32 1925


Uimhir 32 de 1925.


ACHT IASCAIGH, 1925.


ACHT CHUN NA FISHERIES (IRELAND) ACTS, 1842 TO 1909, AGUS AN tACHT IASCAIGH, 1924 , DO LEASÚ AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN DEIGHLEÁLAITHE I mBRADÁIN AGUS I mBRIC DO CHIMEÁD FÉ SMACHT AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LE hIASCACH SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHOSAINT. [11adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh, 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, agus féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, do ghairm de sna hAchtanna san, den Acht Iascaigh, 1924 (Uimh. 6 de 1924) , den Acht Iascaigh (Toghachán Cimeádaithe do Chur ar Ath-ló), 1924 (Uimh. 43 de 1924) , agus den Acht so le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá a ceapfar le hordú ón Aire go generálta no maidir le haon Chuid áirithe den Acht so, agus féadfar dátaí difriúla do cheapa chun Codacha difriúla den Acht so do thosnú ar bheith i bhfeidhm.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Iascaigh;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin do dhin an tAire fén Acht so;

cialluíonn an focal “bliain iascaigh” tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Dheire Fomhair agus dar críoch an 30adh lá den chéad Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin;

foluíonn na focail “bradán,” “breac” agus “iasc” fé seach cuid de bhradán, cuid de bhreac, agus cuid d'iasc.

CUID I.

TOGHACHAN AGUS BALLRAIOCHT BHORDANNA CIMEADAITHE.

Scuirfidh na búird atá ann anois de bheith i seilbh oifige.

4. —An chéad Luan den chéad mhí Dheire Fomhair tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so scuirfidh gach bord cimeádaithe atá ann le linn rithte an Achta so de bheith i seilbh oifige agus toghfar búird nua.

Féadfidh an tAire líon na gcimeádaithe d'atharú.

5. —(1) Beidh sé dleathach don Aire le hordú, o am go ham nuair is dó leis agus chó minic agus is dó leis gur ceart é, an líon cimeádaithe a bheidh le togha agus le tuairisciú i gcóir aon togh-roinne d'atharú, ach ní déanfar le haon ordú den tsórt san líon na gcimeádaithe sin do mhéadú go dtí níos mó ná naonúr ná do luíodú go dtí níos lú ná triúr.

(2) Gach ordú a déanfar fén alt so tiocfa sé i ngníomh, maidir le gach togh-roinn le n-a mbainfidh an t-ordú, sa chéad toghachán a bheidh ann tar éis dáta an orduithe chun cimeádaithe do thogha don togh-roinn sin.

Leasú ar alt 29 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

6. —Léireofar alt 29 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an focal “district” ann in ionad na bhfocal “electoral division” atá anois ann.

Leasú ar alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848.

7. —Léireofar alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “fifty pounds yearly or upwards” ann in ionad na bhfocal “one hundred pounds yearly or upwards.”

Scála vótanna.

8. —(1) Cuirfar an scála vótanna so a leanas in ionad an scála atá in alt 9 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, sé sin le rá, mara mbeidh an diúité ceadúnais do híocadh mar a luaidhtear san alt san, ag an té a bheidh ag vótáil, chó mór le trí púint beidh aon vóta amháin aige, má bhíonn an diúité ceadúnais sin chó mór le trí púint gan bheith chó mór le sé púint beidh dhá vóta aige, má bhíonn an diúité ceadúnais sin chó mór le sé púint gan bheith chó mór le deich bpúint beidh trí vótanna aige, agus má bhíonn an diúité ceadúnais sin chó mór le deich bpúint no os a chionn san beidh ceithre vótanna aige.

(2) Nuair a bheidh an diúité ceadúnais d'íoc éinne á áireamh chun críche an scála atá sa bhfo-alt san roimhe seo ní cuirfar na suimeanna so a leanas san áireamh, sé sin le rá:—

(a) aon tsuim dheich scillinge d'íoc an duine sin as iascach i gceanntar eile seachas an ceanntar ina bhfuil ceadúnas do shlait iascaigh bhradán aige cheana, no

(b) aon tsuim phúint d'íoc an duine sin as aon cheadúnas amháin do shlait iascaigh bhradán i gcóir tréimhse nár shia ná ceithre lá déag.

(3) An oiread den alt san 9 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, agus údaruíonn vótáil tré leas-vótálaithe, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige agus an vótáil fén alt san mar a leasuítear é leis an alt so is i bpearsain amháin a déanfar í.

Féadfidh Cimeádaithe eirghe as oifig.

9. —(1) Féadfidh aon bhall tofa de bhórd chimeádaithe aon uair, tré fhógra i scríbhinn do sheachada do chléireach an bhúird, eirghe as bheith ina bhall den bhord agus, i ngach cás den tsórt san, an t-ionad a bheidh ag an mball san ar an mbord tiocfidh agus beidh sé folamh (mara ndintar an fógra do tharrac siar roimhe sin) i dtosach agus o thosach an chéad chruinnithe a bheidh ag an mbord tar éis an fógra do bheith seachadtha don chléireach.

(2) Féadfar fógra eirghe-as fén alt so do tharrac siar tré fhógra i scríbhinn do sheachada do chléireach an bhúird roimh thosach an chéad chruinnithe a bheidh ag an mbord tar éis fógra an eirghe-as do bheith seachadtha don chléireach.

(3) Féadfar fógra fén alt so do sheachada don chléireach tré n-a fhágaint ina chóir ina oifig no tré n-a chur chuige tríd an leitir-phost roimh-íoctha i gclúdach a seolfar chun an chléirigh ina oifig, agus sa chás deiridh sin tuigfar gur seachadadh an fógra don chléireach an uair a seachadfí ina oifig i ngnáthchúrsa an phuist an clúdach ina bhfuil an fógra.

Dí-cháiliú ball de bhúird chimeádaithe.

10. —(1) Aon bhall tofa de bhord chimeádaithe a bheidh ar feadh tréimhse de shé mhí as a chéile as láthair o chruinnithe uile an bhúird sin agus o chruinnithe uile na gcimeádaithe don toghroinn darb ionadaí é, beidh sé dí-cháilithe chun leanúint de bheith ina bhall den bhord san agus i gceann coicís tar éis deire na tréimhse roimhráite tiocfidh agus beidh a ionad ar an mbord san folamh fé réir forálacha an ailt seo.

