle

Shaorstáit Éireann

..................

Aire Cosanta,

Ceann an Airm.


DARA SCEIDEAL.

Fuirm an Mhionna no na Faisnéise atá le tabhairt no le déanamh fé Alt 21 den Acht.

Ailt 21 agus 148(4) (a).

Dinim-se                       a mhionnú (no a fhaisnéis) go solamanta gur liostálas iniu, dem' dheoin agus dem' shaor-thoil féin, mar shaighdiúir in Oglaigh na hÉireann; go bhfónfad go dílis mar shaighdiúir den tsórt san ar feadh tréimhse                   ón            lá de        19        (mara scuirtar mé le ceart-údarás roimhe sin) agus fé sna coiníollacha atá orduithe do réir dlí; agus glacfad le pé págh, toirbheartas, scaireanna lóin agus cuid éadaigh a hordófar o am go ham do réir dlí.

Agus mionnuím (nó faisnéisim) go solamanta, leis, go dtabharfad géillsine agus fíor-dhílseacht dár dtír agus go ndéanfad mo dhualgas ina seirbhís agus í chosaint ar a naimhde go léir, is cuma cé hiad, agus go luighfad fé smacht agus go ngéillfad, gan ceist a chur, d'orduithe na n-oifigeach a bheidh ceaptha os mo chionn do réir dlí.

Sighniú,

Ar a Mhionnú (Fhaisnéis) im' fhianaise-se an

lá so de

19        .        .

......................

Sighniú an Ghiúistís Dúithche no

an Choimisinéara Shíochána a theistigh.


TRIU SCEIDEAL

Alt 69.


Fuadach.

Dogha.

Ionnsuidhe.

Dlamhasla.

Bigamacht.

Brise agus Dul isteach.

Breaba.

Buirglearacht.

Calaois.

Caghnail.

Claon-chasa.

Priosuntacht Nea-dhleathach.

Pearsanu Breagach.

Feallaireacht.

Fallsu Cuntaisi.

Aithris ar Scribhinn.

Brise isteach i dtigh.

Col.

Duine do Ghriosa chun Coir a Dheanamh.

Ionnsuidhe Mi-mhoralta ar Fhireannaigh no ar Bhaineannacha.

Guid.

Diobhail Mhailiseach.

Mionn Eithigh.

Poitseireacht.

Maoin Ghuidhte a Ghlaca.

Robail.

Lamhach.

Tabhairt fe Dhuine Fein do Mharbhu.

Creachtnu.


CEATHRU SCEIDEAL.

Alt 161.


Fuirm an Mhionna atá le tabhairt ag Máistir na bhfuil a Phrintíseach tar cis éaló air agus fuirm an Deimhniú Giúistís Dúithche a ghabhann leis.


Dinim-se,

o

mo

mhionn do thabhairt gur agus gur

mé do réir céirde

agus gur ceangladh ar

seirbhís do thabhairt mar

phríntíseach dom sa chéird sin, le dintiúir dar dáta an              lá de                     ar feadh téarma            bliana, agus gur dhin         sin éaló uaim agus mo sheirbhís do thréigean gan cead uaim an        lá de            no timpeal an ama san; agus, chó fada lem' eolas agus lem' thuairim, go bhfuil              sin tuairim          bliana d'aois. Cuirim mo lámh leis seo mar fhianaise air sin i                an                lá de                míle naoi gcéad

(Sighnithe) ............................................

(Sighnithe) .............................................

Giúistís Dúithche do

Deimhním leis seo gur mionnuíodh an mhóid-scríbhinn sin thuas im' fhianaise-se i                    an lá so de                    míle naoi gcéad


CUIGIU SCEIDEAL;


BILLEADACHT.

Ailt 170 agus 172

CUID I.

Coiriocht le Solathar ag Cimeadai Tighe Loin.

Aon chimeádaí tighe lóin na gcuirfar aon oifigeach, saighdiúir no capall ar billéad air—

(1) Soláthróidh sé lóistín agus friothálamh don oifigeach agus don tsaighdiúir; agus

(2) Má éilíonn an t-oifigeach agus an saighdiúir é, tabharfa sé bricfeast, dinnéar te, agus suipéar do i gcóir gach lá a bheidh sé ag máirseáil, agus i gcóir dhá lá an chuid is mó dhe, má stadtar an t-oifigeach no an saighdiúir in áit idirmheánach ar an máirseáil ar feadh breis agus dhá lá, agus ar an lá a sroichfar ceann riain, béilí a bheidh déanta de pé méideanna bídh agus dighe a socrófar o am go ham le Rialacháin a dhéanfidh an tAire ach gan iad a bheith níos mó ná—

(a) I gcóir bricfeasta, cúig únsa aráin, pionta té agus bainne agus siúcre air, cheithre únsa bagúin;

(b) I gcóir dinnéir the, dhá únsa dhéag feola, sara ndintear í chóiriú, sé únsa aráin, ocht n-únsa prátaí no glasraí eile;

(c) I gcóir suipéir, cúig únsa aráin, pionta té agus bainne agus siúcre air, dhá únsa cáise; agus

(3) Nuair ná beidh ag oifigeach no ag saighdiúir an teideal san chun “béile” d'fháil, soláthróidh sé coinnle, bhinigéir agus salann don oifigeach no don tsaighdiúir agus leigfe sé dho an teine d'úsáid chó maith leis na hárthaistí is gá dho chun a bhéile do chóiriú agus d'ithe; agus

(4). Soláthróidh sé i gcóir gach capaill slí i stábla agus deich bpúint coirce, dhá phunt déag féir thirim, agus ocht bpúint tuighe gach lá.

