5 1926


Uimhir 5 de 1926.


ACHT UM ÍLE IN UISCÍ INTSEOLTA, 1926.


ACHT CHUN SRIAN DO CHUR LE hÍLE DO LEIGINT NO D'ÉALÓDH ISTEACH IN UISCÍ INTSEOLTA AGUS CHUN AN LEIGINT NO AN tÉALÓDH SAN DO CHIMÉAD FÉ SMACHT, AGUS CHUN É DO THOIRMEASC MÁS GÁ SAN. [20adh Feabhra, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “íle” aon tsaghas íle, agus foluíonn sé biotáille a baineadh as íle, agus íle measctha le huisce, agus biotáille (a baineadh as íle) measctha le huisce;

foluíonn an focal “árthach” aon long no bád no aon tsaghas eile árthaigh le n-a ndintar loingseoireacht;

cialluíonn an focal “máistir,” nuair a húsáidtear i dtaobh aon árthaigh é, an té atá i gceannas no i gcúram an árthaigh de thurus na huaire;

cialluíonn an focal “cuan” aon chuan, nádúrtha no airtifisialta, agus foluíonn sé aon phort, dug, ribheur, no gabhal mhara, aon abha no canáil is intseolta ag árthaí mara, agus aon uiscí ina bhféadfadh árthaí mara foithin d'fháil no earraí no paisnéirí do thógaint ar bord no do chur i dtír;

foluíonn an focal “cuan-údarás” gach duine no cólucht daoine, corparuithe no nea-chorparuithe, atá ina ndílseánaigh ar chuan, no go bhfuil sé de dhualgas ortha cuan do dhéanamh, d'fheabhsú, do bhainistí, do regeleáil, no do choinneáil i dtreo no go bhfuil comhacht dílsithe ionta chuige sin;

foluíonn an focal “cuan-mháistir” éinne a ceapadh ag údarás cuain chun forálacha an Achta so do chur i bhfeidhm;

foluíonn an focal “báirse” lictéir no árthach dá shamháil;

cialluíonn an briathar “aistrím,” nuair a húsáidtear i dtaobh íle é, aistrím in aon toirt amháin, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar do;

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, chontae-bhuirge, no bhailecheanntair, coimisinéirí baile agus údarás sláintíochta puirt;

cialluíonn an focal “biotáille phetróleum” petróleum glanta do ghalódh go tapaidh agus as a dtiocfadh gal so-lasta i dteasmhéid ba lú ná 73 céimeanna de thermaméadar Fhahrenheit nuair a tástálfí é sa tslí a horduítear leis an Petroleum Act, 1879, no le haon achtachán le n-a leasuítear an tAcht san;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Arthaí agus uiscí le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —(1) Baineann an tAcht so le haon árthach d'fhéadfadh breis agus cúig tonnaí fichead íle d'iompar in aon toirt amháin in éineacht, pe'ca mar ualach é no chun é úsáid san árthach, no, cé ná féadfadh sí san, atá déanta no feistithe chun breis agus cúig tonnaí íle d'iompar in aon toirt amháin mar adubhradh in aon spás no cimeádthóir amháin, agus dá réir sin déanfar an focal “árthach” (ach amháin in aon áit ina ndeirtar a mhalairt go soiléir) do léiriú san Acht so mar fhocal le n-a dtagartar d'árthach agus ná cialluíonn ach árthach le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Siad uiscí le n-a mbaineann an tAcht so ná uiscí gach cuain i Saorstát Éireann agus gach uisce tíriúil atá de thurus na huaire laistigh de líomatáiste údaráis Pháirlimint agus Rialtas Shaorstáit Éireann.

Toirmiscthear íle do leigint isteach in uiscí intseolta.

3. —(1) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so, ní bheidh sé dleathach d'éinne aon íle do leigint ná leigint di éalódh, díreach ná nea-dhíreach, isteach in aon uiscí le n-a mbaineann an tAcht so—

(a) as aon árthach, ná

(b) as aon áitreabh ná áit ar tír, ná

(c) as aon apparatus a húsáidtear chun íle d'aistriú o aon árthach no chúichi chun aon árthaigh eile no uaithi (pe'ca árthach í le n-a mbaineann an tAcht so no nách ea), no chun aon áite no uaidh.

