38 1923

Uimhir 38.


ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923.


ACHT CHUN LEASÚ AGUS CO-DHLÚTHÚ DO DHÉANAMH AR AN nDLÍ A BHAINEAS LE CLEACHTANNA CUIRPTHE AGUS CLEACHTANNA NEA-DHLEATHACHA AGUS DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN EILE DO CHOSC I dTOGHACHÁIN DO DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN CLEACHTANNA AGUS DROCH-BHEARTA DEN tSÓRT SAN DO CHOSC I dTOGHACHÁIN DO SHEANAD ÉIREANN AGUS I REFERENDUM, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [8adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Cleachtanna Cuirpthe.

Miniú ar chleacht cuirpthe.

1. —(1) Cialluíonn an focal “cleachtanna cuirpthe,” mar a húsáidtear san Acht so é, aon cheann de sna cíontaí adeirtar san alt so a bheith ina chleacht chuirpthe, agus éinne a dhéanfidh aon cheann de sna ciontaí sin beidh sé ciontach i gcleacht cuirpthe.

(2) Is cleachtanna cuirpthe na ciontaí seo a leanas, mar a mínítear iad níos iomláine sna hailt seo a leanas den Chuid seo den Acht so, sé sin le rá:—

(a) breabaireacht,

(b) pearsanáil,

(c) traeteáil,

(d) imirt chomhachta mhí-chuíosach.

(3) Is cleachtanna cuirpthe leis na ciontaí seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) cabhrú, sprioca no comhairliú chun cionta na pearsanála do dhéanamh, no an cionta san do chur á dhéanamh;

(b) ráiteas d'fhoillsiú roimh Dháil-toghachán no Seanadtoghachán, no le n-a linn, i dtaobh iarrthóir do tharrac siar sa toghachán agus a fhios ag an té d'fhoillsigh é gur ráiteas bréagach é.

Miniú ar bhreabaireacht.

2. —Tuigfar na daoine seo a leanas a bheith ciontach i mbreabaireacht agus féadfar pionós do chur ortha dá réir sin:—

(1) Gach éinne a dhéanfidh, díreach no nea-dhíreach, uaidh féin no tré éinne eile thar a cheann, aon airgead no comaoine luachmhar no aon oifig, ionad no fostaíocht do thabhairt no do thabhairt ar iasacht, no a dhéanfidh marga chun an céanna do thabhairt no do thabhairt ar iasacht, no a ofrálfidh no a gheallfidh é, no a gheallfidh é d'fháil no tabhairt fé n-a fháil d'aon vótálaí no i gcóir aon vótálaí, no d'aon duine no i gcóir aon duine thar ceann aon vótálaí no d'aon duine eile no i gcóir aon duine eile, chun aon vótálaí do thabhairt chun vótáil, no chun vótáil ar aon tslí áirithe no chun staona o vótáil, no a dhéanfidh ar shlí chuirpthe aon ghníomh den tsórt san roimh-ráite mar gheall ar gur vótáil an vótálaí sin no gur votáil sé ar aon tslí áirithe no gur staon sé o vótáil in aon toghachán;

(2) Gach éinne a dhéanfidh, díreach no nea-díreach, uaidh féin no tré éinne eile thar a cheann, aon bhronna, tabhairtar-iasacht, ofráil, geallúint, fáil no marga den tsórt san roimhráite d'aon duine no i gcóir éinne d'fhonn an duine sin do thabhairt, chun a chur in áirithe no chun tabhairt fé n-a chur in áirithe go ndéanfar éinne áirithe do thogha chun fónamh san Oireachtas, no chun vóta aon vótálaí d'fháil no tabhairt fé n-a fháil in aon toghachán;

(3) Tar éis no de bharr aon bhronna, tabhairt-ar-iasacht, ofrála, geallúna, fála, no margaidh den tsórt san gach éinne a dhéanfidh togha éinne áirithe chun fónamh san Oireachtas do chur in áirithe no vóta aon vótálaí d'fháil in aon toghachán no a thógfidh air féin no a gheallfidh an céanna do dhéanamh no a thabharfidh fé;

(4) Gach éinne a roimh-íocfidh no a íocfidh, no a chuirfidh fé ndeár go n-íocfar, aon airgead le héinne eile no chun úsáid éinne eile d'fhonn go gcaithfí an t-airgead san no aon chuid de ar bhreabaireacht in aon toghachán, no a íocfidh no a chuirfidh fé ndeár go n-íocfar aon airgead le héinne in íoc no in aisíoc aon airgid a caitheadh i bpáirt no go hiomlán ar bhreabaireacht in aon toghachán agus a fhios aige gur chuige sin an t-airgead san;

(5) Gach vótálaí a dhéanfidh, díreach no nea-dhíreach, roimh aon toghachán no le n-a linn, uaidh féin no tré éinne eile thar a cheann, aon airgead, bronntanas, iasacht, no comaoine luachmhar, no aon oifig, ionad no fostaíocht, do ghlaca dho féin no d'éinne eile, no marga no connra do chríochnú chuige sin, mar gheall ar vótáil no marga do dhéanamh chun vótáil ar shlí áirithe no mar gheall ar staona o vótáil no marga do dhéanamh chun staona o vótáil, no o vótáil ar shlí áirithe, in aon tóghachán;

(6) Gach éinne a dhéanfidh, tar éis aon toghacháin, díreach no nea-dhíreach, uaidh féin no tré éinne eile thar a cheann, aon airgead no comaoine luachmhar do ghlaca mar gheall ar éinne do bheith tar éis vótáil no staona o vótáil, no éinne eile do thabhairt chun vótáil no chun staona o vótáil, in aon toghachán;

(7) Gach éinne a dhéanfidh, díreach no nea-dhíreach, uaidh féin no tré éinne eile thar a cheann, ar shlí chuirpthe, éinne do mhealla no do thabhairt chun tarrac siar o bheith ina iarrthóir i nDáil-toghachán no i Seanad-toghachán, mar mhalairt ar aon bhronntanas, iasacht, íocaíocht, oifig, ionad no fostaíocht no mar mhalairt ar aon bhronntanas, iasacht, íocaíocht, oifig, ionad no fostaíocht do gheallúint;

(8) Gach éinne a tharraiceoidh siar o bheith ina iarrthóir i nDáil-toghachán no i Seanad-toghachán de dheascaibh é do mhealla no do thabhairt chuige sin mar adubhradh:

Ach ní bhainfidh an t-alt so ná ní léireófar é mar rud a bhaineann le haon airgead a híocfar no a socrófar a íoc in íoc no ar cuntas aon chostaisí dlí fé n-a raghfar bona fide in aon toghachán no mar gheall ar aon toghachán.

Míniú ar phearsanáil.

3. —Gach éinne a dhéanfidh, i dtoghachán páipeur ballóide d'iarraidh in ainm duine éigin eile, pe'ca ainm duine bheo no ainm duine mhairbh no ainm duine bhréige an ainm sin, no a dhéanfidh, tar éis vótáil aon uair amháin i dtoghachán, páipeur ballóide d'iarraidh ina ainm féin sa toghachán chéanna, beidh sé ciontach i gcionta na pearsanála.

Míniú ar thraeteáil.

4. —(1) Einne a dhéanfidh, ar shlí chuirpthe, uaidh féin no tré éinne eile, roimh thoghachán no le n-a linn no ina dhiaidh, díreach no nea-dhíreach, aon bhia, deoch, féasta no lón do thabhairt no do sholáthar, no a íocann go hiomlán no go leathrannach as na nithe sin do thabhairt no do sholáthar, d'éinne no i gcóir éinne, chun an duine sin no éinne eile do mhealla chun a vóta do chaitheamh no staona ó n-a vóta do chaitheamh sa toghachán, no mar gheall ar an duine sin no éinne eile do bheith tar éis vótáil no staona o vótáil, no mar gheall ar é do bheith chun vótáil no staona o vótáil sa toghachán san, beidh sé ciontach i dtraeteáil.

(2) Gach toghthóir a ghlacfidh no a thógfidh, ar shlí chuirpthe, aon bhia, deoch, féasta no lón den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt roimhe seo, beidh seisean ciontach i dtraeteáil leis.

Míniú ar imirt chomhachta mhíchuíosach.

5. —Gach éinne a dhéanfidh, díreach no nea-dhíreach, uaidh féin no tré éinne eile thar a cheann, aon fhórsa, éigean, no cosc d'imirt no do bhagairt ar dhuine ar bith no a dhéanfidh uaidh féin no tré éinne eile, aon díobháil, damáiste, dochar no díth, saolta no spirideálta, d'imirt no do bhagairt ar dhuine ar bith, d'fhonn an duine sin do thabhairt no d'éigniú chun vótáil no chun staona o vótáil in aon toghachán no chun tarrac siar o bheith ina iarrthóir in aon toghachán, no mar gheall ar an duine sin do bheith tar éis vótáil no tar éis staona o vótáil no tar éis bheith no tarrac siar o bheith ina iarrthóir in aon toghachán, no a dhéanfidh, le fuadach, le héigean, no le haon chleas no seift chalaoiseach aon toghthóir do chosc no do thoirmeasc ar feidhm do bhaint as an reacht-shaoirse gan aon chosc, no aon toghthóir d'éigniú no do mhealla no do thabhairt chun a vóta do thabhairt no staona ó n-a vóta do thabhairt in aon toghachán, no a dhéanfidh, le fuadach, le héigean no le haon chleas no seift chalaoiseach, aon duine do chosc no do thoirmeasc ar bheith ina iarrthóir i dtoghachán, no aon duine d'éigniú, do mhealla no do thabhairt chun tarrac siar o bheith ina iarrthóir i dtoghachán, beidh sé ciontach i gcomhacht d'imirt go mí-chuíosach.

Pionóisí mar gheall ar chleachtanna cuirpthe.

6. —(1) Einne a dhéanfidh cleacht cuirpthe nách pearsanáil, ná cabhrú ná sprioca ná comhairliú chun cionta na pearsanála do dhéanamh, ná an cionta san do chur á dhéanamh, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, príosúntacht do thabhairt do, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná bliain.

(2) Einne a dhéanfidh cionta na pearsanála no cabhrú no sprioca no comhairliú chun cionta na pearsanála do dhéanamh no an cionta san do chur á dhéanamh—

(a) an chéad uair a dhéanfa sé é, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, príosúntacht do thabhairt do, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách giorra ná dhá mhí agus nách sia ná dhá mhí dhéag, agus fíneáil nách mó ná céad púnt do chur air;

(b) an dara huair no aon uair ina dhiaidh sin a dhéanfa sé é, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, príosúntacht do thabhairt do, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách giorra ná sé mhí agus nách sia ná dhá mhí dhéag, agus fíneáil nách mó ná céad púnt do chur air, no, ar a fháil ciontach tar éis é do dhíotáil, príosúntacht do thabhairt do, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách giorra ná sé mhí agus nách sia ná dhá mhí dhéag, no é do chur chun piantseirbhíse ar feadh téarma trí mblian, agus, i gceachtar den dá chás san, fíneáil nách mó ná dhá chéad púnt do chur air.

(3) Einne a gheobhfar ciontach in aon chleacht cuirpthe, (i dteanta na bpíonóisí a luaidhtear sna fo-ailt roimhe seo) beidh sé, ar feadh tréimhse seacht mblian ón dáta ar a bhfuighfar ciontach é, gan bheith ábalta ar—

(a) bheith cláruithe mar Dháil-toghthóir, mar Sheanadtoghthóir ná mar thoghthóir Rialtais Áitiúla; ná

(b) vótáil i nDáil-toghachán, i Seanad-toghachán ná i dtoghachán Rialtais Áitiúla ná i Referendum; ná

(c) vótáil i dtoghachán i gcóir aon oifige puiblí; ná

(d) aon oifig phuiblí ná oifig bhreithiúntais do shealbhú; agus má bhíonn aon oifig phuiblí no oifig bhreithiúntais ar seilbh ag éinne den tsórt san ar an dáta ar a bhfuighfar ciontach é, siúd an oifig sin folamh láithreach.

(4) Einne a gheobhfar ciontach in aon chleacht cuirpthe (i dteanta na bpionóisí agus na mí-chumais a luaidhtear sna fo-ailt roimhe seo) beidh sé, ar feadh tréimhse seacht mblian ón dáta ar a bhfuighfar ciontach é, gan bheith ábalta ar bheith ina bhall de Dháil Éireann ná de Sheanad Éireann ná d'aon Údarás Áitiúil ná ní féadfar é do thogha chun an chéanna agus má bhíonn sé, ar an dáta ar a bhfuighfar ciontach é, ina bhall de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann no d'aon údarás áitiúil no má bhíonn sé tar éis bheith tofa chun an chéanna scuirfe sé, ón dáta san, de bheith ina bhall den chéanna agus ón dáta san beidh a thogha chun an chéanna gan brí.

