28 1925


Uimhir 28 de 1925.


ACHT AIRGID, 1925.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ, AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [11adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

CAIN IONCUIM.

Cáin ioncuim agus barra-cháin i gcóir 1925-26.

1. —(1) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, éileofar cáin ioncuim do réir cheithre scillinge fén bpunt.

(2) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, éileofar barra-cháin do réir na rátaí céanna gur héilíodh í dá réir i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1924.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925.

Buanú ar an saoirse d'ioncum déarcaisí sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.

2. —Deonfar na saoirsí céanna ón gcáin i gcóir na mblian uile agus fé seach dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, an 6adh lá d'Abrán, 1926, agus an 6adh lá d'Abrán, 1927, fé seach, a deonadh le halt 3 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), ón gcáin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924.

Saoirse do phinsin agus d'aiscí mileata áirithe.

3. —(1) Aiscí mileata agus págh dí-shlógtha a deonadh d'oifigigh de sna Fórsaí Náisiúnta no d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann ar a ndí-shlóga beid saor agus tuigfar go rabhdar saor ón 5adh lá d'Abrán, 1923, o cháin ioncuim (le n-a n-áirítear barra-cháin) agus ní háireofar iad nuair a beifear ag áireamh ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

(2) Ar na pinsin chréachta agus mhí-chumais le n-a mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, áireofar gach pinsean agus aisce créachta a deonadh fén Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , agus tuigfar gach pinsean agus aisce créachta den tsórt san do bheith ortha ón 5adh lá d'Abrán, 1922, agus léireofar an t-alt san 16 den Finance Act, 1919, agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Má íoc éinne cáin ioncuim no barra-cháin thar mar a bheadh air a íoc dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm beidh teideal aige chun aisíoc na breise ar chruthú na ndátán chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta.

Saoirse do phroifit áirithe cumann talmhaíochta.

4. —(1) Aon phroifit no sochar airgid a thiocfidh chun cumainn talmhaíochta as taisbeántas no as seó a cuireadh ar bun chun crícheanna an chumainn beidh sé saor o cháin ioncuim más chun crícheanna an chumainn amháin a cuirfar é.

(2) San alt so cialluíonn an focal “cumann talmhaíochta” aon chumann no fundúireacht a bunuíodh mar mhaithe le talmhaíocht, le garnóireacht, le síolrú eallaigh stuic, no le foraoiseacht.

Folóidh an focal “interest” “íocaíocht.”

5. —I mír (b) den phrovíso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 187 den Income Tax Act, 1918, tuigfar go bhfoluíonn an focal “interest” “íocaíocht.”

Faoiseamh o cháin a cáinmheasadh ar ioncum fé Chás V. de Sceideal D.

6. —Déanfar na Rialacha a bhaineann le Cás V de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht acu, fé is dá gcuirtí an Riail seo a leanas isteach ionta i ndiaidh Riail 4, sé sin le rá:—

“5.—Where a person who has been charged with tax in respect of income from a possession out of Saorstát Éireann proves that the total amount of tax, computed in accordance with Rule 1 of the Rules applicable to Cases I. and II. of Schedule D, which was paid in respect of that income for the first three complete years of assessment during which he was the owner of the possession exceeds the total amount which would have been paid if he had been assessed for each of those years on the actual amount of the income of each year, he shall be entitled to repayment of the excess.

An application for repayment under this Rule shall be made within twelve months after the end of the three years aforesaid, and shall be determined by the Special Commissioners, whose determination thereon shall be final and conclusive.”

Cáin ioncuim ar shaoránaigh a chomhnuíonn i gcéin o am go ham.

7. —Déanfar Riail 3 de sna Rialacha Generálta a bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aici, fé is dá gcuirtí na focail “Every citizen of Saorstát Éireann and” ina tosach.

Cuirfar teoranta áirithe aimsire níos sia ar aghaidh.

8. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfar cáinmheas no céad-cháinmheas breise ar scór cánach ioncuim is inéilithe in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, do leasú no do dhéanamh (pe'ca aca é) fé alt 125 den Income Tax Act, 1918, aon uair nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana cáinmheasa.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfar formhuirear ar scór cánach ioncuim is inéilithe in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, do ghearra fé alt 126 den Income Tax Act, 1918, aon uair nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana gur ina haghaidh ba cheart éileamh do dhéanamh ar an té a cuirfar fé fhormhuirear.

(3) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfar cáinmheas ar scór barra-chánach is inéilithe in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, do leasú, no féadfar cáinmheas no cáinmheas breise ar scór barrachánach is inéilithe mar adubhradh do dhéanamh, fé fho-alt (7) d'alt 7 den Income Tax Act, 1918, aon uair nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana cáinmheasa.

(4) Chun na gcrícheanna a bhaineann le cáin ioncuim no barracháin d'éileamh ar sheiceadúirí no ar riarthóirí duine mhairbh ar scór proifit no sochair airgid no ioncuim a tháinig no d'fhás chuige roimh a bhás, ní féadfar aon cheann de sna gníomhartha ná de sna nithe uile agus fé seach a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so do dhéanamh níos déanaí ná deire na tríú bliana tar éis na bliana cáinmheasa ina bhfuair an duine marbh bás.

Tuille aimsire chun faoisimh, etc., áirithe d'éileamh.

9. —(1) I gcás teangmhas den tsórt dá dtagartar in alt 25 (alt le n-a ndeontar faoiseamh o cháin ar scór ioncuim a carnadh fé iontaobhaisí) den Income Tax Act, 1918, do theacht sa bhliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aon bhliain cháinmheasa ina dhiaidh sin, léireofar an t-alt san, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí na focail “within six years after the end of the year of assessment” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “within three years after the end of the year of assessment” atá anois ann.

(2) Chó fada is bhaineann sé le héilithe ar aisíoc ar scór cánach ioncuim do héilíodh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ina dhiaidh sin, déanfar alt 41 (alt le n-a gcuirtar teora leis an aimsir i gcóir éilithe ar aisíoc) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí na focail “within six years next after the end of the year of assessment” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “within three years next after the end of the year of assessment” atá anois ann.

(3) Chó fada is bhaineann sí le héilithe ar aisíoc ar scór cánach ioncuim do héilíodh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ina dhiaidh sin, déanfar Riail 5 (Riail a bhaineann leis an aimsir chun liúntaisí d'éileamh) d'Uimh. V. de Sceideal A den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aici, fé is dá ndintí na focail “within six years after the expiration of the year of assessment” do chur inti in ionad na bhfocal “within three years after the expiration of the year of assessment” atá anois inti.

(4) In aon chás ina n-údaruítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim éileamh ar aisíoc cánach ioncuim do dhéanamh am áirithe no laistigh d'am áirithe (is giorra ná bliain) tar éis deire na bliana cáimheasa, féadfar an t-éileamh san do dhéanamh feasta áon uair laistigh de bhliain tar éis deire na bliana cáinmheasa.

Leasuithe áirithe maidir le pionóisí.