(2) Má bhíonn ball de bhord chimeádaithe dí-cháilithe no ar tí bheith dí-cháilithe fén alt so chun leanúint de bheith ina bhall den bhord san, féadfidh an tAire, ar dháta nách déanaí ná coicís tar éis deire na tréimhse roimhráite, agus más ceart do é dhéanamh, dar leis, mar gheall ar na nithe fé leith a bhaineann leis an gcás, pé tréimhse bhreise is do léis is ceart do chur leis an tréimhse sin, agus leis sin beidh éifeacht ag an gcéad fho-alt den alt so sa chás áirithe sin fé is dá gcuirtí an tréimhse fhaduithe sin in ionad na tréimhse sin de shé mhí as a chéile, ach ní faideofar fén bhfo-alt so aon tréimhse den tsórt san, de shé mhí as a chéile, níos mó ná aon uair amháin.

Tré chó-thogha a líonfar fothfholúntaisí.

11. —(1) Más rud é, i rith téarma oifige aon bhúird chimeádaithe, go bhfolamhófar ionad aon bhaill thofa den bhord tré bhás, eirghe-as, mí-chumas, no dí-cháiliú, beidh sé dleathach do sna baill eile den bhord, no do pé méid acu a bheidh i láthair, tré rún a rithfar go cuibhe ag cruinniú den bhord, duine do thogha chun bheith ina bhall den bhord ar feadh iarsma téarma oifige an bhúird in ionad an bhaill go mbeidh a ionad folamh amhlaidh. Ag an dara cruinniú a bheidh ag an mbord tar éis teacht d'aon fhoth-fholúntas den tsórt san no roimh an gcruinniú san isea líonfar an folúntas san.

(2) Nuair a folamhófar mar adubhradh ionad aon bhaill de bhord chimeádaithe, féadfidh na baill eile den bhord leanúint ag gníomhú in ainneoin an fholúntais sin, go dtí go líonfar an folúntas fén alt so.

CUID II.

AIRGEADAS BORDANNA CIMEADAITHE.

Atharú ar rátaí diúité cheadúnais.

12. —(1) Léireofar na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, agus beidh éifeacht acu fé is dá ndintí, sa Sceideal a ghabhann leis an Fisheries (Ireland) Act, 1848, na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur in ionad na ndiúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear ag uimhreacha 1, 3, 4, 5 agus 14 sa Sceideal san a ghabhann leis an Fisheries (Ireland) Act, 1848, sin, agus d'ainneoin éinní atá sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, ní bheidh údarás ag aon bhord chimeádaithe chun aon cheann de sna diúitéthe sin a luaidhtear amhlaidh sa Chéad Sceideal san a ghabhann leis an Acht so do luíodú.

(2) Má shocruíonn agus má bheartuíonn aon bhord cimeádaithe amhlaidh féadfar ceadúnas do thabhairt amach chun iascach do dhéanamh le haon tslait iascaigh bhradán amháin ina gceanntar i rith na tréimhse teoranta de cheithre lá déag o dháta an cheadúnais agus beidh sé ar fáil an 1adh lá den chéad Eanair tar éis an tsocruithe agus an bheartuithe sin no tar éis an lae sin ar íoc an diúité cheadúnais de phunt.

(3) Dhá phunt a bheidh an diúité ceadúnais i gcóir duirithe fada d'eascoin i ngach ceanntar in ionad pé diúitéthe atá i bhfeidhm anois i gcóir duirithe den tsórt san, agus ní bheidh údarás ag aon bhord cimeádaithe chun an diúité ceadúnais sin dhá phunt do luíodú.

(4) Athghairmtear leis seo an províso a ghabhann le halt 30 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, agus achtuítear ina ionad leis seo ná beidh ag éinne, ’na mbeidh ceadúnas slaite tógtha amach aige i gcóir bliana caileandair in aon cheanntar, teideal chun bradáin d'iascach le slait in aon cheanntar eile mara mbeidh ná go dtí go mbeidh ceadúnas slaite tógtha amach aige sa cheanntar eile sin agus an diúité ceadúnais a luaidhtear chuige sin sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so íoctha aige.

Rátaí ar áiteanna iascaigh.

13. —(1) Tugtar comhacht leis seo do gach bord cimeádaithe ráta do bhuala, an 31adh lá de Mhí na Nodlag no roimhe sin i ngach bliain iascaigh le n-a mbaineann an t-alt so, ar gach áit iascaigh laistigh dá gceanntar a bheidh rátuithe chun fóirithin na mbocht no a bheadh rátuithe amhlaidh mara mbeadh an tsaoirse a bronntar leis an alt so, ráta de pé méid per cent. is leor, maraon le méid measta a n-ioncuim eile, chun méid measta a gcostais i gcóir na bliana iascaigh sin d'íoc.

(2) Gach ráta a bhuailfidh bord cimeádaithe fén alt so, beidh sé fé réir a dhaingnithe ag an Aire, agus féadfidh seisean é dhaingniú gan é atharú no tar éis é atharú (pe'ca tré n-a mhéadú é no tré n-a luíodú) fé mar is dó leis is ceart.

(3) Gach ráta a bhuailfidh bord cimeádaithe fén alt so agus a dhaingneoidh an tAire (tar éis é atharú no gan é atharú), déanfidh an bord é do ghearra, é do bhailiú agus é do bhaint amach go cuibhe sa tslí agus leis na comhachta a foráltar leis na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, maidir le rátaí is inghearrtha fé sna hAchtanna san.

(4) Má bhíonn bord cimeádaithe gan ráta do bhuala an 31adh lá de Mhí na Nodlag no roimhe sin in aon bhliain iascaigh le n-a mbaineann an t-alt so i gcóir na bliana iascaigh sin, féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é dhéanamh, ráta do bhuala an 28adh lá d'Fheabhra no roimhe sin sa bhliain iascaigh sin do cheanntar an bhúird chimeádaithe sin i gcóir na bliana iascaigh sin agus sa chás san déanfidh an bord cimeádaithe sin an ráta do bhuail an tAire amhlaidh do ghearra, do bhailiú, agus do bhaint amach ar gach slí díreach fé is dá mb'é an bord do bhuailfadh an ráta san agus go ndaingneoidh an tAire é fén alt so.

(5) Gach ráta a déanfar fén alt so agus gach ráta a bhuailfidh an tAire fén alt so déanfidh na daoine uile agus fé seach a bheidh rátuithe ina chóir é d'íoc ina dhá leath an 1adh lá d'Abrán agus an 1adh lá de Mheán Fhomhair sa bhliain iascaigh gur buaileadh an ráta ina cóir, agus is sa bhreis ar gach diúité ceadúnais no aon diúité ceadúnais d'íoc na daoine sin fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, no fén Acht so, i gcóir na bliana iascaigh sin no aon bhliana iascaigh eile, a híocfar é amhlaidh.