(5) San alt so cialluíonn an focal “oifig phuiblí” duine do bheith ina bhall d'aon údarás áitiúil, agus cialluíonn an focal “oifig bhreithiúntais” oifig gach breithimh gurb é Ionadaí na Coróinneach a chaithfidh é do cheapa, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, do réir Airtiogal 68 de Bhunreacht Shaorstáit Éireann.

Iarrthóir a bheidh ciontach i gcleachtanna cuirpthe do bheith fé mhícháilíocht.

7. —(1) Aon uair a thuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruthuíodh gur dineadh cleacht cuirpthe i dtaobh aon toghacháin i gcóir aon Tighe den Oireachtas ag no i bhfios d'aon iarrthóir sa toghachán san no le n-a thoil ní féadfar an t-iarrthóir sin do thogha chun an Oireachtais go bráth ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall den Oireachtas go bráth, agus má toghadh é chun aon Tighe den Oireachtas beidh a thogha gan brí agus beidh sé leis fé sna mí-chumais chéanna fé n-a mbeadh sé dá bhfuighfí ciontach i gcleacht cuirpthe é ar dháta na tuairisce.

(2) Aon uair a thuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruthuíodh go raibh aon ghníomhaire d'iarrthóir, i dtoghachán chun aon Tighe den Oireachtas, tar éis cleacht cuirpthe do dhéanamh i dtaobh an tóghacháin sin ní féadfar an t-iarrthóir sin do thogha chun an Oireachtais, ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall den Oireachtas, go ceann tréimhse seacht mblian o dháta na tuairisce sin agus má toghadh chun aon Tighe den Oireachtas é beidh a thogha gan brí.

CUID II.

Cleachtanna Nea-dhleathacha.

Fostú an iomad daoine no íocaíocht ró-mhór do bheith ina chleacht neadhleathach.

8. —(1) Ach amháin mar a ceadófar do réir an Achta so, ní fostófar éinne ag iarrthóir i dtoghachán, ná tré n-a ghníomhaire, in aon ghnó a bhaineas le stiúra no bainistí an toghacháin sin, thar an uimhir mhaximum de dhaoine a húdaruítear leis an Acht so a fhostú sa ghnó san.

(2) Ach amháin mar a ceadófar do réir an Achta so, ní híocfar aon tsuim ag iarrthóir i dtoghachán, ná tré n-a ghníomhaire, chun aon chríche a bhaineann le stiúra no bainistí an toghacháin sin, thar an méid maximum a húdaruítear leis an Acht so a íoc chun na críche sin.

(3) Aon iarrthóir no gníomhaire toghacháin a ghníomhóidh, go feasach do féin, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

Ní dleathach do dhaoine coiscthe votáil.

9. —(1) Einne a vótálfidh no a mheallfidh éinne chun vótáil i dtoghachán no a chuirfidh ina luighe air é do dhéanamh agus a fhios aige go bhfuil coiscthe air no ar an duine sin, pe'ca leis an Acht so é no le haon Acht eile, vótáil sa toghachán san, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Ach ní bheidh iarrthóir freagharthach ná ní cuirfar a thogha ar nea-mbrí mar gheall ar aon chleacht nea-dhleathach fén Acht so a dhéanfidh a ghníomhaire marab é a ghníomhaire toghacháin an gníomhaire sin.

Cleacht neadhleathach isea duine do vótáil gan teideal no duine do vótáil níos mó ná uair amháin.

10. —(1) Gach éinne a vótálfidh i dtoghachán agus gan ar a chumas vótáil sa toghachán san, mar a faisnítear leis an Acht so no fé, no le haon Acht eile no fé, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Gach éinne a vótálfidh níos mó ná aon uair amháin i dtoghachán (pe'ca i ndáilcheanntar amháin é no i roinnt dáilcheanntar) beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach in ainneoin a ainm do bheith ar chlár na dtoghthóirí.

(3) An Chúirt gur ina láthair a gheobhfar duine ciontach fén alt so i dtaobh vótáil níos mó ná aon uair amháin i dtoghachán, féadfa sí, más deimhin léi nár cuireadh chun an duine sin an dara ceist a horduítear le fo-alt (1) d'alt 29 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), ar an dara hócáid no ar aon ócáid ina dhiaidh sin ar ar vótáil sé amhlaidh, féadfa sí aon mhí-chumas, a cuirfí ar an duine sin leis an Acht so mar gheall ar é d'fháil ciontach, do luíodú no do chur ar neamh-ní ar fad más dó léi gur ceart san do dhéanamh mar gheall ar na nithe speisialta a bhaineann leis an gcás.

E do bheith ina chleacht nea-dhleathach ráitisí bréagacha áirithe do dhéanamh i dtaobh iarrthóra.

11. —(1) Gach éinne a dhéanfidh no a fhoillseoidh, roimh aon toghachán no le n-a linn, d'fhonn go mbainfadh sé le togha aon iarrthóra sa toghachán san, aon ráiteas bréagach i dtaobh cáil no iompar an iarrthóra san, agus stiúrthóirí aon chóluchta no cumainn chorparálta a dhéanfidh no a fhoillseoidh aon ráiteas bréagach den tsórt san roimhráite roimh aon toghachán, no le n-a linn, agus chun na críche roimhráite, beid ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Ní bheidh éinne ciontach i gcleacht nea-dhleathach fén alt so má thaisbeánann sé go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint gur bhfíor, agus gur chreid sé gur bhfíor, an ráiteas a dhin no d'fhoillsigh sé.

(3) Ní bheidh iarrthóir freagarthach ná ní cuirfar a thogha ar nea-mbrí mar gheall ar aon chleacht nea-dhleathach fén alt so a dhin a ghníomhaire, ach nách é a ghníomhaire tóghacháin é, mara dtaisbeántar gur údaruigh no gur aontuigh an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin an gníomhaire eile sin do dhéanamh an chleachta nea-dhleathaigh sin, no gur íoc an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin as an ráiteas bréagach do chur timpeall, sé sin, an ráiteas gurb é an cleacht nea-dhleathach é, no mara dtuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruithuíodh gur cuireadh in áirithe go dtoghfí an t-iarrthóir sin de bharr, no gur mhór an chabhair chun é do thogha, an ráiteas bréagach san do dhéanamh no d'fhoillsiú.

(4) Einne 'na gcuirfar cionta ina leith fén alt so, agus fear no bean an duine sin, fé mar a bheidh, féadfid fianaise do thabhairt mar fhreagra ar an gcur-i-leith sin.

(5) Einne a dhéanfidh no a fhoillseoidh aon ráiteas bréagach den tsórt a luaidhtear san alt so féadfar é do chosc, le cosc, ar an ráiteas bréagach san no ar aon ráiteas bréagach den tsamhail chéanna do dhéanamh arís i dtaobh an iarrthóra san, agus chun cosc interim do dheona is leor cruthúnas prima facie ar bhreagaí an ráitis.

Iompar mí-rialta i dtionól do bheith ina chleacht nea-dhleathach.

12. —(1) Gach éinne a ghníomhóidh ar chuma mhírialta, i dtionól le n-a mbaineann an t-alt so, chun an gnó ar ar gairmeadh an tionól do chimeád gan déanamh, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Gach éinne a ghríosfidh daoine eile chun rud atá ina chionta fén alt so do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(3) Baineann an t-alt so le gach tionól polaiticeach puiblí dleathach a comórfar i ndáilcheanntar—

(a) idir an dáta ar a dtabharfar amach rit chun ball no baill de Dháil Éireann do thogha don dáilcheanntar san agus an lá tar éis an lá ar a gcomórfar an toghachán san; no

(b) idir dháta furógra a cheapfidh an lá chun Scanad-toghachán do chomóra agus an lá tar éis an lá ar a gcomórfar an toghachán san; no

(c) idir dháta furógra a cheapfidh an lá chun Referendum do thógaint agus an lá tar éis an lá ar a dtógfar an Referendum san.

Ainm agus seola an chlódóra do bheith ar gach placárd, etc.

13. —Beidh ar an aghaidh ar gach bille, placárd no postaeir a bhaineann le toghachán ainm agus seola a chlódóra agus a fhoillseora; agus éinne a chlóbhuailfidh, a fhoillseoidh no a phostálfidh no a chuirfidh fé ndeár go gclóbhuailfar, go bhfoillseofar no go bpostálfar aon bhille, placárd, no postaeir den tsórt san roimhráite agus gan ainm agus seola an chlódóra agus an fhoillseora ar an aghaidh air, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach más iarrthóir é no gníomhaire toghacháin d'iarrthóir agus marab iarrthóir é ná gníomhaire toghacháin d'iarrthóir féadfar fíneáil nách mó ná céad púnt do chur air ar a fháil ciontach ar an slí achmair.

Costaisí fé n-a raghaidh daoine gan údarás.

14. —(1) Ní dhéanfidh éinne seachas gníomhaire toghacháin d'iarrthóir dul fé chostaisí mar gheall ar thionóil phuiblí do chomóra ná mar gheall ar fhógraí, ciorcaláin no foillseacháin do chur amach chun togha aon iarrthóra i dtoghachán do chur ar aghaidh no do chur in áirithe mara mbeidh údarás i scríbhinn aige ón ngníomhaire toghacháin sin chun é do dhéanamh.

(2) Gach éinne a ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(3) Aon chostas fé n-a raghfar mar gheall ar aon ghnó den tsórt san roimhráite agus a húdaruíodh ag gníomhaire toghacháin an iarrthóra tabharfar cuntas air go cuibhe mar chuid de chostaisí toghacháin an iarrthóra.

An pionós a ghabhann le ciontacht i gcleacht nea-dhleathach.

15. —Gach éinne a bheidh ciontach i gcleacht nea-dhleathach, pe'ca fé aon cheann de sna hailt sin roimhe seo é no fé aon cheann de sna forálacha atá ina dhiaidh seo san Acht so, féadfar fíneáil nách mó ná céad púnt do chur air ar a fháil ciontach ar an slí achmair, agus ní féadfar é do chlárú mar Dháil-toghthóir, mar Sheanad-toghthóir ná mar toghthóir Rialtais Áitiúla ná ní fhéadfa sé vótáil in aon Dáil-toghachán, Seanad-toghachán ná toghachán Rialtais Áitiúla ná i Referendum go ceann tréimhse cúig mblian ón dáta ar a bhfuighfar ciontach é.

Beidh fé mhícháilíocht aon iarrthóir a bheidh ciontach i gcleacht neadhleathach.

16. —(1) Aon uair a thuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruthuíodh gur dineadh cleacht nea-dhleathach i dtaobh toghacháin i gcóir aon Tighe den Oireachtas ag no i bhfios d'aon iarrthóir sa toghachán san no le n-a thoil, ní féadfar an t-iarrthóir sin do thogha chun an Oireachtais ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall den Oireachtas go ceann tréimhse seacht mblian o dháta na tuairisce agus má toghadh é chun aon Tighe den Oireachtas beidh a thogha gan brí agus beidh sé, leis, fé sna mí-chumais chéanna fé n-a mbeadh sé dá bhfuighfí ciontach i gcleacht neadhleathach é ar dháta na tuairisce.

(2) Aon uair a thuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruthuíodh go raibh aon ghníomhaire d'iarrthóir, i dtoghachán chun aon Tighe den Oireachtas, tar éis cleacht nea-dhleathach do dhéanamh i dtaobh an toghacháin sin ní féadfar an t-iarrthóir sin do thogha chun Dáil Éireann, ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall de Dháil Éireann, an fhaid a leanfidh an tOireachtas san agus ní féadfar é do thogha chun Seanaid Éireann, ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall de Sheanad Éireann, roimh na céad-thoghacháin trí-bhliantúla eile chun an tSeanaid agus má toghadh é beidh a thogha gan brí.

Beidh caithteachas áirithe ina íocaíocht neadhleathach.

17. —Gach éinne a sholáthroidh airgead go feasach i gcóir aon íocaíochta atá contrárdha d'fhorálacha an Achta so, no i gcóir aon chostaisí fé n-ar chuathas sa bhreis ar aon mhéid maximum a ceaduítear leis an Acht so, no chun é do chur in ionad aon airgid a caitheadh mar íocaíocht no costaisí den tsórt san, beidh sé ciontach in íocaíocht nea-dhleathach mara gceaduítear do réir an Achta so an íocaíocht san do bheith ina heisceacht.

Beidh fostú áirithe neadhleathach.

18. —(1) Chun togha iarrthóra do chur ar aghaidh no do chur in áirithe in aon toghachán, ní déanfar éinne do thógaint in aimsir ná d'fhostú ar íocaíocht ná ar gheallúint íocaíochta chun aon chríche ná in aon ghnó de shaghas ar bith, ach amháin chun aon chrícheanna no gnóthaí a luaidhtear sa chéad chuid no sa dara cuid den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no chó fada agus údaruítear íocaíocht leis an gcéad chuid no leis an dara cuid den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Ach amháin mar a ceaduítear do réir an Achta so, má dintar éinne do thógaint in aimsir no d'fhostú contrárdha don alt so, pe'ca roimh thoghachán é no le n-a linn no ina dhiaidh, beidh an té a dhéanfidh é do thógaint in aimsir no d'fhostú ciontach i bhfostú nea-dhleathach, agus an té a tógadh in aimsir no a fostuíodh amhlaidh beidh sé sin leis ciontach i bhfostú nea-dhleathach má b'eol do gur contrárdha don dlí a tógadh in aimsir no a fostuíodh é.