10. —(1) Aon uair laistigh de shé bliana tar éis an dáta ar a dtánathas fé aon fhíneáil no pionós fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim, mar a leasuítear iad leis an Acht so, maidir no i mbaint leis an gcáin ioncuim no leis an mbarra-cháin do héilíodh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, féadfar tosnú ar imeachta chun an fhíneáil no an pionós san do bhaint amach.

(2) Déanfar alt 30 (alt le n-a bhforchuirtar pionóisí mar gheall ar éilithe calaoiseacha) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá gcuirtí na focail “five hundred pounds” i bhfo-alt (2) dhe in ionad na bhfocal “fifty pounds” atá sa bhfo-alt san anois.

(3) Déanfar alt 107 (alt le n-a bhforchuirtar pionóisí mar gheall ar fhaillí do thabhairt i seachada liostaí, faisnéisí, agus ráitisí) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí na focail “twenty pounds and treble the tax which he ought to be charged under this Act” do chur i mír (b) d'fho-alt (1) de in ionad na bhfocal “fifty pounds” atá sa mhír sin anois.

(4) Déanfar alt 132 (alt le n-a bhforchuirtar pionóisí mar gheall ar mhaoin do chlaon-chasa go calaoiseach, etc.) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá gcuirtí na focail “five hundred pounds” i bhfo-alt (2) dhe in ionad na bhfocal “fifty pounds” atá sa bhfo-alt san anois.

(5) Na forálacha uile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim le n-a bhforchuirtar pionóisí, no a bhaineann ar aon tslí eile le pionóisí, mar gheall ar ghníomhartha (a dineadh no a fágadh gan déanamh) maidir le cáin ioncuim, bainfid le pionóisí den tsórt chéanna mar gheall ar na gníomhartha dá samhail maidir le barra-cháin, agus oibreoid chun na pionóisí sin d'fhorchur, agus san fé réir forálacha fo-alt (4) d'alt 7 agus forálacha fo-alt (2) d'alt 8 den Income Tax Act, 1918, agus gan dochar dóibh.

An ráta cánach gur dá réir a déanfar aisíocanna áirithe.

11. —Aon aisíoc i gcáin ioncuim in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a tháinig deire na bliana san, aisíoc go mbeidh teideal ag éinne chuige ar scór aon lacáiste a lomháladh fé ailt 18 go 22 den Finance Act, 1920, no ar scór an luíoduithe ar an ráta cánach ar an gcéad dhá chéad is cúig púint fhichead d'ioncum ionchánuithe fé alt 23 den Acht san, is do réir an riail-ráta chánach i gcóir na bliana san a déanfar é, no do réir leath an ráta san, pe'ca aca é, ach beidh san fé réir pé ceartuithe is ceart i gcásanna ina dtabharfar faoiseamh fé Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 (Uimh. 8 de 1923) , no dá bhua: Ach i gcás éinne a chruthóidh, maidir le haon bhliain, go bhfuil sé gan ioncum ionchánuithe in aghaidh na bliana san de dheascaibh na lacáistí go bhfuil teideal aige chúcha, isé aisíoc a tabharfar do, má tugtar aon aisíoc do, ná aisíoc méid iomlán na cánach d'íoc sé, pe'ca tré lacáiste é no ar aon tslí eile, ar scór an ioncuim a bhí aige an bhliain sin.

Ceart athchomhairc i dtaobh ceisteanna buan-chomhnaí, comhnaí, agus gnáth-chomhnaí.

12. —(1) Einne ar a ngoillfidh breith na gCoimisinéirí Ioncuim ar aon cheist le n-a mbaineann an t-alt so, féadfa sé, tré fhógra i scríbhinn sa chéill sin do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de dhá mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra na breithe dho, a iarraidh go ndéanfidh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh ar fhaoiseamh d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(2) Má dintar iarratas fén alt so, éistfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh agus tabharfid breith air fé mar a dhéanfidís i gcás athchomhairc chúcha i gcoinnibh cáinmheasa agus na forálacha uile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann le n-a leithéid d'athchomharc (forálacha ar a n-áirítear iad súd a bhaineann le cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil ar phonc dlí ach ná háirítear ortha forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918) agus aon atharuithe is gá déanta ortha, bainfid leis an scéal dá réir sin.

(3) Baineann an t-alt so leis na ceisteanna so a leanas:—

(a) aon cheist, i dtaobh buan-chomhnaí no gnáth-chomhnaí, a eireoidh fé mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha a bhaineann le Cás IV. de Sceideal D, no fé mhír (a) de Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D;

(b) aon cheist, i dtaobh comhnaí, a eireoidh—

(i) fé mhír (d) de Riail 2 de sna Rialacha Generálta a bhaineann le Sceideal C; no

(ii) fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D maidir le héileamh ar aisíoc Cánach Ioncuim a déanfí ar na Coimisinéirí Ioncuim ag an té gur leis na stocanna, na cistí, na scaireanna, no na hurrúis agus 'na mbeadh teideal aige chun an ioncuim a thiocfadh asta san no 'na mbeadh teideal aige chun na mblianacht, na bpinsean, no na suim mbliantúil eile, pe'ca aca é, agus gur dineadh luíodú ar a ioncum mar gheall ar an gcáin ioncuim do cáinmheasadh agus do héilíodh fén Riail sin.

Beidh míniú ceangailte de bharántaisí dividendum, etc., ar as-bhaint chánach ioncuim.

13. —(1) Gach barántas, seic, no ordú eile a tarraiceofar no a déanfar no a thabharfidh le tuisgint gur tarraigeadh no gur dineadh é tar éis an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1925, agus a cuirfar chun siúil no a seachadfar chun aon ús no dividendum d'íoc a bheidh á roinnt ag cuideachtain go bhfuil teideal acu chun cáin ioncuim do bhaint as an ús no as an dividendum san, beidh ráiteas i scríbhinn ceangailte dhe no ag gabháil leis ag taisbeáint—

(a) an mór-mhéid atá, ar bhaint na ceart-chánach ioncuim as, ar aon mhéid leis an méid a híocadh, agus

(b) ráta agus méid na cánach ioncuim a ghabhann leis an mór-mhéid sin, agus

(c) an méid glan a híocadh.

(2) Má dhineann cuideachta faillí in aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do chó-líona, raghaidh an chuideachta fé fhíneáil deich bpunt ar scór gach cionta fé leith, ach ní raghaidh méid iomlán na bhfíneála a forchuirfar fén alt so ar aon chuideachtain mar gheall ar chiontaí maidir le haon íoc áirithe amháin no le haon roinnt áirithe amháin úis no dividenda, ní ragha sé thar céad punt.

(3) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “cuideachta” cuideachta do réir brí an Companies (Consolidation) Act, 1908, agus cuideachta a bunuíodh le leitreacha paitinne, no le haon Reacht Briotáineach no Acht den Oireachtas no dá réir.

Luach saothair do dhaoine go bhfuil sé de chúram ortha ús, etc., d'íoc.