(6) Gach éinne a dlightear a rátú fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, mar a leasuítear leis an Acht so iad, ar scór áite iascaigh, beidh sé saor o fhiachas aon ráta is inghearrtha ag comhairle aon chontae, contae-bhuirge, no bailecheanntair, no ag coimisinéirí aon bhaile, ar scór na háite iascaigh sin i gcóir na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an chéad lá den cheád Abrán tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so no i gcóir aon cheann de sna naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin, agus ní dhéanfidh aon chomhairle ná coimisinéirí den tsórt san aon ráta do ghearra ná do bhailiú ar scór aon áite iascaigh den tsórt san i gcóir aon cheann de sna bliana airgeadais áitiúla san.

(7) Má dheimhníonn an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí gur dineadh, de dheascaibh na saoirse a bronntar leis an alt so o fhiachas rátaí ar scór áiteanna iascaigh, méadú is mó ná pingin sa phunt ar mhéid an ráta nár mhór do chomhairle chontae, chontae-bhuirge, no bhailecheanntair, no do choimisinéirí baile, a dhéanamh agus a ghearra, mara mbeadh an fo-alt so, ar aon líomatáiste agus ann chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúla do chríochnódh laistigh de dheich mbliana tar éis an 1adh lá den cheád Abrán tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, íocfidh an tAire Iascaigh leis an gcomhairle no leis na coimisinéirí sin, roimh dheire na bliana airgeadais áitiúla san, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas o am go ham, oiread na suime do thiocfadh as ráta ar an líomatáiste sin agus ann, ráta ba chó-ionann leis an méid sa phunt atá an méadú san os cionn pingin sa phunt.

(8) Na forálacha uile agus fé seach atá sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, maidir le rátú, sa mhéid go bhfuilid buiniscionn le fóralacha an ailt seo ní bheidh éifeacht acu i rith aon bhliana iascaigh le n-a mbaineann an t-alt so, ach lasmuich den mhéid sin bainfidh na forálacha san leis na rátaí is inghearrtha fén alt so díreach fé mar a bhainid leis na rátaí is inghearrtha go dtí so fé sna hAchtanna san.

(9) Baineann an t-alt so leis an mbliain iascaigh dar tosach an 1adh lá den chéad Deire Fomhair tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus le gach bliain de sna naoi mbliana iascaigh ina dhiaidh sin.

Caithfidh gach bord cimeádaithe meastacháin bhliantúla do thabhairt uatha.

14. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach bord cimeádaithe meastachán do thabhairt don Aire, an 30adh lá de Mhí na Samhna no roimhe sin i ngach bliain iascaigh, ar gach airgead a bheidh acu le fáil an bhliain iascaigh sin agus ar an úsáid a bheidh beartuithe a dhéanamh den airgead san agus ar gach caithteachas eile a bheidh beartuithe i gcóir na bliana iascaigh sin.

(2) Féadfidh an tAire aon mheastachán ar chaithteachas a bheidh beartuithe a tabharfar do do réir an fho-ailt roimhe seo den alt so do cheadú gan é do leasú no tar éis pé leasuithe (pe'ca atharú no cur leis no fágaint ar lár iad) is oiriúnach leis do dhéanamh air.

(3) On gcéad lá den chéad Deire Fomhair tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus tar éis an dáta san ní bheidh sé dleathach d'aon bhord cimeádaithe dul fé aon chaithteachas aon bhliain iascaigh ach pé caithteachas a luaidhtear sa mheastachán chaithteachais i gcóir na bliana iascaigh sin fé mar a cheaduigh an tAire é fén alt so agus pé caithteachas breise (más ann do) a cheadóidh an tAire go speisialta.

Iniúcha cuntaisí bordanna cimeádaithe.

15. —(1) Déanfar suas cuntaisí fáltaisí agus íocaíocht gach búird chimeádaithe go bliantúil go deire gach bliana iascaigh fé leith agus iniúchfar na cuntaisí sin ag iniúchóir don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí a ainmneoidh an tAire sin chun na críche sin.

(2) Na hachtacháin seo a leanas, sé sin le rá, ailt 11 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, mar a leasuíodh no a hoiriúnuíodh iad le haon achtachán atá i bhfeidhm anois, no fé, bainfid le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí bordanna cimeádaithe ar an gcuma gcéanna ina mbaineann na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí a luaidhtear ionta, ach amháin an t-athchomharc a ceaduítear leis na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, chun an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí i gcoinnibh lomhála, nealomhála, no formhuirir, gur chun an Aire Iascaigh a déanfar é in ionad é dhéanamh chun an Aire roimhráite, agus na tagairtí atá sna hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, léireofar iad agus beidh éifeacht acu, maidir le hathchomhairc den tsórt san, mar thagairtí don Aire Iascaigh.

(3) Féadfidh an tAire Iascaigh, le rialacháin a déanfar fén Acht so, a ordú cadé an fhuirm ina gcimeádfar cuntaisí bordanna cimeádaithe, cé a thaisbeánfidh agus cadé an aimsir gur laistigh di a taisbeánfar na cuntaisí sin chun a n-iniúchta, cadé an modh ina stiúrófar an t-iniúcha, agus éinní no aon rud eile d'ordú a bhaineann le hiniúcha na gcuntaisí sin agus is gá chun go bhféadfidh an t-alt so éifeacht do bheith aige.

(4) Déanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí o am go ham fé mar is gá é a fháil amach agus a shocrú cadé an cion, den tuarastal a híocfar leis an iniúchóir a ceapfar chun cuntaisí búird chimeádaithe d'iniúcha, ba cheart d'éileamh ar scór an iniúchta san, agus íocfidh an bord cimeádaithe sin leis an Aire sin méid an chéanna san den tuarastal san.

CUID III.

SRIAN LE DIOL BRADAN AGUS BREAC.

Toirmiscthear bradáin, etc., do dhíol gan ceadúnaisí.

16. —(1) O thosach feidhme na Coda so den Acht so agus dá éis sin ní dhéanfidh éinne aon bhradáin ná bric (nách bradáin no bric leasuithe a díoltar i gcannaí stáin) do dhíol, do chur ar díol, ná do chimeád chun a ndíolta, gan bheith ceadúnaithe go cuibhe fén Acht so chun iad do dhíol amhlaidh, ná in aon áit ná húdaruítear do le n-a cheadúnas iad do dhíol ann.

(2) Einne a dhéanfidh, ar bheith caithte do dhá mhí o thosach feidhme na Coda so den Acht so, aon bhradáin no bric do dhíol, do chur ar díol, no do chimeád chun a ndíolta, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar, má sé an chéad chionta aige é, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile.

