15 1926


Uimhir 15 de 1926.


ACHT TRÁDÁLA SRÁIDE, 1926.


ACHT CHUN REGLEÁIL DO DHÉANAMH AR THRÁDÁIL SRÁIDE I gCONTAE-BHUIRG BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS FÓS I PÉ CONTAE-BHUIRGÍ EILE AGUS BAILE-CHEANNTAIR CHONTAE A GHLACFIDH LEIS AN ACHT. [13adh Abrán, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

foluíonn an focal “sráid” aon bhóthar puiblí, pe'ca tá ceann de dúnta no ná fuil, agus aon chosán sráide, agus foluíonn tagairtí do shráid tagairtí d'aon chuid de shráid;

cialluíonn an focal “trádáil sráide” earraí do mhiondíol i sráid le daoine do bheadh ag gabháil na slí agus foluíonn sé earraí do thairsgint, do thaisbeáint, agus d'iompar chun a ndíolta amhlaidh, agus is dá réir sin a léireofar an focal “trádálaí sráide”;

cialluíonn agus foluíonn an focal “stalla-thrádáil” aon tsaghas trádála sráide a faisnéistear leis an Acht so a bheith údaruithe le stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonadh fén Acht so agus is dá réir sin a léireofar an focal “stalla-thrádálaí”;

foluíonn an focal “earraí” áirnéis, áirnéis cheannaíochta agus earraí eile d'aon tsaghas in aon chor;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dineadh fén Acht so;

cialluíonn an focal “an Coimisinéir” Coimisinéir an Ghárda Síochána;

cialluíonn an focal “an Bárdas” Comhairle Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus foluíonn sé éinne ina bhfuil comhachta agus dualgaisí na Comhairle dílsithe de thurus na huaire;

cialluíonn an focal “Cathair Bhaile Atha Cliath” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

Toirmeasc ar thrádáil sráide neamh-údaruithe.

2. —(1) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, ní bheidh sé dleathach d'éinne tar éis tosach feidhme an Achta so aon earraí d'aon tsaghas do dhíol ná iad do thairsgint, do thaisbeáint no d'iompar chun a ndíolta in aon tsráid i gCathair Bhaile Atha Cliath gan deimhniú trádálaí shráide a deonadh do fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm an uair sin do bheith ar seilbh aige ná bheith i mbun aon tsaghas stalla-thrádála in aon tsráid i gCathair Bhaile Atha Cliath gan stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonadh do fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm an uair sin do bheith ar seilbh aige (maraon leis an deimhniú trádálaí shráide sin).

(2) Tar éis tosach feidhme an Achta so ní bheidh sé dleathach d'éinne 'na mbeidh deimhniú trádálaí shráide a deonadh fén Acht so ar seilbh aige, agus ná beidh stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonadh fén Acht so ar seilbh aige, aon earraí d'aon tsaghas do dhíol ná iad do thairsgint, do thaisbeáint, no d'iompar chun a ndíolta in aon tsráid i gCathair Bhaile Atha Cliath ach amháin ar gach slí do réir an deimhnithe sin agus do réir aon achtacháin no rialacháin dá dtagartar ann.

(3) Tar éis tosach feidhme an Achta so ní bheidh sé dleathach d'éinne 'na mbeidh deimhniú trádálaí shráide agus stallacheadúnas trádálaí shráide a deonadh fén Acht so ar seilbh aige bheith i mbun aon tsaghas trádála shráide (lasmuich de stallathrádáil) i gCathair Bhaile Atha Cliath ach amháin ar gach slí do réir an deimhnithe sin agus do réir aon achtacháin no rialacháin dá dtagartar ann ná bheith i mbun stalla-thrádála in aon tsráid i gCathair Bhaile Atha Cliath ach amháin ar gach slí (maidir le ham, modh, áit, no éinní eile) do réir an cheadúnais sin agus do réir aon achtacháin, rialacháin no fo-dhlí dá dtagartar ann.