14. —Déanfar alt 6 (alt a bhaineann le luach saothair do dhaoine go bhfuil sé de chúram ortha ús, etc., d'íoc) den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , do léiriú agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is da ndintí an fo-alt so a leanas do chur ann in ionad an fho-ailt (1) atá anois ann, sé sin le rá:

“(1) Einne go bhfuil sé de chúram air aon ús, dividenda no íocaíochtaí bliantúla eile d'íoc is iníoctha amach as aon ioncum puiblí seachas ioncum Shaorstáit Éireann, no ar scór stocanna, cistí, scaireanna, no urrúsanna aon chuideachtan, cumainn, fionntair no gnótha choigríche, má chó-líonann sé na coiníollacha atá orduithe ag na Coimisinéirí Ioncuim fé fho-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ), beidh teideal ag an duine sin chun liúntas d'fháil mar luach saothair, liúntas a háireofar tré fhéachaint ar mhéid na ndividenda, an úis, no na n-íocaíocht mbliantúil eile gur có-líonadh na coiníollacha san in a dtaobh, agus a shocróidh an tAire Airgid do réir ráta no rátaí nách lú in aon chás ná trí scillinge déag agus sé pingne in aghaidh gach míle punt den méid sin.”

Faisnéis i dtaobh éifeacht alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 .

15. —Maidir leis an méid d'alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), le n-a n-achtuítear go dtuigfar, chun crícheanna meas agus gearra rátaí áirithe, go bhfuil luacháil foirgintí áirithe fé sna hAchtanna Luachála luíoduithe dhá dtrian, faisnéistear agus achtuítear leis seo, chun deire do chur le hamhruis, ná baineann an méid sin agus ná bainfe sé leis an luach bliantúil 'na bhfuigfar amach, tré fhéachaint air, an cháin ar scór na bhfoirgintí sin fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, agus ná hoibríonn agus ná hoibreoidh sé chun an luach san do luíodú, agus faisnéistear agus achtuítear fós leis seo go dtuigfar, in ainneoin an ailt sin 69 ach gan dochar don phrovíso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 187 den Income Tax Act, 1918, gurb é is luach bliantúil do sna foirgintí sin, chun an cháin sin do dhéanamh amach, ná lán-mhéid na luachála ortha atá i bhfeidhm de thurus na huaire fé sna hAchtanna Luachála.

CUID II.

CUSTUIM AGUS MAL.

Diúité ar bhaill éadaigh phearsanta agus ar chóir ghléasta.

16. —(1) Lasmuich den chás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le cúig déag per cent. de luach na hearra ar gach ball éadaigh phearsanta agus cóir ghléasta, pe'ca déanta i bpáirt no go hiomlán do, agus ar gach fíor-chuid de bhall éadaigh phearsanta, no de chóir ghléasta, agus ar gach cabhair do bhaill éadaigh phearsanta, no do chóir ghléasta a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra—

(a) ar bhróga ná ar bhróga ísle (ar a n-áirítear slipéidí, golaisí, asa, agus paitíní), ná ar aon fhíor-choda dhíobh ná cabhartha dhóibh, ná

(b) ar aon chabhair do bhaill éadaigh phearsanta no do chóir ghléasta a hiomportálfar ar leithligh lasmuich de sna baill éadaigh no den chóir ghléasta agus a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhair neamhfhighteacha, ná

(c) ar aon fhíor-choda d'fhoscadáin, ná

(d) ar aon carra, de chineál mháinliaghachta no liaghachta, atá ceaptha chun é chaitheamh mar gheall ar aon bhreoiteacht no easba chorpardha no mar chosaint uirthi no mar leigheas uirthi, ná

(e) ar mhúnlaí nea-bhlocuithe ná ar húdaí nea-bhlocuithe i gcóir hataí, pé abhar atá ionta, ná

(f) ar chleití órnáideacha ná ar bhláthanna airtifisialta a hiomportálfar chun iad d'úsáid i ndéanamh no i dtrimeáil bhaill éadaigh phearsanta no chóir ghléasta agus gur ar leithligh lasmuich de sna baill éadaigh no den chóir ghléasta a hiomportálfar iad amhlaidh.

(3) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun é úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no taibhdhirc eile dhrámaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon bhall áirithe d'éadach phearsanta no de chóir ghléasta á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun tuille déantóireachta do dhéanamh air agus chun é easportáil ina dhiaidh sin atá aon bhall áirithe d'éadach phearsanta no de chóir ghléasta leath-dhéanta á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(5) Chun crícheanna an ailt seo folóidh an focal “cóir ghléasta” ciarsúirí póca agus foscadáin.

Diúité ar phlainceudaí agus ar abhar plainceudaí.

17. —Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúite custum is cóionann le cúig déag per cent. de luach na hearra ar gach plainceud agus abhar plainceudaí, pe'ca bán no daithte é, is cuma cad chuige é, agus ar gach súsa (nách súsa chun úrlár do chlúdach) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

Diúité ar chreata leapan agus ar throscán.

18. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le tríocha a trí is trian per cent. de luach na hearra ar gach creat leapan, pé abhar atá ann, agus ar gach fíor-chuid de chreata leapan agus ar gach troscán (nách creata leapan) déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán, pe'ca lán-déanta no leath-dhéanta dhóibh, agus ar gach fíor-chuid de throscán (nách creata leapan) agus í déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra—

(a) ar aon phictiúir atá péinteálta no greamuithe ar adhmad ná ar aon fhráma pictiúra atá déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán ná ar aon phictiúir atá frámálta in aon fhráma den tsórt san ná ar aon fhíor-chuid d'aon fhráma den tsórt san, ná

(b) ar aon ghléas atá déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán agus atá oiriúnuithe chun é d'úsáid chun glantóireacht thighis do dhéanamh leis tré shúghrac, ná ar aon fhíor-chuid d'aon ghléas den tsórt san.

(3) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun é úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no i dtaibhdhirc eile dhrámaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon bhall áirithe troscáin á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh aon troscáin atá á iomportáil—

(a) go bhfuil an té atá á iomportáil ina bhuan-chomhnaí no go bhfuil sé ar aigne bheith ina bhuan-chomhnaí i Saorstát Éireann, agus

(b) go raibh an troscán in úsáid cheana féin ag an iomportálaí no ag á mhuirghin no ag á theaghlach, agus

(c) go bhfuil an troscán á iomportáil chun bheith in úsáid i Saorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á mhuirghin no ag á theaghlach,

féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an troscán san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(5) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun tuille déantóireachta do dhéanamh air agus chun é easportáil ina dhiaidh sin atá aon bhall áirithe troscáin leath-dhéanta á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

Diúité ar bhuidéil ghloine fholmha agus ar chrúiscíní gloine folmha.

19. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le tríocha a trí is trian per cent. de luach na hearra ar gach buideul gloine folamh agus ar gach crúiscín gloine folamh a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra—

(a) ar thaomairí gloine, ná

(b) ar bhuidéil ghloine is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim a bheith oiriúnuithe chun iad d'úsáid chun bia do thabhairt do naoidheanáin, agus chuige sin amháin, ná

(c) fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, ar bhuidéil ghloine ná ar chrúiscíní gloine gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ná fuilid á n-iomportáil ach chun iad d'úsáid chun bainne atá le díol do chimeád ionta.

(3) Aon earra a dlightar a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a easportála amach as, beidh sé saor ón diúité sin má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra sarar heasportáladh í, no

(b) gur roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, a céadiomportáladh an earra, no

(c) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no dá éis sin, agus roimh an 24adh lá d'Abrán, 1925, a céadiomportáladh an earra, agus nár dligheadh é chur fén diúité a forchuirtar le halt 20 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ) no gur dligheadh an diúité sin do chur air agus gur híocadh an diúité sin air, no

(d) gur ar an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin, a céadiomportáladh an earra, agus gur híocadh go cuibhe air an diúité a forchuirtar leis an alt so.

(4) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a hiomportála isteach i Saorstát Éireann agus a heasportála amach as roimhe sin nuair ná raibh sí ach ar turus fé bhanna ní tuigfar í bheith á hath-iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir brí an ailt seo.

(5) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí a dlightar a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so.

Diúité ar bhuidéil ghloine agus ar chrúiscíní gloine ina bhfuil earraí indiúité.

20. —Ar gach buideul gloine no crúiscín gloine a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 9adh lá de Bhealtaine, 1925, no dá éis sin, agus ina mbeidh aon earra indiúité le linn a iomportála, muirearófar, gearrfar agus íocfar an diúité custum so a leanas, sé sin le ra:—

(a) mara dtéigheann níos mó ná cúig únsa fliucháin sa bhuideul no sa chrúiscín, diúité do réir ráta trí pingne ar gach dosaen no cuid de dhosaen buideul no crúiscín den tsórt san;

(b) má théigheann níos mó ná cúig únsa fliucháin sa bhuideul no sa chrúiscín, diúité do réir ráta sé pingne ar gach dosaen no cuid de dhosaen buideul no crúiscín den tsórt san.

Diúité ar earraí atá déanta de shiúicre no ina bhfuil siúicre, etc.

21. —Ar gach earra nách milseog shiúicre, meascán cócó, beoir, uisce búird, luibh-bheoir, lionn ubhall, lionn pioraí, fíon, tobac, biotáille, ná aon earra ar a bhforchuirtar diúité le halt 26 den Acht so, agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá de Mheitheamh, 1925, no dá éis sin, agus a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe, no ina mbeidh siúicre no an t-abhar san, muirearófar, gearrfar, agus íocfar an diúité custum so a leanas, sé sin le rá:—

(a) más do réir meáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta pingne an punt;

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta deich bpingne an galún.

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so, beidh sé mar bhreis ar aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra ach beidh sé in ionad aon diúité a bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra.

(3) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so.

Diúité breise ar chneasghallúnaigh.

22. —I dteanta an diúité chustum a forchuirtar le halt 21 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le deich per cent. de luach na hearra ar gach cneas-ghallúnaigh (le n-a n-áirítear gallúnach bhearrtha), púdar gallúnaí agus malartán gallúnaí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

23. —(1) Na diúitéthe nua iomportála (lasmuich den diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil) a forchuireadh ar dtúis le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an ladh lá de Bhealtaine, 1925, le halt 13 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1925, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1926.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chabhair chun oideachais aon scannán cinematografach a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a forchuirtar leis an alt so.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

24. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, a forchuireadh ar dtúis le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an ladh lá de Lúnasa, 1925, le halt 14 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1925, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1926.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Leasú ar alt 15 den Acht Airgid, 1924 .

25. —(1) Ar an 24adh lá d'Abrán, 1925, agus as san amach déanfar alt 15 (alt le n-a bhforchuirtar diúité custum ar mhilseoga siúicre) den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí—

(a) na focail “no sacairín” do chur i bhfo-alt (1) de díreach i ndiaidh na bhfocal “ar scór aon bhiotáille” atá sa bhfo-alt san, agus

(b) na focail “ná sacairín” agus na focail “seachas sacairín” atá fé seach i bhfo-alt (3) dhe anois do leigint ar lár ann in aon áit ina bhfuilid fé seach sa bhfo-alt san.

Diúitéthe custum luíoduithe ar shiúicre.

26. —(1) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí agus an liúntais chustum a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair, muirearófar, gearrfar, agus íocfar, ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, na diúitéthe a luaidhtear sa dara colún de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal san, ach chó fada is théigheann na diúitéthe agus fós na hais-tarraicí agus an liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá leagtha amach i gCuid III. den Sceideal san sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis an gcás.

(2) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a forchuirtar leis an alt so, agus ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach beidh éifeacht ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san fé is dá leigtí ar lár ann na focail “sugar,” “glucose,” “molasses” agus “saccharin.”

Diúitéthe máil luíoduithe ar shiúicre.

27. —(1) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais mháil a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair, muirearófar, gearrfar, agus íocfar, ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, na diúitéthe a luaidhtear sa tríú colún de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal san, ach chó fada is théigheann na diúitéthe agus fós na hais-tarraicí agus an liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá leagtha amach i gCuid III. den Sceideal san sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis an gcás.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra ar scór siúicre ná moláis a dineadh o bhiatas a saothruíodh i Saorstát Éireann, agus bainfidh forálacha alt 6 (lasmuich d'fho-alt (1) de) den Finance Act, 1922, mar a hoiriúnuíodh é fén Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , bainfid leis an gcás agus beidh éifeacht acu fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) ciallóidh an focal “non-dutiable” saortha leis an bhfo-alt so ón diúité a forchuirtar leis an alt so, agus

(b) cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain or Ireland.”

Diúité máil luíoduithe ar lionn ubhall agus ar lionn pioraí.

28. —(1) In ionad na ndiúitéthe máil a bhaineann le lionn ubhall agus le lionn pioraí fé láthair muirearófar, gearrfar, agus íocfar, ar an 1adh lá d'Iúl, 1925, agus as san amach, diúité máil do réir ráta dhá phingin an galún ar an lionn ubhall agus ar an lionn pioraí go léir a díolfar no a cimeádfar le díol i Saorstát Éireann.

(2) Bainfidh alt 6 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus aon rialacháin a dineadh fé, leis na diúitéthe a forchuirtar leis an alt so fé mar a bhaineann sé leis an diúité dá ngairmtear cider duty ann.

Saoirse do chluichí, etc., áirithe ón diúité ar shiamsaí.