(3) Einne a dhéanfidh, ar bheith caithte do dhá mhí o thosach feidhme na Coda so den Acht so, aon bhradáin no bric do cheannach o éinne agus a fhios aige, no cúis aige chun a chreidiúint, go bhfuil an duine sin á ndíol contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le hiascaire ag díol éisc do ghaibh sé féin go dleathach.

Ceadúnaisí do thabhairt amach.

17. —(1) Féadfidh gach bord cimeádaithe, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ceadúnas do thabhairt amach, tré n-a gcléireach, d'éinne a iarrfidh é, chun bradáin agus bric do dhíol i pé áit no áiteanna laistigh de cheanntar an bhúird a luadhfidh an t-iarratasóir agus féadfid, sa tslí chéanna agus fé réir na bhforálacha céanna, aon cheadúnas den tsórt san do thugadar amach amhlaidh d'athnuachaint o am go ham marar cuireadh deire leis fén Acht so.

(2) Gach iarratas chun ceadúnas den tsórt roimhráite do thabhairt amach no d'athnuachaint déanfar é i scríbhinn chun cléireach an bhúird chimeádaithe agus beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann agus, i gcás iarratais athnuachainte, déanfar é laistigh de cheithre lá dhéag roimh dhul in éag, no laistigh de mhí tar éis dul in éag, don tseana-cheadúnas no don tsean-athnuachaint.

Ní foláir deimhniú d'fháil o Bhreitheamh den Chúirt Dúithche.

18. —(1) Einne a dhineann gnó mar dhíoltóir bradán no breac no atá chun bheith á dhéanamh, féadfa sé deimhniú den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo anso d'iarraidh ar Bhreitheamh na Cúirte Dúithche sa Dúthaigh Chúirte ina ndineann sé an gnó san no ina bhfuil sé chun é dhéanamh agus nuair is deimhin leis an mBreitheamh gur duine ceart oiriúnach an duine sin chun ceadúnas fén Acht so d'fháil agus do bheith ar seilbh aige chun bradáin agus bric do dhíol deonfa sé don duine sin deimhniú i scríbhinn, fé shighniú an Bhreithimh, gur duine ceart oiriúnach mar adubhradh an duine sin.

(2) Gach duine a iarrfidh ceadúnas fén Acht so ar chléireach bhúird chimeádaithe chun bradáin agus bric do dhíol, taisbeánfa sé don chléireach deimhniú a deonadh fén alt so ina thaobh féin mí ar a mhéid roimhe sin agus beidh taisbeáint an deimhnithe sin mar roimh-choiníoll a có-líonfar sara dtabharfar amach an ceadúnas san.

Fuirm, éifeacht, agus buaine ceadúnaisí.

19. —(1) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach ceadúnas a tabharfar amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol agus gach athnuachaint a déanfar ar aon cheadúnas den tsórt san, agus faid a bheidh an céanna i bhfeidhm oibreoidh sé chun a údarú don té a hainmnítear sa cheadúnas bradáin agus bric do dhíol agus do chur ar díol agus do chimeád chun a ndíolta san áit no sna háiteanna (laistigh de cheanntar an bhúird chimeádaithe a bheidh ag tabhairt amach an cheadúnais no a thug amach é) a luaidhtear sa cheadúnas.

(2) Beidh deire le gach ceadúnas den tsórt san ar fháil bháis dá shealbhóir agus ar a cheiliúra don Aire fén Acht so agus féadfar deire do chur leis tré n-a shealbhóir á thabhairt suas.

(3) Leanfidh gach ceadúnas den tsórt san agus gach athnuachaint air i bhfeidhm (marar cuireadh deire leis an gceadúnas roimhe sin) go dtí deire na bliana caileandair in ar tugadh amach an ceadúnas no is déanaí in ar hathnuadhadh é (pe'ca aca é) agus ragha sé in éag ansan.

Ceiliúra ceadúnaisí.

20. —(1) Féadfidh an tAire ceadúnas díolta bradán agus breac do tugadh amach fén Acht so do cheiliúra aon uair laistigh de thrí mhí tar éis sealbhóir an cheadúnais do bheith ciontuithe i gcionta fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, fén Acht Iascaigh, 1924 , no fén Acht so.

(2) Sara gceiliúra sé aon cheadúnas fén alt so cuirfidh an tAire tríd an bpost cláruithe, chun sealbhóir an cheadúnais agus chun an bhúird chimeádaithe a thug amach an ceadúnas, fógra coicíse i scríbhinn go bhfuil sé chun ceiliúra an cheadúnais do bhreithniú, agus breithneoidh an tAire aon aithris chúise a dhéanfidh an sealbhóir no an bord san leis roimh dhul in éag don bhfógra san.

Foillsiú an cheadúnais.

21. —(1) Gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais a tugadh amach fén Acht so chun bradáin no bric do dhíol, cuirfe sé fé ndeár an ceadúnas no an athnuachaint sin do thaisbeáint go so-fheicse le linn tráthanna gnótha san áit no i gceann de sna háiteanna le n-a mbaineann an ceadúnas no an athnuachaint sin agus má bhaineann an ceadúnas no an athnuachaint sin le níos mó ná aon áit amháin cuirfe sé fé ndeár cóip den cheadúnas no den athnuachaint sin do thaisbeáint amhlaidh i ngach áit acu seachas an áit ina dtaisbeánfar an ceadúnas no an athnuachaint sin amhlaidh.

(2) Déanfar liostaí de dhaoine go bhfuil ceadúnaisí den tsórt san roimhráite ar seilbh acu d'fhoillsiú pé uair agus i pé áiteanna agus i pé slí agus fuirm a ordóidh an tAire o am go ham.

Cimeádfidh sealbhóir ceadúnais clár.

22. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais a tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol clár do chimeád, no a chur fé ndeár clár do chimeád, sa bhfuirm orduithe, i ngach áitreabh dá luaidhtear sa cheadúnas san, de gach ceannach agus fáil bhradán no bhreac chun a ndíolta san áitreabh san agus de gach díol bradán no breac a déanfar san áitreabh san agus, laistigh de sé huaire a' chluig tar éis aon cheannaigh no fála den tsórt san agus laistigh de thrí huaire a' chluig tar éis aon díola den tsórt san, na mion-innste orduithe ar an gceannach, ar an bhfáil, no ar an díol san (pe'ca aca é) agus ar an té o n-ar ceannuíodh no o n-a bhfuarthas no le n-ar díoladh an céanna, d'iontráil sa chlár san.

(2) Ní bheidh ar na mion-innste orduithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo an praghas d'íoc sealbhóir an cheadúnais no na hathnuachainte ar aon bhradán no breac do cheannaigh, do fuair no do dhíol sé.