Chun crícheanna na Coda so den Sceideal so folóidh an focal “loistín do sholáthar” leabaidh fé leith do sholáthar i gcóir gach oifigigh fé leith agus gach saighdiúra fé leith.


CUID II.

Rialachain i dtaobh Billeidi.

(1). Ar thithe lóin san áit, no laistigh de mhíle ón áit, a luaidhtear sa líne bealaigh, isea a bheidh na billéidí a tabharfar nuair a bheidh na trúpaí ar máirseáil, ach amháin i gcás riachtanais no i gcás ordú o Ghiúistís Dúithcho.

(2). Tabharfar aire i gcomhnaí chun na billéadai a dhéanamh amach i gcóir na dtithe lóin comhgaracha in ar féidir cóiríocht oiriúnach d'fháil sara ndéanfar amach billéadai i gcóir tithe lóin aistreacha.

(3). Ach amháin i gcás riachtanais, is ar an aon tigh lóin amháin a cuirfar gach fear agus a chapall ar billéad má bhíonn capaill le cur ar billéad.

(4). Ach amháin i gcás riachtanais, déanfar saighdiúir amháin ar a luíod do chur ar billéad in áit ina mbeidh capall no dhó ar billéad, agus beirt shaighdiúirí ar a luíod in áit ina mbeidh cheithre capaill, agus do réir an chothruim sin i gcás níos mó capall ná san.

(5). Ach amháin i gcás riachtanais, ní cuirfar saighdiúir agus a chapall ar billéad níos sia ná céad slat o n-a chéile.

(6). Nuair a déanfar aon tsaighdiúirí maraon le n-a gcapaill do char ar billéad ar chimeádaí tighe lóin ná fuil aon stábla aige, déanfidh an constábla, ar éileamh scríbhte an Oifigigh Cheannais a bheidh i láthair, na saighdiúirí agus a gcapaill, no na capaill amháin, do chur ar billéad ar chimeádaí tighe lóin éigin eile go bhfuil stáblaí aige, agus ar dhéanamh gearáin do chimeádaí an tighe lóin is déanaí a luadhadh féadfidh Cúirt Údaráis Achmair a ordú go ndéanfidh cimeádaí an tighe lóin a saoradh liúntas ceart d'íoc leis.

(7). Féadfidh oifigeach, a bheidh ag éileamh billéidí, na billéidí do riara ar na saighdiúirí fé n-a cheannas agus ar a gcapaill fé mar is dó leis is oiriúnaí i gcóir na seirbhíse puiblí, agus féadf, sé an riara san d'atharú o am go ham.

(8). Féadfidh an tOifigeach Ceannais, in aon áit gur féidir é, a éileamh go ndéanfar beirt fhear ar a luíod do chur ar billéad in aon tigh amháin.

SEU SCEIDEAL.

Alt 178.


Carraisti do Thogaint go hEigeanta

Táible de Rátaí Iocaíochta i gcóir Carráistí agus Ainmhithe.

Carráistí agus Ainmhithe.

An Ráta ar an Míle.

In aghaidh gach céad de mheáchaint ar aon fheithicil ar rothanna

Leathphinge.

Nuair a beifear ag comhreamh na mílte i gcóir íocaíochta, áireofar ortha an fhaid o bhaile go dtí an áit o n-ar gluaiseadh, agus an fhaid a bhaile ó áit an chartuithe.

Rialachain i dtaobh Carraisti agus Ainmhithe.

(1). As mile iomlán a híocfar nuair is giorra ná míle an fhaid iomlán a soláthruíodh carráiste ina cóir.

(2). Leathréal an míle an tsuim mhinimum is iníoctha as carr agus réal an míle an tsuim mhinimum is iníoctha as drae.

(3). Do réir an ráta chéanna a bheidh an íocaíocht as gach céad de mheáchaint sa bhreis ar an méid is iniompartha ar an gcarráiste fén Sceideal so.

(4). Ní héileofar carráiste do thaisteal níos mó ná cúig mhíle fichead.

(5). Ach amháin i gcás práinne móire, ní éileofar carráiste do thaisteal níos mó ná máirseáil lae amháin a bheidh orduithe sa líne bealaigh.

(6). Ní éileofar carráiste d'iompar níos mó ná sé chéad de mheáchaint más carr é ná níos mó ná dhá chéad déag de mheáchaint más drae é.