29. —Ní déanfar an diúité ar shiamsaí, do réir brí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, do mhuirearú ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon tsiamsa 'na gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil ann ach léiriú ar gach ceann no aon cheann de sna cluichí no de sna spóirt seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) cluichí liathróide láimhe,

(b) cluichí badminton,

(c) taisbeántaisí aicillíochta nách gá capaill, gadhair, ná ainmhithe eile d'úsáid ionta ná a leithéidí do bheith páirteach ionta, ná feithiclí inneall-ghluaiste d'úsáid ionta,

(d) comórtaisí dornála ná dintar acu ná maidir leo aon airgead do mhola d'éinne de sna hiomathóirí, ná d'íoc leis, mar dhuaiseanna, mar luach saothair, ná in aon tslí eile,

(e) aon chluichí no spóirt gur gnáth beirt no breis, no dhá ghasra no breis, á n-imirt no ag iomaidh ionta lasmuich, agus nách gá capaill, gadhair, ná ainmhithe eile d'úsáid ionta ná a leithéidí do bheith páirteach ionta, ná feithiclí inneall-ghluaiste d'úsáid ionta.

Saoirse do thaisbeántaisí, áirithe pictiúirí etc., ón diúité ar shiamsaí.

30. —Ní déanfar an diúité ar shiamsaí, do réir brí an Finance (New Duties) Act, 1916, do mhuirearú ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon tsiamsa 'na gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil ann ach taisbeántas, atá ar bun ag éinne, d'oibreacha graf-ealadhan no dealbhóireachta, no d'oibreacha den dá shaghas san, oibreacha a dhin sé féin, agus san pe'ca is fíor no nách fíor gur chun na hoibreacha ar taisbeáint do dhíol atá an taisbeántas san ar bun no chun sochair phearsanta ar aon tslí eile don té go bhfuil an taisbeántas ar bun aige.

Deire le diúitéthe custum ar thé.

31. —Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar thé fé alt 12 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar thé a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

Deire le diúitéthe custum ar chaifé.

32. —Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar chaifé fé fho-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1922, scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chaifé a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

Deire le diúitéthe custum ar chócó.

33. —Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar chócó, ar fhaidhneoga cócó, ar shliogáin chócó, agus ar im chócó fé alt 2 den Finance Act, 1922, scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chócó, ar fhaidhneoga cócó, ar shliogáin chócó, ná ar im chócó a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis, ach amháin sa mhéid go bhfuil an céanna ionchurtha fé mhuirear diúité fé alt 16 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ).

Deire le diúitéthe custum agus máil ar chiocóire.

34. —(1) Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar chiocóire fé fho-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1922, scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chiocóire a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

(2) An diúité máil is ionmhuirearuithe ar chiocóire fé fho-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1922, scuirfe sé de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúitá máil ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chiocóire ar an dáta san no dá éis.

Ais-tarrac ar mheascáin chócó.

35. —(1) On 6adh lá de Bhealtaine, 1925, amach, nuair a heasportálfar go cuibhe, no nuair a cuirfar ar bord luinge go cuibhe, le húsáid mar stóranna luinge, aon earraí gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon mheascán iomportálta a dineadh o chócó no ina bhfuil cócó, pé fuirm ina raibh an cócó san, agus atá ionchurtha fé mhuirear diúité mar mheascán den tsórt san fé alt 16 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité a híocadh fén alt san 16 ar scór an méid den mheascán san is dó leis na Coimisinéirí Ioncuim a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(2) Ag lomháil ais-tarraic fén alt so dhóibh, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, le haontú ón Aire Airgid, chun trádáil do chur in usacht, gach ní no éinní dá n-éilítear le hailt 104 agus 106 den Customs Consolidation Act, 1876, maidir le tabhairt urrúis agus le scrúdú earraí, do mhaolú no déanamh dá éamais.

Deire le diúité máil ar mhalartáin chaifé agus chiocóire.

36. —An diúité máil is ionmhuirearuithe anois fé fho-alt (3) d'alt 3 den Finance Act, 1922, ar aon earra no substaint a hullamhuíodh no a dineadh chun gurbh aithris ar chaifé no ar chiocóire í no chun go mbeadh deabhramh aici leis in aon tslí no chun go bhfónfadh sí ina ionad, agus ar aon mheascán d'aon earra no substaint den tsórt san agus de chaifé no de chiocóire, scuirfe sé de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité máil ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar aon earra, substaint, ná meascán den tsórt san ar an dáta san no dá éis.

Diúité máil ar ghadhair.

37. —(1) Ar an ladh lá d'Eanair, 1926, agus dá éis sin, beidh diúité máil (dá ngairmtear gadhar-dhiúité san Acht so) de chúig scillinge iníoctha ar gach gadhar atá mí no níos mó d'aois in aghaidh gach bliana no cuid de bhliain a cimeádfar an gadhar san i Saorstát Éireann.

(2) Má dhineann éinne, roimh rith an Achta so no dá éis sin, ach roimh an 1adh lá d'Eanair, 1926, fé sna hachtacháin atá i bhfeidhm chuige sin le linn rithte an Achta so, diúité d'íoc mar gheall ar ghadhar in aghaidh na tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1926, agus an gadhar-dhiúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc, roimh an dáta deiridh sin a luadhadh, mar gheall ar an ngadhar céanna in aghaidh na bliana 1926, beidh teideal ag an duine sin, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, chun liúntas d'fháil i bhfuirm lascaine sa diúité deiridh sin a luadhadh, oiread agus is có-ionann leis an gceathrú cuid den chéad diúité sin a luadhadh.

(3) Beidh an gadhar-dhiúité fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim ach íocfar agus baileofar é tré Oifig an Phuist, tré cheadúnaisí a tógfar amach go bliantúil chuige sin ag na daoine ar a ndlightear an diúité d'íoc.

(4) An gadhar-dhiúité is iníoctha mar gheall ar aon ghadhar isé an té a chimeádann an gadhar a íocfidh é agus gach éinne a chimeádann gadhar atá mí no níos mó d'aois agus nár híocadh gadhar-dhiúité air in aghaidh na bliana a bheidh ann an uair sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil chúig bpunt do chur air.

(5) Féadfidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh chun an gadhar-dhiúité do bhailiú agus chun ceadúnaisí do thabhairt amach ar íoc an diúité sin ach ní dhéanfa sé aon rialachán den tsórt san i dtaobh dualgaisí oifigeach d'Oifig an Phuist gan dul i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa.

(6) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gadhar a chimeádann duine atá dall, no 'na bhfuil radharc a shúl chó holc san nách féidir do a shlí do dhéanamh amach gan treorú, do bheith á chimeád agus á úsáid ag an duine sin chun é stiúra no é threorú, féadfidh na Coimisinéirí, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an gadhar san do shaora o sna forálacha den Acht so a bhaineann le gadhar-dhiúité.

Ceadúnaisí gadhair do thaisbeáint.

38. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne a chimeádann gadhar atá mí no níos mó d'aois ceadúnas a tugadh amach fén Acht so i dtaobh íoc gadhar-dhiúité ar an ngadhar san in aghaidh na bliana a bheidh ann an uair sin do thaisbeáint ar a éileamh san air d'aon bhall den Ghárda Síochána no d'aon oifigeach custum agus máil chun é iniúcha: Ach nuair a déanfar an t-éileamh san in aon áit seachas in áit chomhnaithe an duine sin agus ná beidh an ceadúnas ina sheilbh ag an duine sin nuair a déanfar an t-éileamh san tuigfar an duine sin do dhéanamh mar a héilíodh air má thógann sé air féin agus (ar a éileamh amhlaidh), má dhineann sé, an ceadúnas do thaisbeáint ina áit chomhnaithe chun go n-iniúchfadh ball den Ghárda Síochána no oifigeach custum agus máil é laistigh de dhá uair déag a' chluig ina dhiaidh sin.

(2) Einne den tsórt san roimhráite a bheidh, contrárdha don alt so, gan an ceadúnas san do thaisbeáint chun go n-iniúchfar amhlaidh é nuair a déanfar an t-éileamh san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil dhá phunt do chur air.

Fíneála agus ciontaí maidir le gadhar-dhiúité.

39. —(1) Na fíneála a forchuirtar leis an Acht so maidir le gadhar-dhiúité is ina bhfíneála máil a bheid agus na forálacha d'aon Acht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le fíneála máil do bhaint amach, bainfid dá réir sin leis na fíneála san do bhaint amach.

(2) In aon chúiseamh mar gheall ar chionta maidir le gadhardhiúité is ar an té a bheidh á chúiseamh a bheidh aois an ghadhair le n-a mbaineann an cúiseamh do chruthú.

(3) Chun crícheanna an Achta so tuigfar gadhar do bheith á chimeád ag an té gur leis é ach chun crícheanna cúisimh mar gheall ar chionta a bhaineann le gadhar-dhiúité féadfar a thuisgint go bhfuil gadhar á chimeád, leis, ag sealbhaire aon tighe, seomraí, saghmaire, no áitribh eile ina gcimeádtar an gadhar no ina leigtar do comhnaí no fanúint mara gcuiridh an sealbhaire sin ina luighe ar an gcúirt nách leis an gadhar agus ná fuil an gadhar san i gcimeád aige agus gur gan a thoil do bheith leis a cimeádadh an gadhar san, no a leigeadh do comhnaí no fanúint, san áitreabh san.

Diúité ar scór deimhniú airm teine.

40. —(1) Gach éinne dá ndeonfar deimhniú airm teine aon uair tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1925, fé aon Acht a ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, muirearófar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na tráthanna a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, diúité máil do réir an ráta a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar scór gach deimhniú airm teine a deonadh amhlaidh do.

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so ar scór aon deimhniú airm teine, is nuair a deonfar an deimhniú san a muirearófar, a gearrfar, agus a híocfar é.

Diúité ar dheighleálaithe cláruithe arm teine.

41. —(1) Gach éinne a bheidh cláruithe an 1adh lá de Lúnasa, 1925, agus as san amach, no a clárófar an lá san no aon uair ina dhiaidh sin, in aon chlár de dheighleálaithe arm teine a bheidh ar bun agus á chimeád do réir aon Achta do ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, muirearófar agus gearrfar air agus íocfa sé diúité máil de phunt ar na hócáidí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

(2) Nuair a déanfar clárú in aon chlár den tsórt san roimhráite agus fós gach uair a hathnuafar aon chlárú den tsórt san isea a muirearófar, a gearrfar, agus a híocfar an diúité máil a forchuirtar leis an alt so.

Diúité ceadúnais deighleálaithe bradán.

42. —(1) Gach éinne a thógfidh amach no a athnuafidh, fé aon Acht do ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, ceadúnas chun bradáin agus bric do dhíol, muirearófar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, diúité máil de phunt in aghaidh gach ceadúnais a tógfar amach no a hathnuafar amhlaidh.

(2) An diúité a forchuirtear leis an alt so ar scór aon cheadúnais den tsórt san roimhráite is nuair a tógfar amach an ceadúnas san, agus fós gach uair a hathnuafar an ceadúnas san, a muirearófar, a gearrfar agus a híocfar an diúité sin.

Bailiú diúitéthe ar dheimhnithe airm teine agus ar cheadúnaisí deighleálaithe bradán.

43. —(1) Isé slí ina n-íocfar agus ina mbaileofar na diúitéthe máil a forchuirtar leis an Acht so maidir le deimhnithe airm teine agus le ceadúnaisí chun bradáin agus bric do dhíol, fé seach, ná le stampaí ar a dtaisbeánfar méid an diúité sin agus a bheidh buailte ar na deimhnithe agus ar na ceadúnaisí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis na diúitéthe agus leis na stampaí sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach deimhniú airm teine do dheona, ná ceadúnas díolta bradán agus breac do thabhairt amach, 'na bhfuil diúité máil iníoctha ina thaobh fén Acht so mara ndintar ná go dtí go ndéanfar an deimhniú no an ceadúnas san do stampáil go cuibhe fén alt so ar scór an diúité sin, agus gach éinne a dheonfidh deimhniú airm teine no a thabharfidh amach ceadúnas díolta bradán agus breac contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig púint do chur air.

(3) Déanfar alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san do léiriú, agus beidh éifeacht acu, fé is dá ndintí an diúité máil a forchuirtar leis an Acht so ar scór deimhnithe airm teine do chur leis na diúitéthe a luaidhtear sa Tríú Sceideal san a ghabhann leis an Acht san agus é d'áireamh ortha.

Conus a socrófar luach earraí indiúité.

44. —Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna na Coda so den Acht so ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.

CUID III.

CAIN PHROIFIT CHORPARAIDE.

Méadú ar an saoirse o cháin phroifit Chorparáide.

45. —(1) Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanair, 1925, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis, déanfar an províso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí an mhír seo a leanas do chur ann in ionad na míre (a) atá sa phrovíso san anois, sé sin le rá:—

“(a) in the case of every accounting period beginning before and ending on or after the 1st day of January, 1925, the profits arising in the accounting period shall be apportioned between the part of the period which is before that date and the part of the period which is after the 31st day of December, 1924, in proportion to the respective lengths of those parts, and no tax shall be charged on so much of the profits apportioned to the first-mentioned part of the period as bears to five hundred pounds the same proportion as such firstmentioned part of the period bears to twelve months, and no tax shall be charged on so much of the profits apportioned to the second-mentioned part of the period as bears to one thousand pounds the same proportion as such second-mentioned part of the period bears to twelve months.”

(2) Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do thosnuigh agus do chríochnuigh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, déanfar mír (a) den phrovíso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá gcuirtí na focail “one thousand pounds” inti in ionad na bhfocal “five hundred pounds” i ngach áit sa mhír sin ina bhfuil na focail deiridh sin a luadhadh.

CUID IV.

DIUITETHE STAMPA.

Diúité stampa ad valorem i gcás airgid choigríche.

46. —I gcás instruimid do bheith ionchurtha fé mhuirear diúité ad valorem maidir le hairgead in aon airgead nách airgead Briotáineach, áireofar an diúité sin do réir luach an airgid sin in airgead Briotáineach do réir an ráta mhalartáin a bheidh ann ar dháta na hinstruimide.