(3) Féadfidh éinne dá n-údaróidh an tAire é no aon bhall den Ghárda Síochána gach clár a bheidh á chimeád do réir an ailt seo do scrúdú aon uair le linn an t-áitreabh le n-a mbaineann an clár do bheith ar oscailt chun gnó do dhéanamh ann agus, nuair a hiarrfar iad agus chun go scrúdóidh an duine no an ball san roimhráite iad, beidh sé de dhualgas ar an sealbhóir ceadúnais, agus ar gach éinne a bheidh ag cimeád an chláir sin, an clár san do thaisbeáint agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfidh an duine no an ball san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe do bheith fágtha amach as.

(4) Má ráiníonn d'éinne is sealbhóir ar cheadúnas a tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol—

(a) ná cimeádfa sé an clár san a héilítear leis an alt so a chimeád no ná cuirfe sé fé ndeár é chimeád, no

(b) ná cuirfe sé sa chlár san, no ná cuirfe sé fé ndeár go gcuirfar ann, laistigh den am a luaidhtear anso roimhe seo, aon iontráil áirithe a héilítear leis an alt so a chur sa chlár san, no

(c) ná taisbeánfa sé no ná cuirfe sé fé ndeár go dtaisbeánfar, ar a iarraidh sin air, aon chlár no scríbhinn áirithe, no cóip de scríbhinn áirithe, chun go scrúdóidh éinne é go bhfuil teideal aige fén alt so chun é scrúdú, agus go n-éilítear air leis an alt so é thaisbeáint amhlaidh, no cosc do chur le héinne le linn é bheith ag scrúdú aon chláir no scríbhinne no cóip de scríbhinn agus teideal aige fén alt so chun a scrúduithe, no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndéar, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil atá bréagach, no a chuirfadh duine amú, in aon phonc táchtach, do chur sa chlár san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh scrúdú cláir no scríbhinne cóipeanna do dhéanamh den chéanna no sleachta do thógaint as, agus

(b) tuigfar gur dineadh go cuibhe clár no scríbhinn eile d'éileamh ar an sealbhóir ceadúnais chun go scrúdófí é má héilíodh é tré chomhrá béil in áitreabh an tsealbhóra cheadúnais ar éinne ar fostú aige, agus

(c) más in áitreabh an tsealbhóra cheadúnais a dineadh agus más duine ar fostú aige a dhin diúltú no teip maidir le clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go scrúdófí é, tuigfar gurb é an sealbhóir ceadúnais a dhin an diúltú no an teip sin.

CUID IV.

ILGHNEITHEACH.

Marcáil pacáistí ina bhfuil bradáin no bric.

23. —(1) O thosach feidhme na Coda so den Acht so amach beidh na focail “bradáin agus bric,” no an focal “bradáin” no an focal “bric,” fé mar is gá sa chás, marcálta go so-fheicse ar an taobh amuich de gach pacáiste ina bhfuil bradáin no bric agus é ar turus i Saorstát Éireann agus beidh ainm agus seola consighneoir an phacáiste marcálta air, leis no ar dhuillín a bheidh ceangailte dhe.

(2) Gach éinne a chuirfidh no a chonsighneoidh chun é d'iompar i Saorstát Éireann aon phacáiste ina bhfuil bradáin no bric agus é gan bheith marcálta sa tslí a héilítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach éinne a iompróidh ar luach saothair, ar tír i Saorstát Éireann no ar muir o aon phort i Saorstát Éireann, aon phacáiste ina bhfuil bradáin no bric agus é gan bheith marcálta sa tslí a héilítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus ná luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé a fhios a bheith aige go raibh bradáin no bric sa phacáiste sin.

(4) Gach éinne a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí, no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile.

(5) Chun críche an ailt seo tuigfar pacáiste do bheith ar turus i Saorstát Éireann nuair a bheidh sé á iompar ar aon ghléas iompair in aon chor o aon áitreabh no áit i Saorstát Éireann go haon áitreabh no áit eile laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann no nuair a bheidh sé in aon áit, puiblí no príobháideach, le linn no chun críche a iompartha amhlaidh.

Comhachta chun scrúdú, iniúcha agus coinneáil do dhéanamh.

24. —(1) Gach ball den Ghárda Síochána agus gach oifigeach no seirbhíseach do bhord chimeádaithe go mbeidh údarás i scríbhinn aige ón mbord san chun na comhachta d'fheidhmiú a bronntar leis an alt so agus gach oifigeach don Aire go mbeidh údarás aige ón Aire chun na comhachta d'fheidhmiú a bronntar leis an alt so, tugtar comhacht agus údarás do leis seo chun gach ní no éinní de sna nithe seo a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) éinne do stad agus do chuardach atá no a creidtear a bheith ag iompar aon tsaghas éisc no aon instruimide, nimhe no pléascáin a húsáidtear no atá oiriúnach chun iasc do ghabháil go nea-dhlíthiúil agus aon iasc agus aon instruimid den tsórt san a gheobhfar a bheith ag an duine sin á iompar d'iniúcha agus chun na críche sin aon fheithicil no pacáiste d'oscailt agus do chuardach go bhfuil no go bhféadfadh an t-iasc no an instruimid sin bheith á iompar ann no go gcreidtear go bhfuil sé á iompar ann;

(b) gach tráth réasúnta dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh—

(i) in aon áitreabh ina ndintar no go gcreidtear go ndintar ann iasc do dhíol, no é do chimeád, do thaisbeáint, no do stóráil chun a dhíolta, no

(ii) in aon áitreabh go gcreidtear nimh no pléascán do bheith á chimeád ann atá ceaptha chun iasc do mhille, no

(iii) in áitreabh éinne i mbun gnó earraí d'iompar ar luach saothair, no

(iv) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán, no dug, no in aon áitreabh duga, no

(v) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(c) an t-iasc go léir a gheobhfar in aon áit go n-údaruítear do leis an alt so dul isteach ann d'iniúcha agus chuige sin, aon phacáiste d'oscailt a gheobhfar san áit sin agus go bhfuil no go gcreidtear go bhfuil iasc ann;

(d) aon bhád, báirse, currach, no árthach eile a húsáidtear no a creidtear a húsáidtear chun iascaigh, no ina bhfuil iasc a gabhadh go nea-dhlíthiúil no go bhfuiltear in amhrus go bhfuil a leithéid ann, do stad agus dul isteach ann agus é do chuardach ar aon abhainn, loch, no ribhéar no ar a chiumhsa san no ar aon pháirt den bhfaraige no ar a ciumhsa san agus an t-iasc go léir agus gach líon agus instruimid eile iascaigh a gheobhfar ann d'iniúcha agus, chuige sin, aon phacáiste d'oscailt go bhfuil no go bhfuiltear in amhrus go bhfuil aon iasc, líonta no instruimidí eile den tsórt roimhráite ann;

