20 1925


Uimhir 20 de 1925.


ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (CÓ-CHEANNACH), 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I gCÓIR CEANNACH EARRAÍ AG ÚDARÁIS ÁITIÚLA Ó CHONNARTHÓIRÍ A CEAPFAR GO hOIFIGIÚIL I dTREO GO bhFUIGHIDH ÚDARÁIS ÁITIULA NA hEARRAÍ SIN AR AN bPRAGHAS IS LÚ IS FÉIDIR AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [27adh Meitheamh, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “connarthóir oifigiúil” duine a ceapfar fén Acht so chun bheith ina chonnarthóir oifigiúil chun earra do sholáthar d'údaráis áitiúla i Saorstát Éireann no in aon pháirt áirithe dhe;

cialluíonn an focal “riail-phraghas” an praghas a dhéanfidh duine a bheidh ag lorg puist mar chonnarthóir oifigiúil a luadh ina iarratas mar phraghas ar a bhfuil sé toilteannach an t-earra, le n-a mbaineann an t-iarratas, do sholáthar d'údaráis áitiúla;

foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, comhairle thuathcheanntair, bord caomhnóirí, baile-choimisinéirí baile, agus aon chólucht atá bunuithe no a bunófar le haon achtachán no dá bhua chun aon cheann d'fheidhmeanna aon chóluchta dá luaidhtear anso roimhe seo do chó-líona, agus fós aon choiste no có-choiste d'aon cheann no a ceapadh ag aon cheann de sna comhairlí, na búird, na coimisinéirí no na cóluchtaí eile roimhráite;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire le rialacháin a dineadh fén Acht so.

Dualgas generálta an Aire maidir le soláthairtí.

2. —Beidh sé de dhualgas ar an Aire gach ní is oiriúnach do dhéanamh chun a chur ar chumas údarás n-áitiúil i dteanta a chéile pé soláthairtí d'aon earra a theastóidh uatha i bhfeidhmiú a ndualgas d'fháil o chonnarthóir no o chonnarthóirí oiriúnacha.

Connarthóirí oifigiúla do cheapa.

3. —(1) Féadfidh an tAire, mar is dó leis agus nuair is dó leis agus i pé slí is dó leis is ceart, fógra puiblí do thabhairt uaidh go nglacfa sé iarrataisí laistigh d'aimsir áirithe o dhaoine gur mian leo go gceapfí iad mar chonnarthóirí oifigiúla fén Acht so ar feadh tréimhse áirithe chun earra no earraí áirithe do sholáthar d'údaráis áitiúla i Saorstát Éireann no in aon pháirt áirithe dhe.

(2) Gach iarratas le n-a n-iarrfar connarthóir oifigiúil do cheapa, beidh sé i scríbhinn sa bhfuirm orduithe agus beidh na mioninnste orduithe ann, ar a n-áirítear ráiteas ar an bpraghas ar a bhfuil an t-iarratasóir toilteannach an t-earra le n-a mbaineann an t-iarratas do sholáthar d'údaráis áitiúla agus ráiteas go bhfuil an t-iarratasóir toilteannach an t-earra do chimeád ar an leibheul feabhais agus déanamh do réir na gcoiníollacha soláthair a horduíodh i dtaobh an earra san le rialacháin a dineadh fén Acht so.

(3) Ar bheith caithte don aimsir a luadhadh sa bhfógra puiblí roimhráite, breithneoidh an tAire gach iarratas a gheobha sé do réir an fhógra san agus féadfa sé éinne d'iarr san do cheapa chun bheith ina chonnarthóir oifigiúil ar feadh na tréimhse agus don líomatáiste a luadhadh sa bhfógra puiblí roimhráite chun aon earra gur dhin an duine sin iarratas amhlaidh ina thaobh do sholáthar ar an bpraghas a hainmníodh ina iarratas.

(4) Féadfar níos mó ná aon chonnarthóir oifigiúil amháin do cheapa fén alt so maidir le haon earra áirithe agus éinne a ceapfar fén alt so chun bheith ina chonnarthóir oifigiúil féadfar é cheapa amhlaidh maidir le níos mó ná aon earra amháin.

(5) Gach aon uair a ceapfar connarthóir oifigiúil fén alt so cuirfidh an tAire an ceapa in úil don té a ceapadh agus fós foillseoidh an tAire fógra, ar pé slí is dó leis is ceart, gur dineadh an ceapa.

Geallúint o chonnarthóir oifigiúil.