(2) Má dintar agus nuair a déanfar aon íle do leigint, no leigint di éalódh, isteach in aon uiscí le n-a mbaineann an tAcht so o aon árthach, no aon áitreabh no áit no aon apparatus mar adubhradh contrárdha don alt so, beidh únaer agus fós máistir an árthaigh sin, no únaer agus fós sealbhaire an áitribh no na háite sin, no únaer agus fós an té atá i gcúram an apparatuis sin (pe'ca aca é), beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so—

(a) le híle do leigint as árthach in aon chás in ar gá, toisc gur bhuail an t-árthach i gcoinnibh ruda éigin no gur bhain damáiste no tionóisc éigin di, an íle sin do leigint amach chun an t-árthach do dhéanamh sábhálta, ná

(b) le héalódh íle in aon chás ina dtaisbeántar gur dineadh gach ní réasúnta chun an t-éalódh san do chosc, ná

(c) le huisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint isteach in aon chuan, as árthach in ar hiompradh ualach de bhiotáille phetróleum, in aon chás ina ndéanfar an leigint sin san áit do cheap agus san am agus do réir na gcoiníoll do luaidh cuan-údarás an chuain sin fén Acht so chun uisce ballasta an árthaigh sin do leigint amach, ná

(d) le haon leigint-amach íle a déanfar le hordú cuanmháistir no oifigigh i gceannas briogáide múchta tóiteán le linn no chun tóiteán do mhúcha no do chimeád gan leatha.

(6) Má ciontuítear éinne i gcionta fén alt so féadfidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, no 'na gciontófar ina láthair é, a ordú, ar iarratas an chúisitheora, go ndéanfar an fhíneáil go léir no aon chuid den bhfíneáil a forchuirfar mar gheall ar an gcionta san d'ioc le pé duine a ordóidh an chúirt agus go gcuirfidh an duine sin é chun no mar chabhair chun íoctha aon chostaisí fé n-ar chuathas no fé n-a raghfar ag aistriú íle de dheascaibh an chionta san.

Ait chun uisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint amach.

4. —(1) Beidh sé dleathach do chuan-údarás aon chuain áit do cheapa sa chuan san ina bhféadfar uisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint as árthaí in ar hiompradh ualach de bhiotáille phetróleum.

(2) Aon uair a cheapfidh aon chuan-údarás fén alt so áit ina bhféadfar uisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint amach, déanfidh an cuan-údarás san le linn an cheaptha san agus féadfid o am go ham ina dhiaidh sin a rá cadiad na tráthanna a féadfar agus cadiad na coiníollacha fé n-a bhféadfar an t-uisce ballasta san do leigint amach san áit sin.

Aistriú íle istoíche.

5. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne i rith na n-uair idir dul fé agus eirghe gréine aon íle d'aistriú chun aon árthaigh ná o aon árthach atá ina luighe in aon chuan marar thug an duine sin do chuan-mháistir an chuain sin roimhe sin pé fógra a horduítear leis an alt so i dtaobh é bheith chun a dhéanta san.

(2) Má dintar agus nuair a déanfar aon íle d'aistriú chun aon árthaigh no uaithi contrárdha d'fhorálacha an ailt seo, beidh máistir an árthaigh chun no o n-ar haistríodh an íle sin agus, más o aon áitreabh no áit ar tír no chuige a haistríodh an íle sin, beidh sealbhaire an áitribh no na háite sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(3) Má dhineann éinne no má dintar le hordú éinne íle d'aistriú go minic agus do ghnáth chun aon árthaigh no uaithi in aon áit áirithe i gcuan, is leor fógra generálta i scríbhinn ón duine sin don chuan-mháistir á rá go ndéanfar an t-aistriú san san áit sin idir dul fé agus eirghe gréine go minic i rith tréimhse áirithe (nách sia ná dhá mhí dhéag o dháta an fhógra) is leor é mar fhógra chun crícheanna an ailt seo i dtaobh gach aistrithe den tsórt san a déanfar san áit sin i rith na tréimhse sin.

(4) Ach amháin i gcás ina gceaduítear fógra generálta den tsórt san roimhráite leis an alt so, ní bhainfidh fógra chun críche an ailt seo ach le haon aistriú amháin íle chun árthaigh no uaithi agus tabharfar i scríbhinn don chuan-mháistir é sé huaire nochad a' chluig ar a mhéid agus tré huaire a' chluig ar a luíod sara dtosnófar ar an aistriú agus déarfar ann cathin agus canad go bhfuiltar chun an t-aistriú do dhéanamh.