(e) aon iasc (i dteanta no d'éamais aon phacáiste ina bhfuil sé) do thógaint, d'aistriú, agus do choinneáil ina chimeád, a gheobhfar le linn bheith ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so agus go bhfuil no go bhfuiltear in amhrus go bhfuil cionta á dhéanamh ina thaobh fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, fén Acht Iascaigh, 1924 , no fén Acht so, no a gabhadh go nea-dhlíthiúil no go bhfuiltear in amhrus gur gabhadh mar sin é;

(f) aon líon no instruimid eile iascaigh do thógaint, d'aistriú, agus do choinneáil ina chimeád, no aon earra eile a dlightear no a creidtear a dlightear a gheallbhruide fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, no fén Acht Iascaigh, 1924 , no fén Acht so;

(g) ainm agus seola an té sin d'éileamh agus do thógaint go bhfuil i gcimeád aige aon iasc no earra eile go bhfuil údarás aige fén alt so chun é d'iniúcha agus fós ainm agus seola únaer an éisc no na hearra san d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh.

(2) Má choinníonn éinne aon iasc no earra eile ina chimeád fé údarás an ailt seo déanfa sé chó luath agus bheidh sé caothúil do pé nithe is ceart chun go ndeighleálfar do réir dlí leis an té atá ciontach no a creidtear a bheith ciontach sa chionta a dineadh no a creidtear a dineadh i dtaobh an éisc no na hearra eile sin.

(3) Má choinníonn éinne aon iasc ina chimeád fé údarás an ailt seo agus gur dócha go dtiocfidh an t-iasc san chun bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine sara mbeidh sé caothúil d'aon chúirt deighleáil leis an gcás, tabharfidh an duine sin an t-iasc san i láthair Feadhmannaigh Shíochána, agus má údaruíonn an Feadhmannach Síochána san do é dítheoidh sé an t-iasc san.

(4) Más dó le Feadhmannach Síochána ’na dtabharfar aon iasc ina láthair do réir an ailt seo gur ceart, agus an scéal mar atá, an t-iasc do dhíthiú, tabharfa sé don té a thug an t-iasc ina láthair deimhniú i scríbhinn ag tabhairt tuairisce ar an iasc agus ar aon mharcanna air, no comharthaí fé leith air, no nithe eile ina thaobh, a thaisbeáin an duine sin do, agus á údarú don duine sin an t-iasc do dhíthiú, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite i ngach cúirt i gcúrsaí gach dátáin den tsórt roimhráite a luaidhtear ann.

(5) Ní bheidh éinne freagarthach in aon chailliúint no damáiste a thiocfidh de dheascaibh no le linn aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so d'fheidhmiú marar thug an duine sin an chailliúint no an damáiste sin chun críche gan chúis gan abhar no go mailíseach.

(6) Gach éinne a choiscfidh no a bhacfidh éinne agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no a dhiúltóidh dá ainm agus dá sheola féin no d'ainm agus do sheola éinne eile (chó fada agus is eol do iad) do thabhairt uaidh nuair a héileofar go dleathach fén alt so iad, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá mhí.

Beidh ceapacháin oifigeach agus seirbhíseach fé réir ceadú ón Aire.

25. —(1) Gach ceapachán cléirigh no oifigigh no seirbhísigh eile a dhéanfidh aon bhord cimeádaithe tar éis tosach feidhme an Achta so, agus tuarastal, liúntaisí, agus sealbhaíocht oifige gach duine a ceapfar amhlaidh beid fé réir ceadú ón Aire agus ní raghaidh aon cheapachán den tsórt san in éifeacht mara ndintar ná go dtí go ndéanfar a cheadú ag an Aire do chur in úil don bhord i scríbhinn.

(2) Féadfidh an tAire a éileamh ar aon bhord cimeádaithe aon uair le fógra i scríbhinn aon chléireach no oifigeach no seirbhíseach eile don bhord do chur ar fionnraí o n-a dhiúité no do bhrise, agus má bhíonn bord cimeádaithe ar feadh tréimhse mí gan beart do dhéanamh do réir fógra fén alt so, féadfidh an tAire féin, le hordú, an cléireach no an t-oifigeach no an seirbhíseach eile a luaidhtear sa bhfógra do chur ar fionnraí o n-a dhiúité no do bhrise.

Comhacht don Aire chun búird chimeádaithe do scur.

26. —(1) Má bhíonn agus nuair a bheidh aon bhord cimeádaithe ar feadh tréimhse sé mí gan aon chruinniú do chomóra no, ar feadh tréimhse sé mí, gan a ndualgaisí do chólíona chun sástachta an Aire, féadfidh an tAire an bord san do scur, agus leis sin cuirfar toghachán nua do bhaill don bhord san ar siúl ar pé dáta (nách luatha ná coicíos ná nách déanaí ná sé seachtaine tar éis dáta an orduithe) a hordófar leis an ordú.

(2) Gach toghachán do bhaill do bhord chimeádaithe do réir an ailt seo cuirfar ar siúl agus stiúrófar é ar gach slí díreach mar is gá do réir dlí toghachán cinn trí mblian do bhaill an bhúird sin do chur ar siúl, ach an bord a toghfar amhlaidh ní bheidh sé i seilbh oifige ach go dtí deire na tréimhse de thrí bliana dar toghadh an bord do scuireadh.

Comhacht don Aire chun ceanntair agus togha-ranna iascaigh d'atharú, etc.

27. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) teoranta aon cheanntair no togh-roinne iascaigh a bheidh ann ar dháta an orduithe d'atharú,

(b) aon dá cheann no breis de cheanntair no de thogh-ranna iascaigh a bheidh ann mar sin do chur le chéile,

(c) aon cheanntar no togh-roinn iascaigh a bheidh ann mar sin d'fho-roinnt,

(d) ceanntair iascaigh nua do bhunú,

(e) togh-ranna nua do bhunú i gceanntair iascaigh a bheidh ann ar dháta an orduithe,

(f) aon cheanntar iascaigh do bunuíodh (tré chur le chéile no tré fho-roinnt no i slí eile) fén alt so do roinnt ina dhá thogh-roinn no níos mó,

(g) an líon cimeádaithe do cheapa (líon ná beidh thar naonúr ná fé bhun triúr) a bheidh le togha d'aon toghroinn do bunuíodh (pe'ca tré chur le chéile no tré roinnt no fo-roinnt é no i slí eile) fén alt so no gur hatharuíodh a teoranta fén alt so, agus socrú do dhéanamh chun go dtoghfí cimeádaithe no daoine d'ainmniú é féin chun gníomhú mar chimeádaithe den tsórt san go dtí an chéad uair eile a bheidh toghacháin cinn trí mblian ann.