Ní husáidfear áitribh áirithe mar sheomra coiste.

19. —(1) Ní húsáidfar aon áitreabh le n-a mbaineann an t-alt so ná aon chuid den áitreabh san mar sheomra coiste chun togha iarrthóra do chur ar aghaidh no do chur in áirithe in aon toghachán.

(2) Gach éinne a thógfidh ar cíos no a úsáidfidh aon áitreabh le n-a mbaineann an t-alt so no aon chuid d'aon áitreabh den tsórt san mar sheomra coiste den tsórt san roimhráite, beidh sé ciontach i gcíosú nea-dhleathach agus an té a chuirfidh ar cíos an t-áitreabh san no cuid de beidh sé ciontach i gcíosú neadhleathach má b'eol do go rabhthas chun an céanna d'úsáid mar sheomra coiste den tsórt san.

(3) Baineann an t-alt so leis na háithribh seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) aon áitreabh ina bhfuil sé údaruithe le ceadúnas aon deocha meisciúla do dhíol ina mórchoda no ina mionchoda (pe'ca ceadúnas chun ól san áitreabh an ceadúnas san no ceadúnas chun ól lasmuich den áitreabh); no

(b) aon áitreabh ina ndíoltar no ina soláthruítear aon deocha meisciúla do bhaill de chlub, no de chumann nách buan-chlub polaitíochta; no

(c) aon áitreabh ina ndintar aon tsaghas cothú, pe'ca bia no deoch é, do dhíol de ghnáth chun é do chaitheamh san áitreabh; no

(d) áitreabh aon bhun-scoile puiblí a gheibheann deontas páirliminteach bliantúil, no aon chuid d'aon áitreabh den tsórt san.

(4) Ní bhaineann an t-alt so le haon chuid d'aon áitreabh den tsórt san roimhráite a cuirtar ar cíos de ghnáth mar sheomraí gnótha no mar oifigí no chun tionóil phuiblí do chomóra no eadarascáin do dhéanamh ionta, má tá bealach fé leith isteach sa chuid sin agus gan aon bhealach díreach idir é agus aon chuid den áitreabh ina ndíoltar no ina soláthruítear aon deocha meisciúla no cothú mar adubhradh.

Píonós mar gheall ar íoc, fostú, no cíosú neadhleathach.

20. —(1) Ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar fineáil nách mó ná céad púnt do chur ar dhuine a bheidh ciontach i gcionta íoc, fostú, no cíosú do dhéanamh go nea-dhleathach.

(2) Aon iarrthóir no gníomhaire toghacháin d'iarrthóir a bheidh ciontach go pearsanta i gcionta íoc, fostú, no cíosú do dhéanamh go nea-dhleathach, beidh sé ciontach i gcleacht neadhleathach.

Cosaint d'éilitheoirí fiacha.

21. —Na forálacha san den Acht so a choisceann íocaíochtaí agus connartha íocaíochta áirithe, agus íoc aon tsuime, agus dul fé aon chostas thar maximum áirithe, ní dhéanfid difir do cheart aon éilitheora fiacha a bhí, nuair a dineadh an connra no a chuathas fén gcostas, in ainbhfios ar an gcéanna do bheith contrárdha don Acht so.

CUID III.

Chun Pearsanail do Chosc.

Féadfidh iarrthóir Dála gníomhairí pearsanála do cheapa.

22. —(1) Féadfidh gach iarrthóir i nDáil-toghachán in aon dáilcheanntar no gníomhaire an iarrthóra san éinne amháin do cheapa (dá ngairmtear gníomhaire pearsanála san Acht so) chun bheith i láthair, thar ceann an iarrthóra san, i ngach stáisiún vótaíochta i ngach áit vótaíochta sa dáilcheanntar chun cabhrú chun daoine do bhrath a bheidh ag déanamh cionta na pearsanála no ad iarraidh é do dhéanamh.

(2) Dhá uair déag a chluig ar a luíod roimh thosach na vótaíochta soláthróidh gach iarrthóir no a ghníomhaire don cheann comhrimh, i scríbhinn, ainmneacha na ngníomhairí pearsanála go léir a bheidh ceaptha fén alt so aige no thar a cheann maraon le hainm an stáisiúin vótaíochta a leagadh amach do gach gníomhaire pearsanála fé leith.

(3) Gach gníomhaire pearsanála a ceapfar go cuibhe fén alt so agus 'na dtabharfar fógra go cuibhe mar adubhradh i dtaobh a cheapa beidh teideal aige chun bheith sa stáisiún vótaíochta a leagadh amach do ar feadh aimsir iomlán na vótaíochta agus ar feadh leathuair a chluig roimhe sin agus ar feadh leathuair a chluig ina dhiaidh sin.

(4) An fhaid a bheidh an vótaíocht ar oscailt ní dhéanfidh aon ghníomhaire pearsanála an stáisiún vótaíochta a leagadh amach do d'fhágaint gan cead d'fháil ón oifigeach ceannais roimh ré ná gan gach clár, leabhar agus scríbhinn, in ar dhin sé aon nóta, scríobhadh no marc le linn na vótaíochta d'fhágaint ag an oifigeach ceannais agus tabharfar na cláir, na leabhair agus na scríbhinní sin thar n-ais do ar fhille chun an stáisiúin vótaíochta dho.

(5) Aon ghníomhaire pearsanála a fhágfidh stáisiún vótaíochta contrárdha don bhfo-alt sin roimhe seo, ní leigfar do fille chun an stáisiúin vótaíochta san go dtí go mbeidh deire leis an vótaíocht, agus, i dteanta aon phionóis eile, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar pionós do chur air nách mó ná trí mhí príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre.

Cara agus Eascara i referendum do cheapa.

23. —(1) Aon uair a iarrfar referendum fé Airtiogal 47 den Bhunreacht—

(a) féadfidh Dáil Éireann duine do cheapa chun bheith ina Chara don Bhille; agus

(b) más le Rún a rithfidh Seanad Éireann a hiarrfar an referendum féadfidh Seanad Éireann duine do cheapa chun bheith ina Eascara don Bhille; agus

(c) más le hAchuinge a hiarrfar an referendum, féadfidh na baill de Dháil Éireann no na baill de Sheanad Éireann 'nar cuireadh an Bille ar fionnraoi ar a n-iarratas do réir Airtiogail 47 den Bhunreacht duine do cheapa chun bheith ina Eascara don Bhille.

(2) Beidh ag gach duine den bheirt, an Cara agus an Eascara, chun gníomhaire do cheapa i ngach dáilcheanntar i Saorstát Éireann, an chomhacht chéanna a bronntar leis an Acht so no leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , ar iarrthóir i nDáil-toghachán sa dáilcheanntar san, agus gach foráil den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , a bhaineann le hiarrthóir i nDáil-toghachán do cheapa gníomhaire, bainfe sí le Cara no Eascara do cheapa gníomhairí.

(3) Gach gníomhaire a cheapfidh Cara no Eascara beidh aige, laistigh den dáilcheanntar dá gceapfar é mar ghníomhaire, na comhachta céanna, chun fo-ghníomhairí, gníomhairí pearsanála agus daoine do cheapa chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna, agus a bronntar chuige sin leis an Acht so no leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 , ar iarrthóir no ar ghníomhaire iarrthóra i nDáil-toghachán sa dáilcheanntar san, agus gach foráil den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , a bhaineann le haon iarrthóir den tsórt san no a ghníomhaire do cheapa a leithéidí sin de ghníomhairí, de ghníomhairí pearsanála agus de dhaoine eile, agus na cirt, comhachtanna agus dualgaisí a bhaineann leis na daoine sin ar bheith ceaptha dhóibh amhlaidh, bainfid siad le n-a leithéidí sin de dhaoine ar bheith ceaptha dhóibh ag gníomhaire Carad no Eascarad.

(4) San alt so cialluíonn an focal “Bille” an Bille 'na dtógfar referendum mar gheall air.

Gníomhairí pearsanála i Seanad-toghacháin.

24. —(1) I Seanad-toghachán, socróidh ceann comhrimh gach dáilcheanntair cá mhéid duine (nách lú ná seisear) a fhéadfidh bheith i láthair thar ceann na n-iarrthóirí le linn comhreamh na vótanna sa dáilcheanntar sa mhéid gurb é an ceann comhrimh sin a dhéanfidh an comhreamh san.

(2) Féadfidh gach iarrthóir i Seanad-toghachán no aon ghrúpa de sna hiarrthóirí sin duine do cheapa chun bheith i láthair thar a cheann no thar a gceann le linn comhreamh na vótanna i ngach dáilcheanntar.

(3) Nuair is mó an méid daoine a ceapfar fén alt so, chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna, ná an méid a bheidh socair ag an gceann comhreamh i gcóir an chomhrimh sin, leigfidh an ceann comhrimh isteach i láthair an chomhrimh sin—

(a) gach éinne (má bhíonn éinne) a cheapfidh grúpa d'iarrthóirí nách lú a n-uimhir ná uimhir na n-iarrthóirí gur mian leo daoine do cheapa i gcóir an chomhrimh sin, ach an uimhir sin do roinnt le huimhir na ndaoine ar ar shocruigh an ceann comhrimh i gcóir an chomhrimh sin; agus

(b) daoine a roghfar le crannchur as na daoine eile a ceapfar fén alt so, oiread agus is leor chun an uimhir sin do dhéanamh suas a bheidh socair ag an gceann comhrimh i gcóir an chomhrimh sin.

(4) Gach achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh iarrthóir no gníomhaire iarrthóra i nDáil-toghachán do cheapa daoine chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna thar ceann an iarrthóra san bainfid, sa mhéid ná beidh na hachtacháin sin bunoscionn leis an alt so, le hiarrthóirí i Seanad-toghachán do cheapa a leithéidí sin de dhaoine fén alt so.

Lucht pearsanála do ghabháil.

25. —(1) Le linn d'aon duine bheith ag tairsgint a vóta i dtoghachán no aon uair tar éis do vótáil agus roimh fhágaint na háite vótaíochta dho, má dhineann aon ghníomhaire pearsanála a bheidh i láthair go dleathach san áit vótaíochta san, a fhaisnéis don cheann comhrimh no d'oifigeach ceannais go gcreidean sé go fírinneach agus go dtógfa sé air féin a chruthú go bhfuil an duine sin ag déanamh cionta na pearsanála no go bhfuil sé tar éis é do dhéanamh, ordóidh an ceann comhrimh no an t-oifigeach ceannais sin do chonstábla póilíneachta an duine sin do ghabháil mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh.

(2) Má bhíonn cúis réasúnta ag an gceann comhrimh no ag aon oifigeach ceannais chun a chreidiúint go bhfuil cionta na pearsanála á dhéanamh no déanta ag aon duine a iarrfidh no d'iarr páipeur ballóide, féadfidh an ceann comhrimh no an t-oifigeach ceannais sin, sara bhfághfidh an duine sin an áit vótaíochta, a ordú do chonstábla póilíneachta an duine sin do ghabháil mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh.

(3) Déanfidh aon chonstábla póilíneachta, gan aon bharántas, gach duine a ordóidh an ceann comhrimh no oifigeach ceannais do a ghabháil, mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh, a ghabháil ar an gcúis sin.

(4) Féadfidh aon chonstábla póilíneachta gabháil do dhéanamh, gan aon bharántas, ar éinne a gheobhaidh an constábla póilí neachta san ag déanamh cionta na pearsanála no a chreidfidh an constábla póilíneachta san a bheith tar éis an cionta san do dhéanamh.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis a ghabhála déanfar gach éinne a gabhfar fén alt so do thabhairt i láthair Giúistís Dúithche agus deighleálfar leis do réir na dlí agus féadfar é do choinneáil i gcimeád go dtí go bhféadfar é do thabhairt i láthair Giúistís Dúithche ar an gcuma san.

(6) Aon ghabháil a húdaruítear leis an alt so, féadfar í do dhéanamh in aon áit, pe'ca laistigh no lasmuich d'áit vótaíochta é.

Pionós mar gheall ar chúis bhréagach pearsanála do thabhairt i gcoinnibh duine.