Saoirse o dhiúité stampa do chairteacha áirithe baileachais.

47. —(1) Aon chairt a thug fostathóir amach d'éinne dá fhostaithe do réir scéime chun baileachais do chur ar aghaidh imeasc na bhfostaithe sin agus tré n-a ndineann an fostathóir—

(a) a admháil go bhfuair sé airgead do lóisteáil an fostaí leis as a thuilleamh i bhfostaíocht an fhostathóra, agus

(b) a thógaint air féin an t-airgead san d'aisíoc leis an bhfostaí maraon le hús do réir téarmaí na scéime sin,

beidh sí saor o aon diúité stampa is inéilithe fén Stamp Act, 1891, no fé aon Acht le n-a leasuítear an céanna.

(2) San alt so foluíonn an focal “fostathóir” aon fhostathóir is cólucht daoine, ionchorpruithe no neamh-ionchorpruithe, chó maith le fostathóir is duine aonaránach.

CUID V.

ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.

Beidh mioninnste áirithe ina bhfianaise in athchomhairc áirithe.

48. —Déanfar mion-innste aon instruimide a tíolaicfar do sna Coimisinéirí Ioncuim no a gheobhaid na Coimisinéirí sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) fé alt 4 den Finance (1909-10) Act, 1910, do ghlaca, in aon athchomharc fé alt 33 no fé fho-alt (3) d'alt 60 den Acht san no fé alt 19 den Acht Airgid, 1923 , mar fhianaise prima facia ar gach ní agus rud adeirtar sna mionn-innste sin.

Athchomhairc.

49. —Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa triú colún den Sceideal san agus ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin amach.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

50. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir ar shlí eile, tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barracháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1925, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach, agus tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le haon cháin eile no le haon diúité do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Rátaí Diúitéthe, Ais-tarraicí, agus Liúntaisí Siúicre, etc.

CUID I.

DIUITETHE.

Earraí

Diúité Custum.

Diúité Máil.

s.

d.

s.

d.

Siúicre a thaisbeánann pólarú is mó ná ocht ngrád nochad nuair a tástáltar leis an

bpólariscóip é

an céad

9

4

9

4

Siúicre de phólarú nách mó ná sé gráid

sheachtód

an céad

4

6

4

6

Siúicre de phólarú—

Is mó ná

76 agus nách mó ná

77

an céad

4

7.5

4

7.5

77

78

4

9.3

4

9.3

78

79

4

11.1

4

11.1

79

80

5

0.9

5

0.9

80

81

5

2.7

5

2.7

81

82

5

4.5

5

4.5

82

83

5

6.3

5

6.3

83

84

5

8.3

5

8.3

84

85

5

10.3

5

10.3

85

86

6

0.3

6

0.3

86

87

6

2.3

6

2.3

87

88

6

4.6

6

4.6

88

89

6

6.8

6

6.8

89

90

6

9.5

6

9.5

90

91

7

0.2

7

0.2

91

92

7

2.9

7

2.9

92

93

7

5.6

7

5.6

93

94

7

8.2

7

8.2

94

95

7

10.9

7

10.9

95

96

8

1.6

8

1.6

96

97

8

4.3

8

4.3

97

98

8

7.0

8

7.0

Molás (ach amháin nuair a tógtar amach é chun a úsáidthe ag stilleuraí ceadúnaithe i ndéanamh biotáille) agus siúicre iompála agus gach siúicre agus súgh siúicre eile nách féidir a thástáil go hiomlán leis an bpólariscóip agus ná muirearuítear diúité air go speisialta tré fheidhm forálacha eile na Coda so den Sceideal so:—

Má bhíonn 70 per cent. no níos mó d'abhar

chun milsithe ionta an céad

an céad

5

11

5

11

Má bhíonn níos lú ná 70 per cent. agus níos mó ná 50 per cent. d'abhar chun

milsithe ionta an céad

an céad

4

3

4

3

Mara mbeidh thar 50 per cent. d'abhar

chun milsithe ionta

an céad

2

1

2

1

Tuigfar go bhfuil an t-abhar chun milsithe chó mór le méid iomlán an tsiúicre chána agus iompála agus an tsiúicre eile atá san earra mar a déanfar san amach tré dheighlteánacht a déanfar fé mar a ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim.

Glúcós:—

Soladach ..............................

an céad

5

11

5

11

Fliuchánach ..........................

an céad

4

3

4

3

Sacairín (le n-a n-áirítear substaintí den chineál chéanna no chun na húsáide

céanna) .................................

an únsa

3

0

3

0

CUID II.

AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

A.—AIS-TARRAICI CUSTUM.

Cineál an Ais-Tarraic.

Méid no Ráta an Ais-Tarraic.

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre no molás ar ar híocadh diúité (le n-a n-áirítear siúicre no molás a dineadh o shiúicre no o mholás ar ar híocadh diúité) agus a ghaibh tré mhonarcha shiúicre i Saorstát Éireann d'easportáil no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é úsáid mar stóranna luinge.

I gcás moláis a dineadh fé bhanna, suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh, agus in aon chás eile suim is có-ionann leis an diúité do bheadh inéilithe nuair a hiomportálfí earra den tsórt chéanna.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar scór an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfar ar bord luinge, no a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (nách beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité is inéilithe ar scór an méid sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is dó leis na Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí, no, i gcás déantúisí fuighligh, a bheith sna hearraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás a dineadh i Saorstát Éireann, o shiúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha, agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é úsáid i ndéanamh biotáille

........................................ an céad

s.    d.

2    1.

B.—AIS-TARRAICI MAIL.

Cineál an Ais-Tarraic.

Méid no Ráta an Ais-Tarraic.

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge, no do lóisteáil i mbanna-stórás chun é úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stórás, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar scór an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfar ar bord luinge, no a lóisteálfar i mbanna-stórás, chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (nách beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar scór an méid sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is dó leis na Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás a dineadh i Saorstát Éireann, o shiúicre ar ar híocadh diúité, agus do seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é úsáid i ndéanamh biotáille........... an céad.

s.    d.

2    1.

(5) Ais-tarrac nuair a déanfar glúcós ar ar híocadh diúité do lóisteáil i stórás do mhol na Coimisinéirí Ioncuim fé alt a dó den Manufactured Tobacco Act, 1863, chun tobac cavendish agus tobac negrohead do dhéanamh.

Suim is có-mhéid leis an ais-tarrac do bheadh iníoctha ar easportáil an ghlúcóis.

C.—LIUNTAISI DO GHLANTOIRI AR MHOLAS DO DINEADH I SAORSTAT ÉIREANN AGUS NAR hUSAIDEADH ACH MAR BHIA D'EALLACH STUIC.

Cineál an Liúntais.

Ráta an Liúntais.