(4) Gach éinne a dhéanfidh, tar éis tosach feidhme an Achta so. aon earraí do dhíol no iad do thairsgint, do thaisbeáint, no d'iompar chun a ndíolta contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar chúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é no fíneáil ná raghaidh thar dheich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so—

(a) le duine ar fostú bona-fide agus go dleathach mar chongantóir do thrádálaí shráide dá n-údaruítear leis an Acht so congantóir do bheith aige maidir le héinní a dhéanfa sé mar chongantóir den tsórt san dá n-údaruítear do leis an Acht so a dhéanamh amhlaidh; ná

(b) le duine a dhíolann earraí no a thairgeann, a thaisbeánann no a iompruíonn earraí chun a ndíolta le daoine sa tigh no san áit eile ina gcomhnuíd no ag an tigh no ag an áit sin no díreach lasmuich de agus leo san amháin, agus ná dineann aon earraí do dhíol, ná iad do thairsgint, do thaisbeáint, no d'iompar chun a ndíolta le daoine a ghabhann thairis sa tsráid; ná

(c) le duine a dhineann earraí do dhíol no iad do thairsgint. do thaisbeáint no d'iompar chun a ndíolta ar aon mharga no aonach puiblí dleathach.

Deimhnithe trádálaithe sráide

3. —(1) Ar a iarraidh sin ar an gCoimisinéir d'éinne agus (lasmuich den chás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) ar íoc táille chúig scillinge leis an gCoimisinéir don duine sin, féadfidh an Coimisinéir, fé réir forálacha an ailt seo, deimhniú trádálaí shráide do dheona don duine sin fén Acht so agus dá réir más deimhin leis gur duine ceart oiriúnach an duine sin chun deimhniú trádálaí shráide do bheith aige.

(2) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach deimhniú trádálaí shráide a deonfar fén Acht so agus oibreoidh sé chun a údarú agus déarfar ann go n-údaruíonn sé don té dá ndeontar é aon earraí d'aon tsaghas do dhíol agus iad do thairsgint, do thaisbeáint, agus d'iompar chun a ndíolta in aon tsráid i gCathair Bhaile Atha Cliath, eadhon, earraí a bheidh aige á iompar, díreach ina lámhaibh no ar thruill, i mála, i gciseán, no i ngléas coinneála eile den tsórt san nách mó ná mar a bheidh orduithe, ach beidh san fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na rialachán a déanfar fé.

(3) Gach deimhniú trádálaí shráide a deonfar fén alt so fanfa sé i bhfeidhm go ceann bliana amháin o deonadh é mara gceiliúrtar roimhe sin é.

(4) Ní bheidh aon táille iníoctha ar son deimhniú trádálaí shráide do dheona fén Acht so do dhuine a bheidh fé bhun sé mblian déag d'aois le linn deona an deimhnithe sin ach ní deonfar aon deimhniú den tsórt san d'éinne den tsórt san maran rud é le linn an deonta san, go ndéanfa sé cólíona no go mbeidh cólíona déanta aige ar an Employment of Children Act, 1903, agus ar na fo-dhlithe a bheidh déanta ag an mBárdas fén Acht san, i slí is go mbeadh teideal aige, dá mba ná rithfí an tAcht so, trádáil sráide do bheith ar siúl aige do réir bhrí an Achta san i gCathair Bhaile Atha Cliath.

(5) Má bhíonn deimhniú trádálaí shráide a deonadh fén Acht so ag duine fé bhun sé mblian déag d'aois ní shaorfidh san é óna bheith d'oblagáid air na fo-dhlithe uile a bheidh déanta ag an mBárdas fén Employment of Children Act, 1903, do chólíona agus do chimeád.

(6) Gach táille a gheobhaidh an Coimisinéir fén alt so íocfar é isteach sa Stát-Chiste no cuirfar é chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

Stallacheadúnaisí trádálaithe sráide.

4. —(1) Ar a iarraidh sin ar an mBárdas do dhuine atá ina shealbhóir ar dheimhniú thrádálaí shráide a deonadh fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm an uair sin agus ar íoc táille chúig scillinge leis an mBárdas don duine sin, féadfidh an Bárdas stallacheadúnas trádálaí shráide do dheona don duine sin fén Acht so agus dá réir.