(5) Ní bhainfidh éinní san alt so le haon aistriú íle a déanfar le hordú an chuan-mháistir no an oifigigh a bheidh i gceannas briogáide múchta tóiteán le linn no chun tóiteán do mhúcha no do chimeád gan leatha.

Cimeádfar cuntas ar aistrithe íle.

6. —(1) Déanfar, maidir le gach árthach chun no o n-a n-aistreofar aon íle, cuntas do chimeád i pé fuirm a ordóidh an tAire ar gach oibriú a bhain le híle d'aistriú chun an árthaigh sin no uaithi.

(2) I gcás báirse isé únaer an bháirse a chimeádfidh an cuntas a héilítear leis an alt so a chimeád agus i gcás aon árthaigh eile isé máistir an árthaigh a chimeádfidh é.

(3) Féadfidh éinne acu so a leanas gach cuntas a cimeádfar do réir an ailt seo do scrúdú gach tráth réasúnta:—

(a) cuan-mháistir an chuain ina mbeidh an t-árthach le linn an scrúduithe, no

(b) cuan-mháistir aon chuain in ar dineadh aistriú íle a breacadh no a héilítear leis an alt so a bhreaca sa chuntas, no

(c) aon oifigeach don Aire, no

(d) aon oifigeach don Aire Iascaigh.

(4) Gach éinne ar a n-éilítear leis an alt so cuntas do chimeád agus—

(a) ná cimeádfidh an cuntas san, no

(b) ná cuirfidh sa chuntas san éinní áirithe ba chóir, de bhua an ailt seo, a chur ann, no

(c) a chuirfidh sa chuntas san aon iontráil áirithe agus a fhios aige go bhfuil sí bréagach no go gcuirfadh sí duine amú in aon phonc táchtach, no

(d) a fhailleoidh no a dhiúltóidh maidir leis an gcuntas san do thaisbeáint chun go scrúdófí é ag éinne dá n-údaruítear leis an alt so é do scrúdú, no

(e) a chimeádfidh éinne dá n-údaruítear amhlaidh gan an cuntas san do scrúdú no a bhacfidh no a choiscfidh é agus é ag scrúdú an chuntais sin,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Fliúchán i spásanna ina raibh íle roimhe sin.

7. —(1) Má bhí íle in aon dabhchán no spás eile in árthach agus go raghaidh aon fhliuchán eile no go gcuirfar é isteach sa dabhchán no sa spás san ina dhiaidh sin agus go leigfar as é no go leigfar do éalódh as, tuigfar gur íle an fliúchán san do réir brí an Achta so mara gcrúthuítear—

(a) gur glanadh an dabhchán no an spás san o íle sarar chuaidh an fliuchán san isteach ann no sarar cuireadh ann é, no

(b) gur deighleadh an fliuchán san o íle le happaratus deighlte sarar leigeadh amach é no sarar leigeadh do éalódh amhlaidh.

(2) In aon imeachta i gcoinnibh éinne (nách máistir árthaigh) mar gheall ar aon fhliúchán den tsórt san roimhráite do leigint no leigint do éalódh as aon dabhchán no spás eile in árthach, beidh deimhniú fé láimh mháistir an árthaigh sin á dheimhniú—

(a) gur glanadh an dabhchán no an spás eile sin o íle sarar chuaidh an fliuchán san isteach ann no sarar cuireadh ann é, no

(b) gur deighleadh an fliuchán san o íle le happaratus deighlte sarar leigeadh amach é no sarar leigeadh do éalódh amhlaidh,

beidh sé ina fhianaise ar éinní den tsórt san adeirtear ann go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(3) Má thugann agus nuair a thabharfidh máistir aon árthaigh uaidh aon deimhniú den tsórt san roimhráite agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach no go gcuirfadh sé duine amú in aon phonc táchtach, beidh an máistir sin ciontach i gcionta fén alt so pe'ca tabharfar an deimhniú san i láthair in aon imeacht den tsórt san roimhráite no ná tabharfar agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(4) San alt so cialluíonn an focal “máistir árthaigh” an té a hainmnítear mar mháistir sa chó-aontú leis an bhfuirinn.

Féadfidh an tAire duine do cheapa chun áitreabhacha agus árthaí do scrúdú.