26. —(1) Aon uair a gabhfar aon duine fén Acht so de dheascaibh gníomhaire pearsanála á chur i leith an duine sin gur dhin sé cionta na pearsanála, agus ná tiocfidh an gníomhaire pearsanála i láthair an Ghiúistís Dúithche agus an gearán do chur ar aghaidh no go bhfuighidh an Giúistís Dúithche an duine sin nea-chiontach sa chionta do dhéanamh agus go bhfuighe sé gur dhin an gníomhaire pearsanála an gearán gan chúis réasúnta ná dóthanach, féadfidh an Giúistís, ar a iarraidh sin don té a gearánadh amhlaidh ach ní dá éamuis sin, a ordú don ghníomhaire pearsanála pé suim d'íoc leis an duine sin is ceart d'íoc mar éiric, dar leis an nGiúistís Dúithche, ach gan í do dhul thar £20, agus nuair a híocfar an tsuim sin go cuibhe déanfidh an té do gearánadh amhlaidh í do ghlaca mar shásamh iomlán i ngach éileamh uaidh mar gheall ar an ngearán san agus mar gheall ar a ghabháil agus a choinneáil ar an ngearán san.

(2) Ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile, síbhialta ná coiriúil, i gcoinnibh aon chinn chomhrimh ná oifigigh cheannais mar gheall ar ghabháil a dineadh ar éinne le n'ordú gan mailís mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh.

CUID IV.

Leathscealacha agus Eisceachtai Maidir le Cleachtanna Cuirpthe, etc.

Tuairisc ag saora an iarrthóra i gcásanna áirithe in ar dhin a ghníomhairí cleachtanna cuirpthe agus cleachtanna nea-dhleathacha.

27. —Aon uair a thuairisceoidh cúirt toghacháin go raibh iarrthóir ciontach, tré n-a ghníomhairí, i dtraeteáil agus in imirt chomhachta mhí-chuíosach agus i gcleacht nea-dhleathach no in aon chionta dhíobh san agus fós gur chruithuigh an t-iarrthóir don chuirt—

(a) nár dhin an t-iarrthóir ná a ghníomhaire toghacháin aon chleacht cuirpthe ná nea-dhleathach sa toghachán san agus gur i gcoinnibh orduithe an iarrthóra san no a ghníomhaire thoghacháin agus gan cead uatha agus i gan fhios dóibh a dineadh na ciontaí a luaidhtear sa tuairisc sin; agus

(b) gur thug an t-iarrthóir sin agus a ghníomhaire toghacháin gach aireachas réasúnta chun ná déanfaí cleachtanna cuirpthe ná nea-dhleathacha sa toghachán san; agus

(c) gur rudaí suaracacha, nea-tháchtacha, teoranta na ciontaí a luaidhtear sa tuairisc sin; agus

(d) go raibh an toghachán saor ar gach slí eile o aon chleacht cuirpthe no nea-dhleathach ar thaobh an iarrthóra san agus a ghníomhairí;

ní bheidh togha an iarrthóra san gan brí ná ní bheidh an t-iarrthóir fé aon mhí-chumas fén Acht so de dheascaibh na gciontaí a luaidhtear sa tuairisc sin.

Comhacht ag an Ard-Chúirt agus ag cúirt toghacháin gníomh nea-chiontach d'eisceacht o bheith ina chleacht neadhleathach, etc.

28. —Má dintar, tar éis iarratas do dhéanamh, a thaisbeáint don Ard-Chúirt no do chúirt toghacháin, le pé fianaise a fhéachann don Chúirt a bheith dóthanach—

(a) go mbeadh ina chleacht, ina íocaíocht, ina fhostú no ina chíosú nea-dhleathach mara mbeadh an t-alt so, aon ghníomh no faillí ag iarrthóir in aon tóghachán, no ag á ghníomhaire toghacháin no ag aon ghníomhaire no duine eile, toisc gurbh íocaíocht, tógaint-in-aimsir, fostú, no connra contrárdha don Acht so é no toisc gurbh íoc suime no dul fé chostas thar aon mhéid maximum a ceaduítear leis an Acht so é, no toisc é do bheith contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an Achta so ar aon tslí eile; agus

(b) gur tré nea-thabhairt-fé-ndeara no tré mhí-thuairimíocht chinniúnach a dineadh an gníomh no an fhaillí sin no tré aon chúis réasúnta eile den tsamhail sin, agus nách aon easba macántachta fé ndeár é ar aon chuma; agus

(c) gur tugadh, sa dáilcheanntar dar comóradh an toghachán, pé fógra i dtaobh an iarratais is oiriúnach dar leis an gcúirt;

agus má chítar don Chúirt gur rud ceart sa chás gan an t-iarrthóir agus an gníomhaire toghacháin agus an gníomhaire eile agus an duine eile, ná éinne acu, d'fhulang aon cheann de sna hiarsmaí do leanfadh, fén Acht so, as an ngníomh no faillí sin, féadfidh an Chúirt ordú do dhéanamh chun leigint don ghníomh no don bhfaillí sin bheith ina eisceacht o fhorálacha an Achta so, forálacha do dhéanfadh den chéanna, mara mbeadh an t-órdú san, cleacht, íocaíocht, fostú no cíosú nea-dhleathach, agus leis sin beidh an t-iarrthóir, an gníomhaire no an duine sin gan bheith fé aon cheann de sna hiarsmaí do leanfadh, fén Acht so, as an ngníomh no as an bhfaillí sin.

CUID V.

Costaisi Dail-toghachain.

Gníomhaire toghacháin d'ainmniú.

29. —(1) Ar an lá deireanach chun ainmniúcháin do ghlaca i nDáil-toghachán, no roimhe sin, ainmneofar duine ag gach iarrthóir no thar a cheann mar ghníomhaire dho i gcóir an toghacháin sin (dá ngairmtear an gníomhaire toghacháin san Acht so).

(2) Féadfidh iarrthóir é féin d'ainmniú mar ghníomhaire toghacháin agus leis sin beidh sé, chó fada is leigfidh an cás é, fé fhorálacha an Achta so mar iarrthóir agus mar ghníomhaire toghacháin, agus aon tagairt atá san Acht so do ghníomhaire toghacháin léireofar í mar thagairt don iarrthóir ag gníomhú mar ghníomhaire toghacháin.

(3) Ar an lá deireannach chun ainmniúcháin do ghlaca, no roimhe sin, faisneoidh gach iarrthóir, no duine éigin eile thar a cheann, ainm agus seola a ghníomhaire toghacháin don cheann chomhrimh i scríbhinn, agus láithreach ina dhiaidh sin tabharfidh an ceann comhrimh fógra puiblí i dtaobh ainm agus seola gach gníomhaire toghacháin a fhaisníodh amhlaidh.

(4) Ní ceapfar ach aon ghníomhaire toghacháin amháin do gach iarrthóir, ach féadfar an ceapa d'athghairm, pe'ca an t-iarrthóir féin no a mhalairt an gníomhaire toghacháin do ceapadh, agus má dintar an ath-ghairm sin no má fhaghann an gníomhaire sin bás, pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no ina dhiaidh, sa chás san déanfar láithreach gníomhaire toghacháin eile do cheapa agus a ainm agus a sheola d'fhaisnéis i scríbhinn don cheann chomhrimh, agus tabharfidh seisean fógra puiblí láithreach i dtaobh an chéanna.

Leas-ghníomhaire toghacháin d'ainmniú mar fho-ghníomhaire.

30. —(1) I gcás na nDáil-toghachán a luaidhtear chuige sin sa chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfidh gníomhaire toghacháin d'iarrthóir an méid leas-ghníomhairí a luaidhtear ansan do cheapa (leas-ghníomhairí dá ngairmtear fo-ghníomhairí san Acht so) chun gníomhú laistigh de cheanntair dhefriúla vótaíochta.

(2) Maidir le nithe i gceanntar vótaíochta féadfidh an gníomhaire toghacháin gníomhú tríd an bhfo-ghníomhaire don cheanntar san, agus éinní a déanfar, chun crícheanna an Achta so, ag an bhfo-ghníomhaire, no leis, ina cheanntar féin tuigfar gur dineadh é ag an ngníomhaire toghacháin no leis, agus aon ghníomh no faillí a dhéanfidh fo-ghníomhaire agus a bheadh, dá mba eisean an gníomhaire toghacháin, ina chleacht nea-dhleathach no ina chionta eile i gcoinnibh an Achta so, beidh sé ina chleacht nea-dhleathach agus ina chionta i gconnibh an Achta so a dhin an fo-ghníomhaire agus féadfar pionós do chur ar an bhfo-ghníomhaire dá réir sin; agus beidh an t-iarrthóir fén mí-chumas céanna fé n-a mbeadh sé dá mb'é gníomh no faillí an ghníomhaire thoghacháin an gníomh no an fhaillí sin.

(3) Lá amháin glan roimh an lá a ceapfar chun an vótaíocht do thógaint faisneoidh an gníomhaire toghacháin ainm agus seola gach fo-ghníomhaire don cheann chomhrimh i scríbhinn, agus láithreach ina dhiaidh sin tabharfidh an ceann comhrimh fógra puiblí i dtaobh ainm agus seola gach fo-ghníomhaire a faisníodh amhlaidh.

(4) Ní thuitfidh ceapa fo-ghníomhaire ar lár tríd an ngníomhaire toghacháin do cheap é do scur de bheith ina ghníomhaire toghacháin, ach an té is gníomhaire toghacháin don iarrthóir de thurus na huaire féadfa sé an ceapa d'athghairm, agus má dintar an ath-ghairm sin no má fhaghann fo-ghníomhaire bás féadfar fo-ghníomhaire eile do cheapa agus faisneofar a ainm agus a sheola i scríbhinn don cheann chomhrimh láithreach agus tabharfidh seisean fógra puiblí láithreach i dtaobh an chéanna.

Oifig an ghníomhaire thoghacháin agus an fho-ghníomhaire.

31. —(1) Beidh ag gníomhaire toghacháin i nDáil-toghachán, laistigh den dáilcheanntar, no laistigh d'aon chontae cathrach no baile teoranta leis, no, i gcás dáilcheanntair phríomh-scoile, sa chathair ina bhfuil an phríomh-scoil suidhte, agus beidh ag fo-ghníomhaire laistigh dá cheanntar, no laistigh d'aon chontae cathrach no baile teoranta leis, oifig no áit chun a bhféadfar gach éileamh, fógra, rit, gairm agus scríbhinn do chur, agus faisneofar don cheann chomhrimh seola na hoifige no na háite sin san aon am ina bhfaisneofar ceapa an ghníomhaire sin do, agus cuirfar síos é sa bhfógra puiblí a tabharfar i dtaobh ainm an ghníomhaire.

(2) Aon éileamh, fógra, rit, gairm, no scríbhinn a seachadfar ag an oifig no an áit sin agus seola an ghníomhaire no an fhoghníomhaire air, pe'ca aca é, tuigfar gur seirbheáladh air é agus in aon chúirt 'na bhfuil údarás aici sa chathair, sa bhaile no sa chontae ina bhfuil an oifig no an áit sin suidhte féadfar dlí do chur ar gach gníomhaire den tsórt san i dtaobh éinní a bhaineann leis an toghachán ina bhfuil sé ag gníomhú.

Connartha a déanfar tré ghníomhaire toghacháin.

32. —(1) Déanfidh an té is gníomhaire toghacháin d'iarrthóir uaidh féin no tré n'fho-ghníomhaire gach gníomhaire pearsanála, cléireach agus teachtaire do cheapa a fostófar ar íocaíocht thar ceann an iarrthóra i dtoghachán agus gach seomra coiste do thógaint ar cíos a tógfar ar cíos thar ceann an iarrthóra.

(2) Aon chonnra tré n-a raghfar fé chostaisí ar son no i dtaobh stiúra no bainistí toghacháin ní féadfar é do chur i bhfeidhm i gcoinnibh iarrthóra sa toghachán san marab é an t-iarrthóir féin no a ghníomhaire toghacháin a dhin é uaidh féin no tré n'fho-ghníomhaire; ach ní dhéanfidh an neamh-ábaltacht fén alt so, i dtaobh an chonnartha san d'fheidhmiú i gcoinnibh an iarrthóra, an t-iarrthóir do shaora o sna hiarsmaí a leanfidh as a ghníomhaire do dhéanamh aon chleachta chuirpthe no neadhleathaigh.

Íocfar costaisí tríd an ngníomhaire toghacháin.

33. —(1) Ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so no dá réir, ní dhéanfidh iarrthóir i nDáil-toghachán ná ní dhéanfidh aon ghníomhaire thar ceann an iarrthóra aon íoc ná roimh-íoc d'íoc ná éarlais do chur síos mar gheall ar aon chostaisí fé n-a raghfar ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin, ach amháin tré ghníomhaire toghacháin an iarrthóra, ag gníomhú i bpearsain no tré fho-ghníomhaire; agus gach airgead a sholáthróidh éinne seachas an t-iarrthóir i gcóir aon chostaisí fé n-a raghfar ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin, pe'ca mar bhronntanas, mar iasacht, mar roimh-íoc no mar éarlais, íocfar é leis an iarrthóir no le n-a ghníomhaire toghacháin agus ní le héinne eile:

Ach ní tuigfar baint do bheith ag an alt so le héarlais do réir Alt 20 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ) ná le haon tsuim a íocfidh éinne as a chuid airgid féin mar gheall ar aon mhion-chostas fé n-ar chuaidh sé féin go dleathach, mara n-aisíocfar an tsuim sin leis.