(2) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonfar fén Acht so agus—

(a) déarfar ann go n-údaruíonn sé agus sa chás san oibreoidh sé chun a údarú don té dá ndeonfar é aon earraí d'aon tsaghas in aon chor no den tsaghas a luaidhtear sa cheadúnas do thairsgint, do thaisbeáint, agus d'iompar chun a ndíolta, agus iad do dhíol, ar stalla, ar bharra, ar chart, no ar fheithicil eile, atá ar rothaí agus ionaistir, in aon tsráid i gCathair Bhaile Atha Cliath ach san fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na bhfo-dhlithe agus na rialachán a bheidh déanta fén Acht so agus go mór mór fé réir aon fhodhlí no rialacháin le n-a dtoirmiscthear stallathrádáil i sráideanna áirithe, no

(b) déarfar ann go n-údaruíonn sé agus sa chás san oibreoidh sé chun a údarú don té dá ndeonfar é aon earraí den tsaghas a luaidhtear se cheadúnas do thairsgint, do thaisbeáint agus d'iompar chun a ndíolta, agus iad do dhíol, ar stalla, i mboith, no ar sheasán eile i sráid áirithe i gCathair Bhaile Atha Cliath agus in aon pháirt den tsráid sin no i bpáirt áirithe dhi no in áit áirithe inti ach san fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na bhfo-dhlithe agus na rialachán a bheidh déanta fén Acht so.

(3) Gach stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonfar fén Acht so fanfa sé i bhfeidhm faid a bheidh an deimhniú trádálaí shráide i bhfeidhm a deonadh fén Acht so do shealbhóir an cheadúnais sin agus a bhí ar seilbh aige nuair a deonadh an ceadúnas san do agus ragha sé in éag no beidh deire leis ar dhul in éag don deimhniú san no ar a cheiliúra no ar dheire do bheith leis ar shlí éigin eile.

(4) Is isteach sa chiste is ionchurtha chun crícheanna an Public Health (Ireland) Act, 1878, a híocfar gach táille a gheobhaidh an Bárdas fén alt so.

Congantóirí trádálaithe sráide.

5. —Féadfidh trádálaí sráide 'na bhfuil stalla-cheadúnas a deonadh fén Acht so ar seilbh aige duine no daoine, ach gan níos mó ná an líon maximum a cinneadh le fo-dhlithe a bheidh déanta fén Acht so, d'fhostú chun cabhruithe leis chun a thrádáil fén gceadúnas san do dhéanamh, agus aon ghníomh no ní d'fhéadfadh aon trádálaí sráide den tsórt san a dhéanamh de bhua an cheadúnais sin féadfidh gach duine a bheidh ar fostú bona fide agus go dleathach mar chongantóir ag an trádálaí sráide sin é do dhéanamh don trádálaí sráide sin agus thar a cheann agus ina ainm.

Comhacht don Bhárdas chun fo-dhlithe do dhéanamh.

6. —(1) Féadfidh an Bárdas fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) chun stalla-thrádáil no aon tsaghas áirithe stallathrádála do thoirmeasc in aon tsráid áirithe i gCathair Bhaile Atha Cliath;

(b) chun na sealta d'ordú ina bhféadfar stalla-thrádáil do dhéanamh in aon tsráid áirithe go generálta no maidir le haon tsaghas áirithe earraí;

(c) chun teorannú do dhéanamh ar mhéid agus regleáil do dhéanamh ar chineál na bhfeithiclí agus na seasán a féadfar d'úsáid i gcóir stalla-thrádála go generálta no in aon tsráid áirithe no maidir le aon tsaghas áirithe earraí;

(d) chun an modh ar a ndéanfar stalla-thrádáil do regleáil agus do shriana go generálta no maidir le haon tsaghas áirithe earraí d'fhonn cosc do chur le salachar do charnáil no d'fhonn a chur in usacht é d'aistriú;

(e) chun a chur in áirithe go mbeidh na feithiclí agus na seasáin glan a húsáidtear chun stalla-thrádála in aon earra a bheidh ceaptha mar bhia no mar dhigh do dhaoine agus go mbeidh glan, leis, na gléasa coinneála agus na hárthaí ar na feithiclí agus ar na seasáin sin;