(2) Má dhineann an tAire, le hordú a déanfar fén alt so, aon cheanntar no togh-roinn iascaigh nua do bhunú (pe'ca tré chur le chéile no tré fho-roinnt é no i slí eile) no teoranta aon cheanntair no togh-roinne iascaigh a bheidh ann an uair sin d'atharú, ceapfa sé teoranta no teoranta nua (pe'ca aca é) an cheanntair no na togh-roinne sin leis an ordú san, agus ceanglóidh sé den ordú san mapa oiriúnach ag taisbeáint na dteoranta no na dteoranta nua san.

(3) Má dhineann an tAire, le hordú a déanfar fén alt so, teoranta aon cheanntair iascaigh d'atharú no aon cheanntar iascaigh d'fho-roinnt no dhá cheanntar iascaigh no níos mó do chur le chéile, no ceanntar iascaigh nua do bhunú, féadfidh an tAire, leis an ordú céanna no le hordú ina dhiaidh sin (agus údaruítear do leis seo é dhéanamh), a ordú go ndéanfar fé mar is dó leis an Aire is ceart a ordú agus a luadh san ordú san leis an airgead agus leis na sócmhainní eile no le haon chuid áirithe den airgead agus de sna sócmhainní eile a bheidh, ar dháta an orduithe, i lámhaibh bhord cimeádaithe aon cheanntair iascaigh le n-a mbainfidh an t-ordú, ach san fé réir fiachaisí an bhúird sin, agus nuair a déanfar aon ordú den tsórt san déanfar dá réir sin fé réir na bhfiachaisí sin leis an airgead agus leis na sócmhainní eile le n-a mbainfidh an t-ordú san.

(4) Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so, foillseofar é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta (gan an mapa (más ann do) a bheidh ceangailte dhe, ach ráiteas ina theanta ar cá bhféadfar an mapa san (más ann do) d'iniúcha) san Iris Oifigiúil agus i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear sna ceanntair iascaigh le n-a mbaineann an t-ordú, agus déanfar cóip den ordú san agus den mhapa (más ann do) a bheidh ceangailte dhe do lóisteáil le Cléireach na Síochána do gach contae agus le Cléireach Cúirte Dúithche gach dúithche go mbaineann an t-ordú san léi no le haon pháirt di, agus i ngach stáisiún leis an nGárda Síochána laistigh de sna ceanntair iascaigh le n-a mbaineann an t-ordú.

Aistrítear chun an Aire comhacht chun fo-dhlithe, etc., do dhéanamh.

28. —(1) I dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus dá éis sin na comhachta uile agus fé seach atá bronnta ar Roinn Talmhaíochta agus Ceárd-Oideachais na hÉireann no atá infheidhmithe ag an Roinn sin de bhua na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, chun fo-dhlithe, mínithe, rialacha, rialacháin, agus orduithe do dhéanamh, do cheiliúra no d'atharú, beid aistrithe chun an Aire, dílsithe ann agus infheidhmithe aige agus scuirfid de bheith infheidhmithe ag an Roinn roimhráite, agus aon athchomharc chun an Lord Lieutenant i gcomhairle i gcoinnibh aon fho-dhlithe, mínithe, rialacha, rialacháin, no orduithe den tsórt san do dhéanamh, do cheiliúra no d'atharú, scuirfe sé sin de bheith ann, leis.

(2) D'ainneoin aon athchomhairc a bheidh gan breith do bheith tugtha air ach gan dochar d'aon ordú a déanfar de bharr an athchomhairc sin, gach fo-dhlí, míniú, riail, rialachán agus ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so, tiocfid i bhfeidhm an lá a luadhfar chuige sin ionta agus mara luaidhtear a leithéid sin de lá tiocfid i bhfeidhm an t-ochtú lá fichead tar éis lá a ndéanta.

(3) Gach fo-dhlí, míniú, riail, rialachán agus ordú a dhéanfidh an tAire fen alt so, déanfar, chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, iad d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear sa cheanntar le n-a mbaineann an céanna agus laistigh de mhí tar éis teacht i bhfeidhm dóibh, lóisteálfar cóip de gach fo-dhlí, míniú, riail, rialachán agus ordú den tsórt san le Cléireach na Síochána do gach contae go mbainid léi no le haon pháirt di, agus le Cléireach Cúirte Dúithche gach Dúthaigh Cúirte go mbainid léi no le haon pháirt di, agus i ngach stáisiún leis an nGárda Síochána laistigh den líomatáiste le n-a mbainid.

(4) Einne ar a ngoillfidh fo-dhlí, míniú, riail, rialachán no ordú a dhin an tAire fé aon chomhacht dá n-aistrítear chuige leis an alt so, féadfa sé laistigh de choicís tar éis foillsithe na fo-dhlí, an mhínithe, na rialach, an rialacháin, no an orduithe sin san Iris Oifigiúil athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an chéanna, do réir rialacha cúirte a dineadh fé Chuid I den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , chun cúirte a bunófar chuige sin agus a bheidh có-dhéanta de bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh (a bheidh i gceannas) a hainmneofar ag Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann agus de dhá bhreitheamh den Ard-Chúirt a hainmneofar ag Uachtarán na hArd-Chúirte, agus an Chúirt a bunófar amhlaidh beidh comhacht aici chun an fho-dhlí, an míniú, an riail, an rialachán no an t-ordú go mbeifear ag athchomharc ina choinnibh do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén bhfo-dhlí, fén míniú, fén riail, fén rialachán no fén ordú, no dá réir, roimh dháta ordú na Cúirte.

(5) Gach ordú a dhéanfidh an Chúirt sin de bharr athchomhairc fén bhfo-alt san roimhe seo foillseofar é agus lóisteálfar cóipeanna dhe fé mar is gá do réir an ailt seo fodhlithe a dhéanfidh an tAire fén alt so d'fhoillsiú agus do lóisteáil.

Aistrítear chun an Aire comhacht chun oifigigh do cheapa.

29. —Gach comhacht atá dílsithe i Roinn Talmhaíochta agus Ceárd-Oideachais na hÉireann, no atá infheidhmithe ag an Roinn sin, chun báillí uisce no oifigigh eile do cheapa chun crícheanna na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, beid aistrithe chun an Aire, dílsithe ann, agus infheidhmithe aige agus scuirfe siad de bheith infheidhmithe ag an Roinn sin.