(2) Einne a íocfidh aon íoc, roimh-íoc no éarlais contrárdha don alt so no a íocfidh contrárdha don alt so aon airgead a soláthrófar mar adubhradh beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

Tréimhse chun éilithe do chur isteach agus chun costaisí toghacháin d'íoc.

34. —(1) Gach íoc a dhéanfidh gníomhaire toghacháin, uaidh féin no tré fho-ghníomhaire, mar gheall ar aon chostaisí fé n-ar chuathas ar son no i dtaobh stiúra no bainistí Dáil-toghacháin, deimhneofar é le bille mion-innste agus le hadmháil ach amháin nuair is lú ná dachad scilling é.

(2) Gach éileamh a déanfar i gcoinnibh iarrthóra i nDáiltoghachán no i gcoinnibh a ghníomhaire toghacháin mar gheall ar aon chostaisí fé n-ar chuathas ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin agus ná cuirfar isteach chun an ghníomhaire thóghacháin laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so dúnfar amach é agus ní híocfar é; agus lasmuich d'aon eisceacht a ceadófar do réir an Achta so, aon ghníomhaire toghacháin a íocfidh-éileamh contrárdha don achtachán so beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(3) Ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so, sí an aimsir a teorantar leis an Acht so chun éilithe do chur isteach ná cheithre lá déag tar éis an lá ar a bhfaisneofar na hiarrthóirí a toghadh do bheith tofa.

(4) Gach costas fé n-a raghaidh iarrthóir i nDáil-toghachán no fé n-a raghfar thar a cheann agus gur ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin a raghfar fútha, íocfar iad laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so agus ní haon uair eile; agus lasmuich d'aon eisceacht a ceadófar do réir an Achta so, aon ghníomhaire toghacháin a dhéanfidh íoc contrárdha don bhforáil seo beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(5) Ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so, sí aimsir a teorantar leis an Acht so chun costaisí den tsórt san roimhráite d'íoc ná ocht lá fichead tar éis an lá ar a bhfaisneofar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí a toghadh do bheith tofa.

(6) Má thuairiscíonn an chúirt toghacháin gur chruthuigh an t-iarrthóir don chúirt sin gur gan cead ón iarrthóir sin no i gan fhios do a dhin gníomhaire toghacháin aon íoc contrárdha don alt so, ní bheidh togha an iarrthóra san gan brí, ná ní leor chun é do chur fé aon mhí-chumas fén Acht so an t-íoc san do bheith déanta contrárdha don alt so.

(7) Má dhineann an gníomhaire toghacháin i gcás aon éilimh a cuireadh isteach chuige laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so an t-éileamh san do chur in imreasán, no diúltú d'é d'íoc no faillí do thabhairt in é d'íoc laistigh den tréimhse sin an ocht lá fichead, tuigfar an t-éileamh san do bheith ina éileamh in imreasán.

(8) Féadfidh an t-éilitheoir, más oiriúnach leis é, aicsean do bhunú in aon chúirt údarásach mar gheall ar éileamh in imreasán; agus aon tsuim a íocfidh an t-iarrthóir no a ghníomhaire do réir breithe no ordú a dhéanfidh an chúirt sin tuigfar gur híocadh é laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so agus gur eisceacht i ó sna forálacha den Acht so a orduíonn don ghníomhaire toghacháin éilithe d'íoc.

(9) Ar chúis do thaisbeáint chun sástachta don Ard-Chúirt féadfidh an chúirt sin, le hordú, ar iarratas an éilitheora no ar iarratas an iarrthóra no a ghníomhaire toghacháin, cead do thabhairt d'iarrthóir no dá ghníomhaire toghacháin éileamh, in imreasán no éileamh ar aon chostaisí den tsórt san roimhráite d'íoc, bíodh gur cuireadh isteach é tar éis na haimsire a luaidhtear san alt so chun éilithe do chur isteach no bíodh gur isteach chun an iarrthóra a cuireadh é agus nách chun an ghníomhaire thoghacháin.

(10) Aon tsuim a luadhfar san ordú ceada féadfidh an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin í d'íoc, agus nuair a híocfar í do réir an cheada san tuigfar gur híocadh í laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so.

Eileamh i gcoinnibh iarrthóra do chur fé scrúdú.

35. —Má bunuítear aon aicsean in aon chúirt údarásach chun éileamh in imreasán do bhaint d'iarrthóir i nDáil-toghachán, no dá ghníomhaire toghacháin, i dtaobh aon chostaisí fé n-ar chuathas ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin, agus má admhuíonn an cosantóir a fhreagarthacht ach go gcuirfe sé méid an éilimh in imreasán, déanfar an méid sin, mara n-ordóidh an chúirt a mhalairt ar iarratas an ghearánaí, do chur go dtí an máistir, an réiteoir oifigiúil, an clárathóir no oifigeach ceart eile den chúirt láithreach chun é do scrúdú, agus an méid a gheobhfar a bheith dlite, de bharr an scrúduithe sin, sín é an méid a bheidh le baint amach san aiscean son mar gheall ar an éileamh san.

Costaisí pearsanta iarrthóra agus mionchostaisí.

36. —(1) Féadfidh an t-iarrthóir i nDáil-toghachán aon chostaisí pearsanta fé n-a ragha sé ar son no í dtaobh no a' los an toghacháin sin suas go dtí méid nách mó ná céad púnt d'íoc ach isé a ghníomhaire toghacháin a íocfidh aon chostaisí pearsanta eile fé n-a ragha sé ar an gcuma san.

(2) Cuirfidh an t-iarrthóir chun an ghníomhaire thoghacháin, laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so chun éilithe do chur isteach, cuntas scríbhte ar mhéid na gcostaisí pearsanta d'íoc an t-iarrthóir sin mar adubhradh.

(3) Féadfidh éinne, ach údarás scríbhte do bheith aige chuige o ghníomhaire thoghacháin an iarrthóra, aon chostaisí riachtanacha páipeurachta, postais, telegramanna, agus mion-chostaisí eile d'íoc suas go dtí oiread ar fad is ná raghaidh thar an méid a bheidh luaidhte san údarás, ach isé an gníomhaire toghacháin a íocfidh éinní sa bhreis ar an méid sin.

(4) Déanfar cuntas mion-innste ar an íoc a dhin aon duine a húdaruíodh amhlaidh do chur chun an ghníomhaire thoghacháin laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so chun éilithe do chur isteach agus deimhneofar é le bille ina mbeidh admháil an duine sin.

Luach saothair don ghníomhaire thoghacháin.

37. —Chó fada is leigfidh an cás é, bainfidh an tAcht so le héileamh o ghníomhaire thoghacháin ar a luach saothair agus le n-a íoc san díreach fé is dá mb'aon éilitheoir eile fiach é, agus má eiríonn aon easaontas i dtaobh méid an éilimh sin, beidh an t-éileamh ina éileamh in imreasán do réir brí an Achta so, agus deighleálfar leis dá réir.

Cuntas agus faisnéis i dtaobh costaisí toghacháin.

38. —(1) Laistigh de chúig lá déag ar fhichid tar éis an lae ar a bhfaisneofar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí a toghadh i nDáiltoghachán do bheith tofa, cuirfidh gníomhaire toghacháin gach iarrthóra sa toghachán san ag triall ar an gceann comhrimh cuntas fírinneach (dá ngairmtear san Acht so cuntas i dtaobh costaisí toghacháin), sa bhfuirm orduithe, ina mbeidh, maidir leis an iarrthóir sin—

(a) ráiteas ar gach íoc a dhin an gníomhaire toghacháin, maraon le gach bille agus admháil (billí agus admhála a foluítear san Acht so sa bhfocal “cuntas i dtaobh costaisí toghacháin”);

(b) ráiteas ar mhéid na gcostaisí pearsanta d'íoc an t-iarrthóir, más ann dóibh;

(c) ráiteas ar gach éileamh eile in imreasán is eol don ghníomhaire thoghacháin;

(d) ráiteas ar gach éileamh neamh-íoctha, atá, má tá aon cheann, ar eolas ag an ngníomhaire toghacháin, agus 'na bhfuiltar tar éis no ar tí iarratas do chur fé bhráid na hArd-Chúirte ina thaobh;

(e) ráiteas ar gach airgead, urrús, agus ní is ionann agus airgead a fuair an gníomhaire toghacháin ón iarrthóir no o éinne eile i gcóir costaisí fé n-ar chuathas no 'na rabhthas chun dul fútha ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin, maraon le hainm gach duine o n-a bhfuarthas an céanna.

(2) Beidh i dteanta an chuntais a cuirfar ag triall ar an gceann comhrimh faisnéis a dhéanfidh an gníomhaire toghacháin i bhfianaise Giúistís Dúithche no Coimisinéara Síochána sa bhfuirm orduithe (faisnéis dá ngairmtear san Acht so faisnéis i dtaobh costaisí toghacháin).

(3) Má ainmnigh an t-iarrthóir é féin mar ghníomhaire toghacháin do féin déanfar ráiteas ar gach airgead, urrús agus ní is ionann agus airgead, dar íoc an t-iarrthóir, do chur sa chuntas a orduíonn an t-alt so don ghníomhaire thoghacháin a chur ag triall ar an gceann comhrimh in ionad a leithéide de ráiteas ar airgead, urrús agus ni is ionann agus airgead a fuair an gníomhaire toghacháin ón íarrthóir; agus an fhaisnéis sin ón ghníomhaire toghaoháin i dtaobh costaisí toghacháin ní gá í do dhéanamh agus atharofar ar an gcuma orduithe an fhaisnéis ón iarrthóir i dtaobh costaisí toghacháin.

(4) San am gcéanna ina gcuirfidh an gníomhaire an cuntas san chun an chinn chomhrimh, no laistigh de sheacht lá ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-iarrthóir no cuirfe sé fé ndeár go gcuirfar chun an chinn chomhrimh faisnéis a dhéanfa sé i bhfianaise Giúistís Dúithche no Coimisinéara Síochána sa bhfuirm orduithe (faisnéis dá ngairmtear san Acht so faisnéis i dtaobh costaisí toghacháin).

(5) Más rud é i gcás Dáil-toghacháin i gcóir aon dáilcheanntair ná cuirfar an cuntas agus na faisnéisí sin chun an chinn chomhrimh roimh dheire na haimsire a teorantar chuige sin, ní dhéanfidh an t-iarrthóir, tar éis deire na haimsire sin, suidhe ná vótáil sa Dáil mar bhall don dáilcheanntar san go dtí go gcuirfar an cuntas agus na faisnéisí sin chun an chinn chomhrimh no go dtí an dáta ar a lomhálfar leathscéal údaruithe do ghabháil mar gheall ar gan an céanna do chur chun an chinn chomhrimh, mar a luaidhtear san Acht so, agus má shuidheann no má vótálann sé contrárdha don achtachán so caillfe sé, ar phróiseacht ón Ard-Aturnae, céad púnt in aghaidh gach lá a shuidhfidh no a vótálfa sé amhlaidh.

(6) Má dhineann iarrthóir no gníomhaire toghacháin, gan leathscéal údaruithe mar a luaidhtear san Acht so, faillí sna nithe a horduítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcleacht neadhleathach.

(7) Má innseann iarrthóir no gníomhaire toghacháin éitheach toiliúil sa bhfaisnéis a horduítear leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta, agus ar a fháil ciontach ann tar éis a dhíotála, féadfar an pionós a ghabhann le mionn bréagach toiliúil cuirpthe do chur air; tuigfar an cionta san do bheith ina chleacht chuirpthe, leis, do réir brí an Achta so.

(8) I gcás an t-iarrthóir do bheith lasmuich de Shaorstát Éireann agus an cuntas san á chur ag triall ar an gceann comhrimh mar sin, féadfa sé an fhaisnéis a horduítear leis an alt so do dhéanamh laistigh de cheithre lá déag tar éis fille go Saorstát Éireann do, agus sa chás san cuirfar an fhaisnéis ag triall ar an gceann comhrimh láithreach, ach ní dhéanfidh an mhoill a húdaruítear leis seo an gníomhaire toghacháin do shaora o fhorálacha an Achta so do chó-líona maidir leis an gcuntas agus leis an bhfaisnéis i dtaobh costaisí toghacháin.

(9) Má dhineann an Ard-Chúirt, tar éis dáta an chuntais i dtaobh costaisí toghacháin do chur chun an chinn chomhrimh, cead do thabhairt chun aon éilithe d'íoc cuirfidh an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin chun an chinn chomhrimh, laistigh de sheacht lá tar éis a n-íoctha san, cuntas ar na suimeanna a híocadh do réir an cheada san maraon le cóip den ordú cúirte le n-ar tugadh an cead, agus mara ndéanfa sé amhlaidh tuigfar gur theip air na nithe a horduítear leis an alt so do dhéanamh agus san gan leathscéal údaruithe mar a luaidhtear san Acht so.