(f) chun a thoirmeasc ar an díoltóir earraí no aon tsaghas áirithe earraí a bheidh ceaptha mar bhia no mar dhigh do dhaoine agus a tairgfar le díol ar fheithiclí no ar sheasáin stalla-thrádálaí d'iompar no do láimhseáil ina lámha gan iad do bheith i gcimeádán no i bhfillteoig chosantach;

(g) chun an líon maximum de chongantóirí a bheidh ar fostú san aon am amháin ag stalla-thrádálaithe no ag aon tsaghas áirithe stalla-thrádálaithe do chinne;

(h) chun éinní no aon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a ceaptar no a foráltar no a ceapfar no a forálfar leis na fo-dhlithe.

(2) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878. le gach fo-dhlí a dhéanfidh an Bárdas fén alt so.

(3) Féadfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil do chur ar siúl chun crícheanna an ailt seo, agus bainfidh ailt 209, 210, 212, agus 213 den Public Health (Ireland) Act, 1878, leis an scéal dá réir sin.

Deimhnithe agus ceadúnaisí do cheiliúra.

7. —(1) Má dintar sealbhóir deimhniú trádála shráide a deonadh fén Acht so do chiontú i gcionta fén Acht so no fé aon alt de no fé aon rialachán no fo-dhlí a bheidh déanta fén Acht so no in aon choir no cionta eile tré n-a bhfuil an sealbhóir sin, dar leis an gCúirt, neamh-oiriúnach chun leanúint i seilbh an deimhnithe sin, féadfidh an Chúirt a chiontóidh no gur ina láthair a ciontófar an sealbhóir sin amhlaidh an deimhniú san do cheiliúra le linn é do dhaora.

(2) Nuair a cheiliúrfidh cúirt fén alt so deimhniú trádálaí shráide a deonadh fén Acht so, cuirfidh clárathóir no cléireach na cúirte no príomh-oifigeach eile den chúirt an ceiliúra san in úil don Choimisinéir agus don Bhárdas.

(3) Mara mbeidh agus faid ná beidh sé bliana déag slán ag trádálaí sráide 'na mbeidh deimhniú trádálaí shráide a deonadh fén Acht so ar seilbh aige beidh deire leis an deimhniú trádálaí sráide sin uaidh féin nuair a bheidh an trádálaí sráide sin, fén Employment of Children Act, 1903, no fé sna fodhlithe a bheidh déanta ag an mBárdas fén Acht san, gan teideal chun trádáil sráide do dhéanamh do réir bhrí an Achta san i gCathair Bhaile Atha Cliath.

Cláir de dheimhnithe agus de cheadúnaisí.

8. —Déanfidh an Coimisinéir agus an Bárdas fé seach pé cláir a hordófar le rialacháin a dhéanfidh an tAire Dlí agus Cirt fén Acht so do chimeád i pé fuirmeacha a hordófar amhlaidh agus cuirfid síos ionta pé mion-innste a hordófar amhlaidh ar gach deona a dhéanfid fé seach fén Acht so maidir le deimhnithe trádálaithe sráide agus le stalla-cheadúnaisí trádálaithe sráide agus ar cheiliúrtha a leithéidí sin de dheimhnithe agus de cheadúnaisí fé seach.

Comhachta don Ghárda Síochána.

9. —(1) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar éinne a chífe sé ag déanamh trádála sráide nách stalla-thrádáil i gCathair Bhaile Atha Cliath a dheimhniú trádálaí shráide a deonadh do fén Acht so do thaisbeáint agus, mara ndinidh an duine sin no má eitíonn sé an deimhniú san do thaisbeáint dá réir sin no a leigint don bhall san den Ghárda Síochána é do léigheamh agus do scrúdú beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána gach ní no éinní acu so a leanas d'éileamh ar éinne a chífe sé no is dó leis a bheith i mbun stalla-thrádála i gCathair Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) a dheimhniú trádálaí shráide a deonadh fén Acht so do thaisbeáint,

(b) a stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonadh fén Acht so do thaisbeáint,

