2 1925


Uimhir 2 de 1925.


ACHT DOCHTÚIREACHTA, 1925.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DON PHRÍOMH-CHOMHAIRLE A BUNUÍODH LEIS NA hACHTANNA DOCHTÚIREACHTA LEANÚINT GO SEALADACH D'ÚDARÁS D'FHEIDHMIÚ FÉ SNA hACHTANNA SAN MAIDIR LE DOCHTÚIRÍ LEIGHIS I SAORSTÁT ÉIREANN.

[21adh Feabhra, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Cirt, etc., daoine cláruithe agus údarásanna clárathachta fé sna hAchtanna Dochtúireachta.

1. —(1) Gach duine atá cláruithe fé sna hAchtanna Dochtúireachta (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a cuireadh ar an gclár é) beidh aige i Saorstát Éireann na cirt, na príbhléidí, agus na saoirsí céanna a bhí ag daoine a bhí cláruithe amhlaidh in Éirinn roimh bhunú Shaorstáit Éireann agus beidh sé fé sna hoblagáidí céanna fé n-a rabhdar san.

(2) Gach comhacht agus údarás den tsórt a bhí ag an bPríomh-Chomhairle agus ag á n-oifigigh agus a fhéadfidís a fheidhmiú, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, fé sna hAchtanna Dochtúireachta maidir le daoine agus nithe in Éirinn, beid ag an bPríomh-Chomhairle agus ag á n-oifigigh agus féadfid iad d'fheidhmiú fé sna hAchtanna san maidir le daoine agus nithe i Saorstát Éireann.

(3) Na comhacta agus na húdaráis den tsórt a bhí ag Comhairle Bhrainse na hÉireann agus ag á n-oifigigh agus a fhéadfidís a fheidhmiú, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, fé sna hAchtanna Dochtúireachta maidir le daoine agus nithe in Éirinn, beid ag an gComhairle sin agus ag á n-oifigigh agus féadfid iad d'fheidhmiú fé sna hAchtanna san maidir le daoine agus nithe i Saorstát Éireann.

Beidh códhéanamh na gcomhairlí agus na cáilíochta clárathachta mar atáid go dtí so.

2. —(1) Leanfar den Phríomh-Chomhairle agus de Chomhairle Bhrainse na hÉireann fé seach do chó-dhéanamh agus leanfar dá mbaill d'ainmniú, do roghnú, agus do thogha ar an gcuma gcéanna ina ndintí na Comhairlí agus na baill sin fé seach do chó-dhéanamh, d'ainimiú, do roghnú, agus do thogha roimh bhunú Shaorstáit Éireann

(2) Leanfidh ag Príomh-scoileanna agus ag corporáidí dochtúireachta i Saorstát Éireann na comhachta céanna a bhí acu fé seach roimh bhunú Shaorstáit Éireann chun árd-teistisí do dheona agus chun scrúduithe tástála do bheith acu i gcóir clárú fé sna hAchtanna Dochtúireachta.

Éifeacht na nAchtanna Dochtúireachta i Saorstát Éireann.

3. —Beidh éifeacht ag na hAchtanna Dochtúireachta i Saorstát Éireann fé réir agus do réir forálacha an Achta so.

Gearr-theideal, léiriú, luadh agus buaine.

4. —(1) Féadfar an tAcht Dochtúireachta, 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Dochtúireachta agus féadfar na hAchtanna Dochtúireachta do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann bliana o am a rithte agus raghaidh sé in éag ansan.