Leathscéal údaruithe mar gheall ar neachó-líona na bhforálacha i dtaobh cuntais agus faisnéise i dtaobh costaisí toghacháin.

39. —(1) Mara ndintar an cuntas agus na faisnéisí i dtaobh costaisí toghacháin iarrthóra i nDáil-toghachán i gcóir aon dáilcheanntair do chur chun an chinn chomhrimh mar a horduítear leis an Acht so, no má dineadh san agus go raibh earráid no ráiteas bréagach ionta, ansan—

(a) má leagann an t-iarrthóir iarratas fé bhráid na hArd-Chúirte no cúirte toghacháin agus go dtaisbeánfa sé gurbh é rud ba bhun le gan an cuntas agus na faisnéisí sin, no aon cheann acu, no aon chuid díobh, do chur chun an chinn chomhrimh, no ba bhun le haon earráid no ráiteas bréagach ionta, ná é do bheith breoite, no a ghíomhaire toghacháin no a fho-ghníomhaire no aon chléireach no oifigeach leis an ngníomhaire sin do bheith as láthair, no do bheith tar éis bháis, no breoite, no mí-iompartha, no nea-thabhairt-fé-ndeara no aon chúis réasúnta den tsórt san, agus nách aon easba macantachta ar an iarratasóir fé ndeár é; no

(b) má leagann gníomhaire toghacháin an iarrthóra iarratas fé bhráid na hArd-Chúirte no cúirte toghacháin agus go dtaisbeánfa sé gurbh é rud ba bhun le gan an cúntas agus na fáisnéisí sin do chur chun an chinn chomhrimh a bhí ceangailte air a chur ag triall air, no ba bhun le haon earráid no ráiteas bréagach ionta, ná é do bheith breoite no bás no breoiteacht aon ghníomhaire thoghacháin a bhí i bhfeidhmeanas an iarrthóra roimhe no aon fho-ghníomhaire, cléireach, no oifigeach do ghníomhaire don iarrthóir do bheith as láthair no do bheith tar éis bháis, no breoite no mí-iompartha, no neathabhairt-fé-ndeara no aon chúis réasúnta den tsórt san, agus nách aon easba macántachta ar an iarratasóir é;

féadfidh an chúirt, tar éis pé fógra is oiriúnach léi i dtaobh an iarratais sa dáilcheanntar san agus tar éis pé fianaise is oiriúnach léi ar na forais a ráitear san iarratas agus ar mhacántacht an iarratais do bheith tabhartha i láthair agus tar éis pé ní eile a bheith déanta is oiriúnach léi, pé ordú do dhéanamh, a chítar don chúirt a bheith ceart, chun leathscéal údaruithe do lomháil i dtaobh na faillí a tugadh sa chuntas agus sa bhfaisnéis sin do chur chun an chinn chomhrimh no i dtaobh aon earráide no ráitis bhréagaigh sa chuntas agus sa bhfaisnéis sin.

(2) Má chítar don chúirt gur dhin aon duine atá no a bhí ina ghníomhaire thoghachán no ina fho-ghníomhaire diúltú no faillí i dtaobh déanamh pé cuntais no soláthar pé mion-innste a chuirfadh ar chumas an iarrthóra agus a ghníomhaire thoghacháin fé seach forálacha an Achta so do chó-líona leis an gcuntas agus leis an bhfaisnéis i dtaobh costaisí toghacháin déanfaidh an chúirt, sara ndéanfa sí ordú ag lomháil an leathscéil mar a luaidhtear san alt so, a ordú don duine sin teacht i láthair na cúirte agus, ar theacht i láthair do, mara dtaisbeánfa sé cúis chun a mhalairt, ordóidh sí dho an cúntas agus an fhaisnéis do dhéanamh, no ráiteas do sheachada ar na mion-innste is gá a bheith sa chuntas, fé mar a chífar don chúirt a bheith ceart, agus an céanna do dhéanamh agus do sheachada laistigh de pé aimsir agus do pé duine agus ar pé cuma a ordóidh an chúirt no féadfa sí a ordú go scrúdófar é i dtaobh na mion-innste sin agus má fhágann sé aon ordú den tsórt san gan chó-líona féadfa sí a ordú dho fíneáil nách mó ná cúig céad púnt d'íoc.

(3) Féadfidh an t-ordú an lomháil do dhéanamh ar choiníoll go ndéanfar an cuntas agus an fhaisnéis i bhfuirm atharuithe no laistigh d'aimsir bhreise agus go gcó-líonfar pé téarmaí eile is dó leis an gcúirt is fearr chun cuspóirí an Achta so do chur in éifeacht; agus déanfidh ordú lomhálta leathscéil údaruithe an té d'iarr an t-ordú do shaora o aon bhaol no iarsmaí fén Acht so a leanfadh as an ní a maithfar leis an ordú; agus má chruthuíonn an t-iarrthóir don chúirt gur gan cead ón iarrthóir agus i gan fhios do a dhin an gníomhaire toghacháin aon ghníomh no faillí a dhin sé maidir leis an gcuntas agus leis an bhfaisnéis i dtaobh costaisí toghacháin, agus gur thug an t-iarrthóir gach aire réasúnta chun an gníomh no an fhaillí sin do chosc, saorfidh an chúirt an t-iarrthóir o iarsmaí an ghnímh no na faillí sin a dhin a ghníomhaire toghacháin.

(4) Dáta lomhálta an leathscéil isea a gairmtear san Acht so de dháta an orduithe no má bhíonn coiníollacha agus téarmaí le có-líona, den dáta ar a mbeid có-líonta go hiomlán ag an iarratasóir.

Foillsiú achmaireachta ar chuntas na gcostaisí toghacháin.

40. —(1) Laistigh de dheich lá tar éis do cuntas i dtaobh costaisí toghacháin d'fháil o ghníomhaire toghacháin iarrthóra, foillseoidh an ceann comhrimh i nDáil-toghachán, i dhá bpáipeur ar a luíod dá léitear sa dáilcheanntar dar comóradh an toghachán, fógra i dtaobh an ama agus na háite ina bhféadfar an cuntas agus na faisnéisí (maraon leis na scríbhinní a ghabhann leo) d'iniúcha.

(2) Déanfar an cuntas agus na faisnéisí (maraon leis na scríbhinní a ghabhann leo) a chuir gníomhaire toghacháin ag triall ar an gceann comhrimh do chimeád in oifig an chinn chomhrimh no in áit éigin chaothúil a cheapfa sé sin, agus ar gach uair réasúnta i rith an dá bhliain tar éis don cheann chomhrimh iad d'fháil féadfidh éinne iad d'iniúcha ach táille scillinge d'íoc agus déanfidh an ceann comhrimh, má iarrtar san air, cóipeanna dhíobh no d'aon chuid díobh do sholáthar ar dhá phingin an dá fhocal déag is trí fichid. Ar bheith istigh don dá bhliain sin féadfidh an ceann comhrimh a chur fé ndeár go ndítheofar an cuntas agus na faisnéisí sin (maraon leis na scríbhinní a ghabhann leo) no, má iarann an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin san, déanfa sé an céanna do thabhairt thar n-ais don iarrthóir.

CUID VI.

Gniomhairi Toghachain i Seanad-Toghachain.

Iarrthóir i Seanad-toghachán do cheapa gníomhaire toghacháin.

41. —(1) Beidh ag iarrthóir i Seanad-toghachán an chomhacht chéanna chun gníomhaire toghacháin do cheapa a bronntar leis an Acht so no leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , ar iarrthóir i nDáil-toghachán.

(2) Na forálacha uile den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , i dtaobh iarrthóir i nDáil-toghachán do cheapa gníomhaire bainfid le hiarrthóir i Seanad-toghachán do cheapa gníomhaire ach iad d'atharú i dtreo—

(a) go ndéanfar tagartha a dintar sna forálacha don lá deireannach chun glactha ainmniúchán do léiriú mar thagartha don dara lá tar éis dáta an fhurógra le n-a gceapfar an lá ar a ndéanfar an Seanad-toghachán;

(b) gurb é Ceann Comhrimh an tSeanaid an ceann comhrimh dá dtabharfar fógra i dtaobh gníomhaire toghacháin do bheith ceaptha ag iarrthóir i Seanad-toghachán agus i dtaobh ainm agus seola agus oifig an ghníomhaire sin;

(c) ná beidh sé riachtanach fógra puiblí do thabhairt i dtaobh ceapa, ainm, seola no oifig ghníomhaire a bheidh ceaptha ag iarrthóir i Seanad-toghachán.

Cirt, dualgaisí agus comhachtanna gníomhairí i Seanad-toghachán.

42. —(1) Gach foráil den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , i dtaobh cearta, comhachtanna agus dualgaisí gníomhaire a bheidh ceaptha ag iarrthóir i nDáiltoghachán, bainfe sí le gníomhaire a bheidh ceaptha ag iarrthóir i Seanad-toghachán ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so.

(2) Ní tuigfar éinní san Acht so no san Acht Timpeal Toghachán, 1923 , do bheith ag tabhairt údaráis d'iarrthóir i Seanadtoghachán ná do ghníomhaire aon iarrthóra den tsórt san chun leas-ghníomhaire, fo-ghníomhaire, nó gníomhaire pearsanála do cheapa.

CUID VII.

Toghthoiri fe Mhi-chailiocht.

Liost sa chlár toghthóirí de dhaoine nách féidir dóibh vótáil toisc cleachtanna cuirpthe no neadhleathacha

43. —(1) Déanfidh an t-oifigeach clárathachta i ngach líomatáiste clárathachta gach bliain liost ar a mbeidh ainm agus tuairisc gach duine atá i dteideal a chláruithe mar Dháil-toghthóir no mar Sheanad-toghthóir no mar thoghthóir Rialtais Áitiúla ach nách féidir do, mar sin féin, vótáil i dtoghachán toisc go bhfuarthas ciontach é i gcleacht cuirpthe no nea-dhleathach trí n-a dhaora no tré thuairisc cúirte toghacháin, agus déarfidh an t-oifigeach clárathachta sa liost san (dá ngairmtear san Acht so “An Liost de Chleachtanna Cuirpthe agus Nea-dhleathacha”) an cionta in a bhfuarthas ciontach gach duine fé leith den tsórt san.

(2) Chun an liost san do dhéanamh amach scrúdóidh an t-oifigeach clárathachta tuairisc aon chúirte toghacháin a dhin fiosrúchán i dtaobh toghacháin a comóradh in aon dáilcheanntar i Saorstát Éireann.

(3) Foillseoidh an t-oifigeach clárathachta an liost de chleachtanna cuirpthe agus nea-dhleathacha ar an gcuma a horduítear leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , agus cuirfe sé cóip den liost san ag triall ar gach oifigeach clárathachta eile i Saorstát Éireann.

(4) Einne 'na mbeidh a ainm ar an liost de chleachtanna cuirpthe agus nea-dhleathacha féadfa sé a éileamh go mbuailfar a ainm amach as agus éinne a bheidh i dteideal cur i gcoinnibh aon ainm ar liostaí na dtoghthóirí mar ainm duine a dheabhruíonn bheith i dteideal a chláruithe sa líomatáiste clárathachta san féadfa sé cur i gcoinnibh ainm éinne áirithe do bhuala amach as an liost san, agus déanfar gach éileamh agus agóid den tsórt san do chur isteach agus do sheirbheáil agus deighleálfar leo laistigh den am chéanna agus ar an gcuma gcéanna ar gach slí ina gcaithfar éilithe agus agóidí i gcoinnibh liostaí na dtoghthóirí sa líomatáiste clárathachta san do chur isteach agus do sheirbheáil agus deighleáil leo fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , agus aon bhreith ar éileamh no ar agóid a déanfar fén bhfo-alt so féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh díreach mar is féidir a dhéanamh i gcás a leithéid eile sin de bhreith ar éileamh no ar agóid i gcoinnibh an liost roimhráite de thoghthóirí fén Acht roimhráite.

(5) Má cuirtar ar liostaí na dtoghthóirí ainm duine atá de dheascaibh a fháil ciontach i gcleacht cuirpthe no nea-dhleathach, gan bheith i dteideal a chláruithe no i dteideal vótála i dtoghachán, ní thabharfidh san teideal don duine sin chun cur i gcoinnibh aon duine eile áirithe do chlárú.

CUID VIII.

Ilghneitheach.

An tArd-Atúrnae do dhéanamh fiosrúchán i gcleachtanna cuirpthe no nea-dhleathacha adéarfar bhí ar siúl.