(1) Liúntas ar mholás do dineadh o shiúicre ar ar híocadh diúité nuair a hiomportáladh é no ar ar híocadh an diúité máil.......... an céad.

s.    d.

2    1.

CUID III.

SOCRU I dTAOBH DIUITE.

AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

1. Foluíonn muirearú méid áirithe diúité, no deona méid áirithe ais-tarraic no liúntais, ar scór meáchaint áirithe d'aon earra, diúité no ais-tarrac no liúntas, pe'ca aca é, níos lú do réir chothruim, ar scór aon mheáchainte is lú ná san den earra san.

2. Ní dlighfar diúité do chur ar mholás a hiomportálfar isteach no a déanfar fé bhanna i Saorstát Éireann mara n-úsáidtear é ach mar bhia d'eallach stuic agus má có-líontar na coiníollacha orduithe ina thaobh.

3. Ní lomhálfar agus ní híocfar na hais-tarraicí custum agus máil ar scór beorach, an t-ais-tarrac máil an scór glúcóis do lóisteáladh i stóras molta, agus na liúntaisí do ghlantóirí ar mholás ach amháin fé réir cólíona na gcoiníollacha orduithe.

4. Ag lomháil ais-tarraic dóibh ar scór aon earraí déanta no ullamhuithe féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, le haontú ón Aire Airgid, chun trádáil do chur in usacht, éinní do mhaolú a héilítear leis an Customs Consolidation Act, 1876, maidir le hurrús do thabhairt agus leis na hearraí do scrúdú.

5. D'ainneoin éinní san Acht so, is do réir na rátaí a bhí i bhfeidhm roimh an séú lá de Bhealtaine, míle naoi gcéad a cúig fichead, a lomhálfar agus a híocfar ais-tarraicí agus liúntaisí i ngach cás ina gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur do réir na rátaí a bhí i bhfeidhm roimh an dáta san a híocadh diúitéthe.

6. Má ghníomhuíonn éinne contrárdha d'aon choiníll orduithe, no d'aon choiníll a forchuireadh ag na Coimisinéirí Ioncuim fé fhorálacha aon Achta roimhe seo maidir le gan molás d'úsáid ach mar bhia d'eallach stuic, dlighfar fíneáil chustum no fíneáil mháil, pe'ca aca é, de chaoga punt do chur air in aghaidh gach cionta fé leith.

7. Sa Sceideal so, mara n-éilíonn an co-théacs rud éigin eile—

(a) cialluíonn an focal “diúité” an diúite custum no an diúité máil, pe'ca aca é, a forchuirtar le hailt 26 no 27 den Acht so.

(b) cialluíonn an focal “ar ar híocadh diúité,” maidir le haon earraí, earraí gur cuireadh ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh diúité ar a scór.

(c) cialluíonn an focal “coiníollacha orduithe” pé coiníollacha a ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim chun an tIoncuim do chosaint maidir le cruthúnas no urrús no éinní eile.

DARA SCEIDEAL.

RATAI DIUITE AR DHEIMHNIU AIRM TEINE

£

s.

d.

1. Ar dheimhniú airm teine i gcóir muscaeid, no piostail no gunnáin, i dteanta no d'éamais amuinisin do     ...

5

0

2. Ar dheimhniú airm teine i gcóir grán-ghunna, i dteanta no d'éamais amuinisin do, ná fuil le n'úsaid ach chun ainmhithe no éin nách géim do mharbha ar thalamh atá i seilbh an té dá bhfuiltar ag deona an deimhnithe     ...     ...     ...     ...     ...

5

0

3. Ar aon deimhniú airm teine eile—

Ar aon deimhniú amháin den tsórt san     ...     ...

2

0

0

Má deontar dhá dheimhniú den tsórt san no níos mó don éinne amháin (cé nách san aon am amháin é) agus go raghaid in éag ar an aon dáta amháin, ar an gcéad deimhniú den tsórt san     ...

2

0

0

Ar an dara deimhniú den tsórt san agus ar gach ceann ina dhiaidh sin     ...     ...     ...

5

0

TRIU SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-Theideal.

Méid na hAthghairme.

Dáta na hAthghairme.

5 and 6 Vic., c. 81

Game Certificates (Ireland) Act, 1842

An tAcht iomlán

1adh Lúnasa, 1925.

23 & 24 Vic., c. 90

Game Licences Act, 1860

An tAcht Iomlán

1adh Lúnasa, 1925

23 & 24 Vic., c. 113

Excise Act, 1860

Ailt 8 go 21

6adh Bealtaine, 1925

24 & 25 Vic., c. 91

Revenue (No. 2) Act, 1861

Alt 17

1adh Lúnasa, 1925

28 & 29 Vic., c. 50

Dogs Regulations (Ireland) Act, 1865

An tAcht iomlán

1adh Eanair, 1926

30 & 31 Vic., c. 116

Dogs (Ireland) Act, 1867

An tAcht iomlán

1adh Eanair, 1926.

33 & 34 Vic., c. 57

Gun Licence Act, 1870

An tAcht iomlán

1adh Lúnasa, 1925

45 & 46 Vic., c. 41

Customs and Inland Revenue Act, 1882

Ailt 5, 6 agus 7

6adh Bealtaine 1925

45 & 46 Vic., c. 72

Revenue, Friendly Societies and National Debt Act, 1882

Alt 6

1adh Lúnasa, 1925

46 & 47 Vic., c. 10

Customs and Inland Revenue Act, 1883

Ailt 4, 5 agus 6

1adh Lúnasa, 1925

62 & 63 Vic., c. 9

Finance Act, 1899

Alt 12

1adh Abrán, 1925

10 Edw. VII., c. 8

Finance (1909-10) Act, 1910

Ailt 20, 21 agus 24

1adh Abrán, 1925

6 Geo. V., c. 11

Finance (New Duties) Act, 1916

Mír (d) d'fho-alt (5) d'alt 10 “or is provided” go deire na míre

1adh Abrán, 1925

6 & 7 Geo. V., c. 24

Finance Act, 1916

Alt 4

6adh Bealtaine, 1925

8 & 9 Geo. V., c. 40

Income Tax Act, 1918

Fo-alt (2) d'alt 48

6adh Abrán, 1924

8 & 9 Geo. V., c. 40

Income Tax Act, 1918

Mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 68; in Uimh. 8 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal C agus dar teideal “Rules as to interest, etc., payable out of public revenue to or through the Bank of England or the Bank of Ireland, or by the National Debt Commissioners” na focail “and the amount of any tax charged on the trading profits of either Bank”; Uimh. 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cás IV. de Sceideal D; Uimh. 4 de sna Rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D.

6adh Abrán, 1925

9 & 10 Geo. V., c. 81

Dogs Regulation (Ireland) Act, 1919

An tAcht iomlán

1adh Eanair, 1926

Uimh. 27 de 1924

Acht Airgid, 1924

Alt 12

6adh Bealtaine, 1925

Uimh. 27 de 1924

Acht Airgid, 1924

Alt 20

24adh Abrán, 1925