4. —Nuair a ceapfar éinne chun bheith ina chonnarthóir oifigiúil fén Acht so ní dhéanfidh ná ní chiallóidh an ceapa san aon chonnra ná có-aontú idir an tAire agus an duine sin, ach féadfidh an tAire a éileamh ar éinne a ceapfar amhlaidh, mar choiníoll de choiníollacha a cheaptha go ndéanfidh an duine sin aon gheallúint do thabhairt uaidh is oiriúnach leis an Aire maidir le feabhas an earra a sholáthróidh sé, leis an slí ina soláthrófar an t-earra san, leis na héilithe a héileofar ar son a sheachadtha, le pionóisí mar gheall ar gan an t-earra do sholáthar, le staid na fostaíochta a bhaineann leis an earra do dhéanamh no do sholáthar, no maidir le héinní eile den tsórt san.

Údaráis áitiúla ag ceannach o chonnarthóirí oifigiúla.

5. —(1) Aon údarás áitiúil go dteastóidh uatha, chun feidhmithe a ndualgas, soláthar d'aon earra gur ceapadh connarthóir oifigiúil fén Acht so ar a shon, féadfid fógra, i dtaobh an méid den earra san a theastuíonn uatha, do chur, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ag triall ar chonnarthóir oifigiúil ar son an earra san, agus leis sin tuigfar connra infheidhmithe do bheith déanta ag an údarás áitiúil sin agus ag an gconnarthóir oifigiúil sin chun an méid a fógradh amhlaidh den earra san do ghlaca agus do sholáthar fé seach ar an bpraghas orduithe agus do réir an leibhéil feabhais agus na gcoiníoll soláthair a horduíodh le rialacháin a dineadh fén Acht so agus do réir aon gheallúna a thug an connarthóir oifigiúil sin uaidh fén Acht so maidir leis an earra san.

(2) D'ainneoin na bhforálacha d'aon achtachán le n-a n-éilítear ar údarás áitiúil fógráin do thabhairt amach, tairisgeana do ghlaca, connracha do dhéanamh, no gabháil tré aon roimh-chúrsa eile sara bhfaghdís soláthar d'aon earra, féadfidh údarás áitiúil, fén bhfo-alt san roimhe seo agus dá réir, soláthar d'aon earra d'fháil o chonnarthóir oifigiúil ar son an earra san gan na fógráin sin do thabhairt amach, na tairisgeanna san do ghlaca, na connartha san (lasmuich de chonnra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo) do dhéanamh, ná gabháil tríd an roimhchúrsa san.

Connracha le daoine eile seachas connarthóir oifigiúil.

6. —(1) Aon uair a cheannóidh údarás áitiúil aon earra gur ceapadh connarthóir oifigiúil fén Acht so ar a son, no a dhéanfid connra, le duine nách connarthóir oifigiúil ar son an earra san, chun an t-earra san do cheannach, cuirfar síos i miontuairiscí an údaráis áitiúla san iontráil ar na réasúin a bhí leis an gceannach no leis an gconnra san.

(2) Taisbeánfar an iontráil sin nuair a bheidh aon iniúcha á dhéanamh ar na cuntaisí de chuid an údaráis áitiúla ina n-áirítear aon íocaíocht as an earra san no fén gconnra san.

(3) Nuair a bheidh aon iniúcha den tsórt san á dhéanamh, maran deimhin leis an iniúchóir nách chun aon chríche ná cuspóra, calaoiseach ná éagcórach, a dineadh an ceannach no an connra san, ná chun aon chuspóra eile ach i gcó-líona a ndualgaisí bona fide ar mhaithe leis na híocóirí ráta ag na baill den údarás áitiúil do dhin é no d'údaruigh é dhéanamh, cuirfe sé i gcoinnibh na mball san le chéile agus i gcoinnibh gach duine fé leith acu méid aon chailliúna do bhain don údarás áitiúil tríd an gceannach no tríd an gconnra san, pe'ca de dheascaibh an phraghais a híocadh as an earra a tháinig an chailliúint sin no de dheascaibh cáilíocht an earra a fuarthas amhlaidh no de dheascaibh ní ar bith eile agus, i gcás connartha, más dó leis gur dócha go dtiocfadh aon chailliúint den tsórt san roimhráite de dheascaibh leanúint den chonnra, féadfa sé a fhaisnéis go bhfuil an connra san nea-dhlíthiúil.

