|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 50. | ||
[EN] |
ACHT CEARRBHACHAIS, 1923. | |
ACHT CHUN ALT 2 DEN ACHT CEARRBHACHAIS, 1835 D'ATHGHAIRM AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS AN ATHGHAIRM SIN. | ||
[28adh Mí na Nodlag, 1923.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Alt 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, d'athghairm. |
1. —Athghairmtear leis seo Alt 2 den Acht Cearrbhachais, 1835 (gur féidir dá bharr airgead a híocadh le scríobhaí, sealbhóir no sannaí urrúsanna a tugadh ar chomaoine a eirigh as gníomhartha áirithe cearrbhachais d'fháil thar n-ais ón té dar tugadh na hurrúsanna ar dtúis). |
[EN] |
Cosc ar imeachta i dtaobh gníomhartha críochnuithe. |
2. —(1) Ní déanfar aon aicsean ná imeacht do thabhairt ná do phróiseacht in aon chúirt, ná ní éisteoidh aon chúirt aon aicsean ná imeacht, chun aon airgead d'fháil thar n-ais fén alt san 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, i dtaobh aon ghnímh a críochnuíodh roimh rith an Achta so. |
[EN] | (2) Gach aicsean no imeacht chun airgead d'fháil thar n-ais féin alt san 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, agus a bunuíodh roimh rith an Achta so agus nár tugadh crích-bhreith ann roimh rith an Achta so cuirfar ar nea-mbrí agus ar neamh-ní é fé réir pé ordú i dtaobh costaisí is oiriúnach leis an gcúirt ina bhfuil an t-aicsean no an t-imeacht san ar fionnraoi do dhéanamh. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfidh éinni san Acht so dochar ná difir do thosnú ná do phróiseacht aon athchomhairc i gcoinnibh crích-bhreithe a tugadh roimh rith an Achta so chun airgead d'fháil thar n-ais fén alt san 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, ná d'fheidhmiú aon chrích-bhreithe den tsórt san ná d'fheidhmiú aon ordú de bhárr athchomhairc i gcoinnibh aon chrích-bhreithe den tsórt san. | |
[EN] |
Gearr-Theideal. |
3. —Féadfar an tAcht Cearrbhachais, 1923 , do ghairm den Acht so. |