8. —(1) Féadfidh an tAire uaidh féin no ar a iarraidh sin air don Aire Iascaigh no ar iarratas aon chuan-údaráis no údaráis áitiúla oifigeach don Aire no duine eile inniúil, neaspleách, do cheapa chun árthaigh in aon uiscí le n-a mbaineann an tAcht so do scrúdú, agus féadfidh gach oifigeach agus duine eile a ceapfar amhlaidh dul isteach ar aon árthach den tsórt san gach tráth réasúnta agus scrúdú do dhéanamh ar a bhfuil déanta ann chun íle do chimeád gan éalódh as.

(2) Féadfidh cuan-mháistir aon chuain dul isteach gach tráth réasúnta ar aon árthach sa chuan san agus scrúdú do dheanamh ar a bhfuil déanta ann chun íle do chimeád gan éalódh as.

(3) Tar éis don Aire Iascaigh no d'aon chuan-údarás no údarás áitiúil aithris chúise do dhéanamh chun an Aire go bhfuil réasún chun bheith in amhrus go bhfuil íle ag éalódh no tar éis éalódh, díreach no nea-dhíreach, isteach in úiscí le n-a mbaineann an tAcht so o aon áitreabh atá in aice no i gcomhursanacht na n-uiscí sin no in aice no i gcomhursanacht uiscí atá i gceangal le huiscí le n-a mbaineann an tAcht so, féadfidh an tAire oifigeach don Aire, no duine eile inniúil, neaspleách, do cheapa chun an t-áitreabh san do scrúdú, agus féadfidh an t-oifigeach no an duine eile a ceapfar amhlaidh dul isteach san áitreabh san gach tráth réasúnta agus scrúdú do dhéanamh ar an áitreabh agus ar a bhfuil déanta ann chun íle do chimeád gan éalódh as.

(4) Einne a bhacfidh aon oifigeach no duine den tsórt san roimhráite no aon chuan-mháistir no a chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so no dá bhua beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Imeachta dlí.

9. —(1) Má deirtar aon chionta fén Acht so do bheith déanta ag máistir árthaigh agus go n-imeoidh seisean dá éis sin as Saorstát Éireann roimh dheire na tréimhse ina bhféadfaí imeachta do chur ar siúl ina choinnibh mar gheall ar an gcionta san adeirtar a dhin sé, féadfar, d'ainneoin éinní sna hAchtanna Údaráis Achmair, imeachta do chur ar siúl ina choinnibh mar gheall ar an gcionta san adeirtar a dhin sé aon uair laistigh den chéad dhá mhí tar eis dáta a fhillte go Saorstát Éireann.

(2) Chun crícheanna aon imeachta mar gheall ar chionta fén Acht so, féadfar an cionta d'áireamh mar chionta a dineadh san áit in ar dineadh é no in aon ait ina bhfuighfar aon uair an té go bhfuil an cionta curtha ina leith.

(3) Mara ndintar fíneáil no aon chuid d'fhíneáil do forchuireadh ag aon chúirt in imeachta i gcoinnibh máistir árthaigh mar gheall ar chionta fén Acht so d'íoc an uair d'orduigh agus sa tslí d'orduigh an chúirt, beidh ag an gcúirt, gan dochar d'aon chomhachta eile dá mbeidh ag an gcúirt chun íoc do bhaint amach, comhacht chun a ordú go ndéanfí a mbeidh gan íoc den bhfíneáil sin an uair sin roimhráite do thógaint tríd an árthach san, a tácla, a troscán, agus a feisteas do ghabháil agus do dhíol.

(4) Féadfidh an cuan-údarás le n-a mbaineann an scéal no an tAire no an tAire Iascaigh mar chúisitheoir, no féadfar ar agra aon taoibh acu, dlí do chur ar bun mar gheall ar gach cionta fé aon alt den Acht so.

Cosaint d'fhorálacha reachtúla eile.

10. —Beidh forálacha an Achta so mar mhéadú agus ni mar luíodú ná mar mhalairt ar aon fhorálacha le n-a gcosantar cuan, mar a mínítear é san Acht so, agus atá in aon Acht atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so no in aon ordú, riail, rialachán, no fo-dhlí a dineadh fé aon Acht den tsórt san agus atá i bhfeidhm de thurus na huaire.

Gearr-theideal.

11. —Féadfar an tAcht um Íle in Uiscí Intseolta, 1926 , do ghairm den Acht so.