Fógra i gcóir cruinnithe agus fiosrúchán.

30. —D'ainneoin éinní contrárdha dho sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, is leor an fógra a tabharfar i gcóir aon fhiosrúcháin phuiblí no cruinnithe phuiblí a comórfar fé sna hAchtanna san má tugtar é ceithre lá déag ar a luíod roimh chomóra an fhiosrúcháin no an chruinnithe agus sa tslí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, sé sin le rá:—

(a) tré fhógraí clóbhuailte do scaipe i pé slí a cheadóidh an tAire, á rá cathin a comórfar an fiosrúchán no an cruinniú agus cá háit agus cadiad na nithe go bhféachfar isteach ionta no a breithneofar ag an bhfiosrúchán no ag an gcruinniú, agus

(b) tré fhógrán d'fhoillisiú aon uair amháin i bpáipeur no i bpáipéirí a léightear sa cheanntar, á rá cathin a comófar an fiosrúchán no an cruinniú agus cá háit agus cadiad na nithe go bhféachfar isteach ionta no a breithneofar ag an bhfiosrúchán no ag an gcruinniú.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha ná fuil deimhnithe anois.

31. —(1) Ní dhéanfidh éinne iascach le haon inneall seasmhach chun bradáin do ghabháil ná é úsáid ná é chur suas marar deonadh deimhniú i dtaobh an innill sheasmhaigh sin fén Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, no fén Fisheries (Ireland) Act, 1869, roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, agus go raibh sé ann, gan ceiliúra, an lá san.

(2) Gach éinne a dhéanfidh iascach le haon inneall seasmhach chun bradáin do ghabháil no é úsáid no é chur suas contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, geallbhruidfe sé an t-inneall seasmhach san agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus fíneáil eile ná raghaidh thar fiche punt in aghaidh gach lae a dineadh iascach leis an inneall san no a húsáideadh é no a bhí sé curtha suas.

Saoirsí chun síolraíochta agus chun crícheanna colaíochta.

32. —(1) Féadfidh an tAire, le deimhniú i scríbhinn, más oiriúnach leis é agus fé réir pé coiníollacha a luadhfa sé sa deimhniú, a údarú d'únaer áite iascaigh no, le toil an únaera san, d'éinne eile ainmnithe gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh in aon tsaosúr den bhliain, sé sin le rá:—

(a) breith no tabhairt fé bhreith ar aon bhradáin no bric laistigh de theoranta na háite iascaigh sin agus iad do bheith ar seilbh aige i gcóir síolraíochta agus breith no tabhairt fé bhreith ar bhradáin, ar bhric, agus ar eascoin óga no ar shaláin bhradán, bhreac, agus eascon chun an áit iascaigh sin no aon áit eile iascaigh do stocáil,

(b) eochair agus saláin bhradán, bhreac, agus eascon do cheannach no do dhíol i gcóir síolraíochta no chun an áit iascaigh sin no aon áit eile iascaigh do stocáil,

(c) breith no tabhairt fé bhreith ar aon iasc d'aon tsaghas a luaidhtear sa deimhniú agus é bheith ar seilbh aige chun crícheanna eolaíochta.

(2) D'ainneoin éinní contrárdha dho in aon cheann de sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, san Acht Iascaigh, 1924 , no san Acht so, féadfidh éinne dá ndeonfar deimhniú fén alt so, fé réir na gcoiníoll a luadhfar sa deimhniú, gach ní no éinní do dhéanamh a húdarófar do leis an deimhniú a dhéanamh.

Pionós mar gheall ar fholáramh do thabhairt do dhaoine atá ag iascach go neadhlíthiúil.

33. —Gach éinne a thabharfidh no a chuirfidh fé ndeár go dtabharfar no a chuideoidh no a chabhróidh chun go dtabharfar aon chomhartha no foláramh d'éinne atá ag iascach go neadhlíthiúil go bhfuil aon bháille, oifigeach do bhord chimeádaithe, no oifigeach dlí ag teacht, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Srian le hiascach eascon in aimsir choiscthe.

34. —Gach éinne a dhéanfidh go toiliúil, i rith aon aimsire a bheidh ceaptha de thurus na huaire do réir dlí mar aimsir choiscthe i gcóir eascon, eascoin do thógaint no d'iascach no cuidiú no cabhrú chun eascoin do thógaint no d'iascach in aon tslí eile ach le slait agus ruaim, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, geallbhruidfe sé gach eascú a tógadh no ar ar rugadh amhlaidh agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Leasú ar alt 78 den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

35. —Léireofar alt 78 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, agus beidh éifeacht aige fé is dá leigtí ar lár ann na focail “between sunset and sunrise.”

Rialacháin.

36. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no rud a horduíodh no atá á ordú no atá le hordú no a horduíodh le rialacháin a dineadh fén Acht so.

(2) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so cuirfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Cúiseamh mar gheall ar chiontaí, agus cad déanfar le fíneála.

37. —(1) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Riara), 1924 ( Uimh. 44 de 1924 ) le haon chúiseamh mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht Iascaigh, 1924 (Uimh. 6 de 1924) , no den Acht so.

(2) Chun crícheanna alt 19 den Fisheries (Ireland) Act, 1869, folóidh an focal “the Acts relating to salmon fisheries in Ireland” an tAcht Iascaigh, 1924 , agus an tAcht so, agus léireofar an t-alt san 19 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Costaisí.

38. —Gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar é, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid san.

CEAD SCEIDEAL.

RATAI ATHSCRUDUITHE NA nDIUITETHE CEADUNAIS.

I. (a) Slat bhradáin amháin i gcóir bliana caileandair

..

..

£2

0

0

(b) Slat bhradáin amháin i gcóir bliana caileandair má tá ceadúnas den tsórt chéanna ag an iarratasóir i gcóir

ceanntair eile cheana

..

..

..

..

10

0

2. Sciob-líonta     ..     ..

..

..

..

..

£2

10

0

3. Líonta tarraic no saidhní

..

..

..

..

£4

0

0

4. Líonta fionnraí d'aon fhaid

..

..

..

..

£3

0

0

5. Súil, beárna, no cliabh in aon chorra chun eascoin do ghabháil

..

£2

0

0

DARA SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

II & I2 Vic., c. 92       ..

Fisheries (Ireland) Act, I848

Alt 3.

I3 & I4 Vic., c. 88      ..

Fisheries (Ireland) Act, I850

Ailt 6 agus I0.

6I & 62 Vic., c. 37     ..

Local Government (Ireland) Act, I898

Alt 37.