44. —Má tugtar eolas d'Ard-Atúrnae Shaorstáit Éireann go raibh aon chleachtanna cuirpthe no nea-dhleathacha ar siúl i dtaobh aon toghacháin beidh sé de dhualgas ar an Ard-Atúrnae pé fiosrúchán do dhéanamh agus pé imeachta do bhunú a chífar do is gá sa chás.

Deire do chur le mí-chumas má cruthuítear gur le mionn bréagach a cuireadh ar éinne é.

45. —I gcás aon duine do theacht fé aon mhí-chumas tré n-a dhaora no tré thuairisc cúirte toghacháin, agus i gcás aon fhínné a thug fianaise i gcoinnibh an duine sin fé mhí-chumas le linn na himeachta i gcóir an daora no na tuairisce sin d'fháil ciontach i mionn bréagach sa bhfianaisé sin, féadfidh an duine fé mhíchumas a iarraidh ar an Ard-Chúirt agus más deimhin leis an gCúirt sin gur ar mhionn bhréagach a bhí an daora no an tuairisc bunuithe sa mhéid gur bhaineadar leis an duine sin, féadfa sí a ordú go mbeidh deire leis an mí-chumas san as san amach agus beidh deire leis an gcéanna dá réir.

Pionós mar gheall ar dhíobháil do dhéanamh do bhoscaí ballóide no do pháipéirí ballóide.

46. —(1) Einne a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) bosca ballóide do thógaint gan údarás dleathach as cimeád cinn chomhrimh no oifigigh cheannais no éinne 'nar chuir ceann comhrimh an bosca ballóide sin go dleathach fé n-a chúram no ina chimeád; no

(b) aon bhosca ballóide do scrios, do mhille no do lot go mailíseach; no

(c) aon pháipeur ballóide do scrios, do straca no d'agha-lot go mailíseach; no

(d) samhail bhréagach den mharc oifigiúil do dhéanamh; no

(e) aon úirlis chun an marc oifigiúil do stampáil ar pháipéirí ballóide do thógaint chun siúil, do scrios no do lot. no aon aithris ar aon úirlis den tsórt san no aon tsamhail bhréaghach di do dhéanamh no do bheith ar seilbh aige;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná bliain, no ar a fháil ciontach tar éis é do dhíotáil féadfar príosúntacht do chuir air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná dhá bhliain, no pian-tseirbhís ar feadh aon tréimhse nách giorra ná trí bliana agus nách sia ná cúig bliana.

(2) Gach éinne a dhéanfidh—

(a) aon pháipeur ainmniúcháin do chlaon-sighniú no d'aghalot go calaoiseach no do scrios go calaoiseach, no aon pháipeur ainmniúcháin do sheachada don cheann comhrimh agus a fhios aige go bhfuil sé claon-sighnithe; no

(b) aon pháipeur ballóide no an mharc oifigiúil ar aon pháipeur ballóide do chlaon-chuma; no

(c) gan údarás cuibhe aon pháipeur ballóide do thabhairt d'éinne; no

(d) aon pháipeur do chur isteach in aon bhosca ballóide go calaoiseach seachas an páipeur ballóide 'na bhfuil údarás dlí aige chun é do chur isteach; no

(e) aon pháipeur ballóide do thógaint amach as an stáisiún vótaíochta go calaoiseach; no

(f) gan údarás cuibhe aon bhosca ballóide d'oscailt no baint leis in aon tslí eile;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná bliain no, ar a fháil ciontach tar éis é do dhíotáil, féadfar príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daoroibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná dhá bhliain, no piantseirbhís ar feadh aon tréimhse nách giorra ná trí bliana agus nách sia ná cúig bliana.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí áirithe i dtaobh clárathacthta.

47. —(1) Gach éinne a dhéanfidh faisnéis bhréagach i gcóir éilimh fé Rialacha 9 agus 10 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , chun clárú do dhéanamh mar Dháil-toghthóir, mar Sheanad-toghthóir no mar thoghthóir Rialtais Áitiúla, pe'ca dho féin no do dhuine éigin eile a bheidh an duine sin ag déanamh an éilimh sin, agus pe'ca ráiteas bréagach no fágaint ruda tháchtaigh ar lár a dhéanfidh faisnéis bréagach di, féadfar fíneáil nách lú ná £5 agus nách mó ná £20 do chur air ar a fháil ciontach ar an slí achmair ar a phróiseacht don cheann chomhrimh.

(2) Gach éinne a dhéanfidh d'aon ghnó díthiú, mí-chuma, scrios amach no aistriú ar aon fhógra, liost, cóip de chlár no scríbhinn eile a dhin oifigeach clárathachta a chur ar fáil i gcóir iniúchta no do phostáil suas no d'fhoillsiú ar aon tslí eile do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , féadfar fíneáil nách lú ná deich scillinge agus nách mó ná dachad scilling do chur air ar a fháil ciontach ar a phróiseacht don oifigeach clárathachta no do chonstábla póilíneachta.

Iarrthóir i Seanad-toghachán ag teacht fé mhí-cháilíocht le an toghacháin.

48. —(1) Má thagann aon iarrthóir i Seanad-toghachán fé mhí-cháilíocht ná leigfidh é do thogha chun Seanaid Éireann aon uair tar éis an ainm-liost d'iarrthóirí i gcóir an toghacháin sin do bheith curtha le chéile agus sara dtosnóidh an Ceann Comhrimh Seanadach ar na vótanna do caitheadh sa toghachán san do chomhreamh, nuair a befar ag comhreamh na vótanna a caitheadh sa toghachán san geobhfar thar na roghna do breacadh don iarrthóir sin.

(2) Má thagann aon iarrthóir i Seanad-toghachán fé mhícháilíocht ná leigfidh é do thogha chun Seanaid Éireann aon uair tar éis don Cheann Chomhrimh Seanadach tosnú ar chomhreamh na vótanna a caitheadh sa toghachán san agus sara mbeidh an comhreamh san críochnuithe aige, tabharfar aire chuibhe do sna roghna do breacadh don iarrthóir sin agus tar éis an chomhrimh sin má fachtar an t-iarrthóir sin a bheith tofa, áireofar aon iarrthóir amháin a bheith tofa sa bhreis ar an méid folúntaisí a bheidh le líona.

Na coiníollacha ar a bhféadfidh fostathóir cead do thabhairt dá bhfostaithe a gcuid oibre d'fhágaint chun dul ag vótáil

49. —Ni bheidh sé nea-dhleathach d'fhostathóir de dheascaibh éinní san Acht so leigint do thoghthóirí i bhfostaíocht aige an fhostaíocht san d'fhágaint ar feadh tamaill réasúnta chun vótáil i dtoghachán, gan éinní do bhaint as a dtuarastail no as a bpágh mar gheall ar bheith as láthair mar sin, má tugtar an cead san, sa mhéid gur féidir é do thabhairt gan dochar do ghnó an fhostathóra san, do gach éinne, mar a chéile, a bheidh ar fostú aige an uair sin, agus mara dtugtar an cead san d'fhonn éinne do mhealla chun a vóta do bhreaca d'aon iarrthóir áirithe sa toghachán san, agus mara n-eitítear é ar aon duine d'fhonn an duine sin do chimeád gan a vóta do bhreaca d'aon iarrthóir áirithe sa toghachán san.

Teideal ag Dáiliarrthóirí chun postais áirithe in aisce

50. —(1) Fé réir rialachán a dhéanfidh Aire an Phuist o am go ham, beidh teideal ag gach toghthóir i nDáil-toghachán chun aon chomaoineadóireacht phuist amháin do chur ag triall ar gach duine ar chlár toghthóirí an dáilcheanntair gan aon phostas d'íoc, ach gan baint a bheith aici ach leis an toghachán amháin agus gan í do bheith thar dhá únsa meáchainte.

(2) Ní bheidh teideal ag iarrthóir an ceart chun postais in aisce a bronntar leis an alt so do chur i bhfeidhm sara mbeidh sé ainmnithe go cuibhe mara mbeidh tabhartha aige pé urraiocht a éileoidh Aire an Phuist go ndéanfa sé, mara n-ainmnítear é, an postas d'íoc ar gach comaoineadóireacht a chuirfe sé chun siúil fén alt so.

(3) Chun crícheanna an ailt seo áireofar mar aon iarrthóir amháin iarrthóirí a tuigfar a bheith ina gcó-iarrthóirí fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Achuingíocha toghacháin i dtaobh Seanad-toghachán.

51. —Na hachtacháin a bhaineann le tíolaca agus triail achuingíocha toghacháin i dtaobh Dáil-toghachán bainfid le Seanad-toghacháin ach go ndéanfar na hatharuithe seo a leanas ortha, sé sin le rá:—

(a) féadfidh achuinge thoghacháin baint a bheith aici le haon dáilcheanntar amháin no le dhá dháilcheanntar no breis;

(b) féadfidh aon iarrthóir amháin no grúpa de bheirt no breis iarrthóirí achuinge thoghacháin i dtaobh Seanadtoghacháin do thíolaca.

Teora leis an aimsir chun próiseacht i dtaobh cionta.

52. —(1) Tosnófar ar imeacht do bhunú i gcoinnibh duine mar gheall ar chleacht cuirpthe no nea-dhleathach no aon chionta eile fén Acht so laistigh de bhliain tar éis an cionta do bheith déanta no, má dineadh an cionta i dtaobh toghacháin 'na mbeidh imeachta ar siúil i láthair cúirte toghacháin ina thaobh, tosnófar ar an imeacht laistigh de bhliain tar éis an cionta do bheith déanta no laistigh de thrí mhí tar éis tuairisc na cúirte sin a bheith déanta, pe'ca tréimhse dhíobh is déanaí 'na mbeidh deire léi ach go dtosnófar air laistigh de dhá bhliain tar éis an cionta do bheith déanta agus, i gcás aon imeachta fé sna hAchtanna Údaráis Achmair mar gheall ar aon chionta den tsórt san, pe'ca i láthair cúirte toghacháin é no ar a mhalairt de shlí déanfar an aimsir a teorantar leis an alt so do chur in ionad aon teorann aimsire a luaidhtear sna hAchtanna deiridh sin a luadhadh.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar tabhairt amach gairme, barántais, riteach, no próisis eile do bheith ina tosnú ar imeacht dlí má dintar seirbheáil no feidhmiú an chéanna ar an té adeirtar a chiontuigh do chosc tríd an té adeirtar a chiontuigh do theiche no do dhul i bhfolach no do dhéanamh gnímh, ach lasmuich de sin isí seirbheáil no feidhmiú an chéanna ar an té adeirtar a chiontuigh a tuigfar a bheith ina tosnú ar an imeacht agus ní hí ta bhairt amach an chéanna.

Daoine a cúiseofar i gcleacht cuirpthe féadfar iad d'fháil ciontach i gcleacht nea-dhleathach

53. —Einne a cúiseofar i gcleacht cuirpthe féadfar é d'fháil ciontach i gcleacht nea-dhleathach más ceaduithe san do réir staid an cháis (cionta a bheidh, chun na críche sin, ina chionta indíotálta) agus éinne a cúiseofar i gcleacht nea-dhleathach féadfar é d'fháil ciontach sa chionta san in ainneoin an gníomh gurb é an cionta san é do bheith ina chleacht chuirpthe, agus éinne a cúiseofar in íoc, fostú no cíosú nea-dhleathach féadfar é d'fháil ciontach sa chionta san in ainneoin an gníomh gurb é an cionta san é do bheith ina chleacht chuirpthe no nea-dhleathach.

Próiseacht ar an slí achmair, agus athchomharc chun ceathrú shiosóin.

54. —(1) Gach cionta fén Acht so 'na ngcobhadh pionós leis tar éis duine do dhaora ann ar an slí achmair féadfar é do phróiseacht ar an gcuma a foráltar leis na hAchtanna Údaráis Achmair.

(2) Einne a bheidh mí-shásta toisc gur dhin cúirt údaráis achmair é do dhaora i gcionta fén Acht so féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun siosóin ghenerálta no chun ceathrú shiosóin i gcoinnibh an daora san.

Foillsiú fógraí.

55. —Aon fhógra puiblí nách foláir do cheann chomhrimh a thabhairt do réir an Achta so tabharfar é ar an gcuma ina n-orduíonn an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , do fógra puiblí do thabhairt fén Acht san.

Mínithe.