(7). Má éilítear é agus más féidir é dhéanamh laistigh d'aimsir réasúnta gan cur as don tseirbhís, déanfar an t-ualach i gcóir gach carráiste do mheádh, ar chostas únaer an charráiste, sara gcuirfar ar an gcarráiste é

SEACHTU SCEIDEAL.

Alt 190.


Fuirm an Chuntais Thuairisciula.

Cuntas Tuairisciúil ar                      a                i                       an                lá de              agus a cuireadh i mbraighdeanas              i                an               lá de                      , mar Thréigtheoir (no mar Nealáithreach gan cead) ón                              Cath de Reisimint

Tar éis an chéad “a” scríbhtar an focal “gabhadh” no “thug suas é féin,” pé'ca dhíobh é

Aos............................................ ...........................................................

Aoirde.........................................................Troithe.                Orlach.

Dreach....................................................................................................

Gruaig....................................................................................................

Súile.......................................................................................................

Marcanna...............................................................................................

In éide no i ngnáth-éadach......................................................................

An dáta agus an áit gur dócha gur teistíodh é...........................................

An dáta gur dócha gur thréig sé no gur thosnuigh sé ar bheith as láthair, agus o

cá háit.................................................................................................

Ainm, slí bheatha, agus seola an duine a dhin no tré n-ar dineadh an Tréigtheoir (no Nea-láithreach gan cead) do ghabháil agus

do chur i slán-chimeád............................................................................

Mion-innste sa bhfianaise ar ar coimiteáladh an Príosúnach, agus a thaisbeánann ce'ca thug sé suas é féin no gabhadh é agus conus agus cadé an scór ar ar dineadh amhlaidh.

Tugtar na mion-innste is iomlaíne is féidir

...........................................

Deimhním leis seo gur dineadh an Príosúnach do cheistniú go cuibhe im' fhianaise-se i dtaobh na nithe a ráitear anso, agus gur fhaisnigh sé im' láthair gur              é ón gcór a luaidhtear thuas, agus molaim

 

 

 

............Sighniú.

............Áit Chomhnaithe

............Baile Puist

an Ghiúistís Dúithche a Choimitéalfidh.

luach saothair

do thabhairt do

...............Sighniú an Phríosúnaigh.

...............Sighniú an Innsteora.

Nó má dhin an Príosúnach admháil agus ná bheidh fianaise ar fáil an uair sin ar ce'ca fíor bréag an admháil sin—

Deimhním leis seo gur admhuigh an Príosúnach a hainmnítear thuas na nithe a ráitear thuas, ach ná fuil fianaise ar fáil ar ce'ca fíor bréag an admháil sin, agus gur cuireadh an cás ar athló go dtí an         lá de

........................Sighniú. ........................Ait Chomhnaithe. ........................Baile Puist.

chun an fhianaise sin d'fhail o Bhall den Ard-Chomhairle.

OCHTU SCEIDEAL.

Alt 180.


Foralacha i dtaobh Socru ar an Meid is Inioctha as Earrai a hEiliodh.

1. Fé réir forálacha an Sceidil seo is ar an gcuma a foráltar le Rialacha Cúirte a déanfar iarratas ar Bhreitheamh Cúirte Contae agus éistfidh an Breitheamh é gan Choiste, agus ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh a bhreithe.

2. Fé réir forálacha an Sceidil seo agus fé réir Rialacha Cúirte, nuair a déanfar an t-iarratas san gníomhóidh an Breitheamh do réir na dlí le n-a regleáltar feidhmiú a ghnáth-údaráis agus beidh aige na comhachtanna a bhaineann leis an bhfeidhmiú san.

3. Isé méid a socrófar leis an deimhniú ná pé méid is dó leis an mBreitheamh Cúirte Contae a bheadh ina luach cothrom, do réir an mhargaidh agus idir cheannathóir thoilteannach agus díoltóir toilteannach, ar an earra éilithe ar an lá a héilíodh é sholáthar, agus sa chás inar héilíodh ar únaer carráiste no capaill an t-earra do sheachada i bhfad o n-a áitreabh, cuirfar leis an méid sin pé suim is dó leis an mBreitheamh is réasúnta chun costas an tseachada san d'íoc.

4. Ní bheidh aon táillí Cúirte le n'íoc ar dhéanamh an iarratais, ach féadfidh an Breitheamh, más oiriúnach leis é, a ordú d'aon taobh pé suim is dó leis is ceart mar chostaisí d'íoc leis an taobh eile, agus cuirfar an tsuim sin leis an méid a shocruigh an Breitheamh Cúirte Contae mar luach ar an earra a héilíodh no bainfar as í, agus ceartófar dá réir sin an tsuim a bheidh le cur sa deimhniú.

5. Más mó ná an méid a luaidhtear sa deimhniú an méid a híoc an tAire cheana féin, deimhneoidh an Breitheamh Cúirte Contae méid na breise, agus ordóidh sé an méid a deimhníodh amhlaidh d'íoc leis an Aire, agus beidh an t-ordú san infheidhmithe díreach ar nós aithne no breith Bhreithimh Chúirte Contae.