(c) an líon congantóirí atá ar fostú aige sa stalla-thrádáil sin,

(d) ainmneacha agus scolta na gcongantóirí uile (más ann dóibh) atá ar fostú aige amhlaidh,

agus mara ndinidh an duine sin no má eitíonn sé an deimhniú no an ceadúnas san do thaisbeáint dá réir sin no a leigint don bhall san den Ghárda Síochána an céanna do léigheamh agus do scrúdú, no mara ndine sé no má eitíonn sé an líon san no aon ainm no seola den tsórt san do thabhairt uaidh dá réir sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara n-éilíonn sé gur congantóir do stalla-thrádálaí é.

(3) Aon duine ar a n-éileofar mar a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, má éilíonn sé, mar fhreagra ar an éileamh san gur congantóir do stalla-thrádálaí é, tabharfa sé don bhall den Ghárda Síochána a dhéanfidh an t-éileamh a ainm agus a sheola féin agus ainm agus seola an stalla-thrádálaí 'na n-éilíonn sé gur congantóir do é agus mara ndine sé no má eitíonn sé na hainmneacha agus na seolta san no aon cheann acu do thabhairt uaidh no má thugann sé uaidh aon ainm no seola atá bréagach no do chuirfadh duine amú bheidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Aon duine go ndéanfidh ball den Ghárda Síochána go cuibhe fén alt so a éileamh air mar a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, mara ndine sé no má eitíonn sé géille don éileamh san do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, féadfidh an ball san no aon bhall eile den Ghárda Síochána, gan barántas, an duine sin do ghabháil agus na hearraí uile do thógaint a bheidh sé a dhíol no a thairsgint, a thaisbeáint no a iompar chun a ndíolta, agus ina dteanta san an gléas coinneála, an fheithicil, no an seasán ar a mbeidh no ina mbeidh sé ag taisbeáint no ag iompar na n-earraí sin agus na hárthaí, na boscaí agus na rudaí eile go léir (ar a n-áirítear airgead) a bheidh air agus aon ainmhí tarraic a bheidh gofa fé.

(5) Dlighfar fíneáil ná raghaidh thar chúig púint do chur ar éinne a gheobhfar ciontach i gcionta fén alt so ag cúirt údaráis achmair.

Comhachta eile don Ghárda Síochána

10. —(1) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána, gan barántas, éinne do ghabháil is dó leis a bheith ag díol aon earraí no á dtairsgint, á dtaisbeáint, no á n-iompar chun a ndíolta contrárdha don Acht so no d'aon rialachán no fo-dhlí a bheidh déanta fé agus féadfa sé fós, gan barántas, na hearraí uile do thógaint agus d'aistriú a bheidh an duine sin a dhíol no a thairsgint, a thaisbeáint, no a iompar chun a ndíolta nuair a gabhfar é.

(2) Má gheibheann aon bhall den Ghárda Síochána éinne i mbun stalla-thrádála in aon tsaghas earraí in aon tsráid no aon uair ina mbeidh stalla-thrádáil sa tsaghas san earraí toirmiscthe le fo-dhlithe no le rialacháin a bheidh déanta fen Acht so féadfa sé (i dteanta no in ionad aon chomhachta eile d'fheidhmiú a bronntar air leis an Acht so) a éileamh ar an duine sin bailiú leis, é féin agus a chuid earraí, as an sráid áirithe sin no as na sráideanna i gcoitinne agus mara ngéilltear don éileamh san féadfa sé, gan barántas, an duine sin do ghabháil agus na hearraí uile do thógaint agus d'aistriú a bheidh an duine sin an uair sin a dhíol no a thairsgint, a thaisbeáint, no a iompar chun a ndíolta.

(3) Gach tagairt san alt so d'earraí no d'earraí á ndíol, á dtairsgint, á dtaisbeáint no á n-iompar chun a ndíolta, tuigfar go bhfoluíonn sí an gléas coinneála, an fheithicil, no an seasán ina bhfuil no ar a bhfuil na hearraí á dtaisbeáint no á n-iompar agus ná hárthaí, na boscaí, agus na rudaí eile go léir (ar a n-áirítear airgead) atá sa ghléas choinneála san no ar an bhfeithicil no ar an seasán san chun crícheanna na trádála agus aon ainmhí tarraic a cimeádtar chun an fheithicil no an seasán d'aistriú.