56. —San Acht so agus sna Sceidil a ghabhann leis, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—

Cialluíonn an focal “Dáil-toghachán” toghachán chun ball no baill do thogha chun fónamh i nDáil Éireann agus foluíonn sé toghachán corra chó maith le toghachán generálta;

Cialluíonn an focal “Dáil-toghthóir” duine i dteideal chun votáil i nDáil-toghachán;

Cialluíonn an focal “Seanad-toghachán” toghachán chun Seanadóirí do togha chun fónamh i Seanad Éireann;

Cialluíonn an focal “Seanad-toghthóir” duine i dteideal chun vótáil i Seanad-toghachán;

Nuair a húsáidtear an focal “Toghachán” gan a rá cadé an saghas é foluíonn sé Dáil-toghachán, Seanad-toghachán agus Referendum;

Cialluíonn an focal “Cúirt Toghacháin” aon chúirt no binse bunuithe fé aon Acht den Oireachtas agus údarás aici chun curtha i leith, cúisithe, imreasáin no difríochtaí i dtaobh toghachán i gcoitinne no i dtaobh aon toghacháin áirithe no saghas áirithe toghachán, d'iniúcha, d'éisteacht no do shocrú no tuairisc do thabhairt ortha;

Cialluíonn an focal “Achtanna Údaráis Achmair” na hAchtanna uile i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann i dtaobh cúirteanna údaráis achmair;

Ní fholuíonn an focal “seomra coiste” aon tigh ná seomra, ar seilbh ag iarrthóir i dtoghachán mar chomhnaí mar gheall air seo amháin: an t-iarrthóir do bheith ag déanamh gnótha le n-a ghníomhairí ann i dtaobh an toghacháin sin; ná ní tuigfar aon tseomra ná foirgneamh do bheith ina sheomra choiste chun crícheanna an Achta so mar gheall air seo amháin: an t-iarrthóir no aon ghníomhaire don iarrthóir do thabhairt óráide ann do thoghthóirí, do lucht coiste, no do dhaoine eile;

Foluíonn an focal “costaisí pearsanta,” nuair a húsáidtear é i dtaobh caithteachais aon iarrthóra mar gheall ar aon toghachán, costaisí réasúnta taistil an iarrthóra san agus costaisí réasúnta a chomhnaithe i dtithe ósta no in áiteanna eile chun crícheanna an toghacháin sin agus ina thaobh;

Foluíonn an focal “Údarás Áitiúil” comhairle chontae, chontae-bhuirge no aon bhuirge eile, thuath-cheanntair no bhaile-cheanntair, bord caomhnóirí, baile-choimisinéirí aon bhaile, agus aon chólucht puiblí eile a bunófar le haon Scéim Chontae chun aon chuid d'fheidhmeanna aon chólucht díobh san atá luaidhte thuas do chó-líona, agus aon choiste no cóchoiste d'aon údarás no cólucht den tsórt san no a ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag aon údarás no cólucht den tsórt san;

Cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le hordú a dhin an tAire um Rialtas Áitiúil;

Cialluíonn an focal “toghachán Rialtais Áitiúla” toghachán chun ball no baill d'Údarás Áitiúil do thogha;

Foluíonn an focal “constábla póilíneachta” aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus aon bhall den Ghárda Síochána;

Foluíonn an focal “íocaíocht” aon luach saothair in airgead no ar aon tslí eile;

Foluíonn na focail “luach saothair in airgead” agus “airgead” aon oifig, ionad no fostaíocht, agus aon urraíocht luachmhar no có-mhaith eile airgid, agus aon chomaoine luachmhar;

Gach focal a bhaineann le clárú, le toghthóirí no le toghacháin agus a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear fós san Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , beidh an brí céanna leis atá leis an bhfocal san san Acht Timpeal Toghachán, 1923 , mara mínítear ar shlí éigin eile san Acht so é.

Athghairmeanna.

57. —(1) Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'ath-ghairm sa mhéid a háirítear sa tríú colún den Sceideal san, ach amháin sa mhéid go mbainid (má bainid in aon chor) le toghacháin eile seachas toghacháin Pháirliminteacha.

(2) Tuigfar gur tagartha don Acht so gach tagairt a dintar in aon reacht, ordú, rialachán, no riail d'aon cheann de sna hAchtanna a hath-ghairmtear i bpáirt no go hiomlán leis an Acht so, ach i gcás Achtanna a hath-ghairmtear i bpáirt leis an Acht so ní tuigfar amhlaidh ach sa mhéid go mbainid na tagartha san leis an gcuid sin dá leithéid sin d'Acht a hath-ghairmtear amhlaidh.

Gearr-Theideal.

58. —Féadfar an tAcht chun Droch-bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , do ghairm den Acht so.

AN CHÉAD SCEIDEAL.

CUID I.

Daoine ar fostú go dleathach ar íocaíocht.

1. Aon ghníomhaire toghacháin amháin agus gan a thuille.

2. I ndáilcheanntar contae aon leas-ghníomhaire toghacháin amháin (dá ngairmtear fo-ghníomhaire san Acht so) chun gníomhú laistigh de gach ceanntar vótaíochta, agus gan a thuille.

3. Aon ghníomhaire pearsanála amháin i ngach stáisiún vótaíochta agus gan a thuille.

4. I ndáilcheanntar buirge, roinnt cléireach agus teachtairí ná raghaidh a n-uimhir thar aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin in aghaidh gach cúig céad glan de thoghthóirí sa dáilcheanntar; agus má bhíonn aon uimhir de thoghthóirí ann sa bhreis ar aon chúig céad glan de thoghthóirí, ansan féadfar aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin d'fhostú in aghaidh na huimhreach san bíodh nách cúig céad glan í.

5. I ndáilcheanntar contae, don phrímh-sheomra coiste aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin in aghaidh gach cúig mhíle glan de thoghthóirí sa dáilcheanntar; agus má bhíonn aon uimhir de thoghthóirí ann sa bhreis ar aon chúig mhíle glan de thoghthóirí, annsan féadfar aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin d'fhostú in aghaidh na huimhreach san bíodh nách cuig mhíle glan í.

6. I ndáilcheanntar contae roinnt cléireach agus teachtairí, ná raghaidh a n-uimhir thar aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin in aghaidh gach ceanntair vótaíochta sa dáilcheanntar, no, i gcás breis is cúig céad toghthóir do bheith sa cheanntar vótaíochta, aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin in aghaidh gach cúig céad glan de thoghthóirí sa cheanntar vótaíochta, agus má bhíonn aon uimhir de thoghthóiri ann sa bhreis ar aon chúig céad glan no aon chúig céadtha glan de thoghthóirí annsan féadfar aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin d'fhostú in aghaidh na huimhreach san bíodh nách cúig céad glan í: Ach an méid cléireach agus teachtairí a lomhálfar mar sin in aon dáilcheanntar féadfar iad d'fhostú in aon cheanntar vótaíochta ina mbeidh gá le n-a seirbhís.

7. I ndáilcheanntar príomh-scoile, aon chléireach amháin in aghaidh gach míle glan de thoghthóirí sa dáilcheanntar; agus má bhionn aon uimhir de thoghthóirí ann sa bhreis ar aon mhíle glan de thoghthóirí, ansan féadfar aon chléireach amháin d'fhostú in aghaidh na huimhreach san bíodh nách míle glan í.

CUID II.

Costaisí Dleathacha sa Bhreis ar Chostaisí fé Chuid I.

1. Costaisí pearsanta na n-iarrthóirí.

2. Na costaisí clódóireachta, na costaisí fógraíochta agus na costaisí a bhaineann le díleagraí agus fógraí d'fhoillsiú, do thabhairt amach agus do roinnt.

3. Na costaisí páipeurachta, teachtaireachtaí, postais agus telegramanna.

4. Costaisí cruinnithe puiblí do chomóra.

5. I ndáilcheanntar buirge, costaisí aon tseomra choiste amháin, in aghaidh gach cúig céad glan de thoghthóirí sa dáilcheanntar; agus má bhíonn aon uimhir de thoghthóirí ann sa bhreis ar aon chúig céad glan de thoghthóirí, annsan costaisí aon tseomra choiste amháin in aghaidh na huimhreach san bíodh nách cúig céad glan í.

6. I ndáilcheanntar contae costaisí príomh-sheomra choiste agus, ina theanta san, costaisí roinnt seomraí coiste ná raghaidh a n-uimhir thar aon tseomra coiste amháin in aghaidh gach ceanntair vótaíochta sa dáilcheanntar; agus má bhíonn breis is cúig céad toghthóir i gceanntar vótaíochta féadfar aon tseomra coiste amháin sa bhreis do chíosú in aghaidh gach cúig céad glan de thoghthóirí sa cheanntar vótaíochta san sa bhreis ar an gcéad chúig céad.

7. I ndáilcheanntar príomh-scoile costaisí aon tseomra choiste amháin.

8. Costaisí nithe ilghnéitheacha seochas iad san a luaidhtear i gCuid I. agus sa Chuid seo den Sceideal so, ach mar sin féin san do bheith ar shlí ná raghfar fé chostaisí den tsórt san i dtaobh éinní ná ar aon chuma a bheadh ina chionta fén Acht so ná fé aon Acht eile ná i dtaobh aon ruda ná éinní 'na ndineann an tAcht so no aon Acht eile íocaíocht as do chosc go soiléir.

CUID III.

An Scála Maximum.

Na costaisí a luaidhtear i gCuideanna I. agus II. den Sceideal so agus nách costaisí pearsanta iad, agus an táille a íocfar, má íoctar é, leis an ngníomhaire toghacháin (agus ná raghaidh thar cúig púint déag is trí fichid i gcás toghacháin chontae ná thar deich bpúint is dachad i gcás toghacháin bhuirge, gan áireamh do dhéanamh, chun crícheanna na teorann san, ar aon chuid den táille a cuireadh mar chuid de sna costaisí is túisce a luaidhtear thuas) ní raghaid thar méid is ionann agus—

cúig pingine in aghaidh gach toghthóra ar an gclár, i gcás toghacháin chontae;

cheithre pingine in aghaidh gach toghthóra ar an gclár, i gcás toghacháin bhuirge.

I gcás beirt chó-iarrthóirí no breis do bheith i dtoghachán ’sé an méid maximum costaisí, i gCuideanna I., II. agus III. den Sceideal so, a lomhálfar do gach duine fé leith de sna có-iarrthóirí ná an méid a thiocfidh as maximum iarrthóra aonair do mhéadú fé n-a haon-go-leith agus a thora san do roinnt le huimhir na gcó-iarrthóirí.

CUID IV.

Generálta.

1. Chun crícheanna an Sceidil seo sé méid toghthóirí a bheidh i ndáilcheanntar no i gceanntar vótaíochta in aon toghachán ná an méid toghthóirí 'na mbeidh a n-ainmneacha ar an gclár de thoghthóirí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire don dáilcheanntar no don cheanntar san mar dhaoine i dteideal chun vótáil sa toghachán san.

2. Má ceaptar an t-aon ghníomhaire toghacháin amháin ag no thar ceann beirt no breis iarrthóirí i dtoghachán no má dhineann beirt no breis iarrthóirí, uatha féin no tré aon ghníomhaire no gníomhairí, na seomraí coiste céanna do chíosú no d'úsáid i gcóir an toghacháin sin no seirbhís na bhfo-ghníomhairí, na gcléireach, na dteachtairí, no na ngníomhairí vótaíochta céanna d'fhostú no d'úsáid sa toghachán san, no có-dhileagra no có-chiorcalán no có-fhógra d'fhoillsiú sa toghachán san, tuigfar chun crícheanna an achtacháin seo gur có-iarrthóirí sa toghachán san na hiarrthóirí seo:

Ach—

(a) Ní tuigfar gur leor chun có-iarrthóirí do dhéanamh de dhaoine an t-aon tseomra coiste, fo-ghníomhaire, cléireach, teachtaire no gníomhaire toghacháin amháin do bheith ar fostú no in úsáid acu, más go cinniúnach no go nea-thuairimeach a thárla san no más rud suarach gan puinn brí an fostú no an úsáid sin.

(b) Ní dhéanfidh éinní san achtachán so iarrthóirí do chosc ar scur de bheith ina gcó-iarrthóirí.

AN DARA SCEIDEAL.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-Theideal.

Méid na hAthghairme.

13 &14 Vic. c. 69.

Acht Ionadaíocht na nDaoine (Éirinn), 1850.

Ailt 90, 91, 92, 93, 94, 95, 96, 97.

17 &18 Vic. c. 102.

An tAcht chun Cleachtanna Cuirpthe do Chosc, 1854.

Ailt 2, 3, 7, 8.

35 &36 Vic. c. 33.

An tAcht Ballóide, 1872.

Cuid III.

46 &47 Vic. c. 51.

An tAcht chun Cleachtanna Cuirpthe agus Nea-dhleathacha do Chosc, 1883.

Ailt 1 go 39 sa mhéid ná fuilid athghairmthe. Alt 61. Sceidil 1 &2.

48 &49 Vic. c. 56.

An tAcht um Chleachtanna Cuirpthe i dToghacháin Pháirliminteacha, 1885.

An tAcht go léir.

58 &59 Vic. c. 40.

An tAcht chun Cleachtanna Cuirpthe agus Nea-dhleathacha do Chosc, 1895.

An tAcht go léir.

8 Geo. V. c. 64.

Acht Ionadaíocht na nDaoine, 1918.

An tAcht go léir sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

Nóta.—An ath-ghairm a dintar leis an Acht so ar na hachtacháin sin thuas ní dochar í do chur na n-achtachán san i mbaint le Toghacháin Rialtais Áitiúla.