(4) Má faisnéistear, do réir an ailt seo, connra do bheith neadhlíthiúil, leis sin beidh an connra san gan brí, agus bainfidh alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871 (alt a bhaineas le dualgaisí iniúchóra agus le hathchomhairc) le cás an chonnartha san, agus féadfar na baill den údarás áitiúil a dhin an connra san do chur, dá réir sin, fé fhormhuirear gach íocaíochta a dineadh fén gconnra san, no fé fhormhuirear pé cuid díobh a chífar don iniúchóir a bheith ceart agus réasúnta agus gach taobh don scéal do bhreithniú, ach d'ainneoin na faisnéise sin féadfidh an té le n-ar dineadh an connra san aon tsuim d'fháil a bheidh dlite dho fén gconnra san ar scór earraí a soláthruíodh roimh an bhfaisnéis sin.

(5) Ní bheidh dul thar aon bhreith a thabharfidh iniúchóir fén alt so agus beidh sí ceangailte ar gach éinne, ach amháin sa mhéid go n-atharófar í de bharr athchomhairc.

Tástáil na n-earraí a soláthrófar.

7. —Féadfidh an tAire socruithe do dhéanamh tré n-a bhféadfidh pé duine no daoine a cheadóidh sé, ar pé slí a cheadóidh sé, cáilíocht no cineál aon earra do soláthruíodh d'údarás áitiúil, ag connarthóir oifigiúil ar son an earra san, do thástáil no d'fháil amach le deighilteánacht no ar shlí eile ar iarratas agus ar chostas an údaráis áitiúla san.

Comhacht don Aire chun códhálacha do chomóra.

8. —Féadfidh an tAire códhálacha d'ionadaithe d'údaráis áitiúla do chomóra chun éinní a bhaineann le soláthar earraí d'údaráis áitiúla do phlé, agus bainfidh forálacha an Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, le gach códháil den tsórt san.

Coiste Comhairle um Sholáthairtí Áitiúla.

9. —(1) Chun comhairle agus congnamh do thabhairt don Aire i gcó-líona a dhualgaisí fén Acht so bunófar coiste comhairle (dá ngairmtear an coiste san alt so) dá ngairmfear an Coiste Comhairle um Sholáthairtí Áitiúla agus beidh sé có-dhéanta de chúigear a cheapfidh an tAire o am go ham fé mar is gá é agus—

(a) beirt acu ina mbaill tofa de chomhairlí contae no contaebhuirge i Saorstát Éireann, agus

(b) beirt acu ina mbaill tofa de chomhairlí bailecheanntair no de choimisinéirí bailte i Saorstát Éireann, agus

(c) duine acu ina ionadaí do lucht na tráchtála i Saorstát Éireann.

(2) Sara gceapaidh an tAire ball den choiste, ragha sé i gcomhairle le haon chomhlachas a bheidh de thurus na huaire ag ionadú comhairlí contae no contae-bhuirge, comhairlí bailecheanntair, baile-choimisinéirí, no lucht na tráchtála fé mar is gá.

(3) Coinneoidh baill uile agus fé leith an choiste a mballraíocht fé seach ar feadh pé tréimhse o am a gceaptha a ordóidh an tAire mara bhfuighid bás no mara n-eiríd as an gcoiste roimh dheire na tréimhse sin, ach beid ion-ath-cheaptha.

(4) Triúr ball den choiste is quorum agus déanfidh baill an choiste, ag gach cruinniú, cathaoirleach do thogha as a líon féin don chruinniú san, agus beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gcathaoirleach san.

(5) Beidh rúnaí ag an gcoiste agus isé an tAire a ainmneoidh é.

(6) Tiocfidh an coiste le chéile aon uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile a shocróidh an coiste o am go ham.

(7) Déanfidh an coiste breithniú agus tabharfid comhairle don Aire ar gach ní a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid agus féadfidh an coiste fós, do réir a dtoile féin, breithniú do dhéanamh agus, más oiriúnach leo é, tuairisc do thabhairt don Aire ar éinní eile a bhaineann le hearraí do sholáthar d'údaráis áitiúla fén Acht so no a dhineann difir don chéanna.

(8) Féadfidh an tAire íocaíochtaí d'íoc le baill den choiste, pé méid a cheadóidh an tAire Airgid, mar aisíoc i gcostaisí taistil agus in íoc liúntais chothuithe.

Costaisí.

10. —(1) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas na costaisí a bheidh ar an Aire ag cur an Achta so in éifeacht pé méid a cheadóidh an tAire Airgid.