Cad déanfar le hearraí a thógfidh an Gárda Síochána.

11. —(1) Má dhineann ball den Ghárda Síochána aon earraí do thógaint agus d'aistriú fén Acht so féadfidh an Coimisinéir a chur fé ndeár go ndíolfar na hearraí tar éis dhá uair dhéag a chluig ar a luíod o am a dtógtha más earraí meathtacha iad agus tar éis trí lá ar a luíod o am a dtógtha más aon earraí eile iad agus íocfa sé amach as sochar an díolacháin sin gach costas a bhain leis na hearraí do thógaint, d'aistriú, do stóráil, agus do dhíol agus íocfa sé farasbár an tsochair sin leis an té go mba leis na hearraí am a dtógtha.

(2) Má bhíonn imeasc aon earraí den tsórt san roimhráite aon earra atá ceaptha mar bhia no mar dhigh do dhaoine agus go mbeidh an earra san aon uair sara ndíoltar fén alt so í gan bheith oiriúnach mar bhia no mar dhigh do dhaoine dar leis an gCoimisinéir, féadfidh an Coimisinéir a chur fé ndeár go ndítheofar an earra san.

(3) Más rud é, sara ndíoltar fén alt so aon earraí den tsórt san roimhráite, go gcuirfidh éinne ina luighe ar an gCoimisinéir gur leis na hearraí sin agus má íocann sé leis an gCoimisinéir gach costas a bhain leis na hearraí do thógaint, d'aistriú agus do stóráil agus le haon bheartú no iarracht ar iad do dhíol, tabharfidh an Coimisinéir na hearraí sin suas don duine sin.

(4) Tuigfar go bhfoluíonn gach tagairt san alt so d'earraí gach gléas coinneála, feithicil, seasán, árthach, rud, agus ainmhí a tógadh agus a haistríodh i dteanta na n-earraí.

Saoirse do thrádálaithe sráide i gcásanna áirithe.

12. —(1) In aon imeachta a bunófar, fé aon achtachán anois i bhfeidhm, i gcoinnibh duine go bhfuil ar seilbh aige deimhniú trádálaí shráide no deimhniú den tsórt san agus stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonadh fén Acht so, mar gheall ar aon bhac ar aon bhóthar puiblí no leis an trácht air no mar gheall ar aon cheart margaidh do shárú, no a bunófar fén Markets and Fairs Clauses Act, 1847, beidh sé ina leor-chosaint don duine sin a chruthú gur le linn bheith ag déanamh a ghnótha go dleathach mar thrádálaí shráide fén deimhniú san no fén deimhniú agus fén gceadúnas san ar seilbh aige, agus dá réir, gurb ea a dhin sé an gníomh in a mbeifear á chúiseamh.

(2) In aon imeachta fén Pedlars Act, 1871, nó fén Hawkers Act, 1888, is leor mar chosaint don té go mbunófar na himeachta ina choinnibh a thaisbeáint go raibh ar seilbh aige, nuair a dhin sé an gníomh gur ina thaobh a bunuíodh na himeachta, deimhniú trádálaí shráide no deimhniú den tsórt san agus stalla-cheadúnas trádálaí shráide a deonadh do fén Acht so agus a bhí i bhfeidhm an uair sin agus go raibh an gníomh san údaruithe leis an deimhniú no leis an gceadúnas san de bhua an Achta so no, le linn an gníomh san do dhéanamh do, gur chongantóir é do thrádálaí shráide 'na raibh ar seilbh aige stalla-cheadúnas a deonadh fén Acht so agus a bhí i bhfeidhm an uair sin agus go raibh údarás aige de bhua an Achta so an gníomh san do dhéanamh, agus gur dhin sé é, mar chongantóir den tsórt san.

Comhacht don Aire chun rialacháin do dhéanamh.

13. —Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) chun an fhuirm ina mbeidh deimhnithe trádálaithe sráide a deonfar fén Acht so d'ordú;

(b) chun an fhuirm ina mbeidh stalla-cheadúnaisí trádálaithe sráide a deonfar fén Acht so d'ordú;

(c) chun teoranta méide na ngléas coinneála d'ordú ina bhféadfidh sealbhóirí deimhnithe trádálaithe sráide na hearraí ina dtrádálfid d'iompar;

(d) chun fuirm na gclár a chimeádfidh an Coimisinéir agus an Bárdas fé seach do réir an Achta so agus na eithe a cuirfar síos sna cláir sin fé seach d'ordú;

(e) chun trádáil sráide no aon tsaghas áirithe trádála sráide do thoirmeasc no stalla-thrádáil no aon tsaghas áirithe stalla-thrádála in aon tsráid áirithe i gCathair Bhaile Atha Cliath;

(f) chun éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a horduíodh no a hordófar.

Glaca leis an Acht so i mbuirgí agus i mbailecheanntair.

14. —(1) Féadfidh comhairle aon chontae-bhuirge (lasmuich de Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath) no aon bhailecheanntair chontae, glaca leis an Acht so tré rún do rith tar éis fógra do thabhairt mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso agus, ar theacht i ngníomh don rún san mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, bainfidh an tAcht so leis an mbuirg no leis an mbailecheanntar san fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(i) léireofar tagairtí do Chathair Bhaile Atha Cliath mar thagairtí do bhuirg no do bhailecheanntar na comhairle do rith an rún,

(ii) léireofar tagairtí don Bhárdas mar thagairtí don chomhairle sin,

(iii) léireofar tagairtí don Choimisinéir mar thagairtí do phríomh-oifigeach an Ghárda Síochána sa bhuirg no sa bhailecheanntar san.

(2) Féadfidh comhairle aon chontae-bhuirge no aon bhailecheanntair chontae a ghlac leis an Acht so go cuibhe fén alt so an glaca san leis an Acht so do chur ar neamh-ní aon uair ina dhiaidh sin tré rún do rith tar éis fógra do thabhairt mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso agus, ar theacht i ngníomh don rún san mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, scuirfidh an tAcht so de bhaint a bheith aige leis an mbuirg no leis an mbailecheanntar san.

(3) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag rún fén alt so, ag glaca leis an Acht so no ag cur an ghlactha san ar neamh-ní, marar tugadh do gach ball den chomhairle, agus marar foillsíodh tré fhógrán i dhá bpáipeur nuachta ar a luíod a léightear sa bhuirg no sa bhailecheanntar, fógra míosa ar a luíod i dtaobh an chruinnithe ag a rithfí an rún agus i dtaobh a bheith beartuithe an rún do thairsgint ag an gcruinniú san.

(4) Laistigh de mhí tar éis rún do bheith rithte fén alt so, ag glaca leis an Acht so no ag cur an ghlactha san ar neamhní, déanfar fógra i dtaobh rithte an rúin sin do chur chun an Aire Dlí agus Cirt agus chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus é d'fhoillsiú i dhá bpáipeur nuachta ar a luíod a léightear sa bhuirg no sa bhailecheanntar agus tiocfidh an rún i ngníomh pé lá (nách luatha ná mí tar éis céad-fhoillsiú an fhógra san) a luadhfar sa rún.

(5) Má taisbeántar cóip de pháipeur nuachta ina bhfuil fógra foillsithe i dtaobh rún do bheith rithte fén alt so, beidh san ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar an rún a luaidhtear sa bhfógra san do bheith rithte go cuibhe do réir an ailt seo.

Costaisi.

15. —(1) Sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Dlí agus Cirt ag cur an Achta so i bhfeidhm.

(2) Is amach as an ráta no as an gciste is ionchurtha chun crícheanna an Public Health (Ireland) Act, 1878, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Bárdas ag cur an Achta so i bhfeidhm.

Gearr-theidea agus tosach feidhme.

16. —(1) Féadfar an tAcht Trádála Sráide, 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i gníomh láithreach tar éis trí mhí do bheith caithte o ritheadh é.