(2) I ndeire gach bliana airgeadais áitiúla deimhneoidh an tAire, le hordú fé n-a shéala, cadé an tsuim a chaith sé, as airgead a soláthruíodh fé fho-alt (1) den alt so, i rith na bliana airgeadais áitiúla san ag cur có-líona a dhualgaisí fén Acht so in éifeacht, agus cáinmheasfa sé an tsuim sin ar na contaethe agus ar na contae-bhuirgí uile agus fé leith i Saorstát Éireann do réir luach bliantúil glan na maoine is ionrátuithe i gcóir ráta dhealbhais sna contaethe agus sna contae-bhuirgí sin fé seach agus cuirfe sé cóipeanna den ordú san chun comhairle gach contae agus contae-bhuirge den tsórt san.

(3) Déanfidh comhairle gach contae agus contae-bhuirge an méid a cáinmheasadh ar an gcontae no ar an gcontae-bhuirg sin leis an ordú san do chruinniú tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus íocfid isteach i Stát-Chiste Shaorstáit Éireann é do réir pé treoracha a thabharfidh an tAire Airgid uaidh chuige sin.

Comhachta cigirí.

11. —Aon oifigeach don Aire a cheapfidh no a údaróidh an tAire chun bheith ina chigire chun críche an Achta so, féadfa sé gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon teaghlach, óspidéal, gealtlann, no fundúireacht eile a coinnítear suas, i bpáirt no go hiomlán, le rátaí agus scrúdú agus iniúcha do dhéanamh ann ar aon earraí a ceannuíodh don bhfundúireacht san agus an méid d'aon earra den tsórt san a bheidh sa bhfundúireacht san an uair sin do chur ar liost no d'áireamh;

(b) tora aon scrúduithe, iniúcha, cur-ar-liosta no áirimh den tsórt san do thuairisciú don Aire;

(c) bheith i láthair ag aon chruinniú den chomhairle, den bhord, no den choiste go bhfuil bainistí aon fhundúireachta den tsórt san roimhráite de chúram ortha, cruinniú ag á mbeidh ceannach aon earra don bhfundúireacht san le breithniú, agus páirt do thógaint sna himeachta (ach gan vótáil) ag an gcruinniú san.

Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh.

12. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i gcóir gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) an nós-imeachta do cheapa a leanfidh údaráis áitiúla agus iad ag cur an Achta so in éifeacht;

(b) an leibhéal feabhais do shocrú d'aon earra gur cheap an tAire connarthóir oifigiúil no go bhfuil sé chun a leithéid do cheapa ar a shon;

(c) na coiníollacha soláthair d'ordú d'aon earra den tsórt san roimhráite;

(d) údarás do thabhairt go soláthródh an tAire somplaí oifigiúla d'aon earra go bhfuil sé chun connarthóir oifigiúil do cheapa ar a shon agus socrú do dhéanamh chun go lóisteálfí na somplaí oifigiúla san chun a scrúduithe ag an bpuiblíocht;

(e) an nós-imeachta do regleáil maraon le nithe eile a bhaineann no a ghabhann le haon tástáil no fáil amach ar cháilíocht no ar chineál aon earra go n-údaruítear do leis an Acht so socruithe do dhéanamh ina chóir;

(f) éileamh, maidir le haon earra a soláthrófar, gurb earra é a dineadh i bpáirt no go hiomlán i Saorstát Éireann;

(g) éileamh gur fé mar is gá i bhfeidhmiú connracha le Roinn Stáit a bheidh an págh a íocfidh agus na coiníollacha fostaíochta a chimeádfidh connarthóir oifigiúil a bheidh ag soláthar aon earra d'údaráis áitiúla;

(h) éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no á ordú no le n'ordú.

(2) Aon rialacháin a déanfar fén Acht so leagfar iad fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais chó luath agus is féidir é.

Oifigigh do cheapa.

13. —Féadfidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, pé oifigigh agus pé méid oifigeach is dó leis is gá do cheapa chun cabhruithe leis i bhfeidhmiú a dhualgaisí fén Acht so, agus beidh gach oifigeach den tsórt san i seilbh oifige ar pé téarmaí agus tabharfar luach saothair do ar pé rátaí agus i pé slí a cheadóidh an tAire Airgid.

Gearr-theideal agus buaine.

14. —(1) Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Raghaidh an tAcht so in éag i gceann trí mblian o am a rithte.